AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.1.2026
COM(2026) 44 final
2026/0027(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i leith Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i ndáil leis an gcinntiúchán faoi Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 537 den Chomhaontú sin a sholáthar don Ríocht Aontaithe
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, chun go mbeidh an tAontas in ann dearbhú a dhéanamh lena leagtar amach an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a bhaineann le cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle a sholáthar don Ríocht Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (dá ngairtear ‘an Ríocht Aontaithe’ anseo feasta), den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ anseo feasta).
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Trádála agus Comhair
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), leagtar síos an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, laistigh de limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta, caidreamh arb é is príomhthréith dó dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar chomhar agus a dhéanann neamhspleáchas agus ceannasacht na bPáirtithe a urramú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
Déanann an Comhaontú foráil maidir le comhar idir na Páirtithe i dtaca le cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus clárúcháin sonraí feithicle. Ní fhéadfar tús a chur leis an gcomhar sin, áfach, go dtí go mbeidh sé fíoraithe ag an Aontas gur chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 539 den Chomhaontú agus in Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis.
2.2.An gníomh atá beartaithe ag an Aontas
Foráiltear le hAirteagal 540(2) den Chomhaontú go gcinnfidh an tAontas an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a bhaineann le cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle a sholáthar don Ríocht Aontaithe de bhun Theideal II (‘Malartú DNA, méarlorg agus sonraí clárúcháin feithicle’) de Chuid a Trí den Chomhaontú.
De bhun Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú, cinnfidh an Chomhairle, ar bhonn meastóireachta, ar chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha is gá maidir le cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí clárúcháin feithicle. Beidh an cinneadh le bunú ar thuarascáil mheastóireachta fhoriomlán ina mbeidh achoimre ar thorthaí ó cheistneoir, cuairte meastóireachta agus, i gcás inarb infheidhme, trialach píolótaí.
Beidh an cinneadh sin ina cheangal, faoin dlí idirnáisiúnta, ar an Ríocht Aontaithe trí bhíthin dearbhú aontaobhach ón Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 540(2) den Chomhaontú. Ní mór fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe faoin dearbhú aontaobhach ón Aontas.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Tar éis cuairt mheastóireachta a thabhairt ar an Ríocht Aontaithe an 17 agus 20 Meitheamh 2025, tháinig foireann meastóireachta ar an gconclúid ina cuid tuarascála go ndéanann an comhar leis an Ríocht Aontaithe maidir le sonraí clárúcháin feithicle na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh. Cuireadh an tuarascáil sin faoi bhráid na Comhairle an 17 Deireadh Fómhair 2025 agus réitíodh an bealach léi sa tslí go raibh an Chomhairle in ann é a ligean don Aontas dearbhú a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sonraí clárúcháin feithicle a sholáthar don Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 540(2) den Chomhaontú.
I bhfianaise an mhéid thuas, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an 1 Márta 2026 a shocrú mar an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sonraí clárúcháin feithicle dá dtagraítear in Airteagal 537 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a sholáthar don Ríocht Aontaithe.
4.An bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Foráiltear le hAirteagal 540(1) agus (2) TCA, i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 539 den Chomhaontú agus in Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis comhlíonta ag an Ríocht Aontaithe, go socróidh an tAontas an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sonraí clárúcháin feithicle a sholáthar don Ríocht Aontaithe. Cé gur gníomh aontaobhach ón Aontais é an cinntiúchán sin agus nach gníomh é atá le glacadh ag aon cheann de na comhlachtaí arna mbunú ag an gComhaontú, beidh éifeachtaí dlíthiúla aige mar sin féin. Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais is bun leis an gcinntiúchán sin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE, arna chur i bhfeidhm de réir analaí.
Tá éifeachtaí dlíthiúla an dearbhaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta agus tagann siad go hiomlán ar an Aontas, mar pháirtí sa Chomhaontú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i leith an ábhair sin.
Cinntiúchán an dáta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 540(2) den Chomhaontú, ní chiallaíonn sin go ndéanfar creat an chomhaontaithe sin a fhorlíonadh ná a leasú.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh‑chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh‑chomhpháirt.
Maidir le gníomh atá beartaithe a bhfuil roinnt cuspóirí éagsúla á saothrú leis an tráth céanna, nó a bhfuil roinnt comhpháirteanna éagsúla ann, ar cuspóirí nó comhpháirteanna iad atá i ndlúthnasc do-scartha le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais an chinn eile, ní mór, ar bhonn eisceachtúil, na bunúis chomhfhreagracha dlí éagsúla a áireamh sa bhunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Saothraítear cuspóirí leis an ngníomh atá beartaithe agus tá comhpháirteanna ann i réimse na cosanta sonraí agus an chomhair póilíneachta. Tá dlúthnasc doscartha idir na heilimintí sin den ghníomh atá beartaithe agus níl aon cheann díobh teagmhasach le hais ceann eile.
Dá bhrí sin, is iad na forálacha seo a leanas bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe: Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2)(a) CFAE.
Tá an Comhaontú ina cheangal ar na Ballstáit go léir de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 217 CFAE mar a bhunús dlí substainteach.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2)(a) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith ina mbunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
2026/0027 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i leith Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i ndáil leis an gcinntiúchán faoi Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, maidir leis an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 537 den Chomhaontú sin a sholáthar don Ríocht Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16(2) agus 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (dá ngairtear ‘An Ríocht Aontaithe anseo feasta), den pháirt eile, (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
(2)De bhun Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an tAontas le cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a bhaineann le cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle a sholáthar don Ríocht Aontaithe, ar bhonn tuarascáil mheastóireachta fhoriomlán, ina ndéanfar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus, i gcás inarb infheidhme, trialach píolótaí.
(3)I litir dar dáta an 20 Bealtaine 2024, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl don Choimisiún, tríd an gCoiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, go raibh na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Theideal II de Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair curtha chun feidhme aici i leith sonraí clárúcháin feithicle. Rinne an Ríocht Aontaithe dearbhuithe agus ainmniúcháin freisin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Chaibidil 0 d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus chuir sí in iúl go raibh sí réidh le dul faoi mheastóireacht i gcomhair malartú sonraí clárúcháin feithicle idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit.
(4)An 25 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Coimisiún an ceistneoir a bhain le malartú uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle chuig an Ríocht Aontaithe. An 11 Samhain 2024, chuir an Ríocht Aontaithe a cuid freagraí ar an gceistneoir sin ar fáil don Choimisiún. Cuireadh na freagraí sin ar fáil don fhoireann meastóireachta, agus cuireadh iad faoi bhráid Mheitheal na Comhairle um Malartú Faisnéise CGB agus faoi bhráid Mheitheal na Comhairle um an Ríocht Aontaithe an 13 Samhain 2024.
(5)De bhun Airteagal 2 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, níor mhór don Ríocht Aontaithe triail phíolótach a dhéanamh le Ballstát amháin nó níos mó de chuid an Aontais a bhfuil sonraí clárúcháin feithiclí á malartú acu cheana féin faoi Chinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle, go gairid roimh an gcuairt mheastóireachta nó go gairid ina diaidh. Cuireadh an triail phíolótach i gcrích go rathúil go gairid roimh an gcuairt mheastóireachta.
(6)De bhun Airteagal 3 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, rinneadh meastóireacht ar an Ríocht Aontaithe maidir le cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle ón 17 go dtí an 20 Meitheamh 2025. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil mheastóireachta go ndearnadh na gnéithe lenar féidir sonraí clárúcháin feithicle a mhalartú go huathoibríoch leis na Ballstáit de bhun an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, Cuid a Trí Teideal II agus Iarscríbhinn 39, a chur chun feidhme go rathúil sa Ríocht Aontaithe, ar leibhéil dhlíthiúla, oibríochtúla agus theicniúla.
(7)De bhun Airteagal 5 de Chaibidil 4 d’Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cuireadh an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid na Comhairle an 17 Deireadh Fómhair 2025, tuarascáil ina raibh achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte fíorúcháin agus na trialach píolótaí.
(8)Ós rud é gur chomhlíon an Ríocht Aontaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 539 den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus in Iarscríbhinn 39 a ghabhann leis, ba cheart don Aontas, de bhun Airteagal 540(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, an dáta a chinneadh óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sonraí clárúcháin feithicle dtagraítear in Airteagal 537 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a sholáthar don Ríocht Aontaithe. Féadfar na sonraí sin a sholáthar ón 1 Márta 2026. Ba cheart don Aontas an seasamh sin a chur in iúl don Ríocht Aontaithe sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach. Sna himthosca sin, is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith na Ríochta Aontaithe maidir leis an dáta sin a chinneadh, a bhunú.
(9)Tá an Comhaontú Trádála agus Comhair ina cheangal ar na Ballstáit uile de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle, Cinneadh a bhfuil Airteagal 217 CFAE ina bhunús dlí substainteach aige.
(10)Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Airteagal 540 den Chomhaontú Trádála agus Comhair de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i leith an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sonraí clárúcháin feithicle dá dtagraítear in Airteagal 537 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a sholáthar don Ríocht Aontaithe, leagtar an seasamh sin amach sa dearbhú aontaobhach ón Aontas atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Seasamh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, tabharfar fógra don Ríocht Aontaithe maidir leis sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhar.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán