Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0504

    Cás T-504/22: Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (Fantasia BAHIA PRINCIPE HOTELS & RESORTS)

    IO C 380, 3.10.2022, p. 24–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 380/24


    Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – Levantur v EUIPO – Fantasia Hotels & Resorts (Fantasia BAHIA PRINCIPE HOTELS & RESORTS)

    (Cás T-504/22)

    (2022/C 380/29)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Levantur, SA (Murcia, an Spáinn) (ionadaithe: G. Marín Raigal, E. Armero Lavie agus C. Caballero Pastor, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Fantasia Hotels & Resorts, SL (Zaragoza, an Spáinn)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh BAHIA PRINCIPE HOTELS & RESORTS – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 365 016

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 20 Bealtaine 2022 i gCás R 1000/2021-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO, agus i gcás inarb iomchuí, don idiragraí (FANTASÍA HOTELS & RESORTS, SL) na costais arna dtabhú sa chás seo os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc;

    a ordú don iarratasóir ar dhearbhú neamhbhailíochta, FANTASÍA HOTELS & RESORTS, SL, na costais arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc R 1000/2021-1 agus sna himeachtaí cealaithe Uimh. 36483 C a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagail 16(1)(b), 7(2)(d), 8(5) agus 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún agus ar phrionsabal na hoibleagáide réasúin a shonrú, ar phrionsabal na deimhneachta dhlíthiúla agus ar phrionsabal an dea-riaracháin;

    Sárú ar Airteagail 60(1)(c), 8(4), 95(1) agus (97)(1)(f) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Airteagail 7, 2(d) agus 10(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún, agus an cásdlí lena mbaineann;

    Sárú ar Airteagal 8(1), 60(1)(c), agus 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top