 
                This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0059
Judgment of the Court (Grand Chamber) of 11 September 2025.#Republic of Austria v European Commission.#Appeal – State aid – Article 107(3)(c) and Article 108 TFEU – Aid planned for the development of two new nuclear reactors at the site at Paks (Hungary) – Direct award of the construction contract – Directive 2014/25/EU – Decision declaring the aid compatible with the internal market subject to compliance with certain commitments – Compliance of the aid with EU law other than State aid law – Object of the aid – Aspects that are inextricably linked to the aid – Parallel conduct of infringement proceedings – Obligation to state reasons.#Case C-59/23 P.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Méan Fómhair 11.
Poblacht na hOstaire v An Coimisiún Eorpach.
Achomharc – Státchabhair – Airteagal 107(3)(c) agus Airteagal 108 CFAE – Cabhair arna beartú chun dhá imoibreoir núicléacha nua a fhorbairt ag stáisiún Paks (an Ungáir) – Dámhachtain dhíreach an chonartha foirgníochta – Treoir 2014/25/AE – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi réir gealltanais áirithe a chomhlíonadh – Comhoiriúnacht na cabhrach le dlí an Aontais seachas an dlí maidir le Státchabhair – Cuspóir na cabhrach – Téarmaí atá doscartha ón gcabhair – Nós imeachta um shárú comhthreomhar a thionscnamh – Oibleagáid cúiseanna a lua.
Cás C-59/23 P.
Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2025 Méan Fómhair 11.
Poblacht na hOstaire v An Coimisiún Eorpach.
Achomharc – Státchabhair – Airteagal 107(3)(c) agus Airteagal 108 CFAE – Cabhair arna beartú chun dhá imoibreoir núicléacha nua a fhorbairt ag stáisiún Paks (an Ungáir) – Dámhachtain dhíreach an chonartha foirgníochta – Treoir 2014/25/AE – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi réir gealltanais áirithe a chomhlíonadh – Comhoiriúnacht na cabhrach le dlí an Aontais seachas an dlí maidir le Státchabhair – Cuspóir na cabhrach – Téarmaí atá doscartha ón gcabhair – Nós imeachta um shárú comhthreomhar a thionscnamh – Oibleagáid cúiseanna a lua.
Cás C-59/23 P.
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:686
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
11 Meán Fómhair 2025 ( *1 )
(Achomharc – Státchabhair – Airteagal 107(3)(c) agus Airteagal 108 CFAE – Cabhair arna beartú chun dhá imoibreoir núicléacha nua a fhorbairt ag stáisiún Paks (an Ungáir) – Dámhachtain dhíreach an chonartha foirgníochta – Treoir 2014/25/AE – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair ag luí leis an margadh inmheánach faoi réir gealltanais áirithe a chomhlíonadh – Comhoiriúnacht na cabhrach le dlí an Aontais seachas an dlí maidir le Státchabhair – Cuspóir na cabhrach – Téarmaí atá doscartha ón gcabhair – Nós imeachta um shárú comhthreomhar a thionscnamh – Oibleagáid cúiseanna a lua)
I gCás C‑59/23 P,
ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 6 Feabhra 2023,
Poblacht na hOstaire, arna hionadú ag A. Posch, M. Fruhmann, M. Klamert agus F. Koppensteiner, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó H. Kristoferitsch, Rechtsanwalt,
iarratasóir,
na páirtithe eile sna himeachtaí:
an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag P. Němečková agus L. Wildpanner, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir ag an gcéad chéim,
Ard-Diúcacht Lucsamburg, arna hionadú ag A. Germeaux agus T. Schell, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó P. Kinsch, Abhcóide,
Poblacht na Seice, arna hionadú ag M. Smolek, L. Halajová, T. Müller agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,
Poblacht na Fraince, arna hionadú ag R. Bénard, T. Lechevallier agus T. Stéhelin ar dtús, agus ina dhiaidh sin ag T. Lechevallier agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí,
an Ungáir, arna hionadú ag M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó B. Karsai, Z. Zs. Lehoczki agus P. Nagy, ügyvédek,
Poblacht na Polainne, arna hionadú ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,
Poblacht na Slóvaice,
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,
idiragraithe ag an gcéad chéim,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, F. Biltgen, I. Jarukaitis, M. L. Arastey Sahún, S. Rodin, N. Jääskinen, D. Gratsias (Rapóirtéir) agus M. Gavalec, Uachtaráin Dlísheomra, A. Arabadjiev, I. Ziemele, J. Passer, O. Spineanu-Matei, M. Condinanzi agus R. Frendo, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: L. Medina,
Cláraitheoir: I. Illéssy, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 12 Samhain 2024,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 27 Feabhra 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
| 1 | Lena hachomharc, iarrann Poblacht na hOstaire go gcuirfí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 30 Samhain 2022, an Ostair v an Coimisiún (T‑101/18, ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’, EU:T:2022:728), lena ndíbhtear a caingean go ndéanfaí Cinneadh (AE) 2017/2112 ón gCoimisiún an 6 Márta 2017, maidir leis an mbeart/scéim cabhrach/Státchabhair SA.38454 – 2015/C (ex 2015/N) atá beartaithe ag an Ungáir a chur chun feidhme mar thaca le dhá imoibreoir núicléacha nua a fhorbairt ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks II (IO 2017 L 317, lch. 45, ‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a neamhniú, ar neamhní. | 
I. An dlí lena mbaineann
A. Treoir 2004/17/CE
| 2 | Foráladh le hAirteagal 40(3) de Threoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO 2004 L 134, lch. 1), dar teideal ‘Úsáid nósanna imeachta oscailte, srianta agus idirbheartaithe’: ‘Féadfaidh eintitis chonarthacha nós imeachta a úsáid gan glao ar iomaíocht roimh ré sna cásanna seo a leanas: [...] 
 [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] | 
B. Treoir 2014/25/AE
| 3 | Foráiltear le hAirteagal 50 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO 2014 L 94, lch. 243), dar teideal ‘Úsáid a bhaint as an nós imeachta socraithe gan glao ar iomaíocht roimh ré’: ‘Féadfaidh eintitis chonarthacha nós imeachta socraithe a úsáid gan glao ar iomaíocht roimh ré sna cásanna seo a leanas: [...] 
 Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach i bpointí (ii) agus (iii) ach amháin i gcás nach ann do rogha nó ionadaí réasúnta agus nach bhfuil an easpa iomaíochta mar thoradh ar chúngú saorga ar pharaiméadair an tsoláthair; [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] | 
| 4 | Foráiltear le hAirteagal 106(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Trasuí agus forálacha idirthréimhseacha’: ‘Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm tráth nach déanaí ná an 18 Aibreán 2016. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] | 
| 5 | Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 107 den Treoir sin, dar teideal ‘Aisghairm’: ‘Aisghairtear Treoir 2004/17/CE le héifeacht ón 18 Aibreán 2016.’ | 
II. Cúlra na díospóide
| 6 | Tá cúlra na díospóide leagtha amach i míreanna 2 go 9 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Chun críocha na n‑imeachtaí seo, féadfar achoimre a dhéanamh uirthi mar seo a leanas. | 
| 7 | An 22 Bealtaine 2015, thug an Ungáir fógra don Choimisiún Eorpach, faoi dhoiciméad C(2017) 1486, faoi bheart chun ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh chun dhá imoibreoir nua a fhorbairt ag stáisiún cumhachta núicléiche Paks (an Ungáir), ar a dtugtar ‘Paks II’, eadhon aonad 5 agus aonad 6 faoi seach den stáisiún sin (‘an dá imoibreoir núicléacha nua’), chomh maith leis na ceithre imoibreoir núicléacha a bhí ag oibriú ann cheana féin. Ba é MVM Paks II Nuclear Power Plant Development Private Company Limited by Shares (‘cuideachta Paks II’) tairbhí an bhirt ar tugadh fógra ina leith, cuideachta ar le Stát na hUngáire 100 % den chaipiteal agus a bhí ceaptha a bheith ina húinéir agus ina cuideachta oibriúcháin ar an dá imoibreoir núicléacha nua. | 
| 8 | Faoi chomhaontú idir-rialtasach maidir le comhar i ndáil le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach, a tugadh i gcrích an 14 Eanáir 2014 idir Cónaidhm na Rúise agus an Ungáir (‘an comhaontú idir-rialtasach’), gheall an dá Stát sin comhoibriú, faoi chuimsiú cláir núicléach, chun stáisiún cumhachta núicléiche Paks a chothabháil agus a fhorbairt tuilleadh. Faoin gcomhaontú sin, bhí ar Chónaidhm na Rúise agus ar an Ungáir araon eagraíocht phoiblí a bhfuil taithí uirthi agus í faoi rialú an Stáit a ainmniú, a bheadh freagrach ó thaobh airgeadais agus teicniúla de as a hoibleagáidí mar chonraitheoir nó mar úinéir a chomhlíonadh maidir le, go háirithe, an dá imoibreoir núicléacha nua a dhearadh, a thógáil agus a choimisiúnú. Bhain Cónaidhm na Rúise úsáid as Nizhny Novgorod Engineering Company Atomenergoproekt (‘JSC NIAEP’), cuideachta theoranta, chun an dá imoibreoir núicléacha nua sin a thógáil, agus roghnaigh an Ungáir cuideachta Paks II chun bheith ina húinéir ar na himoibreoirí sin agus iad a oibriú. Chuige sin, shínigh JSC NIAEP agus cuideachta Paks II, an 9 Nollaig 2014, comhaontú a bhaineann le conradh innealtóireachta, ceannaigh agus tógála maidir leis na himoibreoirí sin. | 
| 9 | Sa chomhaontú idir-rialtasach, gheall Cónaidhm na Rúise iasacht Stáit a thabhairt don Ungáir chun forbairt an dá imoibreoir núicléacha nua a mhaoiniú. Bhí an iasacht sin á rialú ag comhaontú maoinithe idir-rialtasach an 28 Márta 2014 agus sholáthair sí líne creidmheasa imrothlaigh EUR 10 mbilliún, a raibh a húsáid teoranta go heisiach do dhearadh, tógáil agus coimisiúnú an dá imoibreoir nua sin. Gheall an Ungáir EUR 2.5 billiún breise a chur ar fáil óna buiséad féin chun an infheistíocht sna himoibreoirí sin a mhaoiniú. Ní raibh uirthi na cistí ba ghá a aistriú chun praghas ceannaigh na n‑imoibreoirí céanna a íoc le cuideachta Paks II. Bhí an chuid is mó de na cistí sin le bheith i seilbh Bhanc Forbartha agus Gnóthaí Eacnamaíocha Eachtracha na Rúise, Vnesheconombank. Ag deireadh gach céime, bhí ar chuideachta Paks II iarratas a chur faoi bhráid an bhainc sin ar íocaíocht 80 % den mhéid a bhí dlite go díreach do JSC NIAEP. Bhí uirthi freisin iarratas a chur faoi bhráid Ghníomhaireacht Bainistíochta Fiachais Rialtas na hUngáire ar an 20 % eile a íoc. | 
| 10 | Sa chinneadh atá faoi chonspóid, arna ghlacadh ag deireadh an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil, faoi Airteagal 108(2) CFAE, chinn an Coimisiún gur Státchabhair a bhí sa bheart ar tugadh fógra ina leith, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, a bhí, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 den chinneadh sin, ag luí leis an margadh inmheánach, i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE. A mhéid a bhaineann le tógáil an dá imoibreoir núicléacha nua a dhámhachtain go díreach do JSC NIAEP, mheas an Coimisiún nach bhféadfadh JSC NIAEP iomaíocht agus trádáil ar an margadh ábhartha a shaobhadh a thuilleadh, eadhon an margadh leictreachais, agus, dá bhrí sin, nár ceanglaíodh, i bhfianaise an chásdlí is infheidhme, a sheiceáil ar chomhlíon an dámhachtain sin rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí. Chuir an Coimisiún in iúl, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur tharla, in aon chás, nós imeachta ar leithligh ina leith sin ar bhonn Airteagal 258 CFAE, inar scrúdaíodh comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí ag an Ungáir, gan an scrúdú sin a bheith ina chúis le cinneadh gur sháraigh an Ballstát sin an reachtaíocht sin. | 
III. Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas atá faoi achomharc
| 11 | Le hiarratas arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2018, thug Poblacht na hOstaire caingean chun an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. | 
| 12 | An 19 Iúil 2018, tugadh cead d’Ard-Diúcacht Lucsamburg idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta mar thaca leis an ordú atá á lorg ag Poblacht na hOstaire, agus tugadh cead do Phoblacht na Seice, Poblacht na Fraince, an Ungáir, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóvaice agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann idiragairt a dhéanamh mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún. | 
| 13 | Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, scrúdaigh agus dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta na saincheisteanna dlí go léir a d’ardaigh Poblacht na hOstaire, cé is moite den dara agus den tríú saincheist dlí, a thréig an Ballstát sin ag an éisteacht, agus dá bhrí sin, dhíbh sí an chaingean. | 
IV. An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe san achomharc
| 14 | Iarrann Poblacht na hOstaire ar an gCúirt Bhreithiúnais: 
 
 
 | 
| 15 | Iarrann Ard-Diúcacht Lucsamburg ar an gCúirt Bhreithiúnais: 
 
 
 | 
| 16 | Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais: 
 
 | 
| 17 | Iarrann Poblacht na Seice ar an gCúirt Bhreithiúnais: 
 
 | 
| 18 | Iarrann Poblacht na Fraince, an Ungáir agus, go bunúsach, Poblacht na Polainne ar an gCúirt Bhreithiúnais an t‑achomharc a dhíbhe. | 
V. An iarraidh an chuid ó bhéal den nós imeachta a athoscailt
| 19 | Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 13 Márta 2025, d’iarr an Ungáir go n‑athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta de bhun Airteagal 83 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Mar thaca lena hiarraidh, maíonn sí, go bunúsach, nach n‑aontaíonn sí le cuid de na measúnuithe atá i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta. Go háirithe, cuireann an Ungáir i gcoinne na measúnuithe a bhaineann le raon feidhme oibleagáid an Choimisiúin scrúdú a dhéanamh, i gcomhthéacs nós imeachta amhail an nós imeachta as ar eascair an cinneadh atá faoi chonspóid, an bhfuil beart cabhrach comhoiriúnach le forálacha dhlí an Aontais seachas na forálacha sin maidir le Státchabhair, go háirithe i gcás ina ndearna an Coimisiún scrúdú den sórt sin cheana féin in imeachtaí um shárú in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann. | 
| 20 | I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná leis na Rialacha Nós Imeachta don fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thíolacadh mar fhreagairt ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 25 Eanáir 2022, an Coimisiún v European Food agus páirtithe eile, C‑638/19 P, EU:C:2022:50, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 21 | Ar an dara dul síos, faoin dara mír d’Airteagal 252 CFAE, déanfaidh an tAbhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó nó di le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe i gcúirt oscailte ar chásanna ina n‑éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Níl an Chúirt faoi cheangal ag an Tuairim sin ná ag an ráiteas ar na cúiseanna lena dtagann an tAbhcóide Ginearálta uirthi. Dá bhrí sin, ní féidir le heasaontas páirtí le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, beag beann ar na ceisteanna a scrúdaíonn an tAbhcóide Ginearálta ina Thuairim, a bheith ina fhoras ann féin a thugann údar le hatosú an nós imeachta ó bhéal (breithiúnas an 25 Eanáir 2022, an Coimisiún v European Food agus páirtithe eile, C‑638/19 P, EU:C:2022:50, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 22 | I gcomhréir le hAirteagal 83 de na Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n‑athosclófar an chuid ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise os a comhair nó i gcás, tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid sin den nós imeachta, ina dtíolacfadh páirtí fíoras nua a mbeadh a chineál ina thoisc chinntitheach ar bhreith na Cúirte Breithiúnais. | 
| 23 | Sa chás seo, measann an Chúirt, mar sin féin, tar éis di éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, go bhfuil, ag deireadh na céime scríofa den nós imeachta agus na héisteachta a tionóladh os a comhair, an fhianaise go léir is gá aici chun rialú a dhéanamh sna himeachtaí seo. Tugann sí faoi deara, in aon chás, nach léirítear leis an iarraidh ón Ungáir go n‑athosclófaí an chuid ó bhéal den nós imeachta, lena ndírítear, go bunúsach, ar cheisteanna dlí a pléadh cheana sa chuid i scríbhinn den nós imeachta agus ag an éisteacht, aon fhíoras nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh a iarrtar uirthi a thabhairt sa chás sin. | 
| 24 | Sna himthosca sin, ní gá a ordú go n‑athosclófar an nós imeachta ó bhéal. | 
VI. An t‑achomharc
| 25 | Mar thaca lena hachomharc, ardaíonn Poblacht na hOstaire ceithre fhoras achomhairc, lena n‑éilítear, ar an gcéad dul síos, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár chuir easpa nós imeachta soláthair phoiblí chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil an cinneadh atá faoi chonspóid ó bhail, ar an dara dul síos, earráid dlí maidir leis an athbhreithniú ar chomhréireacht an bhirt cabhrach atá i gceist, ar an tríú dul síos, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le saobhadh díréireach ar an iomaíocht a bheith ann agus maidir le ceannasacht a neartú agus/nó a chruthú ar an margadh agus, ar an gceathrú dul síos, earráid dlí maidir le comhghnéithe na cabhrach atá i gceist a chinneadh. | 
A. An chéad fhoras achomhairc
| 26 | Baineann an chéad fhoras achomhairc le míreanna 27 go 50 agus 196 go 203 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. | 
| 27 | Ar an gcéad dul síos, tá an foras achomhairc seo dírithe ar dhiúltú na Cúirte Ginearálta don chéad saincheist dlí sa chaingean a tionscnaíodh ag an gcéad chéim, inar mhaígh Poblacht na hOstaire gur cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid ó bhail toisc gur cuireadh tógáil an dá imoibreoir núicléacha nua, ar ‘théarma doscartha’ de chuspóir na cabhrach atá i gceist dar léi, de chúram ar JSC NIAEP gan nós imeachta tairisceana a eagrú, de shárú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí. | 
| 28 | I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i míreanna 25 go 50 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, in aithrisí 279 go 287 den chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh an Coimisiún go hiomlán i dteideal brath, go príomha, ar an bprionsabal go raibh sé de cheangal air an chomhsheasmhacht idir an dlí maidir le Státchabhair agus na forálacha lena rialaítear réimsí eile de dhlí an Aontais a urramú, maidir le téarmaí na cabhrach atá i gceist amháin a bhfuil baint dhoscaoilte aige lena chuspóir nach bhféadfaí measúnú a dhéanamh orthu ina n‑aonar. Agus tagairt á déanamh aici do bhreithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, an Ostair v an Coimisiún (C‑594/18 P, EU:C:2020:742), ar a raibh Poblacht na hOstaire ag brath, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, nár ardaíodh aon sárú ar fhorálacha dhlí an Aontais mar thoradh ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a chuirtear chun cinn leis an gcabhair atá i gceist, eadhon táirgeadh fuinnimh núicléach, os a comhair. Ina dhiaidh sin, dar leis an gCúirt Ghinearálta, ní fhéadfaí aon iarmhairt a bhaint as an bhfíoras nár scrúdaigh an Chúirt, sa bhreithiúnas sin, nasc doscartha idir téarmaí na cabhrach lena mbaineann agus an chabhair sin féin, ós rud é, sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, gur eascair an sárú ar phrionsabail dhlí an Aontais ar a bhfuiltear ag brath as cuspóir na cabhrach sin, eadhon stáisiún cumhachta núicléiche a fhorbairt. Ar deireadh, de réir na Cúirte Ginearálta, níor léir ón mbreithiúnas sin go raibh sé beartaithe ag an gCúirt raon feidhme an athbhreithnithe a raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún a dhéanamh sa réimse sin a leathnú, ós rud é go mbeadh forchur oibleagáide chun athbhreithniú a dhéanamh beag beann ar nasc doscartha den sórt sin a bheith ann contrártha leis na rialacha agus na ráthaíochtaí nós imeachta i ndáil leis na nósanna imeachta éagsúla a bhaineann go sonrach le réimsí eile de dhlí an Aontais agus le prionsabail neamhspleáchas na nósanna imeachta riaracháin agus na leigheasanna. I bhfianaise na mbreithnithe sin, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, i mír 34 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach ndearna an Coimisiún earráid dlí nuair a mheas sé gurbh iomchuí a athbhreithniú a theorannú, i gcomhthéacs nós imeachta arna dhéanamh faoi Airteagal 108 CFAE, don bheart cabhrach atá i gceist agus do théarmaí a bhfuil nasc doscartha acu leis. | 
| 29 | Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 35 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh Poblacht na hOstaire mícheart a mhaíomh gurbh ionann dámhachtain dhíreach thógáil an dá imoibreoir núicléacha nua do JSC NIAEP agus ‘téarma doscartha’ de chuspóir na cabhrach atá i gceist ar an bhforas go bhféadfadh cabhair iomlán éagsúil a bheith mar thoradh ar ghlao ar iomaíocht, go háirithe maidir le méid agus struchtúr na cabhrach sin. I ndáil leis sin, tar éis di a shoiléiriú gurbh é a bhí sa chabhair atá i gceist dhá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil, saor in aisce, ar mhaithe le cuideachta Paks II chun críocha a n‑oibrithe, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur cheart dámhachtain an chonartha chun an dá imoibreoir nua sin a thógáil a bheith faoi réir nós imeachta tairisceana a bhain le monarú agus soláthar na sócmhainne a chuirfí ar fáil saor in aisce agus, dá bhrí sin, a tharla roimh an mbeart cabhrach féin, agus mar thoradh air sin nár théarma na cabhrach féin é an cinneadh chun an conradh a dhámhachtain chun an dá imoibreoir núicléacha nua sin a fhorbairt agus a thógáil. | 
| 30 | I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 37 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach n‑athródh seoladh nós imeachta soláthair phoiblí agus úsáid fhéideartha gnóthais eile chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil cuspóir na cabhrach atá i gceist, eadhon dhá imoibreoir nua a chur ar fáil saor in aisce chun críche a n‑oibrithe, nó tairbhí na cabhrach sin, eadhon cuideachta Paks II. Ina theannta sin, ní féidir éifeachtaí a bheith ag sárú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí ach amháin ar an margadh chun stáisiúin núicléacha a thógáil agus, dá bhrí sin, ní féidir iarmhairtí a bheith aige ar an margadh a chumhdaítear le cuspóir an bhirt cabhrach atá i gceist, eadhon an margadh leictreachais. | 
| 31 | Go háirithe, maidir leis an tionchar a bheadh ag easpa nós imeachta tairisceana poiblí ar mhéid na cabhrach sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 38 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár léiríodh go bhféadfadh tairgeoirí eile dhá imoibreoir den teicneolaíocht lena mbaineann a sholáthar ‘ar choinníollacha níos fearr nó ar phraghas níos ísle’. Thairis sin, fiú dá bhféadfadh úsáid nós imeachta tairisceana den sórt sin difear a dhéanamh do mhéid na cabhrach atá i gceist, ní bheadh aon éifeacht ag an bhfíoras sin ann féin ar an mbuntáiste a bhí sa chabhair sin dá tairbhí, ós rud é gurbh é a bheadh sa bhuntáiste sin dhá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce chun iad a oibriú. Dá bhrí sin, de réir na Cúirte Ginearálta, ní dhéanfadh méadú ná laghdú ar mhéid na cabhrach atá i gceist difear don chabhair féin ná dá héifeacht fhrithiomaíoch. | 
| 32 | Ar an dara dul síos, tá an chéad fhoras achomhairc dírithe ar dhiúltú na Cúirte Ginearálta don chéad chuid den deichiú saincheist dlí ag an gcéad chéim, lena n‑éilítear nach raibh na cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid leordhóthanach maidir le comhoiriúnacht na cabhrach le forálacha eile de dhlí an Aontais. Go háirithe, mhaígh Poblacht na hOstaire os comhair na Cúirte Ginearálta nár leag an Coimisiún amach go leordhóthanach na cúiseanna nár chinn sé gur sáraíodh rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí mar thoradh ar dhámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil, a bhí ina théarma doscartha de chuspóir na cabhrach atá i gceist. Chinn an Chúirt Ghinearálta, i ndáil leis sin, i míreanna 197 agus 198 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur mhínigh an Coimisiún, go príomha, in aithrisí 280 go 284 den chinneadh atá faoi chonspóid, toisc nach raibh aon nasc doscartha idir an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar Threoir 2014/25 agus cuspóir na cabhrach atá i gceist, nach bhféadfadh an sárú sin difear a dhéanamh do chomhoiriúnacht na cabhrach sin leis an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún, de réir na Cúirte Ginearálta, na cúiseanna ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50(c) de Threoir 2014/25 a shonrú sa chinneadh atá faoi chonspóid. | 
| 33 | Ar an tríú dul síos, mar is léir ó mhíreanna 40 agus 43 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur thug an Coimisiún faoi deara, in aon chás, go ndearna sé measúnú ar chomhlíonadh na hUngáire le Treoir 2014/25 i nós imeachta ar leith, eadhon nós imeachta um shárú leis an tagairt NIF 2015/4231-32 (‘nós imeachta um shárú 2015’), agus gur chinn sé ag deireadh na tréimhse sin nach raibh na nósanna imeachta a leagtar síos leis an Treoir sin infheidhme maidir le dámhachtain oibreacha foirgníochta don dá imoibreoir núicléacha nua, de bhun Airteagal 50(c) di. | 
| 34 | Agus scrúdú á dhéanamh, go bunúsach, ar na forais iomarcacha sin den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 41 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún a mheas go bhféadfadh sé tagairt a dhéanamh dá mheasúnú i gcomhthéacs nós imeachta um shárú 2015, ar mhaithe le comhsheasmhacht thorthaí an scrúdaithe ar chomhoiriúnacht na cabhrach atá i gceist agus an nós imeachta um shárú sin. Mar is léir ó mhír 42 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, mheas an Coimisiún, go sonrach, tar éis mionanailís a dhéanamh, go bhféadfaí dámhachtain dhíreach na n‑oibreacha foirgníochta do JSC NIAEP don dá imoibreoir núicléacha nua a dhéanamh gan glao ar iomaíocht roimh ré, ós rud é, ar chúiseanna teicniúla, nach raibh aon iomaíocht ann agus, dá bhrí sin, go raibh Airteagal 50(c)(ii) de Threoir 2014/25 ábhartha. I ndáil leis sin, de réir mhíreanna 43 go 46 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chuir an Coimisiún, tar éis beart eagrúcháin nós imeachta, doiciméid faoi bhráid na Cúirte Ginearálta ar ina leith, de réir na Cúirte sin, ba cheart a thuiscint gur gheall an Ungáir nósanna imeachta iomaíocha tairisceana a sheoladh don chuid is mó de na codanna eile den tionscadal lena mbaineann ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le bunphrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. Mar is léir, go háirithe, ó mhír 45 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, de réir ráiteas an Choimisiúin ag an éisteacht os comhair na Cúirte Ginearálta, léirítear an gealltanas sin ón Ungáir in aithris 372 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar cheart é a léamh i gcomhar le haithris 285 den chinneadh sin. | 
| 35 | Thairis sin, i mír 47 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfaí glacadh leis, mar chuid den nós imeachta maidir le comhoiriúnacht na cabhrach leis an margadh inmheánach, go bhféadfaí amhras a chaitheamh ar gach cinneadh a rinneadh roimhe sin agus a bhí faoi réir nós imeachta ar leithligh cheana féin, arna rialú ag rialacha sonracha, de réir bhrí bhreithiúnas an 15 Meitheamh 1993, Matra v an Coimisiún (C‑225/91, EU:C:1993:239, mír 44) agus nach ionann iad agus na cinn is infheidhme maidir le Státchabhair. Le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, cuirtear cosc ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar dhámhachtain conartha foirgníochta i gcomhthéacs nós imeachta Státchabhrach i gcás nach bhfuil faisnéis nua aige i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil dó tráth a chinn sé deireadh a chur le nós imeachta um shárú roimhe sin. Dar leis an gCoimisiún, b’amhlaidh an cás tráth a glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid maidir le scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha soláthair phoiblí an Aontais ag an Ungáir i gcomhthéacs dhámhachtain an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil ag stáisiún Paks. | 
| 36 | Maidir le hargóint Phoblacht na hOstaire nach féidir le nós imeachta um shárú réamhbhreith a dhéanamh ar an measúnú ar shárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais i gcomhthéacs nós imeachta maidir le Státchabhair, a mhéid a rialaítear nós imeachta um shárú le prionsabal na seiftiúlachta, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 48 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach raibh an argóint sin ábhartha ós rud é gurb é an Coimisiún a thionscain an nós imeachta sin, ina ndearna sé anailís ar na cúiseanna teicniúla ar ar bhraith an Ungáir agus toisc gur tháinig sí ar an gconclúid gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 50(c) de Threoir 2014/25. Rinneadh cur síos ar thoradh nós imeachta um shárú 2015 freisin mar ‘réamhchonclúid’ in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid ar an bhforas amháin go bhféadfaí nós imeachta nua den chineál céanna a thionscnamh tráth ar bith ar bhonn faisnéis nua. | 
| 37 | Tá trí chuid sa chéad fhoras achomhairc, agus is iomchuí an chéad dá chuid díobh a scrúdú le chéile. | 
1. An chéad chuid agus an dara cuid den chéad fhoras achomhairc
(a) Argóintí na bpáirtithe
| 38 | I gcomhthéacs an chéad chuid den chéad fhoras achomhairc, cáineann Poblacht na hOstaire, le tacaíocht ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, an Chúirt Ghinearálta toisc go ndearna sí, go háirithe i míreanna 27 agus 201 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, idirdhealú ‘bréagach’ idir tógáil an dá imoibreoir núicléacha nua agus iad a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II, toisc gur mheas an Chúirt sin nach raibh sa bheart cabhrach atá i gceist ach na himoibreoirí a chur ar fáil. Go háirithe, measann Poblacht na hOstaire nach mór na bearta a chuireann le cuspóir na cabhrach atá i gceist a mheas ina n‑iomláine. Dá bhrí sin, tá an ‘idirdhealú dian’ arna dhéanamh ag an gCúirt Ghinearálta idir an dá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce agus na hacmhainní a thugann an Ungáir dóibh mícheart. Ina dhiaidh sin, agus í ag tagairt, go háirithe, do mhíreanna 2, 65, 73 agus 188 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, tugann Poblacht na hOstaire faoi deara, cé go ndéantar go foirmiúil é i gcomhthéacs an dara foras achomhairc, ach i gcomhthéacs argóint a thagann fós, go bunúsach, faoin gcéad fhoras achomhairc, nár chuir an Chúirt Ghinearálta tuairisc amháin ach roinnt tuairiscí ar an mbeart cabhrach atá i gceist sa bhreithiúnas sin ar fáil. | 
| 39 | Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin nuair a chinn sí, le breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, an Ostair v an Coimisiún (C‑594/18 P, EU:C:2020:742), nach raibh sé beartaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais raon feidhme an athbhreithnithe a cheanglaítear ar an gCoimisiún a dhéanamh i nós imeachta amhail an nós imeachta cabhrach atá i gceist a leathnú. | 
| 40 | Measann an Coimisiún nach ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí ina leith sin agus áitíonn sé go bhfuil dul amú ar Phoblacht na hOstaire agus í ag meascadh chuspóir na cabhrach atá i gceist agus a téarmaí. Ag brath, go háirithe, ar bhreithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile (C‑284/21 P, EU:C:2023:58), cuireann sé in iúl nach bhfuil na téarmaí cabhrach le measúnú i gcomhthéacs nós imeachta amhail an nós imeachta cabhrach atá i gceist ach amháin i gcás ina bhfuil siad nasctha chomh doscaoilte sin le cuspóir na cabhrach lena mbaineann nach féidir measúnú a dhéanamh orthu ina n‑aonar. Dar leis an gCoimisiún, rinne an Chúirt Ghinearálta idirdhealú ceart, sa chás seo, idir, ar thaobh amháin, an chabhair atá i gceist agus a cuspóir agus, ar an taobh eile, téarmaí na cabhrach sin agus chinn sí i gceart, i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur tharla nós imeachta tairisceana a bhaineann leis an margadh chun dhá imoibreoir núicléacha a fhorbairt agus a thógáil roimh an mbeart cabhrach, eadhon ‘dhá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II chun críche a n‑oibrithe’, agus dá bhrí sin, níorbh ionann é agus téarma na cabhrach atá i gceist. | 
| 41 | Ina theannta sin, bhí sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh nach n‑athrófaí cuspóir nó tairbhí na cabhrach atá i gceist dá n‑eagrófaí nós imeachta soláthair phoiblí nó dá mbainfí úsáid as gnóthas eile chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil. Fiú dá ndéanfaí sárú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí, rud nach amhlaidh, bheadh a éifeachtaí teoranta don chonradh chun stáisiúin cumhachta núicléiche a thógáil agus ní bheadh aon iarmhairtí aige ar an margadh leictreachais, arb é is ábhar don bheart cabhrach atá i gceist. Ar an gcaoi chéanna, fiú dá bhféadfadh dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil difear a dhéanamh do mhéid na cabhrach atá i gceist, rud nach amhlaidh ach an oiread, áitíonn an Coimisiún, in aon chás, go ndearna sé a mheasúnú ar chomhréireacht an bhirt lena mbaineann go dícheallach, agus na tosca ábhartha go léir á gcur san áireamh. | 
| 42 | Leis an dara cuid den chéad fhoras achomhairc, áitíonn Poblacht na hOstaire, ar an gcéad dul síos, go bunúsach, contrártha leis an méid a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, go háirithe i míreanna 35 go 39 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh nasc díreach ag dámhachtain an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil leis an mbeart cabhrach atá i gceist. Braitheann sí, i ndáil leis sin, ar an gcuspóir iomaíocht chothrom agus neamhshaofa a áirithiú sa mhargadh inmheánach, atá coiteann do dhlí an tsoláthair phoiblí agus don dlí maidir le Státchabhair. Ina dhiaidh sin, tugann Poblacht na hOstaire faoi deara, i ndáiríre, go raibh dlúthnasc idir cur ar fáil an dá imoibreoir núicléacha nua agus an iasacht a dheonaigh Cónaidhm na Rúise don Ungáir, ós rud é gur dhear údaráis na Rúise agus na hUngáire an oibríocht lena mbaineann, agus gur chuir siad í chun feidhme, mar ‘phróiseas foriomlán’, mar is léir ón gcomhaontú idir-rialtasach. | 
| 43 | Maidir leis an gcéad fhoras achomhairc arís, agus tagairt á déanamh aici, ar an bpointe sin, dá hargóintí a cuireadh chun cinn maidir leis an dara foras achomhairc, cuireann Poblacht na hOstaire in iúl freisin go bhfuil tionchar ag an sárú ar rialacha an dlí soláthair phoiblí ar an gcabhair féin, agus go háirithe ar chomhréireacht agus ar mhéid na cabhrach sin. Míníonn sí, thairis sin, go bhféadfadh cabhair iomlán difriúil a bheith mar thoradh ar ghlao ar iomaíocht i gcomhréir le forálacha an dlí soláthair phoiblí, go háirithe maidir le méid agus struchtúr na cabhrach sin, a mhéid go laghdódh tairiscint níos buntáistí chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil méid na cabhrach atá i gceist go díreach. | 
| 44 | I ndáil leis sin, cuireann Poblacht na hOstaire i gcoinne mhíreanna 36 agus 38 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas sin nach mbeadh athrú ar an gcabhair féin ná athrú ar a héifeacht iomaíoch mar thoradh ar mhéadú nó laghdú ar mhéid na cabhrach atá i gceist. Dá bhféadfaí tairiscint níos buntáistí a chur isteach i bpróiseas tairisceana iomaíoch agus dá nglacfaí léi, d’fhéadfadh an chabhair atá i gceist a bheith difriúil ó thaobh a méide agus a struchtúir de. Dá bhrí sin, in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, ní féidir a ráthú go bhfuil an chabhair atá i gceist comhréireach i ndáiríre, eadhon teoranta don íosmhéid is gá. | 
| 45 | Meabhraíonn an Coimisiún gur léir ó bhreithiúnas an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi (74/76, EU:C:1977:51), nach bhfuil nasc doscaoilte idir na téarmaí nach féidir a mheasúnú ina n‑aonar agus cuspóir na cabhrach. Mar sin féin, sa chás seo, d’fhéadfaí measúnú ar leithligh a dhéanamh ar an gceist maidir le comhoiriúnacht na cabhrach atá i gceist le rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí agus, thairis sin, rinneadh measúnú ar leithligh uirthi i gcomhthéacs nós imeachta um shárú 2015. | 
| 46 | Maidir le hargóint Phoblacht na hOstaire faoin gComhaontú Idir-Rialtasach (féach mír 42 den bhreithiúnas seo), áitíonn an Coimisiún, ina dhiaidh sin, go n‑ardaítear an argóint sin den chéad uair i gcomhthéacs an achomhairc agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí do-ghlactha. | 
| 47 | Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara nach toisc ábhartha é an fhéidearthacht go bhféadfadh méid agus struchtúr na cabhrach atá i gceist a bheith difriúil dá ndéanfaí nós imeachta tairisceana iomaíoch, ós rud é nach mbeadh toradh difriúil mar thoradh ar an athbhreithniú ar chomhréireacht na cabhrach atá i gceist. Mar is léir ó mhír 38 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, toisc gurb é cuspóir na cabhrach sin dhá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce, ní bheadh measúnú difriúil mar thoradh ar mhéadú nó laghdú ar mhéid na cabhrach sin. | 
| 48 | Ag an éisteacht os comhair na Cúirte, chuir an Coimisiún in iúl gurbh é EUR 12.5 billiún méid na hinfheistíochta a bhí mar ábhar don bheart cabhrach atá i gceist, ar dheonaigh Cónaidhm na Rúise EUR 10 mbilliún de ar bhonn an chomhaontaithe idir-rialtasaigh agus ar le hUngáire EUR 2.5 billiún. Luaigh an Coimisiún nach bhfaigheadh oibreoir eacnamaíoch ar an margadh brabúis leordhóthanacha trí infheistíocht den sórt sin sular tháinig sé ar an gconclúid nach gcuirfí an tionscadal atá i gceist chun feidhme gan cabhair ón Ungáir agus, dá bhrí sin, go raibh ar an mBallstát sin EUR 12.5 billiún a infheistiú. I ndáil leis sin, mar fhreagra ar cheist ón gCúirt, dheimhnigh an Coimisiún gur chomhfhreagair an méid sin don chostas a bhaineann leis an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil agus d’infheistíochtaí áirithe a bhaineann le hoibriú na n‑imoibreoirí sin ag cuideachta Paks II. | 
| 49 | Áitíonn Poblacht na Fraince, go bunúsach, lena hargóintí maidir le dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil mar théarma doscartha den chabhair atá i gceist, go bhfuil Poblacht na hOstaire ag iarraidh agóid a dhéanamh i gcoinne mheasúnú na Cúirte Ginearálta ar na fíorais agus ar an bhfianaise. Ach amháin i gcás ina ndearnadh saobhadh ar na fíorais, ní hionann measúnú den sórt sin agus pointe dlí a bheadh faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais ar achomharc. | 
(b) Measúnú na Cúirte Breithiúnas
| 50 | Leis an gcéad chuid agus leis an dara cuid den chéad fhoras achomhairc, tá Poblacht na hOstaire ag iarraidh amhras a chaitheamh ar an anailís a leagtar amach i míreanna 35 go 38 den bhreithiúnas atá faoi achomharc a mhéid a sheas an Chúirt Ghinearálta, ag deireadh na hanailíse sin, leis an gconclúid a leagtar amach, go príomha, in aithris 284 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar dá réir, in éagmais nasc doscartha idir an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais agus cuspóir na cabhrach atá i gceist, nach féidir leis an sárú sin difear a dhéanamh don mheasúnú ar chomhoiriúnacht na cabhrach sin leis an margadh inmheánach. | 
| 51 | Áitíonn Poblacht na hOstaire, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, ar an gcéad dul síos, a mhéid a eisiadh tógáil an dá imoibreoir núicléacha nua ón sainmhíniú ar chuspóir an bhirt cabhrach atá i gceist agus, ar an dara dul síos, a mhéid a sheas sí le conclúid an Choimisiúin nach ionann dámhachtain dhíreach an chonartha don tógáil sin agus téarma na cabhrach sin atá doscartha ó chuspóir na cabhrach sin. | 
| 52 | I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, nár cheart toradh atá contrártha d’fhorálacha sonracha an Chonartha a bheith mar thoradh ar an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 108 CFAE riamh. Mar sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil Státchabhair a sháraíonn forálacha nó prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais ag luí leis an margadh inmheánach (breithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile, C‑284/21 P, EU:C:2023:58, mír 96 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 53 | Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 33 dá Tuairim, is léir, dá bhrí sin, ó chásdlí na Cúirte nach mór don Choimisiún sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais seachas na forálacha sin a bhaineann le Státchabhair a chur san áireamh i gcás ina n‑eascraíonn sárú den sórt sin as an ngníomhaíocht eacnamaíoch maoinithe, as an gcabhair nó as a cuspóir nó as téarmaí atá doscartha ó chuspóir na cabhrach (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi, 74/76, EU:C:1977:51, mír 14, agus an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile, C‑284/21 P, EU:C:2023:58, míreanna 98 agus 103 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 54 | Mar sin, nuair atá na rialacha mionsonraithe a ghabhann le cabhair chomh dlúth sin lena cuspóir nach bhféadfaí iad a mheasúnú ar leithligh, ní mór a n‑éifeacht ar chomhoiriúnacht nó neamh-chomhoiriúnacht na cabhrach sin ina hiomláine a mheasúnú tríd an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 108 CFAE (breithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile, C‑284/21 P, EU:C:2023:58, mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, tagann rialacha mionsonraithe den sórt sin faoi na fachtóirí a n‑iarrtar ar an gCoimisiún iad a scrúdú agus, más iomchuí, a fhormheas, ionas, má sháraítear forálacha nó prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais mar thoradh orthu, eascróidh neamhdhleathacht cinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún lena n‑údaraítear an chabhair sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile, C‑284/21 P, EU:C:2023:58, mír 99). | 
| 55 | I ndáil leis sin, bhí sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh, i mír 30 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach féidir a thuiscint ó bhreithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, an Ostair v an Coimisiún (C‑594/18 P, EU:C:2020:742), go raibh sé beartaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais a cásdlí a thréigean ar dá réir nach mór idirdhealú a dhéanamh idir téarmaí a bhfuil dlúthbhaint acu le cuspóir na cabhrach agus iad siúd nach bhfuil nasc den sórt sin acu, agus, dá bhrí sin, nach mór diúltú d’argóintí Phoblacht na hOstaire lena mbaineann. Is fíor nach ndearna an Chúirt Bhreithiúnais, i mbreithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, an Ostair v an Coimisiún (C‑594/18 P, EU:C:2020:742), dá cásdlí maidir le téarmaí doscartha na cabhrach ná le cuspóir na cabhrach sin. Mar sin féin, is é is cúis leis sin, sa chás as ar eascair an breithiúnas deireanach sin, nach raibh i gceist ach sárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais a eascraíonn as an ngníomhaíocht eacnamaíoch a bhí le maoiniú leis an gcabhair lena mbaineann agus nach bhféadfaí, mar thoradh air sin, a scaradh ó chuspóir na cabhrach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 31 Eanáir 2023, an Coimisiún v Braesch agus páirtithe eile, C‑284/21 P, EU:C:2023:58, mír 98). | 
(1) An sainmhíniú ar chuspóir na cabhrach atá i gceist
| 56 | Ar an gcéad dul síos, ní mór a fhíorú an raibh sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta cuspóir na cabhrach atá i gceist a shainmhíniú i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc mar chuspóir nach bhfuil ann ach ‘dhá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II chun críche a n‑oibrithe’, sa chaoi go n‑eisiatar, dá bhrí sin, tógáil na n‑imoibreoirí ón gcuspóir sin. | 
| 57 | Mar réamhphointe, maidir le hinghlacthacht na hargóinte atá dírithe i gcoinne mhír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, cé nach féidir le hachomharc, i gcomhréir le hAirteagal 170(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ábhar na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a athrú, go bhfuil achomharcóir i dteideal, mar sin féin, achomharc a dhéanamh trí shaincheisteanna dlí agus argóintí a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, ar argóintí iad a eascraíonn as an mbreithiúnas atá faoi achomharc féin agus a bhfuil mar chuspóir acu fiúntas dhlí an bhreithiúnais a cháineadh (féach breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Aeris Invest v an Coimisiún agus BRA, C‑535/22 P, EU:C:2024:819, mír 146 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a áitíonn Poblacht na Fraince ina hathfhreagra, tá Poblacht na hOstaire i dteideal argóint a chur ar aghaidh, den chéad uair ag céim an achomhairc, i gcoinne theorannú chuspóir na cabhrach atá faoi chonspóid ag an gCúirt Ghinearálta i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. | 
| 58 | Ar an dara dul síos, de réir chásdlí na Cúirte, i gcás achomhairc, níl aon dlínse ag an gCúirt na fíorais a shuíomh nó, i bprionsabal, scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise ar ghlac an Chúirt Ghinearálta léi mar thaca leis na fíorais sin. Baineann cumhacht athbhreithnithe na Cúirte Breithiúnais ar chinntí fíorais arna ndéanamh ag an gCúirt Ghinearálta, go háirithe le saobhadh fíricí, eadhon míchruinneas substainteach na gcinntí sin a eascraíonn as na doiciméid sa chomhad, le saobhadh na fianaise, le haicmiú dlíthiúil na fianaise sin agus leis an gceist ar comhlíonadh na rialacha maidir leis an dualgas cruthúnais agus le glacadh fianaise (féach breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, míreanna 168 agus 169 agus an cásdlí dá dtagraítear). Sa chás seo, trína hargóintí maidir le teorannú chuspóir an bhirt cabhrach atá i gceist a rinne an Chúirt Ghinearálta, ní chuireann Poblacht na hOstaire i gcoinne chinntí fíorais na Cúirte Ginearálta, ach aicmiú dlíthiúil na bhfíoras sin ag an gCúirt Ghinearálta. | 
| 59 | Maidir le bunús an mheasúnaithe a leagtar amach i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, bhraith an Chúirt Ghinearálta ar an mbuntuiscint dá dtagraítear i mír 56 den bhreithiúnas seo nuair a chinn sí ‘go mbaineann an cheist ar cheart dámhachtain an chonartha chun an dá imoibreoir sin a thógáil a bheith faoi réir nós imeachta tairisceana le monarú agus soláthar na sócmhainne a chuirfear ar fáil saor in aisce agus, dá bhrí sin, gur tharla sí roimh an mbeart cabhrach féin’, sular tháinig sí ar an gconclúid ‘dá bhrí sin, [nár] théarma na cabhrach féin é an cinneadh chun an conradh a dhámhachtain chun an dá imoibreoir [núicléacha] nua sin a fhorbairt agus a thógáil.’ | 
| 60 | Mar sin féin, ní féidir oibríocht ar léir a heilimintí bunriachtanacha ó fhógra an bhirt sin agus atá ina dlúthchuid de a eisiamh ó chuspóir an bhirt cabhrach atá i gceist, a mhéid is gur eilimint í atá riachtanach chun an beart sin a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, chun a chuspóir a bhaint amach. | 
| 61 | Sa chás seo, mar is léir ó mhír 2 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ba é cuspóir na cabhrach a bhí beartaithe ag an Ungáir tacú leis an ngníomhaíocht maidir le fuinneamh núicléach a tháirgeadh, cuspóir a saothraíodh trí bhíthin tionscadal arb é is aidhm dó, de réir theideal fhógra an bhirt cabhrach atá i gceist, ‘dhá imoibreoir núicléacha nua a fhorbairt’. Is léir freisin ó mhíreanna 5 agus 6 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, de réir an chomhaontaithe idir-rialtasaigh, gur áiríodh i bhforbairt an dá imoibreoir núicléacha nua sin a ndearadh agus a dtógáil, agus bhí na heilimintí riachtanacha den oibríocht sin, eadhon, go háirithe, céannacht an mhonaróra agus sonraíochtaí teicniúla an dá imoibreoir núicléacha nua sin, ón bhfógra faoin mbeart cabhrach atá i gceist. | 
| 62 | Thairis sin, in aithris 9 den chinneadh atá faoi chonspóid, dá dtagraítear i mír 116 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, cuirtear in iúl, i bpointe 2.1, dar teideal ‘Tuairisc ar an tionscadal’, ‘go mbaineann an beart le forbairt dhá imoibreoir núicléacha [...] san Ungáir, a bhfuil a dtógáil maoinithe go hiomlán ag Stát na hUngáire ar mhaithe le heintiteas Paks II [...] a mbeidh na himoibreoirí nua faoina úinéireacht agus á n‑oibriú aige’. Sa chomhthéacs céanna, in aithrisí 324 go 328 den chinneadh sin, tugann an Coimisiún tuairisc ar an mbeart cabhrach a dtugtar fógra ina leith mar ‘ionstraim iomchuí chun [...] imoibreoirí nua a thógáil’ a chomhlíonann ‘cuspóir an leasa choitinn i gcur chun cinn an fhuinnimh núicléach’. | 
| 63 | Maidir le méid na cabhrach atá i gceist, is léir ó mhír 188 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, lena n‑atáirgtear an fhaisnéis a leagtar amach in aithris 15 den chinneadh sin, gur ‘[áirigh] an chabhair sin líne creidmheasa imrothlaigh EUR 10 mbilliún agus méid breise EUR 2.5 billiún a d’íoc Stát na hUngáire’. Mar is léir ó mhír 7 den bhreithiúnas sin, soláthraíodh an líne chreidmheasa sin, de réir an chomhaontaithe idir-rialtasaigh, trí bhíthin na hiasachta a dheonaigh Cónaidhm na Rúise don Ungáir agus bhí a húsáid teoranta go heisiach do dhearadh, tógáil agus coimisiúnú an dá imoibreoir núicléacha nua. Ar deireadh, mar a luaitear i mír 48 den bhreithiúnas seo, ag an éisteacht, dheimhnigh an Coimisiún go raibh an méid a d’infheistigh an Ungáir i gcomhthéacs an tionscadail atá i gceist ag freagairt, inter alia, don chostas a bhain leis an dá imoibreoir núicléacha nua sin a thógáil. | 
| 64 | Ní mór a mheas, dá bhrí sin, a mhéid a bhí tógáil na n‑imoibreoirí sin, ar an gcéad dul síos, ina fhachtóir riachtanach chun an cuspóir a shaothraítear leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith atá i gceist a bhaint amach agus, ar an dara dul síos, ina oibríocht arna maoiniú, go hindíreach ar a laghad, ó acmhainní na hUngáire, go raibh an tógáil sin ina dlúthchuid den bheart cabhrach ar thug an Ballstát sin fógra ina leith agus nach bhféadfadh an Chúirt Ghinearálta, dá bhrí sin, í a eisiamh go bailí ó chuspóir an bhirt sin. | 
| 65 | Dá bhrí sin, tá dearbhú na Cúirte Ginearálta, i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb é an t‑aon chuspóir amháin a bhí leis an gcabhair sin ná ‘an dá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II chun críocha a n‑oibríochta’ bunaithe ar aicmiú dlíthiúil mícheart ar na fíorais ábhartha. | 
(2) Téarma doscartha a bheith ann
| 66 | Sna himthosca sin, is gá a fháil amach an raibh sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta i mír 39 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, in ainneoin na hearráide in aicmiú dlíthiúil na bhfíoras a leagtar amach i mír 65 den bhreithiúnas seo, an phríomhchonclúid ar thángthas uirthi sa chinneadh atá faoi chonspóid a dheimhniú, ar dá réir nach raibh dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil, eadhon dámhachtain an chonartha sin do JSC NIAEP gan nós imeachta tairisceana poiblí, ina théarma a d’fhéadfadh a bheith nasctha go doscartha le cuspóir na cabhrach sin, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 54 den bhreithiúnas seo. | 
| 67 | Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, má léirítear le forais breithiúnais na Cúirte Ginearálta go ndearnadh sárú ar dhlí an Aontais ach go bhfuil bunús maith leis an gcuid oibríochtúil ar fhorais dhlíthiúla eile, nach ionann sárú den sórt sin agus neamhniú an bhreithiúnais sin agus nach mór forais eile a chur ina n‑ionad (breithiúnas an 14 Nollaig 2023, an Coimisiún v Amazon.com agus páirtithe eile, C‑457/21 P, EU:C:2023:985, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 68 | I ndáil leis sin, ba ghá gurbh ionann dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil agus téarma a bhain le cuspóir na cabhrach atá i gceist, ós rud é, mar a chuirtear in iúl i mír 64 den bhreithiúnas seo, go raibh an tógáil sin ina dlúthchuid den bheart atá i gceist mar a thug an Ungáir fógra ina leith agus go raibh sé beartaithe an dá imoibreoir nua a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II. | 
| 69 | Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 48 dá Tuairim, is gá fós scrúdú a dhéanamh an féidir a mheas go bhfuil an téarma sin nasctha chomh doscartha sin le cuspóir na cabhrach atá i gceist go raibh ar an gCoimisiún measúnú a chur san áireamh i dtaobh ar chomhlíon an téarma sin rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí i gcomhthéacs a scrúdaithe ar chomhoiriúnacht na cabhrach sin leis an margadh inmheánach. | 
| 70 | Mar a mheabhraítear i mír 54 den bhreithiúnas seo, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108 CFAE, ar na téarmaí nach féidir a dhealú ó chuspóir na cabhrach, eadhon iad siúd atá nasctha chomh doscartha sin leis an gcuspóir sin nach bhféadfaí measúnú a dhéanamh orthu ina n‑aonar, ionas nach mór measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeacht ar chomhoiriúnacht nó neamh-chomhoiriúnacht na cabhrach sin ina hiomláine leis an margadh inmheánach i gcomhthéacs an nós imeachta sin. | 
| 71 | Os a choinne sin, ní hionann téarmaí nach bhfuil riachtanach go sonrach chun cuspóir an bhirt a bhaint amach nó chun é a oibriú, cé gur cuid den bheart atá i gceist iad, agus téarmaí atá doscartha ó chuspóir na cabhrach (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Márta 1977, Iannelli & Volpi, 74/76, EU:C:1977:5, mír 14, agus 2 Bealtaine 2019, A-Fonds, C‑598/17, EU:C:2019:352, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach ionann bearta arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann atá nasctha go fíorasach, ach leithleach ó thaobh an dlí de, agus téarmaí doscartha birt cabhrach (ordú an 14 Nollaig 2023, CAPA agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑742/21 P, EU:C:2023:1000, mír 93 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 72 | Sa chás seo, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 39 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, is téarma doscartha de chuspóir an bhirt cabhrach ar thug an Ungáir fógra ina leith don Choimisiún é dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil, a bhí beartaithe chun na himoibreoirí sin a fhorbairt d’fhonn iad a chur ar fáil, saor in aisce, do chuideachta Paks II. Mar is léir ó na cinntí a rinne an Chúirt Ghinearálta i míreanna 6 go 8 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, bhí téarma dámhachtana den sórt sin fíor-riachtanach chun cuspóir na cabhrach arna sainmhíniú amhlaidh a bhaint amach. | 
| 73 | De réir na dtorthaí sin, gheall Cónaidhm na Rúise iasacht a thabhairt don Ungáir chun forbairt an dá imoibreoir núicléacha nua de chuid stáisiúin cumhachta núicléiche Paks a mhaoiniú, a ndéanfadh JSC NIAEP, arna ainmniú ag Cónaidhm na Rúise, iad a thógáil, ar an tuiscint gur ghá do Bhanc Forbartha agus Gnóthaí Eacnamaíocha Eachtracha na Rúise formhór na gcistí is gá don fhorbairt sin a bheith i seilbh Bhanc Forbartha agus Gnóthaí Eacnamaíocha Eachtracha na Rúise agus go ndéanfadh an Banc sin íocaíochtaí le JSC NIAEP, arna iarraidh sin do chuideachta Paks II, as gach céim de thógáil na n‑imoibreoirí sin a mheastar a bheith comhlíonta. Dá bhrí sin, is éard a bhí san iasacht líne creidmheasa imrothlaigh EUR 10 mbilliún, a raibh a húsáid teoranta go heisiach do dhearadh, tógáil agus coimisiúnú na n‑imoibreoirí nua sin. Ina theannta sin, bhí an méid breise EUR 2.5 billiún ó bhuiséad na hUngáire féin, a bhí riachtanach chun an fhorbairt sin a mhaoiniú, le híoc go díreach le JSC NIAEP arna iarraidh sin do chuideachta Paks II, sa chás sin ag gníomhaireacht bainistithe fiachais rialtais an Bhallstáit sin. | 
| 74 | Leis an bhfoirmle mhaoinithe sin, a bhí beartaithe go sonrach chun na himoibreoirí nua a fhorbairt d’fhonn iad a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II agus lena ndearnadh foráil maidir le cistí a scaoileadh de réir a chéile chuig JSC NIAEP de réir mar a rinneadh dul chun cinn ar an obair thógála ar an dá imoibreoir núicléacha nua lena mbaineann, deimhnítear go raibh baint dhoscaoilte ag dámhachtain dhíreach an chonartha chun na himoibreoirí sin a thógáil ar an gcuideachta deiridh sin leis an bhforáil sin. | 
| 75 | Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 52 den bhreithiúnas seo, d’fhéadfadh aon sárú ar fhorálacha nó ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, amhail rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí, mar gheall ar an téarma doscartha sin den bheart cabhrach atá i gceist, cosc a chur ar dhearbhú an bhirt sin a bheith ag luí leis an margadh inmheánach, i gcomhthéacs nós imeachta arna sheoladh faoi Airteagal 108 CFAE. | 
| 76 | Bhí gá níos mó fós le hanailís ar chomhréireacht dhámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil leis an reachtaíocht sin ós rud é gur dócha, mar a áitíonn Poblacht na hOstaire i gceart, go mbeadh tionchar, inter alia, ar chostas na hinfheistíochta is gá don fhoirgníocht sin agus ar réadmhaoin an bhonneagair sin agus, dá bhrí sin, ar mhéid aon bhuntáiste a thugtar do ghnóthas nó do ghrúpa gnóthas tríd an modh sin ag nós imeachta tairisceana atá oscailte, neamhchlaonta agus neamhchoinníollach chun conradh a dhámhachtain chun bonneagar a thógáil (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnais an 24 Deireadh Fómhair 2013, Land Burgenland agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑214/12 P, C‑215/12 P agus C‑223/12 P, EU:C:2013:682, mír 94; an 7 Márta 2018, SNCF Mobilités v an Coimisiún, C‑127/16 P, EU:C:2018:165, mír 140, agus an 17 Samhain 2022, Volotea agus easyJet v an Coimisiún, C‑331/20 P agus C‑343/20 P, EU:C:2022:886, mír 126 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 77 | Is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach faoin gCoimisiún atá sé an fhaisnéis go léir a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcás os a chomhair a lorg, ar a thionscnamh féin agus in éagmais aon fhianaise chuige sin, fiú má tá an fhaisnéis sin san fhearann poiblí (breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2024, an tSlóivéin v an Coimisiún, C‑447/22 P, EU:C:2024:678, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear). Mar sin féin, sa chás seo, mar is léir ó aithrisí 279 go 287 den chinneadh atá faoi chonspóid, dá dtagraítear i mír 25 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, d’ardaigh roinnt páirtithe leasmhara an cheist maidir le comhoiriúnacht dhámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil le rialacha soláthair phoiblí an Aontais le linn an nós imeachta as ar eascair an cinneadh atá faoi chonspóid. | 
| 78 | Dá bhrí sin, ní mór a mheas, ar an gcéad dul síos, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí, i mír 38 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh an Coimisiún i dteideal a chinneadh nach raibh dlíthiúlacht an chinnidh atá faoi chonspóid ag brath ar chomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí ag an Ungáir ós rud é, fiú dá bhféadfadh úsáid nós imeachta tairisceana athrú a dhéanamh ar mhéid na cabhrach, nach mbeadh aon éifeacht aige sin ann féin ar an mbuntáiste a bhain leis an gcabhair sin dá thairbhí, arb é atá ann dhá imoibreoir núicléacha nua a chur ar fáil saor in aisce do chuideachta Paks II chun iad a oibriú. Tá cinneadh den sórt sin ar neamhréir leis an bhfíoras go raibh an téarma arbh é dámhachtain dhíreach an chonartha chun na himoibreoirí sin a thógáil nasctha go doscaoilte leis an gcur ar fáil sin agus, dá bhrí sin, ba ghá í a áireamh sa scrúdú ar chomhoiriúnacht an bhirt cabhrach atá i gceist leis an margadh inmheánach, i gcomhthéacs an nós imeachta a rinneadh faoi Airteagal 108 CFAE. | 
| 79 | Ar an dara dul síos, tá cinneadh na Cúirte Ginearálta i mír 37 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ‘nach mbeadh éifeachtaí ag sárú ar na rialacha maidir le soláthar poiblí ach amháin ar an margadh chun stáisiúin cumhachta núicléiche a thógáil agus nach bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar an margadh a chumhdaítear le cuspóir an bhirt cabhrach’ earráideach freisin. Níl coinníoll amhail an coinníoll a leagtar amach sa mhír sin den bhreithiúnas atá faoi achomharc soiléir ar bhealach ar bith ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 52 den bhreithiúnas seo. Mar a mheabhraigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 56 dá Tuairim, is léir ó chásdlí na Cúirte, nuair a dhéanann an Coimisiún measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann cabhair bheartaithe an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 107(3)(c) CFAE nach mór nach ndéantar dochar do choinníollacha trádála a mhéid a bheadh contrártha leis an leas coiteann, nach mór dó na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair sin ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Ballstáit i gcoitinne a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, an Ostair v an Coimisiún, C‑594/18 P, EU:C:2020:742, mír 101). | 
| 80 | Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh nach mór don Choimisiún sárú ar fhoráil de dhlí an Aontais a d’fhéadfadh iomaíocht i margadh eile a shaobhadh, ach atá nasctha leis an sárú a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach a dtugtar fógra ina leith, a chur san áireamh agus scrúdú á dhéanamh aige ar chomhoiriúnacht an bhirt sin leis an margadh inmheánach. Is amhlaidh atá, sa chás seo, maidir le haon saobhadh iomaíochta ar an margadh chun stáisiúin núicléacha a thógáil a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhámhachtain an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil ag stáisiún Paks de shárú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí, ós rud é gur téarma a bhí sa dámhachtain sin nach féidir a scaradh ó chuspóir an bhirt cabhrach atá i gceist. | 
| 81 | Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo, i bhfianaise chonclúid phríomhúil an Choimisiúin sa chinneadh atá faoi chonspóid nach raibh sé de cheangal air scrúdú a dhéanamh an raibh dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, ar an gcéad dul síos, i mír 36 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár chumhdaíodh tógáil an dá imoibreoir nua sin le cuspóir an bhirt cabhrach atá i gceist agus, ar an dara dul síos, i mír 39 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún a mheas nach ionann dámhachtain an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua sin a thógáil agus téarma na cabhrach sin a raibh dlúthbhaint aige léi. | 
| 82 | Dá thoradh sin, ba cheart seasamh leis an gcéad chuid agus leis an dara cuid den chéad fhoras achomhairc. | 
| 83 | Mar sin féin, ba cheart scrúdú a dhéanamh freisin ar an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc seo, trína gcuireann Poblacht na hOstaire i gcoinne scrúdú na Cúirte Ginearálta ar chonclúid an Choimisiúin, ar mhaithe le hiomláine, go bunúsach, nach raibh aon sárú ar Threoir 2014/25 i gceist, in aon chás, le dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil. | 
2. An tríú cuid den chéad fhoras achomhairc
(a) Argóintí na bpáirtithe
| 84 | Leis an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc, cuireann Poblacht na hOstaire, le tacaíocht ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, i gcoinne mhíreanna 40 go 50 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go háirithe mír 41 den bhreithiúnas sin, inar chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, go bunúsach, fiú dá gcinnfí go bhféadfaí dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléach nua a thógáil a aicmiú mar théarma doscartha den bheart cabhrach atá i gceist nó dá chuspóir, go raibh sé de cheart ag an gCoimisiún a mheas, in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféadfadh sé tagairt a dhéanamh, ar mhaithe le hiomláine, dá mheasúnú ina leith sin faoi nós imeachta um shárú 2015. Sonraíonn Poblacht na hOstaire, mar is léir ó mhír 40 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur thug an Coimisiún faoi deara, in aon chás, go ndearnadh measúnú ar chomhlíonadh reachtaíocht soláthair phoiblí an Aontais ag an Ungáir i gcomhthéacs an nós imeachta um shárú sin, arbh é a réamhchonclúid nach raibh na nósanna imeachta a leagtar síos le Treoir 2014/25 infheidhme maidir le dámhachtain an chonartha foirgníochta sin ar bhonn Airteagal 50(c) den Treoir sin. | 
| 85 | Dar le Poblacht na hOstaire, ní hionann tagairt do nós imeachta um shárú neamhphoiblí críochnaithe, eadhon nós imeachta um shárú 2015, agus ráiteas leordhóthanach ar chúiseanna, go háirithe ós rud é gur cuireadh barúlacha maidir le sárú féideartha ar an dlí soláthair phoiblí faoi bhráid an Choimisiúin sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid. Deimhnítear an cinneadh sin leis an bhfíoras go raibh ar an gCúirt Ghinearálta a iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis beart eagrúcháin nós imeachta, na doiciméid ábhartha a bhaineann le nós imeachta um shárú 2015 a chur ar fáil di, nach bhféadfadh sí a shuí dá uireasa an ndearnadh sárú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí. | 
| 86 | Thairis sin, áitíonn Poblacht na hOstaire nach mór an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 50(c)(ii) de Threoir 2014/25 a léiriú go docht. Is dócha go raibh ceanglais theicniúla an tionscadail atá i gceist, a dhíríonn ar ghnéithe slándála, teoranta go saorga do shamhail tógála na Rúise chun cistiú ón Rúis a fháil. | 
| 87 | I ndáil leis sin, áitíonn Poblacht na hOstaire, murab ionann agus an méid a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 38 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nár cheart di a léiriú go bhféadfadh tairgeoirí eile an dá imoibreoir núicléacha nua a sholáthar ‘faoi choinníollacha níos fearr nó ar phraghas níos ísle’. | 
| 88 | Ar deireadh, áitíonn Poblacht na hOstaire nach gcuireann prionsabal res judicata ná prionsabal na deimhneachta dlíthiúla cosc ar nós imeachta um shárú críochnaithe a athoscailt tráth ar bith. Dá bhrí sin, dar léi, dá gcinnfeadh an Coimisiún sa chás seo, i gcomhthéacs a mheasúnaithe ar an mbeart cabhrach atá i gceist, go ndearnadh sárú ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais, ní bheadh aon rud ann chun cosc a chur air tús a chur le nós imeachta um shárú nua i gcoinne na hUngáire. | 
| 89 | Maíonn an Coimisiún go raibh sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh, i mír 41 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhféadfadh sé brath ar nós imeachta um shárú críochnaithe. Is léir ón bhfianaise a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, tar éis beart eagrúcháin nós imeachta, go raibh údar le dámhachtain dhíreach thógáil an dá imoibreoir núicléacha nua ar chúiseanna teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 50(c) de Threoir 2014/25 ‘do chodanna bunriachtanacha an tionscadail’. Áitíonn an Coimisiún, chun teacht ar réiteach sásúil, gur chuir an Ungáir in iúl freisin go raibh sí réidh chun gníomhú ar bhealach trédhearcach ‘maidir leis an gcuid is mó de na codanna eile den tionscadal’. Leis an ngealltanas sin, ‘cuireadh ar chumas an Choimisiúin deireadh a chur leis an nós imeachta um shárú’. Ina theannta sin, dá ndéanfaí scrúdú ar cé chomh comhoiriúnach agus a bhí dámhachtain dhíreach thógáil an dá imoibreoir nua sin le dlí an Aontais i gcomhthéacs an nós imeachta as ar eascair an cinneadh atá faoi chonspóid i gcás go ndearna sé amhlaidh cheana in imeachtaí um shárú, bhainfí an bonn d’úsáid éifeachtúil acmhainní an Choimisiúin. | 
| 90 | De réir an Choimisiúin, is ionann cinneadh na hUngáire anseo agus ‘cinneadh straitéiseach ceannasach de chuid an Bhallstáit’, nach raibh aon chúis aige agóid a dhéanamh ina choinne. Tá údar leis an gcinneadh sin freisin mar gheall ar an taithí a fuarthas roimhe sin leis an monaróir lena mbaineann agus, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 46 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dheimhnigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus saineolaithe Ard-Stiúrthóireacht (AS) ‘Fuinneamh’ an Choimisiúin uathúlacht theicniúil an imoibreora VVER 1200 arna tháirgeadh ag an monaróir sin agus arna roghnú ag an Ungáir. Thairis sin, ós rud é nach raibh ach conraitheoir amháin ann le haghaidh na gcodanna fíor-riachtanacha den tionscadal, bheadh údar maith leis an gconradh iomlán atá i gceist a dhámhachtain ar an monaróir. | 
| 91 | Maíonn an Coimisiún nach leor do Phoblacht na hOstaire sárú ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais a thabhairt faoi deara, ós rud é, go háirithe, sa chás seo, ‘gur léirigh measúnú margaidh nach raibh aon soláthróir eile ar fáil’. Dá bhrí sin, níor iarr an Chúirt Ghinearálta ar Phoblacht na hOstaire ‘fianaise dhodhéanta’ a chur ar fáil, ach chinn sí, i mír 64 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur faoin mBallstát sin a bhí sé, in imthosca an cháis seo, fianaise a thíolacadh a léiríonn go raibh réiteach eile ann chun an dá imoibreoir nua sin a thógáil. | 
| 92 | Thairis sin, leis an bhfianaise a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Cúirte Ginearálta maidir le himeachtaí um shárú 2015 (féach mír 34 den bhreithiúnas seo), léiríodh go soiléir go raibh údar le dámhachtain dhíreach thógáil na n‑imoibreoirí sin maidir le codanna bunriachtanacha an tionscadail atá i gceist. Dar leis an gCoimisiún, chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart, i mír 47 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go mbeadh sé contrártha le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla seasamh a ghlacadh, sa chinneadh atá faoi chonspóid, atá contrártha leis an seasamh a mhol an Coimisiún i nós imeachta um shárú 2015. | 
| 93 | Ar deireadh, ag an éisteacht os comhair na Cúirte, d’áitigh an Coimisiún, tráth na dámhachtana, in 2014, gurbh é JSC NIAEP an t‑aon soláthróir amháin a bhí ar fáil don teicneolaíocht núicléach lena mbaineann agus gurbh í an teicneolaíocht sin an teicneolaíocht ab iomchuí, nó an t‑aon cheann amháin, chun an tionscadal atá i gceist a chur i gcrích. Mhínigh sé nach raibh aon teicneolaíocht eile in ann na sonraíochtaí teicniúla a chomhlíonadh i ndáil leis na 2400 meigeavata a bhí oiriúnach do mhargadh na hUngáire agus gur ar an gcúis sin nár mhór an dá imoibreoir núicléacha nua a mheas mar chuid de chuspóir na cabhrach atá i gceist. Ina theannta sin, ba cheart don Chúirt a measúnú a dhéanamh i ndáil le staid an mhargaidh maidir le himoibreoirí núicléacha a thógáil in 2017. Ag an am sin, níor cuireadh ach imoibreoirí leis an teicneolaíocht sin in oiriúint do stáisiún Paks, mura mbeadh ann ach cúiseanna sábháilteachta. | 
| 94 | Áitíonn Poblacht na Fraince, a mhéid a líomhnaíonn Poblacht na hOstaire gur mainníodh cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, go bhfuil a hargóint do-ghlactha, a mhéid nár chuir an Ballstát sin argóint den sórt sin ar aghaidh os comhair na Cúirte Ginearálta. I ndáil leis sin, maíonn an Coimisiún, ina athfhreagra, nach maíonn Poblacht na hOstaire fiú go bhfuil mír 40 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc, a bhaineann le nós imeachta um shárú 2015, curtha ó bhail mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua. Áitíonn Poblacht na Polainne go bhfuil aon argóint arna cur chun cinn ag Poblacht na hOstaire chun agóid a dhéanamh i gcoinne chinntí fíorais na Cúirte Ginearálta maidir le himeachtaí um shárú 2015 do-ghlactha. | 
| 95 | In aon chás, measann Poblacht na Fraince gur luaigh an Coimisiún, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, na cúiseanna atá leis an gcinneadh atá faoi chonspóid maidir le comhlíontacht na hUngáire le Treoir 2014/25. A mhéid a ceapadh na forais chomhfhreagracha ‘ar mhaithe le hiomláine amháin’, bhí sé de rogha ag an gCoimisiún ráiteas teoranta ar chúiseanna a ghlacadh, gan Airteagal 296 CFAE a shárú, agus an ceanglas maidir le cúiseanna a lua a thabhairt le chéile le rúndacht na n‑ábhar a bhaineann le nós imeachta um shárú atá críochnaithe. I ndáil leis sin, áitíonn Poblacht na Polainne, i bhfianaise íogaireacht na faisnéise lena mbaineann, nach bhféadfadh Poblacht na hOstaire a bheith ag súil go réasúnta go gcuirfí ar fáil don phobal í. | 
(b) Measúnú na Cúirte Breithiúnas
| 96 | Leis an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc, cáineann Poblacht na hOstaire an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, as earráid dlí a dhéanamh nuair a chinn sí gur luaigh an Coimisiún, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, na cúiseanna lena chinneadh ar mhaithe le hiomláine in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid. San aithris sin, chuir an Coimisiún in iúl, go bunúsach, fiú dá gceanglófaí air scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhámhachtain dhíreach thógáil an dá imoibreoir núicléacha nua le rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí, nár sáraíodh Treoir 2014/25, a mhéid a tháinig an dámhachtain dhíreach sin faoi raon feidhme Airteagal 50(c) di. | 
| 97 | Ar an dara dul síos, braitheann Poblacht na hOstaire ar shraith argóintí atá dírithe ar chinneadh an Choimisiúin nach ndearnadh aon sárú ar Threoir 2014/25. | 
| 98 | Maidir leis na hargóintí a chuir Poblacht na Fraince chun cinn go háirithe maidir le hinghlacthacht an ghearáin lena n‑éilítear mainneachtain cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, is leor a thabhairt faoi deara gur líomhain Poblacht na hOstaire, leis an gcéad chuid den deichiú saincheist dlí a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, gur mainníodh cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Thairis sin, is léir ó mhír 41 den bhreithiúnas atá faoi achomharc go ndearna Poblacht na hOstaire argóint shainráite os comhair na Cúirte Ginearálta freisin, gur thagair an Coimisiún, ar mhaithe le hiomláine, in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid, don mheasúnú a rinne sé i gcomhthéacs nós imeachta um shárú 2015. | 
| 99 | In aon chás, is saincheist dlí a bhaineann leis an mbeartas poiblí é mainneachtain cúiseanna a lua, arb ionann é agus sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta, a fhéadfar a scrúdú ag céim ar bith de na himeachtaí, fiú más rud é gur mhainnigh an páirtí atá ag brath air déanamh amhlaidh os comhair na Cúirte Ginearálta (féach, chuige sin, breithiúnais an 1 Iúil 2008, Chronopost agus La Poste v UFEX agus páirtithe eile, C‑341/06 P agus C‑342/06 P, EU:C:2008:375, míreanna 48 go 50, agus an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún, C‑542/18 RX-II agus C‑543/18 RX-II, EU:C:2020:232, mír 57). | 
| 100 | Dá réir sin, tá an gearán lena n‑éilítear nár cinneadh gur mainníodh cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, a ardaíodh i gcomhthéacs an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc, inghlactha. | 
| 101 | Maidir le bunús na n‑argóintí a cuireadh chun cinn i gcomhthéacs an tríú cuid sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, gur ceanglas riachtanach nós imeachta í an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos in Airteagal 296 CFAE nach mór a idirdhealú ón gceist an bhfuil bunús maith leis na cúiseanna, a théann chuig dlíthiúlacht shubstainteach an bhirt atá i gceist. Caithfidh an ráiteas ar na cúiseanna a cheanglaítear freisin leis an Airteagal sin a bheith oiriúnach do chineál an ghnímh i dtrácht agus go gcaithfidh sé a léiriú go soiléir gan aon débhrí réasúnaíocht na hinstitiúide a ghlac an gníomh sin, chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann na cúiseanna atá leis an mbeart a glacadh a fháil amach agus don chúirt inniúil a hathbhreithniú a fheidhmiú. I ndáil leis sin, ní cheanglaítear go sonrófar sa ráiteas cúiseanna na hábhair fíorais agus dlí go léir atá ábhartha, ós rud é nach mór an cheist an gcomhlíonann an ráiteas cúiseanna le haghaidh gnímh ceanglais an Airteagail sin a mheasúnú, ní hamháin i bhfianaise a fhoclaíochta, ach a chomhthéacs freisin agus na rialacha dlíthiúla go léir a rialaíonn an t‑ábhar lena mbaineann (féach breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, an Coimisiún v Éire agus páirtithe eile, C‑465/20 P, EU:C:2024:724, míreanna 389, 391 agus 392 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 102 | I bhfianaise an chásdlí sin, is gá a scrúdú an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag cinneadh, go bunúsach, go raibh cúiseanna leordhóthanacha leis an gconclúid a leagtar amach in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, tríd an tagairt a dhéantar ann do nós imeachta um shárú 2015. | 
| 103 | Ba cheart a mheabhrú, leis an aithris sin, nár luaigh an Coimisiún ach ‘go ndearna an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh Threoir [2014/25] ag an Ungáir faoi nós imeachta ar leithligh, inar thángthas ar an réamhchonclúid ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil nach mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta a bunaíodh leis an Treoir [sin] [...] maidir le dámhachtain oibreacha foirgníochta do dhá imoibreoir ar bhonn Airteagal 50(c) di’. | 
| 104 | Is fíor, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 70 dá Tuairim, go bhféadfar nós imeachta um shárú agus nós imeachta faoi Airteagal 108 CFAE a chomhcheangal i gcás ina dtagann beart Stáit faoi raon feidhme na bhforálacha maidir le Státchabhair agus fhorálacha eile an Chonartha ag an am céanna. | 
| 105 | Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú freisin gur chinn an Chúirt nach bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún, faoi nós imeachta um shárú, cearta agus oibleagáidí Ballstáit a chinneadh go cinntitheach ná ráthaíochtaí a thabhairt dó maidir le comhoiriúnacht iompair ar leith le dlí an Aontais, ós rud é, faoi Airteagal 260(1) CFAE, gurb í an Chúirt amháin atá inniúil chun a chinneadh gur mhainnigh Ballstát ceann dá oibleagáidí faoi na Conarthaí a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, maidir le cinneadh an Choimisiúin deireadh a chur le nós imeachta um shárú i gcoinne Ballstáit, arb ionann é agus feidhmiú a lánrogha, nach féidir leis an gCúirt athbhreithniú breithiúnach a fheidhmiú ina leith, ní féidir leis a bheith cinntitheach chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta nó an bhirt náisiúnta a bhí ina ábhar don nós imeachta sin le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Tecno*37, C‑242/23, EU:C:2024:831, míreanna 29, 32 agus 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 106 | Dá bhrí sin, sa chás seo, is fíor nár chuir aon ní cosc ar an gCoimisiún tagairt a dhéanamh, sa chinneadh atá faoi chonspóid, do nós imeachta um shárú 2015 agus, go háirithe, do na conclúidí ar tháinig sé orthu ag deireadh na measúnuithe a rinneadh ar an ócáid sin, agus faisnéis nó fianaise a d’fhéadfadh a bheith faighte aige ó dhúnadh an nós imeachta sin agus roimh ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid á gcur san áireamh, más iomchuí. | 
| 107 | Os a choinne sin, ag féachaint don chásdlí dá dtagraítear i mír 105 den bhreithiúnas seo, ní féidir ceanglais Airteagal 296 CFAE a chomhlíonadh trí thagairt amháin a dhéanamh do nós imeachta um shárú den sórt sin agus don fhoráil atá, de réir an Choimisiúin, infheidhme maidir leis an gcás seo, gan aon léiriú ar na tosca sonracha eile arna gcur san áireamh ag an institiúid sin ná ar an modheolaíocht ar tháinig sí ar a conclúid. | 
| 108 | Mar is léir ó mhír 103 den bhreithiúnas seo, níl aon fhianaise sna forais a leag an Coimisiún amach in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid lena bhféadfaí réasúnaíocht na hinstitiúide sin a nochtadh ar bhealach soiléir agus aonchiallach, rud a chuir ar a cumas a chinneadh go raibh dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir nua a thógáil ag stáisiún Paks i gcomhréir le Treoir 2014/25. | 
| 109 | Ní féidir a thuiscint ón gcúis sin cén fáth gur bhraith an Coimisiún ar an Treoir sin sa chinneadh atá faoi chonspóid, cé, i gcomhréir le hAirteagal 106(1) agus le hAirteagal 107(1) den Treoir sin, gurbh é an 18 Aibreán 2016 an teorainn ama chun í a thrasuí agus nár aisghaireadh Treoir 2004/17 ach le héifeacht ón dáta sin. Is amhlaidh atá go háirithe ós rud é, agus é á cheistiú ag an gCúirt ag an éisteacht, gur luaigh an Coimisiún go raibh Treoir 2004/17 infheidhme ratione temporis maidir leis an gcás seo. | 
| 110 | In aon chás, fiú dá gcuirfeadh an Chúirt Ghinearálta san áireamh, ina measúnú, ní hamháin aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid, ach aithris 372 de freisin, mar a d’iarr an Coimisiún uirthi a dhéanamh (féach mír 34 den bhreithiúnas seo), ní mór a thabhairt faoi deara nach léirítear leis an aithris sin aon ghnéithe den údar dá dtagraítear i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas seo ach an oiread. Tagann aithris 372 den chinneadh sin faoin gcuid den chinneadh sin lena ndéileáiltear leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag oibriú comhthreomhar na n‑imoibreoirí núicléacha atá ann cheana ag stáisiún Paks agus an dá imoibreoir núicléacha nua. Cé go luaitear ann go mbeadh sé seo an chéad uair a bhainfí úsáid an teicneolaíocht a roghnaíodh chun an dá imoibreoir núicléacha nua sin a thógáil san Eoraip agus ‘go [bhfaighfí] an chuid den tionscadal nach bhfuil díolmhaithe go teicniúil [...] de réir cheanglais soláthair an Aontais Eorpaigh’, luaitear na heilimintí sin i gcomhthéacs bharúlacha na hUngáire gan tacaíocht shainráite ón gCoimisiún ina leith. | 
| 111 | Ina theannta sin, maidir leis an bhfianaise a fuarthas mar thoradh ar bheart eagrúcháin nós imeachta, a chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh i míreanna 42 go 46 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dá dtagraítear i mír 34 den bhreithiúnas seo, agus an fhianaise ar ar bhraith an Coimisiún ag an éisteacht os comhair na Cúirte Breithiúnais, dá dtagraítear i mír 93 den bhreithiúnas seo, is leor a thabhairt faoi deara nach féidir leis an bhfíoras gur chuir an Coimisiún, le linn na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair na Cúirte Breithiúnais araon, an fhaisnéis sin ar fáil, de réir mar a bheidh, lena bhféadfaí cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, neamhdhóthanacht na gcúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin a chúiteamh. Ach amháin in imthosca eisceachtúla, ní féidir an ráiteas ar chúiseanna a mhíniú den chéad uair ex post facto os comhair na Cúirte (féach, de réir analaí, breithiúnas an 11 Bealtaine 2023, an Coimisiún v Sopra Steria Benelux agus Unisys Belgium, C‑101/22 P, EU:C:2023:396, mír 88 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ní léir imthosca den sórt sin ón mbreithiúnas atá faoi achomharc agus ní léir iad ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais ach an oiread. | 
| 112 | Sna himthosca sin, ní mór a mheas gur trí earráid dlí a dhéanamh a chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 48 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur bhraith an Coimisiún, sa chás seo, i gceart, ar mhaithe le hiomláine, ar thoradh nós imeachta um shárú 2015. | 
| 113 | Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir an cás seo a chur i gcomparáid leo siúd as ar eascair breithiúnais an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services (C‑758/21 P, EU:C:2023:917), agus an 23 Eanáir 2025, Neos v Ryanair agus an Coimisiún (C‑490/23 P, EU:C:2025:32). | 
| 114 | Is fíor, i mír 97 de bhreithiúnas an 23 Samhain 2023, Ryanair agus Airport Marketing Services (C‑758/21 P, EU:C:2023:917), gur áitigh an Chúirt, i nós imeachta a rinneadh faoi Airteagal 108 CFAE, go bhféadfadh an Coimisiún a oibleagáid cúiseanna a lua a chomhlíonadh gan é a bheith riachtanach freagra a thabhairt ar argóintí páirtithe leasmhara seachas an Ballstát lena mbaineann, a mhéid go raibh sé intuigthe ar a laghad sa chinneadh atá faoi chonspóid sa chás as ar eascair an breithiúnas sin gur mheas an Coimisiún nach bhféadfaí glacadh leis na hargóintí ar a raibh na páirtithe sin ag brath. Mar sin féin, mar is léir ó mhíreanna 92 agus 93 den bhreithiúnas sin, ba iad na páirtithe sin seolaithe na ndoiciméad a sheol an Coimisiún agus ba chóir go raibh siad in ann an fhianaise a bhaint ón ndoiciméid sin arb ionann í agus an fhianaise nár léirigh an Coimisiún go sonrach sa chinneadh sin dar leo. | 
| 115 | Ní hamhlaidh atá sa chás seo, ós rud é nár suíodh go raibh na heilimintí go léir den nós imeachta um shárú a d’fhéadfadh na heasnaimh in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid a chúiteamh ina leith sin ar fáil go poiblí nó, ar a laghad, go raibh siad inrochtana do na páirtithe leasmhara a ghlac páirt sa nós imeachta arna sheoladh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 108(2) CFAE. | 
| 116 | Ní féidir an cás seo a chur i gcomparáid leis an gcás as ar eascair breithiúnas an 23 Eanáir 2025, Neos v Ryanair agus an Coimisiún (C‑490/23 P, EU:C:2025:32), ach an oiread. Mar is léir ó mhíreanna 35 agus 51 den bhreithiúnas sin, chuir an Chúirt, sa chás sin, an cásdlí i bhfeidhm ar dá réir nach mór do chinneadh gan agóidí a dhéanamh i gcoinne beart cabhrach faoi Airteagal 108(3) CFAE, a glacadh, ina theannta sin, laistigh de thréimhse ghearr ama, ach na cúiseanna a measann an Coimisiún nach bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na cabhrach lena mbaineann leis an margadh inmheánach a leagan amach. Ní féidir, in aon chás, an cásdlí sin a thrasuí sa chás seo, ós rud é nár glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid ag deireadh na céime réamhscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 108(3) CFAE. | 
| 117 | Thairis sin, ní féidir go n‑éireoidh le hargóint Phoblacht na Fraince a leagtar amach i mír 95 den bhreithiúnas seo, lena maíonn an Ballstát sin, go bunúsach, nuair a thagraíonn sé do nós imeachta um shárú atá críochnaithe, go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún prionsabal na rúndachta a chomhlíonadh, a d’fhéadfadh údar a thabhairt le ráiteas gonta ar chúiseanna i ndáil leis sin chun ceanglais Airteagal 296 CFAE a chomhlíonadh. I ndáil leis sin, is leor a mheabhrú, de réir an chásdlí, cé go bhféadfadh cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair, i bhfianaise oibleagáid den sórt sin, a bheith réasúnaithe go leordhóthanach gan an fhaisnéis go léir ar a bhfuil réasúnaíocht na hinstitiúide sin bunaithe a chur san áireamh, ní mór dó, mar sin féin, an réasúnaíocht a leanann an institiúid sin agus an mhodheolaíocht a úsáideann sí a nochtadh ar bhealach soiléir agus aonchiallach chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann na cúiseanna atá leis an gcinneadh a fháil amach agus chun a chur ar chumas Chúirteanna an Aontais Eorpaigh a gcumhacht athbhreithnithe a fheidhmiú ina leith sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v Landesbank Baden‑Württemberg agus BRA, C‑584/20 P agus C‑621/20 P, EU:C:2021:601, mír 111 agus an cásdlí dá dtagraítear). | 
| 118 | Dá bhrí sin, ní mór seasamh leis an tríú cuid den chéad fhoras achomhairc, a mhéid a líomhnaítear gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta cúiseanna a lua leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. | 
| 119 | Is léir ón méid sin roimhe seo, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, trí earráid dlí a dhéanamh, go bhféadfadh an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, brath ar na forais a leag an institiúid sin amach go príomha, ar dá réir nach raibh sé de cheangal air, sa chás seo, scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhámhachtain dhíreach thógáil an dá imoibreoir núicléacha nua le rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí. Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin agus í ag cinneadh gur thug an Coimisiún cúiseanna leordhóthanacha, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, lena chonclúid ar mhaithe le hiomláine in aithris 285 den chinneadh atá faoi chonspóid. | 
| 120 | Dá bhrí sin, ós rud é nach mór seasamh leis an gcéad fhoras achomhairc, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, gan aon ghá scrúdú a dhéanamh ar na gearáin eile a cuireadh ar aghaidh i gcomhthéacs an chéad fhorais achomhairc sin agus na bhforas achomhairc eile. | 
B. An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta
| 121 | De réir na chéad fhomhíre d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid. | 
| 122 | Sa chás seo, ceadaítear sin le staid na n‑imeachtaí, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis is gá ag an gCúirt chun breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an gcaingean arna tionscnamh ag Poblacht na hOstaire. | 
| 123 | Is léir ó mhíreanna 78 go 81, 112, 118 agus 119 den bhreithiúnas seo go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid curtha ó bhail, ar an gcéad dul síos, mar gheall ar earráid dlí maidir le dearbhú an Choimisiúin nach raibh sé de cheangal air a fhíorú, sa chás seo, an raibh dámhachtain dhíreach an chonartha chun an dá imoibreoir núicléacha nua a thógáil i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí agus, ar an dara dul síos, mainneachtain cúiseanna a lua a mhéid a mheas an institiúid sin, in aon chás, nach raibh uirthi ach tagairt a dhéanamh do nós imeachta um shárú 2015 chun údar a thabhairt lena chinneadh, ar mhaithe le hiomláine, nár sáraíodh na rialacha sin mar thoradh ar an dámhachtain dhíreach sin. | 
| 124 | Dá bhrí sin, ní mór seasamh, ar an gcéad dul síos, leis an gcéad saincheist dlí sa chaingean a tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta, lena n‑éilítear, go bunúsach, nár scrúdaigh an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, an raibh sárú ar rialacha an Aontais maidir le soláthar poiblí agus mainneachtain cúiseanna a lua maidir lena chonclúid ina leith sin ar mhaithe le hiomláine i gceist le dámhachtain dhíreach an chonartha chun dhá imoibreoir núicléacha nua a thógáil agus; agus ar an dara dul síos, leis an gcéad chuid den deichiú saincheist dlí sa chaingean sin, lena n‑éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296(2) CFAE, agus, dá bhrí sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine, gan aon ghá scrúdú a dhéanamh ar na gearáin eile a ardaíodh i gcomhthéacs an deichiú saincheist dlí sin, ná ar na saincheisteanna eile sa chaingean sin. | 
VII. Costais
| 125 | I gcomhréir le hAirteagal 184(2) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina bhfuil bunús maith leis an achomharc agus ina dtugann an Chúirt Bhreithiúnais féin breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith maidir le costais. | 
| 126 | Faoi Airteagal 138(1) de na Rialacha Nós Imeachta sin, a bhfuil feidhm aige maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) de, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. | 
| 127 | Sa chás seo, ós rud é nár éirigh leis an gCoimisiún agus go ndearna Poblacht na hOstaire iarratas ar chostais, ní mór a ordú don Choimisiún a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBallstát sin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc. | 
| 128 | I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, a bhfuil feidhm aige maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) díobh, íocfaidh na Ballstáit agus na hinstitiúidí a rinne idiragairt sna himeachtaí a gcostais féin. Dá bhrí sin, ordaítear do Phoblacht na Seice, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir agus Poblacht na Polainne a gcostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc. | 
| 129 | Ar deireadh, faoi Airteagal 184(4) de na Rialacha Nós Imeachta sin, i gcás nach ndearna idiragraí ag an gcéad chéim an t‑achomharc, ní ordófar dó na costais sna himeachtaí achomhairc a íoc ach amháin má ghlac sé páirt sa chuid i scríbhinn nó ó bhéal den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais. I bhfianaise na forála sin, ní mór a chinneadh go n‑íocfaidh Poblacht na Slóvaice agus Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann a gcostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim. | 
| Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: | 
| 
 | 
| 
 | 
| 
 | 
| 
 | 
| 
 | 
| Sínithe | 
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.