Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62014TA0001

Cás T-1/14: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Meitheamh 2024 – Aluminios Cortizo agus Cortizo Cartera v an Coimisiún Eorpach (Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpáil um leas eacnamaíoch áirithe (GLE) agus a n-infheisteoirí – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt – Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide – Ní gá breith a thabhairt go páirteach – Cabhair nua – Aisghabháil – Téarmaí conarthacha lena dtugtar cosaint d’fhaighteoirí i gcoinne gnóthú státchabhrach neamhdhleathaí agus nach bhfuil comhoiriúnach don mhargadh inmheánach – Leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an Choimisiún agus na húdaráis náisiúnta)

IO C, C/2024/4853, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4853/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4853/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4853

12.8.2024

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Meitheamh 2024 – Aluminios Cortizo agus Cortizo Cartera v an Coimisiún Eorpach

(Cás T-1/14)  (1)

(Státchabhair - Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpáil um leas eacnamaíoch áirithe (GLE) agus a n-infheisteoirí - Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt - Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide - Ní gá breith a thabhairt go páirteach - Cabhair nua - Aisghabháil - Téarmaí conarthacha lena dtugtar cosaint d’fhaighteoirí i gcoinne gnóthú státchabhrach neamhdhleathaí agus nach bhfuil comhoiriúnach don mhargadh inmheánach - Leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an Choimisiún agus na húdaráis náisiúnta)

(C/2024/4853)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóirí: Aluminios Cortizo, SAU (Padrón, an Spáinn) agus Cortizo Cartera, SL (Padrón) (ionadaithe: E. Abad Valdenebro, R. Calvo Salinero agus A. Lamadrid de Pablo, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Segura Catalán, Dlíodóir)

Ábhar

Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir leis an Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna cur chun feidhme ag an Spáinn – scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais, ar a dtugtar freisin ‘córas léasa cánach na Spáinne’ (IO 2014 L 114, lch. 1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh a mhéid a dhírítear í ar Airteagal 1 den Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Córas cánach is infheidhme maidir le léas cánach áirithe, ar a dtugtar freisin ‘córas léas cánach na Spáinne’, ó thaobh grúpálacha um leas eacnamaíoch agus a n-infheisteoirí a ainmniú mar na tairbhithe aonaracha den státchabhair a shonraítear sa Chinneadh sin, agus ar Airteagal 4(1) den Chinneadh sin, a mhéid a cheanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomláin an státchabhair a shonraítear sa Chinneadh sin a fháil le hinfheisteoirí na grúpálacha um leas eacnamaíoch a bhain tairbhe as.

2.

Díbhtear an chuid eile den chaingean.

3.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.


(1)   IO C 52, 22.2.2014.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4853/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top