EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conradh Marrakech

Conradh Marrakech

 

ACHOIMRE AR:

Conradh Marrakech maidir le rochtain ar ábhair chlóite do dhaoine lagamhairc

Cinneadh (AE) 2018/254 maidir le tabhairt chun críche Chonradh Marrakeck

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm le Conradh Marrakech feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar mhalartuithe trasteorann saothar áirithe agus ábhair chosanta eile i bhformáidí inrochtana do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile.

Údaraítear tabhairt chun críche an chonartha ag AE leis an gcinneadh.

Cuireadh Conradh Marrakech chun feidhme i ndlí AE le Treoir (AE) 2017/1564 agus le Rialachán (AE) 2017/1563.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar na páirtithe conarthacha eisceachtaí nó teorainneacha a cheadú maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun cóipeanna a atáirgeadh nó a scaipeadh, i bhformáidí inrochtana, de shaothair áirithe agus d’ábhar cosanta eile agus le haghaidh chúrsaíocht idirnáisiúnta na gcóipeanna sin.

Daoine is tairbhithe

Is iad na daoine is tairbhithe faoin gconradh na daoine atá faoi réimse míchumas a chuireann isteach ar léitheoireacht éifeachtach ábhair chlóite. Is daoine iad atá dall, nó atá faoi mhíchumas foghlama, coirp nó amhairc lena gcuirtear cosc orthu ábhar clóite a léamh agus a thuiscint, nó leabhair nó saothair chlóite eile a choinneáil ina lámha nó a iad a láimhsiú (daoine is tairbhithe faoin gconradh).

Áirítear leis sin saothair “i bhfoirm téacs, nodaireachta agus/nó léaráidí lena mbaineann, cibé an bhfuil siad foilsithe nó curtha ar fáil go poiblí i meáin ar bith”, lena n-áirítear closleabhair.

Aithnítear sa chonradh chomh maith ról na n-eintiteas údaraithe a fhéadfaidh, ar bhonn neamhbhrabúis, cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair fhoilsithe a dhéanamh, le haghaidh iasacht neamhthráchtála nó dáileadh leictreonach, ar an gcoinníoll go bhfuil rochtain ar an saothar dleathach, nach ndéanfar athruithe ar bith ach na hathruithe is gá chun go mbeidh an saothar inrochtana, agus nach soláthrófar ach na cóipeanna lena n-úsáid ag na daoine is tairbhithe

Eisceachtaí agus teorainneacha maidir le cóipcheart, lena n-áirítear le haghaidh allmhairiú nó onnmhairiú

Ceanglaítear leis an gconradh ar na páirtithe eisceacht nó teorainn a thabhairt isteach maidir le dlíthe náisiúnta cóipchirt chun atáirgeadh agus scaipeadh na gcóipeanna i bhformáid inrochtana a cheadú.

Lena chois sin, chun cúrsaíocht idirnáisiúnta na leabhar atá ar fáil i gcóipeanna i bhformáid inrochtana a éascú, ceanglaítear leis an gconradh ar pháirtithe allmhairiú agus onnmhairiú na gcóipeanna i bhformáid inrochtana a cheadú faoi choinníollacha áirithe:

  • féadfar cóip a allmhairiú gan údarú shealbhóir na gceart;
  • féadfaidh eintiteas údaraithe cóipeanna i bhformáid inrochtana a onnmhairiú chuig duine is tairbhí nó chuig eintiteas údaraithe eile d’úsáid na saothar ag na daoine is tairbhithe amháin.

Páirtithe sa chonradh

Féadfaidh baill na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) agus AE ballraíocht a ghlacadh sa chonradh. Ceanglaítear leis an gconradh ar EDMI “pointe rochtana faisnéise” a bhunú chun comhroinnt dheonach faisnéise agus aitheantas na n-eintiteas údaraithe a éascú. Bunaítear leis chomh maith Tionól na bPáirtithe Conarthacha arb é a phríomhchúram an conradh a choimeád agus a fhorbairt.

Daingniú AE

Ar an 13 Meán Fómhair 2017, tugadh isteach i ndlí AE le Rialachán (AE) 2017/1563 agus Treoir (AE) 2017/1564 eisceacht nua éigeantach maidir le rialacha cóipchirt, i gcomhréir leis an gconradh. Ar an 15 Feabhra 2018, faomhadh le Cinneadh (AE) 2018/254 ón gComhairle tabhairt i gcrích an chonartha roimh an daingniú iomlán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Tháinig Conradh Marrakech i bhfeidhm an 30 Meán Fómhair 2016, 3 mhí i ndiaidh an líon riachtanach de 20 páirtí sa chonradh a shroicheadh.

Glacadh an cinneadh ón gComhairle lena bhfaomhtar tabhairt chun críche an chonartha an 15 Feabhra 2018, agus dhaingnigh AE an conradh ansin an 12 Deireadh Fómhair 2018.

CÚLRA

Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais AE in 2017 go bhfuil inniúlacht eisiach ag AE agus go bhféadfaidh AE ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin Conradh Marrakech a thabhairt chun críche, gan rannpháirtíocht thíortha aonair AE.

Tá an tsaoirse ag na páirtithe sa chonradh a fhorálacha a chur chun feidhme agus a gcórais agus gcleachtais dlí féin á gcur san áireamh acu, ag cloí leis na hoibleagáidí tástála trí chéim arna mbunú in Airteagal 9(2) de Choinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint. Faoin gcoinbhinsiún, ní thiocfaidh eisceacht nó teorainn ar bith salach ar ghnáthshaothrú an tsaothair agus ní dhéanfar dochar míréasúnta le heisceacht nó teorainn ar bith ar leasanna dlisteanacha an údair.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 3-11)

Cinneadh (AE) 2018/254 ón gComhairle an 15 Feabhra 2018 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 1-2)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/1563 ó P§harlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 242, 20.9.2017, lgh. 1-5)

Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lgh. 6-13)

Cinneadh 2014/221/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 115, 17.4.2014, lgh. 1-2)

Nuashonraithe 06.11.2018

Top