Dokument je izvleček s spletišča EUR-Lex.
Dokument 74c3d69e-d5bc-11e9-883a-01aa75ed71a1
Regulation (EU) 2016/589 of the European Parliament and of the Council of 13 April 2016 on a European network of employment services (EURES), workers' access to mobility services and the further integration of labour markets, and amending Regulations (EU) No 492/2011 and (EU) No 1296/2013 (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Konsolidirano besedilo: Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02016R0589 — GA — 31.07.2019 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2016/589 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 107 22.4.2016, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1149 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 186 |
21 |
11.7.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2016/589 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2016
maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear creat don chomhar leis an Rialachán seo chun go n-éascófar saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45 CFAE, trí phrionsabail agus rialacha a leagan síos maidir leis an méid a leanas:
eagrú líonra EURES idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit;
comhar idir an Coimisiún, an tÚdarás Eorpach Saothair agus na Ballstáit faoi na sonraí ábhartha atá ar fáil maidir le folúntais, le hiarratais ar phoist agus le CVanna a roinnt;
bearta ó na Ballstáit agus bearta a dhéantar eatarthu chun cothromaíocht a bhaint amach idir an soláthar agus an t-éileamh i margadh an tsaothair, d'fhonn leibhéal ard fostaíochta ar ardchaighdeán a bhaint amach;
feidhmiú líonra EURES, lena n-áirítear comhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus rannpháirtíocht gníomhaithe eile;
na seirbhísí tacaíochta don tsoghluaisteacht a bhaineann le feidhmiú líonra EURES atá le cur ar fáil d'oibrithe agus d'fhostóirí, trína ndéanfar freisin an tsoghluaisteacht a chur chun cinn ar bhonn cothrom;
cur chun cinn líonra EURES ar leibhéal an Aontais trí bhearta éifeachtacha cumarsáide arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an Údarás Eorpach Saothair agus ag na Ballstáit.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit agus le saoránaigh an Aontais, ach sin gan dochar d'Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “seirbhísí poiblí fostaíochta” nó “SPFanna” eagraíochtaí na mBallstát, agus iad mar chuid d'aireachtaí ábhartha, de chomhlachtaí poiblí nó de chorparáidí a thagann faoin dlí poiblí, atá freagrach as beartais ghníomhacha i ndáil le margadh an tsaothair a chur chun feidhme agus as seirbhísí fostaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil chun leas an phobail;
ciallaíonn “seirbhísí fostaíochta” eintiteas dlíthiúil atá ag oibriú go dleathach i mBallstát, a chuireann seirbhísí ar fáil d'oibrithe a bhfuil fostaíocht á lorg acu agus d'fhostóirí atá ag iarraidh oibrithe a earcú;
ciallaíonn “folúntas” tairiscint ar fhostaíocht lena gceadófaí don iarratasóir a n-éireodh leis dul i mbun caidreamh fostaíochta lena gcáileofaí an t-iarratasóir sin mar oibrí chun críoch Airteagal 45 CFAE;
ciallaíonn “imréiteach” an malartú faisnéise agus an phróiseáil ar fholúntais, iarratais ar phost agus CVanna;
ciallaíonn “ardán coiteann TF” an bonneagar TF agus ardáin lena mbaineann a bhunaítear ar leibhéal an Aontais chun críche trédhearcacht agus imréiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “oibrí teorann” oibrí a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát agus atá ag cur faoi i mBallstát eile a bhfilleann an t-oibrí sin air gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad de ghnáth.
ciallaíonn “comhpháirtíocht trasteorann EURES” grúpáil Comhaltaí nó Comhpháirtithe EURES agus, i gcás inarb ábhartha, geallsealbhóirí eile lasmuigh de líonra EURES, agus arb é is cuspóir léi comhar fadtéarmach a dhéanamh i struchtúir réigiúnacha; déantar comhpháirtíochtaí trasteorann de chuid EURES a bhunú i réigiúin trasteorann idir na dreamanna seo a leanas: na seirbhísí fostaíochta ar an leibhéal réigiúnach, áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, náisiúnta; na comhpháirtithe sóisialta; agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile, de chuid dhá Bhallstát ar a laghad nó de chuid Ballstáit agus tír eile atá rannpháirteach in ionstraimí an Aontais atá dírithe ar thacú le líonra EURES;
ciallaíonn “an tÚdarás Eorpach Saothair” an comhlacht arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).
Airteagal 4
Inrochtaineacht
CAIBIDIL II
AN LÍONRA EURES A ATHBHUNÚ
Airteagal 5
Athbhunú líonra EURES
Airteagal 6
Cuspóirí líonra EURES
Faoi chuimsiú a réimse gníomhaíochtaí, cuideoidh líonra EURES i ndáil leis na cuspóirí a leanas:
cabhrú le feidhmiú na gceart a bhronntar le hAirteagal 45 CFAE agus le Rialachán (AE) Uimh. 492/2011;
cur chun feidhme na straitéise comhordaithe don fhostaíocht agus, go háirithe, ar mhaithe le fórsa saothair sciliúil oilte agus solúbtha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 145 CFAE, a chur chun cinn;
feidhmiú, comhtháthú agus teacht le chéile na margaí saothair san Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal trasteorann;
soghluaisteacht dheonach ó thaobh geografaíochta agus gairme de a chur chun cinn san Aontas, lena n-áirítear i réigiúin trasteorann, ar bhonn cothrom agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta;
tacú leis an aistriú isteach i margadh an tsaothair, lena gcuirfí leis an obair i ndáil leis na cuspóirí sóisialta agus fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 CAE.
Airteagal 7
Comhdhéanamh líonra EURES
Beidh líonra EURES comhdhéanta de na catagóirí eagraíochtaí seo a leanas:
Oifig Eorpach Comhordúcháin a bhunófar laistigh den Údarás Eorpach Saothair agus a bheidh freagrach as cúnamh a thabhairt do líonra EURES a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích;
Oifigí Náisiúnta Comhordúcháin (ONCanna) a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa Bhallstát sin, a ainmneoidh an Ballstát agus a bhféadfadh gurb ionann iad agus a SPF;
comhaltaí EURES, eadhon:
SPFanna faoi mar a cheapann na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 10; agus
na heagraíochtaí a ligtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, nó ar feadh idirthréimhse i gcomhréir le hAirteagal 40, le tacaíocht a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, do sheirbhísí imréitigh agus tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí;
comhpháirtíochtaí EURES ar eagraíochtaí iad a ligtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, agus go háirithe le mír (2) agus le mír (4) de, nó ar feadh idirthréimhse, i gcomhréir le hAirteagal 40, le tacaíocht a chur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, do sheirbhísí imréitigh nó tacaíochta d'oibrithe agus d'fhostóirí;
an Coimisiún.
Airteagal 8
Freagrachtaí na hOifige Eorpaí Comhordúcháin
►M1 Tabharfaidh an Oifig Eorpach Comhordúcháin cúnamh do líonra EURES agus a ghníomhaíochtaí á gcomhlíonadh aige, go háirithe, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a fhorbairt agus a sheoladh, i ndlúthchomhar leis na hoifigí náisiúnta comhordúcháin (ONCanna) agus leis an gCoimisiún: ◄
creat comhleanúnach a fhoirmliú agus gníomhaíochtaí cothrománacha tacaíochta a sholáthar chun leas líonra EURES, lena n-áirítear:
mar úinéir an chórais i gcás thairseach EURES agus seirbhísí TF gaolmhara, riachtanais úsáideoirí agus ceanglais ghnó a shainiú a bheidh le tarchur chuig an gCoimisiún chun an tairseach a oibriú agus a fhorbairt, lena n-áirítear a chórais agus a nósanna imeachta chun malartú a dhéanamh ar fholúntais, ar iarratais ar phoist, ar CVanna agus ar dhoiciméid tacaíochta agus ar fhaisnéis eile, i gcomhar le seirbhísí nó líonraí faisnéise agus comhairleacha agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais;
gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide maidir le líonra EURES;
clár coitianta oiliúna agus forbairt ghairmiúil leantach d'fhoireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES agus d'fhoireann ONCanna, lena n-áirítear an saineolas riachtanach;
feidhm deisce cabhrach chun tacú le foireann Chomhaltaí agus Chomhpháirtíochtaí EURES agus na ONCanna, go háirithe an fhoireann a bhfuil teagmháil dhíreach acu le hoibrithe agus fostóirí;
líonrú, malartú dea-chleachtais agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú laistigh de líonra EURES;
anailís a dhéanamh ar an tsoghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil, agus na cúinsí éagsúla sna Ballstáit á gcur san áireamh;
struchtúr oiriúnach don chomhar agus don imréiteach a fhorbairt laistigh den Aontas maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna, i gcomhréir leis an Rialachán seo;
Airteagal 9
Freagrachtaí na ONCanna
Beidh gach ONC freagrach as an méid seo a leanas:
obair a bhaineann le líonra EURES sa Bhallstát a eagrú, lena n-áirítear aistriú comhordaithe faisnéise faoi fholúntais, faoi iarratais ar phoist agus faoi CVanna chuig tairseach faisnéise EURES a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17, trí aon chainéal comhordaithe amháin;
comhar leis an gCoimisiún, leis an Údarás Eorpach Saothair agus leis na Ballstáit maidir leis an imréiteach laistigh den chreat a leagtar amach i gCaibidil III;
aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le neamhréireachtaí idir líon na bhfolúntas a fhógraítear agus líon iomlán na bhfolúntas ar an leibhéal náisiúnta, a chur faoi bhráid na hOifige Eorpaí Comhordúcháin;
na bearta a chomhordú laistigh den Bhallstát lena mbaineann agus in éineacht le Ballstáit eile i gcomhréir le Caibidil V.
Eagróidh gach ONC cur chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, na ngníomhaíochtaí cothrománacha tacaíochta a chuireann an Oifig Eorpach Comhordúcháin ar fáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás inarb ábhartha, i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach Comhordúcháin agus le ONCanna eile. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna gníomhaíochta cothrománacha tacaíochta sin:
chun críche foilsithe, go háirithe ar thairseach EURES, bailiú agus fíorú na faisnéise nuashonraithe maidir le Comhaltaí agus Comhpháirtithe EURES atá ag oibriú ar chríoch náisiúnta ONC, a gcuid gníomhaíochtaí agus raon feidhme na seirbhísí tacaíochta a sholáthraíonn siad d'oibrithe agus d'fhostóirí;
soláthar na ngníomhaíochtaí réamhoiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí EURES agus roghnú na foirne a bheidh rannpháirteach sa chlár coiteann oiliúna agus i ngníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha;
bailiú agus anailís na sonraí a bhaineann le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 32.
Chun críche foilsithe, go háirithe ar thairseach EURES, déanann gach ONC, chun tairbhe oibrithe agus fostóirí, an fhaisnéis agus an treoir atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta a chur ar fáil, a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus a scaipeadh go tráthúil maidir leis an gcás sa Bhallstát i ndáil leis an méid a leanas:
dálaí maireachtála agus oibre, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le slándáil shóisialta agus íocaíochtaí cánach;
na nósanna imeachta ábhartha riaracháin maidir le fostaíocht, agus na rialacha atá infheidhme d'oibreoirí agus iad ag dul i mbun fostaíochta;
a creat náisiúnta rialála maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna agus rialacha agus ionstraimí atá ann cheana de chuid an Aontais;
gan dochar do phointe (b) d'Airteagal 17(2), an rochtain ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint;
cás na n-oibrithe teorann, go háirithe i réigiúin trasteorann;
cúnamh iar-earcaíochta i gcoitinne agus faisnéis faoi cá háit a bhfaightear an cúnamh sin laistigh de líonra EURES agus má tá faisnéis den sórt sin ar fáil, lasmuigh de líonra EURES.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na ONCanna faisnéis a chur ar fáil agus a scaipeadh i gcomhar lena seirbhísí agus líonraí agus comhlachtaí iomchuí faisnéise agus comhairleacha ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/54/AE.
Airteagal 10
SPFanna a cheapadh mar Chomhaltaí de chuid EURES
Airteagal 11
Ligean isteach mar Chomhaltaí de chuid EURES (nach SPFanna iad) agus mar Chomhpháirtithe de chuid EURES
Airteagal 12
Freagrachtaí Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES
Beidh Comhaltaí EURES rannpháirteach i líonra EURES, lena n-áirítear trí na cúraimí go léir seo a leanas a chomhlíonadh, agus beidh Comhpháirtithe EURES rannpháirteach i líonra EURES, lena n-áirítear trí cheann amháin ar a laghad de na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:
cur le líon na bhfolúntas i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 17(1);
cur le líon na n-iarratas ar phoist agus na CVanna i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 17(1);
seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d'oibreoirí agus d'fhostóirí i gcomhréir le hAirteagal 23 agus Airteagal 24, Airteagal 25(1), Airteagal 26 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 27.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, féadfaidh na Ballstáit, trína ONCanna a cheangal ar Chomhaltaí agus ar Chomhpháirtithe EURES rannchuidiú leis na nithe seo a leanas
bailiú na faisnéise agus na treorach atá le foilsiú ar thairseach EURES dá dtagraítear in Airteagal 9(4);
malartú na faisnéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 30;
an timthriall clársceidealaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 31;
bailiú sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 32.
Airteagal 13
Freagrachtaí comhpháirteacha
I gcomhréir lena róil agus freagrachtaí faoi seach, féachfaidh gach eagraíocht atá rannpháirteach i líonra EURES, i ndlúthchomhar lena chéile, leis na deiseanna a chuireann soghluaisteacht lucht saothair san Aontas ar fáil a chur chun cinn go gníomhach, agus féachfaidh siad le feabhas a chur ar na bealaí agus modhanna lena mbainfidh oibrithe agus fostóirí tairbhe as soghluaisteacht ar bhonn cothrom agus lena dtapóidh siad na deiseanna sin ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal naisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann.
Airteagal 14
Grúpa Comhordúcháin
Beidh sé de cheart ag ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais freastal ar chruinnithe an Ghrúpa Chomhordúcháin.
Airteagal 15
Sainaitheantas coiteann agus an trádmharc
Airteagal 16
Comhoibriú agus bearta eile
CAIBIDIL III
ARDÁN COITEANN TF
Airteagal 17
Eagrú ardán choiteann TF
Chun folúntais agus iarratais ar phoist a thabhairt le chéile, cuirfidh gach Ballstát an méid seo a leanas ar fáil do thairseach EURES:
na folúntais uile a chuirfear ar fáil go poiblí trí SPF, mar aon leis na folúntais sin a sholáthróidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES i gcomhréir le hAirteagal 12(3);
gach iarratas ar phost agus gach CV atá ar fáil trí SPF chomh maith leis na cinn sin a sholáthraíonn Comhaltaí eile de chuid EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES, i gcomhréir le hAirteagal 12(3), ar an gcoinníoll gur thoiligh na hoibrithe lena mbaineann go mbeadh an fhaisnéis ar fáil ar thairseach EURES faoi na téarmaí atá sainithe i mír 3 den Airteagal seo.
Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit meicníocht a thabhairt isteach lena gceadófar d'fhostóirí roghnú gan folúntas a fhoilsiú ar thairseach EURES má tá údar maith leis an iarraidh sin de bharr na gceanglas a bhaineann leis an bpost ó thaobh scileanna agus inniúlachta de
Agus sonraí maidir le folúntais á gcur ar fáil do thairseach EURES, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a eisiamh:
folúntais nach bhfuil oscailte ach do shaoránaigh ó thír ar leith mar gheall ar an gcineál folúntais atá i gceist nó mar gheall ar rialacha náisiúnta;
folúntais a bhaineann le catagóirí printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna arb é atá iontu, go príomha, gné foghlama, agus atá mar chuid de chórais náisiúnta oideachais nó a mhaoinítear go poiblí, mar chuid de bheartais ghníomhacha Ballstáit maidir leis an margadh saothair;
folúntais eile mar chuid de bheartais ghníomhacha Ballstáit maidir leis an margadh saothair.
Airteagal 18
Rochtain ar an ardán coiteann TF ar an leibhéal náisiúnta
Airteagal 19
Meaitseáil uathoibríoch tríd an ardán coiteann TF
Airteagal 20
Meicníocht lena n-éascaítear rochtain d'oibrithe agus d'fhostóirí
CAIBIDIL IV
SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA
Airteagal 21
Prionsabail
Déanfar riachtanais réigiúnacha sonracha agus riachtanais áitiúla sonracha a chur san áireamh.
Beidh na seirbhísí tacaíochta d'oibrithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 saor in aisce.
D'fhéadfadh seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 24 a bheith faoi réir táille.
Airteagal 22
Rochtain ar fhaisnéis bhunúsach
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES oibrithe agus fostóirí a chur i dteagmháil le Comhalta eile de chuid EURES nó le Comhpháirtí eile de chuid EURES.
Airteagal 23
Seirbhísí tacaíochta d'oibrithe
Arna iarraidh sin d'oibrí, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoracha a chur ar fáil maidir le deiseanna fostaíochta ar leith agus, go háirithe, cuirfidh siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil don oibrí:
faisnéis ghinearálta a chur ar fáil nó tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin maidir le dálaí maireachtála agus oibre sa tír chinn scríbe;
cúnamh agus treoracha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a fháil;
i gcás inarb iomchuí, cúnamh a thabhairt maidir le hiarratais ar phoist agus le CVanna a chur i dtoll a chéile d'fhonn comhréireacht leis na caighdeáin theicniúla Eorpacha agus leis na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6) a áirithiú agus cúnamh a thabhairt maidir le huaslódáil iarratas ar phoist agus CVanna den sórt sin ar thairseach EURES;
i gcás inarb iomchuí, machnamh a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann maidir le socrúchán a bhunú laistigh den Aontas mar chuid de phlean gníomhaíochta aonair nó tacú le plean aonair um shoghluaisteacht a chur ar bun mar bhealach chun teacht ar shocrúchán laistigh den Aontas;
i gcás inarb iomchuí, an t-oibrí a chur i dteagmháil le Comhalta eile de chuid EURES nó le Comhpháirtí eile de chuid EURES.
Airteagal 24
Seirbhísí tacaíochta d'fhostóirí
Arna iarraidh sin d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES faisnéis agus treoracha a chur ar fáil maidir le deiseanna earcaíochta agus, go háirithe, cuirfidh siad na seirbhísí seo a leanas ar fáil dóibh:
faisnéis a chur ar fáil maidir le rialacha sonracha a bhaineann le hearcú ó Bhallstát eile agus maidir le gnéithe a d'fhéadfadh an t-earcú sin a éascú;
i gcás inarb iomchuí, faisnéis a chur ar fáil maidir leis na riachtanais a bhaineann le post ar leith a cheapadh le haghaidh folúntais agus cúnamh a thabhairt maidir leis na riachtanais sin a cheapadh, agus faisnéis a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt maidir lena áirithiú go mbeidh an folúntas i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla Eorpacha agus leis na formáidí teicniúla Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 17(8) agus in Airteagal 19(6).
Arna iarraidh sin, déanfaidh Comhaltaí EURES nó, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES treoracha ar leith a thabhairt maidir le riachtanais a chumadh le haghaidh folúntas.
Airteagal 25
Cúnamh iar-earcaíochta
Arna iarraidh sin d'oibrí nó d'fhostóir, déanfaidh Comhaltaí EURES agus, i gcás inarb ábhartha, Comhpháirtithe EURES an méid seo a leanas a chur ar fáil:
faisnéis ghinearálta maidir le cúnamh iar-earcaíochta, amhail oiliúint maidir le cumarsáid idirchultúrtha, cúrsaí teanga agus tacaíocht i ndáil le comhtháthú, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir le deiseanna fostaíochta do bhaill teaghlaigh oibrí.
i gcás inar féidir, sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí sin a bhfuil cúnamh iar-earcaíochta á thairiscint acu.
Airteagal 26
Rochtain éascaithe ar fhaisnéis maidir le cánachas, le saincheisteanna a bhaineann le conarthaí oibre, le teidlíocht pinsin, le hárachas sláinte, le slándáil shóisialta agus maidir le bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair
Airteagal 27
Seirbhísí tacaíochta i réigiúin trasteorann
Airteagal 28
Rochtain ar bhearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair
Ní chuirfidh na Ballstáit srian ar rochtain ar bhearta gníomhacha náisiúnta maidir leis an margadh saothair lena gcuirtear cúnamh cuardaigh poist ar fáil d'oibrithe gan d'fhoras a bheith leis an srianadh sin ach go bhfuil cúnamh á lorg ag oibrí fostaíocht a fháil ar chríoch Ballstáit eile.
CAIBIDIL V
FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS AN TIMTHRIALL CLÁRSCEIDEALAITHE
Airteagal 29
Faisnéis a mhalartú maidir le sreabhadh agus patrúin
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faireachán ar shreabhadh agus patrúin soghluaisteachta an lucht saothair san Aontas agus poibleoidh siad an sreabhadh agus na patrúin sin ar bhonn tuarascálacha ón Údarás Eorpach Saothair, ag úsáid staidreamh Eurostat agus na sonraí náisiúnta atá ar fáil.
Airteagal 30
Faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit
Déanfaidh gach Ballstát, go háirithe, faisnéis atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú agus a anailísiú maidir leis an méid seo a leanas:
ganntanas lucht saothair agus barrachas lucht saothair ar mhargaí saothair náisiúnta agus ar mhargaí saothair earnálacha, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí is leochailí sa mhargadh saothair agus sna réigiúin is mó atá buailte leis an dífhostaíocht;
gníomhaíochtaí de chuid EURES ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal trasteorann.
Airteagal 31
Clársceidealú
Sonrófar an méid seo a leanas sna cláir náisiúnta oibre:
na príomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh laistigh de líonra EURES ar an leibhéal náisiúnta tríd is tríd agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal trasteorann;
na hacmhainní daonna foriomlána agus na hacmhainní airgeadais foriomlána a leithdháilfear chun iad a gcur chun feidhme;
na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a bheartófar agus, i gcás inar gá, chun iad a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 32
Sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun sonraí a bhailiú maidir leis na réimsí gníomhaíochta seo a leanas de chuid EURES a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta:
faisnéis agus treoracha ó líonra EURES, bunaithe ar an méid teagmhála a bheidh ag láimhseálaithe cásanna Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES le hoibrithe agus le fostóirí;
feidhmíocht fostaíochta, lena n-airítear socrúcháin agus earcaíocht a eascraíonn ó ghníomhaíocht EURES, ar bhonn líon na bhfolúntas, na n-iarratas ar phoist agus na CVanna a láimhseálfaidh agus a phróiseálfaidh láimhseálaithe cásanna Chomhaltaí agus Chomhpháirtithe EURES, agus ar bhonn líon na n-oibrithe a earcófar i mBallstát eile dá réir sin, de réir mar is eol do na láimhseálaithe cáis sin nó, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ar bhonn suirbhéanna;
sástacht custaiméirí le líonra EURES a dhearbhófar, inter alia, trí leas a bhaint as suirbhéanna.
Airteagal 33
Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí EURES
Agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis a bailíodh amhail dá dtagraítear sa Chaibidil seo, déanfaidh an Coimisiún, gach ré bliain, tuarascáil ar ghníomhaíochtaí EURES a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.
Go dtí go dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 35, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo cur síos ar an staid mar atá maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 34
Sonraí pearsanta a chosaint
Déanfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Treoir 95/46/CE agus na bearta náisiúnta cur chun feidhme i ndáil léi, chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
Airteagal 35
Meastóireacht ex post
Faoin 13 Bealtaine 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le hoibriú agus le héifeachtaí an Rialacháin seo.
Féadfaidh tograí reachtacha lena leasaítear an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.
Airteagal 36
Tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 37
Nós imeachta coiste
Airteagal 38
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 mar a leanas:
Scriostar Airteagal 23
In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
Beidh rannpháirtíocht in ais EURES ar oscailt do na comhlachtaí, do na gníomhaithe, agus do na hinstitiúidí uile a ainmníonn Ballstát nó an Coimisiún agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i líonra EURES, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ). Ar na comhlachtaí, ar na gníomhaithe agus ar na hinstitiúidí sin, áireofar, go háirithe, na dreamanna seo a leanas:
údaráis náisiúnta, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla;
seirbhísí fostaíochta;
eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus páirtithe leasmhara eile.
Airteagal 39
Leasuithe ar Rialachán Uimh. 492/2011
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 mar a leanas:
Scriostar Airteagal 11 agus Airteagal 12, Airteagal 13(2), Airteagail 14 go 20 agus Airteagal 38.
Scriostar Airteagal 13(1) le héifeacht ón 13 Bealtaine 2018.
Airteagal 40
Forálacha idirthréimhseacha
Eagraíochtaí a ainmnítear mar “Chomhpháirtithe de chuid EURES” i gcomhréir le hAirteagal 3(c) de Chinneadh Cur chun Feidhme 2012/733/AE ón gCoimisiún nó a chuireann seirbhísí teoranta ar fáil mar “Chomhpháirtithe Comhlachaithe de chuid EURES” i gcomhréir le hAirteagal 3(d) den Chinneadh sin an 12 Bealtaine 2016, féadfaidh siad, de mhaolú ar Airteagal 11 den Rialachán seo, a bheith rannpháirteach mar Chomhaltaí de chuid EURES dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(c)(ii) den Rialachán seo nó mar Chomhpháirtithe de chuid EURES dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(d) den Rialachán seo, go dtí an 13 Bealtaine 2019 ar choinníoll go ngabhfaidh siad de láimh na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás inar mian le ceann amháin de na heagraíochtaí sin a bheith rannpháirteach mar Chomhpháirtí de chuid EURES, cuirfidh sí in iúl don ONC cé acu de na cúraimí a chomhlíonfaidh sí de bhun Airteagal 11(4) den Rialachán seo. Cuirfidh an ONC ábhartha an Oifig Eorpach um Chomhordú ar an eolas faoi sin. Tar éis don idirthréimhse dul in éag, féadfaidh na heagraíochtaí lena mbaineann, d'fhonn fanacht i líonra EURES, iarratas a chur isteach chuige sin i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo.
Airteagal 41
Teacht i bhfeidhm
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Íoschritéir chomhchoiteanna
(amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2))
Roinn 1. SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR
1. Gealltanas go mbeidh meicníochtaí leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar fáil chun a fhíorú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na caighdeáin saothair agus na ceanglais dlí is infheidhme, agus aon chórais cheadúnúcháin agus aon scéimeanna údarúcháin atá ann cheana maidir le seirbhísí fostaíochta nach SPFanna iad á gcur san áireamh agus na seirbhísí á soláthar, lena n-áirítear an dlí is infheidhme maidir le sonraí a chosaint agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais agus caighdeáin maidir le cáilíocht sonraí i ndáil le folúntais.
2. Cumas agus inniúlacht léirithe seirbhísí maidir le himréiteach, seirbhísí tacaíochta, nó iad araon, amhail dá dtagraítear sa Rialachán seo, a chur ar fáil.
3. Cumas seirbhísí a chur ar fáil trí bhealach inrochtana amháin nó níos mó, agus rochtain a bheith ann ar a laghad ar shuíomh gréasáin de chuid na heagraíochta.
4. Cumas agus inniúlacht oibrithe agus fostóirí a chur i dteagmháil le Comhaltaí eile de chuid EURES nó le Comhpháirtithe eile de chuid EURES agus/nó le comhlachtaí ag a bhfuil saineolas ar shaorghluaiseacht d'oibrithe.
5. Dearbhú go gcloífear leis an bprionsabal go mbeidh na seirbhísí tacaíochta saor in aisce d'oibrithe i gcomhréir leis an dara fomhór d'Airteagal 21(3).
Roinn 2. PÁIRT A GHLACADH I LÍONRA EURES
1. Cumas agus gealltanas maidir lena áirithiú go ndéanfar na sonraí amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(6) a sholáthar go tráthúil agus ar bhealach iontaofa.
2. Gealltanas go gcloífear leis na caighdeáin theicniúla agus leis na formáidí teicniúla maidir le himréiteach agus le malartú faisnéise faoin Rialachán seo.
3. Cumas agus gealltanas maidir le cuidiú leis an gclársceidealú agus leis an tuairisciú chuig an ONC chomh maith le faisnéis a chur ar fáil don ONC maidir le soláthar agus le feidhmíocht seirbhísí i gcomhréir leis an Rialachán seo.
4. Acmhainní daonna iomchuí a bheith á leithdháileadh do na cúraimí faoi seach nó gealltanas go n-áiritheofar an leithdháileadh sin.
5. Gealltanas go n-áiritheofar caighdeáin cháilíochta maidir le baill foirne agus go gclárófar na baill foirne do mhodúil ábhartha an chláir chomhchoitinn oiliúna amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d'Airteagal 8(1).
6. Gealltanas nach mbainfear leas as trádmharc EURES ach amháin do sheirbhísí agus do ghníomhaíochtaí a bhaineann le líonra EURES.
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 11(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 30(1), pointe (a) |
|
Airteagal 11(1), an dara fomhír |
Airteagal 9(2), pointí (b) agus (d), agus 9(3) agus Airteagal 13 |
|
Airteagal 11(2) |
Airteagal 9 agus 10 |
|
Airteagal 12(1) |
— |
|
Airteagal 12(2) |
— |
|
Airteagal 12(3), an chéad fhomhír |
Airteagal 9(4) |
|
Airteagal 12(3), an dara fomhír |
Airteagal 18(1) agus (2) |
|
Airteagal 13(1) |
Airteagal 12(3) agus Airteagal 17(1) go 17(6) |
|
Airteagal 13(2) |
Airteagal 17(7) go 17(8) |
|
Airteagal 14(1) |
— |
|
Airteagal 14(2) |
— |
|
Airteagal 14(3) |
— |
|
Airteagal 15(1) |
Airteagal 10(1) agus 10(2), Airteagal 12(1) go 12(3) agus Airteagal 13 |
|
Airteagal 15(2) |
Airteagal 9(3), pointe (a), agus Article10(1) |
|
Airteagal 16 |
— |
|
Airteagal 17(1) |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 17(2) |
Airteagal 16(6) |
|
Airteagal 17(3) |
Airteagal 33 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 7(1), pointe (a) |
|
Airteagal 19(1) |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 19(2) |
— |
|
Airteagal 20 |
Airteagal 8(1), pointe (a) (iii) agus (v), agus Airteagal 9(3), pointe (b) |
|
Airteagal 38 |
— |
( 1 ) Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).
( *1 ) Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).”.