Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52026PC0149

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hÁAF)

COM/2026/149 final

An Bhruiséil,23.4.2026

COM(2026) 149 final

2023/0228(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hÁAF)


2023/0228 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hÁAF)

1.Cúlra

An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2023) 415 final – 2023/0228 COD):

an 6 Iúil 2023

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:

an 13 Nollaig 2023

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

an 24 Aibreán 2024

An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:

N/B

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

an 21 Aibreán 2026

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Baineann príomhchuspóir an togra le hábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas agus le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in earnáil an ÁAF.

Leis an togra, neartaítear na ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar shaintréithe inbhuanaitheachta na máthairchrann chun dlús a chur le hoiriúnú na bhforaoisí don athrú aeráide. Tá sé d’aidhm aige caomhnú acmhainní géiniteacha foraoise a fheabhsú trí rialacha simplithe a thabhairt isteach lenar féidir máthairchrainn atá éagsúil go géiniteach a roghnú. Tugann sé deis freisin do na Ballstáit pleananna teagmhais a tharraingt suas chun soláthar leordhóthanach ÁAF a áirithiú chun limistéir atá buailte ag dóiteáin agus tubaistí eile a athfhoraoisiú. Tá sé d’aidhm ag na bearta sin cuidiú le foraoisí athléimneacha a chruthú agus éiceachórais foraoise a athchóiriú, agus an tráth céanna tacú le táirgeadh adhmaid agus bithábhar chomh maith le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide.

Ar deireadh, leis an togra déantar an reachtaíocht a ailíniú le forbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha (próisis nuálacha chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh, teicnící bith‑mhóilíneacha agus digitiú), chomh maith le reachtaíocht ábhartha eile (e.g. an Rialachán i ndáil le Sláinte Plandaí (AE) 2016/2031) agus bunaítear leis córais rialaithe oifigiúla dea-struchtúrtha bunaithe ar phrionsabail an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla (Rialachán (AE) 2017/625).

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

Tá an seasamh ón gComhairle mar a glacadh é ar an gcéad léamh ag teacht go hiomlán leis an gcomhaontú polaitiúil ar ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 8 Nollaig 2025. Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú sin agus leagtar amach thíos na príomhphointí ann.

·Maidir le rialuithe oifigiúla (Airteagail 28, 29, 30 agus 36): leis an téacs comhréitigh a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, leathnaítear raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le ÁAF chuig Airteagal 13 den Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla, i ndáil le taifid i scríbhinn ar rialuithe oifigiúla, tríd an bhforáil sin a chuimsiú in Airteagal 36 den Rialachán maidir le ÁAF. Ina theannta sin, déantar forálacha breise an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla a atáirgeadh sa téacs comhréitigh i bhfoirm shimplithe sa Rialachán maidir le ÁAF, lena náirítear maidir le deimhniú oifigiúil, mar mhír nua in Airteagal 20; maidir le rialuithe an Choimisiúin sna Ballstáit, mar Airteagal 30 nua; maidir le pionóis, mar Airteagal 34 nua; agus maidir le trédhearcacht rialuithe oifigiúla, mar Airteagal 29 nua.

·Maidir le formheas bunábhair chun críoch caomhnaithe acmhainní géiniteacha foraoise (Airteagal 6): tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an togra comhréitigh ón gCoimisiún (lena scriostar Airteagal 18 den togra ón gCoimisiún agus lena ndéantar Airteagal 6 a athdhréachtú). Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla bunábhar a fhormheas chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh freisin maidir leis an mbunábhar sin a chuimsiú sa chlár náisiúnta (ní féidir ach bunábhar atá liostaithe sa chlár náisiúnta a mhargú). 

·Maidir leis na ceanglais mhargaíochta le haghaidh ÁAF a bhaineann le lotnaidí cáilíochta (Airteagal 5): tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an leasú ón bParlaimint i ndáil le foráil bhreise a chur isteach faoi Airteagal 5(1) pointe (d) lena gceanglaítear nach mór do ÁAF atá le margú a bheith saor ó lotnaidí cáilíochta, nó go bhfuil láithreacht lotnaidí den sórt sin ar an ÁAF sin chomh híseal sin nach ndéanann na lotnaidí sin dochar dá cháilíocht. Coinnítear an fhoráil sin sa chomhaontú deiridh, í oiriúnaithe beagán agus sainmhíniú comhfhreagrach faoi Airteagal 3, pointe 47 ag gabháil léi, chun a áirithiú go ndéanfar na rialuithe gaolmhara chun a mheas an bhfuil siomptóim lotnaidí cáilíochta ann ar bhonn riosca agus go bhfuil siad teoranta do chigireachtaí amhairc, rud a mhaolóidh ualaí riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann.

·Maidir le pleananna teagmhais (Airteagal 9): tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le comhréiteach gar do shainordú na Comhairle ina bhfuil pleananna teagmhais fós deonach. Arna iarraidh sin don Pharlaimint, cuireadh síneadh le liosta na neilimintí a d’fhéadfaí a chuimsiú sa phlean/sna pleananna. Ina theannta sin, cuireadh isteach cumhachtú don Choimisiún faoi Airteagal 9(4) chun go sonródh an Coimisiún na gnéithe chun tacú le bunú agus cur chun feidhme na bpleananna teagmhais.

·Ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin (Airteagal 39): chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an dáta cur i bhfeidhm a shocrú ag 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le ÁAF i gcomhréir le sainordú na Comhairle.

4.Conclúid

Tacaíonn an Coimisiún le torthaí na caibidlíochta idirinstitiúidí agus, dá bhrí sin, is féidir leis glacadh leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh.

Top