Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0150

    Cás T-150/22: Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2022 – Lilly Drogerie v EUIPO – Lillydoo (LILLYDOO kids)

    IO C 198, 16.5.2022, p. 59–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 198, 16.5.2022, p. 43–43 (GA)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/43


    Caingean arna tabhairt an 21 Márta 2022 – Lilly Drogerie v EUIPO – Lillydoo (LILLYDOO kids)

    (Cás T-150/22)

    (2022/C 198/84)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasór: Lilly Drogerie d.o.o. Belgrade (Stari Grad) (Béalgrád, an tSeirbia) (ionadaí: E. Bojinova-Miller, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Lillydoo GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an marc LILLYDOO kids – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 495 352

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Eanáir 2022 i gCásanna uamtha R 903/2021-2 agus R 1298/2021-2

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir i ndáil leis an gcaingean seo a íoc.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top