EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoir lena gcuirtear chun feidhme Conradh Marrakech in AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2017/1564 maidir le húsáidí ceadaithe saothar áirithe atá cosanta le cóipcheart chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi rialacha a leagan amach maidir le húsáid saothar agus ábhar áirithe eile* i gcóipeanna i bhformáid inrochtana* gan údarú an úinéara cóipchirt, chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile i gcomhréir le Conradh Marrakech.

PRÍOMHPHOINTÍ

Conradh Marrakech

Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar thíortha a chláraíonn leis dlíthe náisiúnta a ghlacadh lena spreagtar leabhair a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana, amhail braille, r-théacs, fuaim nó cló mór, a dhíríonn ar dhaoine dalla, ar dhaoine lagamhairc nó ar dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile. Ba cheart go mbeadh sé níos fusa de dheasca na ndlíthe chomh maith na nithe sin a chomhroinnt ar fud teorainneacha gan údarú an úinéara cóipchirt a bheith de dhíth. Síníodh an conradh in 2013 agus dhaingnigh AE é an 1 Deireadh Fómhair 2018. Rinneadh páirtí de AE sa chonradh an 1 Eanáir 2019.

Leis an treoir seo:

  • féadfaidh duine is tairbhí*, nó duine atá ag gníomhú thar a cheann, cóip i bhformáid inrochtana a dhéanamh de shaothar nó d’ábhar eile (e.g. braille) ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag an duine is tairbhí, d’úsáid an duine is tairbhí; agus
  • féadfaidh eintiteas údaraithe* cóip i bhformáid inrochtana a dhéanamh de shaothar nó d’ábhar eile ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil aige, nó cóip i bhformáid inrochtana a chur in iúl, a chur ar fáil, a dháileadh nó a thabhairt ar iasacht:
    • do dhuine is tairbhí, nó
    • d’eintiteas údaraithe eile, ar bhonn neamhbhrabúsach, le haghaidh úsáid eisiach an duine is tairbhí.

Ní mór d’eintiteas údaraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • macasamhlú agus dáileadh cóipeanna i bhformáid inrochtana don phobal ar shlí neamhúdaraithe a dhíspreagadh;
  • taifid a choinneáil dá láimhseáil saothar agus cóipeanna i bhformáid inrochtana;
  • faisnéis faoin dóigh a gcomhlíonadh sé na hoibleagáidí sin a fhoilsiú;
  • cloí le rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta daoine is tairbhithe;
  • an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar mhodh inrochtana, arna iarraidh sin, do dhaoine is tairbhithe, eintitis údaraithe eile nó úinéirí cóipchirt
    • liosta de na saothair a bhfuil cóipeanna i bhformáid inrochtana aige ina leith agus na formáidí atá ar fáil agus
    • sonraí teagmhála na n–eintiteas údaraithe atá bainteach le malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana.

I Rialachán (AE) 2017/1563, an Rialachán lena gcuirtear chun feidhme Conradh Marrakech in AE, a glacadh an tráth céanna ar glacadh an treoir seo, leagtar amach na rialacha maidir leis an dóigh a ndéantar saothair den sórt sin nó ábhair eile a chomhroinnt idir AE agus tíortha AE atá ina bpáirtí sa chonradh gan cead a bheith de dhíth ón úinéir cóipchirt.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 10 Deireadh Fómhair 2017 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 11 Deireadh Fómhair 2018.

CÚLRA

Le tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saothar agus ábhar eile: leabhar, irisleabhar, nuachtán, iris nó cineál eile scríbhneoireachta, nodaireachta, lena n–áirítear bileog cheoil, agus léaráidí gaolmhara, i meáin ar bith, lena n–áirítear i bhfoirm fuaime amhail closleabhair agus i bhformáid dhigiteach, atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara agus a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil go poiblí.
Cóip i bhformáid inrochtana: cóip de shaothar i bhfoirm lena dtugtar rochtain do dhuine is tairbhí ar bhealach atá chomh indéanta agus chomh áisiúil céanna le duine nach bhfuil faoi lagú nó faoi mhíchumas ar bith de na cineálacha atá cumhdaithe sa treoir seo.
Duine is tairbhí: duine dall, duine atá faoi mhallachar amhairc nach féidir a fheabhsú, nó duine atá faoi mhíchumas aireachtála nó léitheoireachta, agus mar thoradh air sin, nach bhfuil ábalta saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le duine nach bhfuil faoi mhíchumas den sórt sin, nó nach bhfuil ábalta ar shlí eile, mar gheall ar mhíchumas coirp, breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil nó nach bhfuil ábalta a súile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht.
Eintiteas údaraithe: eintiteas a údaraíonn nó a aithníonn tír maidir le hoideachas, oiliúint teagaisc, léitheoireacht oiriúnaitheach nó rochtain ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine is tairbhithe ar bhonn neamhbhrabúsach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lgh. 6-13)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2018/254 ón gComhairle an 15 Feabhra 2018 maidir le tabhairt chun críche, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 1-2)

Conradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon bhealach eile (IO L 48, 21.2.2018, lgh. 3-11)

Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 242, 20.9.2017, lgh. 1-5)

Cinneadh 2014/221/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon bhealach eile (IO L 115, 17.4.2014, lgh. 1-2)

Nuashonraithe 21.03.2019

Top