This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document ff272067-1fe5-11ee-ab23-01aa75ed71a1
Council Decision (CFSP) 2021/1694 of 21 September 2021 in support of the universalisation, implementation and strengthening of the Convention on Prohibitions or Restrictions on the Use of Certain Conventional Weapons Which May Be Deemed to Be Excessively Injurious or to Have Indiscriminate Effects (CCW)
Consolidated text: Cinneadh (CBES) 2021/1694 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)
Cinneadh (CBES) 2021/1694 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)
02021D1694 — GA — 16.06.2023 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH (CBES) 2021/1694 ÓN gCOMHAIRLE an 21 Meán Fómhair 2021 (IO L 334 22.9.2021, lch. 14) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
CINNEADH (CBES) 2023/1181 ÓN gCOMHAIRLE an 16 Meitheamh 2023 |
L 156 |
37 |
19.6.2023 |
|
CINNEADH (CBES) 2021/1694 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meán Fómhair 2021
chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)
Airteagal 1
Tacóidh an tAontas leis na tionscadail seo a leanas:
Ullmhúchán don Séú Comhdháil Athbhreithnithe CCW agus obair leantach ina leith;
Tacaíocht d’uiliú CCW;
Plé a éascú maidir le saincheisteanna atá ábhartha do CCW nach bhfuil dóthain plé déanta orthu, atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil baint leathan acu le gnéithe éagsúla.
Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tionscadail sin san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Comhlíonfaidh UNODA a chúram faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.
Airteagal 3
Airteagal 4
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 8 Bealtaine 2024.
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
Tionscadal chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a mheasfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW) - HR(2021) 124
RÉASÚNAÍOCHT AGUS CÚLRA
Tháinig Coinbhinsiún 1980 ar Thoirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a mheasfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW), nó “an Coinbhinsiún maidir le Gnáth-Airm Áirithe” mar is fearr aithne air, i bhfeidhm an 2 Nollaig 1983. Is é Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Taiscí an Choinbhinsiúin agus na bPrótacal atá i gceangal leis.
Is é atá i CCW, ar príomh-ionstraim den dlí daonnúil idirnáisiúnta é, bratchoinbhinsiún, lena leagtar amach an raon feidhme ginearálta agus na rialacha oibríochta, agus cúig phrótacal atá i gceangal leis, lena dtoirmisctear nó lena rialaítear cineál sonrach arm le gach aon cheann díobh. Is ionstraim dlí neamhspleách é gach aon phrótacal freisin lena mbaineann a bhallraíocht féin agus, i gcásanna áirithe, a shásra féin cur chun feidhme.
Tá sé cruthaithe gur sásra solúbtha é an Coinbhinsiún lenar féidir aghaidh a thabhairt ar réimse leathan dúshlán atá ag teacht chun cinn maidir le meáin agus modhanna na cogaíochta, rud a rannchuidíonn leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (DDI) a chódú agus a fhorbairt de réir a chéile. Go háirithe, leis an tsolúbthacht sin, bhíothas in ann prótacail nua a chur leis an gCoinbhinsiún – Prótacal IV um airm léasair dhalltacha in 1996 agus Prótacal V maidir le fuílligh phléascacha chogaidh in 2003 – a cuireadh leis na trí phrótacal bhunaidh a glacadh in 1980. Thairis sin, in 2001, leathnaíodh raon feidhme an Choinbhinsiúin agus na bprótacal a ghabhann leis chun go mbeadh feidhm acu maidir le coinbhleachtaí armtha neamh-idirnáisiúnta. Ina theannta sin, pléadh saincheisteanna éagsúla nach gcumhdaítear leis na prótacail i bhformáid Grúpa Saineolaithe Rialtais, arb iad teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gcóras arm uathrialaitheach marfach (LAWS) an ceann is déanaí díobh.
1. TIONSCADAIL
1.1. Tionscadal 1: Ullmhúchán don Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin agus obair leantach a dhéanamh ina leith
1.1.1. Cuspóir an tionscadail
Le Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin CCW, atá beartaithe a bheith ar siúl i mí na Nollag 2021, tugtar an deis do na hArdpháirtithe Conarthacha athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar oibriú agus ar stádas an Choinbhinsiúin agus na bprótacal a ghabhann leis, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cinntí a rinneadh le déanaí a chur chun feidhme. Meastar freisin go socróidh na hArdpháirtithe Conarthacha tosaíochtaí an Choinbhinsiúin do na blianta atá le teacht, chomh maith leis na straitéisí agus na sásraí chun na tosaíochtaí sin a chur i ngníomh. Is iomaí duine a smaoiníonn ar 2021 mar am cinniúnach chun an bealach chun cinn a chinneadh do CCW.
Mar thoradh ar an líon teoranta laethanta a cuireadh ar leataobh do chruinniú an Choiste Ullmhúcháin agus don Chomhdháil féin, ar an réimse leathan saincheisteanna is ábhartha don Choinbhinsiún agus a bhféadfadh an Chomhdháil aghaidh a thabhairt orthu, mar aon leis an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar an bhféidearthacht tabhairt faoin ngnáthphróiseas comhairleach mar ullmhúchán don Chomhdháil Athbhreithniúcháin, ar cloch mhíle thar a bheith tábhachtach í, tá géarghá le tacaíocht a thabhairt don obair ullmhúcháin shubstainteach don Chomhdháil lena gcomhlánaítear an próiseas foirmiúil. Ina theannta sin, de bhrí go bhfuil baint ag roinnt earnálacha éagsúla (na hearnálacha míleata, daonnúla, taidhleoireachta, eolaíochta) le comhlíonadh chur chun feidhme CCW a áirithiú, maidir le hidirphlé il-gheallsealbhóra lena gcuirtear saineolas ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach roimh an gComhdháil, ní hamháin go bhfuil sé inmhianaithe ach tá sé riachtanach chun Comhdháil Athbhreithniúcháin lánbhrí a bhaint amach.
Chun dlús a chur leis an ullmhúchán substainteach don Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin, tá sé mar aidhm leis an gcolún seo, i ndlúthchomhar le sealbhóirí oifige CCW sa Ghinéiv, an obair a rinneadh le blianta beaga anuas a mheas, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach. Trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí den chineál sin thabharfaí tacaíocht do na hArdpháirtithe Conarthacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh: i) eolas cothrom le dáta a fháil faoi rudaí a thiteann amach atá ábhartha don Choinbhinsiún agus do gach ceann de na prótacail a ghabhann leis, ii) bearnaí agus dúshláin a aithint i ndáil le cur chun feidhme CCW mar aon le bealaí chun aghaidh a thabhairt orthu, iii) ábhair a d’fhéadfaí a bhreithniú ag an gComhdháil Athbhreithniúcháin a shainiú go tráthúil agus iv) seasaimh ghaolmhara náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt, chomh maith le tograí féideartha lena mbreithniú ag an gComhdháil. Is é an cuspóir atá ann an deis is fearr is féidir a chur ar fáil do phlé níos eolasaí agus níos doimhne agus, dá réir sin, do thorthaí substainteacha ar an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin.
Ina theannta sin, tá deis sa Chomhdháil Athbhreithniúcháin freisin chun uirlisí, foinsí faisnéise agus sásraí atá ann cheana a mheasúnú agus a fhorbairt a thuilleadh chun CCW a chur chun feidhme, amhail na tuarascálacha náisiúnta bliantúla ar an gCoinbhinsiún ina iomláine, Prótacal II Leasaithe agus Prótacal V. Agus luach na dtuarascálacha á aithint i dtaca le faisnéis a sholáthar faoi bheartas agus gníomhaíocht ar leibhéal na tíre, chomh maith le comhoibriú agus cúnamh idirnáisiúnta, cuireadh de chúram, ag an gCúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin in 2016, ar Chathaoirligh Chruinnithe bliantúla na nArdpháirtithe Conarthacha rátaí tuairiscithe níos airde a spreagadh. Mar sin féin, fanann na rátaí, faoi bhun 60 faoin gcéad de ghnáth, agus níor cuireadh anailís chórasach cháilíochtúil ar na tuarascálacha ar fáil fós. Tá sampla eile le feiceáil sa straitéis chun cúnamh teicniúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus acmhainneachtaí náisiúnta a neartú chun na bagairtí ó Ghairis Phléascacha Sheiftithe (IED) a chomhrac. Is éard atá i gceist leis sin Ceistneoir deonach 2015, a bhfuil leagan athbhreithnithe de le cur i láthair in 2021, agus Dearbhú 2016 maidir le IEDanna, ina ndírítear ar chosc, ar mhalartú faisnéise, ar mhaolú bagairtí agus ar oideachas maidir le rioscaí.
I ndiaidh na Comhdhála Athbhreithniúcháin, tionólfar pléití i ndlúthchomhar le sealbhóirí oifige CCW chun mionsaothrú a dhéanamh ar straitéisí agus ar ghníomhaíochtaí leantacha chun na cinntí a rinneadh ag an gComhdháil a chur chun feidhme. Leis na pléití sin, féachfar le tacú leis na hArdpháirtithe Conarthacha bealaí praiticiúla a shainaithint chun faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí cur chun feidhme, ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach, don tréimhse 5 bliana go dtí an Seachtú Comhdháil Athbhreithniúcháin.
1.1.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Idirphlé il-gheallsealbhóirí chun raon leathan tuairimí a roinnt maidir le comhlíonadh CCW.
Tuiscint chomhroinnte ag na hArdpháirtithe Conarthacha ar na réimsí tosaíochta chun an Chomhdháil Athbhreithniúcháin a ullmhú.
Feasacht mhéadaithe i measc shaineolaithe náisiúnta CCW agus rannchuidiú méadaithe uathu.
Tuiscint níos doimhne ag toscairí CCW ar na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sin.
Deiseanna d’Ardpháirtithe Conarthacha tograí atá le tabhairt isteach ag an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin a fhorbairt agus a shoiléiriú.
Tacaíocht do shealbhóirí oifige i ndáil le hullmhúchán substaintiúil don Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin agus cur chun feidhme na gcinntí ón gComhdháil.
1.1.3. Cur síos ar an tionscadal
Tionólfar suas le ceithre chruinniú théamacha roimh an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin, agus ina diaidh, ar na hábhair seo a leanas:
na saincheisteanna a pléadh ó bhí an Chomhdháil Athbhreithniúcháin dheireanach ann in 2016, ar saincheisteanna iad nach mór tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu;
rudaí a thit amach le déanaí atá ábhartha do phríomh-airteagail CCW agus do na cúig phrótacal a ghabhann leis;
roghanna chun cabhrú le sealbhóirí oifige cinntí a rinneadh le linn an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin a chur chun feidhme.
Rachfar i gcomhairle roimh ré le sealbhóirí oifige CCW agus leis na hArdpháirtithe Conarthacha chun na téamaí ar a ndíreofar ag gach cruinniú a chinneadh. Is é a bheidh mar aidhm ag na cruinnithe idirphlé a éascú i measc na nArdpháirtithe Conarthacha. Beidh cuir i láthair ó shaineolaithe mar chuid de na cruinnithe agus tabharfar deis d’ionadaithe ó earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an Rialtas, an tsochaí shibhialta agus ó lucht acadúil, tuairimí a mhalartú. Go háirithe, cabhróidh cruinnithe i dtaca leis an dara sraith d’ábhair leis na hArdpháirtithe Conarthacha ullmhú don athbhreithniú, atá le tionól ag an gComhdháil Athbhreithniúcháin, ar gach airteagal agus prótacal den Choinbhinsiún. Ar bhonn níos nithiúla, cuirfear na gnéithe ar fáil d’Ardpháirtithe Conarthacha chun a chinneadh an rachadh athbhreithniú níos dlúithe, gníomhaíocht leantach nó leasú chun tairbhe d’aon airteagal den Choinbhinsiún nó do na prótacail a ghabhann leis, i bhfianaise na dtreochtaí agus na ndúshlán atá ann faoi láthair. Dréachtófar achoimre ar na pléití tar éis gach cruinnithe.
Má tá dóthain ama ann roimh an gComhdháil Athbhreithniúcháin, eagrófar ceardlanna réigiúnacha nó foréigiúnacha chun deis a thabhairt do chleachtóirí náisiúnta páirt a ghlacadh i bpléití leantacha, laistigh de ghrúpa níos lú, faoin eolas arna nochtadh ag na cruinnithe téamacha. Is iad taidhleoirí, ionadaithe ó earnáil na cosanta agus gníomhaireachtaí náisiúnta um chomhrac mianach de chuid na nArdpháirtithe Conarthacha a bheidh mar spriocphobal. Tabharfar cuireadh freisin d’eagraíochtaí réigiúnacha agus do Stáit shínithe. Breathnófar freisin ar fhor-rochtain ar leith a chur ar fáil d’Ardpháirtithe Conarthacha nár ghlac páirt i bpróisis CCW a bhí ann le déanaí, chun cuimsiú seasamh éagsúil a uasmhéadú agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá roimh na Stáit sin. Féachann na ceardlanna le comhthuiscint a chothú ar shaincheisteanna tábhachtacha agus le faisnéis a roinnt maidir le hiarrachtaí náisiúnta agus réigiúnacha chun CCW a chur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh cur le coincheapú na dtograí atá le breithniú ag an gComhdháil Athbhreithniúcháin ( 1 ).
Thairis sin, d’fhéadfadh na ceardlanna cabhrú leis na hArdpháirtithe Conarthacha measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na n-uirlisí nó na dtreoracha atá ann cheana maidir le CCW a chur chun feidhme agus a chinneadh an bhfuil gá le cinn nua chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na hiarrachtaí náisiúnta i ndáil leis sin, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú ar bhealach níos gníomhaí i measc na Stát. Mar shampla, is féidir seisiúin a dhíriú ar scrúdú a dhéanamh ar na comóntachtaí agus na treochtaí i measc na dtuarascálacha náisiúnta bliantúla maidir le comhlíonadh CCW, Prótacal II Leasaithe agus Prótacal V, chomh maith le bealaí chun cabhrú le meaitseáil idir Stáit a bhfuil cúnamh teicniúil de dhíth orthu agus iad siúd atá toilteanach é a sholáthar. Ina theannta sin, d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh, le linn na seisiún, ar éifeachtacht na straitéise in aghaidh IEDanna agus ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa straitéis sin i gcreat CCW, bunaithe ar na dúshláin a shainaithint sa rialáil náisiúnta agus réigiúnach, san ullmhacht agus san acmhainneacht chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt IEDanna. I ndáil leis sin, déanfar gach iarracht is féidir, leis an tionscadal seo, feabhas a chur ar chórasú agus digiteáil na faisnéise caighdeánaithe a chuirtear ar fáil sna tuarascálacha náisiúnta, rud a d’fhéadfadh cur le hinrochtaineacht na faisnéise agus le trédhearcacht, chomh maith le hanailís agus cinnteoireacht atá bunaithe ar shonraí.
1.2. Tionscadal 2: Tacaíocht don uiliú
1.2.1. Cuspóir an tionscadail
Tá 125 Ardpháirtí Chonarthacha ag CCW, agus ceithre Stát (an Éigipt, an Nigéir, an tSúdáin agus Vítneam) a shínigh an Coinbhinsiún ach nár dhaingnigh é. D’ainneoin inoiriúnaitheacht CCW agus a ábhartha atá sé do raon leathan saincheisteanna práinneacha ar an leibhéal domhanda, tá ráta uilithe faoi bhun 50 faoin gcéad aige i réigiúin áirithe, rud a chuireann teorainn leis an limistéar geografach ina gcloítear leis na gnáthchaighdeáin a bhaineann leis agus rud a bhfuil tionchar aige ar chuimsitheacht agus éagsúlacht na bpeirspictíochtaí i bpríomhphlé.
Thacaigh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/528/CBES an 23 Iúil 2007 leis an bPlean Gníomhaíochta chun uilíocht CCW a chur chun cinn, plean a ghlac an Tríú Comhdháil Athbhreithniúcháin, agus mar thoradh air sin tháinig méadú ar líon na nArdpháirtithe Conarthacha i CCW ó 100 in 2006 go 110 in 2009 ( 2 ). Ag an gCúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin in 2016, d’aithin Ardpháirtithe Conarthacha CCW go bhfuil an t-uiliú ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gCoinbhinsiún, agus thug siad sainordú do shealbhóirí oifige machnamh a dhéanamh ar phlean gníomhaíochta nua a fhorbairt (CCW/CONF.V/10). Is é is aidhm don tionscadal seo tacú le Stáit nach bhfuil ina bpáirtithe tuiscint níos doimhne a fháil ar chuspóir agus ar fheidhmiú an Choinbhinsiúin, agus ar na buntáistí a bhaineann le ballraíocht agus iad a spreagadh chun páirt níos mó a ghlacadh i gcruinnithe CCW agus i ngníomhaíochtaí ábhartha. Féachann sé le hanailís a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le huilíocht an Choinbhinsiúin a chur chun cinn, agus le cuidiú le sealbhóirí oifige agus le Stáit for-rochtain a dhéanamh ar bhealach comhordaithe, marthanach agus nuálach. Thairis sin, táthar ag súil leis an tionscadal go leathnófar agus go gcothabhálfar líonra na saineolaithe agus na gcleachtóirí ar an leibhéal náisiúnta a leanfaidh de bheith ag plé le pobal CCW tar éis thimthriall an tionscadail. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas feasacht agus tuiscint ar CCW a mhúscailt sna fóraim réigiúnacha agus bhaile, lena n-áirítear leas a bhaint as na deiseanna atá ann do pháirtithe neamh-ArdChonarthacha cloí leis an gCoinbhinsiún. Agus cuirfidh an líonra sin le líon na gcainteoirí ónar féidir tarraingt le haghaidh cruinnithe saineolaithe CCW dá réir sin.
De bhrí go bhfágann an ceanglas atá ar Stáit toiliú a bheith faoi cheangal ag dhá Phrótacal ar a laghad agus iad ag dul isteach sa Choinbhinsiún, go bhfágann sé go bhfuil an bhallraíocht i ngach Prótacal éagsúil, tacóidh an tionscadal seo le huiliú phrótacail an Choinbhinsiúin freisin. ( 3 )
1.2.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Rannchuidiú le cur chuige comhordaithe, straitéiseach a bhunú i measc sealbhóirí oifige agus na nArdpháirtithe Conarthacha maidir le huilíocht.
Tuiscint níos doimhne ar CCW i measc na n-údarás agus na saineolaithe náisiúnta ábhartha.
Líonra saineolaithe agus cleachtóirí a chruthú do rannpháirtíocht leanúnach i gcreat iarrachtaí uilithe agus cur chun feidhme CCW ar leibhéal na tíre nó ar an leibhéal réigiúnach.
Líon méadaithe Páirtithe Neamh-Ardchonarthacha a gealladh a rachaidh isteach sa CCW chun dul i mbun ghníomhaíochtaí CCW.
Cloí níos cothroime ó thaobh geografaíochta de le CCW agus lena phrótacail.
Gnéithe a fhorbairt lena mbreithniú ag sealbhóirí oifige chun go bhféadfaí Plean Gníomhaíochta nuashonraithe maidir le huiliú a mhúnlú.
1.2.3. Cur síos ar an tionscadal
Tionólfar suas le sé cheardlann fhoréigiúnacha maidir le huiliú. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta is déanaí maidir le huiliú, ( 4 ) tabharfar tosaíocht do Stáit nach páirtithe iad atá thíos le mianaigh agus le hiarsmaí pléascacha cogaidh, agus do réigiún ina bhfuil leibhéil ísle comhlíonta orthu, mar a mholtar thíos:
|
Réigiún |
Foréigiúin spriocdhírithe |
|
An Afraic |
Iad Uile |
|
An Áise agus an tAigéan Ciúin |
Oirdheisceart na hÁise An tAigéan Ciúin |
|
Oirthear na hEorpa |
Cugas |
|
Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib |
Muir Chairib |
Cuirfear fad agus ábhar na gceardlann in oiriúint do chomhthéacsanna foréigiúnacha, do thosaíochtaí agus do chumais, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag cineálacha éagsúla arm atá faoi chúram CCW. Cuirfear an tionscadal chun feidhme i ndlúthchomhar le trí lárionad réigiúnacha UNODA san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib.
Ós rud é go bhfuil an saineolas míleata agus an ghníomhaíocht dhaonnúil ábhartha do chur chun feidhme an Choinbhinsiúin, tabharfar cuireadh freisin d’ionadaithe ón earnáil cosanta agus do ghníomhaireachtaí náisiúnta um dhímhianú agus um ghníomhaireachtaí frithphléascacha, agus do shaineolaithe ar an mbeartas taidhleoireachta. Féachfar sna ceardlanna freisin le rannpháirtíocht Ardpháirtithe Conarthacha CCW ón réigiún faoi seach a lorg chun deis a thabhairt do mhalartú idir piaraí tarlú, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí réigiúnacha. I gcás inar féidir, tabharfar cuireadh do shealbhóirí oifige CCW agus do thoscairí na Stát comhfhreagrach atá bunaithe sa Ghinéiv.
I gcás páirtithe neamh-Ardchonarthacha a léiríonn go bhfuil spéis acu dul isteach i CCW le linn na gceardlann foréigiúnach, féadfar idirphlé tírshonrach a eagrú le grúpa geallsealbhóirí níos mó. Ina theannta sin, rachfar i dteagmháil arís le rannpháirtithe uile na gceardlann i dtreo dheireadh an tionscadail chun aiseolas a lorg agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn.
Ina theannta sin, eagrófar pléití grúpa bhig idir Ardpháirtithe Conarthacha i bprótacal ar leith agus iad siúd atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún ach nár tháinig isteach sa phrótacal, ionas gur féidir leis an gcéad cheann acu sin freagairt ar ábhair imní agus ar cheisteanna maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh náisiúnta. Tá sé seo ann chun uilíocht ní hamháin CCW ina iomláine a chur chun cinn, ach na prótacail chomh maith.
Tiomsófar nó forbrófar ábhair éagsúla oideachais agus for-rochtana ar CCW, agus cuirfear ar fáil iad ar leathanach tionscadail shuíomh gréasáin UNODA. Leis an tionscadal seo, tógfar ar an rath agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí uilithe a rinneadh faoi chuimsiú Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2007 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun tacú le CCW (2007/528/CBES), chomh maith le hiarrachtaí comhchosúla ag coinbhinsiúin eile dí-armála atá bunaithe sa Ghinéiv.
1.3. Tionscadal 3: Plé a éascú maidir le saincheisteanna atá ábhartha do CCW nach bhfuil dóthain plé déanta orthu, atá ag teacht chun cinn agus atá trasghearrtha
1.3.1 Cuspóir an tionscadail
Is é is aidhm don tionscadal seo saincheisteanna atá ábhartha don Choinbhinsiún a shainaithint agus a phlé, i ndlúthchomhar le sealbhóirí oifige CCW, ar saincheisteanna iad nach bhfuil dóthain plé déanta orthu, atá ag teacht chun cinn agus atá trasghearrtha, chun an próiseas foirmiúil a chomhlánú. Leis na gníomhaíochtaí sin, cuirfear fóram neamhfhoirmiúil, a bheidh bunaithe sa Ghinéiv, ar fáil do na hArdpháirtithe Conarthacha sa CCW chun na saincheisteanna sin a fhiosrú trí mhalartú idir geallsealbhóirí éagsúla chun tuiscint níos fearr ar na naisc idir saincheisteanna éagsúla a mhúscailt, agus chun comhlántacht na n-iarrachtaí laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha a áirithiú.
1.3.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal:
Idirphlé cuimsitheach agus trasréigiúnach le geallsealbhóirí éagsúla chun obair leantach a dhéanamh ar shaincheisteanna nach ndearna dóthain plé orthu le linn chruinnithe CCW agus i bhfóraim eile.
Forbairt na dtorthaí agus na ndoiciméad deiridh ina leagtar amach na hábhair a tarraingíodh anuas agus a pléadh agus, de réir mar is infheidhme, lena n-áirítear cuspóirí agus moltaí le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta chun ionchur substainteach a chur ar fáil do chruinnithe CCW, go háirithe cruinnithe na saineolaithe.
Líonra saineolaithe, cleachtóirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, le rannpháirtithe ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ón tionsclaíocht agus ón óige a chruthú chun páirt a ghlacadh i bpléití CCW.
Tionscnaimh, imeachtaí agus torthaí anailíseacha a bhaineann le, agus atá ábhartha do CCW, a scaipeadh laistigh den líonra agus do lucht féachana níos leithne.
éagsúlacht inscne níos mó a chur chun cinn i measc saineolaithe a ghlacann páirt i gcruinnithe CCW agus in idirphlé gaolmhar.
1.3.3. Cur síos ar an tionscadal
Is féidir roinnt gníomhaíochtaí a shainaithint cheana féin, agus tiocfaidh gníomhaíochtaí eile chun cinn mar thoradh ar chinntí an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin a luaithe a bheidh an tionscadal ar siúl. Ag eascairt as sin, sainaithneoidh an tionscadal saincheisteanna nach bhfuil dóthain fiosraithe déanta orthu, ach ar fiú tuilleadh anailíse agus plé a dhéanamh orthu. Ar bhonn an phróisis sin, eagrófar sraith cruinnithe comhchéime agus seimineáir/seimineáir ghréasáin hibrideacha faoi stiúir lucht acadúil agus lucht tionscail ar mhaithe le pléití idir saineolaithe agus cleachtóirí, chun aird a tharraingt ar na saincheisteanna sin agus chun iad a scrúdú a thuilleadh. I measc na moltaí maidir le hábhair tá, inter alia, éabhlóid an Choinbhinsiúin, bealaí cuir chuige nuálacha chun cuspóir agus cuspóirí an Choinbhinsiúin agus a phrótacail a chomhlíonadh, chomh maith le rannpháirtíocht fhóinteach na mban i gcinntí dí-armála, beartais agus clársceidealaithe. Ina theannta sin, agus más féidir, eagrófar imeachtaí eile maidir leis na hábhair sin sa Ghinéiv ar imeall chruinnithe CCW.
Ina theannta sin, déanfar príomhghníomhaithe i Rialtais, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, sa saol acadúil, sa tsochaí shibhialta, i ngrúpaí don óige agus sa tionsclaíocht, chomh maith leis na tionscnaimh dá gcuid atá ann cheana agus atá pleanáilte lena bhféadfaí cur le plé maidir le CCW, déanfar iad a mhapáil chun cuidiú le hiarrachtaí cur chun feidhme a dhéanfar amach anseo. Agus leas á bhaint as an méid sin, baileofar agus scaipfear faisnéis maidir le himeachtaí agus tionscnaimh atá ar na bacáin, arna n-eagrú ag príomhghníomhaithe, mar aon le torthaí agus conclúidí staidéar agus taighde atá ábhartha do CCW.
Tiomsófar torthaí agus torthaí na ngníomhaíochtaí uile faoin tionscadal sin, i gcás inar féidir agus go measfar go mbeidh siad úsáideach agus iad aistrithe, agus cuirfear ar fáil don phobal iad, inter alia, chun geallsealbhóirí nua a thabhairt isteach ar bhealach a bheidh cuimsitheach go geografach agus ó thaobh teanga de. Ina theannta sin, más féidir agus más iomchuí, ceapfar gníomhaíochtaí leantacha, ina rachfar i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara amhail sealbhóirí oifige CCW reatha agus roimhe seo.
2. MODHEOLAÍOCHT
Déanfar gníomhaíochtaí an tionscadail seo ar líne den chuid is mó, agus déanfar ábhair a fhorbairt agus a dháileadh go digiteach. Ar na heisceachtaí suntasacha atá ann, tá gníomhaíochtaí a bhfuil láithreacht fhisiciúil indéanta ina leith agus nach féidir módúlachtaí cianda a chur ina n-ionad, nó a mbeadh formáid duine le duine níos costéifeachtaí ina leith ná formáid fhíorúil. Ina theannta sin, tiomsófar achoimrí ar chruinnithe téamacha agus ar phlé le saineolaithe, agus cuirfear ar fáil iad d’Ardpháirtithe Conarthacha CCW, agus do ghníomhaithe leasmhara eile ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
3. TUAIRISCIÚ AGUS MEASÚNÚ
Cuirfidh UNODA tuarascáil deiridh airgeadais agus insinte faoi bhráid an Ardionadaí agus an Choimisiúin ina mbeidh, inter alia, na ceachtanna a foghlaimíodh, chomh maith le tuarascáil ghairid gach 6 mhí maidir leis an dul chun cinn a dhéantar.
4. ACHAR AMA
24 mhí a mhairfidh fad molta chur chun feidhme an tionscadail.
5. INFHEICTHEACHT AE
Déanfar gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas na gníomhaíochtaí a dhéanfar. Déanfar na bearta sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus leis an Lámhleabhar um Gníomhaíochtaí Cumarsáide agus Infheictheachta le haghaidh Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais arna leagan síos agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Áiritheofar infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus béim á leagan ar ról an Aontais, chun trédhearcacht a ghníomhaíochtaí a áirithiú, agus chun feasacht a mhúscailt ar na cúiseanna atá leis an gCinneadh seo, chomh maith le feasacht ar thacaíocht an Aontais don Chinneadh seo agus ar thorthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais ar taispeáint go feiceálach ar ábhar a tháirgeann na tionscadail sin, i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir leis an mbratach a úsáid agus a atáirgeadh go cruinn.
6. GNÍOMHAIREACHT CUR CHUN FEIDHME
Cuirfear de chúram ar UNODA an tionscadal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gcomhaontú ranníocaíochta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún Eorpach agus UNODA.
Cuirfear an tionscadal chun feidhme trí dhlúthchomhar agus trí dhlúthchomhordú dlúth le trí lárionad réigiúnacha UNODA san Afraic, san Áise, san Aigéan Ciúin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Lorgófar deiseanna go gníomhach chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha nó gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh le comhpháirtithe (amhail UNIDIR, ICRC agus UNMAS), agus le heagraíochtaí eile de réir mar is ábhartha chun dúbailt a sheachaint, tionchar gach iarrachta a iolrú, agus chun scaipeadh na dtorthaí a uasmhéadú.
( 1 ) Mura mbeidh dálaí fabhracha ann chun ceardlanna réigiúnacha nó foréigiúnacha a eagrú roimh an gComhdháil Athbhreithniúcháin, breithneofar ar na ceardlanna sin mar ghníomhaíochtaí iarchomhdhála chun obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí ón gComhdháil. Roinnfear na conclúidí agus na moltaí ó na pléití réigiúnacha le toscairí atá lonnaithe sa Ghinéiv, chun cuidiú leo plean a fhorbairt chun na críche sin.
( 2 ) Ceithre Stát ón Afraic, dhá cheann ón Meánoirthear agus ón Meánmhuir, ceann amháin ón Áise Láir, ceann amháin ó Mheiriceá Laidineach agus ó Mhuir Chairib, agus dhá cheann ón Eoraip.
( 3 ) Prótacal I maidir le Mionghiotaí Do-bhraite (118 nArdpháirtí Chonarthacha), Prótacal Leasaithe II maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Mianach, Bobghaistí agus Feistí Eile, arna leasú an 3 Bealtaine 1996 (106 Ardpháirtí Chonarthacha), Prótacal III maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Armán Loiscneach (115 Ard-Pháirtí Chonarthacha), Prótacal IV um airm léasair dhalltacha (109 nArd-Pháirtí Chonarthacha) agus Prótacal V maidir le Fuílligh Pléascacha Chogaidh (96 Ard-Pháirtí Chonarthacha). Tá Prótacal bunaidh II a glacadh in 1980 fós i bhfeidhm agus 95 Ardpháirtí Chonarthacha páirteach ann, agus níor tháinig roinnt díobh sin isteach sa leagan leasaithe de.
( 4 ) ‘Accelerated Plan of Action on Universalization of the Convention and its annexed Protocols’ [Plean Gníomhaíochta Luathaithe maidir le hUiliú an Choinbhinsiúin agus na bPrótacal a ghabhann leis] (CCW/CONF.IV/4/Add.1)