Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0401

    Cás T-401/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – KN v an Pharlaimint (Dlí institiúideach – Comhalta de CESE – Nós imeachta um urscaoileadh chun buiséad CESE a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2019 – Rún ón bParlaimint lena n – ainmnítear an t – iarratasóir mar údar iompraíochta um chiapadh morálta – Caingean le haghaidh neamhniú – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Neamh – inghlacthacht – Imeachtaí le haghaidh damáistí – Cosaint sonraí pearsanta – Toimhde na neamhchiontachta – Oibleagáid rúndachta – Prionsabal an dea – riaracháin – Comhréireacht – Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar an smacht reachta lena dtugtar cearta do dhaoine aonair)

    IO C 35, 30.1.2023, p. 51–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 35/51


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – KN v an Pharlaimint

    (Cás T-401/21) (1)

    (Dlí institiúideach - Comhalta de CESE - Nós imeachta um urscaoileadh chun buiséad CESE a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2019 - Rún ón bParlaimint lena n – ainmnítear an t – iarratasóir mar údar iompraíochta um chiapadh morálta - Caingean le haghaidh neamhniú - Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc - Neamh – inghlacthacht - Imeachtaí le haghaidh damáistí - Cosaint sonraí pearsanta - Toimhde na neamhchiontachta - Oibleagáid rúndachta - Prionsabal an dea – riaracháin - Comhréireacht - Sárú tromchúiseach leordhóthanach ar an smacht reachta lena dtugtar cearta do dhaoine aonair)

    (2023/C 35/59)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: KN (ionadaithe: M. Casado García-Hirschfeld agus M. Aboudi, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: R. Crowe, C. Burgos agus M. Allik, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean iarrann an t-iarratasóir, ar thaobh amháin de bhun Airteagal 263 CFAE, go ndéanfaí Cinneadh (AE, Euratom) 2021/1552 ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (IO 2021 L 340, lch 140), chomh maith le Rún (AE) 2021/1553 ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2021 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019, Roinn VI – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (IO 2021 L 340, lch 141), a neamhniú, agus ar an taobh eile, de bhun Airteagal 268 CFAE, cúiteamh i gcás aon damáiste a dhéanfaí dó mar thoradh ar na gníomhartha a chonspóidtear.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don achomharc.

    2)

    Ordaítear do KN na costais a íoc.


    (1)  IO C 338, 23.8.2021.


    Top