Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0311

    Cás C-311/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Højesteret (an Danmhairg) a taisceadh an 10 Bealtaine 2022 – Anklagemyndigheden v PO agus Moesgaard Meat 2012 A/S

    IO C 276, 18.7.2022, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    18.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 276/7


    Iarraidh ar réamhrialú ón Højesteret (an Danmhairg) a taisceadh an 10 Bealtaine 2022 – Anklagemyndigheden v PO agus Moesgaard Meat 2012 A/S

    (Cás C-311/22)

    (2022/C 276/11)

    Teanga an cháis: an Danmhairgis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Højesteret

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Anklagemyndigheden

    Cosantóirí: PO agus Moesgaard Meat 2012 A/S

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1.

    An bhfuil pointe 6.4(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) le léirmhíniú amhail go bhfuil an próiseas trína ndéantar feolmhach, lena gcuirtear tús leis an ainmhí a bhaint ón sáinseán, é a stiúdadh agus é a mharú agus lena dtugtar chun deiridh leis na gearrthacha móra caighdeánacha a tháirgeadh, ionas go mbeidh meáchan an ainmhí lena mharú le ríomh sula mbainfear a muineál, a chrann, a orgáin agus a ionathar, i gceist le “táirgeadh conablaigh”, nó an ionann “táirgeadh conablaigh” agus táirgeadh conablach muice tar éis do na horgáin, don ionathar, don mhuineál agus don chrann a bhaint, agus tar éis dó a fhuiliú agus a fhuarú, rud a chiallaíonn nach mór do mheáchan an ainmhí lena mharú a ríomh ag an am sin amháin?

    2.

    An bhfuil pointe 6.4(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) le léirmhíniú amhail go bhfuil na laethanta ina ndéantar an mhuc lena mharú a stiúdadh, a mharú agus a scláradh le cur san áireamh agus méid na laethanta táirgthe a chuimsítear san acmhainn “in aghaidh an lae” a shocrú, nó an bhfuil na laethanta a dhéantar na hoibríochtaí lena réitítear an mhuc lena mharú, lena n-áirítear an t-ainmhí a ullmhú le feolmhach a dhéanamh de, an t-ainmhí lena mharú a fhuarú agus crann agus muineál an ainmhí a bhaint le cur san áireamh ann?

    3.

    An bhfuil pointe 6.4(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) le léirmhíniú amhail go bhfuil “acmhainn” seamlais le ríomh mar an t-uastháirgeadh in aghaidh an lae laistigh de 24 uair an chloig, faoi réir fhíorchloí na srianta fisiciúla, na srianta teicniúla agus na srianta dlíthiúla ag lucht an tseamlais, gan í a bheith níos ísle ná an méid táirgthe a bhaintear amach, nó an féidir le “[h]acmhainn” an tseamlais a bheith níos ísle ná an méid táirgthe a bhaintear amach, cuir i gcás, má bhaineadh an méid táirgthe amach beag beann ar na srianta fisiciúla, na srianta teicniúla agus na srianta dlíthiúla a dhéantar talamh slán díobh agus “acmhainn” an seamlais á ríomh?


    (1)  IO 2010 L 334, lch. 17.


    Top