Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2022/145/06

    Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2022/C 145/06

    PUB/2022/233

    IO C 145, 1.4.2022, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    1.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 145/7


    Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

    (2022/C 145/06)

    Image 1

    Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Iodáil

    Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

    Tír is eisitheoir: An Iodáil

    Ábhar an chomórtha: Comóradh 170 bliain ar bhunú Phóilíní Náisiúnta na hIodáile

    Tuairisc ar an dearadh: Sa dearadh, léirítear beirt oifigeach de “Polizia di Stato” (Fórsa Póilíneachta Náisiúnta na hIodáile), bean agus fear, agus iad ina seasamh chun tosaigh, os comhair gluaisteán póilíní. Os a gcionn, feictear an inscríbhinn “POLIZIA DI STATO” i gcruth stua; tá “RI” le feiceáil ar dheis, acrainm Phoblacht na hIodáile; tá an inscríbhinn “R”, lena sainaithnítear Mionta na Róimhe, túslitreacha “AM” an dearthóra Annalisa Masini agus na dátaí “1852 - 2022”, le feiceáil ar chlé, sa lár agus ar dheis, faoi seach.

    Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

    Líon measta na mbonn atá le heisiúint: 3 000 000

    Dáta eisiúna: Eanáir 2022


    (1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lgh. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

    (2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lgh. 52).


    Top