This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2012/394A/02
Notice of open competition — EPSO/AST/126/12 — Assistants (AST 3), research sector
Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST/126/12 — Cúntóirí (AST 3), earnáil an taighde
Fógra comórtais oscailte — EPSO/AST/126/12 — Cúntóirí (AST 3), earnáil an taighde
IO C 394A, 20.12.2012, pp. 11–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
20.12.2012 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/11 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST/126/12 — Cúntóirí (AST 3), earnáil an taighde
(2012/C 394 A/02)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal a chur i dtoll a chéile óna n-earcófar cúntóirí (1) sna réimsí seo a leanas:
|
1. |
BITHEOLAÍOCHT, EOLAÍOCHTAÍ BEATHA AGUS SLÁINTE |
|
2. |
CEIMIC |
|
3. |
FISIC AGUS EOLAÍOCHT ÁBHAR |
|
4. |
TAIGHDE NÚICLÉACH |
|
5. |
INNEALTÓIREACHT SHIBHIALTA AGUS MHEICNIÚIL |
|
6. |
INNEALTÓIREACHT LEICTREACH AGUS LEICTREONACH |
Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a chur i dtoll a chéile chun poist fholmha sna hinstitiúidí Eorpacha a líonadh, in Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh go príomha. Beidh formhór na bpost le fáil in Institiúidí éagsúla an JRC:
|
— |
Institiúid na dTrasúránach (ITU), Karlsruhe na Gearmáine |
|
— |
An Institiúid Ábhar Tagartha agus Tomhas (IRMM), Geel na Beilge |
|
— |
An Institiúid um Shláinte agus um Chosaint Tomhaltóirí (IHCP), Ispra na hIodáile |
|
— |
An Institiúid um an gComhshaol agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (IES), Ispra na hIodáile |
|
— |
An Institiúid um Chosaint agus Slándáil an tSaoránaigh (IPSC), Ispra na hIodáile |
|
— |
Foireann bhainistithe shuíomh Ispra (an Iodáil) |
|
— |
An Institiúid um Staidéar ar Ionchais Teicneolaíochta (IPTS), Sevilla na Spáinne |
|
— |
An Institiúid um Fhuinneamh (IE), Petten na hÍsiltíre |
Sa réimse “Taighe núicléach”, beidh líon teoranta post (6) ar fáil sa Choimisiún Eorpach i Lucsamburg, in Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (DG ENER).
Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.
AN CLÁR ÁBHAR
|
I. |
CÚLRA |
|
II. |
DUALGAIS |
|
III. |
INCHÁILITHEACHT |
|
IV. |
CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ |
|
V. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
|
VI. |
PAINÉIL |
|
VII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
|
IARSCRÍBHINNÍ |
I. CÚLRA
|
1 = 10 2 = 10 3 = 10 4 = 16 5 = 16 6 = 16 |
||
|
Ní féidir ach aon cheann amháin de na réimsí sin a roghnú. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne. |
II. DUALGAIS
Tá cur síos sna hIarscríbhinní ar na próifílí atáthar a lorg.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||||
|
|||||||||||
|
2.1. |
Cáilíochtaí Féach pointe 2 sna hIarscríbhinní |
||||||||||
|
2.2. |
Taithí oibre Féach pointe 3 sna hIarscríbhinní |
||||||||||
|
2.3. |
Eolas ar theangacha (2) |
||||||||||
|
Teanga 1 |
An phríomhtheanga Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh. |
||||||||||
|
agus |
|
||||||||||
|
Teanga 2 |
An dara teanga (nach ionann í agus teanga 1) Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis. I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Mór-Dhlísheomra) sa chás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tá de cheangal ar institiúidí an AE a shonrú cad chuige a bhfuil na teangacha is féidir a roghnú mar dhara teanga sa chomórtas seo teoranta do líon srianta teangacha oifigiúla de chuid an AE. Dá bhrí sin, cuirtear iarrthóirí ar an eolas leis seo gur leagadh síos na roghanna don dara teanga i gcomhréir le leas na seirbhíse, rud a éilíonn go mbeidh comhghleacaithe nua-earcaithe ábalta feidhmiú ón gcéad lá agus go mbeidh siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh ina gcuid oibre laethúla. Murach sin, bhainfí d'fheidhmiú éifeachtach na n-institiúidí. Ar bhonn cleachtais sheanbhunaithe de chuid Institiúidí an AE maidir leis na teangacha a úsáidtear i gcumarsáid inmheánach agus ag tabhairt airde freisin ar riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus láimhseáil comhad, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis is mó a úsáidtear i gcónaí. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis is minice, de ghiota mór, a roghnaíonn iarrthóirí i gcomórtais ina bhfuil saor-rogha teangacha acu. Tá seo ag luí le caighdeáin oideachais agus ghairmiúla na linne a thaispeánann gur féidir a mheas go bhfuil iarrthóirí ar phoist san Aontas Eorpach líofa i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus freastal á dhéanamh ar leas na seirbhíse agus ar riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí agus aird a thabhairt freisin ar réimse áirithe an chomórtais seo, tá sé dlisteanach na trialacha seo a eagrú i dtrí theanga lena áirithiú go bhfuil eolas oibre ag gach iarrthóir ar cheann amháin de na trí theanga oifigiúla sin ar a laghad, is cuma cad í a chéad teanga oifigiúil. Lena chois sin, chun cóir chomhionann a áirithiú do na hiarrthóirí go léir, ní mór do gach iarrthóir, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil ceann de na trí theanga sin mar chéad teanga acu, an triail a dhéanamh ina teanga, de na trí theanga sin. Trí inniúlachtaí sonracha a mheasúnú sa dóigh seo, féadfaidh na hinstitiúidí meastóireacht a dhéanamh ar chumas na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá iontach cosúil leis an bhfíorthimpeallacht oibre a bheadh rompu sa phost. Tá sin gan dochar d'oiliúint teanga is féidir a dhéanamh níos déanaí chun eolas oibre a chur ar thríú teanga i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne. |
||||||||||
IV. CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ
1. An nós imeachta
Déanfar scrúdú i dtús báire ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha agus an roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí i bhfianaise na ndearbhuithe san iarratas a chuir tú isteach.
|
(a) |
Próiseálfar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an mbeidh tú ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha uile. |
|
(b) |
Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí ag a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha a shainaithint (go háirithe cáilíochtaí oideachais agus taithí oibre) ó thaobh na ndualgas agus na gcritéar roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, agus is próiseas dhá chéim a bheidh ann:
|
Tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ansin in ord na marcanna foriomlána. Beidh líon na n-iarrthóirí dá dtabharfar cuireadh (3) chuig an ionad measúnaithe cothrom le 3 huaire, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).
2. Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil
Tar éis thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus de réir na dtorthaí a fuarthas sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín scagthóir buanna a dhearbhú. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil sin nach bhfuil na dearbhuithe (4) a rinne iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna foriomlána is fearr in (d), (e), (f) agus (g) san ionad measúnaithe. Ina theannta sin, ní mór do na hiarrthóirí sin an pasmharc a fháil i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.
V. COMÓRTAS OSCAILTE
|
Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (5)
tabharfar cuireadh duit trialacha na trialacha measúnaithe (6) a dhéanamh; is gnách go mbíonn trialacha sin a ar siúl sa Bhruiséil ar feadh lá nó dhó. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Déanfar measúnú ar thrí ní:
Scrúdófar na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos: |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Gníomhaíocht i ngrúpa (f) |
Agallamh struchtúrtha (g) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
x |
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cumarsáid |
|
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cáilíocht agus torthaí |
|
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Foghlaim agus forbairt |
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán |
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Buanseasmhacht |
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Obair bhuíne |
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teanga 1 i gcás thrialacha (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f), agus (g) |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Inniúlachtaí réasúnaíochta
Trialacha díbreora is ea trialacha (a), (b) agus (c); ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile na dtrialacha mheasúnaithe. Inniúlachtaí sonracha triail (d): 0-50 pointe an pasmharc: 25 pointe triail (e): 0-50 pointe an pasmharc: 25 pointe ualú: 65 % den mharc foriomlán. Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (f) agus (g)) 0-10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta ginearálta an pasmharc:
ualú: 35 % den mharc foriomlán. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
VI. PAINÉIL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal:
|
||||||
|
Tiomsófar na liostaí de réir réimse agus in ord aibítre. |
VII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe. Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): 22 Eanáir 2013 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile. |
||
|
Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig na trialacha measúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a bhreith leat (10) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chuig na trialacha measúnaithe. Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte. |
(1) Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.
(2) Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) — an leibhéal a iarrtar: teanga 1 = C1, teanga 2 = B2
(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).
(3) Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chuig an ionad measúnaithe, féadfaidh siad torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist a fháil.
(4) Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula gcuirfear an painéal i dtoll a chéile (féach Roinn VI.1 agus Roinn VII.2).
(5) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chuig na trialacha measúnaithe.
(6) Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh na trialacha réasúnaíochta agus an triail scríofa (e) bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit agus/nó sa Bhruiséil, is cuma cá háit a mbeidh trialacha eile an ionaid mheasúnaithe ar siúl.
(7) Déanfaidh an bord roghnúcháin a mbeidh sna nithe seo a bhailíochtú.
(8) Tá sonraí na n-inniúlachtaí sin ar fáil i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.
(9) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.
(10) Déanfar dáta do choinne le haghaidh dtrialacha measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.
IARSCRÍBHINN 1
RÉIMSE 1: BITHEOLAÍOCHT, EOLAÍOCHTAÍ SAOIL AGUS SLÁINTE
1. Dualgais
Teicneoirí saotharlainne
Beidh ar na hoifigigh a earcófar obair shaotharlainne a dhéanamh agus cúnamh teicniúil a thabhairt i réimsí an taighde ar an mbitheolaíocht, ar an mbeatha agus ar an eolaíocht sláinte.
Tá teicneoirí saotharlainne eolaíche freagrach as cúraimí a bhaineann leis an tsaotharlann, lena n-áirítear sampláil, tástáil, tomhas agus torthaí a thaifeadadh agus a anailísiú i réimsí na bitheolaíochta agus na n-eolaíochtaí saoil agus sláinte. Ina theannta sin tugann siad an tacaíocht theicniúil uile is gá chun go bhfeidhmeoidh an tsaotharlann go héifeachtach, ag cloí dóibh le nósanna imeachta agus treoracha sláinte agus sábháilteachta ábhartha.
2. Cáilíochtaí
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann leis an réimse i gceist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad agus dhá bhliain di ag baint leis an réimse i gceist.
NB: Is cuid dílis den cháilíocht an t-íosmhéid trí bliana de thaithí oibre agus ní fhéadfar iad a áireamh ina gcuid den taithí oibre a éilítear i bpointe 3 thíos.
3. Taithí oibre
Taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse na bitheolaíochta agus eolaíochtaí beatha agus sláinte.
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
4. Critéir roghnúcháin
Sa roghnúchán ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
taithí oibre ar bheith ag obair i saotharlann eolaíochta; |
|
2. |
taithí oibre ar bheith ag obair le substaintí ceimiceacha i lámhainnbhoscaí; |
|
3. |
taithí oibre ar theicnící tomhais eolaíochtaí saoil áirithe (e.g. cítiméadracht sreibhe, speictriméadracht, modhanna crómatagrafacha, modheolaíochtaí atá bunaithe ar Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR) etc.); |
|
4. |
taithí oibre ar chórais cháilíochta a bhaineann le heolaíochtaí saoil, amhail ISO 17025, Dea-Chleachtais Saotharlainne; |
|
5. |
taithí oibre ar an micreascópacht leictreonach agus optúil; |
|
6. |
taithí oibre ar bheith ag plé le saothrán ceall mamach agus ar a bheith ag obair i dtimpeallacht steiriúil; |
|
7. |
taithí oibre ar thuarascálacha teicniúla ar thorthaí turgnamh a dhréachtú; |
|
8. |
taithí oibre ar dhoiciméid theicniúla a dhréachtú a bhaineann le hionstraimíocht theicniúil i saotharlann eolaíochta saoil a chothabháil; |
|
9. |
taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla a dhréachtú maidir le hábhar saotharlainne a cheannach agus ar chineálacha éagsúla de threalamh tástála a chur i gcomparáid chun an trealamh is oiriúnaí do riachtanais na saotharlainne a roghnú; |
|
10. |
taithí oibre ar ghníomhaíochtaí a dhéanann conraitheoirí a sheiceáil chun a fhíorú an bhfuil siad ag comhlíonadh orduithe/sonraíochtaí ceannaigh; |
|
11. |
taithí oibre ar sheiceáil a dhéanamh an bhfuil leagan amach na saotharlainne ag comhlíonadh na rialacha sábháilteachta agus slándála is infheidhme; |
|
12. |
taithí oibre a bhaineann le haon réimsí eile de chuid an chomórtais. |
IARSCRÍBHINN 2
RÉIMSE 2: CEIMIC
1. Dualgais
Teicneoirí saotharlainne
Beidh ar na hoifigigh a earcófar obair shaotharlainne a dhéanamh agus cúnamh teicniúil a thabhairt i réimse an taighde ar an gceimic.
Tá teicneoirí saotharlainne eolaíche freagrach as cúraimí atá bunaithe ar an tsaotharlann, lena n-áirítear sampláil, tástáil, tomhas agus torthaí a thaifeadadh agus a anailísiú i réimse na ceimice. Tugann siad freisin an tacaíocht theicniúil uile is gá chun go bhfeidhmeoidh an tsaotharlann go héifeachtach agus na nósanna imeachta cearta agus na treoracha sláinte agus sábháilteachta cearta á gcur i bhfeidhm inti.
2. Cáilíochtaí agus céimeanna
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann leis an réimse i gceist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad ar bhain dhá bhliain di leis an réimse i gceist.
NB: Is cuid dílis den cháilíocht an t-íosmhéid trí bliana de thaithí oibre agus ní fhéadfar iad a áireamh ina gcuid den taithí oibre a éilítear i bpointe 3 thíos.
3. Taithí oibre
Taithí oibre trí bliana ar a laghad sa réimse na ceimice.
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
4. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
taithí oibre ar theicnící ginearálta saotharlainne ceimicí; |
|
2. |
taithí oibre ar theicnící saotharlainne radaicheimicí: láimhseáil tuaslagán radaighníomhach i lámhainnbhoscaí agus le láimhsitheoirí i dteo-chealla; |
|
3. |
taithí oibre ar mhais-speictriméadracht; teicnící comhcheangailte léasair eisídiúcháin-MS (ICP-MS & ICP-OES); |
|
4. |
taithí oibre ar dheighilt chrómatagrafaíoch agus ar theicnící anailíseacha (GC, HPLC le braiteoirí éagsúla, GC-MS, HPLC-MS, etc.); |
|
5. |
taithí oibre ar anailís cheimiceach fhliuch agus teicnící deighilte agus teicnící deighilte tuaslagóirí, e.g. eastóscadh pas sholadaigh, leacht-leacht, driogadh, eastóscadh luathaithe tuaslagóirí, micreathonn, etc.; |
|
6. |
taithí oibre ar an micreascópacht leictreonach agus optúil agus teicnící anailíseacha leictreon-optúil dromchla (e.g. Auger, TIMS, Raman, FT-IR, fluaraiseacht, UV); |
|
7. |
taithí oibre ar mhodhanna anailíseacha agus comparáidí idirshaotharlainne a bhailíochtú; |
|
8. |
taithí oibre
|
|
9. |
taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla maidir le ceannach ábhair shaotharlainne a dhréachtú agus ar chineálacha éagsúla trealaimh a chur i gcomparáid le chéile chun na cinn is oiriúnaí do riachtanais na saotharlainne a roghnú; |
|
10. |
taithí oibre ar ghníomhaíochtaí a rinne conraitheoirí a mheas agus ar thrialacha inghlacthachta a dhéanamh chun a sheiceáil an gcomhlíonann siad orduithe/sonraíochtaí ceannaigh; |
|
11. |
taithí oibre ar a sheiceáil an gcomhlíonann leagan amach na saotharlainne na rialacha sábháilteachta agus slándála is infheidhme; |
|
12. |
taithí oibre a bhaineann le haon cheann de na réimsí iomaíochta eile. |
IARSCRÍBHINN 3
RÉIMSE 3: FISIC AGUS EOLAÍOCHTAÍ ÁBHAR
1. Dualgais
Teicneoirí saotharlainne
Beidh ar na hoifigigh a earcófar obair shaotharlainne a dhéanamh agus cúnamh teicniúil a thabhairt i réimse an taighde ar an bhfisic agus ar na heolaíochtaí ábhair.
Tá teicneoirí saotharlainne eolaíche freagrach as cúraimí atá bunaithe ar an tsaotharlann, lena n-áirítear sampláil, tástáil, tomhas agus torthaí a thaifeadadh agus a anailísiú i réimsí na fisice agus heolaíochta ábhar. Tugann siad freisin an tacaíocht theicniúil uile is gá chun go bhfeidhmeoidh an tsaotharlann go héifeachtach agus na nósanna imeachta cearta agus na treoracha sláinte agus sábháilteachta cearta á gcur i bhfeidhm inti.
2. Cáilíochtaí
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann leis an réimse i gceist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad agus dhá bhliain di ag baint leis an réimse i gceist.
NB: Is cuid dílis den cháilíocht an t-íosmhéid trí bliana ar a laghad de thaithí oibre agus ní fhéadfar iad a áireamh ina gcuid den taithí oibre a éilítear i bpointe 3 thíos.
3. Taithí oibre
Taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse na fisice agus na n-eolaíochtaí ábhair.
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
4. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
taithí oibre ar theicnící saotharlainne fisice ginearálta; |
|
2. |
taithí oibre ar theicnící tástála neamhscriosach (e.g. méadreolaíocht, amharciniúchadh, teicnící ultrafhuaime, próifílmhéadracht); |
|
3. |
taithí oibre ar an mais-speictriméadracht, ar an teicneolaíocht folúis, ar theicnící agus ar thomhais léasair; |
|
4. |
taithí oibre ar ábhair ardteochta agus ar theicneolaíocht fhoirnéise ardteochta, ar thomhais ardteochta, ar phiriméadracht); |
|
5. |
taithí oibre ar thástáil mheicníoch ábhar: cruas, tástáil teanntachta nó lúbthachta, scrúduithe bristeacha dromchla; |
|
6. |
taithí oibre ar an micreascópacht optúil agus ar an micreascópacht leictreon-optúil, ar theicnící anailíse leictreon-optúla agus ar theicnící dromchla-anailíseacha; |
|
7. |
taithí oibre ar thuarascálacha ar thorthaí turgnaimh a dhréachtú; |
|
8. |
taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla maidir le ceannach ábhair shaotharlainne a dhréachtú agus ar phíosaí trealaimh éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun na cinn is oiriúnaí do riachtanais na saotharlainne a roghnú; |
|
9. |
taithí oibre ar ghníomhaíochtaí a rinne conraitheoirí a mheas agus chun a sheiceáil an gcomhlíonann siad orduithe/sonraíochtaí ceannaigh; |
|
10. |
taithí oibre ar thrialacha inghlacthachta a dhéanamh ar threalamh a ceannaíodh; |
|
11. |
taithí oibre ar a sheiceáil an gcomhlíonann leagan amach na saotharlainne na rialacha sábháilteachta agus slándála is infheidhme; |
|
12. |
taithí oibre a bhaineann le haon cheann de na réimsí iomaíochta eile. |
IARSCRÍBHINN 4
RÉIMSE 4: TAIGHDE NÚICLÉACH
1. Dualgais
Teicneoirí saotharlainne
Beidh ar na hoifigigh a earcófar obair shaotharlainne a dhéanamh agus cúnamh teicniúil a thabhairt i réimse an taighde núicléach.
Tá teicneoirí saotharlainne eolaíche freagrach as cúraimí atá bunaithe ar an tsaotharlann, lena n-áirítear sampláil, tástáil, tomhas agus torthaí a thaifeadadh agus a anailísiú i réimse an taighde núicléach. Tugann siad freisin an tacaíocht theicniúil uile is gá chun go bhfeidhmeoidh an tsaotharlann go héifeachtach agus na nósanna imeachta cearta agus na treoracha sláinte agus sábháilteachta cearta á gcur i bhfeidhm inti.
2. Cáilíochtaí
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann leis an réimse i gceist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad agus dhá bhliain di ag baint leis an réimse i gceist.
NB: Is cuid dílis den cháilíocht an t-iosmhéid trí bliana ar a laghad de thaithí oibre agus ní fhéadfar iad a áireamh ina gcuid den taithí oibre a éilítear i bpointe 3 thíos.
3. Taithí oibre
Taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse an taighde núicléach.
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
4. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
taithí oibre ar bheith ag obair i saotharlann núicléach agus ar mhodhanna oibre radachosanta; |
|
2. |
taithí oibre ar bheith ag obair le hábhair radaighníomhacha i lámhainnbhoscaí agus i dteo-chealla le láimhsitheoirí; |
|
3. |
taithí oibre ar theicnící tástála neamhscriosacha, i.e. méadreolaíocht, amharciniúchadh, teicnící ultrafhuaime, próifílmhéadracht; |
|
4. |
taithí oibre ar speictreascópacht mhaise, gháma-ghathach, bhéite-ghathach agus alfa-ghathach, ar theicnící tomagrafaíochta/scanacháin, ar theicneolaíocht folúis, ar theicneolaíocht foirnéise; |
|
5. |
taithí oibre ar chórais choimeádta agus faireachais; |
|
6. |
taithí oibre ar thástáil mheicníoch ábhar: cruas, tástáil theanntachta nó lúbthachta, scrúduithe bristeacha dromchla; |
|
7. |
taithí oibre ar mhicreascópacht optúil agus ar mhicreascópacht leictreon-optúil, ar theicnící leictreon-optúla i.e. EDS, EMPA, SIMS; |
|
8. |
taithí oibre ar thuarascálacha ar thorthaí turgnamh a dhréachtú; |
|
9. |
taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla maidir le ceannach ábhair shaotharlainne a dhréachtú agus ar phíosaí trealaimh éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun na cinn is oiriúnaí do riachtanais na saotharlainne a roghnú; |
|
10. |
taithí oibre ar ghníomhaíochtaí a rinne conraitheoirí a mheas agus chun a sheiceáil an gcomhlíonann siad orduithe/sonraíochtaí ceannaigh; |
|
11. |
taithí oibre ar a sheiceáil an gcomhlíonann leagan amach na saotharlainne na rialacha sábháilteachta agus slándála is infheidhme; |
|
12. |
taithí oibre a bhaineann le haon cheann de na réimsí iomaíochta eile. |
IARSCRÍBHINN 5
RÉIMSE 5: INNEALTÓIREACHT SHIBHIALTA AGUS MHEICNIÚIL
1. Dualgais
Teicneoirí
Beidh ar na hoifigigh a earcófar cúnamh teicniúil a thabhairt i réimse na hinnealtóireachta sibhialta agus meicníche.
Tugann teicneoirí i réimse na hinnealtóireachta sibhialta agus meicniúla tacaíocht trí chúnamh a thabhairt d'innealtóirí agus iad ag déanamh taighde ar phrionsabail eolaíocha, mhatamaiticiúla, mheicniúla agus innealtóireachta agus ag cur na bprionsabal sin i bhfeidhm go praiticiúil ar dhearadh foirgneamh agus trealaimh mheicniúil. Tugann siad freisin an tacaíocht theicniúil uile is gá, ag cloí dóibh le modhanna oibre agus le treoracha sláinte agus sábháilteachta ábhartha.
2. Cáilíochtaí
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann leis an réimse i gceist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad agus dhá bhliain di ag baint leis an réimse i gceist.
NB: Is cuid dílis den cháilíocht an t-iosmhéid trí bliana de thaithí oibre agus ní fhéadfar iad a áireamh ina gcuid den taithí oibre a éilítear i bpointe 3 thíos.
3. Taithí oibre
Taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse na hinnealtóireachta sibhialta agus meicníche.
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
4. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
taithí oibre ar chomhpháirteanna meicniúla a mhonarú; |
|
2. |
taithí oibre ar chomhpháirteanna meicniúla a dhearadh (le réitigh CAD-CAM nó gan iad); |
|
3. |
taithí oibre ar theicneolaíochtaí cóimeála agus táthúcháin; |
|
4. |
taithí oibre ar bheith ag obair i dtimpeallacht núicléach; |
|
5. |
taithí oibre ar mheaisín-uirlisí a úsáid nó ar an úsáid sin a mhaoirsiú; |
|
6. |
taithí oibre ar dhearadh agus ar shonraíochtaí bonneagar teicniúil; |
|
7. |
taithí oibre ar dhearadh agus ar shonraíochtaí córas bonneagair hiodrálaigh nó aerála; |
|
8. |
taithí oibre ar shuiteálacha meicniúla i ngléasraí tionsclaíocha a chothabháil; |
|
9. |
taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla maidir le ceannach ábhair shaotharlainne a dhréachtú agus ar phíosaí trealaimh éagsúla a chur i gcomparáid le chéile chun na cinn is oiriúnaí do riachtanais na saotharlainne a roghnú; |
|
10. |
taithí oibre ar ghníomhaíochtaí a rinne conraitheoirí a mheas agus ar thrialacha inghlacthachta a dhéanamh chun a sheiceáil an gcomhlíonann siad orduithe/sonraíochtaí ceannaigh; |
|
11. |
taithí oibre ar a sheiceáil an gcomhlíonann leagan amach na saotharlainne na rialacha sábháilteachta agus slándála is infheidhme; |
|
12. |
taithí oibre a bhaineann le haon cheann de na réimsí iomaíochta eile. |
IARSCRÍBHINN 6
RÉIMSE 6: INNEALTÓIREACHT LEICTREACH AGUS LEICTREONACH
1. Dualgais
Teicneoirí
Beidh ar na hoifigigh a earcófar cúnamh teicniúil a thabhairt i réimse na hinnealtóireachta leictrí agus na leictreonaice.
Tugann teicneoirí i réimse na hinnealtóireachta leictrí agus na leictreonaice tacaíocht trí chúnamh a thabhairt d'innealtóirí agus iad ag déanamh taighde ar phrionsabail eolaíocha, mhatamaiticiúla, mheicniúla agus innealtóireachta agus ag cur na bprionsabal sin i bhfeidhm go praiticiúil ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar shuiteáil trealaimh leictrigh agus leictreonaigh. Tugann siad freisin an tacaíocht theicniúil uile is gá, ag cloí dóibh le modhanna oibre cearta agus leis na treoracha sábháilteachta.
2. Cáilíochtaí
Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh a bhaineann leis an réimse i gceist.
NÓ
Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad agus dhá bhliain di ag baint leis an réimse i gceist.
NB: Is cuid dílis den cháilíocht an t-íosmhéid trí bliana ar a laghad de thaithí oibre agus ní fhéadfar iad a áireamh ina gcuid den taithí oibre a éilítear i bpointe 3 thíos.
3. Taithí oibre
Taithí oibre trí bliana ar a laghad i réimse na hinnealtóireachta leictrí agus na leictreonaice.
Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na cáilíochta a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.
4. Critéir roghnúcháin
Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
taithí oibre ar theicnící saotharlainne leictritheicniúla/leictreonacha; |
|
2. |
taithí oibre ar thomhais leictreacha/leictreonacha a dhéanamh de réir sonraíochtaí a fuarthas, i.e. córais faighte sonraí, ionstraimíocht shonrach, cianrialú, bainistiú bunachar sonraí, scileanna ríomhaireachta; |
|
3. |
taithí oibre ar chiorcaid leictreacha/leictreonacha a shainiú agus a chur chun feidhme chun riar ar riachtanais shonracha, i.e tomhais shonracha nó feidhmeanna loighce, ciorcaid ardvoltais nó ísealvóltais, cláir chiorcad priontáilte, suiteáil comhpháirteanna, seiceáil/dífhabhtú ciorcad, ciorcaid inchláraithe FPGA CPLD, micreaphróiseálaithe; |
|
4. |
taithí oibre ar phlean leictreach/leictreonach a bhunú, lena n-áirítear rialtán inchláraithe loighce (PLC) agus/nó rialaitheoir seirbhimheicníochta i.e. bunchoincheap rialaithe agus rialaithe seirbhimheicníochta, suiteáil crua-earraí, cur chun feidhme/seiceáil bogearraí, teangacha bogearraí; |
|
5. |
taithí oibre ar ghléasraí leictreacha/leictreonacha a chothabháil, i.e. eagrúchán agus plean cothabhála, seiceáil cothabhála, bainistiú páirteanna spártha; |
|
6. |
taithí oibre ar chalabrú trealaimh a dhéanamh i gcomhréir le modh oibre agus plean cothabhála réamhshainithe, i.e. teicnící calabraithe, nósanna imeachta agus pleanáil deimhniúcháin, caighdeáin ISO agus IEC; |