EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0697

Cás C-697/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an séú dlísheomra) an 24 Márta 2022 – (tarchur chun réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny – An Pholainn) – W.G. v Dyrektor Izby Skarbowej w L. (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 9 – Duine inchánach – Airteagail 295 agus 296 – Scéim ráta chomhréidh d'fheirmeoirí – Céilí i mbun gníomhaíochta talmhaíochta ag baint úsáid as maoin atá mar chuid de mhaoin choitianta an phósta – An fhéidearthacht go measfaí na céilí sin a bheith mar dhaoine inchánach ar leithligh chun críocha CBL – Rogha duine de na céilí an stádas mar fheirmeoir ar ráta comhréidh a tharscaoileadh agus a ghníomhaíocht a chur faoin ngnáthchóras CBL – An chéile eile ag cailleadh an stádais mar fheirmeoir ar ráta comhréidh)

IO C 198, 16.5.2022, p. 8–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 198, 16.5.2022, p. 7–8 (GA)

16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 198/7


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an séú dlísheomra) an 24 Márta 2022 – (tarchur chun réamhrialú ó Naczelny Sąd Administracyjny – An Pholainn) – W.G. v Dyrektor Izby Skarbowej w L.

(Cás C-697/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 9 - Duine inchánach - Airteagail 295 agus 296 - Scéim ráta chomhréidh d'fheirmeoirí - Céilí i mbun gníomhaíochta talmhaíochta ag baint úsáid as maoin atá mar chuid de mhaoin choitianta an phósta - An fhéidearthacht go measfaí na céilí sin a bheith mar dhaoine inchánach ar leithligh chun críocha CBL - Rogha duine de na céilí an stádas mar fheirmeoir ar ráta comhréidh a tharscaoileadh agus a ghníomhaíocht a chur faoin ngnáthchóras CBL - An chéile eile ag cailleadh an stádais mar fheirmeoir ar ráta comhréidh)

(2022/C 198/11)

Teanga an cháis: an Pholannais

An Chúirt a rinne an tarchur

Naczelny Sąd Administracyjny

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: W.G.

Cosantóir: v Dyrektor Izby Skarbowej w L.

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 9, 295 agus 296 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú mar a leanas:

go gcuirtear cosc leo ar chleachtas Ballstáit lena gcuirtear as an áireamh go bhféadfaí céilí a bhíonn i mbun gníomhaíochta talmhaíochta laistigh den ghabháltas céanna, a úsáideann maoin atá ina cuid de mhaoin choitianta an phósta, a mheas a bheith mar dhaoine inchánach ar leithligh chun críocha cánach breisluacha (CBL) sa chás go mbíonn gach ceann de na céilí sin i mbun gníomhaíochta eacnamaíche go neamhspleách;

nach gcuirtear cosc leo, in imthosca ina ndéanann na céilí an ghníomhaíocht talmhaíochta sin faoin scéim ráta chomhréidh d'fheirmeoirí, go n-eascródh sé as rogha duine de na céilí sin a ghníomhaíocht a chur faoin ngnáthchóras CBL go gcaillfeadh an céile eile an stádas mar fheirmeoir ar ráta comhréidh, nuair is léir go bhfuil an éifeacht sin riachtanach, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gcás nithiúil, chun dul i ngleic leis na rioscaí mí-úsáide agus calaoise nach féidir a chur as an áireamh trí fhianaise iomchuí a bheith curtha ar fáil ag na céilí, nó i gcás nach gcruthaítear, le déanamh na gníomhaíochta ag na céilí sin go neamhspleách agus gach ceann acu faoi chuimsiú an ghnáthchórais CBL, aon deacrachtaí riaracháin maidir le cás ina bhfuil dhá stádas éagsúla ag na céilí sin ag an am céanna.


(1)  IO C 182 10.05.2021


Top