Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0340

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis

COM/2026/340 final

An Bhruiséil,29.6.2026

COM(2026) 340 final

2026/0182(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ba í an Indinéis an 30ú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Aontas ar domhan le haghaidh earraí agus an cúigiú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Aontas i gComhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) in 2025, agus ba é an tAontas an ceathrú comhpháirtí trádála ba mhó a bhí ag an Indinéis, agus 6 % dá trádáil iomlán i gceist leis. EUR 28,9 billiún a bhí i gceist leis an trádáil dhéthaobhach idir an tAontas agus an Indinéis in 2025, agus onnmhairí an Aontais dar luach EUR 10,2 billiún agus allmhairí an Aontais dar luach EUR 18,7 billiún ann. Ar na táirgí is mó a onnmhairíonn an Indinéis chuig an Aontas tá táirgí talmhaíochta, táirmhiotail, ceimiceáin, innealra agus fearais, saillte agus olaí mar aon le coisbheart. Is iad táirgí tionsclaíocha, lena n‑áirítear innealra agus fearais, trealamh iompair agus táirgí ceimiceacha is mó a onnmhairíonn an tAontas chuig an Indinéis. EUR 9,3 billiún a bhí i gceist leis an trádáil dhéthaobhach i seirbhísí idir an tAontas agus an Indinéis in 2024, agus onnmhairí an Aontais dar luach EUR 5,8 billiún agus allmhairí an Aontais dar luach EUR 3,5 billiún ann. In 2024, EUR 24,7 billiún a bhí i gceist le stoc infheistíochta dírí coigríche (IDC) an Aontais san Indinéis agus EUR 1,3 billiún a bhí i gceist le stoc IDC na hIndinéis san Aontas.

Is comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) í an Indinéis ó bhí 1995 ann agus tá fabhair trádála aici leis an Aontas faoi láthair faoi Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (‘GSP’) arb í an dara tairbhí is mó den scéim sin í. In 2024, bhí 44 % dá cuid allmhairí chuig an Aontas incháilithe le haghaidh taraifí laghdaithe faoi GSP. Éireoidh an Indinéis as scéim GSP áfach an 1 Eanáir 2027 mar gheall ar stádas ard‑mheánioncaim a bheith aici le 3 bliana anuas.

An 23 Aibreán 2007, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le dul i mbun caibidlíochta le haghaidh comhaontú saorthrádála le tíortha ASEAN. Ba é an cuspóir a bhí ann an tráth sin comhaontú saorthrádála idir-réigiúnach a chaibidliú. Rinneadh foráil leis an údarú, áfach, maidir leis an bhféidearthacht dul i mbun caibidlíocht dhéthaobhach i gcás nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú chun caibidlíocht chomhpháirteach a dhéanamh, agus i gcás ina raibh caibidlíocht dhéthaobhach den sórt sin inghlactha ó thaobh na polaitíochta de agus fóinteach ó thaobh na heacnamaíochta de.

An 8 Bealtaine 2009 thuairiscigh an Coimisiún do Choiste Airteagal 133 – mar a thugtaí air an tráth sin – maidir leis na deacrachtaí a tháinig chun cinn le linn na caibidlíochta idir an tAontas agus ASEAN, ar chomhaontaigh an dá thaobh stop a chur léi. D’iarr Coiste Airteagal 133 ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí caibidlíocht dhéthaobhach aonair a dhéanamh le roinnt tíortha ASEAN agus i mí na Nollag 2009 d’fhormhuinigh an Chomhairle an cur chuige sin.

Chinn Uachtarán na hIndinéise, Susilo Bambang Yudhoyono, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso, go déanach in 2009 scrúdú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí an caidreamh tráchtála idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis a dhoimhniú. Chuir siad de chúram ar Ghrúpa Físe le hionadaithe ón Indinéis agus ón Aontas moltaí a dhéanamh maidir le conas an caidreamh a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile. Mhol an Grúpa Físe an 4 Bealtaine 2011 ‘Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas agus an Indinéis a thabhairt i gcrích, comhaontú a bheadh bunaithe ar limistéar saorthrádála agus arb é an dúshraith a bheadh faoi rochtain fheabhsaithe ar an margadh, fothú acmhainneachta agus éascú trádála agus infheistíochta’. Tugadh aird ar leith ar acmhainneacht mhór na hIndinéise ó thaobh méide, rátaí fáis a bhí ann agus a raibh coinne leo, aistriú a geilleagair i dtreo onnmhairí monaraíochta, seirbhísí a bhí ag teacht chun cinn, oscailteacht a bhí ag dul i méid agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch. Bhí ról nach beag freisin ag an gcomhlántacht idir geilleagair an Aontais agus na hIndinéise; na táirgí a bhí á n‑onnmhairiú ag an Aontas chuig an Indinéis bhí siad an‑éagsúil leis na táirgí a bhí á n‑onnmhairiú ag an Indinéis chuig an Eoraip.

Rinne an tAontas agus an Indinéis cleachtadh scóipe comhpháirteach chun raon feidhme agus leibhéal uaillmhéine comhaontaithe trádála a bheadh ann amach anseo a chinneadh. Tugadh an cleachtadh sin i gcrích i mí Aibreáin 2016, agus léirigh sé go bhféadfadh comhaontú trádála a bheith mar thoradh ar an gcaibidlíocht agus go mbeadh sé sin chun leasa an dá thaobh.

An 13 Iúil 2016 d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le tús a chur le caibidlíocht dhéthaobhach maidir le comhaontú saorthrádála leis an Indinéis. Cuireadh tús go hoifigiúil leis an gcaibidlíocht le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí (‘CCEC’ nó ‘an Comhaontú’) idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis an 19 Iúil 2016. Tionóladh an chéad bhabhta caibidlíochta sa Bhruiséil in 2016 ón 20 Meán Fómhair go dtí an 21 Meán Fómhair. Tacaíodh leis an gcaibidlíocht le Measúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht Trádála. I ndiaidh phróiseas caibidlíochta 9 mbliana agus 19 mbabhta caibidlíochta, thug an tAontas agus an Indinéis an chaibidlíocht le haghaidh CCEC i gcrích an 23 Meán Fómhair 2025.

De réir an chomhthéacs níos leithne maidir le cúrsaí geopholaitiúla agus geo-eacnamaíocha, is léiriú láidir é tabhairt i gcrích na caibidlíochta sin le príomhgheilleagar ASEAN ar thiomantas comhpháirteach an Aontais agus na hIndinéise do chóras trádála riailbhunaithe, agus ar thiomantas an Aontais dlús a chur lena chlár oibre maidir le hoscailteacht trádála agus éagsúlú.

Leis an idirbheart, cuirfear deireadh le taraifí ar bhreis agus 98 % de na línte taraife, a chomhfhreagraíonn do gar 100 % i dtéarmaí luacha. Déanfar 80 % de a léirscaoileadh cheana féin nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, agus tar éis thréimhse 5 bliana ina gcuirfear deireadh le taraifí ina gcéimeanna, sroichfidh an léirscaoileadh 96 % den trádáil dhéthaobhach. Tá sé d’aidhm ag CCEC freisin deireadh a chur le bacainní teicniúla ar thrádáil earraí idir an tAontas agus an Indinéis. Cruthaíonn sé timpeallacht atá níos trédhearcaí, níos intuartha agus níos costéifeachtaí, rochtain níos fearr ar an margadh agus costais laghdaithe. Leis an gcomhaontú, leathnófar deiseanna do sholáthróirí seirbhísí agus d’infheisteoirí an Aontais agus na hIndinéise, agus áiritheofar timpeallacht trádála níos intuartha. Cé go gcuireann CCEC sreafaí trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus an Indinéis chun cinn, cosnaítear leis go sainráite ceart gach páirtí rialáil a dhéanamh chun cuspóirí beartais dlisteanacha a shaothrú. Cuireann sé cosaint dhíreach ar fáil freisin do 221 thásc gheografacha AE agus 72 thásc gheografacha na hIndinéise agus tá gealltanais láidre ann maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe.

Téacsanna CCEC a ndearnadh athbhreithniú dlíthiúil orthu, tá siad ar fáil go poiblí agus is féidir teacht orthu ag an nasc seo a leanas:

Téacs na gcomhaontuithe - Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch - an Coimisiún Eorpach

Tá na tograí seo a leanas le haghaidh cinntí ón gComhairle á gcur chun tosaigh ag an gCoimisiún:

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis;

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis;

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis;

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis.

An togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle atá i gceangal, is éard atá ann an ionstraim dlí le haghaidh tabhairt i gcrích CCEC idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Sular tugadh an chaibidlíocht le haghaidh comhaontú saorthrádála i gcrích, rinne an tAontas agus an Indinéis Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (CCC) a chaibidliú, ar comhaontú é a síníodh in Iacárta an 9 Samhain 2009 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2014. Is é an Comhaontú is bonn leis an gcomhar i raon leathan réimsí beartais, lena n‑áirítear cearta an duine agus trádáil, agus le reáchtáil an idirphlé pholaitiúil agus an chomhair earnála rialta.

A luaithe a thiocfaidh CCEC i bhfeidhm, beidh sé ann i gcomhthráth le CCC agus beidh sé ina chuid dhlúth den chaidreamh déthaobhach foriomlán idir an tAontas agus an Indinéis. Níl aon fhoráil ag an dá chomhaontú a thagann salach ar a chéile.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá CCEC comhsheasmhach go hiomlán le beartais an Aontais agus ní gá don Aontas a rialacha, a rialacháin ná a chaighdeáin in aon réimse rialáilte a athrú. Thairis sin, amhail gach comhaontú trádála eile atá caibidlithe ag an gCoimisiún, déanann CCEC seirbhísí poiblí a choimirciú go hiomlán agus áirithíonn sé go gcaomhnaítear go hiomlán ceart na rialtas rialáil a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus gur bunphrionsabal acu é sin.

Thairis sin, léiríonn forálacha CCEC go hiomlán an toradh a bhí ar theachtaireacht an Aontais le déanaí maidir leis an athbhreithniú ar bheartas na trádála inbhuanaithe (‘Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir’ an 22 Meitheamh 2022).

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí substainteach

Déantar foráil in Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le comhaontuithe trádála a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích mar chuid de chomhbheartas tráchtála an Aontais. Le hAirteagal 91 agus 100(2) déantar foráil maidir leis an mbonn le forálacha iompair idirnáisiúnta a chomhaontú.

Ós rud é gurb iad príomhchuspóirí agus comhpháirteanna CCEC an comhbheartas tráchtála agus soláthar iompair, is iad Airteagail 207, 91 agus 100(2) CFAE na bunúis dlí shubstainteacha.

Bunús dlí don nós imeachta

Ós rud é gurb iad Airteagail 91(1), 100(2) agus 207 CFAE na bunúis dlí shubstainteacha, tá an Chomhairle leis an gcinneadh lena dtugtar an comhaontú i gcrích a ghlacadh, tar éis di toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), CFAE.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.

Ba cheart Airteagal 218(7) CFAE a chur leis freisin mar bhunús dlí toisc gurb iomchuí don Chomhairle údarú a thabhairt don Choimisiún seasamh an Aontais codanna áirithe den comhaontú a cheartú agus/nó a mhodhnú.

Inniúlacht an Aontais

I gcomhréir le Tuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017 maidir leis an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an Indinéis, thiocfadh na réimsí uile a chumhdaítear le CCEC faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus, go háirithe, faoi raon feidhme Airteagail 91, 100(2) agus 207 CFAE. Bhunaigh an Chúirt inniúlacht eisiach an Aontais ar raon feidhme an Chomhbheartais Tráchtála faoi Airteagal 207(1) CFAE agus ar Airteagal 3(2) CFAE (ar bhonn thionchar na gcomhrialacha atá ann cheana agus atá sa reachtaíocht thánaisteach).

Coimhdeacht

Ní chumhdaítear leis an gcomhaontú saorthrádála, mar a chuirtear i láthair na Comhairle é, aon ábhar nach dtagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Comhréireacht

Is iomchuí an modh iad comhaontuithe trádála chun rochtain ar an margadh agus réimsí gaolmhara an chaidrimh eacnamaíoch chuimsithigh le tríú tír lasmuigh den Aontas a rialú. Níl aon rogha eile ann chun gealltanais den sórt sin agus iarrachtaí léirscaoilte den sórt sin a dhéanamh ceangailteach ó thaobh an dlí.

Leis an tionscnamh seo saothraítear go díreach cuspóir an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus rannchuidítear leis an tosaíocht pholaitiúil ‘an tAontas Eorpach a bheith ina ghníomhaí domhanda níos láidre’. Is i gcomhréir le treoshuíomhanna Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh atá sé dul i gcaidreamh le páirtithe eile agus a chomhpháirtíochtaí seachtracha a athchóiriú ar bhealach freagrach, ionas go mbainfear amach tosaíochtaí seachtracha an Aontais. Rannchuidíonn sé le cuspóirí trádála agus forbartha an Aontais.

An rogha ionstraime

Tíolactar an togra seo le haghaidh cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, lena mbeartaítear go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích. Níl aon ionstraim dlí eile ann a d’fhéadfaí a úsáid chun an cuspóir a shaothraítear sa togra seo a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Roimh an gcaibidlíocht agus lena linn, cuireadh Ballstáit an Aontais ar an eolas go rialta agus chuathas i gcomhairle leo ó bhéal agus i scríbhinn maidir leis na gnéithe éagsúla den chaibidlíocht trí Choiste na Comhairle um an mBeartas Trádála. Cuireadh Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta freisin agus chuathas i gcomhairle léi tríd an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta. Na téacsanna a tháinig as an gcaibidlíocht de réir a chéile, scaipeadh iad ar an dá institiúid le linn an phróisis.

I gcomhthráth leis an gcaibidlíocht, choimisiúnaigh an Coimisiún Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta ar CCEC idir an tAontas agus an Indinéis.

Sa Mheasúnú Tionchair Inbhuanaitheachta, a tugadh chun críche i mí Mheán Fómhair 2019, scrúdaíodh conas a d’fhéadfadh na forálacha maidir le trádáil agus maidir le cúrsaí a bhaineann le trádáil de CCEC atá á chaibidliú difear a dhéanamh do shaincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta, chearta an duine agus comhshaoil san Aontas agus san Indinéis. Chuir sé leis an anailís a cuireadh i láthair sa Mheasúnú Tionchair Inbhuanaitheachta a rinneadh in 2008 chun tacú leis an gcaibidlíocht idir-réigiúnach le haghaidh comhaontú trádála idir an tAontas agus ASEAN agus chuir sé faisnéis cothrom le dáta ar fáil mar aon le fócas soiléir ar na gnéithe sonracha a bhaineann le caibidlíocht dhéthaobhach leis an Indinéis amháin agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcaibidlíocht sin. Rinne sé scrúdú níos doimhne go háirithe ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag CCEC ar roinnt earnálacha atá ábhartha go sonrach don chaidreamh trádála idir an tAontas agus an Indinéis, lena n‑áirítear olaí plandúla agus olashíolta plandúla, éadaí agus corpbheart, agus seirbhísí airgeadais.

Ar an iomlán, thángthas ar an gconclúid sa Mheasúnú Tionchair Inbhuanaitheachta go raibh coinne leis go mbeadh tionchair dhearfacha ag an gcomhaontú ar an dá Pháirtí araon agus ar a sochaithe, ar fud na bpríomhtháscairí eacnamaíocha uile (OTI, leas, trádáil dhomhanda agus dhéthaobhach), agus go mbeadh méid comparáideach na dtionchar sin níos mó san Indinéis ná mar a bheadh san Aontas, mar gheall ar na difríochtaí i méideanna coibhneasta an dá gheilleagar. Tuaradh sa samhaltú eacnamaíoch méadú idir EUR 2 bhilliún agus EUR 2,4 billiún ar leas an Aontais agus méadú idir EUR 2,5 billiún agus EUR 3,1 billiún ar OTI an Aontais. Léirigh sé dá airde an méid léirscaoilte trádála a baineadh amach sa chomhaontú, is ea is mó na gnóthachain eacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo don dá thaobh, rud a fhágann gur féidir an cás a dhéanamh chun an méid is mó léirscaoilte is féidir a shaothrú sa chaibidlíocht. Ba chosúil gur príomhthoisc é deireadh a chur le bacainní neamhtharaife ar thrádáil chun an méid gnóthachan eacnamaíoch a bhfuil coinne leo a chinneadh, agus leagadh béim sa tuarascáil ar a thábhachtaí atá sé aird ar leith a thabhairt ar réimsí amhail bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta agus Bacainní Teicniúla ar Thrádáil.

D’eisigh an Coimisiún páipéar seasaimh maidir leis an Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta a rinneadh chun tacú leis an gcaibidlíocht CCEC an 26 Meitheamh 2020. Tháinig sé ar an gconclúid gur chomhthacaigh an Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta leis an gcás chun comhaontú uaillmhianach trádála agus infheistíochta a chaibidliú agus gur thug sé léargas ar earnálacha nó ar ghníomhaithe sonracha a bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith orthu, agus ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu.

I gcomhthéacs an Mheasúnaithe Tionchair Inbhuanaitheachta agus le linn na caibidlíochta, thug an Coimisiún an deis d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl, ceisteanna a chur, agus rannchuidiú le díospóireacht fhónta, fhianaise-bhunaithe agus thrédhearcach ar leibhéal na sochaí, lena n‑áirítear trí sheisiúin idirphlé thiomnaithe leis an tsochaí shibhialta, trí cheardlann le páirtithe leasmhara áitiúla san Indinéis, trí chruinnithe déthaobhacha, trí agallaimh agus trí shuirbhéanna gréasánbhunaithe.

Thairis sin, le linn na caibidlíochta agus i gcomhréir lena bheartas trédhearcachta, d’fhoilsigh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin tuairiscí ar na babhtaí caibidlíochta, na tograí téacs, preaseisiúintí, bileoga eolais agus ábhair faisnéise cúlra, agus thug sé na nithe sin cothrom le dáta go rialta.

Bailiú agus úsáid saineolais

Is cuibhreannas cuideachtaí comhairliúcháin neamhspleácha a rinne an Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta ar CCEC, cuibhreannas a bhí faoi stiúir Development Solutions agus a choimisiúnaigh Ard‑Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin.

Measúnú tionchair

Cumhdaíodh an chaibidlíocht le haghaidh Comhaontuithe Saorthrádála déthaobhacha idir an tAontas agus tíortha ASEAN leis an Measúnú tionchair a rinneadh i mí Lúnasa 2009 tráth an togra ón gCoimisiún le haghaidh sainordú caibidlíochta do Chomhaontú Saorthrádála AE-ASEAN.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl CCEC faoi réir nósanna imeachta an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Mar sin féin, tá roinnt forálacha ann a shimpleoidh trádáil agus nósanna imeachta gaolmhara, a laghdóidh costais a bhaineann le honnmhairiú agus, dá bhrí sin, a chuirfidh ar a gcumas do níos mó FBManna gnó a dhéanamh sa dá mhargadh. Le caibidil thiomnaithe le haghaidh FBManna, tugtar aghaidh go háirithe ar mhalartú faisnéise agus comhar feabhsaithe leis an Indinéis maidir le saincheisteanna a bhaineann le FBManna. Le díothú taraifí, lena n‑áirítear ar chumarsáid leictreonach, nósanna imeachta simplithe agus digitithe um chustaim agus ceanglais theicniúla atá níos comhoiriúnaí, laghdófar na costais a bhaineann le honnmhairiú agus beidh FBManna a bhfuil méideanna trádála níos ísle acu in ann dul in iomaíocht le cuideachtaí móra. Cuireann sé sin feabhas freisin ar chumas FBManna páirt a ghlacadh i slabhraí soláthair, i dtrádáil dhigiteach agus i soláthar poiblí agus seirbhísí a sholáthar ar mhargadh na hIndinéise. Cuireann CCEC trédhearcacht agus úsáid caighdeán idirnáisiúnta chun cinn freisin chun rochtain ar an margadh a éascú agus chun costais chomhlíontachta a laghdú.

Cearta bunúsacha

Ní dhéanann an togra aon difear do chosaint chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh tionchar airgeadais ag CCEC ar bhuiséad an Aontais ar thaobh an ioncaim. Meastar go bhféadfadh luach na ndleachtanna nach n‑íocfar a bheith idir EUR 630 milliún agus EUR 700 milliún in aghaidh na bliana tráth a bheidh an comhaontú á chur chun feidhme ina iomláine. Tá an meastachán bunaithe ar mheánallmhairí a réamh‑mheastar le haghaidh 2041 in éagmais comhaontú saorthrádála.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuimsíonn CCEC forálacha institiúideacha lena leagtar síos an struchtúr do na comhlachtaí cur chun feidhme sa tslí go mbeidh siad in ann faireachán leanúnach a dhéanamh ar chur chun feidhme, ar oibriú agus ar thionchar CCEC.

Sa chaibidil institiúideach de CCEC, bunaítear Coiste a bhfuil sé mar phríomhchúram air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm CCEC agus an méid sin a éascú. Beidh sé de chúram ar an gCoiste Trádála maoirseacht a dhéanamh ar obair na gcoistí speisialaithe agus na meithleacha go léir arna mbunú faoi CCEC.

Déanfaidh an Coiste Trádála tuairimí a mhalartú le hionadaithe na sochaí sibhialta atá rannpháirteach in Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme an chomhaontaithe.

Bunaítear le CCEC Grúpaí Comhairleacha Baile ar a mbeidh ionadaíocht chothrom d’eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta, lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí maille le ceardchumainn atá gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha, i gcúrsaí sóisialta agus i gcúrsaí comhshaoil. Féadfaidh na Grúpaí Comhairleacha Baile tuairimí agus moltaí a chur isteach maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme an chomhaontaithe saorthrádála agus tiocfaidh siad le chéile uair sa bhliain ar a laghad.

Mar a cuireadh i dtábhacht sa Teachtaireacht maidir le ‘Trádáil do Chách’, tá an Coimisiún ag tiomnú níos mó agus níos mó acmhainní do chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach comhaontuithe trádála agus infheistíochta. I mí na Samhna 2025 d’fhoilsigh an Coimisiún an cúigiú tuarascáil bhliantúil uaidh maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú. Is é príomhchuspóir na tuarascála léargas oibiachtúil a thabhairt ar chur chun feidhme chomhaontuithe saorthrádála an Aontais, agus béim á leagan ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na heasnaimh nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Is é an cuspóir atá ann go bhfeidhmeoidh an tuarascáil mar bhonn le díospóireacht agus teagmháil oscailte leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis an tsochaí shibhialta i gcoitinne maidir le feidhmiú na gcomhaontuithe saorthrádála agus maidir lena gcur chun feidhme. Mar chleachtadh bliantúil, le foilsiú na tuarascála beifear in ann faireachán rialta a dhéanamh ar fhorbairtí, agus clárófar freisin an chaoi ar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna tosaíochta a sainaithníodh. Cumhdóidh an tuarascáil CCEC idir an tAontas agus an Indinéis ó uair a theacht i bhfeidhm

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Mar thoradh ar Chaibidil 2 de CCEC, cuirfidh an tAontas agus an Indinéis deireadh le taraifí ar bhreis agus 98 % de na línte taraife, a chomhfhreagraíonn do gar do 100 % i dtéarmaí luacha. Déanfar 80 % a léirscaoileadh cheana nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Tar éis deireadh a chur leis na taraifí thar thréimhse 5 bliana, beidh 96 % den trádáil dhéthaobhach léirscaoilte. Mar shampla, cuirfidh an Indinéis deireadh le dleachtanna arda ar tháirgí tionsclaíocha, amhail mótarfheithiclí (taraifí suas le 50 % orthu faoi láthair), innealra agus trealamh leictreach, cógaisíocht agus ceimiceáin, táirgí agraibhia. Leis an gcomhaontú, cuirfear deireadh freisin le dleachtanna an Aontais ar fhormhór na n‑earraí Indinéiseacha a onnmhairítear chuig an Aontas nó laghdófar go mór iad.

Tá rialacha tionscnaimh i gCaibidil 3 de CCEC lena n‑áirithítear nach féidir ach le táirgí a ndearnadh próiseáil shuntasach orthu san Aontas nó san Indinéis tairbhiú d’fhabhair tharaife an chomhaontaithe.

Cuideoidh Caibidil 4 de CCEC le cuideachtaí a thrádálann earraí idir an tAontas agus an Indinéis a gcuid táirgí a chur trí chustam ar bhealach níos éasca agus níos tapúla. Cuideoidh sé ó thaobh rialú custaim éifeachtach a áirithiú, ionas go gcomhlíonfaidh earraí allmhairithe rialacha uile na tíre allmhairiúcháin, lena n‑áirítear ceanglais a bhaineann le sábháilteacht, slándáil agus urraim do chearta maoine intleachtúla. Áirítear sa chomhaontú go háirithe forálacha maidir le nósanna imeachta custaim atá le comhlíonadh ag an teorainn, gealltanais chun rochtain éasca a sholáthar ar fhaisnéis maidir le taraifí a chuirtear i bhfeidhm, agus comhphrionsabail le haghaidh na reachtaíochta custaim.

Áirítear i gCaibidil 5 de CCEC freisin sásra coimirce déthaobhaí, lena gceadaítear don Aontas agus don Indinéis bearta sealadacha a fhorchur i gcás ina bhfuil méadú nach beag ar allmhairí fabhracha ina chúis le mórdhíobháil, nó ina mbagraíonn sé a bheith ina chúis le mórdhíobháil, dá dtionscal intíre.

I gCaibidil 6 de CCEC maidir le hábhair Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SFS), cumhdaítear sábháilteacht bia agus sláinte ainmhithe agus plandaí. Caomhnaíonn sé an chaoi a nglacann agus a bhforfheidhmíonn an tAontas a rialacha sábháilteachta bia, bíodh sé le haghaidh táirgí a tháirgtear sa bhaile nó táirgí allmhairithe. Athdhearbhaítear leis an gcomhaontú prionsabail Chomhaontú SFS na hEagraíochta Domhanda Trádála. Neartóidh an tAontas agus an Indinéis an obair chomhpháirteach maidir le hábhair SFS chun idirghabháil mhear a áirithiú i gcásanna éigeandála a bhaineann le hallmhairí agus onnmhairí táirgí talmhaíochta agus iascaigh.

Is é is aidhm do Chaibidil 7 de CCEC deireadh a chur le bacainní teicniúla ar thrádáil earraí idir an tAontas agus an Indinéis. I gcás príomhearnálacha amhail leictreonaic, innealra, agus táirgí atá tíosach ar fhuinneamh, aithnítear deimhnithe agus tuarascálacha tástála ó chomhlachtaí creidiúnaithe atá bunaithe san Aontas, rud a chuireann deireadh leis an ngá atá le hatástáil agus athdheimhniú costasach fadálach san Indinéis. Tá nósanna imeachta cuíchóirithe maidir le lipéadú in CCEC freisin. Déantar foráil le CCEC maidir le trédhearcacht agus intuarthacht rialála níos fearr lena bhfeabhsaítear na féidearthachtaí do pháirtithe leasmhara agus d’údaráis aiseolas a thabhairt maidir le dréachtrialacháin theicniúla an pháirtí eile agus lena bhfágtar a dhóthain ama chun oiriúnú a dhéanamh sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Sainordaítear leis freisin go nglacfaidh an dá pháirtí caighdeáin ábhartha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad mar bhonn lena rialacháin theicniúla. Áirithítear le hiarscríbhinn tiomnaithe do mhótarfheithiclí a ghabhann le CCEC nach mbeidh ceanglais bhreise tástála nó marcála san Indinéis ar fheithiclí de chuid an Aontais a bhfuil deimhnithe ar chineálcheadú na Náisiún Aontaithe acu a shainaithnítear sa chomhaontú, rud a laghdóidh costais agus an t‑am go dtí an margadh.

Le Caibidil 8 de CCEC, leathnófar freisin deiseanna do sholáthróirí seirbhísí agus d’infheisteoirí an Aontais agus na hIndinéise, agus áiritheofar timpeallacht trádála níos intuartha. Ráthófar leis go háirithe nach ndéanfar idirdhealú ar sholáthraithe seirbhíse agus infheisteoirí an Aontais in earnálacha a shainaithnítear in CCEC vis‑à-vis a gcomhpháirtithe Indinéiseacha. Fágfaidh sé go mbeidh sé níos éasca d’oibreoirí an Aontais na ceadúnais nó na cáilíochtaí is gá a fháil chun a seirbhísí a sholáthar, trí phróisis shoiléire, chothroma agus thráthúla. Áiritheofar leis nach gceanglófar ar sholáthróirí seirbhíse an Aontais in earnálacha áirithe láithreacht áitiúil (amhail brainse), líon áirithe oibreoirí nó luach áirithe idirbheart san Indinéis a bheith acu.

Cé go gcuireann CCEC sreafaí trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus an Indinéis chun cinn, cosnaítear leis go sainráite ceart gach páirtí rialáil a dhéanamh chun cuspóirí beartais dlisteanacha a shaothrú. 

Áirithítear le Caibidil 9 de CCEC go gceadaítear sa chleachtas an caipiteal is gá chun na hidirbhearta léirscaoilte faoin gcomhaontú a dhéanamh – mar shampla, gnólacht faoi úinéireacht eachtrach a chur ar bun – a aistriú ón Aontas go dtí an Indinéis agus vice versa. An tráth céanna, is féidir leis an dá thaobh a ndlíthe agus a rialacha féin a chur i bhfeidhm i gcás inar gá, mar shampla i gcásanna féimheachta nó nuair a bhítear ag déileáil le hurrúis.

Le Caibidil 10 de CCEC, cruthaítear timpeallacht trádála digití atá intuartha, slán agus cothrom. Áirithítear leis go háirithe saorshreafaí sonraí trasteorann trí thoirmeasc a chur ar cheanglais logánaithe nach bhfuil údar leo agus trí thoirmeasc a chur ar dhleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha. Déantar foráil ann maidir le rialacha ceangailteacha lena gcothaítear muinín tomhaltóirí agus lena n‑áirithítear deimhneacht dhlíthiúil do ghnólachtaí agus lena dtacaítear leis an nuálaíocht.

Leagtar amach i gCaibidil 11 de CCEC rialacha lena n‑áirithítear go bhfuil nósanna imeachta um chonarthaí poiblí a dhámhachtain trédhearcach, cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach do ghnólachtaí an Aontais.

Tháinig an tAontas agus an Indinéis ar chomhaontú maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach i gCaibidil 12. Tugann CCEC cosaint dhíreach go háirithe do 221 Tásc Geografach de chuid an Aontais agus 72 Thásc Gheografacha de chuid na hIndinéise, lena gcumhdaítear táirgí agraibhia amhail feolta agus cáiseanna an Aontais agus spíosraí agus caifí na hIndinéise. Leis an ardleibhéal cosanta sin do thásca geografacha, neartaítear an acmhainneacht onnmhairiúcháin in earnálacha agraibhia ardluacha, lena n‑áirithítear ainmniú eisiach agus lena gcabhraítear le táirgeoirí táirgí préimhe a mhargú.

Áirithítear le Caibidil 13 CCEC go gcoinneofar dlíthe iomaíochta éifeachtacha sa dá dhlínse, ar dlíthe iad a chuireann údaráis atá neamhspleách go hoibríochtúil chun feidhme, agus a ghníomhóidh ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach, agus cearta na cosanta á n‑urramú. Déantar foráil sa chomhaontú freisin maidir le comhar idir na húdaráis. Tá rialacha ann maidir le fóirdheontais, rialacha in aghaidh trustaí agus rialacha maidir le fiontair atá faoi úinéireacht an stáit.

Is céim mhór í Caibidil 14 de CCEC freisin chun trádáil agus infheistíocht a oscailt agus slabhraí soláthair a dhaingniú idir an tAontas agus an Indinéis maidir le fuinneamh agus amhábhair.

I gCaibidil 15 soláthraítear creat cuimsitheach maidir le trádáil agus fás agus forbairt inbhuanaithe, mar aon le gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorfheidhmithe trí shásra CCEC um réiteach díospóidí. Déantar foráil le CCEC freisin maidir le hardán le haghaidh idirphlé agus comhair i ndáil le saincheisteanna comhshaoil agus aeráide a bhaineann le trádáil, lena n‑áirítear in earnáil na hola pailme. Áirítear ann forálacha tiomnaithe maidir le hacmhainní nádúrtha a chosaint agus a bhainistiú, gealltanais a leagan síos i ndáil le caomhnú foraoisí, bithéagsúlacht, trádáil neamhdhleathach fiadhúlra a chomhrac, agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.

Le Caibidil 16 de CCEC, cruthaítear creat don Aontas agus don Indinéis chun dul i gcomhar le chéile maidir le beartais a neartú agus cláir a shainiú a rannchuidíonn le córais bhia atá inbhuanaithe, cuimsitheach, sláintiúil agus athléimneach a fhorbairt.

Leagtar amach i gCaibidil 17 den Chomhaontú na bunphrionsabail agus treoirlínte oibríochtúla maidir le comhar eacnamaíoch agus fothú acmhainneachta i réimsí a chumhdaítear faoina raon feidhme.

Tá caibidil 18 ann freisin atá tiomnaithe do FBManna agus roinnt forálacha eile a théann chun tairbhe do na gnóthais sin, e.g. ardán digiteach aonair a bhfuil rochtain ag an bpobal air a chur ar bun lena soláthraítear faisnéis maidir le conas rochtain a fháil ar mhargaí a chéile agus gnó a dhéanamh sna margaí sin, pointí teagmhála FBManna a chruthú, oibríochtaí tráchtála a dhigitiú, etc.

I gCaibidil 19 de CCEC, cuirtear chun cinn rialacháin thrédhearcacha, chomhordaithe agus fhianaisebhunaithe lena n‑urramaítear dlíthe intíre, lena dtacaítear le spriocanna beartais phoiblí, agus lena gcuirtear leasanna gnólachtaí agus páirtithe leasmhara san áireamh. Go sonrach ní mór do na Páirtithe liosta bliantúil de na príomhrialacháin atá beartaithe a fhoilsiú, ina míneofar a gcuspóir agus a n‑amlínte.

Le Caibidil 20 de CCEC, feabhsaítear intuarthacht, cuntasacht agus cothroime i rialáil a bhaineann le trádáil. Trí fhoilsiú tráthúil, rochtain oscailte ar fhaisnéis, próisis riaracháin chothroma agus bealaí achomhairc neamhspleácha a ráthú, neartaíonn sé muinín as córais rialála agus laghdaíonn sé an éiginnteacht do ghnólachtaí a oibríonn thar theorainneacha.

Téacs an Chomhaontaithe agus fógraí

Cuirtear téacs an Chomhaontaithe faoi bhráid na Comhairle in éineacht leis an togra seo.

I gcomhréir leis na Conarthaí, is faoin gCoimisiún atá sé leanúint ar aghaidh leis an fógra a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 25.2 den Chomhaontú, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.

2026/0182 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91(1), 100(2), agus 207 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 1 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I gcomhréir le Cinneadh Uimh. [XX] ón gComhairle an XX/XX/XXXX 2 , síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis (‘an Comhaontú’) an [XX XX 2026], faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is faide anonn.

(2)Ba cheart a áirithiú leis an gComhaontú go gcuirfear comhbheartas tráchtála an Aontais chun cinn agus é sin a dhéanamh trí chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche cuimsithí leis an Indinéis a chur i bhfeidhm.

(3)Ba cheart an Comhaontú a fhormheas.

(4)I gcomhréir le hAirteagal 218(7) den Chonradh, is iomchuí an Coimisiún a údarú, thar ceann an Aontais, le formheas a thabhairt ar mhodhnuithe ar an gComhaontú atá le glacadh trí bhíthin nós imeachta simplithe de bhun Airteagail 11.20, 12.37 nó phointí (x) nó (xi) d’Airteagal 24.2(2), tar éis a bheith i gcomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála.

(5)Ní thugtar leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 25.7(1) de, laistigh den Aontas, cearta do dhaoine ná ní fhorchuirtear oibleagáidí ar dhaoine, seachas na cearta agus na hoibleagáidí sin arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí poiblí idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis (‘an Comhaontú’) a fhormheas.

Airteagal 2

Chun críocha Airteagal 11.20 agus phointe (x) d’Airteagal 24.2(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún aon mhodhnú nó aon cheartúchán ar Iarscríbhinní 11-A agus 11-B a ghabhann leis an gComhaontú, a fhormheas thar ceann an Aontais, tar éis a bheith i gcomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála.

Airteagal 3

Chun críocha Airteagal 12.37 agus phointe (xi) d’Airteagal 24.2(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún aon mhodhnú ar Iarscríbhinní 12-A agus 12-C a ghabhann leis an gComhaontú, a fhormheas thar ceann an Aontais, tar éis a bheith i gcomhairle leis an gCoiste um an mBeartas Trádála.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha 3 .

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH ‘IONCAM’ - LE hAGHAIDH TOGRAÍ A bhFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU AR THAOBH AN IONCAIM DEN BHUISÉAD

1.    AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche Cuimsithí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis

2.LÍNTE BUISÉID:

Líne ioncaim (Caibidil/Airteagal/Ítim): Caibidil 12, Airteagal 120

An méid arna bhuiséadú le haghaidh na bliana lena mbaineann: (2026) EUR 21 368 300 000. Tá an buiséad le fáil anseo: Dréachtbhuiséad 2026 - RÁITEAS GINEARÁLTA IONCAIM

(i gcás ioncam sannta amháin):

Sannfar an t‑ioncam don líne chaiteachais seo a leanas (Caibidil/Airteagal/Ítim):

3.TIONCHAR AIRGEADAIS

   Ní bheidh aon impleacht airgeadais ag an togra

x    Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach beidh tionchar airgeadais aige ar ioncam

   Tá tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam sannta

Is mar seo a leanas a bheidh an éifeacht: 

(EUR milliúin go dtí an chéad deachúil)

Líne ioncaim

Tionchar ar ioncam 4 5

12 mhí

Bliain 2027

Caibidil 12/Airteagal 120

EUR 630 milliún

Meastar go dtiocfaidh sé i bhfeidhm sa chéad leath de 2027

0

Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne ioncaim

[N+10]

[N+11]

[N+12]

[N+13]

[N+14]

Caibidil/Airteagal/Ítim …

EUR 700 milliún

EUR 700 milliún

EUR 700 milliún

EUR 700 milliún

EUR 700 milliún

(I gcás ioncam sannta amháin, ar choinníoll gurb eol an líne bhuiséid cheana):

Líne chaiteachais 6

Bliain N

Bliain N+1

Caibidil/Airteagal/Ítim …

Caibidil/Airteagal/Ítim …

Líne chaiteachais

[N+2]

[N+3]

[N+4]

[N+5]

Caibidil/Airteagal/Ítim …

Caibidil/Airteagal/Ítim …

4.BEARTA FRITHCHALAOISE

5.BARÚLACHA EILE

Ní bheidh aon chostas breise (caiteachas) i mbuiséad an Aontais mar gheall ar an togra.

Beidh tionchar airgeadais ag CCEC ar bhuiséad an Aontais ar thaobh an ioncaim. Meastar go bhféadfadh luach na ndleachtanna nach n‑íocfar a bheith idir EUR 630 milliún agus EUR 700 milliún in aghaidh na bliana tráth a bheidh an comhaontú á chur chun feidhme ina iomláine. Tá an meastachán bunaithe ar mheánallmhairí a réamh‑mheastar le haghaidh 2042 in éagmais comhaontú saorthrádála.

Tá coinne le tionchair dhearfacha indíreacha ó thaobh méaduithe ar acmhainní atá nasctha le cáin bhreisluacha agus le hollioncam náisiúnta.

(1)    IO C, , lch. .
(2)    [Tagairt le cur isteach].
(3)    Déanfar dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(4)    Is gá gur meastachán, atá bunaithe ar an bhfoirmle nó ar an modh a shainítear faoi roinn 5, iad na méideanna in aghaidh na bliana. Le haghaidh na bliana tosaigh, is gnách go n‑íoctar an méid bliantúil gan laghdú nó pro rata.
(5)    Is dleachtanna custaim (ollmhéideanna) iad na méideanna a luaitear. A mhéid a bhaineann leis na hacmhainní dílse traidisiúnta comhfhreagracha atá dlite do bhuiséad an Aontais, ní mór na costais bhailiúcháin a asbhaint (25 % arna choinneáil ag na Ballstáit go dtí 2027 san áireamh, agus 10 % ina dhiaidh sin, mar a mholtar in COM(2025)574).
(6)    Le húsáid más gá, agus sa chás sin amháin.
Top