This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Plan for a competitive and sustainable steel industry in Europe
Plean le haghaidh tionscal cruach iomaíoch agus inbhuanaithe san Eoraip
Plean le haghaidh tionscal cruach iomaíoch agus inbhuanaithe san Eoraip
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Plean le haghaidh tionscal cruach iomaíoch agus inbhuanaithe san Eoraip
Seo plean ón gCoimisiún Eorpach atá ceaptha chun cuidiú le tionscal cruach na hEorpa dúshraith a chur síos le haghaidh iomaíochais sa todhchaí agus chun fás agus poist a chruthú.
ACHT
Plean Gníomhaíochta um thionscal cruach iomaíoch agus inbhuanaithe san Eoraip [COM(2013) 407 deiridh an 11.6.2013 - níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é].
ACHOIMRE
Is é atá ann sa phlean seo ná freagra an Choimisiúin ar ghéarchéim san earnáil cruach agus leagann sé amach gnímh chun a chinntiú go bhfanann tionscal cruach na hEorpa iomaíoch agus inbhuanaithe. Déanann sé iarracht a chinntiú chomh maith gur féidir le hearnáil cruach na hEorpa dul san iomaíocht go hidirnáisiúnta agus forbairt a dhéanamh ar an gcéad tsraith eile de tháirgí cruacha atá ríthábhachtach do thionscail Eorpacha eile ar nós na tionscadail uathghluaisneacha, tógála, leictreonacha, meicniúla agus innealtóireacht leictreacha.
Dá bhrí sin, tá earnáil cruach atá láidir agus iomaíoch tábhachtach do bhonn tionsclaíoch na hEorpa. Is é an AE an dara tairgeoir cruach is mó ar domhain, le haschur níos mó na 177 tonna cruach in aghaidh na bliana, 11 % den aschur domhanda. Tá tuairim is 500 láithreán táirgthe roinnte idir 24 Bhallstáit an AE, a chiallaíonn gur fíor-thionscal Eorpach é.
Cor chun donais eacnamaíoch
Sa lá atá inniu ann, tá an tionscal cruach Eorpach in anchaoi. De bharr na géarchéime gheilleagrach leanúnach tá cor chun donais suntasach ann i ngníomhaíochtaí déantúsaíochta agus éileamh cruach gaolmhar. Mar thoradh, dúnadh láithreáin táirgthe éagsúla nó laghdaíodh aschur le caillteanais post comhréireacha.
Cuimsíonn an plean líon mór réimsí teicniúla. Tugann an achoimre seo blaiseadh de roinnt de na réimsí atá clúdaithe.
Rochtain Margaidh
Mar aon le rudaí eile, molann plean an Choimisiúin tacaíocht a thabhairt do chruach a tháirgtear san AE abhus agus i gcéin trí ghníomhú chun chinntiú go bhfuil rochtain ag táirgeoirí cruach an AE ar mhargaí nach chuid den AE iad trí chleachtais chóir trádala.
Poist agus Scileanna
Maidir le poist, tá an Coimisiún ag iarraidh beartaforbairt scileanna a chur chun tosaigh agus bearta a dhíríonn ar fhostaíocht an ógra san earnáil chun iomaíochas na hearnála a mhéadú. Moladh eile atá ann ná féachaint ar na féidearthachtaí maidir le feidhm a bhaint as cistí AE ábhartha chun cuidiú le hoibrithe chun fostaíocht ionadúil a fháil i gcásanna dúnadh láithreán táirgthe. Molfaidh an Coimisiún chomh maith cruthú Chomhairle Scileanna Eorpacha don tionscal cruach chun eagraíochtaí náisiúnta atá ann cheana atá ag saothrú ar fhorbairt scileanna agus ar fhostaíocht san earnáil cruach.
Comhordú
I dteannta, molann an Coimisiún grúpa ardleibhéal ar chruach a bhunú le cruinniú bliantúil le haghaidh pléití atá deartha chun tacú le hiarrachtaí na hearnála cruach chun a chumas a chothú agus a fheabhsú ar an margadh domhanda.
Nuashonrú is déanaí: 15.05.2014