This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C/2026/03906
Call for expression of interest in the appointment of members of the Supervisory Committee of OLAF – COM/2026/20123
Glao ar léiriú spéise i gceapadh chomhaltaí Choiste Maoirseachta OLAF — COM/2026/20123
Glao ar léiriú spéise i gceapadh chomhaltaí Choiste Maoirseachta OLAF — COM/2026/20123
PUB/2026/794
IO C, C/2026/3906, 28.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3906/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3906 |
28.7.2026 |
Glao ar léiriú spéise i gceapadh chomhaltaí Choiste Maoirseachta OLAF
COM/2026/20123
(C/2026/3906)
Is é is cuspóir don ghlao seo ar léiriú spéise gur féidir comhaltaí Choiste Maoirseachta (1) na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a cheapadh.
1. Coiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise
Coiste Maoirseachta na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), is comhlacht é a bunaíodh le hAirteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun faireachán tráthrialta a dhéanamh ar chur chun feidhme a feidhme imscrúdaitheach ag an Oifig, chun go ndéanfar neamhspleáchas na hOifige a dhaingniú agus na hinniúlachtaí arna dtabhairt di leis an Rialachán sin á bhfeidhmiú aici. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta faireachán ar fhorbairtí i dtaca le ráthaíochtaí nós imeachta a chur i bhfeidhm agus le fad imscrúduithe, agus orthu siúd go háirithe.
Cuireann Coiste Maoirseachta OLAF (dá ngairtear ‘Coiste Maoirseachta’ anseo feasta) tuairimí in iúl d’Ard-Stiúrthóir OLAF, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir leis, inter alia, na hacmhainní a mbeidh gá leo chun feidhm imscrúdaitheach OLAF a chomhlíonadh, maidir le tosaíochtaí imscrúdaitheacha OLAF agus maidir le fad na n-imscrúduithe atá ar siúl.
Féadfaidh an Coiste na tuairimí sin a chur in iúl ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin don Ard-Stiúrthóir nó arna iarraidh sin d’institiúid, d’údarás, d’eagraíocht, do chomhlacht, d’oifig, do ghníomhaireacht nó do dhuine, gan cur isteach, áfach, ar sheoladh na n-imscrúduithe atá ar siúl.
Cuireann an Coimisiún rúnaíocht ar fáil don Choiste Maoirseachta. Agus a ndualgais á bhfeidhmiú ag comhaltaí an Choiste Maoirseachta, ní iarrfaidh siad treoracha ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon rialtas, institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht.
Is é atá ar an gCoiste Maoirseachta cúigear comhaltaí neamhspleácha a bhfuil taithí acu ar fheidhmeanna breithiúnacha nó imscrúdaitheacha sinsearacha nó ar fheidhmeanna inchomparáide a bhaineann le réimsí gníomhaíochta OLAF. Is iad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a cheapann na comhaltaí de thoil a chéile.
Áirítear freisin leis an gcinneadh lena gceaptar comhaltaí an Choiste Maoirseachta painéal ionadaithe de chomhaltaí a d’fhéadfaí a chur in ionad chomhaltaí an Choiste Mhaoirseachta go ceann a bhfuil fágtha dá dtéarma oifige i gcás ina rachaidh duine amháin nó níos mó de na comhaltaí sin ar scor, i gcás ina bhfaighidh siad bás nó i gcás nach mbeidh ar a gcumas a ndualgas a chomhlíonadh feasta.
Beidh tréimhse oifige 5 bliana ag comhaltaí an Choiste Maoirseachta agus ní dhéanfar an tréimhse sin a athnuachan. Ag deireadh na tréimhse oifige, fanfaidh siad in oifig go dtí go gceapfar daoine eile ina n-ionad. Athraítear triúr comhaltaí agus beirt chomhaltaí gach re seal chun saineolas an Choiste Maoirseachta a chaomhnú.
Meastar go mbeidh ar chomhaltaí an Choiste Maoirseachta tuairim agus 3 lá in aghaidh na míosa a thiomnú do chruinnithe agus ullmhúchán. I gcomhréir le rialacha infheidhme an Choimisiúin (3), gheobhaidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta liúntas laethúil dar luach 1/22 (4) de bhuntuarastal oifigigh sa chéad chéim de ghrád AD 14 (5) in aghaidh gach lae oibre a dhéanfaidh siad agus aisíocfar na costais a thabhóidh siad agus iad i mbun a ndualgas.
2. Critéir incháilitheachta
|
— |
A bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach, agus a bheith i dteideal a gceart iomlán mar shaoránach; |
|
— |
Gan feidhm pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta ná ar an leibhéal Eorpach a bheith acu ag dul i mbun a bhfeidhme dóibh; |
|
— |
Gan bheith ina mbaill foirne in institiúid, i gcomhlacht, i ngníomhaireacht nó in oifig de chuid an Aontais Eorpaigh ag dul i mbun a bhfeidhme dóibh; |
|
— |
Gan bheith ina gcomhaltaí de sheirbhís náisiúnta comhordúcháin frith-chalaoise, de réir bhrí Airteagal 12a de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ag dul i mbun a bhfeidhme dóibh; |
|
— |
A bheith in ann gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus gan aon leas acu a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas ag dul i mbun a ndualgas dóibh. |
|
— |
Eolas cuimsitheach a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais a theastaíonn chun a ndualgais a dhéanamh (ní mór d’iarrthóirí leibhéal an eolais atá acu ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais a chur in iúl freisin). |
3. Critéir roghnúcháin
3.1. Critéir ghairmiúla
Taithí ghairmiúil shinsearach ábhartha 10 mbliana ar a laghad, go háirithe:
|
— |
taithí ghairmiúil, lena n-áirítear taithí shuntasach ghaolmhar i réimse na bainistíochta, más féidir, mar ionchúisitheoir poiblí nó breitheamh nó dlíodóir nó iniúchóir nó imscrúdaitheoir, agus saineolas acu sa cháil sin ar an gcalaois, ar an éilliú nó ar choinbhleachtaí leasa (lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh), agus/nó |
|
— |
saineolas praiticiúil nó acadúil ar an dlí coiriúil agus/nó ar an dlí riaracháin maidir le leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint, le buiséad an Aontais Eorpaigh agus le bainistiú chistí an Aontais Eorpaigh; agus/nó |
|
— |
saineolas praiticiúil nó acadúil maidir le cearta bunúsacha a chosaint in imscrúduithe riaracháin; agus/nó |
|
— |
tuiscint an-mhaith ar obair OLAF agus eolas ginearálta an-mhaith ar bheartais, creat dlíthiúil agus modhanna oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh. |
3.2. Critéir phearsanta
|
— |
Scileanna láidre idirphearsanta, cumarsáide agus anailíse; |
|
— |
A bheith in ann a gcuid cúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil (thart ar 3 lá in aghaidh na míosa a thiomnaítear do chruinnithe agus d’ullmhúchán). |
4. Léirithe spéise a chur isteach
Ní mór do dhaoine a bhfuil spéis acu sa phost a spéis a léiriú tríd an bhfeidhmchlár EU CV Online (6) .
Sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais incháilitheachta atá liostaithe faoi phointe 2 thuas. Má bhíonn aon cheann de na riachtanais incháilitheachta gan comhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.
Chun d’iarratas a chlárú in EU CV online, ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat agus na treoracha maidir leis na céimeanna éagsúla den phróiseas a leanúint. Bainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist chun do chlárúchán a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.
Chun iarratas a chríochnú, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (7) más féidir, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Iarrtar ar iarrthóirí na teangacha uile de chuid an Aontais atá acu a shonrú mar aon leis an leibhéal eolais comhfhreagrach de réir an Chreata Chomhchoitinn Thagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha (8).
Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas.
Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.
Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu.
Ar chúiseanna eagrúcháin agus d’fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis na hinstitiúidí araon, is i mBéarla a dhéanfar gach agallamh a measann an painéal roghnúcháin a bhfuil gá leis (9).
Dáta deiridh
Is é an 30 Meán Fómhair 2026 , 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.
Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeidh sé críochnaithe agat, rud a d’fhágfadh go mbeidh ort an próiseas iomlán a dhéanamh athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.
5. An próiseas roghnúcháin
Cuirfidh an Coimisiún Eorpach Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi gach léiriú spéise a fhaightear.
Beidh comhchoiste roghnúcháin comhdhéanta den líon céanna comhaltaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Déanfaidh sé measúnú ar na léirithe spéise a fuarthas ar bhonn na gcritéar roghnúcháin agus molfaidh sé liosta coiteann de chúigear iarrthóirí in ord aibítre a bheidh le deimhniú mar chomhaltaí den Choiste Maoirseachta agus seachtar iarrthóirí ar a laghad in ord tosaíochta don phainéal ionadaithe.
Mar riail ghinearálta, ceapfar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar chomhaltaí de Choiste Maoirseachta OLAF nó cuirfear ar phainéal ionadaithe iad. Déanfaidh an Coimisiún teagmháil leis na hiarrthóirí a n-éireoidh leo nuair a bheidh an próiseas roghnúcháin thart, ach sula nglacfar an cinneadh maidir leis na ceapacháin, i ndáil leis an bhféidearthacht a bheith ceaptha ina gcomhaltaí den Choiste Maoirseachta nó a bheith ainmnithe ar an bpainéal ionadaithe.
Ina dhiaidh sin, ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún de chomhthoil cúigear comhaltaí an Choiste Maoirseachta, agus painéal ionadaithe ar a mbeidh seacht n-ainm ar a laghad.
Chun an athnuachan agaithe dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a chur i bhfeidhm, cuirfear tús le tréimhse oifige beirt chomhaltaí an 28 Márta 2027 nó ar dháta níos déanaí a shocrófar sa chinneadh ceapacháin. Tosóidh tréimhse oifige an triúr comhaltaí eile an 23 Meán Fómhair 2027 nó ar dháta níos déanaí a shocrófar sa chinneadh ceapacháin.
6. Comhdheiseanna
Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh beartais comhdheiseanna i bhfeidhm lena spreagtar iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.
7. Incháilitheacht, neamhspleáchas agus dearbhú leasanna ar dhul i mbun dualgas
Sula rachaidh comhaltaí an Choiste Maoirseachta i mbun a ndualgas, ceanglaítear orthu a dhearbhú go gcomhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta uile a liostaítear i bpointe 2 thuas, agus go háirithe a dhearbhú go ngníomhóidh siad go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá acu a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.
Sula n-earcófar duine ón bpainéal ionadaithe, déanfar na coinníollacha incháilitheachta a shonraítear i Roinn 2 thuas a fhíorú arís an tráth sin. Mura gcomhlíonann iarrthóir na coinníollacha sin a thuilleadh, nó má tá leas aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas nach féidir a mhaolú, déanfar é a eisiamh ón bpainéal ionadaithe.
8. Cosaint sonraí pearsanta
Cinnteoidh institiúidí an Aontais Eorpaigh agus comhlachtaí eile go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.
(1) https://supervisory-committee-olaf.europa.eu/supervisory-committee-olaf_en.
(2) Arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 (OJ L 437, 28.12.2020, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2223/oj).
(3) Cinneadh C(2006)6595 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2006 maidir le haisíoc na gcostas arna dtabhú ag comhaltaí an Choiste Maoirseachta agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu arna leasú le Cinneadh PV(2021)2387 ón gColáiste.
(4) 22 lá oibre in aghaidh na míosa, is é sin an meán.
(5) Tá an scála tuarastail le fáil ag: Nuashonrú bliantúil 2025 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo
(6) https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/
(7) Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/ga/create-europass-cv
(8) https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/table-1-cefr-3.3-common-reference-levels-global-scale
(9) Ní dhéanfar meastóireacht ar scileanna teanga le linn an agallaimh.
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: https://eurlex.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3906/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)