Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh — Plean ilbhliantúil

Stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh — Plean ilbhliantúil

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/973 — lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis plean ilbhliantúil do líon iasc grinnill* sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a ghabhann iad.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Áirítear ar na speiceas iasc grinnill a chumhdaítear sa rialachán seo:

  • trosc;
  • cadóg;
  • leathóg;
  • glasán;
  • sól;
  • faoitín;
  • láimhíneach;
  • séacla Artach;
  • gliomach na hIorua;

Cumhdaítear ann chomh maith foghabhálacha* a ghabhtar nuair a bhítear ag iascaireacht le haghaidh ceann de na speicis atá liostaithe.

Cuspóirí

Tá sé mar aidhm leis an bplean:

  • cuidiú le AE agus le tíortha AE cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI) a bhaint amach, agus go háirithe lena áirithiú go ngabhfar iasc ar bhealach inbhuanaithe;
  • cur le hábhair mhuirí aischurtha* a dhíothú ar muir trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú agus tríd an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir leis na speicis iasc atá cumhdaithe a chur chun feidhme.
  • an cur chuige éiceachórais maidir le bainistíocht iascaigh a chur chun feidhme chun iarmhairtí diúltacha ar bith ar iascaireacht ar an muirthimpeallacht a íoslaghdú.

Áirítear leis:

  • spriocanna cainníochtúla lena bhfuil achair ama shoiléire;
  • pointí tagartha um chaomhnú lena áirithiú gur féidir le líonta iasc atáirgeadh go hiomlán;
  • bearta cosanta;
  • bearta teicniúla chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú;
  • rialacha maidir le rochtain ar uiscí agus ar acmhainní;
  • na prionsabail maidir le stoic ar leas coiteann do AE agus do thíortha neamh-AE iad a bhainistiú;
  • comhar réigiúnach neartaithe lena gceadaítear d’iascach áitiúil a dtuairim a thabhairt;
  • údarú don Choimisiún Eorpach, ar bhonn na comhairle eolaíche, chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, agus dáileadh geografach stoc dá soláthraítear sa phlean a oiriúnú agus togra a chur isteach chun an liosta stoc a leasú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 5 Lúnasa 2018.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Grinnill: speiceas iasc a mhaireann ar ghrinneall na farraige nó gar de.
Foghabháil: iasc a ghabhtar de thaisme agus speicis mhuirí a ghabhtar go neamhbheartaithe.
Aischur: an cleachtas gabhálacha de thaisme a chur ar ais san fharraige, marbh nó beo, toisc go bhfuil siad ró-bheag, i ngeall ar éileamh an mhargaidh, toisc nach bhfuil cuóta ar bith ag an iascaire nó go bhforchuirtear rialacha maidir le comhdhéanamh gabhálacha é sin

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lgh. 1-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/973 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite

Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19-40)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 20.08.2019

Top