Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhbheartas iascaigh AE

Comhbheartas iascaigh AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Áirítear leis an rialachán bunrialacha an chomhbheartais iascaigh (CBI) san Aontas Eorpach (AE).
  • Tá sé mar aidhm leis an CBI a áirithiú go gcuirfidh gníomhachtaí iascaireachta agus dobarshaothraithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (féach an achoimre) agus leis an straitéis bhithéagsúlachta go dtí 2030 (féach an achoimre), rialaítear iascaigh AE le prionsabal an réamhchúraim chun teorainn a chur le tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí.
  • Déanann an CBI forbairt ar cheithre cholún:
  • Bunaítear leis an CBI rialacha maidir le bainistíocht iascaigh, rud a chuireann le caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, táirgiúlacht mhéadaithe, caighdeán cóir maireachtála don earnáil iascaigh, margaí cobhsaí agus infhaighteacht soláthairtí bia ar phraghsanna réasúnta. Maidir le bearta margaidh agus tacaíocht airgeadais, cumhdaítear sa CBI freisin acmhainní bitheolaíocha fionnuisce agus gníomhaíochtaí dobharshaothraithe, chomh maith le próiseáil agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá sé mar aidhm leis an mbainistíocht iascaigh a chur ar chumas iascairí a ngabhálacha a uasmhéadú gan bagairt a dhéanamh ar atáirgeadh stoc éisc (a “n–uastáirgeacht inbhuanaithe*. Chuige sin, socraítear gabhálacha iomlána incheadaithe (nó “deiseanna iascaireachta”) d’fhormhór na stoc éisc tráchtála. B’éigean do na leibhéil iascaireachta cloí le leibhéil uastoraidh inbhuanaithe le haghaidh na stoc go léir faoi 2015, i gcás inarbh fhéidir, agus roimh 2020 ar a dhéanaí.
  • Tá bainistíocht na stoc éisc bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Ní mór do Bhallstáit AE na sonraí a theastaíonn le haghaidh comhairle eolaíoch a bhailiú, a bhainistiú agus a chur ar fáil. Áirítear leis sin sonraí bitheolaíocha, comhshaoil agus socheacnamaíocha. Tugann an tAontas Eorpach tacaíocht airgeadais i gcomhair gníomhaíochtaí bailithe sonraí.
  • Trí oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír* a thabhairt isteach, tá sé mar aidhm leis an CBI deireadh a chur leis an gcleachtas diomailteach a bhaineann le gabhálacha de thaisme a chur ar ais an fharraige (aischur). Tugadh isteach an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír de réir a chéile thar an tréimhse 2015–2019 agus tá sí i bhfeidhm go hiomlán anois, á cheangal ar iascairí gach gabháil de speicis tráchtála rialaithe a thabhairt i dtír.
  • Leagtar síos spriocanna le pleananna ilbhliantúla maidir le bainistiú stoc éisc. I gcás go nglacann glacadh na bpleananna ilbhliantúla nó na bpleananna bainistíochta ina gcuimsítear pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha níos faide ná mar a bhí beartaithe, tugtar an chumhacht le Rialachán (AE) 2017/2092 (Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1380/2013) don Choimisiún Eorpach pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a ghlacadh.
  • Sraith leathan rialacha is ea bearta teicniúla lena rialaítear an dóigh, an áit agus an uair a bhféadfaidh iascairí bheith ag iascaireacht. Tá siad bunaithe le haghaidh na n–imchuach farraige Eorpach uile, ach bíonn difear mór ó imchuach farraige amháin go himchuach farraige eile, ag léiriú cúinsí réigiúnacha.
  • Leis an CBI déantar cinnteoireacht a dhílárú trína thabhairt níos cóngaraí do na meánna (próiseas ar a dtugtar réigiúnú). Déantar foráil ann i leith comhairlí comhairleacha a bhunú do gach ceann de na limistéir gheografacha. Féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas bainistíochta acu i réimse ar leith beart mionsonraithe a mholadh, a bhféadfaidh an Coimisiún iad a ghlacadh isteach i ndlí AE.
  • Le córas rialaithe iascaigh áirithítear go gcomhlíonfar rialacha CBI, lena n–áirítear an comhrac in éadan iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 – féach an achoimre). Le Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 (féach an achoimre) leagtar síos na rialacha a bhaineann le stoic éisc a chaomhnú i dtíortha ina bhfuil an iascaireacht neamh–inbhuanaithe.
  • Le caighdeáin mhargaíochta nua maidir le lipéadú, le cáilíocht agus le hinrianaitheacht, beidh níos mó eolais ag tomhaltóirí maidir le tionscnaimh na n–iasc a cheannaíonn siad agus maidir leis an gcóras táirgeachta.
  • Tá feidhm ag prionsabal na hinbhuanaitheachta freisin le soithí AE a bhíonn ag iascaireacht taobh amuigh d’uiscí AE. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích thar ceann AE le tíortha comhpháirtíochta áirithe neamh–AE. Leis na comhaontuithe sin:
    • ceadaítear do shoithí AE bheith ag iascaireacht farasbarr stoic i limistéar eacnamaíoch eisiach* i dtimpeallacht atá rialáilte go dleathach i gcomaoin ranníocaíocht airgeadais;
    • dírítear iontu ar chaomhnú acmhainní agus ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch, lena áirithítear go mbeidh gach soitheach AE faoi réir na rialacha céanna maidir le rialú agus trédhearcacht.
  • Ní mór do na Ballstáit tacú le forbairt dobharshaothraithe inbhuanaithe trí phleananna náisiúnta ilbhliantúla.

Athbhreithniú ar CBI athchóirithe

Foilsíonn an Coimisiún teachtaireacht gach bliain ina leagtar amach an dul chun cinn atá déanta ar staid na stoc éisc agus lena seoltar comhairliúchán poiblí leathan maidir le deiseanna iascaireachta bliantúla a shocrú don bhliain dár gcionn. Déantar measúnú sa teachtaireacht sin ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo iascaireacht inbhuanaithe san Aontas Eorpach agus déantar athbhreithniú inti ar an gcothromaíocht idir an acmhainn iascaireachta agus deiseanna iascaireachta, feidhmíocht shocheacnamaíoch na hearnála agus cur chun feidhme na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír. Leagtar amach inti freisin an réasúnaíocht leis an togra maidir le deiseanna iascaireachta don bhliain dár gcionn.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

  • Seoladh an Comhbheartas Iascaigh ar dtús sa bhliain 1970. Rinneadh athchóiriú air roinnt uaireanta, agus cuireadh an t–athchóiriú is déanaí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Uastáirgeacht inbhuanaithe. An ghabháil uasta cothromaíochta teoiricí is féidir a thógáil go leanúnach as stoc éisc ar an meán faoi na meánchoinníollacha comhshaoil atá ann faoi láthair gan cur isteach go mór ar an bpróiseas síolraithe.
Oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír. An ceanglas ar shoithí AE gach gabháil a thabhairt i dtír chun deireadh a chur leis an gcleachtas diomailteach a bhaineann le gabhálacha de thaisme a chur ar ais san fharraige.
Limistéar eacnamaíoch eisiach. Limistéar uisce chósta agus grinnill laistigh d’achar áirithe d’imeallbhord tíre, a n–éilíonn an tír cearta eisiacha ina leith maidir le hiascaireachta, druileáil agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lgh. 1–49).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – I dreo iascaireacht níos inbhuanaithe san AE: Staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2022 (COM(2021) 279 final an 9.6.2021).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 críochnaitheach, 11.12.2019).

Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 105–201).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gcomhbheartas iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lgh. 1–21).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lgh. 1–52).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lgh. 34–37).

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ar 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1–50).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lgh. 1–32).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.03.2022

Top