Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0696

    Cás C-696/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) arna taisceadh an 8 Samhain 2022 – C SPRL v AJFP Cluj agus DGRFP Cluj-Napoca

    IO C 94, 13.3.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    13.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 94/11


    Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Cluj (an Rómáin) arna taisceadh an 8 Samhain 2022 – C SPRL v AJFP Cluj agus DGRFP Cluj-Napoca

    (Cás C-696/22)

    (2023/C 94/12)

    Teanga an cháis: an Rómáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Curtea de Apel Cluj

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: C SPRL

    Cosantóir: Administrația Județeană a Finanțelor Publice (AJFP) Cluj agus Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice (DGRFP) Cluj-Napoca

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An gcuirtear cosc le hAirteagail 63, 64 agus 66 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) ar chleachtas riaracháin arna dhéanamh ag údarás cánach – amhail an cleachtas atá i gceist sa chás seo, lenar forchuireadh oibleagáidí breise íocaíochta ar an duine inchánach, ar cuideachta ghairmiúil faoi dhliteanas teoranta (SPRL) é, trína bhféadfaidh riarthóirí imeachtaí dócmhainneachta a ngairm a fheidhmiú, – arb ionann é agus an teagmhas inmhuirearaithe agus an inmhuirearacht a shainmhíniú ag an tráth a soláthraíodh na seirbhísí in imeachtaí dócmhainneachta, cé gur chinn an chúirt dócmhainneachta nó cruinniú na gcreidiúnaithe táille an riarthóra dócmhainneachta, leis an toradh go bhfuil sé d’oibleagáid ar an duine inchánach sonraisc a eisiúint tráth nach déanaí ná an cúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa inar tharla an teagmhas inmhuirearaithe?

    2.

    An gcuirtear cosc le hAirteagail 63, 64 agus 66 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha ar chleachtas riaracháin arna dhéanamh ag údarás cánach, amhail an cleachtas atá i gceist sa chás seo, lenar forchuireadh oibleagáidí breise íocaíochta ar an duine inchánach, ar cuideachta ghairmiúil faoi dhliteanas teoranta (SPRL) é, trína bhféadfaidh riarthóirí imeachtaí dócmhainneachta a ngairm a fheidhmiú, – sa mhéid is nár eisigh sé sonraisc agus nár bhailigh sé CBL ach amháin ar an dáta a fuarthas íocaíochtaí i leith seirbhísí a soláthraíodh i gcomhthéacs na n-imeachtaí dócmhainneachta, cé gur chinn cruinniú ginearálta na gcreidiúnaithe go bhfuil íocaíocht tháille an riarthóra dócmhainneachta faoi réir infhaighteacht sócmhainní leachtacha i gcuntais na bhféichiúnaithe?

    3.

    I gcás comhaontú comhbhrandála idir cuideachta dlí agus an duine inchánach, an leor é, chun críocha an ceart asbhainte a dheonú, go léireoidh an duine inchánach, agus é ag suíomh gurb ann do nasc díreach agus láithreach idir an méid a cheannaigh an duine inchánach ionchuir agus na hidirbhearta aschuir, an méadú ar láimhdeachas/luach na n-idirbheart inchánach, tar éis an chomhaontaithe, gan aon fhianaise thacaíochta breise? Más ea, cad iad na critéir atá le cur san áireamh chun raon feidhme iarbhír an chirt asbhainte a chinneadh go sonrach?

    4.

    An gá prionsabal ginearálta dhlí an Aontais maidir le hurraim do chearta na cosanta a léirmhíniú mar phrionsabal a chiallaíonn, más rud é, i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin náisiúnta lena dtugtar rialú ar ghearán i gcoinne fógra measúnaithe lena suitear gur íocadh CBL breise, go glactar le hargóintí fíorasacha agus dlíthiúla breise i gcomparáid leo siúd a cuireadh i láthair sa tuarascáil iniúchta cánach ar ina leith a eisíodh an fógra measúnaithe cánach agus a deonaíodh bearta cosantacha eatramhacha don duine inchánach, go dtí go ndéanfaidh an chúirt a bhreithneoidh substaint an cháis, tríd an bhfiach a chur ar fionraí, go bhféadfaidh an chúirt a éistfidh an cás a chinneadh nár sáraíodh an prionsabal sin gan aon fhíorú eile a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh toradh difriúil a bheith mar thoradh ar an nós imeachta in éagmais na neamhrialtachta sin?


    (1)  Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).


    Top