EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0528

Cás T-528/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Eanáir 2023 – Neratax v EUIPO – Intrum Hellas agus páirtithe eile (ELLO ERMOL, Ello creamy, ELLO, MORFAT Creamy agus MORFAT) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh ELLO agus MORFAT agus marcanna fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ELLO ERMOL, Ello creamy agus MORFAT Creamy – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

IO C 94, 13.3.2023, p. 33–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/33


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 18 Eanáir 2023 – Neratax v EUIPO – Intrum Hellas agus páirtithe eile (ELLO ERMOL, Ello creamy, ELLO, MORFAT Creamy agus MORFAT)

(Cás T-528/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharcanna de chuid an Aontais Eorpaigh ELLO agus MORFAT agus marcanna fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ELLO ERMOL, Ello creamy agus MORFAT Creamy - Dearbhfhoras neamhbhailíochta - Meon mímhacánta - Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois])

(2023/C 94/36)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Neratax LTD (an Niocóis, an Chipir) (ionadaí: V. Katsavos, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)

Páirtí eile, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Intrum Hellas AE Daicheirisis Apaitiseon Apo Daneia kai Pistoseis, ar a dtugtaí Piraeus Bank SA roimhe seo (an Aithin, an Ghréig) (ionadaí: P.-A. Koriatopoulou, Dlíodóir)

Páirtithe eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Eurobank Ergasias SA (an Aithin), National Bank of Greece SA (an Aithin)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Meitheamh 2023 (Cásanna R 1295/2020-4, R 1296/2020-4, R 1298/2020-4, R 1299/2020-4 agus R 1302/2020-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Neratax LTD, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Intrum Hellas AE Daicheirisis Apaitiseon Apo Daneia kai Pistoseis, a íoc.


(1)  IO C 462, 15.11.2021.


Top