EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Seiceálacha fíordheimhneacht euro

Seiceálacha fíordheimhneacht euro

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 —monaí euro a fhíordheimhniú agus monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann na nósanna imeachta agus na modhanna maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil.
  • Comhlánaítear Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 leis — Córas chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, lena gceanglaítear ar bhainc agus ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta eile a áirithiú go ndéantar na monaí euro atá faighte acu agus a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur ar ais i gcúrsaíocht a thástáil i gcomhair fíordheimhneachta chun góchumadh féideartha a bhrath.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tástáil

Ceanglaítear leis an rialachán ar insititiúidí creidmheasa a áirithiú go bhfíordheimhníonn siad monaí euro trí threalamh cuí mona-phróiseála nó go bhfíordheimhníonn baill foirme de láimh iad, ar cuireadh oiliúint orthu go sonrach chun na críche sin. Ní foláir nó go gur éirigh le trealamh mona-phróiseála ar bith i dtástáil um brath cheana a rinne údarás náisiúnta inniúil nó Lárionad Náisiúnta um Anailísiú Monaí gach tír sa limistéar euro.

Rialuithe ar an láthair

Ní mór do thíortha sa limistéar euro rialuithe bliantúla ar an láthair a dhéanamh in institiúidí lena sheiceáil, trí thástálacha um brath, go bhfeidhmíonn líon ionadaíoch de na meaisíní mona-phróiseála i gceart. Beidh líon na meaisíní mona-phróiseála a bheidh le seiceáil in aghaidh na bliana i ngach tír de chineál a fhágann gurb ionann líon na monaí euro a phróiseáiltear leis na meaisíní sin agus 25 % ar a laghad de ghlanlíon carnach iomlán na monaí a d’eisigh an tír sin. Caithfidh sé sin a bheith ó dháta thabhairt isteach na monaí euro go dtí deireadh na bliana roimhe sin.

Astarraingt agus aisíoc monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta

Ceanglaítear ar thíortha AE ní hamháin monaí góchumtha a bhaint as cúrsaíocht ach fíormhonaí euro nach bhfuil oiriúnach a thuilleadh mar gheall ar chúrsaíocht fhaidréiseach, ar thimpiste nó ar chúis ar bith eile, a bhaint as cúrsaíocht chomh maith. Féadfaidh tíortha AE cúiteamh a dhiúltú do dhaoine aonair i gcás monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta agus a athraíodh d’aon ghnó nó trí phróiseas a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go ndéanfaí iad a athrú leis an bpróiseas sin.

Féadfaidh gach údarás náisiúnta a láimhseálann monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta táille láimhseála a ghearradh ar dhaoine dlítheanacha nó ar dhaoine nádúrtha chun na speansais a bhaineann leis an bpróiseas a íoc. Níor cheart táillí láimhseála a chur i bhfeidhm ar chainníochtaí beaga monaí atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta.

Leagtar amach sa rialachán na rialacha maidir le pacáistiú monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta, nach mór iad a shórtáil in aghaidh na hainmníochta* i málaí nó i mboscaí caighdeánaithe.

Tuairisciú agus meastóireacht

Gach bliain, ní mór do thíortha AE taifid a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach faoina dtaithí ar mhonaí euro a fhíordheimhniú.

Chun monatóireacht a dhéanamh ar institiúidí, féadfaidh tíortha AE a iarraidh orthu an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil dóibh:

  • cineál agus líon na meaisíní mona-phróiseála a úsáidtear;
  • suíomh gach meaisín mona-phróiseála;
  • méid na monaí a phróiseáiltear in aghaidh gach meaisín mona-phróiseála, in aghaidh na bliana agus in aghaidh na hainmníochta, le haghaidh na dtrí ainmníocht is airde ar a laghad.

Faoi mar atá leagtha síos sa rialachán, in 2017 chuir an Coimisiún i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an tuarascáil is déanaí maidir le feidhmiú agus éifeachtaí an rialacháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2012, seachas Caibidil III ann (monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil), atá i bhfeidhm ón 11 Eanáir 2011.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ainmníocht: buailtear monaí euro in ainmníocht 1, 2, 5, 10, 20 agus 50 ceint, agus 1 agus 2 euro.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (IO L 339, 22.12.2010, lgh. 1-5)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais faoi Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (C(2017) 6734 críochnaitheach, 12.10.2017)

Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le monaí euro a eisiúint (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 135-137)

Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 ina leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint i gcoinne góchumtha (IO L 181, 4.7.2001, lgh. 6-10)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin

Nuashonraithe 06.12.2017

Top