EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Markets in financial instruments regulation (MiFIR)
Margaí i rialachán ionstraimí airgeadais (MiFIR)
Margaí i rialachán ionstraimí airgeadais (MiFIR)
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais
Nuashonraítear leis reachtaíocht níos luaithe an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le margaí in ionstraimí airgeadais* leis an méid a leanas a áirithiú:
Clúdaítear ann an méid a leanas:
Raon feidhme
Baineann an reachtaíocht le:
Trédhearcacht
Rialacha trédhearcachta:
Rialacha idirbhirt
Éilíonn rialacha idirbhirt an méid seo a leanas.
Caithfidh trádáil i ndíorthaigh cloí leis na rialacha seo a leanas.
Ní mór do chontrapháirtithe lárnacha idirbhearta airgeadais a shoiléiriú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.
ESMA:
Oibríonn ESMA, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus údaráis náisiúnta go dlúth le chéile agus tá an chumhacht acu cosc nó srian sealadach a chur le húsáid ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith ina mbagairt d’infheisteoirí nó don chóras airgeadais.
Reachtaíocht leasaitheach
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 feabhsaítear cumhachtaí, rialachas agus maoiniú na n–údarás maoirseachta Eorpach go léir tar éis athbhreithniú a rinneadh in 2017 inar thángthas ar an gconclúid gur cheart do na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha, in ionad na n–údarás náisiúnta, maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus eintitis áirithe a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don Aontas ina iomláine nó a bhfuil leibhéal suntasach gnó trasteorann acu. Go sonrach, maidir le Rialachán (AE) Uimh 600/2014, baintear amach an méid seo a leanas leis.
Chun athléimneacht dhigiteach oibríochtúil earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh a neartú, le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/2554 (féach an achoimre), Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil AE (ar a dtugtar DORA), leagtar síos ceanglais maidir le hathléimneacht córas líonra agus faisnéise gnólachtaí a oibríonn san earnáil airgeadais, agus cuirtear tríú páirtithe criticiúla a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le TF faoi réir creat maoirseachta leis. Cruthaítear leis creat rialála maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil sa chás ina gcaithfidh gach gnólacht a oibríonn san earnáil airgeadais a áirithiú gur féidir leo gach cineál cur isteach agus bagartha a bhaineann le trádáil a sheasamh, freagairt dóibh agus téarnamh uathu.
Gníomharthacur chun feidhme agus tarmligthe
Tá sraith gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe glactha ag an gCoimisiún.
Gníomhartha cur chun feidhme
Gníomhartha tarmligthe
Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 84-148).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 1–79).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/930 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na táillí is infheidhme a shonrú maidir leis an maoirseacht a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Margaí Urrús ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (IO L 162, 17.6.2022, lgh. 1-6).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/803 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh fheidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí maidir le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (IO L 145, 24.5.2022, lgh. 1–6).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a shonrú le haghaidh mhaolú an phrionsabail gurb é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a dhéanfaidh maoirseacht ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta (IO L 96, 24.3.2022, lgh. 1–3).
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/541 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2019 maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le malartuithe formheasta agus oibreoirí aitheanta margaidh i Singeapór i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 93, 2.4.2019, lgh. 18–24).
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2238 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2017 maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil agus mhaoirseachta is infheidhme maidir le margaí ainmnithe conarthaí agus saoráidí forghníomhaithe babhtála i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 6.12.2017, lgh. 11–17).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide trádála i gcás díorthaigh áirithe (IO L 343, 22.12.2017, lgh. 48–53).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2194 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide trádála maidir le horduithe pacáiste (IO L 312, 28.11.2017, lgh. 1–5).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2154 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an oibleagáid imréitigh (IO L 304, 21.11.2017, lgh. 6–12).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1799 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainc cheannais tíortha áirithe nach bhfuil san Aontas a dhíolmhú i bhfeidhmiú a mbeartas airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais ó cheanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála (IO L 259, 7.10.2017, lgh. 11–13).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhínithe, trédhearcacht, comhbhrú punainne agus bearta maoirseachta i ndáil le hidirghabháil táirgí agus suíomhanna (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 90–116).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/572 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Umh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a shonrú agus maidir le leibhéal dí–chomhiomlánaithe sonraí (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 142–144).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/577 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an sásra caidhpeála méide agus soláthar faisnéise chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 174–182).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/579 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála maidir le héifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha conarthaí díorthach laistigh den Aontas Eorpach agus maidir le cosc a chur le himghabháil rialacha agus oibleagáidí (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 189–192).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/580 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Umh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le horduithe in ionstraimí airgeadais a chothabháil (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 193–211).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/581 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an rochtain ar imréiteach i ndáil le hionaid trádála agus contrapháirtithe lárnacha (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 212–223).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/582 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear an oibleagáid díorthaigh a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte a imréiteach agus maidir leis an amchlár glactha don imréiteach (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 224–228).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionad trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 229–349).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/585 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le caighdeáin agus formáidí sonraí le haghaidh sonraí tagartha ionstraime airgeadais agus bearta teicniúla i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus ag na húdaráis inniúla (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 368–381).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí in ionstraimí airgeadais i ndáil leis na ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus maidir le hoibleagáidí forghníomhaithe idirbheart i dtaca le scaireanna áirithe ar ionad trádála nó ag inmheánaitheoir córasach. (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 387–410).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le hidirbhearta a thuairisciú d’údaráis inniúla (IO L 87, 31.3.2017, lgh. 449–478).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2020 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le critéir chun a chinneadh ar cheart díorthaigh atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bheith faoi réir na hoibleagáide trádála (IO L 313, 19.11.2016, lgh. 2–5).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2021 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir le rochtain i ndáil le tagarmharcanna (IO L 313, 19.11.2016, lgh. 6–10).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2022 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis le haghaidh clárú gnólachtaí tíortha nach bhfuil san Aontas agus formáid na faisnéise atá le cur ar fáil do na cliaint. (IO L 313, 19.11.2016, lgh. 11–13).
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 1–59).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 08.05.2023