This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0524
Case C-524/24: Action brought on 30 July 2024 – Italian Republic v Republic of Austria
Cás C-524/24: Caingean arna tabhairt an 30 Iúil 2024 – Poblacht na hIodáile v Poblacht na hOstaire
Cás C-524/24: Caingean arna tabhairt an 30 Iúil 2024 – Poblacht na hIodáile v Poblacht na hOstaire
IO C, C/2024/5409, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5409/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/5409 |
16.9.2024 |
Caingean arna tabhairt an 30 Iúil 2024 – Poblacht na hIodáile v Poblacht na hOstaire
(Cás C-524/24)
(C/2024/5409)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na hIodáile (ionadaí: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, agus G. Caselli, S. Fiorentino agus G. Galluzzo, Avvocati dello Stato)
Cosantóir: Poblacht na hOstaire
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
1) |
a dhearbhú,
|
|
2) |
a ordú do Phoblacht na hOstaire na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Is mar chuid ‘d’ais Brenner’ atá mótarbhealaí A 12 agus A 13, stráice de Chonair Chríoch Lochlann – na Meánmhara den ghréasán iompair tras-Eorpach.
Tá an chaingean arna tabhairt ag Poblacht na hIodáile dírithe i gcoinne ceithre bheart arna dtabhairt isteach sa Tioróil san Ostair, a bhfuil sé mar aidhm acu trácht fheithiclí earraí troma a úsáidtear chun earraí a iompar ar mhótarbhealaí A 12 agus A 13 a theorannú: cosc ar thrácht thar-oíche, toirmeasc earnála ar thrácht, cosc ar thrácht le linn an gheimhridh agus srianadh ar thrácht tríd a bheith ‘ag dáileadh’. Le gach ceann de na saincheisteanna dlí, dírítear ar bheart amháin ar leith agus maítear, faoi seach, gur sáraíodh saorghluaiseacht earraí (Airteagail 34 agus 35 CFAE). (4)
Is é is cuspóir don chaingean a léiriú, ina hiomláine, d’ainneoin dhá bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais i gCásanna C-320/03 agus C-28/09 (5), gur choinnigh Poblacht na hOstaire bearta ar bun a bhfuil d’éifeacht acu srian neamhdhleathach a chur ar shaorghluaiseacht earraí, agus gur thug sí isteach bearta eile arb ionann iad, ina dhiaidh sin, agus bearta a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu le srianta cainníochtúla toirmiscthe ar allmhairí agus onnmhairí agus a rannchuidíonn leis an sárú foriomlán ar an tsaoirse bhunúsach lena mbaineann a ghéarú.
(1) Rialachán ó Ghobharnóir na Tiróile an 27 Deireadh Fómhair 2010 lena gcuirtear cosc a thrácht thar-oíche d’fheithiclí earraí troma ar mhótarbhealach A12 (Cosc ar thrácht thar-oíche, LGB1. Uimh. 64/2010, arna leasú le LGB1. Uimh. 141/2021).
(2) Rialachán ó Ghobharnóir na Tiróile an 18 Bealtaine 2016 lena gcuirtear cosc ar iompar fadraoin earraí ar stráice de mhótarbhealach A 12 (Toirmeasc earnála ar thrácht, LGB1 Uimh. 44/2016 arna leasú le LGB1 Uimh. 48/2021).
(3) Rialachán ón Aire Cónaidhme Aeráide, Comhshaoil, Soghluaisteachta, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta lena gcuirtear cosc ar thrácht thrucailí ar mhótarbhealach A 12 agus ar mhótarbhealach Brenner A 13 Sathairn áirithe le linn gheimhreadh 2023 (Sceideal don Chosc ar Thrácht le linn an Gheimhridh 2023, BGBl. II, Uimh. 3, 2023).
(4) Tá an ceathrú saincheist dlí bunaithe ar Airteagal 34 CFAE amháin.
(5) Breithiúnais an 15 Samhain 2005, an Coimisiún v an Ostair, C-320/03, EU:C:2005:684, agus an 21 Nollaig 2011, an Coimisiún v an Ostair, C-28/09, EU:C:2011:854.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5409/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)