Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0149

Cás C-149/26, Althea Italia: Iarraidh ar réamhrialú ó Consiglio di Giustizia amministrativa per la Regione siciliana (an Iodáíl) a taisceadh an 2 Márta 2026 – Althea Italia SpA, ag gníomhú ina ainm féin agus mar ghníomhaire don Raggruppamento Temporaneo di Impresa (R.T.I) atá comhdhéanta de Studio Cartolano s.r.l., Methodos di UD agus NG v Regione Siciliana – Assessorato Regionale dell’Economia agus páirtithe eile

IO C, C/2026/3505, 13.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3505/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3505/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3505

13.7.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Consiglio di Giustizia amministrativa per la Regione siciliana (an Iodáíl) a taisceadh an 2 Márta 2026 – Althea Italia SpA, ag gníomhú ina ainm féin agus mar ghníomhaire don Raggruppamento Temporaneo di Impresa (R.T.I) atá comhdhéanta de Studio Cartolano s.r.l., Methodos di UD agus NG v Regione Siciliana – Assessorato Regionale dell’Economia agus páirtithe eile

(Cás C-149/26, Althea Italia)

(C/2026/3505)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Giustizia amministrativa per la Regione siciliana

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir: Althea Italia SpA, ag gníomhú ina ainm féin agus mar ghníomhaire don Raggruppamento Temporaneo di Impresa (R.T.I) atá comhdhéanta de Studio Cartolano s.r.l., Methodos di UD agus NG

Cosantóirí agus freagróirí: Regione Siciliana – Assessorato Regionale dell’Economia, Regione Siciliana – Presidenza, Regione Siciliana – Ufficio speciale centrale unica di committenza per l’acquisizione di beni e servizi

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear prionsabail na comhréireachta agus na réasúntachta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Threoir 2014/24/AE (1), in aithris 101 den Treoir sin, agus forálacha Airteagal 57(6) de Threoir 2014/24/AE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta a thabhairt isteach nó a léiriú, amhail Airteagal 80(5)(f) de decreto legislativo n. 50/2016 [Foraithne Reachtach Uimh. 50/2016], lena bhforchuirtear ar údaráis chonarthacha, gan aon fhéidearthacht measúnú lánroghnach a dhéanamh, oibreoir eacnamaíoch a eisiamh go huathoibríoch ó nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain mar gheall ar bheart réamhchúraim arna dhéanamh le linn nós imeachta tairisceana lena gcuirtear cosc, ar feadh cúpla lá, ar an gcumas conradh a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí, rud a chuireann isteach ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas ginearálta don tréimhse theoranta sin amháin?

2.

An gcuirtear cosc leis na rialacha agus na prionsabail chéanna sin ar reachtaíocht náisiúnta a thabhairt isteach nó a léiriú, amhail Airteagal 80(5)(f) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50/2016, nach gceadaíonn d’údaráis chonarthacha measúnú a dhéanamh ar aon bhearta féinghlantacha arna nglacadh ag oibreoir eacnamaíoch atá, le linn an nós imeachta tairisceana, faoi réir beart réamhchúraim lena gcuirtear cosc, ar feadh cúpla lá, ar an gcumas conradh a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí?


(1)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94 lch. 65).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3505/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top