This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62026TN0033
Case T-33/26: Action brought on 19 January 2026 – PO and Others v EIB
Cás T-33/26: Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2026 – PO agus páirtithe eile v BEI
Cás T-33/26: Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2026 – PO agus páirtithe eile v BEI
IO C, C/2026/1239, 9.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1239/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1239 |
9.3.2026 |
Caingean arna tabhairt an 19 Eanáir 2026 – PO agus páirtithe eile v BEI
(Cás T-33/26)
(C/2026/1239)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: PO agus 11 iarratasóir eile (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)
Cosantóir: an Banc Eorpach Infheistíochta
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi; |
|
— |
cinntí an 11 Feabhra, an 15 Aibreán agus an 13 Meitheamh 2025 lena ndiúltaítear do na hiarratasóirí pá téarfa (ar a dtugtar ‘bónas an Uachtaráin’ freisin) a fháil a chur ar neamhní; |
|
— |
cinntí lena ndiúltaítear d’achomhairc riaracháin an 10 Deireadh Fómhair 2025 agus an 11 Nollaig 2025 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an damáiste a fhulaingíodh; |
|
— |
bearta eagrúcháin nós imeachta a ghlacadh; |
|
— |
a ordú do BEI na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na iarratasóirí ceithre shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha fíorasacha agus dlíthiúla maidir le nádúr an bhónais agus an fhiosrúcháin ag an Ionchúisitheoir Poiblí Eorpach. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, an dea-riaracháin agus na rialacha maidir le dlínse. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid dul i gcomhairle le hionadaithe foirne. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1239/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)