Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an mBoisnia agus leis an Heirseagaivéin

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais leis an mBoisnia agus leis an Heirseagaivéin

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Cinneadh (AE, Euratom) 2015/998 lena dtugtar i gcrích an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Sonraítear leis an gcinneadh tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) leis an mBoisnia agus leis an Heirseagaivéin ag an Aontas Eorpach (AE).

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

  • tacú le hiarrachtaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine maidir leis an daonlathas agus an smacht reachta a neartú;
  • cur leis an gcobhsaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus institiúideach sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus le cobhsaíocht an réigiúin chomh maith;
  • creat iomchuí a sholáthar le haghaidh idirphlé polaitiúil, lena bhforbrófar dlúthchaidreamh polaitiúil idir AE agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
  • tacú le hiarrachtaí na Boisnia agus na Heirseagaivéin maidir lena gcomhar eacnamaíoch agus idirnáisiúnta a neartú, lena n–áirítear trína dhlíthe a ailíniú níos fearr le dlíthe AE;
  • tacú le hiarrachtaí na Boisnia agus na Heirseagaivéin maidir leis an aistriú go geilleagar margaidh atá feidhmiúil a chur i gcrích;
  • caidreamh eacnamaíoch cairdiúil a chur chun cinn agus limistéar saorthrádála a fhorbairt de réir a chéile idir AE agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
  • comhar réigiúnach a chothú sna réimsí ar fad a chlúdaítear sa chomhaontú seo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear 10 gceannteideal sa CCC.

 

  • 1.
    Prionsabail ghinearálta

    Tá an CCC bunaithe ar líon prionsabal bunúsach. Aontóidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

    • urraim a bheith acu do phrionsabail dhaonlathacha agus do chearta an duine, do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta — lena n–áirítear comhar iomlán leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv —, don smacht reachta agus do phrionsabail an gheilleagair mhargaidh;
    • oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh;
    • leathadh arm ollscriosta (AOS) a chomhrac;
    • bearta a dhéanamh chun na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a shíniú, a dhaingniú, nó aontú leo, de réir mar is cuí, agus iad a chur chun feidhme go hiomlán;
    • córas éifeachtach rialuithe náisiúnta onnmhairiúcháin a bhunú, onnmhairiú chomh maith le hiompar earraí a bhaineann le AOS a rialú, lena n–áirítear rialú úsáide deiridh AOS ar theicneolaíochtaí dé-úsáide, agus ina mbeidh smachtbhannaí éifeachtacha maidir le sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin;
    • síocháin, cobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach a chur chun cinn, agus comhar agus dea-chaidreamh idir chomharsana a chothú sa réigiún, lena n–áirítear trí:
      • tionscadail leasa choitinn a fhorbairt;
      • leibhéal iomchuí lamháltas frithpháirteach a bhaineann le gluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí;
    • an sceimhlitheoireachta a chomhrac.

     

  • 2.
    Idirphlé polaitiúil

    Tá idirphlé polaitiúil idir an dá pháirtí le forbairt tuilleadh. Déanfar an méid seo a leanas a chur chun cinn leis go háirithe:

    • imeascadh iomlán na Boisnia agus na Heirseagaivéine i bpobal na náisiún daonlathach agus comhchuibhiú de réir a chéile (rapprochement) leis an Aontas Eorpach;
    • cóineasú sheasaimh na bpáirtithe a bheidh ag méadú i gcónaí maidir le ceisteanna idirnáisiúnta;
    • comhar réigiúnach agus forbairt dea-chaidrimh idir chomharsana;
    • dearcthaí coiteanna maidir le slándáil agus cobhsaíocht in AE, lena n–áirítear na réimsí atá clúdaithe i gcomhbheartas eachtrach agus slándála AE.

     

  • 3.
    Comhar réigiúnach

    Ceanglaítear an méid seo a leanas ar an mBoisnia agus ar an Heirseagaivéin:

    • comhar réigiúnach a chur chun cinn go gníomhach;
    • idirbheartaíocht a dhéanamh idir na tíortha a bhfuil CCCanna le AE sínithe acu cheana chun comhaontuithe déthaobhacha maidir le comhar réigiúnach a chur i gcrích;
    • dul i mbun comhar réigiúnach le comhpháirtithe a bhfuil CCCanna sínithe acu agus leo siúd atá páirteach sa phróiseas cobhsaíochta agus comhlachais (PCC);
    • comhar a chothú agus comhaontuithe um chomhar a chur i gcrích, más féidir, le haon tír is iarrthóir AE nach bhfuil bainteach leis an PCC.

    Tacaíonn AE le tionscadail lena bhfuil gné réigiúnach nó thrasteorann trína chláir chúnaimh.

     

  • 4.
    Saorghluaiseacht earraí
    • Tá an dá pháirtí tiomanta do limistéar saorthrádála déthaobhaí a bhunú de réir a chéile thar tréimhse a mhairfidh 5 mbliana ar a mhéad.
    • Leagtar amach sa chomhaontú próiseas maidir le taraifí custaim agus cuótaí ar earraí ó AE agus ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin araon a laghdú nó a bhaint.

     

  • 5.
    Gluaiseacht oibrithe, bunú, soláthar seirbhísí agus gluaiseacht caipitil
    • Ní foláir nó go mbeidh náisiúnaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine a oibríonn go dleathach i dtír AE saor ó chineál ar bith idirdhealaithe i gcomparáid le náisiúnaigh na tíre lena mbaineann.
    • Ní mór rialacha a leagan síos chun an córas slándála sóisialaí a chomhordú d’oibrithe de náisiúntacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine atá fostaithe go dleathach i gcríoch thír AE, agus do bhaill a dteaghlach atá ina gcónaí go dleathach ansin.
    • Beidh cead ag cuideachtaí (chomh maith le fochuideachtaí agus brainsí) atá bunaithe i bpáirtí amháin oibríochtaí a bhunú ar chríoch an pháirtí eile faoi na coinníollacha céanna is a bhaineann le cuideachtaí atá bunaithe sa chríoch sin.
    • Ní mór don dá pháirtí bearta a dhéanamh lena gceadófar dá gcuideachtaí nó dá náisiúnaigh de réir a chéile seirbhísí a sholáthar i gcríoch an pháirtí eile.
    • Ní mór íocaíochtaí agus aistrithe ar bith ar chuntas reatha chomhardú na n–íocaíochtaí idir AE agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a cheadú in airgeadra saor-inchomhshóite.

     

  • 6.
    Ailíniú dhlíthe na tíre le dlí AE
    • Aontóidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a áirithiú go ndéanfar na dlíthe reatha agus an reachtaíocht amach anseo comhoiriúnach de réir a chéile le AE acquis agus go ndéanfar na dlíthe sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú mar is ceart.
    • Tá an dá thaobh ceangailte le rialacha iomaíochta, atá bunaithe ar dhlí AE, a bhaineann le gníomhartha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh den trádáil idir an dá pháirtí.

     

  • 7.
    Ceartas, saoirse agus slándáil

    Cuirtear béim sa CCC ar an tábhacht a bhaineann leis an smacht reachta agus institiúidí a neartú ar gach leibhéal. Dírítear an comhar ar roinnt réimsí sonracha, lena n–áirítear:

    • neamhspleáchas na mbreithiúna, feabhas ar a n–éifeachtacht agus ar a gcumas institiúideach;
    • víosaí, bainistíocht teorann, tearmann agus imirce;
    • imirce neamhdhleathach a chosc agus a rialú, athligean isteach;
    • coireacht eagraithe, éillitheacht, sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chosc agus a chomhrac.

     

  • 8.
    Beartas um chomhar

    Ba cheart do AE agus don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin dlúthchomhar ar réimse leathan réimsí beartais a bhunú chun cuidiú le hacmhainneacht forbartha agus fáis na tíre. Leis an gcomhar sin ní mór naisc eacnamaíocha atá ann cheana a neartú ar an mbonn is leithne agus is féidir, chun tairbhe na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus chun tairbhe AE.

     

  • 9.
    Comhar airgeadais
    • Chun cuidiú a thabhairt le cuspóirí an chomhaontaithe seo a bhaint amach d’fhéadfadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin cúnamh airgeadais a fháil ó AE i bhfoirm deontas agus iasachtaí, lena n–áirítear iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta.
    • Tá cúnamh airgeadais an Aontais Eorpaigh ag brath ar thuilleadh dul chun cinn maidir le critéir Chóbanhávan.

     

  • 10.
    Maoirseacht

    Bunaítear leis an gcomhaontú comhairle cobhsaíochta agus comhlachais chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.

     

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOMHAONTAITHE?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 21 Aibreán 2015 agus tá an comhaontú i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (IO L 164, 30.6.2015, lgh. 2-547)

Rinneadh leasuithe ar an gcomhaontú a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh (AE, Euratom) 2015/998 ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (IO L 164, 30.6.2015, lgh. 548-549)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Teachtaireacht 2018 maidir le beartas AE um méadú (COM (2018) 450 críochnaitheach, 17.4.2018)

Doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin — Tuarascáil na Boisnia agus na Heirseagaivéine 2018 — Ag gabháil leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Teachtaireacht 2018 maidir le Beartas AE um Méadú — (SWD(2018) 155 final, 17.4.2018)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (IO L 164, 30.6.2015, lch. 550)

Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (IO L 77, 15.3.2014, lgh. 11-26)

Nuashonraithe 05.04.2019

Top