This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0592
Case C-592/24, Société Générale and Others: Request for a preliminary ruling from the Corte suprema di cassazione (Italy) lodged on 12 September 2024 – Agenzia delle Entrate v Société Générale S.A. and Others
Cás C-592/24, Société Générale agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2024 – Agenzia delle Entrate v Société Générale S.A. agus páirtithe eile
Cás C-592/24, Société Générale agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2024 – Agenzia delle Entrate v Société Générale S.A. agus páirtithe eile
IO C, C/2024/6923, 25.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6923/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6923 |
25.11.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 12 Meán Fómhair 2024 – Agenzia delle Entrate v Société Générale S.A. agus páirtithe eile
(Cás C-592/24, Société Générale agus páirtithe eile)
(C/2024/6923)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Agenzia delle Entrate
Cosantóirí: Société Générale S.A., SG Factoring SpA, SG Leasing SpA, Fraer Leasing SpA, SG Equipment Finance Italy SpA
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An gcuirtear cosc le hAirteagail 49 agus 54 CFAE, mar a léiríonn an [Chúirt Bhreithiúnais] iad in SCA Holding (C-39/13; C-40/13; C-41/13), ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear bac ar chuideachtaí áirithe tairbhe a bhaint as córas in-asbhainteachta speansas úis níos fabhraí ó chomhlacht comhdhlúite náisiúnta, ar an bhforas go bhfuil cónaí ar an máthairchuideachta i mBallstát eile, agus ar an bhforas sin amháin, gan a bheith in ann rochtain a fháil ar an scéim náisiúnta comhdhlúthaithe cánach sin, i gcás ina mbainfeadh na cuideachtaí sin tairbhe as an gcóras in-asbhainteachta níos fabhraí sin dá mbeadh cónaí ar a máthairchuideachta san Iodáil nó dá leithdháilfí scairshealbha na gcuideachtaí sin ar bhuanbhunaíocht na máthairchuideachta neamhchónaitheach? |
|
2) |
An gcuirtear cosc le hAirteagail 49 agus 54 CFAE, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais iad in SCA Holding (C-39/13; C-40/13; C-41/13) ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi ach comhtháthú cánach ingearach idir máthairchuideachta chónaitheach agus a fochuideachtaí cónaitheacha, agus comhtháthú cánach cothrománach idir fochuideachtaí cuideachta neamhchónaithí, ach lena n-eisiatar comhtháthú cánach idir fochuideachtaí agus máthairchuideachtaí neamhchónaitheacha? |
|
3) |
An gcuirtear cosc le hAirteagail 49 agus 54 CFAE, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais iad in SCA Holding (C-39/13; C-40/13; C-41/13) agus i bhfianaise phrionsabail na héifeachtachta agus na coibhéise a leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 14 Bealtaine 2020, B agus páirtithe eile, C-749/18, ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfadh mainneachtain an rogha maidir le cánachas comhdhlúite a fheidhmiú, tráth nach raibh sé ceadaithe, rochtain ar na héifeachtaí (athdhearbhú, trí bhíthin aisíocaíochta) ar chur i bhfeidhm ceart dhlí an Chomhphobail a chosc ina dhiaidh sin, agus dá bhrí sin ar dhífheidhmiú na reachtaíochta náisiúnta atá contrártha leis? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6923/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)