Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0761

Cás C-761/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Bochum (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Verband Wirtschaft im Wettbewerb Verein für Lauterkeit in Handel und Industrie e.V. v Roller GmbH & Co. KG

IO C 94, 13.3.2023, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/22


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Bochum (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Verband Wirtschaft im Wettbewerb Verein für Lauterkeit in Handel und Industrie e.V. v Roller GmbH & Co. KG

(Cás C-761/22)

(2023/C 94/24)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Bochum

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Verband Wirtschaft im Wettbewerb Verein für Lauterkeit in Handel und Industrie e.V.

Cosantóir: Roller GmbH & Co. KG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An leanann cheana go díreach as Airteagal 6(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1369 (1) go bhfuil oibleagáid ar sholáthróirí agus déileálaithe táirgí dá bhfuil lipéadú fuinnimh ábhartha an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh a léiriú ina bhfógraíocht, gan choinníoll go ndéanfar an fhoráil sin a leagan amach go nithiúil i ngníomh tarmligthe?

2.

(a)

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1:

Ag glacadh leis go bhfuil oibleagáid ann cheana go díreach as Airteagal 6(1)(a) de Rialachán 2017/1369 ar sholáthróirí agus déileálaithe táirgí dá bhfuil lipéadú fuinnimh ábhartha an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh a léiriú ina bhfógraíocht, an gciallaíonn sin go bhfuil solúbthacht áirithe ag soláthróirí agus déileálaithe maidir le conas a léirítear sin go dtí go dtagann na gníomhartha tarmligthe nua i bhfeidhm?

(b)

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 2(a):

Cén rogha nó cé na roghanna i gcomhréir le dlí an Aontais atá ag soláthróirí agus déileálaithe chun an fhaisnéis atá ag teastáil maidir le haicme éifeachtúlachta fuinnimh nó réimse na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh a léiriú go dtí go dtagann na gníomhartha nua i bhfeidhm? An leor, más iomchuí, an aicme éifeachtúlachta fuinnimh i dteannta na scéime datha atá roghnaithe ag an gcosantóir de réir Iarscríbhinn K 1 a ghabhann leis an éileamh?

3.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1:

An bhfuil an oibleagáid ar sholáthróirí agus déileálaithe táirgí dá bhfuil lipéadú fuinnimh ábhartha an aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta fuinnimh a léiriú ina bhfógraíocht curtha ar fionraí ina hiomláine go dtí go dtagann na gníomhartha tarmlighte nua i bhfeidhm?


(1)  Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO 2017 L 198, lch. 1).


Top