Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha AE maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú

Rialacha AE maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Tá sé mar aidhm léi na rioscaí sláinte agus an tionchar comhshaoil a bhaineann le truailliú aeir a laghdú trí ghealltanais um laghdú astaíochtaí náisiúnta1 a bhunú.
  • Ailínítear leis an treoir chomh maith gealltanais um laghdú astaíochtaí faoi dhlí AE le gealltanais idirnáisiúnta (i ndiaidh an athbhreithnithe ar Phrótacal Gothenburg in 2012).

Moladh an reachtaíocht mar chuid de Phacáiste Beartais d’Aer Glan AE 2013, ina raibh Clár um Aer Glan Don Eoraip.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear 5 thruailleán aeir sa treoir:

  • dé-ocsaíd sulfair;
  • ocsaídí de nítrigin;
  • comhdhúile so-ghalaithe orgánacha gan mheatán;
  • amóinia;
  • mínábhar cáithníneach.

Gealltanais um laghdú astaíochtaí

  • Leagtar amach sa treoir gealltanais um laghdú astaíochtaí in aghaidh an truailleáin do gach tír AE atá le baint amach faoi 2020 agus 2030.
  • Is ionann na gealltanais um laghdú astaíochtaí maidir le gach truailleán a bheidh i bhfeidhm gach bliain ó 2020 go 2029 agus na cinn a bhfuil tíortha AE tiomnaithe dóibh cheana faoi phrótacal athbhreithnithe Gothenburg.
  • Comhaontaíodh laghduithe úra níos doichte ó 2030 ar aghaidh.

Gealltanais um laghdú astaíochtaí

  • Sainaithneofar leibhéil astaíochtaí táscacha le haghaidh 2025 do gach tír AE.
  • Déanfar iad sin a ríomh ar bhonn conair laghdaithe línigh, i.e. astaíochtaí laghdaithe faoi chéatadán seasmhach gach bliain, i dtreo na ngealltanas um laghdú astaíochtaí le haghaidh 2030.
  • Féadfaidh gach tír AE, áfach, conair neamhlíneach a leanúint má tá sé sin níos éifeachtaí.

Má imíonn tír AE ón gconair bheartaithe, ní mór dóibh a gcúiseanna a thabhairt agus na bearta atá beartaithe acu a dhéanamh chun dul ar an mbóthar ceart arís a mhíniú.

Solúbthacht

  • Tugtar roinnt solúbthachta leis an treoir i ndáil le comhlíonadh na ngealltanas um laghdú astaíochtaí faoi imthosca áirithe, mar shampla:
    • féadfar fardail astaíochtaí a choigeartú de réir coinníollacha áirithe chun dul chun cinn sa saineolas eolaíochta a chur san áireamh;
    • i gcás geimhreadh an-fhuar ar fad nó samhradh an-tirim ar fad, féadfaidh an tír lena mbaineann cloí leis an treoir trí na hastaíochtaí bliantúla a chothromú le hastaíochtaí bliantúla na mblianta roimhe sin agus ina dhiaidh sin.

Cláir náisiúnta

  • Ceanglaítear sa treoir go mbunófar cláir náisiúnta um rialú truaillithe aeir ón .
  • Ní mór do thíortha AE a gcláir a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana, agus bearta a bhreithniú atá infheidhme maidir le gach earnáil ábhartha chun astaíochtaí a laghdú, lena n–áirítear:
    • talmhaíocht;
    • fuinneamh;
    • tionscal;
    • iompar de bhóthar;
    • loingseoireacht intíre;
    • téamh baile;
    • úsáid as innealra soghluaiste neamhbhóthair; agus
    • tuaslagóirí.

Fóram Eorpach um Aer Glan

  • Ceanglaítear leis an treoir ar an gCoimisiún Eorpach Fóram Eorpach um Aer Glan a bhunú chun taithí agus dea-chleachtas a mhalartú, lena n–áirítear maidir le laghduithe astaíochtaí ó théamh baile agus ó iompar de bhóthar, lenar féidir bonn eolais a chur faoi na cláir náisiúnta um rialú truaillithe aeir agus a gcur chun feidhme agus iad a neartú.

Aisghairm

Le Treoir (AE) 2016/2284 aisghaireadh Treoir 2001/81/CE maidir le huasteorainneacha náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer ón ar aghaidh. Mar sin féin, beidh feidhm ag na huasteorainneacha a leagtar amach i dTreoir 2001/81/CE go dtí go dtiocfaidh na gealltanais nua maidir le laghdú a bhunaítear faoi Threoir (AE) 2016/2284 i bhfeidhm ón .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón agus b’éigean di a bheith ina dlí i dtíortha AE faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleamh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Gealltanais um laghdú astaíochtaí náisiúnta: Oibleagáidí thíortha AE maidir le hastaíochtaí substainte a laghdú; sonraítear sna gealltanais na laghduithe íosta astaíochtaí a chaithfear a bhaint amach sa spriocbhliain féilire, mar chéatadán d’iomlán na n–astaíochtaí a scaoileadh le linn na bonnbhliana (2005).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, , lgh. 1-31)

nuashonrú is deireanaí

Top