Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C2019/177A/01

    Fógra comórtais oscailte EPSO/AD/373/19 — Riarthóirí (AD 5)

    IO C 177A, 23.5.2019, p. 1–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.5.2019   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

    EPSO/AD/373/19 — RIARTHÓIRÍ (AD 5)

    (2019/C 177 A/01)

    Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 25 Meitheamh 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

    Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “ riarthóirí ”(grúpa feidhme AD).

    Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.

    Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte in IARSCRÍBHINN II.

    An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal: 147

    DUALGAIS AN PHOIST

    Is é an cúram ginearálta atá ar riarthóirí cuidiú le lucht déanta cinntí misean a n-institiúide nó a gcomhlachta a chur i gcrích.

    Is ag grád AD 5 a théann formhór na gcéimithe i gceann ghairm an riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha.

    Má earcaítear ag an ngrád sin thú de thoradh an chomórtais seo déanfaidh tú, mar chuid d’fhoireann, ceann amháin den trí phríomhchúram seo oibre in institiúidí an Aontais Eorpaigh:

    1.

    ceapadh beartas,

    2.

    cur i bhfeidhm praiticiúil tionscadal,

    3.

    bainistiú acmhainní.

    Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

    NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

    Tá dhá chuid san fhoirm iarratais (féach thíos) agus sprioc-am ar leith ag gach ceann acu. Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chéad chuid den iarratas ar líne , ní mór d'iarrthóirí GACH CEANN de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh. Le linn an chomórtais, is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an Bord Roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann na hiarrthóirí na coinníollacha incháilitheachta sonracha a luaitear anseo thíos.

    1)    Coinníollacha ginearálta:

    A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh,

    Aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh,

    Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

    2)    Coinníollacha sonracha — teangacha:

    Ní mór eolas a bheith agat ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ; leibhéal C1 (eolas cuimsitheach) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.

    Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr.

    San fhógra comórtais seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:

    Teanga 1: an teanga atá le húsáidtear sna trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí

    Teanga 2: an teanga atá le húsáid sa triail breithiúnais shuíomhúil, i dtriail an bhosca isteach ríomhphoist, sna trialacha san ionad measúnaithe agus sa chumarsáid idir EPSO agus iarrthóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin.

    Chun críocha an chomórtais seo, tá sé beartaithe ag EPSO a thairiscint mar theanga 2 na 5 theanga is mó a dhearbhóidh iarrthóirí a bheith acu ar leibhéal B2 nó os a chionn, sa chéad chuid den fhoirm iarratais. Tá sin beartaithe agus riachtanais na seirbhíse, a bhfuil cur síos orthu thíos, á gcur san áireamh freisin .

    Cén fáth a bhfuil teorainn ar an líon teangacha nach mór dom teanga 2 a roghnú as a measc?

    Ar chúiseanna praiticiúla agus eagraíochtúla, níl sé indéanta na trialacha a chur ar fáil in 24 theanga ag gach céim den chomórtas. Dlúthchuid de mhodh oibre an ionaid measúnaithe is ea é iarrthóirí a bheith ag obair i ngrúpaí agus an bord roghnúcháin céanna (a bhfuil líon a bhall teoranta) measúnú a dhéanamh orthu. Tá sin amhlaidh de ghrá na córa comhionainne.

    Ina cheann sin, d’fhonn aonfhoirmeacht a chinntiú agus iarrthóirí á gcur i gcomparáid le chéile, déanfaidh EPSO agus an bord roghnúcháin a gcuid oibre i líon teoranta teangacha cumarsáide.

    Ar deireadh, an dua agus na hacmhainní a chaithfí le gach teanga breise a thairiscint, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis an líon breise iarrthóirí a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcomórtas dá mbeadh an teanga bhreise sin á tairiscint.

    Ar na cúiseanna sin, shocraigh EPSO agus institiúidí an Aontais Eorpaigh gur féidir 5 theanga ar a mhéad a thairiscint mar theanga 2.

    Ar na cúiseanna céanna sin, tá ciall le teorainn a chur leis an líon teangacha is féidir a úsáid mar theanga chumarsáide idir iarrthóirí a bhfuil iarratas bailí déanta acu agus na hinstitiúidí.

    Conas a chinntear na teangacha ar féidir teanga 2 a roghnú as a measc?

    Iarrann institiúidí an Aontais Eorpaigh ar earcaigh nua a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach láithreach le linn na hoibre laethúla le comhghleacaithe agus páirtithe leasmhara. Mura bhféadfaidís sin a dhéanamh, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair éifeachtúil na n-institiúidí.

    D’fhonn a oiread iarrthóirí agus is féidir a chuimsiú a bhfuil ceann amháin de na cúig cinn sin de theangacha cumarsáide thuasluaite acu, iarrtar ar iarrthóirí gach teanga de theangacha oifigiúla an Aontais atá acu a dhearbhú, a bpríomhtheanga san áireamh. Ansin, scrúdóidh EPSO gach foirm iarratais a bailíochtaíodh faoin gcéad sprioc-am, chun na teangacha a dhearbhaigh na hiarrthóirí a bheith acu ar leibhéal B2 nó os a chionn a chur in ord íslitheach. Ina dhiaidh sin, roinnfidh EPSO an fhaisnéis lena Bhord Bainistíochta agus leis na ranna Acmhainní Daonna i ngach institiúid a d’iarr iarrthóirí ar éirigh leo sa chomórtas seo, chun na riachtanais oibríochtúla agus teanga ar fad atá ag a gcuid seirbhísí earcaíochta a chur i gcomparáid leis na teangacha a dhearbhaigh na hiarrthóirí. Ar bhonn na comparáide sin, tiocfaidh na hinstitiúidí agus EPSO ar chomhaontú i dtaca leis na 5 theanga is féidir a roghnú mar theanga 2 laistigh den chomórtas seo, i gcomhréir le leasanna na seirbhísí. Is é EPSO, ina cháil mar údarás ceapacháin, a chinnfidh go foirmiúil na teangacha ina bhféadfar an triail breithiúnais shuíomhúil, triail an bhosca isteach ríomhphoist agus trialacha an ionaid measúnaithe a dhéanamh (i.e. teanga 2), agus cuirfear in iúl duit go luath i ndiaidh an sprioc-ama le clárú , cé na teangacha sin.

    3)    Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre:

    Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile, 3 bliana ar laghad , ar baineadh dioplóma amach dá bharr (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Iúil 2019 ar a dhéanaí).

    Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN III.

    Níl aon taithí oibre ag teastáil.

    CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ?

    1)    Iarratas a dhéanamh

    Tá dhá chuid san fhoirm iarratais; is féidir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú agus an dá chuid de den fhoirm iarratais á líonadh isteach:

    i)

    Ní mór an chéad chuid a líonadh isteach faoin sprioc-am le clárú, atá luaite san fhógra comórtais seo.

    Agus an chéad chuid den fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus an leibhéal eolais a lua atá agat ar na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh ar a bhfuil buneolas labhartha agus scríofa ar a laghad agat . Os a chionn sin, ní mór dhá theanga ar a laghad a dhearbhú chun bheith incháilithe; ceann amháin ar leibhéal C1 ar a laghad agus an ceann eile ar leibhéal B2 ar a laghad.

    Go luath i ndiaidh an sprioc-ama le haghaidh clárúcháin, cuirfear in iúl duit cé na 5 theanga is féidir a roghnú mar theanga 2.

    Más rud é nár dhearbhaigh tú sa chéad chuid den fhoirm iarratais go bhfuil ceann amháin de na 5 theanga agat ar leibhéal B2 ar a laghad nó os a chionn, dícháileofar ón gcomórtas thú.

    Is ionann an chéad chuid den iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

    ii)

    Más rud é go bhfuil ceann amháin ar a laghad de na teangacha ar dhearbhaigh tú, sa chéad chuid den fhoirm iarratais, í a bheith agat ar leibhéal B2 nó os a chionn ar na 5 theanga is féidir a roghnú mar theanga 2, tabharfar cuireadh duit an dara cuid den fhoirm iarratais a líonadh isteach. Sa chuireadh, luafar sprioc-am faoinar gá an chuid sin den fhoirm a líonadh isteach. Ag an gcéim sin, iarrfar ort breis eolais a thabhairt a bhaineann leis an gcomórtas i gceist (e.g. dioplómaí, taithí oibre). Ina theannta sin, ní mór duit teanga 1 agus teanga 2 a roghnú as measc na dteangacha ar dhearbhaigh tú sa chéad chuid den fhoirm iarratais eolas a bheith agat orthu. Féadfaidh tú aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú mar theanga 1 agus aon cheann de na 5 theanga atá á dtairiscint a roghnú mar theanga 2.

    A luaithe a bheidh gach cuid de d’iarratas bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh air.

    Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an chéad chuid agus an dara cuid den fhoirm líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am atá leagtha síos do gach ceann de na codanna sin.

    Tabhair do d’aire go mbeidh an bord roghnúcháin (le linn an chomórtais) agus seirbhísí acmhainní daonna institiúidí an Aontais Eorpaigh (i gcás earcú iarrthóirí ar éirigh leo) ag rochtain na foirme iarratais ina hiomláine, agus, faoi mar atá mínithe thuas, gur líon teoranta teangacha na teangacha cumarsáide atá acu sin.

    Má éiríonn an comórtas leat agus go gcuirfear d’ainm ar an bpainéal, iarrfar ort aistriúchán ar an bhfoirm iarratais go teanga 2 (teanga a roghnaítear as na 5 theanga a luadh thuas) a sholáthar do na seirbhísí earcaíochta má líon tú isteach an fhoirm iarratais i dteanga nach ceann de na teangacha sin í.

    2)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

    Má bhailíochtaíonn tú an dara cuid den fhoirm iarratais faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh duit sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

    Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

    Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

    Triail

    Teanga

    Líon ceisteanna

    Fad ama

    Pasmharc

    Réasúnaíocht bhriathartha

    Teanga 1

    10 gceist

    18 nóiméad

    5/10

    Réasúnaíocht uimhriúil

    Teanga 1

    10 gceist

    20 nóiméad

    5/10

    Réasúnaíocht theibí

    Teanga 1

    20 ceist

    20 nóiméad

    10/20

    Breithiúnas suíomhúil

    Teanga 2

    20 ceist

    30 nóiméad

    24/40

    Ní chuirfear marc na dtrialacha réasúnaíochta briathartha agus uimhriúla sa chuntas agus marc foriomlán na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire á áireamh. Mar sin féin, ní mór duit pas a ghnóthú i ngach triail agus do mharc a bheith ar cheann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde don triail réasúnaíochta teibí agus don triail breithiúnais shuíomhúil chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.

    Tuairim agus 10 oiread, nó 11 oiread ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas. Is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás ceapacháin, a chinnfidh an líon beacht iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh, agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO.

    3)    Triail idirmheánach: triail an bhosca isteach ríomhphoist

    Má ghnóthaigh tú pas i ngach ceann de na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire agus má tá do mharc ar cheann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde don triail réasúnaíochta teibí agus don triail breithiúnais shuíomhúil, tabharfar cuireadh duit triail an bhosca isteach ríomhphoist a dhéanamh, i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO, sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 .

    Bíonn idir 15 agus 25 cheist le freagairt i dtriail an bhosca isteach ríomhphoist, agus tá an triail ceaptha na 4 inniúlacht ghinearálta a mheas, a bhfuil cur síos orthu sa tábla faoi phointe 4. As 10 bpointe a mharcálfar gach inniúlacht. Ní mór marc a ghnóthú sa triail seo atá ar cheann de na marcanna comhcheangailte foriomlána is airde chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.

    Tuairim agus dhá oiread, nó dhá oiread go leith ar a mhéad , an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar dóibh cuireadh trialacha an ionaid measúnaithe a dhéanamh.

    4)    An tIonad Measúnaithe

    Má bhíonn an marc a ghnóthóidh tú i dtrialacha an bhosca isteach ríomhphoist ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.

    Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, is gá duit méaróg chuimhne, agus cóipeanna scanta de do chuid doiciméad tacaíochta sábháilte uirthi, a thabhairt leat go dtí an t-ionad measúnaithe. Déanfaidh muintir EPSO do chuid doiciméad a íoslódáil agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfaidh siad an mhéaróg USB ar ais duit iad an lá céanna.

    Déanfar ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta agus na cúiseanna ar mhaith leat a bheith ag obair in institiúidí an Aontais a mheas san ionad measúnaithe, le cúig thriail (cás-staidéar, cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí, cleachtadh i ngrúpa agus agallamh spreagthachta). Déanfar marcanna na dtrialacha ar inniúlachtaí ginearálta a chur le marcanna thriail an bhosca isteach ríomhphoist, rud a fhágfaidh go mbeidh marc foriomlán as 80 pointe ann, faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:

    Inniúlacht

    Triail

    1.

    Anailísiú agus réiteach fadhbanna

    Cur i láthair ó bhéal

    Triail an bhosca isteach ríomhphoist

    2.

    Cumarsáid

    Cur i láthair ó bhéal

    Cás-staidéar

    3.

    Cáilíocht agus torthaí

    Cás-staidéar

    Triail an bhosca isteach ríomhphoist

    4.

    Foghlaim agus forbairt

    Cleachtadh i ngrúpa

    Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

    5.

    Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

    Cás-staidéar

    Triail an bhosca isteach ríomhphoist

    6.

    Buanseasmhacht

    Cur i láthair ó bhéal

    Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

    7.

    Obair bhuíne

    Cleachtadh i ngrúpa

    Triail an bhosca isteach ríomhphoist

    8.

    Cumas ceannaireachta

    Cleachtadh i ngrúpa

    Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

    Pasmharcanna: 3/10 do gach inniúlacht agus 50/80 san iomlán.

    Déanfar na marcanna a gnóthaíodh san agallamh spreagthachta a chur leis na marcanna a gnóthaíodh i dtrialacha eile an ionaid measúnaithe chun teacht ar mharc deiridh foriomlán gach iarrthóra.

    Triail

    Pasmharc

    Agallamh spreagthachta

    5/10

    5)    An painéal

    I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc i ngach triail agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

    Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, an painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

    COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE SPEISIALTA

    Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.

    Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort.

    Tá tuilleadh eolais faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin nós imeachta maidir le socruithe speisialta le fáil ar ár suíomh gréasáin (https://epso.europa.eu/how-to-apply/equal-opportunities_ga ) agus sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (faoi phointe 1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta).

    CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

    Chun iarratas a dhéanamh is é an chéad rud nach mór duit a dhéanamh cuntas EPSO a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat agus ní mór an cuntas sin a úsáid do gach iarratas.

    An chéad sprioc-am: is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO (http://jobs.eu-careers.eu) faoin:

    25 Meitheamh 2019 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)

    Maidir leis an sprioc-am faoinar gá an dara cuid den fhoirm iarratais a líonadh isteach, cuirfear sin in iúl, go luath i ndiaidh an chéad sprioc-ama, do na hiarrthóirí sin a n-iarrfar orthu an fhoirm sin a líonadh isteach.


    IARSCRÍBHINN I

    DUALGAIS

    Is féidir na príomhdhualgais a bheidh le déanamh ag iarrthóirí a earcófar de thoradh an chomórtais seo a bheith éagsúil ó institiúid go chéile. Ar na dualgais sin tá:

    1.   Ceapadh agus forbairt beartas

    Beartais i réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh a anailísiú agus a cheapadh;

    Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas i réimsí beartais sonracha agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa chur i bhfeidhm sin, agus nótaí anailísithe beartais agus nótaí faisnéise a dhréachtú;

    Anailís dlí, taighde, comhairle chomh maith le maoirseacht ar chúrsaí dlí (e.g. maidir le cúrsaí idirinstitiúideacha, cúrsaí riaracháin nó cúrsaí airgeadais);

    Gníomhartha dlí riaracháin a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú;

    Cúnamh, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt do lucht déanta cinntí.

    2.   Cur i bhfeidhm praiticiúil tionscadal

    Seiceálacha ar chláir, ar thionscadail agus ar phleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur i bhfeidhm, agus a dhéanamh, agus monatóireacht a dhéanamh orthu;

    An caidreamh leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara seachtracha a láimhseáil;

    Monatóireacht a dhéanamh ar chomhordú agus ar chomhphlé idirsheirbhíse agus idirinstitiúideach maidir le beartais an Aontais Eorpaigh;

    Meithleacha a bhunaigh na Ballstáit, na hinstitiúidí agus geallsealbhóirí seachtracha eile a chomhordú;

    Comhordú a dhéanamh le seirbhísí eile agus dul i gcomhairle leo maidir le saincheisteanna dlí;

    Conarthaí a dhréachtú, glaonna ar thograí agus cuirí chun tairisceana a ullmhú, agus páirt a ghlacadh i monatóireacht ar thograí agus ar thionscadail;

    Doiciméid dlí a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú;

    Páirt a ghlacadh i gcumarsáid sheachtrach agus i dtuairisciú agus i gcumarsáid inmheánach.

    3.   Bainistiú acmhainní

    Acmhainní na ranna, e.g. baill foirne, cúrsaí airgeadas agus trealamh, a bhainistiú, a optamú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, i gcomhréir leis an ualach oibre agus le forbairt na dtionscadal;

    Monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta riaracháin, airgeadais agus buiséadacha;

    Páirt a ghlacadh in ullmhú meastachán buiséadach agus in ullmhú tuarascálacha agus cuntas bliantúla;

    Rioscaí oibríochtúla, straitéiseacha, sóisialta agus buiséadacha a bhainistiú.

    Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


    IARSCRÍBHINN II

    NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

    FAISNÉIS GHINEARÁLTA

    Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.

    Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.

    Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.

    1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

    1.1.    Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha

    Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

    Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.

    (a)

    Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais.

    Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

    (b)

    Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:

    gur fíorobair éifeachtach a bhí inti;

    gur obair ar íocaíocht a bhí inti;

    go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi; agus

    faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist;

    tréimhsí oiliúna: más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu;

    seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata, agus ní chuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist;

    saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta;

    dochtúireacht: 3 bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht, agus is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht; agus

    obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur 3 mhí oibre ab ea obair leathama a mhair 6 mhí.

    1.2.    Doiciméid tacaíochta

    Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).

    Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:

    doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

    conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

    (i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

    (i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála.

    Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.

    Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.

    1.3.    Comhdheiseanna agus socruithe speisialta

    Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

    Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

    Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

    trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu);

    facs (+32 22998081); nó

    tríd an bpost:

    An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

    EPSO accessibility

    Avenue de Cortenbergh/Kortenberglaan 25

    1049 Bruxelles/Brussels

    BELGIQUE/BELGIË

    2.   CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?

    Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

    Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

    Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr

    Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).

    Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an Ionaid Measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.

    3.   CUMARSÁID

    3.1.    Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

    Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus tríd suíomh greasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga).

    Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.

    I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

    Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga. Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

    3.2.    Rochtain ar fhaisnéis

    Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.

    Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.

    Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

    3.2.1.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

    Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:

    na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna;

    incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh;

    Talent Screener (an scagthóir buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán;

    na réamhthrialacha: do thorthaí;

    na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh;

    an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe.

    Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

    go bhfuil na trialacha thart;

    go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus

    nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

    3.2.2.   Faisnéis a iarraidh

    Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

    Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.

    Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.

    Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

    4.   GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ

    4.1.    Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla

    Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).

    Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

    I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:

    na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú san ionad féin. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn;agus

    teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb.

    I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO nó déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga).

    I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/help_ga). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.

    4.2.    Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

    4.2.1.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

    Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

    Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

    Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.

    Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

    nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga);

    teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

    sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire;

    faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

    Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.

    Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.

    Tá an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna i bhfeidhm maidir le hearráidí sa chleachtadh inbhosca ríomhphoist.

    4.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

    Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

    Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

    míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó

    an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

    Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

    Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

    nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga);

    teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

    sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid;

    faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

    Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

    Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.

    Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.

    4.3.    Modhanna eile le conspóid a dhéanamh

    4.3.1.   Gearáin riaracháin

    I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

    Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).

    Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

    nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/help_ga);

    teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist;

    sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe;

    faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

    Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

    4.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

    I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

    Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.

    Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

    nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/).

    4.3.3.   An tOmbudsman Eorpach

    Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

    Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).

    Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

    Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

    nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/).

    4.4.    Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin

    Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

    gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin;

    go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe;

    nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad;

    go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis;

    nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin;

    go ndearna tú séitéireacht i dtriail;

    nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat i gcomhréir leis an bhFógra Comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin;

    gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

    nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin;

    gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (féadfar teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí);agus/nó

    go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla.

    Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.

    Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


    IARSCRÍBHINN III

    SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS

    Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait.

    TÍR

    AST-SC 1 go AST-SC 6

    AST 1 go AST 7

    AST 3 go AST 11

    AD 5 go AD 16

    Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

    Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

    Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)

    Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó)

    Belgique —

    België —

    Belgien

    Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

    Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

    Diplôme d'enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

    Candidature/Kandidaat

    Graduat/Gegradueerde

    Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

    Bachelor académique (180 crédits)

    Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

    Licence/Licentiaat

    Master

    Diplôme d'études approfondies (DEA)

    Diplôme d'études spécialisées (DES)

    Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS)

    Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

    Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

    Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

    Agrégation/Aggregaat

    Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

    Doctorat/Doctoraal diploma

    България

    Диплома за завършено средно образование

    Специалист по …

     

    Диплома за висше образование

    Бакалавър

    Магистър

    Česká republika

    Vysvědčení o maturitní zkoušce

    Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

    Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

    Diplom o ukončení vysokoškolského studia

    Magistr

    Doktor

    Danmark

    Bevis for:

    Studentereksamen

    Højere Forberedelseseksamen (HF)

    Højere Handelseksamen (HHX)

    Højere Afgangseksamen (HA)

    Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

    Videregående uddannelser

    = Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

    Bachelorgrad (BA or BS)

    Professionsbachelorgrad

    Diplomingeniør

    Kandidatgrad/Candidatus

    Master/Magistergrad (mag.art)

    Licenciatgrad

    ph.d.-grad

    Deutschland

    Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

    Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

     

    Fachhochschulabschluss

    Bachelor

    Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master

    Magister Artium/Magistra Artium

    Staatsexamen/Diplom

    Erstes Juristisches Staatsexamen

    Doktorgrad

    Eesti

    Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

    Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

    Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

    Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

    Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

    Rakenduskõrghariduse diplom

    Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

    Magistrikraad

    Arstikraad

    Hambaarstikraad

    Loomaarstikraad

    Filosoofiadoktor

    Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

    Éire/Ireland

    Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

    Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

    Teastas Náisiúnta/National Certificate

    Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

    Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

    Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

    Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

    Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

    Céim ollscoile/University degree

    Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

    Dochtúireacht/Doctorate

    Ελλάδα

    Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

    Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

    Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

    Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

    Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

    Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ)

     

    Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI)

    Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

    Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

    España

    Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

    Bachillerato

    BUP

    Diploma de Técnico especialista

    FP grado superior (Técnico superior)

    Diplomado/Ingeniero técnico

    Licenciatura

    Máster

    Ingeniero

    Título de Doctor

    France

    Baccalauréat

    Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU)

    Brevet de technicien

    Diplôme d'études universitaires générales (DEUG)

    Brevet de technicien supérieur (BTS)

    Diplôme universitaire de technologie (DUT)

    Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

    Licence

    Maîtrise

    Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

    Diplôme des grandes écoles

    Diplôme d'ingénieur

    Doctorat

    Hrvatska

    Svjedodžba o državnoj maturi

    Svjedodžba o završnom ispitu

    Stručni pristupnik/pristupnica

    Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

    Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

    Stručni specijalist

    Magistar struke

    Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

    Doktor struke

    Doktor umjetnosti

    Italia

    Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

    Perito ragioniere

    Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

    Diploma universitario (DU)

    Certificato di specializzazione tecnica superiore

    Attestato di competenza (4 semestri)

    Diploma di laurea – L (breve)

    Diploma di laurea (DL)

    Laurea specialistica (LS)

    Master di I livello

    Dottorato di ricerca (DR)

    Κύπρος

    Απολυτήριο

    Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

    Higher Diploma

     

    Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

    Master

    Doctorat

    Latvija

    Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

    Diploms par profesionālo vidējo izglītību

    Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

    Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

    Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

    Profesionālā bakalaura diploms

    Maģistra diploms

    Profesionālā maģistra diploms

    Doktora grāds

    Lietuva

    Brandos atestatas

    Aukštojo mokslo diplomas

    Aukštesniojo mokslo diplomas

    Profesinio bakalauro diplomas

    Aukštojo mokslo diplomas

    Aukštojo mokslo diplomas

    Bakalauro diplomas

    Magistro diplomas

    Daktaro diplomas

    Meno licenciato diplomas

    Luxembourg

    Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

    BTS

    Brevet de maîtrise

    Brevet de technicien supérieur

    Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

    Diplôme universitaire de technologie (DUT)

    Bachelor

    Diplôme d'ingénieur technicien

    Master

    Diplôme d'ingénieur industriel

    DESS en droit européen

    Magyarország

    Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

    Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

    Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

    Főiskolai oklevél

    Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

    Egyetemi oklevél

    Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

    Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

    Doktori fokozat

    Malta

    Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

    Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

    2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

    MCAST diplomas/certificates

    Higher National Diploma

    Bachelor’s degree

    Bachelor’s degree

    Master of Arts

    Doctorate

    Nederland

    Diploma VWO

    Diploma staatsexamen (2 diploma's)

    Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

    Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

    Kandidaatsexamen

    Associate degree (AD)

    Bachelor (WO)

    HBO bachelor degree

    Baccalaureus of „Ingenieur”

    HBO/WO Master's degree

    Doctoraal examen/Doctoraat

    Österreich

    Matura/Reifeprüfung

    Reife- und Diplomprüfung

    Berufsreifeprüfung

    Kollegdiplom/Akademiediplom

    Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

    Universitätsdiplom

    Fachhochschuldiplom

    Magister/Magistra

    Master

    Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

    Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

    Doktortitel

    Polska

    Świadectwo dojrzałości

    Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

    Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

    Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

    Licencjat/Inżynier

    Magister/Magister inżynier

    Dyplom doktora

    Portugal

    Diploma de Ensino Secundário

    Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

     

    Bacharel Licenciado

    Licenciado

    Mestre

    Doutorado

    România

    Diplomă de bacalaureat

    Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

    Învățământ preuniversitar

    Diplomă de licență

    Diplomă de licență

    Diplomă de inginer

    Diplomă de urbanist

    Diplomă de master

    Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

    Diplomă de doctor

    Slovenija

    Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

    Diploma višje strokovne šole

    Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

    Univerzitetna diploma

    Magisterij

    Specializacija

    Doktorat

    Slovensko

    Vysvedčenie o maturitnej skúške

    Absolventský diplom

    Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

    Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

    Bakalár (Bc.)

    Magister

    Magister/Inžinier

    ArtD.

    Suomi/Finland

    Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus - Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

    Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

    Ammatillinen opistoasteen tutkinto - Yrkesexamen på institutnivå

    Kandidaatin tutkinto - Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto - Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa - studieveckor)

    Maisterin tutkinto - Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto - Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa - studieveckor)

    Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen - antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

    Lisensiaatti/Licentiat

    Sverige

    Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

    Högskoleexamen (80 poäng)

    Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

    Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

    Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

    Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

    Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

    Licentiatexamen

    Doktorsexamen

    Meriter på avancerad nivå:

    Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

    Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

    Meriter på forskarnivå:

    Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

    Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

    United Kingdom

    General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

    BTEC National Diploma

    General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

    Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

    Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

    Diploma of Higher Education (DipHE)

    National Vocational Qualifications (NVQ)

    Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

    (Honours) Bachelor degree

    NB: Master’s degree in Scotland

    Honours Bachelor degree

    Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

    Doctorate

    Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


    Top