This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Family legal matters — negotiating agreements between EU and non-EU countries
Cúrsaí dlí teaghlaigh — comhaontuithe idir tíortha AE agus neamh-AE a chaibidliú
Cúrsaí dlí teaghlaigh — comhaontuithe idir tíortha AE agus neamh-AE a chaibidliú
Cúrsaí dlí teaghlaigh — comhaontuithe idir tíortha AE agus neamh-AE a chaibidliú
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach ann nós imeachta docht faoi theorainn ama faoina bhfuil údarás aonair ag tíortha AE chun leasú a dhéanamh ar chomhaontuithe atá ann cheana le tíortha neamh-AE, nó comhaontuithe nua a chaibidliú ina gcumhdaítear dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas agus cinntí i réimsí áirithe den dlí teaghlaigh, amhail freagracht tuismitheora agus oibleagáidí cothabhála. Tagann comhaontaithe dá leithéid faoi inniúlacht eisiach AE de ghnáth.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an rialachán seo cumhdaítear dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas agus cinntí maidir le:
laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 4/2009. I rialachán gaolmhar cumhdaítear na hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.
Sular ghlac AE ceannas ar an inniúlacht eisiach maidir leis na réimsí sin um dhlí sibhialta, chuir na tíortha aonair AE comhaontuithe i gcrích iad féin le tíortha neamh-AE. Soláthraítear nós imeachta sa rialachán seo do thíortha AE chun comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh i gcásanna eisceachtúla.
Níl feidhm ag an rialachán má tá comhaontú curtha i gcrích cheana ag AE leis na tíortha lena mbaineann ar an ábhar céanna.
Fógra: i gcás go bhfuil sé beartaithe ag tír AE dul isteach i gcaibidlí chun comhaontú atá ann cheana a leasú nó comhaontú nua a thagann faoi raon feidhme an rialacháin a thabhairt i gcrích, ní mór di fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach i scríbhinn maidir lena rún a luaithe is féidir roimh oscailt bheartaithe caibidlí foirmiúla.
Rúndacht: ní mór don Choimisiún déileáil leis an bhfaisnéis a chuireann tír AE ar fáil mar fhaisnéis rúnda, má iarrtar é sin.
Measúnú
Ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
Údarú na gcaibidlí
Má chomhlíontar na coinníollacha, tugann an Coimisiún údarú don tír AE chun caibidlí foirmiúla maidir leis an gcomhaontú a oscailt. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte caibidlíochta chomh maith le cuimsiú na gclásal sonrach sa chomhaontú beartaithe a bheartú.
Rannpháirtíocht
Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh mar bhreathnóir sna caibidlí, agus seachas sin ba cheart é a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn agus faoi na torthaí.
Clásail sa chomhaontú
I gcás go bhfuil sé údaraithe, ní mór an méid seo a leanas a shainiú sa chomhaontú in aon chás:
Údarú um thabhairt i gcrích
Sular síneofar an comhaontú, ní mór don tír AE toradh na gcaibidlí a chur in iúl agus téacs an chomhaontaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin, chun tabhairt i gcrích a údarú i ndiaidh dó a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha.
Diúltú
Leagtar amach sa rialachán an nós imeachta maidir le diúltú an Choimisiúin agus iarmhairtí dhiúltú an Choimisiúin do chaibidlí maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe a údarú.
Athbhreithniú
Tráth nach déanaí ná an 7 Iúil 2017, ní mór don Choimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin a chur faoi bráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Maidir leis an tuarascáil, ní mór:
Éag
Éagann an rialachán 3 bliana i ndiaidh don Choimisiún an tuarascáil dá dtagraítear thuas a chur isteach. Féadfar leanúint le caibidlíocht ar bith a bheadh ar siúl ar an dáta sin, áfach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 20 Lúnasa 2009 i leith.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 664/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích a bhaineann le dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas agus cinntí in ábhair a bhaineann le cúrsaí pósta, freagrachtaí tuismitheoirí agus oibleagáidí cothabhála, agus an dlí is infheidhme in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 200, 31.7.2009, lgh. 46-51)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 664/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 662/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích ar ábhair áirithe a bhaineann leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha (IO L 200, 31.7.2009, lgh. 25-30)
Féach leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú cinntí agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7, 10.1.2009, lgh. 1-79)
Féach leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lgh. 1-29)
Féach leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 06.12.2017