This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62013TA0700
Joined Cases T-700/13 to T-705/13, T-2/14, T-6/14, T-10/14, T-16/14, T-18/14 and T-24/14 and Joined Cases T-465/14, T-467/14, T-469/14, T-471/14 to T-474/14, T-476/14 to T-478/14, T-482/14, TR-483/14 and T-491/14: Judgment of the General Court of 8 May 2024 – Caixabank v Commission (State aid – Aid granted by the Spanish authorities to certain economic interest groupings (EIGs) and their investors – Tax regime applicable to certain finance lease agreements for the purchase of ships (Spanish tax lease system) – Decision declaring the aid incompatible in part with the internal market and ordering its recovery in part – Subject matter of the dispute ceasing to exist in part – No need to adjudicate in part – Article 107(1) TFEU – New aid – Recovery – Contractual clauses protecting the beneficiaries against the recovery of unlawful State aid incompatible with the internal market – Division of competences between the Commission and the national authorities – Obligation to state reasons)
Cásanna Uamtha T-700/13 go T-705/13, T-2/14, T-6/14, T-10/14, T-16/14, T-18/14 agus T-24/14 agus Cásanna Uamtha T-465/14, T-467/14, T-469/14, T-471/14 go T-474/14, T-476/14 go T-478/14, T-482/14, T-483/14 agus T-491/14: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Caixabank v an Coimisiún (Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpálacha um leas eacnamaíoch (GLE) áirithe agus a n-infheisteoirí – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt – Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide – Ní gá breithniú a dhéanamh go páirteach – Airteagal 107(1) CFAE – Cabhair nua – Aisghabháil – Clásail chonarthacha lena gcosnaítear na tairbhithe ar aisghabháil Státchabhrach neamhdhleathaí nach bhfuil ag luí leis an margadh inmheánach – Roinnt na n-inniúlachtaí idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta – Oibleagáid cúiseanna a lua)

IO C, C/2024/3908, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3908/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3908 |
1.7.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Caixabank v an Coimisiún
(Cásanna Uamtha T-700/13 go T-705/13, T-2/14, T-6/14, T-10/14, T-16/14, T-18/14 agus T-24/14 agus Cásanna Uamtha T-465/14, T-467/14, T-469/14, T-471/14 go T-474/14, T-476/14 go T-478/14, T-482/14, T-483/14 agus T-491/14) (1)
(Státchabhair - Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpálacha um leas eacnamaíoch (GLE) áirithe agus a n-infheisteoirí - Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) - Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt - Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide - Ní gá breithniú a dhéanamh go páirteach - Airteagal 107(1) CFAE - Cabhair nua - Aisghabháil - Clásail chonarthacha lena gcosnaítear na tairbhithe ar aisghabháil Státchabhrach neamhdhleathaí nach bhfuil ag luí leis an margadh inmheánach - Roinnt na n-inniúlachtaí idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta - Oibleagáid cúiseanna a lua)
(C/2024/3908)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóirí i gCásanna Uamtha T-700/13 go T-705/13, T-2/14, T-6/14, T-10/14, T-16/14, T-18/14 agus T-24/14: Caixabank, SA, Bankia, SA, roimhe seo (Barcelona, an Spáinn), agus na ceithre iarratasóir déag eile a bhfuil a n-ainmneacha in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: A. Lamadrid de Pablo, E. Abad Valdenebro, R. Calvo Salinero agus A. Biondi, Dlíodóirí)
Iarratasóirí i gCásanna Uamtha T-465/14, T-467/14, T-469/14, T-471/14 go T-474/14, T-476/14 go T-478/14, T-482/14, T-483/14 agus T-491/14: Vego Supermercados, SA (La Corogne, an Spáinn), agus na 28 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: A. Lamadrid de Pablo, E. Abad Valdenebro agus R. Calvo Salinero, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Scéim cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar freisin ‘córas léasa cánach na Spáinne’ freisin (IO 2014 L 114, lch. 1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Déantar Cásanna T-700/13 go T-705/13, T-2/14, T-6/14, T-10/14, T-16/14, T-18/14 agus T-24/14 a uamadh agus Cásanna T-465/14, T-467/14, T-469/14, T-471/14 go T-474/14, T-476/14 go T-478/14, T-482/14, T-483/14 agus T-491/14 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais seo. |
|
2) |
Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh a mhéid atá siad dírithe ar Airteagal 1 de Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘córas léasa cánach na Spáinne’ sa mhéid is go n-ainmnítear leis na grúpalacha um leas eacnamaíoch agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe aonair na cabhrach dá dtagraítear sa Chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den Chinneadh sin, a mhéid is go gceanglaítear leis ar Ríocht na Spáinne méid iomlán na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh céanna sin a aisghabháil ó infheisteoirí na ngrúpalacha um leas eacnamaíoch a bhain tairbhe as. |
|
3) |
Díbhtear don chuid eile den chaingean. |
|
4) |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3908/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)