EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gáis cheaptha teasa de dhéantús an duine a laghdú (gáis fhluairínithe)

Gáis cheaptha teasa de dhéantús an duine a laghdú (gáis fhluairínithe)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá an rialachán deartha chun an t–athrú aeráide a mhaolú agus an comhshaol a chosaint trí laghdú a dhéanamh astaíochtaí gás ceaptha teasa fluairínithe (F–gháis) ar gáis cheaptha teasa de dhéantús an duine iad lena bhfuil éifeacht téimh dhomhanda suas le 23,000 uair níos mó ná dé-ocsaíd charbóin.
  • Tá sé mar aidhm leis laghdú dhá thrian a dhéanamh ar astaíochtaí F-gháis an Aontais Eorpaigh (AE) faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2014.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an rialachán:

  • clúdaítear ann hidreafluaracarbóin (HFCanna)*, sárfhluaracarbóin (PFCanna)* agus heicseafluairíd sulfair (SF6)*;
  • leagtar síos na rialacha ann maidir le srianadh, úsáid, aisghabháil agus scriosadh F-ghás;
  • leagtar amach teorainn fhoriomlán bhliantúil ann ar thionchar aeráid HFCanna, a laghdófar de réir a chéile idir 2015 agus 2030.

Leagtar síos leis na hoibleagáidí seo a leanas chomh maith:

  • Tá cosc ar scaoileadh F-ghás d’aon turas, mura bhfuil sé riachtanach ón taobh teicniúil de d’úsáid bheartaithe táirge. Ní mór do dhéantóirí a ndícheall a dhéanamh astaíochtaí a theorannú le linn táirgeadh, iompar agus stóráil F-ghás.
  • Ní mór d’oibreoirí trealaimh ina bhfuil F-gháis gach beartas cosanta a dhéanamh chun doirteadh ar bith a sheachaint. Ní mór dóibh a áirithiú go ndéanfar an trealamh a sheiceáil go rialta do dhoirteadh. Tá na ceanglais éagsúil ag brath ar an tionchar aeráide féideartha nó an bhfuil an trealamh séalaithe go heirméiteach.
  • Ní mór don Choimisiún Eorpach éifeachtaí an rialacháin a thuairisciú faoin 31 Nollaig 2022.

Cláir deimhniúcháin agus oiliúna

  • Tá údaráis náisiúnta freagrach as láir deimhniúcháin agus oiliúna a bhunú do ghnólachtaí agus do dhaoine atá bainteach le trealamh F-ghás a shuiteáil, a sheirbhísiú, a chothabháil, a dheisiú nó a dhíchoimisiúnú agus le F-gháis a aisghabháil.

Toirmisc ar tháirgí ina bhfuil F-gháis

  • Cuirtear cosc leis an rialachán de réir a chéile ó 2015 go 2025 ar dhíolachán earraí úra amhail catagóirí áirithe cuisneoirí agus reoiteoirí, córais aerchóirithe, cúir agus aerasól ina bhfuil F-gháis, i gcás go bhfuil cineálacha eile nach bhfuil chomh díobhálach céanna don aeráid ann.

Teorainneacha bliantúla maidir le HFCanna

  • Féachtar leis an rialachán an tionchar aeráide ar úsáid HFCanna a laghdú le himeacht ama leis. Is é 21 % de leibhéil 2009-2012 an teorainn bhliantúil le haghaidh HFCanna ar an margadh in 2030.
  • Lena áirithiú go gcloífear leis na teorainneacha, déanann an Coimisiún cuótaí bliantúla a leithdháileadh ar tháirgeoirí agus ar iompórtálaithe. Ní féidir é sin a shárú.

Tuairisciú

  • Ní mór do tháirgeoirí, iompórtálaithe, easpórtálaithe, úsáideoirí bunábhair agus gnólachtaí a scriosann F-gháis tuairisc a thabhairt don Choimisiún ar bhonn bliantúil.
  • Ní mór d’iompórtálaithe trealaimh F-ghás an rud céanna a dhéanamh agus ó 2017 i leith, b’éigean dóibh fianaise a chur ar fáil go bhfuil cuntas tugtha maidir leis na méideanna HFCanna atá ina dtrealamh iompórtáilte.

Leasú Kigali ar Phrótacal Montréal

  • Áirithítear leis an rialachán freisin go gcomhlíonfaidh an tAontas Eorpach a oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Leasú Kigali le Prótacal Montréal.
  • Le Leasú Kigali cuireadh HFCanna leis an liosta substaintí rialaithe faoi Phrótacal Montréal (féach an achoimre). Tháinig sí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019. Táthar ag súil go sábhálfar thart ar 80 gigeathonna de choibhéisí CO2 le laghdú de réir a chéile ar HFCanna go dtí 2050 agus cur go mór leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide.
  • Chomhaontaigh na 198 páirtí uile i bPrótacal Montréal go nglacfadh siad bearta chun a dtáirgeadh agus a n-úsáid as HFCanna a laghdú de réir a chéile. Bhí an chéad chéim laghdaithe le glacadh ag an Aontas Eorpach agus ag tíortha forbartha eile in 2019. Cuirfidh an chuid is mó de na tíortha i mbéal forbartha tús lena gcéimniú amach in 2024.

Aisghairm

Aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 le Rialachán (AE) 2024/573 (féach achoimre) ón 12 Nollaig 2024.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2015.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

HFCanna. Úsáidtear iad mar chuisneáin, díbhealaitheoirí agus gníomhaithe séidte cúir (amhail múchtóirí dóiteáin).
PFCanna. Úsáidtear iad chun leathsheoltóirí, amhail díbhealaitheoirí agus gníomhaithe séidte cúir a dhéanamh.
SF6. Úsáidtear é i lascthrealamh ardvoltais agus táirgeadh maignéisiam.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheapa teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (lO L 150, 20.5.2014, lgh. 195–230).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2017/1541 ón gComhairle an 17 Iúil 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an leasaithe ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 236, 14.9.2017, lgh. 1–2).

Leasú ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 236, 14.9.2017, lgh. 3–13).

Nuashonraithe 08.03.2024

Top