Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0589

Cás T-589/23: Caingean arna tabhairt an 24 Meán Fómhair 2023 – UA v Frontex

IO C, C/2023/1307, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1307/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1307/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1307

11.12.2023

Caingean arna tabhairt an 24 Meán Fómhair 2023 – UA v Frontex

(Cás T-589/23)

(C/2023/1307)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: UA (ionadaithe: S. Pappas agus A. Kila, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Um an nGarda Teorann agus Cósta

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh intuigthe na gníomhaireachta a chur ar neamhní, cinneadh trínar dhiúltaigh sí dara hagallamh a thabhairt don iarratasóir chun deis a thabhairt di a bheith earcaithe go tráthúil le haghaidh poist mar Oifigeach Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Buanchór – leibhéal idirmheánach in Frontex agus, dá bhrí sin, ag diúltú dá hiarratas;

cinneadh an 16 Meitheamh 2023 ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar neamhní, lena ndiúltaíodh gearán an iarratasóra an 30 Eanáir 2023 i gcoinne cinnidh intuigthe na Gníomhaireachta toisc é a bheith neamh-inghlactha; agus,

a ordú don chosantóir a costais féin chomh maith le costais an iarratasóra a íoc do na himeachtaí reatha.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an bhfógra earcaíochta agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na trédhearcachta agus an dea-riaracháin, agus go sonrach go raibh easpa réasúnaíochta leordhóthanach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1307/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top