Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026TN0330

Cás T-330/26: Caingean arna tabhairt an 29 Bealtaine 2026 – TH v an Coimisiún

IO C, C/2026/3531, 13.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3531/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3531/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3531

13.7.2026

Caingean arna tabhairt an 29 Bealtaine 2026 – TH v an Coimisiún

(Cás T-330/26)

(C/2026/3531)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TH (ionadaithe: M. Bowsher agus R. Mehta, Barristers-at-Law, R. Nieuwmeyer agus L. Goddeau, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha;

cinneadh Ares(2026)3019837 ón gCoimisiún Eorpach an 20 Márta 2026 a bhaineann leis na himeachtaí maidir lena eisiamh ó nósanna imeachta soláthair agus dámhachtana deontas arna rialú ag Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024  (1) (an ‘Rialachán Airgeadais’) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Coimisiún Airteagal 138(1)(c) den Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm i gceart tríd an gcoincheap ‘mí-iompar gairmiúil tromchúiseach’ a mhíthuiscint nuair a chinn sé gur mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a bhí i gcinntí rialála a rinneadh i gcoinne an iarratasóra, gan aon ghá le ‘[h]intinn éagórach’ nó ‘mórfhaillí’ a léiriú. Éilíonn an t-iarratasóir freisin, agus é sin á dhéanamh aige gur chomhcheangail an Coimisiún Airteagal 138(1)(c)(i) agus réamhrá Airteagal 138(1)(c).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnaithe, ós rud é nár léirigh sé go soiléir agus go haonchiallach go raibh iompar an iarratasóra déanta le hintinn éagórach nó mórfhaillí, sa mhéid is go raibh an t-iarratasóir i mbun mí-iompar gairmiúil tromchúiseach. Níl na fíorais comhsheasmhach le cinneadh den sórt sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nár scrúdaigh an Coimisiún na fíorais leis an gcúram agus agus leis an neamhchlaonta is gá, mar a cheanglaítear air de bhun a dhualgas díchill chuí, atá ina dhlúthchuid den cheart chun dea-riaracháin, mar a chumhdaítear in Airteagal 41(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go raibh an tréimshe eisiaimh a forchuireadh ar an iarratasóir díréireach ós rud é go raibh iompar éagórach an iarratasóra teoranta do dhá mhionchinneadh riaracháin a fhágáil ar lár agus mar mhalairt air sin, go bhfuil na fíorais comhsheasmhach le faillí, níl le hintinn. Éilíonn an t-iarratasóir freisin, gur mhainnigh an Coimisiún measúnú aonaira dhéanamh freisin trí thúsphointe agus intinn faoi dhó a shocrú.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh maidir le cinntí an Choimisiúin a fhoilsiú neamhdhleathach, contrártha le ceanglas Airteagal 142(2)(b) den Rialachán Airgeadais nach bhfoilseofar faisnéis faoi chinneadh eisiaimh dándéanfadh sé damáiste díréireach don eintitis ábhartha.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3531/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top