Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim idir AE-an Nua-Shéalainn

Comhar agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim idir AE-an Nua-Shéalainn

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2018/601 a thugann comhaontú AE-na Nua-Shéalainne maidir le hábhair chustaim chun críche

Comhaontú idir AE-an Nua-Shéalainn maidir le comhar custaim agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Glactar sa chinneadh thar ceann AE lena chomhaontú leis an Nua-Shéalainn chun comhar agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile i dtaca le hábhair chustaim.

Maidir leis an gcomhaontú:

  • tugtar sraith chuimsitheach rialacha le haghaidh comhair in ábhair chustaim do AE agus don Nua-Shéalainn;
  • cuirtear nósanna imeachta chun cinn chun imréiteach custaim a shimpliú i gcomhair earraí, rud a spárálann am agus airgead;
  • tugtar cosaint don phobal trí chosc a chur ar earraí díobhálacha nó neamhdhleathacha dul isteach i gceachtar dlínse.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear leis an gcomhaontú cúram ar údaráis chustaim AE agus na Nua-Shéalainne chun comhoibriú a dhéanamh d’fhonn:

  • trádáil dhlisteanach a chosaint trína áirithiú go gcomhlíontar an dlí;
  • maoirseacht a dhéanamh ar ghluaiseacht shábháilte earraí sa dá threo trí dhíriú ar shlándáil an tslabhra soláthair agus ar bhainistíocht riosca;
  • a rannchuidiú don Eagraíocht Dhomhanda Chustaim agus don Eagraíocht Dhomhanda Trádála a uasmhéadú;
  • gealltanais agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme;
  • comhoibriú i dtaighde, i bhforbairt, i dtástáil agus i meastóireacht ar nósanna imeachta nua custaim, pearsanra a chur faoi oiliúint agus a mhalartú;
  • faisnéis a mhalartú maidir le reachtaíocht chustaim, cur chun feidhme agus nósanna imeachta;
  • nósanna imeachta comhpháirteacha maidir le hallmhairiú, le honnmhairiú agus le nósanna imeachta eile custaim a fhorbairt;
  • cúnamh a thabhairt dá chéile chun sáruithe custaim a chosc, a shainaithint, a imscrúdú agus a chur faoi chois.

Le cúnamh frithpháirteach riaracháin idir údaráis chustaim, féadfar:

  • a iarraidh go hoifigiúil nó a thairiscint gan smaoineamh;
  • a dhiúltú nó a bheith faoi réir coinníollacha áirithe más dóigh:
    • difear a dhéanamh do cheannasacht na Nua-Shéalainne nó do thír AE;
    • dochar a dhéanamh don ord poiblí, do shlándáil nó do leasanna eile riachtanacha;
    • rún trádála nó leasanna dlisteanacha tráchtála a shárú;
    • a bheith neamhréireach le reachtaíocht nó rialacháin ábhartha;
  • a bheith ar atráth toisc go bhféadfadh sé cur isteach ar imscrúdú leanúnach.

Ní mór caitheamh le gach faisnéis a mhalartaítear mar fhaisnéis rúnda nó shrianta.

Déanann comhchoiste comhair chustaim maoirseacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus láimhseálann sé aon saincheisteanna nó díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Maidir leis an gcomhaontú:

  • tá feidhm aige i gcríoch custaim AE (mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le cód custaim AE) agus maidir le críoch na Nua-Shéalainne, seachas Tokelau;
  • ní dhéantar difear do chearta agus oibleagáidí AE nó na Nua-Shéalainne faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eile atá daingnithe acu;
  • tá tosaíocht aige ar aon cheann dá gcomhaontuithe déthaobhacha ar chomhar custaim agus ar chúnamh frithpháirteach riaracháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?

Beidh feidhm ag an gcomhaontú ón 1 Bealtaine 2018. Tá feidhm leis an gcinneadh ón 16 Aibreán 2018.

CÚLRA

In 2017, bhí an Nua-Shéalainn ar an 50ú comhpháirtí trádála is mó ag AE i gcomhair earraí, agus bhí AE ar an tríú comhpháirtí trádála is mó a bhí ag an Nua-Shéalainn tar éis na Síne agus an Astráil.

An 22 Bealtaine 2018, d’údaraigh rialtais AE tús a chur leis na caibidlíochtaí le haghaidh comhaontú saorthrádála idir an Nua-Shéalainn agus AE.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (AE) 2018/601 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar custaim agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim (IO L 101, 20.4.2018, lch. 5)

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar custaim agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim (IO L 101, 20.4.2018, lgh. 6-15)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2018/600 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn maidir le comhar custaim agus cúnamh frithpháirteach riaracháin in ábhair chustaim (IO L 101, 20.4.2018, lgh. 3-4)

Nuashonraithe 23.10.2018

Top