EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Scéim faireacháin le haghaidh limistéar AE gan teorainneacha

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Meastóireacht agus faireachán Schengen' for an updated information about the subject.

Scéim faireacháin le haghaidh limistéar AE gan teorainneacha

Cruthaítear creat faoin dlí seo do mheicníocht shainiúil faireacháin, meicníocht a ceapadh chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta “Schengen”, mar a dtugtar air, a fhíorú, ar reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) í. Féachtar leis an dlí a chinntiú go gcuirtear ardchaighdeáin chomhionanna i bhfeidhm i ndáiríre ag Ballstáit AE i limistéar Schengen - limistéar 26 thír (22 Bhallstát AE agus ceithre thír neamh-AE). Ní chuirtear rialuithe teorann inmheánaí i bhfeidhm sa limistéar seo.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear meicníocht chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an acquis Schengen agus lena n-aisghairtear Cinneadh an Choiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste maidir le measúnú agus cur i bhfeidhm Schengen.

ACHOIMRE

Is é príomhchuspóir na meicníochta measúnaithe agus faireacháin ná ardleibhéal iontaobhais fhrithpháirtigh a chinntiú idir thíortha “limistéar Schengen” i ndáil lena gcumas chun na rialacha ábhartha i réimsí uile na reachtaíochta AE Schengen (an “ acquis Schengen”) a chur i bhfeidhm i gceart.

RAON NA MEICNÍOCHTA

Cuimsíonn an mheicníocht mheasúnaithe gnéithe uile na reachtaíochta sa réimse seo. Maidir le teorainneacha, féachtar leis an mheicníocht éifeachtúlacht na rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus an easpa rialuithe teorann inmheánaí a chur san áireamh.

Beidh Ballstáit AE agus an Coimisiún araon freagrach as iomlán na meicníochta a chur i bhfeidhm. Beidh an Coimisiún freagrach as an phróiseas foriomlán a chomhordú.

INIÚCHTAÍ FÓGARTHA AGUS NEAMHFHÓGARTHA

Chun an mheicníocht mheasúnaithe a chur i bhfeidhm, bunófar clár ilbhliantúil (5-bliana) agus clár bliantúil iniúchtaí, cláir a bheidh á gcomhordú ag an Choimisiún. Ba cheart go ndéanfaí na hiniúchtaí seo ar bhonn rialta, ar chríoch na stát Schengen uile, i bhfoirm iniúchtaí fógartha agus neamhfhógartha.

PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA CHUN DUL I NGLEIC LE HEASNAIMH

Ní mór go ndéanfaí measúnuithe ar an láthair ag saineolaithe a bhfuil oiliúint speisialta faighte acu, saineolaithe a cheaptar ag Ballstáit AE agus a roghnaítear ar bhealach neodrach, bunaithe ar anailís rioscaag an ghníomhaireacht Frontex (a bhaineann le teorainneacha seachtracha) agus le tacaíocht ó Europol, ó Eurojust agus ó chomhlachtaí ábhartha AE eile sna réimsí atá a gcumhdach ag sainorduithe.

Tar éis na hanailíse seo, úsáideann na saineolaithe torthaí an iniúchta ar an láthair chun tuarascáil a ullmhú, faoi chomhordú an Choimisiúin. Ansin féadfar raon moltaí a sheoladh chuig an Ballstát AE a ndearnadh iniúchadh air. Má mheastar nach bhfuil an reachtaíocht á cur i bhfeidhm i gceart ag an Bhallstát sin nó go bhfuil oibleagáidí an Bhallstáit á ligean i bhfaillí go tromchúiseach, beidh ar an Bhallstát sin plean gníomhaíochta a chur isteach a théann i ngleic leis na saincheisteanna seo.

FAIREACHÁN AGUS MEASÚNÚ IAR-INIÚCHTA

Ní mór go gcuirfí tuarascáil ar chur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát AE eile gach sé mhí lena chinntiú gur ghlac an Ballstát AE a bhfuil faireachán á dhéanamh air le bearta agus céimeanna riachtanacha chun laigí a réiteach. Féadfar sraith tuarascálacha a fhoilsiú ina dhiaidh sin chun cur i bhfeidhm na mbeart a leanúint agus féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí nua rialaithe a chur ar bun más gá.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013

26.11.2013.

-

IO L 295, 6.11.2013, lgh. 27-37

ACHT GAOLMHAR

Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla (Iris Oifigiúil L 295, an 6 Samhain 2013, lgh. 1-10).

Nuashonraithe 06.10.2014

Top