This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2025C0155
EFTA Surveillance Authority Delegated Decision No 155/25/COL of 23 September 2025 to amend the Annex to Decision No 150/25/COL concerning emergency measures in Norway in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza pursuant to Article 259(1) of Regulation (EU) 2016/429 and Articles 21, 39 and 55 of Delegated Regulation (EU) 2020/687 [2025/2267]
Údarás Faireacháin CSTE Cinneadh Tarmligthe UIMH. 155/25/COL an 23 Meán Fómhair 2025 chun an Iarscríbhinn a leasú a ghabhann le Cinneadh Uimh. 150/25/COL maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2025/2267]
Údarás Faireacháin CSTE Cinneadh Tarmligthe UIMH. 155/25/COL an 23 Meán Fómhair 2025 chun an Iarscríbhinn a leasú a ghabhann le Cinneadh Uimh. 150/25/COL maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2025/2267]
IO L, 2025/2267, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2025/2267/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | E2025C0150 | Athchur | iarscríbhinn I | 23/09/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2267 |
6.11.2025 |
ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE CINNEADH TARMLIGTHE UIMH. 155/25/COL
an 23 Meán Fómhair 2025
chun an Iarscríbhinn a leasú a ghabhann le Cinneadh Uimh. 150/25/COL maidir le bearta éigeandála san Iorua i ndáil le ráigeanna d’fhliú éanúil ardphataigineach de bhun Airteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus Airteagail 21, 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 [2025/2267]
TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú, go háirithe Airteagail 1(1)(e), 1(2) agus 3 de Phrótacal 1 de.
Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 13 i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE,
Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1) , arna leasú agus arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe Airteagal 257(1) agus Airteagal 259(1)(c) de,
Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 13a i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE,
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe maidir le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas lena mbaineann riosca suntasach maidir leis na galair liostaithe sin a leathadh (‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882’) (2) , arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe in Airteagail 1 agus 2 de agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis,
Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 13e i gCuid 1.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE,
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (‘Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687’) (3), arna leasú agus arna oiriúnú do Chomhaontú LEE leis na hoiriúnuithe sonracha agus earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus go háirithe Airteagail 21, 39 agus 55 de,
arna oiriúnú do Chomhaontú LEE le pointe 4(d) de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE
De bharr an mhéid seo a leanas:
Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil ardphataigineach (‘HPAI’) in éin agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘LEE’) agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas.
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagraítear do HPAI in Airteagal 9(1)(a)(i) de Rialachán (AE) 2016/429 mar ghalar liostaithe atá faoi réir na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos sa rialachán sin. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 liostaítear galar HPAI mar ghalar de chatagóirí A, D agus E mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán sin.
Le hAirteagal 259(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear ar Údarás Faireacháin CSTE (‘an tÚdarás’) athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta éigeandála arna nglacadh ag údaráis inniúla na hIorua de bhun Airteagal 257(1) den Rialachán céanna i gcás ráig de ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) (‘bearta na hIorua’), lena n-áirítear HPAI. Le hAirteagal 259(1)(c), ceanglaítear ar an Údarás, i gcás ina measfaidh sé gur gá, chun cur isteach gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint, na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 257(1) lena bhformheasfar bearta na hIorua a ghlacadh.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú ghalair chatagóir A, chatagóir B agus chatagóir C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. Déantar foráil in Airteagal 21 den Rialachán sin maidir le criosanna cosanta agus faireachais a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear HPAI, mar aon le criosanna srianta eile más gá. Cuirtear an réigiúnú sin i bhfeidhm go háirithe chun stádas sláinte na n-éan a chaomhnú sa chuid eile de chríoch na hIorua trí chosc a chur le tabhairt isteach an oibreáin phataiginigh agus trí luathbhrath an ghalair a áirithiú.
An 5 Meán Fómhair 2025, thug an Iorua fógra faoi ráig dheimhnithe de HPAI i mbunaíocht tráchtála ina bhfuil 7 500 éanlaith chlóis i mbardasacht Hadsel i gcontae Nordland (4). Rinne an tÚdarás athbhreithniú ar na bearta rialaithe galar a rinne an Iorua agus ghlac sé Cinneadh Uimh. 150/25/COL an 11 Meán Fómhair 2025 lena bhformheastar na bearta sin. Leagtar amach sa Chinneadh sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/687, nach mór na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, ar a laghad, a chuimsiú sna criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an Iorua agus nach mór na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a choinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn ar a laghad.
An 15 Meán Fómhair 2025, thug an Iorua fógra faoi mhoill ar thabhairt chun críche an réamhghlanta agus an réamhdhíghalraithe agus gur cuireadh síneadh dá réir le tráthchlár na gcriosanna cosanta agus faireachais bunaithe (5). Tá scrúdú déanta ag an Údarás ar na nuashonruithe ar na bearta rialaithe galar arna mbunú ag údaráis inniúla na hIorua agus tá sé sásta go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2020/687.
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 150/25/COL a leasú chun fad riachtanach na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais a léiriú.
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche in LEE a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.
An 19 Meán Fómhair 2025, chuir an tÚdarás, trí Chinneadh Tarmligthe Uimh. 152/25/COL (Doiciméad Uimh. 1561028) uaidh, an dréacht-Chinneadh faoi bhráid Choiste Tréidliachta agus Fíteasláintíochta CSTE i gcomhréir le hAirteagail 259(1) agus 266(2) de Rialachán (AE) 2016/429. An 23 Meán Fómhair 2025, thug Coiste Tréidliachta agus Fíteasláintíochta CSTE tuairim dhearfach uaidh maidir leis an dréacht-Chinneadh. Dá réir sin, tá an dréacht-Chinneadh i gcomhréir le tuairim an Choiste.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 150/25/COL.
Foilseofar leagan comhdhlúite de Chinneadh Uimh. 150/25/COL ar shuíomh gréasáin an Údaráis.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a shínithe.
Airteagal 3
Is ar an Iorua atá an Cinneadh seo dírithe.
Airteagal 4
Beidh an cinneadh seo barántúil sa Bhéarla.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, ag gníomhú dó faoi Chinneadh Tarmligthe Uimh. 130/20/COL,
Árni Páll ÁRNASON
An Comhalta den Choláiste atá Freagrach
Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS
Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,
Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin
(1) Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.
(2) Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 179/2020 ó Chomhchoiste LEE an 11 Nollaig 2020.
(3) Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 3/2021 ó Chomhchoiste LEE an 5 Feabhra 2021.
(4) Doiciméad Uimh. 1558598.
(5) Doiciméid Uimh. 1560390 agus 1560392.
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Na criosanna cosanta san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
NO-HPAI(P)-2025-001 |
Na codanna bhardasacht Hadsel in Lund agus Egersund i gcontae Nordland atá laistigh de gha 3 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS: domhanleithead 68.51307; domhanfhad 14.72709 |
An 4 Deireadh Fómhair 2025 |
Cuid B
Na criosanna faireachais san Iorua dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 3
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
NO-HPAI(P)-2025-001 |
Na codanna bhardasacht Hadsel in Lund agus Egersund i gcontae Nordland atá laistigh de gha 10 chiliméadar ag a bhfuil mar lár na comhordanáidí GPS: domhanleithead 68.51307; domhanfhad 14.72709 |
An 13 Deireadh Fómhair 2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_del/2025/2267/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)