Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Athchúrsáil long

Athchúrsáil long

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis timpistí, gortuithe agus éifeachtaí diúltacha eile ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú agus a íoslaghdú nuair a dhéantar longa a athchúrsáil agus an dramhaíl ghuiseach atá iontu a bhaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Baineann an reachtaíocht leis na longa go léir a bhfuil bratach de thír an Aontais Eorpaigh ar crochadh acu agus le hárthaí le bratach de thír nach tír den Aontas Eorpach í a bhuaileann isteach i gcalafort nó ancaireacht AE. Ní bhaineann sí le longa cogaidh ná le hárthaí eile ar sheirbhís neamhthráchtála rialtais ná le longa de níos lú ná 500 olltona. Leagtar amach sa reachtaíocht freagrachtaí na longúinéirí agus freagrachtaí na saoráidí athchúrsála, san AE agus i dtíortha eile chomh maith.
  • Ní mór fardal a bheith ar bord gach long nua de na hábhair ghuaiseacha (amhail aispeist, luaidhe nó mearcair) i struchtúr nó i dtrealamh na loinge. Cuirtear cosc ar fheidhm a bhaint as ábhar guaiseach áirithe.
  • Sula ndéantar long a athchúrsáil, ní mór don chuideachta eolas sonrach faoin árthach a sholáthar don oibreoir a bheidh ag dul i mbun na hoibre agus plean athchúrsála long a ullmhú. Aithnítear leis seo, mar shampla, cineál agus méid na n-ábhar guaiseach agus na dramhaíola guaisí a ghinfear ón árthach dífheidhmithe.
  • Ní ceadmhach athchúrsáil a dhéanamh ach amháin ag na saoráidí atá liostaithe i Liosta saoráidí AE, a cuireadh ar bun faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323. Féadfaidh na saoráidí a bheith lonnaithe in AE nó i dtíortha neamh-AE. Ní mór do na saoráidí cloí le sraith ceanglas a bhaineann le sábháilteacht oibrithe agus le cosaint an chomhshaoil.
  • Ceapadh na ceanglais seo chun rioscaí do shláinte na n–oibrithe lena mbaineanna chosc agus na ndaoine atá sa timpeallacht máguaird a chosc agus chun éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Chomh maith leis sin, tá foráil ann i leith oiliúint shonrach agus trealamh cosanta do na fostaithe a dhíchóimeálann árthaí agus do thaifead a choimeád de theagmhais nó de thimpistí.
  • Leagtar amach sa reachtaíocht próiseas údaraithe do chlóis athchúrsáil longa in AE. Ní mór iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcás clós i dtíortha eile a thaispeánann go gcomhlíonann siad na critéir go léir sa reachtaíocht.
  • In 2014, glacadh Cinneadh 2014/241/AE ón gComhairle, lena dtugtar údarás do thíortha AE a bhfuil a mbratach ar foluain ar a longa nó atá cláraithe faoina mbratach Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Hong Cong maidir le hAthchúrsáil ar Bhealach Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol a dhaingniú nó aontú dó. Cumhdaítear dearadh agus tógáil long sa Choinbhinsiún chun athchúrsáil sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a éascú gan dochar a dhéanamh de shábháilteacht agus éifeachtúlacht oibriúcháin long. Ceanglaítear ann chomh maith go n-oibríonn saoráidí athchúrsála long ar bhealach atá sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus meicníochtaí a bhunú lena chinntiú go gcloítear le rialacha um athchúrsáil long.
  • Ní mór do gach tír AE tuairiscí ar athchúrsáil long a chur isteach gach 3 bliana, lena n–áirítear faisnéis amhail liostaí de na longa ar eisíodh teastas ina leith cheana ina ndeimhnítear go bhfuil siad réidh le haghaidh athchúrsála agus faisnéis ar athchúrsáil mídhleathach long. Le Cinneadh leasaitheach (AE) 2018/853 bunaítear gur cheart trí bliana a chlúdach sna tuairiscí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón . Tá rialacha ar leith i bhfeidhm ón , áfach.

CÚLRA

Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, , lgh. 1-20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top