This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C:2018:107A:FULL
Official Journal of the European Union, CA 107, 22 March 2018
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Eagrán Speisialta, 22 Márta 2018
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Eagrán Speisialta, 22 Márta 2018
|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
61 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) |
|
|
|
Fógra comórtais oscailte — EPSO/AD/357/18 — Riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta (AD 5) |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt C 107 A a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
|
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
|
22.3.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AD/357/18
RIARTHÓIRÍ I RÉIMSE NA HINIÚCHÓIREACHTA (AD 5)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 24 Aibreán 2018 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa go háirithe, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí ” (grúpa feidhme AD).
Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte in IARSCRÍBHINN II.
An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal: 80
DUALGAIS AN PHOIST
Is é an cúram ginearálta atá ar riarthóirí cuidiú le lucht déanta cinntí misean a n-institiúide nó a gcomhlachta a chur i gcrích.
Is ag grád AD 5 a théann formhór na gcéimithe i gceann ghairm an riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha.
Iniúchtaí airgeadais, iniúchtaí feidhmíochta agus iniúchtaí inmheánacha, sin iad na nithe a bhíonn faoi chúram iniúchóirí an Aontais Eorpaigh. Cuireann iniúchóirí seirbhísí faisnéise agus comhairleacha ar fáil sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, agus dá dhroim sin uaireanta bíonn siad ag obair i dtíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla.
De dhroim chineál na ndualgas a bheidh le déanamh, teastaíonn eolas leathan ar réimsí amhail dlí, cuntasaíocht, riarachán poiblí, airgeadas agus eacnamaíocht, bainistiú tionscadal sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, ríomhaireacht, agus teicnící iniúchóireachta agus measúnaithe.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór d’iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
1) Coinníollacha ginearálta:
|
— |
A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh. |
|
— |
Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh. |
|
— |
Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh. |
2) Coinníollacha sonracha — teangacha:
Ní mór eolas ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a bheith agat; leibhéal C1 (sáreolas) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.
Tabhair do d’aire nach mór na híosléibhéil a luaitear thuas a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.
San fhógra comórtais seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:
|
— |
Teanga 1: an teanga atá le húsáid i gcuid de na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire; |
|
— |
Teanga 2: an teanga atá le húsáid san fhoirm iarratais, sa triail breithiúnais shuíomhúil, i dtriail an inbhosca ríomhphoist, san ionad measúnaithe agus sa chumarsáid idir EPSO agus iarrthóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin. |
Ní mór an Béarla nó an Fhraincis a roghnú mar theanga 2.
Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na hinstitiúide.
De bhun Chinneadh Uimh. 22-2004 ón gCúirt Iniúchóirí faoi rialacha maidir le haistriú doiciméad le haghaidh cruinnithe den Chúirt, de Ghrúpaí agus den Choiste Riaracháin, is iad an Béarla agus an Fhraincis teangacha dréachta/droichid na Cúirte. Dá bhrí sin, is gá eolas sásúil ar cheachtar den dá theanga oibre sin (Béarla nó Fraincis) mar dhara teanga. Ar an dóigh sin, beidh na riarthóirí dá sannfar cúraimí iniúchóireachta i gcónaí in ann dréacht-doiciméid nó litreacha, doiciméid inmheánacha a úsáid agus cumarsáid a dhéanamh mar chuid dá gcúraimí iniúchóireachta le comhghleacaithe san institiúid chéanna, páirtithe iniúchta agus saineolaithe seachtracha, gan dul i muinín tríú páirtí ná seirbhísí aistriúcháin a úsáid. Cuireann sin le héifeachtúlacht, éifeachtacht agus tíosaíocht.
Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá údar maith leis na trialacha a eagrú sa dá theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann den dá theanga sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir — fiú má tá ceann den dá theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige — roinnt trialacha a dhéanamh sa dara teanga aige, teanga a bheidh le roghnú as an dá theanga sin. Mar sin, tugann na measúnuithe caoi don Chúirt a dhéanamh amach a ábalta atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá sin ar fad gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.
3) Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre:
|
— |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a bhaineann le dualgais an phoist a mhair 3 bliana ar laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Iúil 2018 ar a dhéanaí). nó |
|
— |
Oiliúint ghairmiúil/cáilíocht ghairmiúil ar leibhéal atá coibhéiseach leis an gcúrsa atá luaite thuas, a bhaineann le dualgais an phoist agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Iúil 2018 ar a dhéanaí). |
|
— |
Níl aon taithí oibre ag teastáil. |
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Iarratas a dhéanamh
Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnóidh tú mar theanga 2 (féach “Coinníollacha sonracha — teangacha”), agus sa teanga sin amháin.
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus breis eolais a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas seo (mar shampla: dioplómaí). Lena chois sin, beidh ort teanga a roghnú mar theanga 1 (aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh) agus teanga eile mar theanga 2 (an Béarla nó an Fhraincis).
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” A luaithe a bheidh an fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am .
2) Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Má bhailíochtaíonn tú an fhoirm iarratais sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh freisin. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
|
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
|
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
10 gceist |
18 nóiméad |
5/10 |
|
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
5/10 |
|
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
20 ceist |
20 nóiméad |
10/20 |
|
Breithiúnas suíomhúil |
Teanga 2 |
20 ceist |
30 nóiméad |
24/40 |
Ní chuirfear marc na dtrialacha réasúnaíochta briathartha agus uimhriúla sa chuntas agus marc foriomlán na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire á áireamh. Mar sin féin, ní mór duit pas a ghnóthú i ngach triail agus do mharc a bheith ar cheann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde don triail réasúnaíochta teibí agus don triail breithiúnais shuíomhúil chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.
Tuairim agus 10 n-oiread, ach 11 oiread ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas. Is é Stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás ceapacháin, a chinnfidh an líon beacht iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh, agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO.
3) Triail idirmheánach: triail an inbhosca ríomhphoist
Má ghnóthaigh tú pas i ngach ceann de na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire agus ceann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde don triail réasúnaíochta teibí agus don triail breithiúnais shuíomhúil, tabharfar cuireadh duit triail an inbhosca ríomhphoist a dhéanamh, i gceann d'ionaid chreidiúnaithe EPSO, sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 .
Bíonn idir 15 agus 25 cheist le freagairt i dtriail an inbhosca ríomhphoist, agus tá an triail ceaptha na 4 inniúlacht ghinearálta a bhfuil cur síos orthu sa tábla i bpointe 5. As 10 bpointe a mharcálfar gach inniúlacht. Ní mór marc a ghnóthú sa triail seo atá ar cheann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.
4) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha síos sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta sonracha.
Déanfar seiceáil incháilitheachta ar iarratas na n-iarrthóirí in ord íslitheach na marcanna foriomlána a gnóthaigh siad i dtriail an inbhosca ríomhphoist go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí incháilithe a dtabharfar cuireadh dóibh trialacha an ionaid measúnaithe a dhéanamh. Ní sheiceálfar na comhaid eile.
Tuairim agus 2 oiread, ach 2,5 ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar dóibh cuireadh trialacha an ionaid measúnaithe a dhéanamh.
5) An tIonad Measúnaithe
Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú i dtriail an inbhosca ríomhphoist ar cheann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh 1 lá amháin nó 2 lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur i Lucsamburg a bheidh an t-ionad measúnaithe.
Déanfar 8 gcinn d’inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí sonracha an chomórtais seo a mheas san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le 4 thriail (cás-staidéar, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, cleachtadh i ngrúpa agus scrúdú scríofa sa réimse lena mbaineann). Déanfar marcanna thrialacha na n-inniúlachtaí ginearálta a chur le marcanna na trialach inbhosca ríomhphoist, rud a fhágfaidh go mbeidh marc foriomlán 80 pointe ann, faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:
|
Inniúlacht |
Triail |
|||
|
Cás-staidéar |
Triail an inbhosca ríomhphoist |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
||
|
Cás-staidéar |
Triail an inbhosca ríomhphoist |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
||
|
Cás-staidéar |
Triail an inbhosca ríomhphoist |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Triail an inbhosca ríomhphoist |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí |
||
Pasmharcanna: 3/10 do gach inniúlacht agus 50/80 don mharc foriomlán
|
Inniúlacht |
Triail |
Pasmharc |
|
Inniúlachtaí sonracha |
Scrúdú scríofa sa réimse lena mbaineann |
10/20 |
6) An painéal
Tar éis dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe sin a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, an painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus ceart ná ráthaíocht a bheith aige post a fháil.
COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA
Déanann EPSO a dhícheall comhdheiseanna, comhchaitheamh agus comhrochtain a chur ar fáil do na hiarrthóirí uile.
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort.
Tá tuilleadh eolais faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/how-to-apply/equal-opportunities_ga) agus sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (faoi phointe 1.3 comhdheiseanna agus socruithe speisialta).
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu), faoin sprioc-am seo:
24 Aibreán 2018 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Is é an cúram ginearálta a atá ar riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta cuidiú le lucht déanta cinntí misean a n-institiúide a chur i gcrích.
Is minic iad ag obair i réimsí ar nós na hiniúchóireachta airgeadais, na hiniúchóireachta feidhmíochta agus na hiniúchóireachta inmheánaí. Cuireann iniúchóirí seirbhís faisnéise agus comhairliúcháin ar fáil sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, chun cúrsaí rialála agus bainistithe a fheabhsú. Dá dhroim sin, is féidir go mbeidh orthu dul ag obair in aon cheann de Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas, nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin. Ciallaíonn sin go gcaithfidh siad bheith toilteanach bheith ag taisteal — go minic i gcásanna áirithe — ar feadh tréimhsí gearra.
Ní mór dóibh bheith toilteanach bheith ag obair i bhfoireann ilnáisiúnta agus ilchultúrtha agus bheith ag síorthabhairt a gcuid eolais ghairmiúil bord ar bhord leis an aimsir trí chúrsaí oiliúna a chuirfear ar fáil dóibh a dhéanamh.
De dhroim chineál na ndualgas a bheidh le déanamh, teastaíonn eolas leathan ar réimsí amhail an dlí, cuntasaíocht, riarachán poiblí, airgeadas agus eacnamaíocht, bainistiú tionscadal sna réimsí uile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leo, ríomhaireacht, agus teicnící iniúchóireachta agus measúnaithe.
An té atá i mbun gairmréime sna hinstitiúidí, bíonn deiseanna aige i rith an ama aistriú go post eile sna hinstitiúidí agus, chomh maith leis sin, cúrsaí oiliúna a dhéanamh.
Ag seo na príomhchúraimí a bhíonn ar riarthóirí i réimse na hiniúchóireachta:
|
— |
iniúchadh seachtrach, iniúchadh airgeadais, iniúchadh comhlíontachta, iniúchadh ar dhea-bhainistiú airgeadais (pleanáil, cur i bhfeidhm agus tuairisciú san áireamh); |
|
— |
rialuithe agus seiceálacha ar an láthair agus ar dhoiciméad a dhéanamh, agus córais rialaithe agus bainistithe clár agus tionscadal a anailísiú, a mheasúnú agus a fheabhsú; |
|
— |
iniúchadh inmheánach, agus tacaíocht, comhairle agus oiliúint, ó thaobh modhanna oibre, a thabhairt; |
|
— |
comhordú agus comhairliú idirsheirbhíse maidir le ceisteanna iniúchóireachta; |
|
— |
tuairimí, comhairle agus moltaí a bhaineann le misean na hinstitiúide a ullmhú. |
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.
|
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
|
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
|
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
|
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
|
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
|
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
|
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu) |
|
— |
facs + 32 22998081 nó |
|
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaighhttps://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
|
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna, |
|
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh, |
|
— |
Talent Screener (an Scagthóir Buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán, |
|
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí, |
|
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh, |
|
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
|
— |
go bhfuil na trialacha thart, |
|
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad, agus |
|
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Deacrachtaí teicniúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach agus tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh theacht chun cinn na faidhbe sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) agus mínigh go haicearrach cad í an fhadhb.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
|
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn, agus |
|
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb. |
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
|
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist, |
|
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire, |
|
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
|
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais, agus/nó |
|
— |
an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
|
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist, |
|
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid, |
|
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga), |
|
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist, |
|
— |
sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe, |
|
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.
Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
|
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1– 4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
|
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
|
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin, |
|
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe, |
|
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad, |
|
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis, |
|
— |
nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin, |
|
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail, |
|
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin, |
|
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe, |
|
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin, |
|
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí), agus/nó |
|
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait.
|
|
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
|
TÍR |
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó) |
||||||||||||
|
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/ Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d'enseignement professionnel Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature — Kandidaat Graduat — Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d'études approfondies (DEA) Diplôme d'études spécialisées (DES) Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
|
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
|
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
|
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA or BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
|
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss / Fachhochschulabschluss / Master Magister Artium/ Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
|
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
|
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, i 5 ábhar Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.) National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS) Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile University degree Céim mháistir (60-120 ECTS) Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht Doctorate |
||||||||||||
|
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
|
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/ Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
|
France |
Baccalauréat Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d'études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d'ingénieur Doctorat |
||||||||||||
|
Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
|
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore/ Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea – L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
|
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο / Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
|
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
|
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
|
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d'ingénieur technicien |
Master Diplôme d'ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
|
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi – képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
|
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
|
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma's) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of “Ingenieur” |
HBO/WO Master's degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
|
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/ Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom / Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom / Fachhochschuldiplom/ Magister / Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
|
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat / Inżynier |
Magister / Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
|
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário/ Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
|
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academic postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
|
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma / magisterij / specializacija / doktorat |
||||||||||||
|
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
|
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus — Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto — Kandidatexamen / Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa — studieveckor) |
Maisterin tutkinto — Magisterexamen / Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa — studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
|
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/ Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
|
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
||||||||||||
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs