Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62026CN0093

Cás C-93/26: Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2026 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

IO C, C/2026/1866, 7.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1866/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1866/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1866

7.4.2026

Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2026 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-93/26)

(C/2026/1866)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. De Meester, D. Milanowska, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a chinneadh, gan stráitéis fhadthéarmach a chur faoi bhráid an Choimisiúin roimh an 1 Eanáir 2020 i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) 2018/1999 (1) agus gan uasdátú ar PNFA arna fhógairt is deireanaí a thaisceadh roimh an 30 Meitheamh 2024 i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Rialachán sin, gur mhainnigh Poblacht na Polainne sna hoibleagáidí a chomhlíonadh atá uirthi de réir na bhforálacha sin;

a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Lena shaincheisteanna dlí, áitíonn an Coimisiún, in ainneoin go raibh Poblacht na Polainne i dteagmháil leis an gCoimisiún leis na blianta anuas faoi chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur ar Phoblacht na Polainne faoi Rialachán (AE) 2018/1999, nár chuir Poblacht na Polainne an méid seo a leanas faoina bhráid go dtí seo:

a)

stráitéis fhadtéarmach, sa chaoi gur mhainnigh sí mar sin sna hoibleagáid a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus

b)

uasdátú ar PNFA arna fhógairt is deireanaí, sa chaoi gur mhainnigh sí mar sin ina hoibleagáid faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328 z 21.12.2018, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1866/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top