AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2026
COM(2026) 87 final
2026/0053(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2026 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.ÁBHAR AN TOGRA
Is togra é seo le haghaidh cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (WP.29) maidir le modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe atá ann faoi láthair a ghlacadh.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.Comhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Comhaontú Comhthreomhar
Tá dhá chomhaontú i bhfeidhm chun ceanglais chomhchuibhithe a fhorbairt chun deireadh a chur leis na bacainní teicniúla ar thrádáil mótarfheithiclí idir páirtithe conarthacha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA), agus chun a áirithiú go gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil ar fáil le mótarfheithiclí. Is iad sin:
–Comhaontú CEE-NA maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha maidir le feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’); agus
–an Comhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú maidir le feithiclí rothacha, trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’).
Tháinig na comhaontuithe i bhfeidhm le haghaidh an Aontais Eorpaigh an 24 Márta 1998 agus an 15 Feabhra 2000, faoi seach. Is é (WP.29) a dhéanann maoirseacht ar an obair a bhaineann leis na Comhaontuithe sin.
2.2. An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, ar fóram de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip é
Cuireann WP.29 creat uathúil ar fáil chun rialacháin maidir le feithiclí a chomhchuibhiú ar bhonn domhanda. Is meitheal bhuan é WP.29 i gcreat institiúideach na Náisiún Aontaithe, agus tá sainordú sonrach agus rialacha sonracha nós imeachta aige. Feidhmíonn sé mar fhóram domhanda inar féidir plé oscailte a dhéanamh ar rialacháin maidir le mótarfheithiclí agus ar chur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair. Aon bhallstát de na Náisiún Aontaithe agus aon eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíoch, arna bunú ag ballstáit de chuid na Náisiún Aontaithe, féadfaidh an ballstát nó an eagraíocht sin a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí WP.29 agus a bheith ina pháirtí nó páirtí conarthach sna Comhaontuithe maidir le feithiclí a ndéanann WP.29 maoirseacht orthu. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sna comhaontuithe sin.
Tagann WP.29 le chéile trí huaire sa bhliain, is é sin i mí an Mhárta, i mí an Mheithimh agus i mí na Samhna. Chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, féadfaidh WP.29 na nithe seo a leanas a ghlacadh ag gach cruinniú:
rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe;
rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe;
rialacháin theicniúla dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe);
modhnuithe ar rialacháin agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; agus
modhnuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin faoin gComhaontú Comhthreomhar.
Roimh gach cruinniú de chuid WP.29, déanann fochomhlachtaí tiomnaithe de chuid WP.29 na modhnuithe sin a phlé ar an leibhéal teicniúil.
Ina dhiaidh sin, is féidir le WP.29 tograí a ghlacadh ar na bealaí seo a leanas:
trí thromlach cáilithe na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958; nó
trí vóta comhthola na bpáirtithe conarthacha atá i láthair agus a chaitheann vóta i leith tograí faoin gComhaontú Comhthreomhar.
Roimh gach cruinniú a bhíonn ag WP.29, leagtar síos le Cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis na nithe seo a leanas:
rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe; agus
leasuithe, forlíontaí agus ceartúcháin ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe.
2.3. An gníomh atá beartaithe ag WP.29
Ón 10 go dtí an 13 Márta 2026, le linn an 198ú seisiún de chuid WP.29, féadfaidh sé an méid seo a leanas a ghlacadh:
tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 10, 13, 13-H, 39, 40, 41, 48, 49, 79, 83, 107, 130, 140, 148, 149, 154, 168 agus 177 ó na Náisiúin Aontaithe;
tograí le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe:
maidir le tomhas saotharlainne astaíochtaí coscáin ó fheithiclí saothair éadroim,
maidir le córais faireacháin ar bord (OBM), pas comhshaoil feithicle (EVP) agus taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil,
maidir le córais sochta dóiteáin innill,
maidir le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí, agus
maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí; agus
togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais.
3. AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS
Ós rud é gur réimse é seo ina bhfuil an tAontas Eorpach tar éis reachtaíocht a rith go forleathan, tagann sé faoi inniúlacht eisiach an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE.
Le córas WP.29, neartaítear comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán maidir le feithiclí. Tá ról ríthábhachtach ag Comhaontú Athbhreithnithe 1958 ó thaobh an cuspóir sin a bhaint amach. Is féidir le monaróirí an Aontais tacar coiteann de rialacháin chineálcheadúcháin a úsáid agus a fhios acu go n‑aithneoidh páirtithe conarthacha go gcomhlíonann táirgí na monaróirí sin a reachtaíocht náisiúnta.
Mar thoradh air sin, le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 i ndáil le sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a aisghaireadh níos déanaí agus ar cuireadh Rialachán (AE) 2019/2144 ina ionad, bhíothas in ann breis agus 50 treoir ón Aontas a aisghairm agus rialacháin chomhfhreagracha a forbraíodh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a chur ina n‑ionad.
Leantar cur chuige comhchosúil le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Leagtar síos leis forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 a ionchorprú i gcóras cineálcheadúcháin an Aontais, ina gceanglais maidir le cineálcheadú nó ina roghanna eile in ionad reachtaíocht an Aontais.
A luaithe a ghlacann WP.29 togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh modhnuithe ar rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá ann cheana, tugann Rúnaí Feidhmiúcháin CEE-NA fógra faoin ngníomh comhfhreagrach do na páirtithe conarthacha. Mura ndéanfaidh mionlach blocála de pháirtithe conarthacha agóid laistigh de 6 mhí, tiocfaidh an gníomh i bhfeidhm. Ansin, is féidir le gach páirtí conarthach an gníomh a thrasuí ina rialacha náisiúnta infheidhme. San Aontas Eorpach, is trí fhoilsiú an ghnímh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thugtar an próiseas trasuímh chun críche.
Ní mór seasamh an Aontais a leagan síos i ndáil leis na gníomhartha seo a leanas:
tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 10, 13, 13-H, 39, 40, 41, 48, 49, 79, 83, 107, 130, 140, 148, 149, 154, 168, agus 177 ó na Náisiúin Aontaithe chun forálacha a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an méid seo a leanas:
–comhoiriúnacht leictreamaighnéadach — is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe tagairtí éagsúla do na caighdeáin thionsclaíocha is déanaí is infheidhme a ailíniú;
–coscánú feithiclí troma — leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá ann cheana maidir le feithiclí uathoibrithe a chumasú, lena n‑áirítear na feithiclí sin nach bhfuil rialuithe láimhe acu, léamh beo luachanna éilimh coscáin a chumasú le linn cigireachtaí teicniúla tréimhsiúla, a shoiléiriú go gceadaítear aon rialú ar an gcóras coscánaithe a úsáid, chun éifeachtacht an chórais coscánaithe éigeandála a thástáil i ndálaí teipe, agus na forálacha a thabhairt isteach maidir le cineálcheadú feiste glasála páirce mar mhalairt ar an gcoscánú láimhe frithchuimilte chun an fheithicil a choinneáil nó in éineacht leis an gcoscánú sin;
–coscáin le haghaidh fheithiclí M1 agus N1 — tá sé beartaithe leis na leasuithe atá beartaithe soiléiriú a dhéanamh ar na forálacha atá ann cheana maidir leis na coinníollacha gníomhachtaithe le haghaidh comhartha stoptha éigeandála (ESS) tríd an gcóras príomhchoscánaithe a chur i bhfeidhm trí rialú an choscáin páirceála leictreonaigh (EPB), féachaint le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá ann cheana maidir le feithiclí uathoibrithe a chumasú, lena n‑áirítear iad siúd nach bhfuil rialuithe láimhe acu, na forálacha a thabhairt isteach maidir le cineálcheadú feiste glasála páirce mar mhalairt ar an gcoscán láimhe frithchuimilte nó i gcomhar leis chun an fheithicil a choinneáil, agus léamh beo luachanna éilimh coscáin a chumasú le linn cigireachtaí teicniúla tréimhsiúla;
–luasmhéadar agus odaiméadar — is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe aghaidh a thabhairt ar an neamhréireacht sna ceanglais dá bhforáiltear i Rialacháin Uimh. 125 agus 176 ó na Náisiúin Aontaithe i ndáil le cúntóir réimse radhairc (FVA) agus leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán 39 ó na Náisiúin Aontaithe;
–astú truailleán gásach ó ghluaisrothair — tá sé beartaithe leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán Uimh. 40 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais a ailíniú le forálacha chaighdeán astaíochtaí Euro 3;
–astaíochtaí torainn ó ghluaisrothair — leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar leis an léirmhíniú a shoiléiriú maidir leis an trealamh atá le húsáid le linn na tástála comhréireachta táirgeachta i gcás dálaí éagsúla atmaisféaracha agus timpeallachta;
–suiteáil gaireas soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta — tá sé beartaithe leis na leasuithe atá beartaithe soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais voltais le haghaidh dé-óidí astaithe solais (LED) agus ar na ceanglais maidir le lampaí treotháscaire a ghníomhachtú, chun comhoiriúnacht le córas um chúnamh rialúcháin don tiománaí a áirithiú;
–Innill GPL agus GNC — leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le ceanglais maidir le faireachán ar ídiú breosla ar bord (OBFCM) a thabhairt isteach;
–trealamh stiúrtha — is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na forálacha idirthréimhseacha a thabhairt cothrom le dáta agus féachaint le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá ann cheana maidir le feithiclí uathoibrithe a chumasú, lena n‑áirítear iad siúd nach bhfuil rialuithe láimhe acu;
–astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1 — leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le ceanglais nua a thabhairt isteach bunaithe ar Euro 7, lena n‑áirítear ceanglais maidir le feistí cúblála agus straitéisí cúblála, agus maidir le frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil. Ina theannta sin, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe deireadh a chur leis an tástáil de chineál 2 agus forálacha saolré sínte a thabhairt isteach, chomh maith le ceanglais chomhréireachta inseirbhíse maidir le marthanacht ceallraí infheithicle.
–Feithiclí M2 agus M3 — leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí i ndáil le faisnéis a sholáthar maidir le suíomh agus úsáid shábháilte bealaí éalaithe éigeandála agus múchtóirí dóiteáin;
–córais rabhaidh imeachta ó lána — is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe téacs an rialacháin a ailíniú leis na coinníollacha maidir leis an gcóras a athbhunú go huathoibríoch ag ‘tionscnamh gach timthrialla tosaithe / feidhmithe innill’;
–rialú cobhsaíochta leictreonach — tá sé beartaithe leis na leasuithe atá beartaithe téacs an rialacháin a ailíniú leis na coinníollacha maidir leis an gcóras a athbhunú go huathoibríoch ag ‘tionscnamh gach timthrialla tosaithe / feidhmithe innill’;
–gairis solaschomharthaíochta — leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le ceartúcháin eagarthóireachta a thabhairt isteach sna marcálacha le haghaidh foinsí solais agus soiléirithe a sholáthar i gcás ina ríomhtar na teorainneacha lamháltais;
–gairis soilsithe bóthair — is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais mharcála le haghaidh feidhmeanna ceannlampa a shoiléiriú agus cruinneas an mhodha spriocdhírithe uirlise a fheabhsú;
–nós imeachta tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí éadroma (WLTP) — tá sé beartaithe leis na leasuithe atá beartaithe ceanglais nua a thabhairt isteach bunaithe ar Euro 7, lena n‑áirítear forálacha nua maidir le líon na gcáithníní (PN10), teorainn nua SHED le haghaidh astaíochtaí galaithe, forálacha nuashonraithe maidir le faireachán ar ídiú breosla ar bord, chomh maith le hoiriúnuithe eile ar dhul chun cinn teicniúil. Ina theannta sin, is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe iarscríbhinní nua a thabhairt isteach ina mbeidh ceanglais a bhaineann le marthanacht ceallraí infheithicle agus tástáil nua le haghaidh raon feithiclí lánleictreacha ag teochtaí ísle;
–astaíochtaí domhanda fíorthiomána (RDE) — leis na leasuithe atá beartaithe, féachtar le raon feidhme Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú chun raon feidhme na bhfeithiclí saothair éadroim a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/1257 a léiriú agus chun coincheap na leibhéal atá cosúil leis an gcoincheap leibhéil atá i Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe a chur leis; agus
–cumhacht an chórais (DEVP) — is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe raon feidhme Rialachán Uimh. 177 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le Rialachán (AE) 2024/1257 (Euro 7);
tograí le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe:
–maidir le tomhas saotharlainne astaíochtaí coscáin ó fheithiclí saothair éadroim;
–maidir le córais faireacháin ar bord (OBM), pas comhshaoil feithicle (EVP) agus taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil;
–maidir le córais sochta dóiteáin innill;
–córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí; agus
–maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí; agus
togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais, lena dtabharfar isteach catagóirí foinsí solais in ionad dé-óideanna astaithe solais.
Tá sé beartaithe ag WP.29 vótáil maidir leis na tograí sin ag an gcruinniú a bheidh aige an 10 go dtí an 13 Márta 2026.
Ina theannta sin, ní mór seasamh an Aontais a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:
togra le haghaidh leasú ar sceideal 2 a ghabhfaidh le Comhaontú 1958, lena bhféachtar le soiléiriú a dhéanamh ar na critéir maidir le seirbhísí teicniúla a ainmniú le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ag a bhfuil forálacha iniúchóireachta trí thagairt a dhéanamh do cheanglais ISO/IEC 17021; agus
iarraidh ar údarú chun tús a chur leis an obair ar chéim 3 den mheitheal neamhfhoirmiúil um shábháilteacht feithiclí leictreacha.
Ba cheart don Aontas tacú leis na gníomhartha thuasluaite ós rud é go bhfuil siad i gcomhréir lena bheartas maidir leis an margadh inmheánach i dtaca leis an earnáil mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, agus i gcomhréir freisin lena bheartais maidir leis an ngeopholaitíocht, leis an iompar, leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh.
Imríonn na gníomhartha sin uile tionchar an‑dearfach ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar an trádáil idirnáisiúnta. Rachadh vóta i bhfabhar na ngníomhartha sin chun sochair don dul chun cinn teicneolaíoch, sholáthródh sé barainneachtaí scála, sheachnódh sé ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus d’áiritheodh sé go gcuirfí caighdeáin chomhionanna maidir le mótarfheithiclí i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.
Níl saineolas seachtrach ábhartha i gcás an togra seo. Tá athbhreithniú déanta ag an gCoiste Teicniúil um Mótarfheithiclí ar an togra seo, áfach.
4.BUNÚS DLÍ
4.1. Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1. Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh luaitear go nglacann an Chomhairle cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo mar gheall ar na rialacha dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear freisin sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2. Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é WP.29 ina bpléann páirtithe conarthacha CEE-NA cur chun feidhme Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus an Chomhaontaithe Chomhthreomhair.
Na gníomhartha a iarrtar ar WP.29 a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo.
Na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a leagtar amach sa ghníomh atá beartaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 12 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí.
Leis na gníomhartha atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2. Bunús dlí substainteach
4.2.1.
Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
Féadfaidh dhá aidhm nó dhá chomhpháirt a bheith i gceist le gníomh atá beartaithe, ar féidir ceann amháin díobh a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó mar chomhpháirt theagmhasach. Sa chás seo, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí substainteach atá leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2. Feidhm maidir leis an gcás seo
Comhfhogasú dlíthe atá i bpríomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3. Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 114 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE
Ós rud é go leasófar le gníomh WP.29 roinnt rialachán ó na Náisiúin Aontaithe agus rún amháin ó na Náisiún Aontaithe, agus ós rud é go nglacfar leis rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2026/0053 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí mhí an Mhárta 2026 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.
(2)Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.
(3)I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadúcháin an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.
(4)De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.
(5)Ón 10 Samhain go dtí an 13 Márta 2026, le linn an 198ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 10, 13, 13-H, 39, 40, 41, 48, 49, 79, 83, 107, 130, 140, 148, 149, 154, 168 agus 177 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tomhas saotharlainne astaíochtaí coscáin ó fheithiclí saothair éadroim; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais faireacháin ar bord (OBM), pas comhshaoil feithicle (EVP) agus taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil; togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais sochta dóiteáin innill; togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí; togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí; agus togra le haghaidh leasú ar an rún comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais.
(6)Chun taithí phraiticiúil agus forbairtí teicniúla a chur san áireamh le linn an phróisis cineálcheadaithe, na ceanglais maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais agus rialacháin Uimh. 10, 13, 13-H, 39, 40, 41, 48, 49, 79, 83, 107, 130, 140, 148, 149, 154, 168 agus 177 ó na Náisiúin Aontaithe, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh.
(7)Chun dul chun cinn teicneolaíoch a éascú agus chun an dícharbónú a chur chun cinn, ní mór rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh maidir le tomhas saotharlainne astaíochtaí coscáin ó fheithiclí saothair éadroim, maidir le córais OBM, EVP agus taispeáint infheithicle sonraí comhshaoil, maidir le córais sochta dóiteáin innill, maidir le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí, agus maidir le hardchóras rabhaidh do sheachmall tiománaí.
(8)Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht leis an rún ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar ar inneachar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí. Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a mhéid a bhaineann le glacadh na dtograí sin, is iomchuí é a bhunú.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Vótáil i bhfabhar na ndoiciméad oibre ó na Náisiúin Aontaithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, is é sin an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda CEE-NA um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) le linn an 198ú seisiún den fhóram sin, a thionólfar ón 10 go dtí an 13 Márta 2026.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais in WP.29 mionathruithe teicniúla ar an dréachtchinneadh a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán