Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí choiriúil

Sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí choiriúil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2018/1673 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Sainítear inti cionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimse an sciúrtha airgid d’fhonn:
    • comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a éascú; agus
    • coirpigh a chosc ó leas a bhaint as córais dlí níos boige.
  • Tá sé mar aidhm léi coir a dhéanamh de sciúradh airgid nuair a dhéantar é d’aon ghnó agus leis an eolas gur tháinig an mhaoin* as gníomhaíocht choiriúil.
  • Chomh maith leis sin, cuireann sé ar chumas na mBallstát sciúradh airgid a choiriúlú i gcás ina bhfuil amhras ar an gciontóir nó inar cheart gurbh eol don chiontóir gur tháinig an mhaoin ó ghníomhaíocht choiriúil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cionta coiriúla

  • Más d’aon ghnó a dhéantar iad, is cionta coiriúla iad seo a leanas:
    • maoin a aistriú nó a chomhshó (sócmhainní d’aon chineál), i gcás go bhfuil fios gur tháinig sí ó ghníomhaíocht choiriúil, chun a tionscnamh aindleathach a cheilt nó chun cabhrú le haon duine lena mbaineann iarmhairtí dlíthiúla a ngníomhaíochtaí a sheachaint;
    • an fíorchineál, an fhoinse, an suíomh, an diúscairt, an ghluaiseacht, na cearta maidir le maoin, nó úinéireacht maoine, agus a fhios ag an duine gur as gníomhaíocht choiriúil a tháinig sé;
    • maoin a fháil, a shealbhú nó a úsáid agus fios ag duine, tráth a fuarthas í, gur tháinig sí ó ghníomhaíocht choiriúil;
    • cabhrú agus neartú, gríosú agus iarracht a dhéanamh na cionta sin a dhéanamh.

Gníomhaíocht choiriúil (nó “cion preideacáide”)

  • Chun críocha na treorach seo, meastar gur gníomhaíocht choiriúil é an t-iompar seo a leanas, i.e. go bhfuil sé ábhartha do choir sciúrtha airgid:
    • aon chineál rannpháirtíochta coiriúla i ndéanamh aon chiona is inphionóis, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le príosúnacht nó le hordú coinneála is faide ná 6 mhí ar a laghad nó níos mó ná 1 bhliain amháin; agus
    • a mhéid nach gcumhdaítear cheana é sa chatagóir thuas, cionta laistigh de liosta de 22 catagóir ainmnithe coireachta, lena n-áirítear na cionta go léir a shainítear i reachtaíocht AE atá ainmnithe leis an treoir seo.

Tosca breise

  • Baineann na cionta le maoin a gnóthaíodh ó ghníomhaíocht i mBallstát eile in AE nó i dtír nach bhfuil in AE, áit a measfaí gur gníomhaíocht choiriúil í dá mba rud é gur tharla sí sa bhaile.
  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear pionós ar na daoine a rinne an ghníomhaíocht choiriúil sin nó a raibh baint acu leis an ngníomhaíocht sin. I measc na dtosca breise tá:
    • baineann dliteanas coiriúil freisin leo siúd a dhéanann fáltais a gcoireachta féin a sciúradh (“féinsciúradh”);
    • ní réamhriachtanas é ciontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach don ghníomhaíocht choiriúil ónar tháinig an mhaoin le haghaidh ciontú i sciúradh airgid;
    • is féidir duine a chiontú gan é bheith riachtanach na fíorais go léir faoin ngníomhaíocht choiriúil a dhearbhú, lena n-áirítear aitheantas dhéantóir na coire.

Imthosca géaraitheacha lena ndéantar cionta níos tromchúisí

  • Áirítear leo sin na cásanna seo a leanas:
    • go ndearnadh an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB; nó
    • rinne an ciontóir an cion agus a ngníomhaíochtaí gairmiúla á gcur i gcrích aige mar “eintitis faoi oibleagáid”, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2015/849 (féach an achoimre).
  • Féadfaidh na Ballstáit a roghnú freisin féachaint ar an méid seo a leanas mar imthosca géaraitheacha:
    • i gcás a bhfuil luach ard ag baint leis an maoin sciúrtha; nó
    • sa chás go dtagann an mhaoin sciúrtha ón gcambheartaíocht, ón sceimhlitheoireacht, ón ngáinneáil ar dhaoine, ón ngáinneáil ar thámhshuanach nó ón éilliú.

Pionóis agus smachtbhannaí

  • Ní mór do phionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit uastéarma príosúnachta 4 bliana ar a laghad a fhorchur agus, i gcás inar gá, smachtbhannaí nó bearta breise a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta faoi dhliteanas eintiteas dlíthiúil, amhail:
    • iad a eisiamh ó shochair phoiblí nó ó chúnamh a fháil;
    • eisiamh ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear tairiscintí, deontais agus lamháltais;
    • dícháiliú ó ghníomhaíochtaí tráchtála a dhéanamh;
    • maoirseacht bhreithiúnach;
    • orduithe foirceanta breithiúnacha;
    • áitribh a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a dhúnadh;
    • an mhaoin lena mbaineann a chalcadh nó a choigistiú.

Pacáiste reachtaíochta

Uirlisí imscrúdaithe agus comhar

  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha, amhail na cinn sin a úsáidtear chun an choireacht eagraithe nó coireanna tromchúiseacha eile a chomhrac, ar fáil dóibh siúd atá freagrach as na cionta a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
  • Leis an treoir, cuirtear deireadh freisin leis na bacainní ar chomhar breithiúnach agus póilíneachta idir na Ballstáit trí shoiléiriú a dhéanamh ar an tír a bhfuil dlínse aici, agus ar an gcaoi a gcomhoibríonn na tíortha sin, chomh maith leis an gcaoi le Eurojust a bheith rannpháirteach.

Sciúradh airgid a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE

  • Leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1371 rialacha a bhaineann le cionta coiriúla agus pionóis maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais AE (féach an achoimre). Áirítear sciúradh airgid ar na gníomhaíochtaí sin.
  • Le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (féach an achoimre), tugtar cumhachtaí OIPE i ndáil leis na cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1371.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 2 Nollaig 2018 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 3 Nollaig 2020.

CÚLRA

Tá baint ag an treoir freisin le reachtaíocht maidir le:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Maoin. Sócmhainní de chineál ar bith, bíodh siad fisiciúil nó fíorúil, sochorraithe nó dochorraithe, inláimhsithe nó doláimhsithe, agus doiciméid dhlíthiúla i bhfoirm ar bith, lena n-áirítear leictreonach nó digiteach, ar fianaise iad ar úinéireacht nó leas i sócmhainní den sórt sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lgh. 22-30).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 138-183).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1727 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontais agus ag dul amach as agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO L 284, 12.11.2018, lgh. 6-21).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29-41).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6–21).

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an euro agus airgeadraí eile a chosaint ar ghóchumadh tríd an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB (IO L 151, 21.5.2014, lgh. 1-8).

Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus le fáltais ó choireacht san Aontas Eorpach a reo agus a choigistiú (IO L 127, 29.4.2014, lgh. 39-50).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lgh. 42-45).

Nuashonraithe 02.03.2022

Top