This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0417
Case T-417/25: Application brought on 30 June 2025 – Republic of Finland v Commission
Cás T-417/25: Caingean arna taisceadh an 30 Meitheamh 2025 – Poblacht na Fionlainne v an Coimisiún
Cás T-417/25: Caingean arna taisceadh an 30 Meitheamh 2025 – Poblacht na Fionlainne v an Coimisiún
IO C, C/2025/5465, 20.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5465/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5465 |
20.10.2025 |
Caingean arna taisceadh an 30 Meitheamh 2025 – Poblacht na Fionlainne v an Coimisiún
(Cás T-417/25)
(C/2025/5465)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Fionlainne (ionadaithe: H. Leppo agus M. Pere, Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta,
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/864 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2025 lena n-oibrítear asbhaint ó chuóta iascaireachta le haghaidh bradáin Atlantacha arna chionroinnt ar an bhFionlainn in 2025 de dheasca na ró-iascaireachta in 2024 a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don Choimisiún na costais a thabhaigh an Fhionlainn sna himeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaítear na saincheisteanna dlí seo a leanas:
Tríd an gcuóta iascaireachta a cionroinneadh ar an bhFionlainn le Rialachán (AE) 2024/2903 don bhliain 2025 le haghaidh bradáin Atlantacha (salmo salar) a laghdú, sháraigh an Coimisiún Airteagal 105(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), Tábla 8 san Iarscríbhinn le Rialachán (AE) 2023/2638 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt (2) agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla (3)
Laghdaigh an Coimisiún cúota iascaireachta na Fionlainne don bhliain 2025 de shárú ar Airteagal 105 de Rialachán Uimh. 1224/2009, toisc nár sháraigh an Fhionlainn a cuóta iasacaireachta don bhliain 2024. Le hAirteagal 105(1) den Rialachán sin, ní chuirtear ar chumas an Choimisiúin cuóta le haghaidh Ballstáit a laghdú, ach i gcás inar sháraigh an Ballstát an cuóta a cionroinneadh air. Ní cheadaítear an cuóta a laghdú faoin bhforáil sin, i gcás ina bhfuil díospóid idir an Coimisiún agus an Ballstát, i dtaobh an bhfuil oibríochtaí iascaireachta a dhéantar sa Bhallstát á Ndéanamh chun críche imscrúduithe eolaíocha de réir bhrí Thábla 8 san Iarscríbhinn le Rialachán 2023/2638, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán 2019/1241.
I gcás ina measann an Chúirt Ghinearálta gur féidir Airteagal 105 de Rialachán Uimh. 1224/2009 a chur i bhfeidhm freisin, i gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil an maolú i ndáil leis an iascaireacht chun críche imscrúduithe eolaíocha de réir bhrí Rialachán 2023/2638 le cur i bhfeidhm maidir leis an iascaireacht a rinneadh sa Bhallstát sin, contrártha le tuairim an Bhallstáit sin, maíonn an Fhionlainn, mar argóint mhalartach, nár sháraigh sí an maolú sin. Leis an iascaireacht bradáin chun críche imscrúduithe eolaíocha a rinne an Fhionlainn in 2024, comhlíonadh na coinníollacha faoi Airteagal 25 de Rialachán 2019/1241, ionas go bhfuil feidhm ag an maolú i dTábla 8, fonóta 2(2) de Rialachán 2023/2638. Dá bhrí sin, leis an laghdú ar chuóta na Fionlainne le haghaidh na bliana 2025, sáraítear dlí an Aontais.
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343 an 22. Nollaig 2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2023/2638 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile, (IO L, 2023/2638 an 22. Samhain 2023).
(3) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus (AE) Uimh. 1380/2013, (EU) 2016/1139, (EU) 2018/973, (EU) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198 an 25. Iúil 2019, lch. 105).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5465/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)