Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0022

    Cás C-22/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 7 Eanáir 2022 – T. S.A. v Przewodniczący Krajowej Rady Radiofonii i Telewizji

    IO C 198, 16.5.2022, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 198, 16.5.2022, p. 17–17 (GA)

    16.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 198/17


    Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 7 Eanáir 2022 – T. S.A. v Przewodniczący Krajowej Rady Radiofonii i Telewizji

    (Cás C-22/22)

    (2022/C 198/30)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Najwyższy

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: T. S.A.

    Cosantóir: Przewodniczący Krajowej Rady Radiofonii i Telewizji

    An cheist a tharchuirtear:

    1.

    An gá Airteagal 20(2) de Threoir 2020/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc), (1) in éineacht le hAirteagal 4(1) den Treoir sin, agus Airteagail 11 agus 20 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léirmhíniú go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar chraoltóirí teilifíse amháin fógraí a chur ina gcláir do leanaí, ach nach gcuirtear aon toirmeasc den sórt sin ar chraoltóirí seirbhísí meán closamhairc ar éileamh?


    (1)  IO 2010 L 95, lch. 1.


    Top