This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TA0501
Case T-501/22: Judgment of the General Court of 7 February 2024 — Austria v Commission (EAGF and EAFRD — Expenditure excluded from financing — Expenditure incurred by Austria — Reduction coefficient — Article 24(6) of Regulation (EU) No 1307/2013 — Article 30(7)(b) of Regulation No 1307/2013 — Article 52(4)(a) of Regulation (EU) No 1306/2013 — Obligation to state reasons)
Cás T-501/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – an Ostair v an Coimisiún (‘CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an Ostair – Comhéifeacht laghdaithe – Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 – Airteagal 30(7)b de Rialachán Uimh. 1307/2013 – Dualgas cúiseanna a lua’)
Cás T-501/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – an Ostair v an Coimisiún (‘CERT agus CETFT – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an Ostair – Comhéifeacht laghdaithe – Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 – Airteagal 30(7)b de Rialachán Uimh. 1307/2013 – Dualgas cúiseanna a lua’)
IO C, C/2024/2297, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2297/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/2297 |
2.4.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2024 – an Ostair v an Coimisiún
(Cás T-501/22) (1)
(‘CERT agus CETFT - Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú - Caiteachas arna thabhú ag an Ostair - Comhéifeacht laghdaithe - Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 - Airteagal 30(7)b de Rialachán Uimh. 1307/2013 - Dualgas cúiseanna a lua’)
(C/2024/2297)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll agus A. Kögl, Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Aquilina agus A. Becker, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann Poblacht na hOstaire go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), (IO 2022, L 157, lch. 15), a mhéid a eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas de shuim iomlán EUR 68 146 449,98a dearbhaíodh faoi CERT ag Poblacht na hOstaire.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an gceartú airgeadais a shainaithnítear sa tábla atá i gceangal leis an gcinneadh sin faoin gcúis ‘cóineasú leithdháilte teidlíochtaí’ le haghaidh na mblianta airgeadais 2016 go 2020, a mhéid a bhaineann sé le caiteachas arna dhearbhú ag Poblacht na hOstaire faoi CERT roimh an 27 Samhain 2016. |
|
2) |
Díbhtear an chuid eile don chaingean. |
|
3) |
Ordaítear do Phoblacht na hOstaire agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2297/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)