AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,21.1.2026
COM(2026) 16 final
2026/0013(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le líonraí digiteacha, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120, Treoir 2002/58/CE agus Cinneadh Uimh. 676/2002/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1971, Treoir (AE) 2018/1972 agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE (an Gníomh um Líonraí Digiteacha)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2026) 14 final} - {SWD(2026) 13 final} - {SWD(2026) 14 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Mar a shonraítear sa Chlár Beartais Eorpach don Deacáid Dhigiteach (), tá an nascacht ríthábhachtach don chlaochlú digiteach, arb é is aidhm dó leathanbhanda gigighiotáin agus 5G a bhaint amach ar bhonn uilíoch i limistéir ina bhfuil cónaí ar dhaoine faoi 2030. Le líonraí láidre, tapa agus slána, cumasaítear forbairt scileanna digiteacha, nuálaíocht ghnó (an Intleacht Shaorga (IS), an néalríomhaireacht), ríomhsheirbhísí rialtais/sláinte fíor-riachtanacha. Fágann siad freisin gur féidir deireadh a chur leis an deighilt dhigiteach, rud a áiritheoidh rannpháirtíocht chuimsitheach agus iomaíochas ar fud an Aontais. Ní rochtain amháin atá i gceist leis an nascacht. Baineann sí le malartú sonraí fíor-ama, rud atá ríthábhachtach chun go mbeidh an tAontas in ann a spriocanna digiteacha níos leithne a bhaint amach agus tacú le sochaí rathúil a bheidh nasctha i ndáiríre.
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh creat dlíthiúil nua-aimseartha simplithe ann lena ndreasaítear an t‑aistriú ó líonraí leagáide go snáithín optúil, líonraí 5G agus 6G ardcháilíochta, agus bonneagair néalbhunaithe, chomh maith le scála méadaithe trí sholáthar seirbhísí agus oibriú trasteorann. Tugadh é sin chun suntais freisin i dtorthaí an chomhairliúcháin thaiscéalaíoch maidir le todhchaí na hearnála cumarsáide leictreonaí agus a bonneagair (2023)(), agus níos déanaí sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’ (2024)(), agus sa fhreagairt ar an nGlao ar Fhianaise le haghaidh an Ghnímh um Líonraí Digiteacha (2025)().
In anailísí straitéiseacha ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear tuarascálacha Letta () Draghi() agus Niinistö(), agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas’(), tugtar le fios freisin go bhfuil bonneagar líonra dhigitigh úrscothach ríthábhachtach d’iomaíochas gheilleagar, shlándáil agus leas sóisialta an Aontais amach anseo. Ní mór nascacht ardcháilíochta, iontaofa agus shlán a bheith ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do phríomhearnálacha eacnamaíocha.
An tráth céanna, cuireadh i bhfios go láidir i dtuarascálacha Letta agus Draghi go bhfuil an margadh aonair don chumarsáid leictreonach fós ilroinnte, agus go bhfuil bacainní ar an oibriú trasteorann agus ar an uas-scálú fós roimh oibreoirí Eorpacha, rud a chuireann teorainn lena gcumas infheistíocht a dhéanamh, dul i mbun nuálaíochta agus dul in iomaíocht lena bpiaraí domhanda. Ós rud é gur Treoir atá sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, tá cúrsaí ilroinnte idir na náisiúin agus, dá bhrí sin, níor éirigh leis fíormhargadh aonair a chruthú. Tá coinníollacha údarúcháin ghinearálta éagsúla roimh oibreoirí ó Bhallstát go chéile chomh maith le meascán mearaí de cheanglais náisiúnta lena ndídhreasaítear oibríochtaí trasteorann, lena méadaítear costais comhlíontachta agus lena gcuirtear moill ar thabhairt isteach na dteicneolaíochtaí nua.
Mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar thábhacht na gceanglas feidhmíochta agus slándála maidir le seirbhísí den sórt sin, tá claochlú teicneolaíoch á dhéanamh ar líonraí digiteacha ina bhfuil cumais néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta ag teacht chun bheith ina gcuid lárnach den bhonneagar nascachta. An Gníomh um Líonraí Digiteacha (GLD) a ghlacadh, mar aon leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht ar an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (CCLE)() agus ar ghníomhartha dlí gaolmhara, is deis é sin chun an creat dlíthiúil a shimpliú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh. Leis sin, cuirfear borradh faoin iomaíochas agus faoin athléimneacht agus fágfaidh sé go mbeidh margadh aonair níos comhtháite ann.
Tá an nascacht satailíte ag teacht chun cinn mar cheann de na príomhnithe lena gcumasaítear uathriail straitéiseach an Aontais. Tá sí ríthábhachtach chun go mbeidh rochtain inacmhainne ar an idirlíon leathanbhanda i limistéir iargúlta agus chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann le slándáil, bainistiú géarchéime, cosaint agus feidhmeanna criticiúla eile. Sa timpeallacht teicneolaíochta satailíte atá ag athrú go tapa, ní mór don Aontas a uathriail straitéiseach sa chumarsáid satailíte a neartú, lena n‑áirítear líonraí agus seirbhísí, chun an athléimneacht a dhaingniú agus feabhas a chur uirthi, agus rannchuidiú leis an margadh aonair an tráth céanna, rud is féidir a dhéanamh trí choinníollacha údarúcháin satailíte comhchuibhithe de chuid an Aontais.
I gcomhthráth leis sin, ní mór athléimneacht níos fearr a chothú sa nascacht satailíte in aghaidh trasnaíocht dhíobhálach, rud a dhéanann difear do chórais um loingseoireacht satailíte dhomhanda (GNSS) amhail Galileo. Ba cheart don Aontas a bheith in ann freagairt do na bagairtí slándála a bhaineann le dróin ar bhealach coincréiteach, inghníomhaithe agus oibríochtúil.
Chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach maidir le leas tomhaltóirí, iomaíochas tionsclaíoch, slándáil agus athléimneacht agus inbhuanaitheacht, tá sé d’aidhm ag GLD na gníomhaithe uile sa mhargadh a dhreasú chun dul i mbun nuálaíochta agus infheistíocht a dhéanamh san ardnascacht agus chun éiceachóras de bhonneagair nascachta agus ríomhaireachta a chur chun cinn lena gcumasófar mór-roinn na hintleachta saorga agus lena gcothófar an margadh aonair.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tagann GLD in ionad ionstraimí reachtacha áirithe de chuid an Aontais atá ann cheana lena rialaítear an t‑éiceachóras nascachta: CCLE, Rialachán Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC)() an Clár Beartais um an Speictream Raidió (RSPP) (), codanna den Rialachán maidir leis an Idirlíon Oscailte (OIR)() agus Treoir 2002/58/CE (an Treoir maidir le r-phríobháideachas). Is é is aidhm do chumasc na n‑ionstraimí sin in GLD i bhfoirm Rialacháin na rialacha a shimpliú agus a chomhordú ar bhealach níos fearr, rud a chuirfidh ar a gcumas do sholáthraithe oibriú agus dul i mbun nuálaíochta sa mhargadh aonair. Is éard atá de dhíth ar sholáthraithe rialacha simplithe agus comhsheasmhacha maidir le húdarú (CCLE), rochtain ar líonraí fosaithe agus acmhainní speictrim (CCLE, RSPP), agus tacar rialacha simplithe agus comhchuibhithe maidir le líonraí agus seirbhísí (CCLE, OIR). Ar deireadh, le socruithe rialachais ní mór tacú le dálaí an mhargaidh aonair agus iad a chumasú (CCLE, Rialachán BEREC, RSPP). Comhlánaíonn an togra an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin) freisin, lena leagtar amach creat chun tacú le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh níos tapúla agus ar bhealach níos costéifeachtaí. Tá GLD i gcomhréir leis an Rialachán Fánaíochta freisin (), lena rialaítear muirir fánaíochta san Aontas. Comhlánaíonn an togra rialacha iomaíochta an Aontais freisin agus tá sé i gcomhréir leo, ar rialacha iad a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn cás ar chás (ar bhonn ex post go minic).
I réimse na cosanta tomhaltóirí, leanann GLD de chreat cothrománach an Aontais um chosaint tomhaltóirí a chomhlánú. Cé go gcoinnítear ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar bun leis an togra le haghaidh GLD, déantar na rialacha earnáilsonracha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh i réimse na cumarsáide leictreonaí a shimpliú agus a chomhchuibhiú a thuilleadh. Tá an togra go hiomlán i gcomhréir leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach, ina leagtar amach fís do chlaochlú digiteach na hEorpa go dtí 2030, tríd an gcreat rialála a dhearadh sa chaoi go mbainfear amach bonneagair dhigiteacha a bheidh slán agus inbhuanaithe.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Ceapadh an togra seo chun comhlántacht iomlán a áirithiú le tograí de chuid an Aontais atá ann cheana agus atá ar na bacáin maidir leis an néalríomhaireacht, an intleacht shaorga, sonraí, an chibearshlándáil agus an ullmhacht, agus an spás. Tá sé fíor-riachtanach comhleanúnachas a áirithiú sna réimsí beartais idirnasctha sin ar mhaithe le cumas an Aontais na hacmhainneachtaí teicneolaíochta lena bhfuil gá a fhorbairt feadh an tslabhra luacha dhigitigh ina iomláine. An tráth céanna, agus tríd an mbonn a neartú le haghaidh margadh aonair digiteach níos comhtháite agus le haghaidh éiceachóras bonneagair dhigitigh atá nuálach agus fabhrach don infheistíocht, tá an Gníomh um Líonraí Digiteacha ar cheann de na príomhthionscnaimh shuaitheanta faoin straitéis chothrománach chun geilleagar na hEorpa a athbheochan, is é sin Compás Iomaíochais an Aontais.
Cé nach bhféachann GLD le néalseirbhísí a rialáil, mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an gcóineasú idir líonraí cumarsáide leictreonaí agus an néalríomhaireacht/an imeall-ríomhaireacht, is gá GLD a ailíniú leis an nGníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga (CADA)(), arb é is aidhm dó cumais néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta an Aontais a neartú trí dhálaí infheistíochta níos fearr agus trí nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe. Gníomhaíochtaí gaolmhara an Aontais faoin bPlean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga() maidir le rochtain ar shonraí agus ar bhonneagar IS agus tacaíocht d’fheidhmeanna IS le haghaidh earnálacha, léiríonn siad an t‑aistriú níos leithne i dtreo bonneagair líonra néalbhunaithe agus IS-chumasaithe. Tá an tionscnamh i gcomhréir leis an Straitéis um Aontas Sonraí Eorpach (), lena bhfeabhsaítear rochtain ar shonraí ardcháilíochta agus lena ndéantar tuilleadh forbartha ar bhonneagar a bhaineann le sonraí. Trí fheabhas a chur ar nascacht shlán iontaofa, tacóidh GLD leis na cuspóirí níos leithne sin a bhaint amach.
D’ainneoin obair a rinneadh trí bhosca uirlisí cibearshlándála 5G(), tá rioscaí fós ann san earnáil cumarsáide leictreonaí maidir leis an athléimneacht. Tá difear fós á dhéanamh ag spleáchais do líonraí 4G/5G agus líonraí fosaithe, cáblaí fomhuirí, néalseirbhísí agus earnálacha criticiúla. Is deis é an t‑athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil() chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sa slabhra soláthair TFC ar bhealach níos córasaí. Tá dlúthnasc idir na gníomhaíochtaí sin agus fócas an togra seo ar shlándáil agus athléimneacht na líonraí a fheabhsú, agus treisíonn na gníomhaíochtaí sin a chéile. Cé go soláthraítear oibleagáidí ó thaobh na cibearshlándála agus na hathléimneachta de leis an Dara Treoir NIS() agus leis an Treoir maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil(), tá gá fós le comhordú níos fearr san Aontas. Toisc nach bhfuil comhlacht oibríochtúil earnáilsonrach ann ná forléargas láraithe uile-Aontais ar an ullmhacht, sásraí réamhrabhaidh um bainistiú géarchéime, ná mapáil na hathléimneachta sa chumarsáid leictreonach, cuirtear i dtábhacht a thuilleadh an riachtanas sin.
Tá an togra ailínithe le cuspóirí Straitéis Slándála Eacnamaíche an Aontais agus Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta, trí athléimneacht, iomarcaíocht agus cumais na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a neartú, chun tarchur iontaofa na cumarsáide a áirithiú le linn suaití, géarchéimeanna nó cásanna force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine. Go háirithe, tacóidh sé le cumais líonraí agus seirbhísí a bheidh feabhsaithe go mór, lena n‑áirítear bearta chun leanúnachas agus infhaighteacht gan bhriseadh na cumarsáide éigeandála a áirithiú chomh maith le feidhmiú éifeachtach na seirbhísí rabhaidh phoiblí.
Comhlánaíonn GLD na bearta a mholtar faoin nGníomh AE um Spás(). Aithnítear i bhFís Straitéiseach an Aontais don Gheilleagar Spáis go bhfuil dlúthnasc idir infheistíochtaí a bhaineann leis an spás agus deireadh a chur le bacainní rialála. Dá bhrí sin, féachtar ar GLD mar bhloc tógála criticiúil de mhargadh aonair an Aontais le haghaidh an spáis. Trí dheireadh a chur le bacainní rialála, cuirfidh an Rialachán seo feabhas ar an rochtain uile-Eorpach ar speictream satailíte agus neartóidh sé an margadh aonair do sheirbhísí cumarsáide satailíte, rud a chumasóidh inscálaitheacht agus nuálaíocht níos fearr. Tugtar aghaidh ar infheistíochtaí i mbonneagar satailíte agus sa slabhra luacha níos leithne le hionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear tacaíocht airgeadais don bhonneagar ilfhithiseach um athléimneacht, idirnascacht agus slándáil trí shatailít, amhail buíon IRIS² (córas satailíte an Aontais um nascacht shlán) agus cláir de chuid an Aontais amhail tionscnamh fiontraíochta spáis an Aontais dar teideal CASSINI agus InvestEU, lena soláthraítear sásraí cistiúcháin le haghaidh oibríochtaí spáis.
Comhlánaíonn sé tacaíocht an Aontais do bhuíon satailítí IRIS2, arb é is aidhm dó ceannasacht an Aontais sa nascacht satailíte a neartú agus comhtháthú na líonraí trastíre agus neamh-thrastíre a éascú.
Glacfaidh an Coimisiún togra in 2026 chun Córas Cumarsáide Criticiúla an Aontais Eorpaigh (EUCCS) a bhunú, a bheidh ag feidhmiú faoi 2030, agus lena soláthrófar seirbhísí cumarsáide slána bunaithe ar an leathanbhanda d’údaráis phoiblí ar fud an Aontais agus limistéar Schengen. Comhlánaíonn an togra le haghaidh GLD na hiarrachtaí sin trí rannchuidiú le hacmhainneacht fhoriomlán an Aontais freagairt do bhagairtí agus do ghéarchéimeanna slándála.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ós rud é go bhfuil sé d’aidhm aige taca a chur leis an margadh aonair i gcumarsáid leictreonach agus feidhmiú an mhargaidh a áirithiú chomh maith le feidhmiú an mhargaidh aonair i réimsí beartais eile de chuid an Aontais a bhaineann leis an úsáid speictrim.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Beidh breisluach nach beag ag GLD i gcomparáid le gníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal na mBallstát. Tá rochtain ar bhonneagar digiteach tapa, slán agus athléimneach riachtanach ar fud an Aontais chun iomaíochas na hEorpa a neartú. I gcomhthéacs ina bhfuil an timpeallacht nascachta digití ag athrú go mear i bhfianaise chomhtháthú na teicneolaíochta teileachumarsáide, satailíte, néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta, arna spreagadh ag an bhfíorúlú agus IS, ní bheidh an tAontas in ann na cuspóirí sin a bhaint amach ach amháin trí thimpeallacht dhlíthiúil níos comhchuibhithe ar fud an Aontais lena seachnaítear an ilroinnt de dheasca cleachtais riaracháin náisiúnta neamhréireacha nó coinníollacha cur chun feidhme neamhréireacha a chuireann teorainn le deiseanna an mhargaidh aonair.
An speictream, amhail acmhainní eile ar nós uimhreacha agus, go pointe áirithe, talamh, is acmhainn thearc é nach mór sainiúlachtaí agus riachtanais náisiúnta, agus leasanna an Aontais freisin, a chur san áireamh agus é á bhainistiú agus á shannadh. Dá bhrí sin, tá gá le rialáil níos cóineasaithe agus níos comhsheasmhaí ón Aontas maidir leis an iontráil sa mhargadh chun deireadh a chur leis na constaicí a thagann chun cinn de dheasca coinníollacha éagsúla maidir le cearta úsáide aonair a shannadh do speictream, d’uimhreacha nó do thalamh. Chun go mbeidh an tAontas chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan maidir le seirbhísí nua agus feabhsaithe, amhail 5G, tá scála leordhóthanach de dhíth ar mhonaróirí trealaimh agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide. Ní comhchuibhiú teicniúil amháin atá i gceist leis sin, ach, níos tábhachtaí fós, margadh aonair a fhorbraíonn ar bhealach atá ailínithe a bheag nó a mhór, chun go dtairbheoidh seirbhísí agus gairis de rialacha cobhsaí agus comhchuibhithe.
Maidir leis an nascacht satailíte, mar gheall ar chineál domhanda na seirbhísí satailíte ó nádúr, a théann thar theorainneacha náisiúnta, is réimse beartais í an nascacht satailíte ina bhfuil gníomhaíocht an Aontais níos éifeachtaí ná bearta náisiúnta amháin. Infhaighteacht thráthúil agus glacadh na nascachta satailíte, a bhraitheann go heisiach ar an rochtain ar speictream satailíte ar fud an Aontais, is ionchuir ríthábhachtacha iad ar son uathriail thionsclaíoch na hEorpa agus tá ról lárnach acu chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche. Dá bhrí sin, tá cás láidir ann go nglacfadh an tAontas cur chuige uaillmhianach comhordaithe uile-Aontais maidir le húdarú satailíte, agus ionstraimí rialála iomchuí agus bearta comhlántacha mar bhonn taca aige, ar ionstraimí agus bearta iad a ceapadh chun baint amach an chuspóra sin a éascú agus dlús a chur leis.
Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir maidir le haistriú tráthúil ordúil ó líonraí copair leagáide go líonraí snáithínbhunaithe a bhaint amach go leormhaith agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, toisc go bhfágfadh cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta go mbeadh an baol ann go gcruthófaí ilroinnt sa mhargadh aonair, go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d’oibreoirí atá gníomhach i roinnt Ballstát, agus go mbeadh coinníollacha míchothroma ann maidir le hinfheistíocht agus cosaint úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, tá údar maith le gníomhaíocht ón Aontas chun creat coiteann, coimircí agus prionsabail íosta a bhunú lena rialófar an t‑aistriú. An tráth céanna, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, cuirtear dearadh, seicheamhú agus cur chun feidhme an aistrithe de chúram ar na Ballstáit agus ar údaráis rialála náisiúnta, arb iad is fearr atá in ann dálaí an mhargaidh áitiúil, toipeolaíochtaí líonra, riachtanais tomhaltóirí agus sainiúlachtaí geografacha a chur san áireamh. Dá bhrí sin, tugtar le chéile sa Rialachán cur chuige comhchuibhithe ón Aontas agus próisis a bhainistítear go náisiúnta, lena n‑áirithítear éifeachtacht agus freagrachtaí na mBallstát á n‑urramú go hiomlán an tráth céanna.
Tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun laghdú a dhéanamh ar ilroinnt na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, toisc go bhfágann an ilroinnt sin go mbíonn costais riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse trasteorann agus go gcuirtear bac ar fhorbairt seirbhísí nuálacha, agus go mbíonn leibhéal míchothrom fo-optamach ann ó thaobh na cosanta tomhaltóirí de ar fud an Aontais dá bharr sin.
Ar an iomlán, mar gheall ar scála na bhfadhbanna san éiceachóras digiteach, tá gá le tionscnamh reachtach ón Aontas toisc go bhfuil gné an Aontais ag dul i méid agus toisc gur féidir iad a réiteach ar bhealach níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais, rud a fhágann go mbeidh tairbhí níos mó ann ar an iomlán, go mbeidh an cur chun feidhme níos tapúla agus níos comhchuibhithe, agus go mbeidh costais níos ísle ann ná mar a bheadh ann dá ngníomhódh na Ballstáit ina n‑aonar.
•Comhréireacht
Áirithítear comhréireacht toisc go ndíríonn na bearta atá beartaithe ar dhul i ngleic le scrogaill sa mhargadh aonair, chun na dálaí a chruthú ar mhaithe le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nua san Aontas a beidh níos fíorúlaithe agus níos bunaithe ar bhogearraí, go háirithe trí chóras an údaraithe ghinearálta a shimpliú agus a chomhchuibhiú. Agus an méid sin á dhéanamh, tacaítear le cuspóir an mhargaidh aonair a bhaint amach maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar. Seachnaítear cur isteach ar oibríochtaí na soláthraithe freisin, ar soláthraithe iad a roghnódh lorg náisiúnta (nó réigiúnach) a choimeád.
Ag tógáil ar na codanna rathúla den chreat rialála atá ann cheana, coinnítear córas dea-fheidhmiúil na cumhachta suntasaí sa mhargadh (CSM) sa togra chomh maith le tástáil na dtrí chritéar, ach mar sin féin, athdhírítear an idirghabháil ar chlistí margaidh, cuirtear ar a gcumas d’údaráis rialála náisiúnta (ÚRNanna) bearta siméadracha a úsáid ar bhealach níos éasca, i gcás inarb iomchuí, agus leagtar béim ar úsáid a bhaint as uirlisí rialála nach bhfuil chomh cunórach céanna i gcás inar féidir. Trí tháirgí rochtana a chomhchuibhiú, in éineacht le rialáil chomhréireach atá spriocdhírithe go maith, lena n‑áirítear rochtain ar shreangú laistigh den fhoirgneamh agus b’fhéidir níos mó, ba cheart tacú le glacadh níos mó an leathanbhanda Gigighiotáin agus le luasanna leathanbhanda níos airde. Leis an Rialachán atá beartaithe, chumasófaí aistriú rianúil ó líonraí copair go líonraí snáithín optúil agus rialáil chomhréireach i dtimpeallacht snáithín optúil iomláin.
I gcomparáid leis an gcreat atá ann faoi láthair, cuireann an togra dlús leis an aistriú chuig líonraí snáithín optúil. Áirithítear comhréireacht le coimircí iomchuí le haghaidh úsáideoirí deiridh agus i bhfianaise go bhfuil an próiseas á athbhreithniú agus á bhainistiú go náisiúnta. Tá na húdaráis inniúla freagrach as a áirithiú go bhfuil seirbhísí leathanbhanda leordhóthanacha ar fáil, agus coimircí iomchuí á n‑úsáid (lena n‑áirithítear cáilíocht inchomparáide agus praghsanna inchomparáide na seirbhísí miondíola snáithínbhunaithe, cumhdach le teicneolaíochtaí malartacha, etc.). Beidh an próiseas sin faoi réir ghrinnscrúdú an Choimisiúin.
Beidh athruithe comhréireacha rialachais i gceist leis na bearta atá beartaithe freisin, rud a chruthóidh córas rialachais um rialáil an mhargaidh agus um bainistiú speictrim araon, ar córas é a bheidh oiriúnach do na cúraimí nua ar leibhéal an Aontais lena mbaineann gné margaidh aonair agus a fhágfaidh go bhféadfar cinntí a dhéanamh ar an leibhéal is éifeachtúla. Beidh an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió (RSPG) ina Chomhlacht um Beartas Speictrim Raidió (CBSR), atá comhchosúil le BEREC. I bhfianaise nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu, ní fheidhmeoidh BEREC ná CBSR cumhachtaí cinnteoireachta ceangailteacha. Beidh na hinniúlachtaí sin ag an gCoimisiún fós agus ag údaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis náisiúnta atá freagrach as an speictream. Leanfaidh BEREC agus CBSR de chomhairle, tuairimí, treoirlínte agus cineálacha eile tacaíochta maidir leis an gceapadh beartais a sholáthar.
Chun cóineasú níos fearr a chur chun cinn sa bhainistiú speictrim, beidh sannacháin speictrim mhóra faoi réir sásra éigeantach de chuid an Aontais maidir leis an margadh aonair speictrim, rud a chuirfidh ar a gcumas don Choimisiún, do BEREC agus do CBSR barúlacha a thabhairt faoi dhréachtbhearta. D’fhéadfadh an Coimisiún idirghabháil a dhéanamh nuair is gá i gcásanna a bhféadfadh impleachtaí don mhargadh aonair a bheith i gceist leo. Mar gheall ar chineál trasteorann na seirbhísí satailíte, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó na struchtúir chomhairleacha, údarú satailíte a Aontais a bhainistiú, lena n‑áirítear trí cheadúnaithe satailíte a roghnú, má tá acmhainní speictrim teoranta.
Déantar na rialacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh a shimpliú agus neartaítear leo an comhchuibhiú iomlán, agus eisceachtaí spriocdhírithe ann (maidir le huasré chonartha mar shampla), ach tá an comhchuibhiú teoranta do na réimsí a chumhdaítear leis an togra. Maidir le hoibleagáidí seirbhíse uilíche, tugtar isteach cur chuige níos comhchuibhithe maidir le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín a shainiú. Le raon feidhme na n‑oibleagáidí seirbhíse uilíche, coinnítear an infhaighteacht ar bun, rud a áirithíonn go mbíonn seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe do thomhaltóirí (agus dá réir sin, do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha). Coinnítear coincheap inacmhainneacht na seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha ar bun freisin, agus bearta féideartha ann i gcás tomhaltóirí ar ioncam íseal nó tomhaltóirí a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, agus tá cur chuige níos comhchuibhithe ann maidir leis an inacmhainneacht a shuí. Comhlánaíonn na forálacha maidir le hoibleagáidí seirbhíse uilíche an próiseas múchta copair agus an t‑aistriú chuig snáithín optúil agus beidh siad faoi réir a n‑athbhreithnithe dá bhrí sin.
Cuirfidh na réitigh ar a gcumas do na páirtithe leasmhara ábhartha leas a bhaint as na sineirgí a bhaineann le margadh aonair mór agus laghdú a dhéanamh ar neamhéifeachtúlachtaí ina n‑oibríochtaí agus ina n‑infheistíochtaí, ar an mbealach is tráthúla agus is éifeachtaí. An tráth céanna, i gcás oibreoirí a roghnaíonn seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát amháin, áirithíonn an togra leanúnachas na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair agus iad ag tairbhiú de rialacha níos fearr agus níos soiléire maidir le cearta úsáideoirí deiridh an tráth céanna, agus timpeallacht níos intuartha maidir leis an rochtain ar ionchuir speictrim agus ar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
•An rogha ionstraime
Molann an Coimisiún Rialachán toisc go n‑áirithítear leis go ndéanfar bacainní ar an margadh aonair a bhaint tríd an gcreat rialála reatha do chumarsáid leictreonach a chomhchuibhiú. Áirítear leis sin cearta agus oibleagáidí sonracha is infheidhme go díreach maidir le soláthraithe, údaráis inniúla agus úsáideoirí deiridh. Áirítear sásraí comhordúcháin leis freisin um ionchuir áirithe ar an leibhéal Eorpach chun soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí thar theorainneacha a éascú agus córas oiriúnaithe um údarú ginearálta le haghaidh soláthraithe atá ag feidhmiú i mBallstát amháin, i roinnt Ballstát nó sna Ballstáit uile. Tá Rialachán ina uirlis luachmhar ó thaobh na hathléimneachta de freisin. I dtimpeallacht nascachta trasteorann, is féidir le leochaileachtaí i mBallstát amháin an bonn a bhaint den tslándáil ar fud an Aontais agus tá an ghné thrasteorann ina dlúthchuid de bhagairtí ar líonraí agus ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, bídís ina gcibirionsaithe, ina suaití fisiceacha nó ina dteipeanna sistéamacha. Éilíonn éagobhsaíocht gheopholaitiúil freagairt thapa, chomhordaithe agus uile-Aontais, rud nach féidir a áirithiú má chuireann na Ballstáit bearta chun feidhme ar luasanna difriúla nó le leibhéil éagsúla uaillmhéine.
Ar deireadh, mar a leagtar amach sa doiciméad inmheánach oibre Iarscríbhinn 11 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair: Meastóireacht – Athbhreithniú ar fheidhmiú an Chóid um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (CCLE), Rialachán Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), an Rialachán maidir leis an Idirlíon Oscailte, agus gnéithe áirithe den Treoir maidir le r-phríobháideachas, léiríonn an taithí a fuarthas le CCLE nach raibh na Ballstáit in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin earnála in am, mar gheall ar an tréimhse fhada a bhí i gceist chun CCLE a thrasuí sa dlí náisiúnta. B’amhlaidh a bhí go háirithe i gcás údaruithe speictrim, toisc gur tharla cuid mhór de na ceantanna 5G blianta fada tar éis dháta trasuite CCLE ar bhonn reachtaíocht a bhí as dáta. Is minic a bhí sraitheanna breise rialacha ag gabháil leis an trasuí freisin, rud a d’fhág go raibh róreachtóireacht agus rórialáil ann, agus dá dheasca sin, go raibh sé deacair do chuideachtaí fás thar theorainneacha agus uas-scálú. Theip ar rialacha náisiúnta ilroinnte faoin Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair fíormhargadh aonair a chruthú. Ós rud é go bhfuil coinníollacha údarúcháin, rialacha éagsúla d’úsáideoirí deiridh, agus ceanglais náisiúnta bhreise ann, cruthaítear meascán mearaí as a n‑eascraíonn costais chomhlíontachta agus a chuireann bac ar uas-scálú na seirbhísí nuálacha trasteorann, d’ainneoin go bhfuil acmhainneacht mhór chun margaidh acu. D’fhéadfadh rath a bheith ar shamhlacha nua gnó agus an nascacht ag teacht le chéile leis an néalríomhaireacht, leis an imeall-ríomhaireacht agus leis an intleacht shaorga, ach fágann castacht an lae inniu go ndíspreagtar oibreoirí ó oibríochtaí a lárú, leas a bhaint as barainneachtaí scála, agus seirbhísí uile-Eorpacha a imscaradh.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Léiríodh in anailís gur chuidigh CCLE le hiomaíocht éifeachtach a bhaint amach agus a choinneáil ar bun agus le húsáideoirí deiridh a chosaint trína chuspóirí an nascacht agus an rochtain ar líonraí fíor-ardacmhainne, agus glacadh na líonraí sin, a chur chun cinn. Mar sin féin, ós rud é gur treoir é CCLE, tá cúrsaí ilroinnte idir na náisiúin agus, dá bhrí sin, níor éirigh leis iomlánú an mhargaidh aonair a bhaint amach. Sainaithníodh in anailís freisin gur gá athchothromú áirithe a dhéanamh ar chuspóirí, (infheistíocht, éileamh), agus gur gá chomh maith cuimhneamh ar chuspóirí nua a chur isteach, ar cuspóirí iad a bhaineann le hiomaíochas, slándáil, athléimneacht agus inbhuanaitheacht níos fearr.
Tá roinnt colún de CCLE fós oiriúnach dá bhfeidhm.
Is é córas na cumhachta suntasaí margaidh an phríomhionstraim i gcónaí i gcás rialáil ex ante, rud a áirithíonn go n‑oibríonn na margaí go maith. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar an líon ÚRNanna atá ag sainiú margaí réigiúnacha nó áitiúla agus tá laghdú tagtha ar an úsáid fhoriomlán atá á baint as an rialáil ex ante.
Tá an speictream raidió thar a bheith tábhachtach ó thaobh na straitéise agus na geopholaitíochta de. Tá sé fíor-riachtanach chun cumarsáid a chumasú, chun fás eacnamaíoch agus rathúnas sóisialta a spreagadh, agus chun tacú le seirbhísí criticiúla ar fud earnálacha éagsúla.
Is líontán sábhála é na hoibleagáidí seirbhíse uilíche in CCLE chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na tomhaltóirí uile san Aontas ar sheirbhísí leordhóthanacha inacmhainne idirlín agus cumarsáide gutha.
Tá na forálacha maidir le cearta úsáideoirí deiridh fós oiriúnach don fheidhm den chuid is mó ach d’fhéadfaí gnéithe áirithe díobh a shimpliú.
Tá rialáil na rochtana bunaithe ar phrionsabail dhlí na hiomaíochta agus ar shásraí comhairliúcháin trédhearcacha agus an Coimisiún ina chaomhnóir Conarthaí, rud a áirithíonn nach gcruthódh na rialacháin atá beartaithe bacainn ar an margadh aonair agus go mbeidís i gcomhréir le dlí an Aontais. Le córas den sórt sin, cuirtear intuarthacht rialála chun cinn trí chur chuige rialála comhsheasmhach a áirithiú.
Tá an creat atá ann faoi láthair oiriúnaithe go maith, i bprionsabal, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh, lena n‑áirítear monaplachtaí áitiúla. Tá sé sin ábhartha i dtimpeallacht snáithín optúil iomláin sa ré ina bhfuil deireadh tagtha le líonraí copair. Bhí an líon cásanna maidir le holagaplachtaí, faoinar tugadh fógra faoi Airteagal 32 CCLE, an-teoranta. Tugadh aghaidh ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith in olagaplachtaí faoin gcóras údaraithe speictrim nó faoi dhlí na hiomaíochta.
Tá deiseanna ann freisin príomhfhorálacha áirithe de CCLE a shimpliú, ar forálacha iad nár chuir rialálaithe i bhfeidhm (Airteagal 76 maidir le comhinfheistíochtaí, Airteagal 77 maidir le deighilt fheidhmiúil a fhorchur) nó a chuir roinnt rialálaithe i bhfeidhm ach ar cheart iad a shimpliú a thuilleadh chun cur i bhfeidhm níos leithne a chumasú (Airteagal 61(3) maidir le rialáil shiméadrach, Airteagal 79 maidir le gealltanais rialála, Airteagal 80 maidir le líonraí mórdhíola amháin).
Maidir leis an múchadh copair, bhí ábharthacht phraiticiúil theoranta ag Airteagal 81 CCLE go príomha mar gheall ar an easpa pleananna a d’fhógair na hoibreoirí atá ann faoi láthair agus níor chuidigh sé go mór le dlús a chur leis an aistriú ó líonraí copair go líonraí snáithín optúil. Ina áit sin, ba é an príomhchuspóir a bhí leis creat a sholáthar do ÚRNanna chun an próiseas múchta a bhainistiú go trédhearcach agus go hiomaíoch, agus é á áirithiú nach ndéanfaidh ascnaimh dochar don iomaíocht ná do chearta an úsáideora deiridh, agus go mbeidh táirgí rochtana malartacha lena mbaineann cáilíocht inchomparáide ar fáil.
Maidir le nascacht gan sreang, cé gur leagadh síos an bonn le creat beartais speictrim an Aontais chun 5G a imscaradh ar bhonn comhordaithe trí chomhchuibhiú luath agus trí sprioc-amanna ceangailteacha chun an speictream a shannadh, agus cé gur áirithíodh praghsanna iomaíocha d’úsáideoirí deiridh, agus leibhéil difriúla agus eisceachtaí áirithe i gceist leis sin, áfach, tá an tAontas ag titim chun deiridh maidir le himscaradh 5G ardcháilíochta i gcomparáid leis na príomhgheilleagair dhomhanda. Baineann impleachtaí diúltacha leis sin, ní hamháin do thomhaltóirí ach d’iomaíochas tionsclaíoch agus nuálaíocht an Aontais freisin. Is iomaí cúis atá leis sin. Tá coinníollacha maidir le sannadh speictrim fós i bhfad ró-ilroinnte agus níor áirithigh siad torthaí comhsheasmhacha ó thaobh na hinfheistíochta de. Ceantanna drochdheartha, ré na gceadúnas gan bheith fada go leor, easpa solúbthachta agus dreasachtaí chun speictream a chomhroinnt agus é a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, mhéadaigh na gnéithe sin costas speictrim, agus in éineacht le hioncaim mhóibíleacha theoranta agus easpa éilimh, rinneadh difear diúltach don imscaradh.
Maidir le huirlisí nós imeachta CCLE chun cuidiú leis an margadh aonair do speictream a bhunú, agus go háirithe an piarmheasúnú deonach ar nósanna imeachta um shannadh speictrim nó an nós imeachta deonach um údarú comhpháirteach lena gceadaítear do roinnt Ballstát oibriú i gcomhar chun cearta úsáide speictrim a dheonú trí choinníollacha agus nósanna imeachta coiteanna, is annamh a úsáideadh na huirlisí sin nó bhí siad neamhéifeachtach maidir le hintuarthacht rialála agus infheistíocht a chur chun cinn. A mhéid a bhaineann le trasnaíochtaí díobhálacha trasteorann idir na Ballstáit, thug rannpháirtíocht an chuidithe ón nGrúpa um Beartas Speictrim Raidió (RSPG) breisluach nach beag de réir na rannpháirtithe ach ní raibh sí go hiomlán éifeachtúil i dtaobh aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhordúcháin trasteorann le tríú tíortha nó i mbandaí neamh-chomhchuibhithe.
Ar an iomlán, rinne easpa intuarthachta rialála agus úsáid neamhéifeachtúil an speictrim difear do tharraingteacht airgeadais na dtionscadal infheistíochta 5G.
I gcás seirbhísí satailíte ar soiléir gur de chineál trasteorann iad, is soiléire fós an teip Margadh Aonair a bhunú. Níl aon choinníoll údarúcháin coiteann íosta ann, ná aon cheanglas coiteann íosta maidir le speictream satailíte, ná aon nós imeachta roghnúcháin coiteann (seachas banda seirbhíse satailíte soghluaiste (MSS) 2 GHz), agus tá éagsúlacht mhór sna hamscálaí a bhaineann le ceadúnas a eisiúint, tá cineálacha éagsúla cur chuige ann maidir le comhordú náisiúnta a dhéanamh le seirbhísí atá ann cheana, chomh maith le táillí éagsúla agus coinníollacha éagsúla a ghabhann le ceadúnais. Ní chuidíonn an ilroinnt sin le leas a bhaint as neart an mhargaidh aonair chun cothrom iomaíochta sa spás a áirithiú, ná níl sí fabhrach d’uas-scálú soláthar seirbhísí satailíte ar fud an Aontais agus fágann sí gur féidir siopadóireacht dlínse rialála a dhéanamh. Déanann na bacainní sin difear d’ullmhacht an Aontais don dúshlán a bhaineann le seirbhís satailíte díreach go gaireas, i gcomhthéacs ina bhfuil an baol ann go mbeidh spleáchas straitéiseach ag an Aontas ar ghníomhaithe eachtracha le haghaidh seirbhísí atá ríthábhachtach dá shlándáil agus dá chosaint.
Sainaithníodh i dtorthaí na meastóireachta ar na forálacha maidir le húdarú ginearálta gur gá córas an údaraithe ghinearálta a chomhchuibhiú, a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú a thuilleadh agus an bealach a réiteach chun imscaradh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éascú san Aontas, ar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí iad atá níos fíorúlaithe, níos bunaithe ar bhogearraí agus ar an néalríomhaireacht agus a bhainistítear go lárnach níos minice.
Tá na forálacha maidir le cearta úsáideoirí deiridh fós oiriúnach dá bhfeidhm den chuid is mó agus ní mór leanúint de bheith ag díriú ar a bhforfheidhmiú agus ar a gcur chun feidhme. An tráth céanna, d’fhéadfadh tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhíse araon tairbhiú de nuashonruithe agus de shimpliú áirithe, mar shampla, faisnéis chonarthach a chuíchóiriú (Airteagal 102 CCLE) agus gnéithe áirithe a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, amhail paraiméadair i leith cháilíocht na seirbhísí (Airteagal 104 CCLE). Forálacha áirithe den Treoir maidir le r-phríobháideachas a bhaineann leis an tsaoráid theicniúil um aitheantas glaoiteora agus leis na cearta gaolmhara chun príobháideachais, tugtar cothrom le dáta iad i bhfianaise éabhlóid na líonraí cumarsáide leictreonaí agus an aistrithe chuig líonraí atá bunaithe ar phrótacal idirlín (IP) agus, dá bhrí sin, cumhdaítear an t‑aitheantas tionscnaimh chomh maith. Tá nuashonruithe ann freisin a bhaineann leis na córais uathoibríocha chun glaonna a chur ar aghaidh agus leis na córais glaoite uathoibrithe agus leis an mbilleáil neamh-mhionsonraithe. Scriostar forálacha eile atá imithe i léig maidir le heolairí poiblí.
A mhéid a bhaineann le rialachas, bhí an measúnú a rinneadh ar BEREC agus ar Oifig BEREC agus ar a rannchuidiú le cur chun feidhme comhchuibhithe CCLE dearfach ar an iomlán, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíocht na dtreoirlínte agus na dtuarascálacha ó BEREC, agus chuidigh siad le ÚRNanna teacht ar chineálacha cur chuige coiteanna. Mar sin féin, níor éirigh le treoirlínte BEREC ná le malartuithe dea-chleachtas an margadh aonair a chruthú fós. De réir mar a athraíonn margaí, teicneolaíocht agus an t‑éiceachóras digiteach níos leithne go tapa, ba cheart sainordú BEREC a fhorbairt freisin chun cúraimí nua a chuimsiú i réimsí amhail athléimneacht, speictream agus satailítí. Ba cheart acmhainneacht Oifig BEREC a mhéadú freisin sa chaoi gur féidir léi tacú le BEREC, lena n‑áirítear ó thaobh substainte de, chun ailíniú níos fearr le beartais an Aontais a áirithiú.
Tá an measúnú ar rannchuidiú RSPG leis an mbeartas speictrim dearfach freisin. Na spriocanna insoláthartha dá chuid a bhaineann le speictream le haghaidh nascacht gan sreang amach anseo, lena n‑áirítear 6G, speictream a chomhroinnt, banda minicíochta ultra-airde a úsáid amach anseo, Comhdhálacha Radachumarsáide Domhanda agus a dtoradh, nascacht satailíte, agus an t‑athrú aeráide, sholáthair siad ionchur luachmhar le haghaidh tuilleadh breithnithe ón gCoimisiún. Mar sin féin, ós rud é go nglacann RSPG spriocanna insoláthartha trí chomhdhearcadh go ginearálta, maidir le hábhair íogaire áirithe ar a laghad, ní mór dó cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna náisiúnta difriúla agus leasanna an Aontais, rud a théann chun aimhleasa an Aontais uaireanta. Uaireanta bíonn na tuairimí ó RSPG rótheicniúil agus ní bhíonn siad chomh polaitiúil/straitéiseach agus a bheadh riachtanach i bhfianaise a róil mar ghrúpa comhairleach ardleibhéil don Choimisiún. Tá laghdú mór tagtha ar a thionchar de dheasca roinnt teorainneacha freisin, cuir i gcás, cineál deonach an phiarmheasúnaithe, nó na teorainneacha dlíthiúla maidir lena shásra um chuidiú a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar thrasnaíochtaí ó thríú tíortha. Níor baineadh leas as sineirgí idir obair RSPG agus BEREC i réimsí teicniúla, eacnamaíocha ná i réimsí beartais foriomlána.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Sheol an Coimisiún comhairliúchán taiscéalaíoch leathan maidir le todhchaí na hearnála cumarsáide leictreonaí agus a bonneagair in 2023. I mí Feabhra 2024, sheol an Coimisiún comhairliúchán maidir lena Pháipéar Bán ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’. Foilsíodh an Páipéar Bán ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ‘Cloisimis Uait’ le haghaidh aiseolais i gcaitheamh tréimhse 18 seachtaine agus fuarthas 357 bhfreagra air. Seoladh glao ar fhianaise i mí an Mheithimh 2025 freisin maidir leis na cuspóirí agus na roghanna beartais ar mhaithe le togra le haghaidh GLD. Fuarthas aiseolas nach beag de thoradh an ghlao ar fhianaise.
Sa bhreis ar an nglao ar fhianaise, leis na trí staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún, rinneadh dhá bhabhta comhairliúchán a bhí dírithe ar 134 pháirtí leasmhara roghnaithe. Na páirtithe leasmhara tionscail ar díríodh orthu, is ionadaithe soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí difriúla agus soláthraithe seirbhíse eile a bhí iontu. B’oibreoirí líonraí fosaithe a bhformhór ach bhí líon nach beag de sholáthraithe inneachair agus feidhmchlár agus craoltóirí ina measc freisin.
Rinneadh anailís sa Pháipéar Bán ar na dúshláin atá roimh an Eoraip faoi láthair maidir le líonraí nascachta na todhchaí a leathadh amach. Cuireadh i láthair ann cásanna ina bhféadfaí tabhairt faoi ghníomhaíocht beartais phoiblí as seo amach, lena n‑áirítear GLD a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus iad roinnte ina dtrí shnáithe. Tháinig na páirtithe leasmhara ar chomhaontú maidir leis an tábhacht a bhaineann le bonneagair dhigiteacha atá nua-aimseartha, slán agus athléimneach d’iomaíochas an Aontais.
Bhí oibreoirí teileachumarsáide atá ann faoi láthair dearfach faoin smaoineamh maidir le cothrom iomaíochta rialála ach chuir siad ceisteanna faoin réiteach rialála. Bhí imní ar sholáthraithe néalseirbhíse go gcuimseofaí iad faoi raon feidhme na rialála a bhainfeadh go sonrach leis an teileachumarsáid. Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara a bheag nó a mhór le laghdú a dhéanamh ar oibleagáidí tuairiscithe agus le deireadh a chur le hualaí rialála neamhriachtanacha. Bhí an t‑aiseolas ar an bPáipéar Bán ríthábhachtach chun tátal a bhaint as go bhfuil gá le creat rialála nua chun an margadh aonair digiteach san Eoraip a iomlánú.
Sa ghlao ar fhianaise, thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara a bheag nó a mhór le laghdú a dhéanamh ar oibleagáidí tuairiscithe agus le deireadh a chur le hualaí rialála neamhriachtanacha.
Ní fhaca na Ballstáit ná ÚRNanna raon feidhme i leith córas lánfheidhme um an tír thionscnaimh i gcás seirbhísí cumarsáide leictreonaí toisc go mbeadh tacar mór rialacha náisiúnta fós ann. Maidir le cosaint úsáideoirí deiridh, chuir na Ballstáit, ÚRNanna agus eagraíochtaí tomhaltóirí i dtábhacht nach mór cosaint láidir tomhaltóirí a choinneáil ar bun. D’iarr formhór na n‑oibreoirí teileachumarsáide agus na soláthraithe seirbhíse teileachumarsáide rialacha earnáilsonracha a shimpliú agus deireadh a chur leo.
D’iarr oibreoirí teileachumarsáide traidisiúnta athchalabrú a dhéanamh ar an gcreat rialála a chuireann faoi mhíbhuntáiste iad i gcomparáid le soláthraithe inneachair agus feidhmchlár faoi láthair. Chuir grúpaí pobail idirlín agus grúpaí tomhaltóirí in aghaidh athruithe ar na rialacha maidir le hidirlíon oscailte a d’fhágfadh, dar leo, gur baolach go mbeadh Idirlíon an dá luas ann.
Maidir leis an mbeartas rochtana, is féidir an difríocht thraidisiúnta idir oibreoirí atá ann faoi láthair agus cuardaitheoirí rochtana a thabhairt faoi deara, agus an chéad ghrúpa ag iarraidh na dírialála agus an grúpa deiridh ag iarraidh nach ndéanfaí aon athrú ar an gcóras rochtana atá ann faoi láthair. Mhol soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí beaga áirithe (AltNets) go leagfaí síos sprioc-am sonrach ar fud an Aontais chun glacadh snáithín optúil agus na tairbhí comhshaoil a spreagadh. Cuireadh ábhair imní in iúl faoin eisiamh digiteach agus saobhadh margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann má dhéantar an múchadh róluath.
Maidir le speictream, is iomchuí samhail an rialachais speictrim atá ann faoi láthair dar leis na Ballstáit agus le BEREC agus tá drogall orthu i gcoitinne athruithe a thabhairt isteach. Tá siad in aghaidh údarú speictrim a lárú freisin. Cé go dtacaíonn siad le húsáid chomhchuibhithe an speictrim ar mhaithe lena tairbhí eacnamaíocha, leagann siad béim ar a thábhachtaí atá sé solúbthacht a choinneáil ar bun chun difríochtaí idir margaí náisiúnta a léiriú. Meastar go bhfuil cur chuige coiteann Eorpach maidir le rochtain ar an margadh satailíte fíor-riachtanach chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na nascachta satailíte ar fud an Aontais.
Tacaíonn an pobal cumarsáide leictreonaí le beartas speictrim atá níos fabhraí don infheistíocht lena méadaítear cinnteacht agus solúbthacht. Tá sé i bhfabhar réanna ceadúnais níos faide nó éiginnte, athnuachaintí intuigthe, costais speictrim níos ísle, agus rialacha úsáide solúbtha. Tacaíonn an earnáil freisin le hilroinnt an mhargaidh a laghdú, piarmheasúnú a neartú, agus nósanna imeachta coiteanna um údarú a thabhairt isteach, mar aon le treochlár soiléir de chuid an Aontais maidir le hinfhaighteacht speictrim. Cuireann sí i bhfios go láidir gur cheart bearta múnlaithe margaidh a bhaineann an bonn d’infheistíocht agus den difreáil líonra a sheachaint. Tacaíonn an pobal cumarsáide leictreonaí le comhar arna spreagadh ag an Aontas maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn freisin, amhail seirbhísí satailíte ‘díreach go gaireas’ (D2D).
Tá páirtithe leasmhara teileachumarsáide malartacha ar son sannadh speictrim a chomhordú agus a chomhchuibhiú ar bhealach níos fearr ó Bhallstát go chéile. Meastar gur rud tairbhiúil é freisin treochlár de chuid an Aontais atá ag teacht chun cinn maidir le hinfhaighteacht speictrim. Tá siad ar son coinníollacha soiléire a shainítear go luath maidir le hathnuachan na gceadúnas, chomh maith le beartais lena gcuirtear an trádáil speictrim agus oibleagáidí ‘úsáid é nó comhroinn é nó caill é’ chun cinn chun úsáid speictrim níos éifeachtúla a áirithiú. Mar sin féin, cuireann siad in iúl go bhfuil an-amhras orthu faoi sprioc-amanna dlíthiúla a fhorchur maidir le dámhachtainí speictrim.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Cuirtear na príomhionchuir seo a leanas san áireamh sa togra:
An rannchuidiú a tugadh don chomhairliúchán taiscéalaíoch maidir le todhchaí na hearnála cumarsáide leictreonaí agus a bonneagair, a seoladh i mí Feabhra 2023;
Aiseolas na bpáirtithe leasmhara faoin bPáipéar Bán - ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’ ó mhí Feabhra 2024;
Aiseolas na bpáirtithe leasmhara a fuarthas maidir leis an nglao ar fhianaise ar an nGníomh um Líonraí Digiteacha, a foilsíodh in 2025.
Rinneadh trí staidéar athbhreithnithe chun bonn eolais a chur faoin togra seo:
Staidéar 2024-025 maidir leis ‘An Margadh Aonair Digiteach a Iomlánú: Cumasóirí rialála le haghaidh líonraí trasteorann - FWC Uimh. FW-00141705;
Staidéar 2024-026 maidir le Review of Access Regulation under the European Electronic Communications Code and analysis of future Access policy in full fibre environment [Athbhreithniú ar Rialáil na Rochtana faoin gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach agus anailís ar bheartas um rochtain amach anseo i dtimpeallacht snáithín optúil iomláin] - FwC Uimh. FW-00141705;
Staidéar 2024-028 maidir le Financial conditions, demand and investment needs and their regulatory and policy implications including on the universal service [Coinníollacha airgeadais, riachtanais éilimh agus infheistíochta agus a n‑impleachtaí ó thaobh rialála agus beartais de lena n‑áirítear ar an tseirbhís uilíoch] - FwC Uimh. FW-00141705.
I gcomhthráth leis sin, idir mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair 2025, d’eagraigh an Coimisiún ceardlanna straitéiseacha le BEREC agus le RSPG chun dearcthaí ionadaithe ardleibhéil ó údaráis inniúla na mBallstát uile a bhailiú. Thairis sin, eagraíodh ceardlann le BEUC agus leis na heagraíochtaí náisiúnta tomhaltóirí comhfhreagracha i mí Iúil 2025 chun na hábhair imní agus na dúshláin do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh na cumarsáide leictreonaí a phlé. Ina theannta sin, tionóladh líon ard cruinnithe le páirtithe leasmhara tionsclaíocha atá gníomhach ar fud an tslabhra luacha dhigitigh ina iomláine, agus lena gcomhlachais ghnó.
•Measúnú tionchair
Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair gurb iad na roghanna seo a leanas na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna.
An múchadh copair agus rialáil na rochtana
Maidir leis an rogha thosaíochta chun dlús a chur le himscaradh agus glacadh líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile, beidh sí bunaithe ar phleananna náisiúnta a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún. Míneofar sna pleananna (i) na limistéir ina múchfar líonraí copar agus cathain a mhúchfar iad; agus (ii) na bearta chun tacú leis an aistriú chuig snáithín optúil. Go dtí an 31 Nollaig 2035, spreagtar an múchadh copair nuair a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas go carnach (i) 95 % ar a laghad faoi chumhdach snáithín optúil; agus (ii) seirbhísí nascachta miondíola inacmhainne a bheith ar fáil. Tar éis an dáta sin, ní bheidh ról ag na coinníollacha a thuilleadh agus beidh ar na Ballstáit sainordú a thabhairt maidir leis an múchadh sna limistéir uile atá fágtha ina bhfuil an líonra copair le múchadh, cé is moite d’eisceachtaí áirithe. Maidir le rialáil na rochtana, cuireann an rogha sin leis an gcreat rialála atá ann cheana, lena n‑áirítear bearta siméadracha agus bearta neamhshiméadracha araon (bunaithe ar an gcumhacht shuntasach sa mhargadh). Díreofar ar mhargaí réigiúnacha agus áitiúla.
I ndáil leis na tionchair eacnamaíocha agus chomhshaoil, bheadh tionchair dhearfacha ag gabháil leis sin i dtéarmaí (i) méadú carntha OTI sa raon EUR 157-327 mbilliún os cionn an cháis bunlíne; (ii) laghdú iomlán ar astaíochtaí CO2 faoi bhun an cháis bunlíne (0,7 milliún tona); agus (iii) meánluasanna íoslódála (314 Mbps in 2030 agus 743 Mbps in 2035). Maidir leis an tionchar sóisialta, ní féidir tionchar na roghanna a chainníochtú. Mar sin féin, is rídhócha go bhfaighfear an tionchar sóisialta dearfach is airde de thoradh na rogha toisc go bhfuil sí ag feidhmiú go maith i dtéarmaí cumhdach snáithín optúil chomh fada leis an mbaile agus ráta glactha snáithín optúil chomh fada leis an mbaile. Maidir leis an tionchar ar chearta bunúsacha, is mar rogha mheánach a rangaítear í.
Speictream
Is é ré ceadúnais neamhtheoranta mar réamhshocrú atá i gceist leis an rogha thosaíochta go príomha, agus an fhéidearthacht go mbeadh clásail athbhreithniúcháin ann agus go bhféadfaí cearta úsáide a chúlghairm, ceadúnais a athnuachan go huathoibríoch nach mór, agus dearaí a chur i bhfeidhm chun go reáchtálfaí ceantanna ar son na hinfheistíochta. Déantar foráil leis an rogha maidir leis an bhféidearthacht coinníollacha údarúcháin speictrim a chomhchuibhiú agus tá nós imeachta éigeantach i gceist léi um an margadh aonair speictrim ar leibhéal an Aontais. Áirithítear leis an rogha go mbeidh trédhearcacht agus intuarthacht mhéadaithe ann maidir le huainiú infhaighteacht an speictrim trí straitéis agus treochláir. Is í an rogha sin an rogha is éifeachtúla i bhfianaise gur mó i bhfad na tairbhí foriomlána ná na costais a bhaineann léi. D’áiritheofaí léi go ndéanfaí líonraí 5G ardcháilíochta agus líonraí 6G na todhchaí a imscaradh go tráthúil. Bheadh tionchar dearfach aici ar OTI, bheadh éifeachtaí seach-iarmharta aici ar earnálacha ingearacha agus bheadh sí comhleanúnach leis an próiseas múchta copair agus chomhlánódh sí é.
Údarú ginearálta agus údarú le haghaidh seirbhísí satailíte
Aírítear ‘Pas Aonair’ leis an rogha thosaíochta le haghaidh líonraí agus seirbhísí, nach líonraí agus seirbhísí satailíte iad, agus údarú Aontais le haghaidh speictream satailíte, lena n‑áirítear roghnú na gceadúnaithe i gcásanna ganntanais agus forfheidhmiú na gcoinníollacha údarúcháin. Leis an rogha sin laghdófaí na costais riaracháin agus chomhlíontachta chomh maith leis na costais tuairiscithe. In éineacht le coinníollacha údarúcháin comhchuibhithe chomh maith le rialacha eile is infheidhme (lena n‑áirítear rialacha maidir le húsáideoirí deiridh) agus bearta boga chun comhar san éiceachóras a éascú, leis an rogha thosaíochta cheadófaí do sholáthraithe oibríochtaí líonra a fhíorúlú ar bhealach níos éasca agus seirbhísí trasteorann níos comhsheasmhaí a sholáthar. Dá bhrí sin, chumasófaí leis an rogha thosaíochta comhar maidir le cothrom iomaíochta le gníomhaithe san éiceachóras nascachta fairsingithe. Le húdarú satailíte ón Aontas, bheadh rochtain ráthaithe ag oibreoirí ar speictream sna Ballstáit uile faoi na coinníollacha údarúcháin céanna, rud a sholáthródh dóibh na modhanna chun uas-scálú agus seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe ceannasachta an tráth céanna.
Rialachas
Cuireann an rogha thosaíochta leis an leagan amach atá ar BEREC agus Oifig BEREC cheana agus déantar uasghrádú ar RSPG ó shainghrúpa de chuid an Choimisiúin, mar a bhíodh, go comhlacht a bhfuil rúnaíocht aige a sholáthraíonn Oifig BEREC. Beidh cúram nua comhordúcháin ag an Oifig, a n‑athrófar a hainm go ‘Oifig um Líonraí Digiteacha’ (OLD), agus cuirfear borradh faoi éifeachtacht bhainistiú an speictrim dá bharr sin. Trí sheirbhísí riaracháin agus tacaíochta a sholáthar do BEREC agus don Chomhlacht um Beartas Speictrim Raidió (CBSR) araon, neartóidh OLD an nasc atá ann cheana idir an dá chomhlacht, rud a chumasóidh comhordú níos fearr agus torthaí níos comhleanúnaí.
Costais riaracháin
Baineann na costais riaracháin do ghnólachtaí leis na hoibleagáidí agus na tairbhí a bhaineann leis an múchadh copair agus le rochtain, chomh maith leis na réimsí a ndéantar simpliú ina leith. De dheasca na n‑oibleagáidí riaracháin breise a bhaineann leis an múchadh copair coinníollach, tiocfaidh méadú 7 % ar chostais riaracháin athfhillteacha dhíreacha (i gcoibhéisí lánaimseartha in aghaidh na bliana) in éineacht le costas aonuaire EUR 73 mhilliún, i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair. De dheasca chomhchuibhiú na gcoinníollacha údarúcháin agus an údaraithe satailíte ón Aontas araon, beidh costais aonuaire áirithe ann chun oiriúnú do na coinníollacha coiteanna. Mar sin féin, ar an iomlán, tiocfaidh laghdú ar na costais athfhillteacha a bhaineann le húdarú agus cur chun feidhme.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Maidir le rialáil na rochtana, leis an rogha thosaíochta bhainfí roinnt forálacha atá bainteach le rialáil na cumhachta suntasaí sa mhargadh, amhail na forálacha sin maidir le comhinfheistíocht (Airteagal 76 CCLE) agus deighilt fheidhmiúil (Airteagail 77 agus 78 CCLE). An tráth céanna, dá gcuirfí ar a gcumas do na ÚRNanna rochtain ar shreangú inmheánach agus thar an gcéad phointe comhchruinnithe a fhorchur ar a dtionscnamh féin (agus ní arna iarraidh sin mar atá faoi láthair), shimpleofaí an chaoi a gcuirtear rialáil na rochtana chun feidhme. Bheadh sé d’éifeacht aige sin na rialacha atá ann cheana a shimpliú agus deireadh a chur leis na heasnaimh agus leis na castachtaí neamhriachtanacha a mheastar a bheith ann chomh maith leis an easpa comhleanúnachais a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis na forálacha sin, rud a d’fhág gur baineadh úsáid theoranta astu. Thairis sin, is dócha go mbeidh teorainn leis na tionchair ar chumhdach snáithín optúil, ar an nglacadh agus ar an iomaíocht dá mbainfí na forálacha sin. Is fíor sin go háirithe i gcás Airteagal 76 CCLE, a bhfuil anailís níos leithne ó ÚRNanna tagtha ina ionad, ar anailís í a rinneadh ar impleachtaí na socruithe tráchtála lena n‑áirítear comhinfheistíocht i gcomhthéacs an nós imeachta um anailís mhargaidh. D’aithin páirtithe leasmhara acmhainneacht REFIT na bhforálacha sin freisin.
Thairis sin, leis an rogha atá beartaithe, déanfar maoirseacht a shimpliú, a neartú agus a mhéadú, rud a fhágfaidh go gcuirfear leigheasanna i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí, rud a rachaidh chun tairbhe do mhargadh aonair an Aontais freisin. Trí shonraíochtaí maidir le príomhtháirgí mórdhíola a chomhchuibhiú agus aird a thabhairt ar cháilíocht na ráthaíochtaí seirbhíse le haghaidh gnólachtaí chomh maith, ba cheart úsáid na dtáirgí rochtana a shimpliú agus rannchuidiú le hiomaíocht a fhorbairt i seirbhísí freisin le haghaidh gnólachtaí il-láithreáin agus ilnáisiúnta.
Maidir le speictream, tá tairbhí móra ag baint le comhdhlúthú na bhforálacha ábhartha maidir le RSPP agus CCLE ó thaobh REFIT de ós rud é go n‑áiritheofar comhsheasmhacht leis, trí dheireadh a chur le forálacha dúblacha agus as dáta a chuireann bac ar iomaíochas an Aontais maidir le seirbhísí nuálacha a imscaradh.
Le húdarú an Aontais chun líonraí agus seirbhísí satailíte a sholáthar agus speictream satailíte a úsáid, d’fhéadfaí gnóthachain éifeachtúlachta mhóra a bhaint amach toisc go laghdódh sé an costas a bhaineann le húdarú satailíte le haghaidh oibreoirí satailíte agus údaráis náisiúnta. Ní bheadh ar oibreoir satailíte ar mian leis seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais 27 bpróiseas um údarú a leanúint, 27 dtacar de choinníollacha údarúcháin a urramú, lena n‑áirítear oibleagáidí tuairiscithe éagsúla agus costasacha agus bearta forfheidhmithe neamhéifeachtacha, ná cearta speictrim a fháil sna Ballstáit uile.
Ina ionad sin, gheobhadh an Coimisiún, le cúnamh ó OLD, na hiarrataí agus d’eiseodh sé na húdaruithe chun seirbhísí satailíte a sholáthar chomh maith le húdaruithe chun speictream a úsáid lena n‑áirítear cearta aonair maidir le húsáid speictrim, i mBallstáit áirithe inar mian leis an soláthraí seirbhísí a sholáthar, nó le haghaidh an Aontais ina iomláine. Bheadh na coinníollacha údarúcháin, lena n‑áirítear na heilimintí tuairiscithe, ina gcoinníollacha coitianta ar fud an Aontais agus d’fhorbrófaí iad le cúnamh ó OLD agus ó CBSR. D’áiritheodh an Coimisiún go ndéanfaí an roghnú ar leibhéal an Aontais freisin i gcás ganntanas speictrim. Thairis sin, bheadh creat ceangailteach comhlíontachta agus forfheidhmithe ann ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an rochtain atá ag buíonta satailítí ar mhargadh an Aontais na coinníollacha coiteanna i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
Is éard a bheadh i gceist le forfheidhmiú ar leibhéal an Aontais (lena n‑áirítear an t‑údarú le haghaidh Mhargadh Aonair iomlán an Aontais a tharraingt siar) aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasnaíochta go héifeachtach agus comhlíonadh na gceanglas maidir le húdarú a dhreasú an tráth céanna.
Údaruithe le haghaidh líonraí agus seirbhísí trastíre, is príomhréimse eile iad sin freisin ina mbainfear amach acmhainneacht éifeachtúlachta fheabhsaithe. Solúbthacht rialála CCLE, is gné mhór í a spreagann fadhbanna le córas an údaraithe ghinearálta in earnáil cumarsáide leictreonaí an Aontais. De dheasca na solúbthachta sin, cuireadh coinníollacha chóras an údaraithe ghinearálta i bhfeidhm ar bhealach ilroinnte agus neamhréireach. Leagadh coinníollacha comhchuibhithe síos in CCLE maidir leis an údarú ginearálta, ach is liosta uasta a bhí i gceist fós agus, dá bhrí sin, coinníodh an lánrogha náisiúnta maidir leis na coinníollacha a chur ag gabháil le húdaruithe. Dá bhrí sin, ní raibh cur chuige coiteann ag na Ballstáit maidir le córas an údaraithe ghinearálta i dtéarmaí na gcineálacha soláthraithe líonraí agus seirbhísí agus thug siad isteach reachtaíocht thánaisteach éagsúil agus/nó cinntí riaracháin (rialála) éagsúla chun na coinníollacha a mhionsonrú a thuilleadh. Ós rud é go bhfágtar leis sin go bhfuil liosta uasta de 39 gcoinníoll in 26 Bhallstát ann (seachas an Danmhairg nach bhfuil aon chóras údaraithe ghinearálta i bhfeidhm aici), d’fhéadfadh sé go leagfaí amach suas le 1 014 choinníoll a shonraítear ar an leibhéal náisiúnta agus, mar shampla, d’fhéadfaí a cheangal ar oibreoir trasteorann (atá gníomhach in 27 mBallstát nó a bhfuil lorg rialála in 27 mBallstát aige) iad a chomhlíonadh.
Laghdaítear an ilroinnt sin leis an togra agus cuirtear teorainn le hoibleagáidí tuairiscithe agus comhlíontachta trí sholáthraithe a chur faoi réir tuilleadh coinníollacha agus oibleagáidí cuíchóirithe a leagtar síos sa Rialachán, agus faoina réir sin amháin, lena n‑áirítear coinníollacha agus oibleagáidí atá i gcomhréir le dlíthe agus tionscnaimh bheartais eile de chuid an Aontais, amhail straitéis slándála eacnamaíche an Aontais, chun soláthar iontaofa agus slán na líonraí agus seirbhísí a neartú. Thairis sin, i gcás cuideachtaí ar mian leo líonraí agus seirbhísí a sholáthar sa mhargadh aonair, coinnítear ar bun leis an togra, i bhfoirm Pas Aonair, córas cuíchóirithe atá bunaithe ar fhógraí, ach cuirtear ar a gcumas do sholáthraithe oibriú i mBallstát amháin, i roinnt Ballstát nó sna Ballstáit uile ar bhonn deimhniú ó údarás rialála náisiúnta amháin. Chuige sin, leagtar amach ann na coinníollacha údarúcháin ghinearálta, an nós imeachta um an bpas aonair, agus sásraí um chomhordú, cúnamh frithpháirteach agus forfheidhmiú comhsheasmhach i measc na n‑údarás rialála náisiúnta, dá dtugtar tacaíocht ó BEREC agus OLD.
A mhéid a bhaineann leis an tionchar ar FBManna, meastar de thoradh nósanna imeachta simplithe, lena n‑áirítear teimpléad coiteann um fhógra a thabhairt agus sásra aonair um fhógra a thabhairt, go ndéanfar laghdú ar na costais riaracháin agus chomhlíontachta ar sholáthraithe, go háirithe FBManna. Leis an gcoigilteas sin, beidh FBManna in ann acmhainní a atreorú i dtreo na nuálaíochta agus an fháis seachas i dtreo próisis rialála. Le deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht rialála níos fearr, neartaítear iomaíochas FBManna a thuilleadh agus éascaítear a n‑iontráil sa mhargadh. Tairbhíonn FBManna go hindíreach freisin de chórais rochtana choiteanna níos solúbtha, lena n‑áirítear rochtain shimplithe ar speictream agus comhroinnt an speictrim, rud a laghdaíonn bacainní iontrála agus a thacaíonn le forbairt agus uas-scálú seirbhísí nuálacha. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás earnálacha amhail an mhonaraíocht, an tsláinte, an talmhaíocht agus an t‑iompar. Ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach díréireach ar FBManna. Os a choinne sin, meastar go nginfidh na bearta glantairbhí, lena n‑áirítear coigilteas costais agus deiseanna feabhsaithe le haghaidh na nuálaíochta.
•Cearta bunúsacha
Rinneadh anailís ar thionchar an togra ar chearta bunúsacha amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, neamh-idirdhealú, cosaint tomhaltóirí, lena n‑áirítear cosaint tomhaltóirí faoi mhíchumas, cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun príobháideachais. Go háirithe, socrófar leis an Rialachán leibhéal comhchuibhithe níos airde maidir le cearta úsáideoirí deiridh, agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí á choinneáil ar bun an tráth céanna.
Cuirtear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a shainaithnítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh san áireamh go hiomlán sa togra. Go háirithe, is é is aidhm do na bearta atá beartaithe leibhéil nascachta níos airde a bhaint amach in éineacht le tacar nuachóirithe rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí. Áiritheofar leis sin rochtain neamh-idirdhealaitheach ar aon inneachar agus ar aon seirbhís, lena n‑áirítear seirbhísí poiblí, agus cuideofar leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus leis an tsaoirse fiontraíochta a chur chun cinn, agus cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit an Chairt a chomhlíonadh.
Maidir le múchadh copair atá éigeantach, ach coinníollach, a thabhairt isteach, is teorannú ar an tsaoirse fiontraíochta é sin faoi Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, d’fhéadfadh údar a bheith le teorannú den sórt sin i gcás ina saothraíonn sé cuspóir an leasa ghinearálta agus ina gcomhlíonann sé prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Léiríonn forbairtí margaidh cheana féin go bhfuil oibreoirí ag aistarraingt líonraí copair de réir a chéile ar bhonn breithnithe tráchtála, rud a thugann le fios nach rud é múchadh struchtúrtha a thagann salach ar a leasanna. I bhfianaise na dtairbhí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a mheastar a bheidh ann, is cosúil go bhfuil an beart i gcomhréir leis an gceanglas maidir le riachtanas. Thairis sin, leis na coinníollacha inbhuanaitheachta atá beartaithe, áirithítear go n‑urramaítear an chomhréireacht leis an rogha líonraí copair a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse níos faide i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha agus leis an eisceacht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an múchadh copair nuair nach indéanta réiteach snáithín optúil nó réiteach nascachta leormhaith eile a imscaradh.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar impleachtaí buiséadacha an togra sa ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach a ghabhann leis an togra. Ar an iomlán, tá gá le 47 gcoibhéis lánaimseartha chun oibriú ar an tionscnamh, ina mbeidh 32 phost sa phlean bunaíochta agus 15 bhall foirne sheachtracha (baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht) chun a áirithiú go gcuirfear an tionscnamh chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach. Baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana féin chun an ghníomhaíocht a bhainistiú agus/nó a ath-imlonnaíodh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile an Choimisiúin, is iadsan a fhreastalóidh ar an riachtanas. Sa bhreis ar na hacmhainní sin atá ann cheana, tá 5 choibhéis lánaimseartha de bhaill foirne bhreise eisceachtúla de dhíth le haghaidh an tionscnaimh, agus iarrtar iad sa bhreis ar na leibhéil foirne atá ann faoi láthair chun a áirithiú go gcuirfear an tionscnamh chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach. Leanfaidh an líne caiteachais buiséid atá ag Oifig BEREC faoi láthair de sciar neamhathraithe OLD a mhaoiniú, agus maidir le caiteachas breise de thoradh na gcúraimí nua atá tiomnaithe do OLD, a bhfuil tuairisc orthu sa togra, maoineofar iad ó tháillí údarúcháin speictrim satailíte, agus, má tá siad le fáil, ó tháillí údarúcháin uimhrithe AE, agus ó ranníocaíochtaí deonacha agus comhchineáil ó na Ballstáit.
Tá cúraimí sa togra freisin a fhágann go bhfuil gá le baill foirne bhreise ó Oifig BEREC (atá le hathrú chun gurb é an Oifig um Líonraí Digiteacha - OLD a bheidh inti), agus dá thoradh sin, beidh méadú foirne iomlán lena ngabhann 25 choibhéis lánaimseartha, agus maoineofar é sin ar fad ó tháillí.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht le himeacht ama. 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh sna hathbhreithnithe sin, go háirithe, ar na himpleachtaí a bheidh ag Airteagal 69 agus Airteagal 83 don mhargadh agus cé acu is leor nó nach leor na cumhachtaí ex ante agus na cumhachtaí idirghabhála eile de bhun an Rialachán seo chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go mbeidh leas le fáil anois agus feasta as an iomaíocht i margaí na cumarsáide leictreonaí ag na húsáideoirí deiridh.
Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta fógra a thabhairt don Choimisiún freisin faoi ainmneacha na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu chun críocha an Rialacháin seo agus faoi na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na gnóthais sin faoin Rialachán. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú a dhéanann difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais, nó ar na gnóthais lena mbaineann.
Faoi cheann 3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an chomhair san éiceachóras, agus lánaird á tabhairt ar thuarascáil BEREC maidir le héifeachtaí chur i bhfeidhm na dtreoirlínte ar chomhar éifeachtach san éiceachóras agus ar fheidhmiú na saoráide um idir-réiteach deonach chomh maith.
Ina theannta sin, faoin 30 Meitheamh 2034, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme na seirbhíse uilíche inacmhainne, agus ar infhaighteacht na seirbhíse uilíche i bhfianaise forbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig snáithín optúil. Ba cheart a chur san áireamh san athbhreithniú na teicneolaíochtaí atá i réim agus a úsáideann formhór na dtomhaltóirí. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena leagtar amach torthaí an athbhreithnithe.
Laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialachán seo, ba cheart do OLD tuarascáil a ullmhú maidir leis an margadh aonair do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ba cheart forléargas a thabhairt sa tuarascáil sin ar fhorbairtí margaidh agus scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann na bearta a thugtar isteach faoin Rialachán seo difear d’fheidhmiú an mhargaidh aonair, agus ar an tionchar atá ag cumaisc ar an margadh chomh maith. Ba cheart an dréacht-tuarascáil a chomhroinnt le BEREC agus le CBSR lena formheas sula bhfoilseofar í. Ina dhiaidh sin, ba cheart tuarascálacha nuashonraithe a fhoilsiú go bliantúil chun dul chun cinn agus treochtaí atá ag teacht chun cinn a rianú.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Cuid I: Raon feidhme, cuspóirí agus sainmhínithe
I gCuid I den Rialachán seo bunaítear an creat cothrománach lena rialaítear eagrú na hearnála cumarsáide leictreonaí laistigh den Aontas. Sainítear inti a ábhar, a raon feidhme agus a phríomhchoincheapa, leagtar síos na sainmhínithe coiteanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an gcreat dlíthiúil chun deimhneacht dhlíthiúil agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú ó Bhallstát go chéile. Leagtar amach inti freisin na cuspóirí ginearálta agus na prionsabail rialála chun na Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, BEREC, CBSR, OLD, agus an Coimisiún a threorú ina gcuid oibre.
Cuid II: Athléimneacht
I gCuid II, tugtar isteach creat sonrach um athléimneacht agus ullmhacht líonraí agus seirbhísí, lena n‑aithnítear go bhfuil líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus bonneagair dhigiteacha eile fíor-riachtanach d’fheidhmiú na sochaí agus an gheilleagair. Chuige sin, bunaítear oibleagáidí agus sásraí comhair inti chun infhaighteacht agus cumais na líonraí agus na seirbhísí a áirithiú i gcásanna mór-ghéarchéime. Áirítear leanúnachas na cumarsáide éigeandála agus na rabhadh phoiblí leis sin. Déantar foráil sa chuid seo freisin go nglacfaidh BEREC tuarascáil dar teideal ‘Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha’. Beidh measúnú, moltaí oibríochtúla coiteanna agus cleachtais bainistithe géarchéime sa tuarascáil. Soiléireofar sa Chuid seo freisin na róil faoi seach atá ag comhlachtaí an Aontais agus ag údaráis inniúla náisiúnta maidir le faireachán, comhordú agus freagairt, rud a neartóidh cur chuige comhleanúnach agus éifeachtach uile-Aontais maidir le hathléimneacht agus ullmhacht san earnáil cumarsáide leictreonaí.
Cuid III: Údarú don mhargadh aonair agus pas aonair
I gCuid III bunaítear an creat um an bpas aonair do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá faoi chóras údaraithe ghinearálta. Dearbhaítear an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí den sórt sin a sholáthar ar fud an Aontais fad a chomhlíontar na coinníollacha agus na hoibleagáidí coiteanna breise a leagtar síos sa Rialachán seo. Coinnítear ar bun freisin córas cuíchóirithe atá bunaithe ar fhógraí lena gcuirtear ar a gcumas do sholáthraithe oibriú i mBallstát amháin, i roinnt Ballstát nó sna Ballstáit uile ar bhonn deimhniú aonair ó údarás rialála náisiúnta amháin. Tá an togra comhleanúnach le tionscnaimh eile i dtaca le ceanglais neartaithe maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC. Chuige sin, leagtar amach na coinníollacha údarúcháin ghinearálta, an nós imeachta um an bPas Aonair, agus sásraí um chomhordú, cúnamh frithpháirteach agus forfheidhmiú comhsheasmhach i measc na n‑údarás náisiúnta, dá dtugtar tacaíocht ó BEREC agus OLD. Leagfar síos i dtreoirlínte BEREC, i gcomhar le húdaráis inniúla eile agus leis an gCoimisiún, na gnéithe nós imeachta maidir leis na hidirghníomhaíochtaí idir na soláthraithe, údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile chomh maith le comhfhogasú na gcoinníollacha agus na rialacha is infheidhme sna Ballstáit.
Cuid IV: Acmhainní, speictream agus uimhriú
I gCuid IV bunaítear creat cuimsitheach réamhbhreathnaitheach chun príomhacmhainní cumarsáide leictreonaí a bhainistiú, a leithdháileadh agus a úsáid. Áirítear speictream raidió agus acmhainní uimhrithe leis sin, agus aitheantas á thabhairt don ról atá acu mar earraí poiblí straitéiseacha atá fíor-riachtanach don nascacht, don nuálaíocht, don tslándáil agus d’fheidhmiú an mhargaidh aonair. Maidir le speictream raidió, leagtar amach prionsabail agus cuspóirí coiteanna i leith pleanáil agus bainistiú straitéiseach comhordaithe ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta, agus treisítear sásraí um chomhordú trasteorann agus réiteach na trasnaíochta díobhálaí. Tugtar isteach neodracht ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de, cuirtear úsáid chomhroinnte éifeachtúil speictrim chun cinn, agus déantar foráil inti maidir le straitéis speictrim agus treochláir de chuid an Aontais chun intuarthacht, infhaighteacht thráthúil agus ailíniú le cuspóirí beartais níos leithne an Aontais a áirithiú.
Leis an Rialachán seo freisin, comhchuibhítear córais údaraithe, coinníollacha maidir le cearta speictrim a shannadh, maidir lena ré, agus maidir le cearta a athnuachan, a aistriú agus a chomhroinnt, agus neartaítear nósanna imeachta dámhachtana atá ar son na hinfheistíochta agus fabhrach don iomaíocht. Thairis sin, bunaítear uirlisí uile-Aontais leis amhail nós imeachta um an margadh aonair speictrim, coinníollacha údarúcháin coiteanna, nósanna imeachta um ionad ilfhreastail agus údaruithe an Aontais, lena n‑áirítear creat sonrach um líonraí agus seirbhísí satailíte san Aontas. Go háirithe, bunaítear údaruithe ar leibhéal an Aontais leis le haghaidh speictream satailíte chomh maith le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh air. Ina theannta sin, sainítear nós imeachta ann chun údaruithe den sórt sin a dheonú agus leagtar amach sásraí comhordúcháin níos fearr ann maidir le chomhduithe a dhéanamh leis an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) mar aon le cómhaireachtáil a áirithiú idir leithdháiltí speictrim satailíte agus trastíre laistigh den Aontas.
I gcomhthráth leis sin, soláthraítear an creat um acmhainní uimhrithe uile-Eorpacha i gCuid IV agus leagtar síos na rialacha lena rialaítear acmhainní uimhrithe, lena n‑áirithítear go mbeidh an bainistiú a dhéanfar orthu, a n‑infhaighteacht agus a n‑úsáid sheach-chríochach éifeachtúil ar fud an Aontais, ag tacú le seirbhísí uile-Aontais, agus cosaint tomhaltóirí agus rochtain chothrom á gcoimirciú. I dteannta a chéile, tá sé d’aidhm ag na forálacha sin a áirithiú go n‑úsáidfear acmhainní ganna ar bhealach éifeachtúil, comhordaithe a sheasfaidh an aimsir, agus borradh a chur faoin deimhneacht dhlíthiúil, laghdú a dhéanamh ar an ilroinnt agus forbairt líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí trasteorann nuálacha a chumasú ar fud an Aontais tráth céanna.
Cuid V: Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht
Leagtar síos i gCuid V na rialacha lena n‑áirithítear feidhmiú cuí na margaí cumarsáide leictreonaí agus éifeachtacht na hiomaíochta ar fud an Aontais.
Ar an gcéad dul síos, tugtar isteach creat sonrach um an aistriú ordúil ó líonraí copair leagáide go líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile. Beidh feidhm ag an gcreat i gcás ina mbeidh copar i mbun seirbhíse tar éis dáta sainithe. Beidh próiseas an aistrithe chuig snáithín optúil bunaithe ar phleananna náisiúnta a dtabharfar fógra don Choimisiún fúthu. Míneofar sna pleananna náisiúnta sin (i) na limistéir ina múchfar copar agus an dáta faoina múchfar é agus (ii) na bearta chun tacú leis an aistriú chuig snáithín optúil.
Sa chéim thosaigh, beidh ar na Ballstáit sainordú a thabhairt maidir leis an múchadh copair i limistéir ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas go carnach: (i) 95 % ar a laghad faoi chumhdach snáithín optúil agus (ii) seirbhísí nascachta miondíola inacmhainne a bheith ar fáil. Sa chéim dheireanach sin, ní bheidh ról ag na coinníollacha a thuilleadh agus beidh ar na Ballstáit sainordú a thabhairt maidir leis an múchadh sna limistéir uile atá fágtha ina bhfuil an líonra copair le múchadh ach amháin sna limistéir nach bhfuil imscaradh snáithín optúil inmharthana ar bhonn eacnamaíoch iontu agus nach bhfuil aon réiteach nascachta leormhaith ann a d’fhéadfadh dul in ionad seirbhísí coparbhunaithe. Tá feidhm ag coimircí le linn an phróisis ar fad chun leanúnachas a choinneáil ar bun agus chun tomhaltóirí a chosaint.
Cumhdaítear i gCuid V freisin an creat um rochtain ar thalamh agus cearta slí, idirnascadh agus rochtain, agus cur i bhfeidhm leigheasanna rialála siméadracha agus leigheasanna rialála atá bunaithe ar an gcumhacht shuntasach sa mhargadh. Soiléirítear cearta agus oibleagáidí na ngnóthas maidir le rochtain agus idirnascadh a chaibidliú, tugtar de chumhacht d’údaráis rialála náisiúnta bearta comhréireacha a fhorchur chun nascacht ceann go ceann agus idir-inoibritheacht a áirithiú, i gcás ina bhfuil údar leis sin.
Sa chuid seo coinnítear príomhshnáitheanna an chórais atá ann faoi láthair, is é sin an córas um rialáil na rochtana siméadraí agus rialáil na rochtana bunaithe ar chumhacht shuntasach sa mhargadh. Ó thaobh na cumhachta suntasaí sa mhargadh de, tugtar tosaíocht sna rialacha do rialáil rochtana atá ‘fabhrach don infheistíocht’ i leith líonraí éighníomhacha (duchtanna agus cuaillí i gcás ina n‑imscarann oibreoirí líonraí snáithín optúil dílse) agus cuireann siad comhchuibhiú na dtáirgí rochtana chun cinn. A mhéid a bhaineann le rochtain shiméadrach, is é is aidhm do na rialacha glacadh snáithín optúil a spreagadh trí rochtain ar shreangú laistigh den fhoirgneamh a choinneáil ar bun nuair a iarrtar sin. Ina theannta sin, is féidir le ÚRNanna bearta siméadracha a úsáid chun dul i ngleic le scrogaill áitiúla trí rochtain ar líonraí snáithín optúil áitiúla a fhorchur. Thairis sin, leis na rialacha siméadracha ba cheart nascadh úsáideoirí deiridh nach bhfuil a n‑áitreabh nasctha a cheadú trí oibleagáid ar oibreoirí snáithín optúil, a imscarann líonra in aice láimhe, na húsáideoirí sin a nascadh.
I gCuid V, neartaítear nósanna imeachta um an margadh aonair i gcás dréachtbhearta náisiúnta a dhéanann difear don trádáil idir na Ballstáit, lena n‑áirithítear cur i bhfeidhm comhsheasmhach ar fud an Aontais trí shásraí comhordaithe um fhógra a thabhairt, um measúnú agus um idirghabháil.
I gCuid VI, leagtar amach oibleagáidí a bhaineann le seirbhís arb é is aidhm dóibh a áirithiú gur féidir le húsáideoirí deiridh san Aontas tairbhiú de nascacht fhíor-riachtanach agus de leibhéal cosanta coiteann. Déantar nuachóiriú inti ar oibleagáidí seirbhíse uilíche trí athnuachan a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ar an gceart atá ag na tomhaltóirí uile, go háirithe na tomhaltóirí sin atá ar ioncam íseal, rochtain a fháil ar sheirbhísí leordhóthanacha inacmhainne rochtana idirlín agus cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe. Leagtar síos nósanna imeachta coiteanna faoin mbealach a sainíonn na Ballstáit nascacht ‘leordhóthanach’ i bhfianaise an bhandaleithid íosta atá ag formhór na dtomhaltóirí. Tacaíonn treoraíocht BEREC leis na nósanna imeachta coiteanna sin agus áirithíonn siad an bandaleithead lena bhfuil gá le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí. Soláthraítear cur chuige struchtúrtha freisin maidir leis an inacmhainneacht, lena n‑áirítear faireachán ar éabhlóid praghsanna miondíola, bearta do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, agus tacaíocht shonrach chun rochtain choibhéiseach a áirithiú d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus cuirtear ar a chumas don Choimisiún an tráth céanna gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín i bhfianaise na gcoinníollacha agus na gcritéar náisiúnta agus na modheolaíochta náisiúnta atá le breithniú chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht. Beartaítear cur chuige nua agus níos solúbtha maidir le maoiniú gan ainmniú earnáilsonrach ná an sásra cistiúcháin gaolmhar.
I gCuid VI, déantar cearta úsáideoirí deiridh a choimirciú a thuilleadh sa timpeallacht dhigiteach. Caomhnaítear an rochtain oscailte ar an idirlíon trí chódú a dhéanamh ar chearta úsáideoirí deiridh chun inneachar a rochtain agus a dháileadh agus chun na feidhmchláir agus an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid. Tá sé sin taobh le hoibleagáidí diana maidir le neodracht an Idirlín nach bhfuil faoi réir ach eisceachtaí comhréireacha a shainítear go cúng agus maoirseacht láidir ó údaráis rialála náisiúnta, arna gcomhlánú le tuairisciú agus treoirlínte BEREC. Comhdhlúthaítear agus nuashonraítear rialacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh, agus cuirtear i láthair ina dtrí chaibidil iad.
Sa chaibidil ‘Cearta tomhaltóirí’ cumhdaítear tomhaltóirí agus cuimsítear micrifhiontair agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha leo freisin (baineann forálacha áirithe le fiontair bheaga agus mheánmhéide freisin) agus tá rialacha earnáilsonracha ann maidir le trédhearcacht agus faisnéis chonartha (lena n‑áirítear teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh), ré agus foirceannadh conartha, agus tairiscintí cuachta.
Sa chaibidil ‘Cearta úsáideoirí deiridh’, tá malartú agus inaistritheacht uimhreach agus áirithítear neamh-idirdhealú.
Sa chaibidil ‘Saoráidí agus feidhmiúlachtaí d’úsáideoirí deiridh’ tá bearta in aghaidh gníomhaíochtaí calaoiseacha agus áirithítear seirbhísí criticiúla amhail beolínte do leanaí ar iarraidh, cumarsáid éigeandála agus córais um rabhadh poiblí, agus úsáid na Tiachóige Eorpaí Céannachta Digití. Mar léiriú ar an éabhlóid teicneolaíochta agus ar na dúshláin nua do chosaint úsáideoirí deiridh maidir leis sin, tá rialacha mionsonraithe sa chaibidil freisin maidir le córais um aitheantas glaoiteora, córais um aitheantas tionscnaimh, córais uathoibríocha chun glaonna a chur ar aghaidh agus córais glaoite uathoibrithe. Tá forálacha sa chaibidil maidir le rochtain agus rogha choibhéiseach d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas.
I gCuid VI, coinnítear ar bun forálacha maidir le hidir-inoibritheacht spriocdhírithe agus an oibleagáid tarchurtha freisin agus tugtar de chumhacht don Choimisiún iarscríbhinní teicniúla a leasú trí ghníomhartha tarmligthe chun iad a thabhairt cothrom le dáta chun forbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha a léiriú.
I gCuid VII bunaítear an creat rialachais chun feidhmiú comhleanúnach, neamhspleách agus éifeachtach an mhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach a áirithiú. Sainítear inti na róil, na cumhachtaí agus na coimircí is infheidhme maidir le húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, cuirtear cúraimí a shainaithnítear go soiléir orthu, caomhnaítear a neamhspleáchas dlíthiúil agus feidhmiúil ar ghníomhaithe margaidh, agus soláthraítear acmhainní leordhóthanacha agus neamhspleáchas buiséadach dóibh. Leagtar síos inti freisin prionsabail choiteanna maidir le ceapadh, dífhostú, cuntasacht agus trédhearcacht, chomh maith le hoibleagáidí maidir le comhar agus comhordú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann, rud a chuireann borradh faoi chomhsheasmhacht rialála agus faoi mhuinín fhrithpháirteach ar fud an Aontais.
I gCuid VII, chomhdhlúthaítear rialachas ar leibhéal an Aontais a thuilleadh trí róil BEREC, CBSR agus OLD a chomhtháthú agus a neartú. Soiléirítear cuspóirí, cúraimí agus eagar inmheánach BEREC anseo, agus cuirtear borradh faoina acmhainneacht cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála a chur chun cinn trí thuairimí, treoirlínte, tuarascálacha agus dea-chleachtais, dá dtugtar tacaíocht trí bhailiú struchtúrtha sonraí agus trí fhaireachán ar an margadh. Agus i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil, neartaítear inniúlachtaí BEREC atá nasctha le hathléimneacht agus ullmhacht, amhail trí Phlean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha a ghlacadh. I gcomhthráth leis sin, bunaítear creat níos láidre anseo um rialachas straitéiseach speictrim raidió trí CBSR, lena sainítear a ról comhairleach agus comhordúcháin i mbeartas speictrim an Aontais, sa chomhordú trasteorann agus i rannpháirtíocht idirnáisiúnta, agus dlúthchomhar le BEREC á áirithiú an tráth céanna i gcás ina dtrasnaíonn ábhair rialála agus speictrim a chéile.
I gCuid VII, soláthraítear creat cuimsitheach eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasachta do OLD mar chomhlacht de chuid an Aontais a thacaíonn le BEREC agus le CBSR araon. Leagtar amach cúraimí OLD, a struchtúr rialachais, clársceidealú, rialacha buiséadacha agus rialacha maidir le soláthar foirne, agus áirithítear trédhearcacht, bainistíocht fhónta airgeadais agus maoirseacht éifeachtach, lena n‑áirítear sásraí frithchalaoise, iniúchóireachta agus meastóireachta.
Cuid VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
Leagtar síos i gCuid VIII na forálacha ginearálta, nós imeachta agus críochnaitheacha lena n‑áirithítear go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, trédhearcach agus coiteann ar fud an Aontais. Bunaítear creat cuimsitheach anseo um sholáthar, malartú agus foilsiú comhchuibhithe faisnéise, lena dtugtar de chumhacht d’údaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile, do BEREC agus do CBSR faisnéis chomhréireach, thráthúil agus lena bhfuil údar a iarraidh ar ghnóthais, lena n‑áirítear faisnéis maidir le hinbhuanaitheacht, agus rúndacht, cosaint sonraí agus rúin ghnó á gcoimirciú an tráth céanna. Thairis sin, déantar foráil anseo maidir le suirbhéanna geografacha tráthrialta ar imscaradh agus réamhaisnéisí líonraí, lena gcumasaítear gníomhaíocht rialála fhianaisebhunaithe, rud a d’fhéadfadh rannchuidiú le cinntí eolasacha maidir le cistiú poiblí agus le pleanáil chomhordaithe, lena n‑áirítear le linn an aistrithe ó líonraí leagáide go snáithín optúil.
I gCuid VIII, treisítear oscailteacht, rannpháirtíocht agus comhsheasmhacht rialála freisin trí chomhairliúchán struchtúrtha agus trí shásraí trédhearcachta. Ceanglaítear leis an gcuid seo go mbeidh comhairliúchán poiblí ann maidir le dréachtbhearta a bhfuil tionchar mór acu ar an margadh, nósanna imeachta comhairliúcháin inrochtana agus rannpháirtíocht chórasach na n‑úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus páirtithe leasmhara eile. Ar leibhéal an Aontais, tugtar isteach nósanna imeachta anseo um chomhchuibhiú agus um chaighdeánú, lena bhfágtar gur féidir leis an gCoimisiún, le tacaíocht ó BEREC nó ó CBSR, aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí a d’fhéadfadh an margadh aonair a ilroinnt, agus caighdeáin theicniúla idir-inoibritheacha, a sheasfaidh an aimsir agus atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a chur chun cinn an tráth céanna.
I gCuid VIII, soláthraítear rialacha soiléire maidir le réiteach díospóidí, comhlíontacht, forfheidhmiú agus deimhneacht dhlíthiúil. Bunaítear sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásraí um réiteach díospóidí rialála ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann, arna gcomhlánú le treoraíocht agus idir-réiteach deonach chun cleachtais éiceachórais chomhoibritheacha, nuálacha agus inbhuanaithe a spreagadh. Leagtar amach cumhachtaí forfheidhmithe, pionóis agus coimircí comhréireacha, lena n‑áirítear cearta achomhairc, agus sainítear úsáid na gcumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme, nósanna imeachta coiste, agus socruithe faireacháin, athbhreithnithe agus idirthréimhseacha.
2026/0013 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le líonraí digiteacha, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120, Treoir 2002/58/CE agus Cinneadh Uimh. 676/2002/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1971, Treoir (AE) 2018/1972 agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE (an Gníomh um Líonraí Digiteacha)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá teicneolaíochtaí ag athrú go tapa, tá an trácht sonraí ag fás go mór, agus tá méadú ag teacht ar an éileamh ar nascacht ghigighiotáin. Tá bonneagair dhigiteacha nua-aimseartha agus inbhuanaithe le haghaidh na nascachta agus na ríomhaireachta ina gcumasóirí ríthábhachtacha don digitiú agus, dá bhrí sin, don iomaíochas tionsclaíoch agus don tsochaí araon chun go dtairbheoidh siad go hiomlán de sheirbhísí digiteacha. Ar an ábhar sin, tá gá le nascacht ardcháilíochta, atá slán agus athléimneach le haghaidh gach duine agus i ngach áit san Aontas, lena n‑áirítear rochtain inacmhainne do dhaoine ar ioncam íseal, agus ar fud na gcríoch uile, lena n‑áirítear limistéir thuaithe agus iargúlta, oileáin, agus réigiúin shléibhtiúla, réigiúin faoi líon beag daoine, nó na réigiúin is forimeallaí.
(2)Tá an margadh inmheánach i réimse na cumarsáide leictreonaí ilroinnte ina 27 margadh náisiúnta go fóill agus tá bacainní ar an oibriú trasteorann agus ar an uas-scálú fós roimh oibreoirí Eorpacha, rud a chuireann teorainn lena gcumas infheistíocht a dhéanamh, dul i mbun nuálaíochta agus dul san iomaíocht san éiceachóras nascachta fairsingithe agus cothrom na Féinne acu. Gníomhaithe eile a théann isteach san éiceachóras nascachta níos leithne, amhail soláthraithe inneachair agus feidhmchlár, tá siad ag tairbhiú cuid mhór de chóras atá bunaithe ar an tír bhunaíochta agus, dá bhrí sin, oibríonn siad san Aontas in aon mhargadh aonair amháin. Aithníodh an éagothroime iomaíochta sin i measc gníomhaithe éagsúla san éiceachóras sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún dar teideal ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’ chomh maith le Tuarascáil Letta. Sa chomhthéacs sin, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir sna conclúidí uaithi ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 go bhfuil gá le hiarrachtaí ar leith chun ‘an margadh aonair don chumarsáid leictreonach a dhoimhniú’.
(3)Le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh spriocanna digiteacha ‘Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach’. Léirítear sa Chlár sin na spriocanna nascachta lena bhfuil coinne i gcás ina mbeidh na húsáideoirí deiridh uile ag suíomh fosaithe faoi chumhdach líonra gigighiotáin suas go dtí an críochphointe líonra, agus ina mbeidh na limistéir uile ina bhfuil cónaí ar dhaoine faoi chumhdach líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht 5G ar a laghad. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, is é ba cheart a dhéanamh le beartais imscaradh na líonraí gigighiotáin fosaithe agus gan sreang ar fud an Aontais a shimpliú, a bhrostú agus na costais a bhaineann leis a laghdú, lena n‑áirítear tríd an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh oibreoirí agus riaracháin náisiúnta araon.
(4)Le Treoir (AE) 2018/1972, cruthaíodh an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (‘CCLE’). Trí chuspóirí CCLE maidir le nascacht agus rochtain ar líonraí ardfhorbartha agus glacadh na líonraí sin a chur chun cinn, cuidíodh le hiomaíocht éifeachtach a bhaint amach nó a choinneáil ar bun sna margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun CCLE a chur chun feidhme i ndlí náisiúnta na mBallstát, cuireadh de cheangal orthu iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 21 Nollaig 2020. Níor tugadh an trasuí iomlán i gcrích sna 27 mBallstát uile ach in 2024. Níl moilleanna fada den sórt sin, ó ghlacadh na Treorach go trasuí na Treorach sin i gcórais dlí na mBallstát, oiriúnach a thuilleadh do chlaochluithe tapa na teicneolaíochta sa chomhthéacs geopholaitiúil agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair, a fhágann go bhfuil gá le rialacha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an margadh go tapa. Ina theannta sin, tá forálacha náisiúnta áirithe a bhaineann le forálacha CCLE níos cuimsithí ná an méid a bheadh fíor-riachtanach i ndáiríre ó thaobh iomláine agus chomhréireacht an trasuímh de. Dá bhrí sin, ós rud é gur treoir é CCLE, tá cúrsaí ilroinnte idir na náisiúin agus, dá bhrí sin, níor chruthaigh sé fíormhargadh aonair. Is gá, dá bhrí sin, athrú ó bhonn a dhéanamh ar CCLE go mbeidh sé ina rialachán, agus forálacha CCLE a chumasc le forálacha a bhaineann leis na cuspóirí ach atá leagtha síos i dtreoracha, nó i rialacháin nó i gcinntí eile, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2018/1972, Rialachán (AE) 2018/1971, Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, codanna de Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chumasc in aon rialachán amháin, is é sin an Gníomh um Líonraí Digiteacha.
(5)I bPáipéar Bán 2024 uaidh dar teideal ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’ thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil athruithe móra teicneolaíocha ag teacht ar an earnáil nascachta, ina bhfuil bonneagair dhigiteacha ina mbonneagair néalbhunaithe agus IS-bhunaithe anois agus ina bhfuil an t‑éiceachóras nascachta ag leathnú chun seirbhísí nuálacha nua a sholáthar. Dá bhrí sin, is gá an éabhlóid ó líonraí cumarsáide leictreonaí i dtreo ‘líonraí digiteacha’ a chur san áireamh.
(6)Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an t‑inneachar a sheachadtar thar líonraí cumarsáide leictreonaí lena n‑úsáidtear seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail inneachar craoltóireachta, seirbhísí airgeadais agus seirbhísí áirithe sochaí faisnéise, agus tá sé gan dochar do bhearta arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta i leith na seirbhísí sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn agus chun cosaint iolrachas na meán a áirithiú. Cumhdaítear ábhar clár teilifíse le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Is é is aidhm do rialáil beartais agus inneachair closamhairc cuspóirí leasa ginearálta a bhaint amach, amhail saoirse cainte, iolrachas na meán, neamhchlaontacht, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, cuimsiú sóisialta, cosaint tomhaltóirí agus cosaint mionaoiseach. Ní dhéanann an deighilt idir rialáil cumarsáide leictreonaí agus rialáil inneachair difear do na naisc atá eatarthu a chur san áireamh, go háirithe chun iolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha agus cosaint tomhaltóirí a ráthú. Laistigh de theorainneacha a n‑inniúlachtaí, ba cheart do na húdaráis inniúla cuidiú lena áirithiú go ndéanfar beartais atá dírithe ar chur chun cinn na gcuspóirí sin a chur chun feidhme.
(7)Leis an Rialachán seo ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh raidió, ach cumhdaítear ann trealamh raidió cairr agus glacadóirí raidió do thomhaltóirí agus trealamh teilifíse digití do thomhaltóirí. Chun coimircí a sholáthar ar mhaithe leis an idir-inoibritheacht ceann go ceann, is gá gnéithe áirithe de threalamh raidió mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/53/AE agus de threalamh tomhaltóirí a úsáidtear le haghaidh teilifís dhigiteach a rialáil, chun rochtain a éascú d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Tá sé tábhachtach go spreagfadh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile oibreoirí líonraí agus monaróirí trealaimh le hoibriú i gcomhar le chéile chun rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a éascú d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú maidir le córas údaraithe trealaimh teirminéil raidió, ba cheart úsáid neamheisiach an speictrim raidió le haghaidh féinúsáid trealaimh teirminéil raidió den sórt sin a rialáil freisin.
(8)Bíonn na ceanglais a bhaineann le cumais líonraí cumarsáide leictreonaí de shíor ag dul i méid. Cé go raibh an bhéim san am a chuaigh thart ar bhandaleithead a fhás a raibh fáil ghinearálta air ag gach úsáideoir aonair, tá méadú ag teacht ar an tábhacht atá le paraiméadair eile, amhail rátaí sonraí íosnaisc agus uasnaisc, aga folaigh, infhaighteacht agus iontaofacht. Mar thoradh ar an bhfreagra atá ann faoi láthair ar an éileamh sin tá snáithín optúil ag fáil níos gaire agus níos gaire don úsáideoir deiridh agus beidh ag teastáil ó ‘líonraí gigighiotáin’ amach anseo paraiméadair feidhmíochta a bheidh coibhéiseach leis na paraiméadair is féidir le líonra atá bunaithe ar eilimintí snáithín optúil chomh fada leis an gcríochphointe líonra a sholáthar. I gcás ceangal gan sreang, comhfhreagraíonn sé d’fheidhmíocht líonra atá cosúil leis an méid is féidir a bhaint amach bunaithe ar shuiteáil snáithín optúil chomh fada leis an mbunstáisiún, a mheastar gurb é an críochphointe líonra é. Tá líonraí gigighiotáin den sórt sin, idir líonraí fosaithe agus líonraí móibíleacha, in ann rátaí sonraí thart ar ghigighiotán amháin in aghaidh an tsoicind in uasnasc agus íosnasc a sholáthar, chomh maith le paraiméadair ardfheidhmíochta eile amhail aga folaigh íseal agus cobhsaíocht ard. Cuirtear an téarma ‘líonra gigighiotáin’ in ionad an téarma ‘líonra fíor-ardacmhainne’ agus cuimsíonn sé saintréithe feidhmíochta nuashonraithe atá ag teacht leis an éabhlóid theicneolaíoch agus leis an éabhlóid sa mhargadh. Dá thoradh sin, de bhua an Rialacháin seo, aon tagairt do ‘líonra fíor-ardacmhainne’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2018/1972, forléireofar í mar ‘líonra gigighiotáin’ mar a shainmhínítear sa Rialachán seo.
(9)D’fhéadfadh seirbhísí cumarsáide leictreonaí áirithe faoin Rialachán seo a bheith laistigh de raon feidhme an tsainmhínithe ar ‘seirbhís na sochaí faisnéise’ a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá feidhm ag forálacha na Treorach sin lena rialaítear seirbhísí na sochaí faisnéise maidir leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin a mhéid nach ann do níos mó forálacha sonracha is infheidhme maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa Rialachán seo nó i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. Mar sin féin, cumhdaítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail guth-theileafónaíocht, seirbhísí teachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist, faoin Rialachán seo. Is féidir leis an ngnóthas céanna, mar shampla soláthraí seirbhíse idirlín, seirbhís cumarsáide leictreonaí, amhail rochtain ar an idirlíon, a thairiscint chomh maith le seirbhísí nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail soláthar inneachair ghréasánbhunaithe nach mbaineann le cumarsáid.
(10)Is féidir leis an ngnóthas céanna, mar shampla oibreoir cábla, seirbhís cumarsáide leictreonaí, amhail iompar comharthaí teilifíse, a thairiscint chomh maith le seirbhísí nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo, amhail tairiscint ar sheirbhísí ábhair chraoltóireachta fuaime nó teilifíse a thráchtálú, agus, dá bhrí sin, is féidir oibleagáidí breise a fhorchur ar ghnóthas den sórt sin i ndáil lena ghníomhaíocht mar sholáthraí nó mar dháileoir inneachair, i gcomhréir leis na forálacha nach bhfuil sa Rialachán seo, gan dochar do liosta na gcoinníollacha a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
(11)Chun teacht faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar sheirbhís cumarsáide leictreonaí, ní mór seirbhís a sholáthar mar mhalairt ar luach saothair de ghnáth. Agus é á aithint go hiomlán gur ceart bunúsach é an chosaint sonraí pearsanta agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas gur tráchtearra iad sonraí pearsanta, maidir le rochtain ar shonraí pearsanta, lena n‑úsáid nó lena bpróiseáil ar shlí eile i gcomhthéacs sholáthar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ba cheart déileáil leis an rochtain, úsáid nó próiseáil sin ar an mbealach céanna le luach saothair, i gcás ina n‑iarrann an soláthraí seirbhíse sonraí pearsanta agus ina soláthraíonn an t‑úsáideoir deiridh sonraí pearsanta go feasach de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle don soláthraí go díreach nó go hindíreach. Cuimsítear leis freisin cásanna ina dtugann an t‑úsáideoir deiridh rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil soláthartha go gníomhach aige, amhail sonraí pearsanta, lena n‑áirítear an seoladh IP, nó faisnéis eile a ghintear go huathoibríoch, amhail faisnéis a bhailíonn agus a tharchuireann fianán nó teicneolaíochtaí cosúil leo. Ar aon chuma, ba cheart dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta á bpróiseáil. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) maidir le hAirteagal 57 CFAE, is ann do luach saothair de réir bhrí an Chonartha freisin más tríú páirtí a íocann an soláthraí seirbhíse, agus ní an faighteoir seirbhíse. Dá bhrí sin, ba cheart cásanna ina nochtar an t‑úsáideoir deiridh d’fhógráin a chuimsiú i gcoincheap an luacha saothair freisin.
(12)Is éard is seirbhísí cumarsáide idirphearsanta ann seirbhísí lenar féidir faisnéis a mhalartú ar bhealach idirphearsanta agus idirghníomhach, lena gcumhdaítear seirbhísí amhail glaonna gutháin traidisiúnta idir beirt ach chomh maith leis sin gach cineál ríomhphoist, seirbhíse teachtaireachtaí meandracha, nó comhrá grúpa. Ní chumhdaítear le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta ach cumarsáid idir líon finideach daoine nádúrtha, is é sin le rá líon nach bhféadfadh a bheith neamhtheoranta, a chinneann seoltóir na cumarsáide. Ba cheart an chumarsáid lena mbaineann daoine dlítheanacha a bheith laistigh de raon feidhme an tsainmhínithe ina ngníomhaíonn daoine nádúrtha thar ceann na ndaoine dlítheanacha sin nó ina mbíonn siad bainteach leis an gcumarsáid ar thaobh amháin ar a laghad. Is é atá i gceist le cumarsáid idirghníomhach seirbhís lenar féidir le faighteoir na faisnéise freagra a thabhairt. Níor cheart a mheas gur seirbhísí cumarsáide idirphearsanta iad seirbhísí nach gcomhlíonann na ceanglais sin, amhail craoltóireacht líneach, físeáin ar éileamh, suíomhanna gréasáin, blaganna, nó malartú faisnéise idir meaisíní. I gcúinsí eisceachtúla, níor cheart a mheas gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá i seirbhís mura bhfuil sa tsaoráid chumarsáide idirphearsanta agus idirghníomhaí ach mionghné choimhdeach amháin de sheirbhís eile agus, ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla, nach féidir í a úsáid gan an phríomhsheirbhís, agus nach bealach atá ina comhtháthú chun dul timpeall ar infheidhmeacht na rialacha lena rialaítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Agus iad mar eilimintí de dhíolúine ón sainmhíniú, ba cheart na téarmaí ‘mion’ agus ‘coimhdeach amháin’ a léirmhíniú ar bhealach cúng agus ó dhearcadh úsáideora deiridh oibiachtúil. D’fhéadfaí a mheas gur mionghné í gné chumarsáide idirphearsanta i gcás ina bhfuil an úsáid oibiachtúil atá aici an-teoranta maidir le húsáideoir deiridh agus i gcás nach bhfuil ann, i ndáiríre, is ar éigean go n‑úsáideann úsáideoirí deiridh í. D’fhéadfadh gur sampla de ghné gur féidir a mheas nach dtagann faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta, i bprionsabal, cainéal cumarsáide i gcluichí ar líne, ag brath ar ghnéithe shaoráid chumarsáide na seirbhíse.
(13)Nascann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí trí uimhreacha a úsáid ó phlean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta. Cuimsíonn na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe sin an dá sheirbhís dá bhfuil uimhreacha úsáideoirí deiridh sannta chun nascacht ceann go ceann a áirithiú agus seirbhísí lenar féidir le húsáideoirí deiridh dul i dteagmháil le daoine a bhfuil na huimhreacha sin sannta dóibh. Maidir le huimhir a úsáid díreach mar aitheantóir, níor cheart a mheas gurb ionann sin agus uimhir a úsáid chun nascadh le huimhreacha a shanntar go poiblí, agus níor cheart a mheas gur leor an méid sin as féin chun seirbhís a cháiliú mar sheirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe. Níor cheart seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ach a bheith faoi réir oibleagáidí faoina bhfuil gá, de bharr leas an phobail, oibleagáidí rialála sonracha a chur i bhfeidhm maidir le gach cineál seirbhíse cumarsáide idirphearsanta, is cuma má úsáideann siad uimhreacha chun a seirbhís a sholáthar. Tá bonn cirt leis go gcaithfí le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe ar bhealach difriúil, mar tá siad rannpháirteach in éiceachóras idir-inoibritheach ar cháilíocht phoiblí agus baineann siad leas, dá réir sin, as.
(14)Is teorainn chun críoch rialála idir an creat rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus rialáil trealamh teirminéil teileachumarsáide é críochphointe an líonra. Is faoin údarás rialála náisiúnta atá sé suíomh chríochphointe an líonra a shainiú
(15)Ba cheart coincheap an idirnaisc a thuiscint mar thagairt don idirnasc teicniúil idir líonraí go príomha, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na líonraí sin ina líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó ina líonraí príobháideacha, lena n‑áirítear na líonraí sin atá faoi úinéireacht soláthraithe inneachair agus feidhmchlár nó á n‑oibriú acu, agus bonneagair seachadta inneachair san áireamh. De thoradh forbairtí teicneolaíochta agus tráchtála, tá méadú tagtha ar an imscaradh taiscí, nód seachadta inneachair, agus teicnící eile lena bhfeabhsaítear an malartú tráchta agus lena mbarrfheabhsaítear feidhmíocht ceann go ceann, rud a fhágann go bhfuil comhar teicniúil níos dlúithe agus idirnasc níos minice ann idir líonraí poiblí agus príobháideacha.
(16)Ba cheart cuspóirí an chreata rialála nua a thabhairt cothrom le dáta freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na hearnála agus chun a áirithiú gur féidir léi oiriúnú d’fhorbairtí amach anseo. I bhfianaise chlaochlú teicneolaíoch na líonraí cumarsáide leictreonaí i dtreo líonraí digiteacha ina gcomhtháthaítear réitigh atá bunaithe ar an néalríomhaireacht agus ar an intleacht shaorga (‘IS’), tá an t‑éiceachóras nascachta ag leathnú. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo ba cheart tacú le hiomaíochas na hearnála agus leis an gcumas máistreacht a fháil ar an gclaochlú sin. Ba cheart nuálaíocht agus comhar éifeachtach i measc raon leathan na ngníomhaithe san éiceachóras nascachta fairsingithe a chothú leis.
(17)D’fhonn iomaíochas agus athléimneacht na hearnála a mhéadú, ba cheart forbairt margaidh aonair don chumarsáid leictreonach a éascú leis an Rialachán seo trí bhearta atá simplithe agus comhchuibhithe a thuilleadh a thabhairt isteach, trí uas-scálú san Aontas a éascú, trí thacú leis an nuálaíocht agus le hinfheistíocht i líonraí agus i seirbhísí nua-aimseartha, athléimneacha agus inbhuanaithe, agus tríd an nuálaíocht agus an infheistíocht sin a dhreasú. Ba cheart soláthar trasteorann líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a éascú mar chuid de sin, lena n‑áirítear seirbhísí cumarsáide satailíte uile-Eorpacha agus forbairt líonraí digiteacha tras-Eorpacha chomh maith.
(18)Tá sé ríthábhachtach athléimneacht bhonneagar digiteach agus sheirbhísí digiteacha an Aontais a neartú i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an ullmhacht in aghaidh tubaistí nádúrtha, bagairtí agus géarchéimeanna de dhéantús an duine, chomh maith le trasnaíocht ar líonraí agus ar chomharthaí raidió. Chuige sin, ba cheart uathriail straitéiseach an Aontais a neartú leis an Rialachán seo, rud lena n‑áiritheofaí bonneagar agus seirbhísí digiteacha athléimneacha agus ullmhacht le haghaidh teagmhas, amhail ionsaithe fisiceacha, cibirionsaithe, ionsaithe hibrideacha agus tubaistí nádúrtha, lena gcuirfí bearta maolúcháin ar fáil, lena gcuirfí feabhas ar an athléimneacht, go háirithe iomarcaíocht na ndeighleog criticiúil líonraí bunaithe ar líonraí trastíre agus neamh-thrastíre a chomhtháthú go comhleanúnach, agus lena ndéanfaí foráil maidir leis na cumais líonra is gá chun go bhfreagródh an tsochaí do ghéarchéimeanna.
(19)Ós rud é go bhfuil scrogaill agus bacainní ar an iontráil fós ann ar leibhéal an bhonneagair, lena n‑áirítear mar iarmhairt an aistrithe chuig snáithín optúil, is gá iomaíocht inbhuanaithe a áirithiú trí chreat rialála simplithe um rochtain a chur chun feidhme, lena dtugtar aghaidh ar chliseadh margaidh, chun go leanfaidh úsáideoirí deiridh de bheith ag tairbhiú de rogha níos mó de sheirbhísí ardfhorbartha inacmhainne agus ardcháilíochta.
(20)Is gá rialacha earnáilsonracha ex ante a laghdú amach anseo de réir mar a fhorbraíonn an iomaíocht sna margaí agus, ar deireadh, chun a áirithiú gur le dlí na hiomaíochta amháin a rialaítear an chumarsáid leictreonach. Ba é sin an aidhm ó glacadh an chéad chreat rialála maidir le líonra agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí in 2009. Mar sin féin, tá cúrsaí ilroinnte idir na náisiúin mar gheall ar an gcreat atá ann faoi láthair agus níor bhain sé iomlánú an mhargaidh aonair amach, agus dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh comhsheasmhachta in oibleagáidí rialála réamhbhreathnaitheacha ex ante. Ós rud é go bhfuil dinimicí iomaíochta láidre léirithe ag na margaí cumarsáide leictreonaí le blianta beaga anuas, tá sé fíor-riachtanach nach bhforchuirfear oibleagáidí rialála ex ante ach amháin i gcás ina mbeidh cliseadh margaidh ar na margaí lena mbaineann, gan dochar do dhlí na hiomaíochta.
(21)Is gá dreasachtaí iomchuí a thabhairt freisin le haghaidh infheistíocht i líonraí gigighiotáin (lena n‑áirítear 5G ardfhorbartha, 6G, snáithín optúil, cáblaí cumarsáide fomhuirí, líonraí cnáimhe droma) a bheidh ina mbonn taca ag an nuálaíocht i seirbhísí idirlín ar mhórán inneachair agus lena neartófar iomaíochas foriomlán an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, infheistíocht éifeachtúil i bhforbairt na líonraí agus na réiteach sin a chur chun cinn, agus tacú le hinfhaighteacht fhorleathan agus le glacadh forleathan na líonraí gigighiotáin agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear trí aistriú tráthúil a dhéanamh chuig timpeallacht snáithín optúil iomláin ar fud an Aontais.
(22)I gcás na mBallstát, na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil eile agus na bpáirtithe leasmhara, is é is brí leis an gcuspóir nascachta sin, ar lámh amháin, díriú ar na líonraí agus na seirbhísí is ardacmhainne atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de a bhaint amach i limistéar ar leith, agus ar an lámh eile, comhtháthú críochach a shaothrú, is é sin coinbhéirseacht a bhaint amach ó thaobh na hacmhainne atá ar fáil i limistéir éagsúla.
(23)Chun an creat um chumarsáid leictreonach a ailíniú go dlúth le cuspóirí an Aontais maidir lena aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, is gá líonraí agus seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn trí thacú le dálaí infheistíochta tarraingteacha ar mhaithe le líonraí agus réitigh ísealcharbóin fhuinneamhéifeachtúla. Go háirithe, ba cheart an cuspóir sin a ailíniú le nascacht a chothú lena gcumasófar éifeachtúlacht fuinnimh agus neodracht carbóin in earnálacha tionsclaíocha eile chomh maith le hinfheistíocht i mbonneagar nascachta fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir leis an gcreat tacsanomaíochta nuashonraithe agus le Cód Iompair gaolmhar an Aontais maidir le hInbhuanaitheacht Líonraí Teileachumarsáide. Is gá comhar a chothú freisin i measc na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí ceann go ceann a mhéid a bhaineann le trácht sonraí a bhainistiú go héifeachtúil.
(24)Chun na cuspóirí a bhaint amach, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile, i gcás inar gá, a ngníomhaíochtaí a chomhordú le húdaráis na mBallstát eile agus le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (‘BEREC’), leis an gComhlacht um Beartas Speictrim Raidió (‘CBSR’) agus leis an Oifig um Líonraí Digiteacha (‘OLD’).
(25)Mar obair leantach ar Ghlao Nevers an 9 Márta 2022, rinne na Ballstáit measúnú riosca ar bhonneagair agus ar líonraí cumarsáide na hEorpa. Chun na rioscaí atá sainaitheanta a mhaolú, cuireadh roinnt moltaí straitéiseacha agus teicniúla chun tosaigh sa mheasúnú sin le haghaidh na mBallstát, an Choimisiúin agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’), a bheidh le cur chun feidhme le tacaíocht ó BEREC. I measc moltaí straitéiseacha eile, beartaítear leis an measúnú riosca (i) measúnú a dhéanamh ar athléimneacht na n‑idirnasc idirnáisiúnta, (ii) measúnú a dhéanamh ar chriticiúlacht, athléimneacht agus iomarcaíocht an chroí-bhonneagair Idirlín, amhail cáblaí cumarsáide fomhuirí, agus (iii) cumais agus gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais a threisiú chun athléimneacht na mbonneagar cumarsáide a neartú. Chun ullmhacht éifeachtach a bhaint amach agus athléimneacht a fheabhsú, ba cheart an comhar idir údaráis inniúla náisiúnta agus comhlachtaí ar leibhéal an Aontais a neartú, lena n‑áirítear trí threoraíocht choiteann agus trí fhaisnéis a chomhroinnt go tráthúil.
(26)Is cnámh droma criticiúil de shochaí agus de gheilleagar an Aontais iad líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Cé go dtugtar aghaidh ar chibearshlándáil agus athléimneacht na n‑eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach, chomh maith le heintitis chriticiúla, le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , is gá athléimneacht, ullmhacht agus leanúnachas foriomlán na cumarsáide leictreonaí ar leibhéal an Aontais a fheabhsú a thuilleadh, lena n‑áirítear i gcásanna a bhaineann le suaití, géarchéimeanna nó force majeure trasteorann nó mórscála nádúrtha nó de dhéantús an duine a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal. Ba cheart ról comhordúcháin lárnach a bheith ag OLD a mhéid a bhaineann le hathléimneacht in earnáil na cumarsáide leictreonaí, agus leas á bhaint as a shaineolas, as a fhormhaoirseacht ar an margadh agus as a pheirspictíocht uile-Aontais. Dá réir sin, ba cheart do OLD malartú agus comhordú a dhéanamh le húdaráis rialála náisiúnta, leis an gCoimisiún agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear ENISA, agus, i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ECAT, maidir le saincheisteanna a bhaineann le measúnú, faireachán agus anailís a dhéanamh ar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar leibhéal an Aontais agus ar a gcumas rannchuidiú le hathléimneacht fhoriomlán shochaí agus gheilleagar an Aontais, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le hullmhacht na líonraí agus na seirbhísí sin, agus lánurraim á tabhairt ag OLD an tráth céanna do róil ENISA, an Ghrúpa Comhair maidir le Líonraí agus Córais Faisnéise (‘Grúpa Comhair NIS’) agus an Líonra Eorpaigh um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (‘EU-CyCLONe’) faoi chreataí cibearshlándála agus cosanta sibhialta an Aontais.
(27)Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a chur de chúram ar OLD cur chuige comhleanúnach trasteorann a áirithiú maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ba cheart Treoir (AE) 2022/2555 a chomhlánú le ról OLD agus ba cheart an ról sin a bheith gan dochar di, agus OLD ag díriú ar ullmhacht ar fud an chórais, ar bhonneagair inmhalartaithe, ar leanúnachas líonraí agus seirbhísí tras‑Eorpacha agus ar fhreagairt chomhordaithe i gcás géarchéime.
(28)San Aontas, nuair a thagann suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine chun cinn, a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal, tá infhaighteacht agus cumais shonracha na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ríthábhachtach toisc go gcuireann siad ar a chumas don phobal faisnéis thráthúil a fháil, idirghníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a choinneáil ar bun, agus rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus ar sheirbhísí a bhaineann le héigeandálaí, agus toisc go gcuireann siad ar a gcumas d’údaráis náisiúnta cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus iarrachtaí tarrthála agus fóirithinte a eagrú. Gan dochar do Threoir (AE) 2022/2555, dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe uile na líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus do soláthraithe eile atá faoi chóras an údaraithe ghinearálta, bearta a ghlacadh chun rannchuidiú le hinfhaighteacht na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta agus na seirbhísí rochtana idirlín a áirithiú nuair a thagann teagmhais den sórt sin chun cinn. Soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear, go hiomlán nó go príomha, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí sochaí faisnéise atá ar fáil don phobal a sholáthar, amhail cáblaí cumarsáide fomhuirí, d’fhéadfaidís iomarcaíocht a áirithiú i gcásanna criticiúla den sórt sin. Ba cheart dóibh, a mhéid is féidir go teicniúil agus a mhéid atá sé ar mhaithe le leas an phobail, oibriú i gcomhar agus rannchuidiú le hinfhaighteacht na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta agus na seirbhísí rochtana idirlín, má tá na teagmhais mhórscála thuasluaite ina n‑údar le suaitheadh criticiúil na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.
(29)Ba cheart d’úsáideoirí deiridh a bheith in ann cuidiú nó cúnamh a iarraidh ar na húdaráis inniúla trí chumarsáid éigeandála agus faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla ar bhealach is féidir leo a bhrath agus a thuiscint trí rabhaidh phoiblí i gcás teagmhais mhórscála a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal, amhail cliseadh tubaisteach an líonra nó i gcás force majeure. Ar an gcaoi chéanna, an chumarsáid chriticiúil, lena gcuirtear ar a gcumas do na seirbhísí éigeandála agus na húdaráis phoiblí atá i gceannas ar an tslándáil agus ar an tsábháilteacht a misean a chomhlíonadh, ba cheart iad a bheith ar fáil go hiomlán. Dá réir sin, ba cheart do sholáthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí bearta sonracha a ghlacadh chun cumarsáid leictreonach gan bhriseadh a áirithiú, lena n‑áirítear trácht idirlín, a mhéid is gá chun cumarsáid éigeandála agus rabhaidh phoiblí a chur in iúl go héifeachtach ó na úsáideoirí deiridh uile nó ó na pobail uile dá ndéantar difear agus chuig na húsáideoirí deiridh agus na pobail sin. Cumarsáid chriticiúil a sholáthraítear laistigh de líonra tiomnaithe údarás náisiúnta de ghnáth, féadfar í a chur chun feidhme mar sheirbhís speisialaithe dá dtugtar tacaíocht trí theicneolaíochtaí nua, amhail slisniú líonra, ar cheart acmhainneacht líonra leordhóthanach a bheith acu chun cáilíocht seirbhíse a áirithiú i gcásanna géarchéime. Más gá chun cáilíocht na seirbhísí sin a áirithiú, ba cheart tosaíocht a thabhairt don trácht gaolmhar agus ba cheart iomarcaíocht a áirithiú chun go mbeidh an chumarsáid chriticiúil ar fáil go leanúnach. Ba cheart córais náisiúnta um phointí freagartha sábháilteachta poiblí agus córais um rabhadh poiblí a cheapadh sa chaoi go mbeidh iomarcaíocht iontu agus go mbeidh siad athléimneach i gcás teagmhais mhórscála a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal.
(30)Sula gcuirfear athruithe móra chun feidhme ar na líonraí a úsáidtear chun rochtain ar sheirbhísí éigeandála a sholáthar, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta agus pointí freagartha sábháilteachta poiblí (‘PFSPanna’) na bearta uile is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear réitigh a thástáil agus a bhailíochtú chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil agus inrochtana go leanúnach d’úsáideoirí deiridh agus chun a áirithiú go mbeifear in ann rabhaidh phoiblí a sheoladh chuig úsáideoirí deiridh go leanúnach. Ba cheart do sholáthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí treochlár a chur i láthair údaráis inniúla an Bhallstáit ina léirítear próiseas an ascnaimh, agus ina bhfuil faisnéis leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar an riosca atá ann d’infhaighteacht na seirbhísí cumarsáide éigeandála agus do na húsáideoirí deiridh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh. Ba cheart treochlár den sórt sin a sholáthar chun úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a bhraitheann ar an teicneolaíocht atá ann faoi láthair, a chur ar an eolas go tráthúil agus chun go mbeidh siad in ann ullmhú do na teicneolaíochtaí nua, nó oiriúnú dóibh, agus scor de na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar na gairis atá á n‑úsáid acu a sheachaint.
(31)Mar chuid de bhearta fadtéarmacha chun athléimneacht a fheabhsú, ba cheart, le forbairt na nascachta comhtháite athléimní, aghaidh a thabhairt, i measc nithe eile, ar an ullmhacht chun teicneolaíocht úrscothach a ghlacadh amhail na teicneolaíochtaí cumarsáide candamaí atá ag teacht chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de chumarsáid shlán i ndeighleoga criticiúla líonra a áirithiú go háirithe. Maidir leis sin, tá an t‑aistriú chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach riachtanach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an gcumarsáid chandamach a fhaigheann tacaíocht ó líonraí cumarsáide snáithínbhunaithe. Maidir le Bonneagar Cumarsáide Candamaí na hEorpa (‘EuroQCI’), a ceapadh chun bheith ina dhlúthchuid de chóras nua an Aontais um chumarsáid shlán spásbhunaithe (Bonneagar um Athléimneacht, Idirnascacht agus Slándáil trí Shatailít – ‘IRIS2’), d’fhéadfadh sé a bheith ina spreagadh don chéad ghlúin eile de chumarsáid shlán a rachadh chun tairbhe do rialtais agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart slándáil sonraí íogaire agus bonneagair chriticiúil a threisiú trí aistriú tráthúil chuig cripteagrafaíocht iar-chandamach a áirithiú, trí chórais atá candam-bhunaithe a chomhtháthú de réir a chéile sa bhonneagar cumarsáide atá ann cheana agus trí éiceachóras agus tionscal cumarsáide candamaí athléimneach a fhorbairt san Aontas.
(32)Chun ullmhacht éifeachtach na líonraí cumarsáide leictreonaí agus an bhonneagair dhigitigh a áirithiú, chomh maith le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí gan bhriseadh, lena n‑áirítear i gcásanna tubaistí, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine, agus ina bhfuiltear ag brath ar idirnaisc athléimneacha náisiúnta agus trasteorann, ba cheart ról BEREC ar leibhéal an Aontais i réimsí na hullmhachta agus an bhainistithe géarchéime a neartú. Maidir leis sin, ba cheart do BEREC iarrachtaí ar leibhéal an Aontais a chomhlánú chun ardleibhéal ullmhachta agus athléimneachta a áirithiú trí thuarascáil a ghlacadh dar teideal ‘Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha’ (an ‘Plean’), arna hullmhú ag OLD. Ba cheart measúnú cuimsitheach, moltaí oibríochtúla agus cleachtais bainistithe géarchéime a bheith sa Phlean. Leis an méid sin, ba cheart cur chuige comhsheasmhach maidir leis an athléimneacht ar fud an Aontais a áirithiú, lena n‑áirítear maidir le sásraí cistiúcháin lena n‑áiritheofar an iomarcaíocht agus lena bhfeabhsófar ullmhacht ar leibhéal an Aontais le haghaidh géarchéimeanna.
(33)I dteimpléad BEREC chun sonraí a bhailiú ar athléimneacht na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, rud lenar cheart tacú leis an bPlean a ullmhú, ba cheart faisnéis a chuimsiú faoi acmhainneacht, ailtireacht, cumais agus úsáid na ndeighleog líonraí, a mheastar a bheith ríthábhachtach chun athléimneacht agus leanúnachas foriomlán na seirbhísí ar scála an Aontais a áirithiú. Sa mhéid sin, ba cheart go háirithe deighleoga sonracha líonraí a chuimsiú amhail idirnaisc idirnáisiúnta, líonraí comhbhailiúcháin, croí-líonraí agus líonraí cnáimhe droma, cáblaí cumarsáide fomhuirí, lena n‑áirítear a stáisiúin leaindeála cáblaí, líonraí satailíte atá comhtháite le líonraí trastíre atá in ann seirbhís chúltaca a sholáthar i gcás nach mbeidh aon cheann de na líonraí sin ar fáil, líonraí seachadta inneachair nó líonraí a nascann saoráidí móra lárionaid sonraí. I gcás inar gá faisnéis atá rúnaicmithe i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta a mhalartú, a thuairisciú nó a chomhroinnt ar bhealach eile faoin Rialachán seo, ba cheart na rialacha maidir le láimhseáil faisnéise rúnaicmithe a chur i bhfeidhm. I gcás inarb iomchuí, ba cheart cead a thabhairt achoimrí neamh-rúnaicmithe, lena gcumasaítear comhordú oibríochtúil, a chomhroinnt i gcomhthráth leis sin.
(34)Thairis sin, ba cheart do OLD rannchuidiú, ar leibhéal an Aontais, le faireachán, anailís agus sintéis a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le hailtireacht, acmhainneacht, cumais theicniúla agus athléimneacht na líonraí cumarsáide leictreonaí, agus tacú le hiarrachtaí comhordúcháin atá dírithe ar infhaighteacht agus cumais mhéadaithe na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú le linn suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine, agus na creataí náisiúnta comhordúcháin freagartha i gcás géarchéime á n‑urramú go hiomlán an tráth céanna. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin, mar shampla, limistéir a shainaithint ina bhfuil gá le hiomarcaíocht, rud a chuirfeadh bonn eolais faoi chinntí straitéiseacha maidir le beartais agus infheistíochtaí chun tacú le hiomarcaíocht, go háirithe i gcás líonraí digiteacha tras-Eorpacha agus cláir chistiúcháin ghaolmhara a bheidh ann amach anseo, amhail cláir atá beartaithe mar chuid de ghné dhigiteach an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Le measúnú cuimsitheach BEREC arna ullmhú ag OLD, ba cheart forléargas a sholáthar freisin ar acmhainneachtaí cúltaca líonra, chomh maith le forléargas ar shásraí tosaíochta tráchta atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear slisniú líonra agus réitigh eile um bainistiú agus barrfheabhsú líonra lena gcosnaítear agus lena ndaingnítear cumarsáid. Tá ról tábhachtach ag sásraí den sórt sin maidir le leanúnachas líonraí agus seirbhísí cumarsáide fíor-riachtanacha a áirithiú le linn cásanna ina bhfuil éileamh méadaithe, plódú líonra, nó suaití cumarsáide eile ann, rud a d’fhéadfadh tarlú le linn géarchéimeanna.
(35)Go háirithe, tá méadú ag teacht ar an ról atá ag seirbhísí speisialaithe a chumasaítear le cumais ardfhorbartha líonra, amhail slisniú líonra, chun tacú le cásanna úsáide lena mbaineann ceanglais níos airde maidir le slándáil, iontaofacht agus aga folaigh íseal. Áirítear leis sin feidhmchláir amhail oibriú córas aerárthaí gan foireann, lena n‑áirítear dróin, a dteastaíonn leibhéil dhearbhaithe feidhmíochta, athléimneachta agus leithlisithe ó thrácht eile uathu chun feidhmiú sábháilte agus slán a áirithiú. Trí sheirbhísí speisialaithe den sórt sin a bheith ar fáil, is féidir é a chur ar a gcumas d’údaráis phoiblí agus d’oibreoirí príobháideacha feidhmchláir a bhaineann leis an tslándáil agus atá criticiúil ó thaobh na sábháilteachta de a imscaradh ar bhealach níos éifeachtaí, agus nuálaíocht agus úsáid éifeachtúil na n‑acmhainní líonra á gcothú an tráth céanna, i gcomhréir le cuspóirí an Aontais maidir le slándáil, ceannaireacht theicneolaíoch agus forbairt seirbhísí digiteacha ardfhorbartha. Ba cheart leas a bhaint as líonraí cumarsáide leictreonaí chun brath na ndrón agus sócmhainní eitilte eile a fheabhsú, bídís nasctha leis an líonra nó ná bídís. Go háirithe, ba cheart braiteacht cheallach a fhorbairt agus a imscaradh de réir a chéile ar mórscála mar bhreischóras comhlántach braite le haghaidh feidhmchláir shibhialta agus mhíleata, lena n‑áirítear brath, rianú agus lorgaireacht bagairtí san aer, chomh maith le brath na trasnaíochta.
(36)Tá athléimneacht an Aontais ag brath níos mó agus níos mó ar nascacht a sheasfaidh an aimsir agus ar spleáchais straitéiseacha laghdaithe. Chuige sin, ní mór cur chuige réamhbhreathnaitheach a ghlacadh lena neartófar cumas na líonraí trastíre agus neamh-thrastíre (satailíte) chun idirnascadh agus oibriú gan uaim le chéile, lena n‑áirítear i gcásanna géarchéime. Is féidir athléimneacht a fheabhsú trí ailtireachtaí líonra comhtháite srathacha lena gcomhcheanglaítear líonraí trastíre le líonraí neamh-thrastíre, dá dtugtar tacaíocht trí fhíorúlú, iomarcaíocht agus bainistiú líonra uathoibrithe. Leis an gcomhtháthú sin, is féidir cumarsáid fhíor-riachtanach a choinneáil ar bun i gcás ina ndéantar damáiste do bhonneagar trastíre nó ina bhfuil sé plódaithe agus leanúnachas foriomlán na seirbhíse a neartú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do OLD páirt a ghlacadh i bhfaireachán ar an margadh agus i bhforbairtí teicneolaíocha, scrogaill san idir-inoibritheacht agus san imscaradh a shainaithint (lena n‑áirítear idir córais trastíre agus córais neamh-thrastíre agus i gcas teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn), agus moltaí a sholáthar chun tacú le cur chuige comhleanúnach ar leibhéal an Aontais maidir le nascacht athléimneach.
(37)Ba cheart OLD a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhar le comhlachtaí ábhartha agus le húdaráis inniúla, anailís a dhéanamh ar thimpeallacht na bagartha dá nochtar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí an Aontais níos mó agus níos mó. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, teagmhais trasnaíochta díobhálaí ar an speictream raidió. Tá méadú tagtha ar theagmhais den sórt sin le blianta beaga anuas i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil méadaithe agus d’fhéadfaidís difear a dhéanamh d’infhaighteacht agus do cháilíocht na seirbhísí, rud lena ngabhann impleachtaí trasteorann go minic. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do OLD anailís a dhéanamh ar threochtaí den sórt sin agus tacú le húdaráis inniúla trí mholtaí oibríochtúla a eisiúint. Ba cheart freagrachtaí náisiúnta a chomhlánú leis an ról sin agus rannchuidiú le freagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais.
(38)Chun an fhreagairt rialála chomhsheasmhach chomhordaithe ar leibhéal an Aontais a chomhlánú chun an ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna a fheabhsú, ba cheart do BEREC cleachtais bainistithe géarchéime a ghlacadh lena leagtar amach nósanna imeachta agus socruithe comhordúcháin coiteanna le haghaidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, lena n‑áirítear i mbainistiú géarchéime agus i gcosaint shibhialta i gcás suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine. Ba cheart na cleachtais sin a ailíniú le creataí bainistithe géarchéime de chuid an Aontais agus le creataí bainistithe géarchéime náisiúnta atá ann cheana agus ba cheart dóibh tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach, lena n‑áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt le córais ábhartha chomhordúcháin um fhreagairt i gcás géarchéime agus um chosaint shibhialta ar leibhéal an Aontais agus trí shásraí cibirfhreagartha, i gcás ina bhfuil teagmhais chibearshlándála i gceist. Ba cheart gnéithe a chumhdach sa Phlean freisin a bhaineann le feasacht staide maidir le suaití móra a dhéanann difear do chumarsáid éigeandála, do chumarsáid chriticiúil agus do tharchur na rabhadh poiblí i gcomhréir le hoibleagáidí a eascraíonn as dlí ábhartha an Aontais.
(39)Faoi Threoir (AE) 2018/1972, níl na Ballstáit in ann ach an ceart atá ag soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí a chur faoi réir córas údaraithe ghinearálta atá sách solúbtha. Is é an cuspóir atá ann forbairt líonraí agus seirbhísí nua a spreagadh agus é a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse agus do thomhaltóirí tairbhiú de bharainneachtaí scála an mhargaidh inmheánaigh an tráth céanna. Leis an Rialachán seo tacaítear leis an gcuspóir sin agus coinnítear ar bun an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar faoi údarú ginearálta san Aontas.
(40)Tá córas an údaraithe ghinearálta atá i bhfeidhm faoi láthair bunaithe ar liosta comhchuibhithe, ach liosta uasta, coinníollacha lenar coinníodh solúbthacht na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha údarúcháin ghinearálta a chuirfidh siad ag gabháil leis an údarú ginearálta laistigh dá gcríocha, conas iad a shonrú a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, agus an fhéidearthacht é a chur de cheangal ar sholáthraithe fógra a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile lena léireofaí go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur leis na seirbhísí a sholáthar. Bhí sé beartaithe gur de chineál dearbhaitheach a bheadh an fógra agus níor cuireadh de cheangal ar an údarás rialála náisiúnta aon chinneadh sainráite ná aon ghníomh riaracháin a dhéanamh.
(41)Nochtadh sa mheastóireacht ar Threoir (AE) 2018/1972, áfach, go raibh an rialáil ilroinnte agus go raibh níos mó bacainní ar oibreoirí uas-scálú agus oibriú ar bhonn trasteorann toisc nach raibh údarú ginearálta comhordaithe aonair ann, arna fhorbairt agus arna chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta den chuid is mó, agus toisc nach raibh cur chuige aonfhoirmeach comhleanúnach ann maidir leis na coinníollacha is infheidhme chomh maith leis na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt, d’ainneoin an teimpléid chomhchuibhithe neamhéigeantaigh ó BEREC.
(42)Chun na dúshláin a bhaineann le Treoir (AE) 2018/1972 a shárú agus chun é a chur ar a gcumas do sholáthraithe tairbhiú go hiomlán den mhargadh inmheánach don chumarsáid leictreonach, is gá córas nua-aimseartha um údarú ginearálta a thabhairt isteach is infheidhme maidir leis na cineálacha líonraí cumarsáide leictreonaí uile a bhfuil baint acu le soláthar na seirbhísí digiteacha atá ar fáil go poiblí agus, cé is moite de roinnt eisceachtaí, maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.
(43)I ndáil leis na soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí, níor cheart feidhm a bheith ag córas an údaraithe ghinearálta maidir le cineálacha áirithe líonraí nach bhfuil sé de phríomhchuspóir acu tacú le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí digiteacha atá ar fáil go poiblí. Is samplaí iad líonraí a úsáidtear go príomha le haghaidh cumarsáid phríobháideach, inmheánach nó dhúnta, le grúpaí úsáideoirí réamhdhearbhaithe, lena n‑áirítear líonraí nach n‑úsáidtear ach amháin le haghaidh naisc inmheánacha idir saoráidí bonneagair cumarsáide, nach mbeartaítear go príomha le haghaidh seirbhísí digiteacha atá ar fáil go poiblí. I ndáil le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ba cheart seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a eisiamh ó raon feidhme an údaraithe ghinearálta i gcónaí. I gcodarsnacht le catagóirí eile líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ní thairbhíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir d’úsáid acmhainní uimhrithe poiblí agus níl siad rannpháirteach in éiceachóras idir-inoibritheach ar cháilíocht phoiblí. Dá bhrí sin, is iomchuí gan na cineálacha sin seirbhísí a chur faoi réir chóras an údaraithe ghinearálta. Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bheith faoi réir oibleagáidí áirithe faoin Rialachán seo.
(44)Ba cheart córas an údaraithe ghinearálta a bheith faoi réir comhlíonadh liosta níos giorra agus nuashonraithe de choinníollacha lán-chomhchuibhithe, is infheidhme sna Ballstáit uile, chomh maith le coinníollacha áirithe eile a eascraíonn as dlí eile de chuid an Aontais nó as dlíthe náisiúnta eile, ach nach bhfuil lán-chomhchuibhithe go fóill, amhail rialacha maidir le rochtain ar shonraí ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, lena n‑áirítear maidir le hidircheapadh dleathach agus coinneáil sonraí agus ceanglais maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC i gcomhréir le rialacha cibearshlándála, lena n‑áirítear an Gníomh um Chibearshlándáil atá le teacht in ionad Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(45)Thairis sin, ba cheart do sholáthraithe atá faoi réir údarú ginearálta fógra a chur faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó i gcás ina bhfuil na líonraí nó na seirbhísí sin á soláthar cheana féin. Ba cheart cead a bheith acu freisin gan ach fógra amháin a chur faoi bhráid Ballstáit amháin i gcás ina mbeadh sé beartaithe acu líonraí nó seirbhísí a sholáthar i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát faoin gcóras um an bPas Aonair. Níor cheart córais satailíte a bheith faoi réir an Phas Aonair, ach ba cheart iad a bheith faoi réir nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais.
(46)Ba cheart teimpléad éigeantach arna chur ar fáil ag BEREC a úsáid san fhógra. Is éard ba cheart a bheith ann dearbhú ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach chuig an údarás rialála náisiúnta go bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus faisnéis theoranta a chur isteach, ar faisnéis í a shonraítear a thuilleadh i dteimpléad gaolmhar BEREC, lena n‑áirítear sonraí céannachta, teagmhála agus gnó, faisnéis faoi na líonraí nó na seirbhísí atá beartaithe aige a sholáthar agus limistéar geografach a n‑infhaighteachta mar aon leis an dáta measta a chuirfear tús leis an ngníomhaíocht.
(47)Níor cheart d’údaráis rialála náisiúnta ceanglais bhreise ná ceanglais ar leith a fhorchur maidir le fógra a thabhairt. Maidir leis sin, níor cheart d’údaráis rialála náisiúnta aon doiciméad breise a éileamh mar chuid den údarú ginearálta nach bhfuil i dteimpléad BEREC um fhógra a thabhairt. Ba cheart an líon ceanglas maidir le fógra a thabhairt agus nuashonruithe ar na ceanglais sin a choinneáil chomh beag agus is féidir.
(48)Chun soláthar líonraí agus seirbhísí trasteorann a spreagadh, ba cheart cead a bheith ag soláthraithe an fógra a chur isteach in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais nó i mBéarla ar a laghad.
(49)Chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais maidir le digitiú, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta uile glacadh le fógraí ar líne, mar shampla, trí phointe iontrála ar shuíomh gréasáin an údaráis ábhartha agus, i gcás ina mbeidh sainordú tugtha maidir leis, trí réitigh dhigiteacha chomhchuibhithe amhail tiachóga le haghaidh gnó, agus níor cheart dóibh a cheangal ar sholáthraithe deimhnithe digiteacha a úsáid ar deimhnithe iad atá teoranta don chríoch náisiúnta agus nach n‑aithnítear go frithpháirteach i mBallstáit eile agus nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais íosta a bhunaítear i gCinneadh 2011/130/AE ón gCoimisiún maidir le próiseáil trasteorann doiciméad atá ríomhshínithe ag údaráis inniúla. Ar an gcúis chéanna, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe ionadaithe náisiúnta a bheith acu chun idirghníomhú leis na húdaráis náisiúnta. Agus faisnéis nó doiciméid á malartú trí mheán leictreonach acu, ba cheart d’údaráis phoiblí na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh.
(50)Níor cheart d’údaráis inniúla bac a chur ar sholáthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar bhealach ar bith, lena n‑áirítear ar na forais nach bhfuil fógra comhlánaithe. An fógra chun tús a chur lena ngníomhaíochtaí, níor cheart costais riaracháin a bheith i gceist leis sin le haghaidh soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
(51)Chun tacú le comhordú éifeachtach trasteorann, ba cheart do OLD bunachar sonraí lárnach a choinneáil ar bun de na fógraí uile. Níor cheart do na húdaráis inniúla ach fógraí comhlánaithe a chur chuig OLD.
(52)Tar éis dóibh an fógra a fháil, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta tosú sholáthar na líonraí nó seirbhísí a dheimhniú leis an soláthraí trí mheán leictreonach, lena dtugtar tuairisc ar na coinníollacha, na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí na líonraí nó na seirbhísí a sholáthar. Nuair a bheidh sé curtha in iúl ag an soláthraí go bhfuil sé beartaithe aige líonraí nó seirbhísí a sholáthar laistigh de chríoch Ballstáit amháin, ba cheart dó na coinníollacha údarúcháin ghinearálta comhchuibhithe a chomhlíonadh agus, a mhéid a bhaineann le haon sainiúlacht, na coinníollacha is infheidhme i ndlínse an Bhallstáit sin a chomhlíonadh.
(53)Ba cheart faisnéis faoi chearta agus oibleagáidí na ngnóthas faoin údarú ginearálta a chuimsiú sa deimhniú gur féidir le soláthraithe tús a chur lena ngníomhaíochtaí. D’fhéadfadh deimhniú den sórt sin a bheith de dhíth ar sholáthraithe, mar shampla, chun iarratas a dhéanamh ar chearta úsáide do speictream raidió nó acmhainní uimhrithe, chun rochtain nó idirnascadh a fháil chomh maith le cearta chun saoráidí a shuiteáil, lena n‑áirítear cearta slí, go háirithe chun caibidlíocht a éascú le leibhéil eile rialtais, bídís ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, nó le soláthraithe seirbhíse i mBallstáit eile. Má iarrann soláthraí amhlaidh, ba cheart é a bheith indéanta freisin an deimhniú a sholáthar i bhfoirm dearbhaithe. Níor cheart go gciallódh na dearbhuithe sin astu féin go bhfuiltear i dteideal cearta a fháil ná níor cheart aon cheart faoin údarú ginearálta, cearta úsáide nó feidhmiú na gceart sin a bheith ag brath ar dhearbhú. Ba cheart dearbhú a bheith ina dheimhniú nó ina chruthúnas d’údaráis náisiúnta nó réigiúnacha eile go bhfuil an soláthraí údaraithe faoin Rialachán seo.
(54)Nuair a bheidh cearta úsáide do speictream raidió nó acmhainní uimhrithe nó cearta chun saoráidí a shuiteáil á ndeonú acu, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta na gnóthais dá ndeonaíonn siad na cearta sin a chur ar an eolas faoi na coinníollacha ábhartha maidir le húsáid speictrim raidió i gcearta úsáide aonair nó sa deimhniú le haghaidh oibríochtaí faoi údarú ginearálta.
(55)Maidir le hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le dlí an Aontais de bhua iad a bheith ainmnithe mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, ba cheart na hoibleagáidí sin a fhorchur ar leithligh ó na cearta agus na hoibleagáidí ginearálta faoin údarú ginearálta.
(56)I gcás na líonraí cumarsáide leictreonaí nach soláthraítear don phobal, is iomchuí níos lú coinníollacha agus oibleagáidí nach bhfuil chomh dian céanna a fhorchur, má fhorchuirtear iad ar chor ar bith, ná na coinníollacha agus na hoibleagáidí a bhfuil bonn cirt leo i gcás na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear don phobal. Mar sin féin, tá siad fós faoi cheangal oibleagáidí, i measc nithe eile, a bhaineann le leas an phobail amhail maidir le hathléimneacht líonra, ullmhacht, cibearshlándáil, idircheapadh dleathach agus coinneáil sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme nó le reachtaíocht náisiúnta is infheidhme agus a chomhlíonann dlí an Aontais. Cé nach bhfuil siad faoi réir údarú ginearálta faoin Rialachán seo, féadfar oibleagáidí den sórt sin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.
(57)Leis an nós imeachta um an bPas Aonair, ba cheart soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ó Bhallstát go chéile a éascú. Ba cheart deireadh a chur leis an nós imeachta trí dheimhniú a thabhairt don soláthraí tús a chur le líonraí nó seirbhísí a sholáthar. Níor cheart é a bheith indéanta dearbhuithe breise a eisiúint, ach amháin arna iarraidh sin do sholáthraí agus de réir threoirlínte BEREC maidir le húdarú ginearálta. Mar shampla, i gcás inar gá, faoi dheimhniú an Phas Aonair, féadfaidh an soláthraí deimhniú a iarraidh trí OLD ina dtugtar tuairisc ar na himthosca faoina bhfuil sé de cheart ag soláthraí na líonraí nó na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá faoi údarú ginearálta iarratas a dhéanamh ar chearta chun saoráidí a shuiteáil, idirnascadh a chaibidliú, agus rochtain a fháil ar idirnascadh, chun feidhmiú na gceart sin a éascú, mar shampla, ag údaráis phoiblí eile nó i ndáil le gnóthais eile. Le dearbhuithe den sórt sin, d’fhéadfaí tuairisc a thabhairt ar na critéir agus ar an nós imeachta maidir leis na hoibleagáidí sonracha ar ghnóthais aonair, agus ba cheart d’údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina soláthrófar líonraí nó seirbhísí iad a sholáthar trí OLD, agus arna iarraidh sin don soláthraí. Ba cheart a shonrú i dtreoirlínte BEREC na mionsonraí faoin bhféidearthacht dearbhú den sórt sin a iarraidh.
(58)Tá sé tábhachtach éifeachtacht an chórais um an bPas Aonair a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar údaráis rialála náisiúnta nó ar údaráis inniúla eile de chuid na mBallstát oibriú i gcomhar le chéile chun tacú le BEREC agus le OLD treoirlínte agus acmhainní faisnéise a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na gcoinníollacha údarúcháin ghinearálta sna Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála aonair náisiúnta a ainmniú.
(59)Ní féidir tairbhe iomlán a bhaint as an gcóras um an bPas Aonair ach amháin má laghdaítear sainiúlachtaí náisiúnta a bhaineann leis na coinníollacha údarúcháin ghinearálta a mhéid is féidir. Baineann sé sin le rialacha nach bhfuil ina gcuid de GLD freisin, amhail i réimse na cibearshlándála nó i réimse fhorfheidhmiú an dlí. Dá bhrí sin, ba cheart réimsí a shainaithint le treoirlínte BEREC ina bhfuil sé riachtanach ailíniú breise a dhéanamh idir rialacha náisiúnta nó cur chun feidhme na rialacha sin. Ba cheart na heilimintí sin a bheith ina mbonn d’obair leantach a dhéanfaidh an Coimisiún, comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais, nó grúpaí saineolaithe eile chun déileáil leis na rialacha sin. Chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin, ba cheart do na pointí teagmhála aonair náisiúnta ainmnithe agus OLD oibriú i ndlúthchomhar le chéile, i leith coinníollacha údarúcháin ghinearálta a bhaineann le reachtaíocht agus nósanna imeachta náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar reachtaíocht agus nósanna imeachta iad is infheidhme maidir le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, go háirithe maidir leis an gcibearshlándáil nó le forfheidhmiú an dlí.
(60)Go háirithe, ba cheart do na pointí teagmhála aonair náisiúnta ainmnithe aon sainiúlacht a chur in iúl do OLD maidir le cur chun feidhme náisiúnta na gcoinníollacha údarúcháin ghinearálta comhchuibhithe ina mBallstáit féin, chomh maith le haon nós imeachta náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun éifeacht a thabhairt do na coinníollacha údarúcháin ghinearálta. I gcás ina mbeidh údaráis dhifriúla i mBallstát atá freagrach as na coinníollacha údarúcháin ghinearálta a fhorfheidhmiú, ba cheart do na húdaráis náisiúnta sin oibriú i ndlúthchomhar leis na pointí teagmhála aonair ainmnithe.
(61)Ba cheart do na pointí teagmhála aonair náisiúnta ainmnithe cúnamh frithpháirteach a sholáthar freisin maidir leis na coinníollacha údarúcháin ghinearálta a fhorfheidhmiú i gcomhréir le treoirlínte BEREC.
(62)Maidir le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit dá dtugtar fógra, ba cheart an chumhacht a bheith aige pionóis a fhorchur i leith coinníollacha údarúcháin ghinearálta a shárú, ar choinníoll nach bhfuil pionóis forchurtha cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta ina soláthraítear líonraí nó seirbhísí i leith na coinníollacha céanna a shárú. Ba cheart pionóis a fhorchur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus, i gcás sárú tromchúiseach, agus i gcás inar gá tar éis dul i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát a ndéantar difear dóibh, d’fhéadfaí tarraingt siar an chirt líonraí agus seirbhísí a sholáthar sna Ballstáit uile a chumhdaítear leis an bPas Aonair a chuimsiú leo. D’fhéadfaí a chinneadh go ndearnadh sárú tromchúiseach, mar shampla, i gcás nach bhfuil ceann amháin nó níos mó de choinníollacha údarúcháin ghinearálta á chomhlíonadh nó á gcomhlíonadh fós d’ainneoin na ngníomhaíochtaí feabhais arna ndéanamh ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile. I gcásanna eisceachtúla amháin, nuair is é conclúid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina soláthraítear na líonraí nó na seirbhísí go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an sárú ar na coinníollacha údarúcháin ina chríoch ar fhorais na slándála náisiúnta nó leas an phobail, ba cheart an ceart a bheith aige pionóis a fhorchur laistigh dá dhlínse. Ba cheart beart forfheidhmiúcháin eisceachtúil den sórt sin a dhéanamh i gcomhar le húdaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit dá dtugtar fógra.
(63)Mar eisceacht, i gcás seirbhísí meaisín le meaisín lena ngabhann úsáid sheach-chríochach acmhainní uimhrithe, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha ábhartha an Bhallstáit dá dtugtar fógra.
(64)Ba cheart ceanglais an Phas Aonair a bheith gan dochar do chumhachtaí na mBallstát rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí a bhlocáil, ar bhonn cás ar chás, i gcás ina mbeidh údar leis, ar chúiseanna calaoise nó mí-úsáide.
(65)Ba cheart a bheith in ann muirir riaracháin a fhorchur ar ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun gníomhaíochtaí an údaráis rialála náisiúnta nó údarás inniúla eile a mhaoiniú i dtaca le bainistiú an chórais údaraithe ghinearálta agus deonú ceart úsáide. Ba cheart na muirir sin a theorannú sa chaoi nach gcumhdófar ach costais riaracháin iarbhír na ngníomhaíochtaí sin agus níor cheart iad a fhorchur ar sholáthraithe beaga. Chun na críche sin, ba cheart trédhearcacht a áirithiú in ioncam agus i gcaiteachas na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúla eile trí bhíthin tuairisciú bliantúil faoi shuim iomlán na muirear arna mbailiú agus na gcostas riaracháin arna dtabhú, chun go mbeidh gnóthais in ann a fhíorú go bhfuil siad cothromaithe.
(66)Níor cheart do chórais muirear riaracháin iomaíocht a shaobhadh ná bacainní a chur ar iontráil sa mhargadh. Le córas an údaraithe ghinearálta ní bheifear in ann costais riaracháin, agus dá bhrí sin, muirir, a chur i leith gnóthais aonair, seachas chun cearta úsáide a dheonú maidir le hacmhainní uimhrithe, speictream raidió agus cearta maidir le saoráidí a shuiteáil. Sampla de rogha chothrom, shimplí agus thrédhearcach ar na critéir sin maidir le cur i leith muirear is ea scála dáileacháin a bhaineann le láimhdeachas, b’fhéidir. I gcás ina mbeidh na muirir riaracháin an-íseal, d’fhéadfadh sé gurb iomchuí freisin muirir ar ráta comhréidh, nó muirir ina bhfuil bonn ráta chomhréidh i dteannta eilimint a bhaineann le láimhdeachas. A mhéid a chumhdaítear le córas an údaraithe ghinearálta gnóthais a bhfuil sciar beag den mhargadh acu, amhail soláthraithe líonra pobalbhunaithe, nó soláthraithe seirbhíse a ngintear lena múnla gnó ioncam atá an-teoranta fiú i gcás ina bhfuil sciar mór den mhargadh acu ó thaobh méideanna de, ba cheart do na Ballstáit tairseach iomchuí de minimis a bhunú chun muirir riaracháin a fhorchur.
(67)Maidir le leasuithe ar cheart a mheas gur mionleasuithe iad, lena ndéantar foráil maidir le cearta a shrianadh, a tharraingt siar nó a leasú, is leasuithe iad sin ar cheart gur ghá dul i gcomhairle maidir leis an gceart sula nglactar iad. An creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair lena dtugtar aghaidh ar speictream raidió, is é sin go príomha, an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, an Cinneadh maidir le Speictream Raidió (Cinneadh Uimh. 676/2002/CE) agus an Clár Beartais um an Speictream Raidió (Cinneadh Uimh. 243/2012/AE), forbraíodh an creat sin i gcomhthéacs geopholaitiúil difriúil. Sa chreat sin, níor tugadh aghaidh go leordhóthanach ar ghné straitéiseach an speictrim raidió. Tacaíonn speictream raidió le seirbhísí ríthábhachtacha amhail cumarsáid chriticiúil, cumarsáid éigeandála, rialú aerthráchta, loingseoireacht mhuirí, slándáil phoiblí agus líonraí sábháilteachta. Mar is amhlaidh i gcás na dtráchtearraí bunúsacha uile, d’fhéadfadh speictream raidió, agus an rochtain air, a bheith ina leochaileacht. Ina theannta sin, d’fhéadfaí é a úsáid mar uirlis troda i gcomhthéacs coinbhleachtaí armtha agus eacnamaíocha, mar shampla i gcás comharthaí trasnaíochta agus cumarsáide faoi bhréagriocht agus chun cur isteach ar phríomhghníomhaíochtaí míleata agus sibhialta ón iompar go dtí an bhaincéireacht.
(68)Baineann fíorthábhacht straitéiseach agus gheopholaitiúil leis an speictream raidió le haghaidh an Aontais agus a Bhallstáit. Tá sé fíor-riachtanach cumarsáid a chumasú, fás eacnamaíoch agus rathúnas sóisialta a spreagadh, agus tacú le slándáil agus soláthar seirbhísí atá criticiúil do mhisin ar fud earnálacha éagsúla. Tá speictream raidió ríthábhachtach anois d’uathriail straitéiseach agus do shlándáil an Aontais, agus tá bainistiú an speictrim ar bhealach comhordaithe fíor-riachtanach chun slándáil, athléimneacht agus ceannasacht dhigiteach an Aontais a áirithiú. An tráth céanna, tá roinnt beartas de chuid an Aontais ag brath ar rochtain iomchuí ar speictream agus ar bhainistiú iomchuí speictrim, amhail beartais spáis, nascachta nó iompair. Ina theannta sin, tá bainistiú éifeachtúil agus comhordaithe speictrim raidió ríthábhachtach chun líonraí ardcháilíochta gan sreang a imscaradh, ar coinníoll iad d’fhorbairt eacnamaíoch agus d’iomaíochas an Aontais agus chun margadh aonair don chumarsáid leictreonach a iomlánú. A bhuí le dul chun cinn teicneolaíoch, go háirithe ós rud é gur féidir le satailítí cumarsáid a dhéanamh le gairis mhóibíleacha úsáideoirí gan mhodhnú, agus an cóineasú idir líonraí trastíre agus neamh-thrastíre, agus idir líonraí teileachumarsáide, imeall-ríomhaireacht agus néalríomhaireacht, d’fhéadfadh bainistiú speictrim raidió, mar acmhainn Eorpach choiteann, a luach le haghaidh na mBallstát agus an Aontais a uasmhéadú. Is gá, dá bhrí sin, speictream raidió a bhainistiú go héifeachtach agus é a úsáid go héifeachtúil ar bhealach straitéiseach mar acmhainn choiteann.
(69)Mar gheall ar fhorbairt na dteicneolaíochtaí agus na bhfeidhmchlár nua gan sreang, tá méadú ag teacht ar an éileamh ar speictream raidió, ní hamháin i réimse na cumarsáide leictreonaí, amhail chun nascacht ghigighiotáin uileláithreach a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus iad ag taisteal, ach in earnálacha eile a bhraitheann ar speictream raidió freisin, amhail iompar, monaraíocht, spás agus fuinneamh. Chun freastal ar an éileamh atá ag dul i méid, tá cur chuige trasearnála iomchuí maidir leis an mbainistiú speictrim raidió fíor-riachtanach chun úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a áirithiú.
(70)Ba cheart speictream raidió a bhainistiú ar bhealach lena n‑áirithítear go seachnófar trasnaíocht dhíobhálach. Dá bhrí sin, ba cheart coincheap bunúsach na trasnaíochta díobhálaí a shainiú i gceart chun a áirithiú go mbeidh idirghabháil rialála teoranta don mhéid is gá chun trasnaíocht den sórt sin a chosc. Ba cheart ardmhodhanna cosanta ar thrasnaíocht dhíobhálach agus modhanna eile um bainistiú speictrim raidió a chur i bhfeidhm chun cur i bhfeidhm an phrionsabail um neamhthrasnaíocht agus um neamhchosaint a sheachaint, a mhéid is féidir, i.e. an oibleagáid a leagtar síos i Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide maidir le stáisiúin a oibríonn ar bhonn tánaisteach gan trasnaíocht dhíobhálach a dhéanamh ar sheirbhísí príomhúla, agus an prionsabal nach féidir leo cosaint a éileamh ar thrasnaíocht arb iad seirbhísí príomhúla údaraithe is cúis léi.
(71)Is lú tábhacht a bhaineann le teorainneacha náisiúnta anois agus an úsáid is fearr atá le baint as speictream raidió á cinneadh. De bharr ilroinnt mhíchuí na mbeartas náisiúnta, bíonn costais níos mó ar úsáideoirí speictrim raidió agus cailleann na húsáideoirí sin deiseanna margaidh freisin agus d’fhéadfadh an ilroinnt sin moill a chur ar an nuálaíocht, rud a dhéanfadh dochar d’fheidhmiú cuí an mhargadh inmheánaigh, do thomhaltóirí agus don gheilleagar ina iomláine. Le pleanáil straitéiseach, comhordú agus, i gcás inarb iomchuí, comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, is féidir a áirithiú go dtairbheoidh úsáideoirí speictrim raidió go iomlán den mhargadh inmheánach agus go gcosnófar leasanna an Aontais go héifeachtach ar an leibhéal domhanda.
(72)Ba cheart gníomhaíochtaí beartais speictrim raidió san Aontas a bheith gan dochar do na bearta arna ndéanamh, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun cuspóirí leasa ghinearálta a shaothrú, go háirithe maidir le líonraí poiblí rialtasacha agus cosanta, le rialáil inneachair agus le beartais chlosamhairc agus meán, agus do cheart na mBallstát a gcuid speictrim raidió a eagrú agus a úsáid ar mhaithe leis an ord poiblí, an tslándáil phoiblí agus an chosaint.
(73)Ba cheart na rialacha maidir le bainistíocht speictrim raidió a bheith i gcomhréir leis an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a dhéileálann le bainistíocht speictrim raidió, amhail an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) agus Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), chun a áirithiú go ndéanfar speictream raidió a bhainistiú go héifeachtach agus go gcomhchuibheofar a úsáid ar fud an Aontais agus idir na Ballstáit agus baill eile ITU.
(74)Tá sé ríthábhachtach go n‑áiritheofaí nach nochtfar saoránaigh do réimsí leictreamaighnéadacha ar leibhéal a dhéanfadh dochar don tsláinte phoiblí. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta comhsheasmhacht a shaothrú ar fud an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus aird ar leith acu ar an gcur chuige réamhchúraim a glacadh i Moladh Uimh. 1999/519/CE ón gComhairle, chun iarracht a dhéanamh dálaí níos comhsheasmhaí maidir le himscaradh a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta an nós imeachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/1535 a chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn trédhearcacht a léiriú do na páirtithe leasmhara agus chun deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún freagairt.
(75)Is acmhainn phoiblí ghann é speictream raidió a bhfuil luach tábhachtach margaidh agus poiblí leis. Is ionchur fíor-riachtanach é le haghaidh na gcineálacha uile líonraí agus seirbhísí gan sreang, lena n‑áirítear le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí raidió-bhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta nó d’údaráis inniúla eile é a leithdháileadh agus a shannadh go héifeachtúil i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail chomhchuibhithe lena rialaítear a ngníomhaíocht, chomh maith le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus na leasanna daonlathacha, sóisialta, teanga agus cultúrtha a bhaineann le húsáid an speictrim raidió á gcur san áireamh. Le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear creat chun speictream raidió a chomhchuibhiú.
(76)Easpa comhordaithe idir na Ballstáit agus a n‑údaráis inniúla agus iad ag eagrú úsáid an speictrim raidió ina gcríoch, mura réitítear sin le caibidlíocht dhéthaobhach na mBallstát, is féidir saincheisteanna maidir le trasnaíocht mhórscála teacht chun cinn a chuirfeadh isteach go mór ar fhorbairt an mhargaidh aonair dhigitigh. Ba cheart do na Ballstáit agus dá n‑údaráis inniúla na bearta riachtanacha uile a dhéanamh chun trasnaíocht dhíobhálach agus trasteorann eatarthu a sheachaint. Tá an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió (‘RSPG’) a bunaíodh le Cinneadh 2002/622/CE ón gCoimisiún ag tacú leis an gcomhordú trasteorann riachtanach agus is é sin an fóram a bhí ann chun saincheisteanna trasteorann idir na Ballstáit a réiteach. Mar sin féin, bhí an cúnamh ó RSPG easnamhach maidir le saincheisteanna comhordúcháin trasteorann le tríú tíortha i gcoitinne nó idir na Ballstáit agus an speictream raidió neamh-chomhchuibhithe i gceist (e.g. minicíochtaí FM), ós rud é nach raibh bunús dlí leormhaith ann ná na huirlisí chun go ngníomhódh RSPG. Ba cheart leanúint de phróiseas an chomhordúcháin trasteorann, ach ba cheart síneadh a chur leis chun speictream raidió neamh-chomhchuibhithe a chuimsiú, mar shampla minicíochtaí FM a úsáidtear le haghaidh craoltóireacht raidió, toisc go bhféadfadh luach ard eacnamaíoch, cultúrtha agus sóisialta a bheith ag speictream raidió den sórt sin do shaoránaigh an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart an deis a thabhairt d’aon sealbhóir cirt úsáide speictrim raidió an próiseas cúnaimh a thionscnamh chun an trasnaíocht a réiteach, nuair a bheidh tionchar díreach ag trasnaíocht dhíobhálach air in úsáid dhleathach a speictrim raidió.
(77)Maidir le cásanna deacra idir na Ballstáit a bhaineann le trasnaíocht dhíobhálach nach féidir a réiteach trí chaibidlíocht dhíreach, d’ainneoin thacaíocht CBSR, d’fhéadfadh sé gur ghá réitigh cheangailteacha, arna nglacadh ag an gCoimisiún, a fhorchur, ag tógáil ar an réiteach arna mholadh ag CBSR, chun an cás a réiteach go cinntitheach nó chun réiteach comhordaithe a fhorfheidhmiú faoi dhlí an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag sásra den sórt sin faoi sprioc-amanna sonracha lena n‑áiritheofaí nach mbeadh aon mhoill gan údar ann, agus ba cheart réitigh iomchuí a mholadh leis, lena n‑áirítear aon cheart arb é sin foinse staid na trasnaíochta díobhálaí a tharraingt siar agus an ceart chun damáistí a fháil.
(78)Is cúis an-mhór imní anois í fadhb na trasnaíochta trasteorann ó thríú tíortha ag teorainneacha an Aontais agus is bagairt í ní hamháin ar na líonraí féin, ach ar shlándáil an Aontais freisin. Mar shampla, i gcas trasnaíochta ar an gCóras um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda (‘GNSS’) gar do limistéir coinbhleachta armtha, amhail ag teorainneacha oirthear an Aontais, bíonn iarmhairtí tromchúiseacha i gceist d’earnáil an iompair, do bhonneagair chriticiúla, do chumarsáid leictreonach agus don earnáil airgeadais, toisc go mbraitheann bonneagar nua-aimseartha go mór ar an gcóras sin le haghaidh sonraí beachta maidir le suí, loingseoireacht agus uainiú. I gcásanna den sórt sin, ní leor brath ar iarrachtaí ag an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide. Is gá sásra dlúthpháirtíochta a sholáthar i ndlí an Aontais chun tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt do na Ballstáit dá ndéantar difear. Faoin sásra dlúthpháirtíochta sin, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit uile gníomhú le chéile agus i gcomhréir le gníomhaíochtaí áirithe arna sainiú ag an Aontas in éineacht le CBSR, agus idirghabháil a dhéanamh taobh leis an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit dá ndéantar difear. I gcás trasnaíocht dhíobhálach leanúnach thromchúiseach lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta, féadfaidh an Chomhairle cuimhneamh ar bheart sriantach a ghlacadh faoi Airteagal 29 CFAE i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.
(79)Le forbairtí teicneolaíocha, go háirithe teicneolaíochtaí raidió den chéad ghlúin eile (e.g. 6G) chomh maith leis an intleacht shaorga, cuirtear feabhas ar inmharthanacht agus ar iontaofacht na comhroinnte speictrim raidió thar raon leathan bandaí minicíochta, agus ar an gcaoi sin soláthraítear rochtain ar acmhainn ghann d’úsáideoirí iomadúla, agus coisctear trasnaíocht dhíobhálach an tráth céanna agus áirithítear cosaint leormhaith na seirbhísí atá ann faoi láthair. Tá sé fíor-riachtanach speictream raidió a úsáid ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus faoi thionchar na nuálaíochta chun spriocanna nascachta an Aontais a bhaint amach agus chun tacú le hiomaíochas an Aontais. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gá le cur chuige rialála lena ndéantar úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a mheas go córasach mar an gnáthchleachtas le haghaidh údarú speictrim raidió bunaithe ar an bprionsabal ‘úsáid é nó comhroinn é’, agus ní chuirtear cearta eisiacha úsáide speictrim raidió i bhfeidhm ach amháin i gcás inar gá agus ina bhfuil údar leo. An tráth céanna, ba cheart a áirithiú le beartas den sórt sin go bhfuil an iomaíocht á cothú tríd an speictream raidió a chomhroinnt, in áit a bheith á srianadh.
(80)Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a mheas go bhfuil speictream raidió, nach n‑úsáidtear i gcríoch nó ar feadh tréimhse, ina speictream raidió atá in-chomhroinnte, mura rud é go léiríonn sealbhóir an chirt úsáide nach bhfuil sé indéanta go teicniúil é a chomhroinnt nó go gcuirfeadh an chomhroinnt isteach ar úsáid an speictrim raidió ag an sealbhóir bunaidh, nó go ndéanfadh sí an úsáid sin a dhíghrádú nó teorainn a chur leis an úsáid ar shlí eile nó go bhfuil sé beartaithe aige an speictream raidió a úsáid ar bhealach lena bhfágtar nach féidir é a chomhroinnt. Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an speictream raidió á úsáid, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta roinnt eilimintí a chur san áireamh, lena n‑áirítear na pleananna um imscaradh atá ag sealbhóir an chirt sna blianta beaga atá amach romhainn, agus oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí an Aontais. Na coinníollacha maidir le comhroinnt faoin bprionsabal ‘úsáid é nó comhroinn é’, lena n‑áirítear an luach saothair, an bealach chun ré na hoibleagáide comhroinnte a chinneadh agus na coinníollacha teicniúla, ba cheart iad a chinneadh roimh ré nuair a bheidh an ceart úsáide á dheonú.
(81)Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a chur chun cinn, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta, trí na córais údaraithe is iomchuí maidir le gach cás a chinneadh agus trí rialacha agus coinníollacha iomchuí agus trédhearcacha lena mbaineann a bhunú. Is féidir úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a bheith bunaithe ar údaruithe ginearálta nó ar úsáid atá díolmhaithe ó cheadúnas lenar féidir le roinnt úsáideoirí, faoi choinníollacha comhroinnte sonracha, rochtain a fháil ar an speictream raidió céanna agus é a úsáid i limistéir gheografacha éagsúla nó ag tréimhsí éagsúla. Is féidir an úsáid chomhroinnte a bheith bunaithe ar chearta úsáide aonair freisin faoi shocruithe, amhail rochtain chomhroinnte cheadúnaithe ina gcomhaontaíonn na húsáideoirí ar fad (úsáideoirí atá ann cheana agus úsáideoirí nua) faoi na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtain chomhroinnte, faoi mhaoirseacht na n‑údarás inniúil náisiúnta, sa chaoi go n‑áiritheofar íoscháilíocht tarchurtha raidió ráthaithe agus comhlíonadh dhlí na hiomaíochta. Nuair a bheidh úsáid chomhroinnte an speictrim raidió á ceadú faoi chórais údaraithe dhifriúla, níor cheart d’údaráis inniúla réanna atá an-éagsúil ar fad le chéile a leagan síos maidir leis an úsáid chomhroinnte, chun a áirithiú gur féidir athrú cuspóra a dhéanamh ar speictream nó é a athoscailt ar mhaithe lena sannadh ar bhonn iomaíoch.
(82)Cé go gcuireann úsáid chomhroinnte an speictrim an úsáid éifeachtúil chun cinn ina leith, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé iomchuí sna himthosca uile. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann úsáid chomhroinnte an speictrim a shrianadh nó staonadh ón úsáid chomhroinnte a mholadh ar chúiseanna a bhaineann le hiomaíocht agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh, indéantacht theicniúil nó eacnamaíoch, an gá le húsáid eisiach an speictrim chun sábháilteacht phoiblí, slándáil náisiúnta, cosaint nó cosaint seirbhísí fíor-riachtanacha a choimirciú mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Áirítear leis sin, i gcás inarb ábhartha, príomhchórais um chumarsáid shlán chriticiúil le haghaidh na hEorpa a imscaradh, rud dá bhféadfadh rochtain intuartha ar speictream, athléimneacht fheabhsaithe agus feidhmíocht dhearbhaithe a bheith ag teastáil, ar nithe iad nach féidir a ráthú faoi úsáid chomhroinnte. Aon chinneadh chun teorainn a chur le húsáid chomhroinnte nó í a chur as an áireamh, ba cheart údar cuí a bheith leis, ba cheart é a bheith comhréireach agus ba cheart é a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla.
(83)Faoi láthair, áirithítear solúbthacht i mbainistiú speictrim raidió agus rochtain ar speictream raidió trí údaruithe atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de ionas gur féidir le húsáideoirí speictrim raidió na teicneolaíochtaí is fearr a roghnú lena gcur i bhfeidhm, agus na seirbhísí atá le soláthar i mbandaí speictrim raidió a bhfuil a n‑infhaighteacht le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí dearbhaithe sna Pleananna um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta ábhartha i gcomhréir le dlí an Aontais (‘prionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de agus prionsabal na neodrachta ó thaobh na seirbhíse de’). Aon chinntiúchán riaracháin maidir le teicneolaíochtaí agus seirbhísí atá le húsáid i mbanda ar leith, ba cheart é a bheith bunaithe ar chritéir chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus ba cheart údar soiléir a bheith leis, i gcás seirbhísí de réir chuspóirí an leasa ghinearálta, agus ba cheart é a bheith faoi réir athbhreithniú tráthrialta. Ós rud é, le cinntiúchán den sórt sin, go dtabharfaí isteach eisceacht ar an riail maidir le neodracht ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de agus go laghdófaí an tsaoirse chun an tseirbhís a sholáthraítear nó an teicneolaíocht a mbaintear úsáid aisti a roghnú, ba cheart aon togra le haghaidh cinntiúchán den sórt sin a bheith trédhearcach agus faoi réir comhairliúchán poiblí.
(84)Maidir le srianta ar phrionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart iad a bheith iomchuí agus ba cheart údar a bheith leo mar gheall gur gá trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint, mar shampla trí mhaisc astaíochtaí agus leibhéil chumhachta a fhorchur, chun a áirithiú go gcosnófar sláinte phoiblí trí nochtadh an phobail do réimsí leictreamaighnéadacha a theorannú, chun feidhmiú ceart seirbhísí a áirithiú trí leibhéal leordhóthanach cáilíochta teicniúla seirbhíse, cé nach gá go gcoiscfí an fhéidearthacht go n‑úsáidfí níos mó ná seirbhís amháin sa bhanda speictrim raidió céanna, chun comhroinnt cheart speictrim raidió a áirithiú, go háirithe i gcás ina mbeadh an úsáid sin faoi réir údarú ginearálta amháin, chun úsáid éifeachtach speictrim raidió a chosaint, nó chun cuspóir leasa ghinearálta a chomhlíonadh i gcomhréir le dlí an Aontais.
(85)Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla náisiúnta é a chur de cheangal ar sholáthar seirbhíse sonraí i mbanda speictrim raidió ar leith go gcomhlíonfar cuspóirí a shainítear go soiléir, amhail sábháilteacht beatha, sábháilteacht phoiblí agus slándáil, an gá atá le comhtháthú sóisialta, réigiúnach agus críochach a chur chun cinn, nó úsáid neamhéifeachtúil an speictrim raidió a sheachaint. Ba cheart a áireamh leis na cuspóirí sin cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán, de réir mar atá sainithe ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais. Seachas i gcás inar gá chun sábháilteacht beatha, sábháilteacht phoiblí agus slándáil a chosaint, níor cheart úsáid eisiach a bheith ag seirbhísí áirithe de thoradh eisceachtaí, ach ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun gur féidir, a mhéid is féidir, seirbhísí nó teicneolaíochtaí eile a bheith ann i gcomhthráth leo sa bhanda speictrim raidió céanna. Is faoi inniúlacht na mBallstát atá sé raon feidhme agus cineál aon eisceachta maidir le cur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán a shainiú.
(86)I gcásanna ina gcinnfidh údaráis inniúla náisiúnta, mar eisceacht, teorainn a chur leis an tsaoirse líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar bunaithe ar fhorais beartais phoiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí, ba cheart dóibh cúiseanna a thabhairt leis an teorainn sin.
(87)Braitheann réimsí beartais difriúla de chuid an Aontais ar speictream raidió, amhail beartais um chumarsáid leictreonach, taighde, forbairt theicneolaíoch agus an spás, iompar, fuinneamh, an comhbheartas slándála agus cosanta, agus beartais chlosamhairc agus chultúrtha. Ba cheart é a bheith indéanta treonna agus cuspóirí beartais a leagan síos maidir le hinfhaighteacht agus úsáid éifeachtúil an speictrim raidió i gcás inar gá sin chun an margadh inmheánach a iomlánú sna réimsí beartais sin de chuid an Aontais. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún na bearta riachtanacha uile a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh speictream raidió leordhóthanach ar fáil chun nascacht uileláithreach ardcháilíochta a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí uile an Aontais, lena n‑áirítear nuair atá siad ag taisteal nó nuair atá siad i limistéir thuaithe, iargúlta nó amach ón gcósta. Ba cheart dóibh infhaighteacht speictrim raidió a áirithiú agus speictream raidió a chosaint chun cláir an Aontais a bhaineann leis an spás a chur chun feidhme, go háirithe ar mhaithe le faire na cruinne agus an spáis, loingseoireacht agus suí satailíte, agus cumarsáid satailíte shlán athléimneach le haghaidh úsáideoirí rialtais, agus le haghaidh an iompair agus córais bainistithe iompair, agus gníomhaíochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta. I bhfianaise thábhacht na mbeartas sin do gheilleagar agus do shochaí an Aontais, ba cheart é a bheith d’aidhm acu freisin speictream raidió leordhóthanach a áirithiú le haghaidh seirbhísí léirithe closamhairc agus inneachair, agus gníomhaíochtaí taighde agus eolaíocha chomh maith.
(88)Maidir leis na treonna agus na cuspóirí beartais sin a leagtar síos leis an gclár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió, a leagtar síos le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE, cé go bhfuil siad fós bailí, tá gníomhaíochtaí an chláir tugtha i gcrích den chuid is mó nó tá siad as dáta. Chun dúbláil a sheachaint agus comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na cuspóirí ón gClár Beartais ilbhliantúil um an Speictream Raidió (‘RSPP’) a léiriú sa Rialachán seo agus ba cheart Cinneadh Uimh. 243/2012/AE a aisghairm.
(89)D’fhonn beartais shonracha an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme, ar beartais iad a bhraitheann ar speictream raidió, tá sé fíor-riachtanach a riachtanais speictrim raidió de a shainaithint go tráthúil. Ós rud é, chun intuarthacht rialála a mhéadú, gur cheart na riachtanais bheachta ó thaobh an speictrim raidió de agus an uair a bheidh sé ar fáil a bheith ar eolas agus na beartais sin á bhforbairt nó á nglacadh, ba cheart don Choimisiún mionsonraí comhchuibhithe na mbandaí sonracha lena mbaineann agus na rialacha comhordaithe maidir lena n‑infhaighteacht agus lena n‑úsáid a shonrú le haghaidh gach cás i ndoiciméad straitéiseach a ghlacfar tar éis dul i gcomhairle le CBSR. Ba cheart straitéis de chuid an Aontais um an speictream raidió a ghlacadh tar éis gach Comhdháil Radachumarsáide Dhomhanda de chuid an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide chun trédhearcacht a sholáthar, inter alia, maidir leis an gcaoi a ndéanfar cinntí difriúla de chuid na Comhdhála sin a ionchorprú i ndlíchóras an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an straitéis um an speictream raidió trédhearcacht na gníomhaíochta a bhaineann le speictream raidió a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus intuarthacht a fheabhsú d’údaráis inniúla dhifriúla agus do ghníomhaithe margaidh difriúla.
(90)I straitéis an Aontais um an speictream raidió, d’fhéadfaí treochláir oibríochtúla a chuimsiú maidir leis an speictream raidió, lena saineofaí garspriocanna agus sprioc-amanna sonracha maidir le hinfhaighteacht agus údarú an speictrim raidió, ar garspriocanna agus sprioc-amanna iad atá le leagan síos trí ghníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún nuair is eol na himthosca sonracha agus na riachtanais shonracha maidir le speictream raidió. Nuair a bheidh straitéis agus treochláir an Aontais um an speictream raidió á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún cuspóirí beartais an Aontais a chur san áireamh, amhail an gá le huathriail straitéiseach an Aontais a choimirciú, lena n‑áirítear comhriachtanais slándála agus chosanta, spriocanna nascachta na Deacáide Digití, go háirithe i gcás 5G agus líonraí ardfhorbartha gan sreang, iomlánú an mhargaidh aonair chomh maith leis an ngá le ceanglais theicneolaíocha nó cháilíochta shonracha maidir le seirbhísí trasteorann a chomhlíonadh. Go háirithe, i straitéis den sórt sin de chuid an Aontais um an speictream, ba cheart speictream (codanna de speictream/bandaí) a shainaithint ar cheart do na Ballstáit é nó iad a chur ar fáil faoi nósanna imeachta agus coinníollacha comhchuibhithe chun freastal ar chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais. Ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh freisin gur earra poiblí é speictream raidió a bhfuil luach tábhachtach sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch aige, ar cheart é a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil. Le straitéis agus treochláir an Aontais um an speictream raidió, ba cheart comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le speictream raidió a urramú, lena n‑áirítear trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint, agus ba cheart prionsabail na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de agus úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a chur chun cinn, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta. Chun go ndéanfaidh straitéis agus treochláir an Aontais um an speictream raidió difríocht, ba cheart próiseas a bhunú laistigh de CBSR a chuirfidh ar a gcumas do na húdaráis inniúla náisiúnta, in éineacht leis an gCoimisiún, faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme sna Ballstáit agus taithí, dea-chleachtais agus faisnéis a mhalartú. Ina theannta sin, ba cheart sineirgí a fhiosrú le sásra faireacháin na Deacáide Digití agus an tSeimeastair Eorpaigh.
(91)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé, ó thaobh iomaíochas an Aontais de, cumarsáid leathanbhanda gan sreang den chéad ghlúin eile (6G) a thabhairt isteach go tráthúil, lena n‑áirítear a heilimintí neamh-thrastíre, ba cheart díriú air sin sa chéad straitéis agus treochlár de chuid an Aontais um an speictream raidió. Mar sin féin, ba cheart riachtanais speictrim raidió a bhaineann le beartais eile de chuid an Aontais a chuimsiú sa straitéis freisin, de réir mar a thagann siad chun cinn, agus ba cheart í a bheith iomlánaíoch, agus ní hamháin gur cheart freastal ar úsáid na gceadúnas léi, ach ba cheart freastal ar an úsáid neamhcheadúnaithe freisin, amhail, mar shampla, i gcás Líonraí Achair Logánta Gan Sreang (‘RLAN’).
(92)Chun leas a bhaint as tairbhe iomlán an chomhchuibhithe faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, ba cheart úsáid na mbandaí speictrim raidió comhchuibhithe a cheadú ar bhealach tráthúil agus sioncronaithe ar fud an Aontais. D’fhonn úsáid banda speictrim raidió a cheadú, ní mór speictream raidió a shannadh faoi chóras údaraithe ghinearálta nó faoi chearta úsáide aonair ionas go gceadófar an speictream raidió a úsáid a luaithe a bheidh an próiseas sannta críochnaithe. Chun bandaí speictrim raidió a shannadh, d’fhéadfadh sé gur ghá banda arna shealbhú ag úsáideoirí eile a scaoileadh agus na húsáideoirí sin a chúiteamh as na costais dhíreacha a bhaineann le hascnamh nó le hath-leithdháileadh an speictrim de réir an dlí náisiúnta. Mar sin féin, saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhordú trasteorann atá fós gan réiteach, leis an ascnamh teicniúil casta ina leith siúd a bhaineann úsáid as banda cheana, le cuspóir an leasa ghinearálta, le slándáil agus cosaint náisiúnta a choimirciú nó le force majeure, d’fhéadfaidís difear a dhéanamh maidir le sprioc-am coiteann a chur chun feidhme i mBallstát ar leith. In aon chás, ba cheart d’údaráis inniúla gach beart is gá a dhéanamh chun aon mhoill a laghdú maidir leis an gcumhdach geografach, maidir leis an tráthúlacht agus maidir le raon an speictrim raidió. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta, ag brath ar imthosca ábhartha, a iarraidh ar an Aontas tacaíocht dhlíthiúil, pholaitiúil agus theicniúil a sholáthar chun saincheisteanna maidir le comhordú speictrim raidió le tíortha comharsanachta a réiteach, lena n‑áirítear tíortha is iarrthóirí agus tíortha aontacha.
(93)Agus teicneolaíochtaí agus seirbhísí nua gan sreang á bhforbairt go tapa, lena n‑áirítear na teicneolaíochtaí agus na seirbhísí a bhaineann úsáid as cumais nua-aimseartha, amhail an intleacht shaorga, ba cheart bainistiú speictrim raidió an Aontais a bheith níos sofhreagrúla agus níos réamhghníomhaí. Maidir leis sin, tá sé tábhachtach an deis a thabhairt do nuálaithe agus d’úsáideoirí ionchasacha eile an próiseas comhchuibhithe a thionscnamh ar leibhéal an Aontais, má léirítear gur gá, inter alia, teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach nó deireadh a chur le seanteicneolaíochtaí a fhágann go bhfuil úsáid an speictrim raidió neamhéifeachtúil nó go ndéanann sí dochar do thomhaltóirí.Ba cheart, dá bhrí sin, próiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a chruthú um chomhdú foirmiúil iarrataí ar chomhchuibhiú speictrim ón gCoimisiún agus um athbhreithniú foirmiúil orthu. Ba cheart comhairliúchán poiblí a chuimsiú sa phróiseas, rud a chuideoidh leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le tús a chur le próiseas nua, agus má dhéantar amhlaidh, cén raon feidhme a bheidh i gceist. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le tús a chur le nuashonrú nó forbairt beartais a bhaineann leis an speictream raidió, le tacaíocht ó CBSR, nó forbairt coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla comhchuibhithe a thionscnamh maidir le banda speictrim raidió ar leith a úsáid, in éineacht leis an gCoiste um an Speictream Raidió de bhun Chinneadh Uimh. 676/2002/CE. Ba cheart foirm, inneachar agus leibhéal na mionsonraí atá le tabhairt sna hiarrataí a sholáthar i dtreoirlínte, chomh maith le mionsonraí an phróisis chun na hiarrataí a láimhseáil agus, i gcás inarb ábhartha, aon sprioc-am is infheidhme.
(94)Le húdaruithe ginearálta maidir le húsáid speictrim raidió, is féidir an úsáid speictrim raidió is éifeachtaí a éascú agus nuálaíocht a chothú i gcásanna áirithe agus cothaítear an iomaíocht leo freisin, ach d’fhéadfadh sé gurb é an córas údaraithe is iomchuí i gcásanna eile, i bhfianaise imthosca sonracha áirithe, cearta aonair ar úsáid speictrim raidió a bheith ann. Mar shampla, ba cheart breathnú ar chearta úsáide aonair i gcás ina bhfágtar le dea-saintréithe forleathantais an speictrim raidió nó leis an leibhéal cumhachta tarchurtha nach féidir aird a thabhairt, mar gheall ar an gcáilíocht seirbhíse atá riachtanach, ar na hábhair imní trasnaíochta le húdaruithe ginearálta. Le bearta teicniúla, amhail réitigh chun feabhas a chur ar athléimneacht glacadóra, is féidir úsáid údaruithe ginearálta nó comhroinnt speictrim raidió a éascú, agus d’fhéadfaí, leis na bearta sin, an leas córasach a bhaintear as prionsabail um neamhthrasnaíocht agus um neamhchosaint a sheachaint. Is féidir údaruithe ginearálta a chomhcheangal le cearta úsáide aonair. D’fhéadfadh sé sin a bheith úsáideach go háirithe i gcás bandaí nach bhfuil saintréithe maithe forleathantais acu, amhail na tonnbhandaí milliméadair. Mar shampla, féadfar banda a shannadh faoi chearta úsáide aonair i limistéir uirbeacha, ach cuirtear ar fáil é faoi údarú ginearálta i limistéir thuaithe. Chun cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn san Aontas, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh lena n‑ainmneofar an córas údaraithe is iomchuí maidir le húsáid speictrim raidió i mbanda speictrim raidió comhchuibhithe ar leith, nó i gcodanna de.
(95)Go ginearálta, is faoi na húdaráis inniúla atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcóras údaraithe is iomchuí a bheidh le cur i bhfeidhm i mbanda speictrim raidió ar leith nó i gcodanna de. I gcás ina bhfuil baol ann go mbeidh réitigh éagsúla ann a d’fhéadfadh an margadh inmheánach a ilroinnt, go háirithe i gcás ina leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le banda speictrim raidió faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, agus ar an gcaoi sin, go bhféadfaí moill a chur ar leathadh amach na gcóras gan sreang, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh, agus tuairim CBSR á cur san áireamh aige, maidir le réitigh choiteanna, agus aitheantas á thabhairt do na bearta comhchuibhithe teicniúla atá i bhfeidhm. Is é is aidhm do chinntí mar sin bosca coiteann uirlisí a chur ar fáil d’údaráis inniúla, ar cheart dóibh é a chur san áireamh nuair atá córais údaraithe chomhsheasmhacha iomchuí á sainaithint acu a bheidh le cur i bhfeidhm ar bhanda, nó ar chuid de bhanda, ag brath ar thosca amhail dlús daonra, ar shaintréithe forleathantais na mbandaí, ar an éagsúlacht idir úsáid uirbeach agus úsáid tuaithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le seirbhísí atá ann cheana a chosaint agus ar an tionchar, dá bharr sin, ar bharainneachtaí scála sa mhonaraíocht.
(96)Chun forbairt ardseirbhísí ar scála níos mó a éascú, úsáid níos éifeachtúla an speictrim raidió a chumasú, agus an costas a bhaineann le himscaradh líonraí gan sreang a laghdú, ba cheart cead a bheith ag úsáideoirí ionchasacha speictrim raidió le haghaidh líonraí poiblí nó neamhphoiblí a iarraidh, a mhéid is féidir, go mbeidh feidhm ag na coinníollacha údarúcháin céanna sna Ballstáit ina n‑úsáideann siad speictream raidió dá líonraí. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar le chéile, agus le CBSR, chun coinníollacha údarúcháin coiteanna a fhorbairt. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún freisin úsáid na gcoinníollacha sin a dhéanamh ceangailteach. Is é is aidhm do chomhchuibhiú na gcoinníollacha údarúcháin soláthar trasteorann na seirbhísí agus barainneachtaí scála a éascú.
(97)Chun soláthar líonraí agus seirbhísí uile-Eorpacha ardcháilíochta a chur chun cinn nó chun leas a bhaint as barainneachtaí scála, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún cuid de speictream raidió a údarú ar leibhéal an Aontais. Bíonn sé níos costasaí gach glúin nua de líonraí móibíleacha a imscaradh i gcomparáid leis an nglúin roimhe sin. Dá bhrí sin, níl sé indéanta go heacnamaíoch do na hoibreoirí líonraí móibíleacha uile atá gníomhach i margadh an Aontais faoi láthair a líonraí a uasghrádú go 6G. Dá bhrí sin, arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart do CBSR, ina thuairim maidir le coinníollacha údarúcháin coiteanna, measúnú a dhéanamh ar an deis speictream raidió a dhámhachtain ar leibhéal an Aontais agus nós imeachta iomchuí um údarú agus coinníollacha dámhachtana iomchuí a mholadh, amhail a bheith ag oibriú de réir samhail mhórdhíola, mar shampla. D’fhéadfadh an riachtanas céanna teacht chun cinn freisin chun méadú a dhéanamh ar an méid speictrim raidió a úsáidtear le haghaidh seirbhísí satailíte soghluaiste, trí athrú cuspóra a dhéanamh ar speictream raidió trastíre. Chun soláthar seirbhísí uile-Eorpacha a áirithiú, ba cheart speictream raidió, ar a bhfuil athrú cuspóra den sórt sin déanta, a dhámhachtain agus a údarú ar leibhéal an Aontais freisin. Trí na coinníollacha údarúcháin céanna a leagan síos ar leibhéal an Aontais agus, arna iarraidh sin, trí choinníollacha údarúcháin agus dámhachtana coiteanna de chuid an Aontais a leagan síos ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí imscaradh agus forbairt líonraí agus seirbhísí ardcháilíochta a éascú, amhail seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthraítear trí úsáid a bhaint as speictream raidió a leithdháiltear le haghaidh seirbhísí trastíre nó líonraí 6G.
(98)Chun maorlathas a laghdú agus dlús a chur leis an rochtain ar speictream raidió, ar speictream é ar comhchuibhíodh na coinníollacha údarúcháin ina leith i níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart a bheith in ann nós imeachta a bhunú chun deonú na gceart úsáide aonair a éascú, arna dhéanamh ag níos mó ná aon údarás rialála náisiúnta amháin ar bhealach comhordaithe agus ag suíomh aonair i bhfoirm ‘nós imeachta um ionad ilfhreastail’. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann bealaí a mholadh d’údaráis inniúla chun déileáil le hiarrataí den sórt sin trí mheáin ionaid ilfhreastail.
(99)I gcás inar comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais go sannfaí speictream raidió go comhchuibhithe do ghnóthais ar leith, ba cheart do na Ballstáit na comhaontuithe sin a chur chun feidhme go dian agus na cearta úsáide ar speictream raidió á ndeonú acu ón bPlean um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta.
(100)Le cearta úsáide speictrim raidió a bhfuil ré sách fada ag dul leo méadófar intuarthacht infheistíochta agus cuirfear le leathadh amach níos tapa líonraí agus seirbhísí níos fearr, chomh maith le cobhsaíocht chun tacú le trádáil agus léasú speictrim raidió. Níor leordhóthanach ré íosta na gceart úsáide do leathanbhanda gan sreang, a leagtar síos le Treoir (AE) 2018/1972, chun infheistíochtaí leordhóthanacha a mhealladh, chun leanúnachas gnó agus amúchadh fiontar móibíleach a chur san áireamh, i gcomparáid le teicneolaíochtaí cumarsáide eile, agus chun spreagadh a thabhairt go ndéanfar líonraí agus ardseirbhísí agus seirbhísí trasteorann a imscaradh ar bhealach níos uaillmhianaí.
(101)Dá bhrí sin, is fearr is féidir intuarthacht ó thaobh na hinfheistíochta de a bhaint amach trí chearta a sholáthar lena mbaineann ré éiginnte, ar cheart an deis a bheith ag údaráis inniúla náisiúnta iad a chur faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla, agus roghanna cúlghairme inchreidte á riar ag na húdaráis inniúla, lena n‑áirítear na húdaráis iomaíochta náisiúnta. An tráth céanna, leis an ré éiginnte sin, éascaítear forbairt margaidh thánaistigh fheidhmiúil chun speictream raidió a thrádáil agus a léasú. Maidir leis an riosca go gcuirfeadh ré éiginnte maidir le cearta úsáide cosc ar an iontráil sa mhargadh agus go laghdódh sé iomaíocht, infhaighteacht, cáilíocht na seirbhísí agus dreasachtaí infheistíochta, ba cheart aghaidh a thabhairt air sin, áfach, trí choimircí rialála láidre inchreidte lena gcosnaítear iomaíocht agus lena gcuirtear cosc ar chnapaireacht speictrim raidió, amhail oibleagáidí chun rochtain mhórdhíola a sholáthar nó comhroinnt an speictrim raidió a chumasú faoi réir chomhlíonadh dhlí na hiomaíochta. Trí choinníollacha údarúcháin iomchuí a roghnú - amhail coinníollacha ‘úsáid é nó comhroinn é’ nó ‘úsáid é nó caill é’ agus oibleagáidí maidir le leathadh amach - agus trí na coinníollacha sin a fhorfheidhmiú, tá na húdaráis inniúla náisiúnta in ann a áirithiú nach bhfágfar speictream raidió díomhaoin nó blocáilte agus go gcuirfear ar fáil d’iomaitheoirí níos éifeachtúla nó níos nuálaí é. I bhfianaise a thábhachtaí atá an nuálaíocht theicniúil, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le cearta speictream raidió a úsáid chun críoch turgnamhach, lena n‑áirítear i dtionscadail taighde eolaíoch agus i dturgnaimh a dhéantar le linn shaolré na dtionscadal arna gcistiú faoi raon feidhme chláir an Aontais, faoi réir srianta agus coinníollacha sonracha, lena n‑áirítear an ré, a bhfuil dianbhonn cirt leo mar gheall ar chineál turgnamhach na gceart sin.
(102)Ós rud é go mbraitheann pleanáil infheistíochta fadtéarmaí ar ráthaíochtaí le haghaidh athnuachaintí na gceart úsáide ar an mbealach céanna le ré na gceart úsáide, ba cheart an athnuachan a bheith uathoibríoch i bprionsabal, ach amháin má tá cúiseanna láidre ina choinne. Ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla náisiúnta gan na cearta úsáide a athnuachan nó iad a athnuachan ar feadh tréimhse níos giorra nó faoi choinníollacha athraithe. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe maidir le diúltú nó le hathrú bunaithe ar chritéir ar cheart ciall shriantach a bhaint astu chun ráthaíochtaí leordhóthanacha agus intuarthacht leordhóthanach a sholáthar. D’fhéadfadh diúltú na hathnuachana a bheith bunaithe ar chuspóirí maidir le beartais phoiblí faoi dhlí an Aontais, agus ar chuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, lena n‑áirítear riachtanais chosanta agus slándála. Aon chinneadh gan athnuachan a dhéanamh, ba cheart é a bheith faoi réir nós imeachta oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus ba cheart fógra a thabhairt ina leith faoin nós imeachta um an margadh aonair speictrim. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ionchais dhlisteanacha shealbhóirí na gceart a urramú, ba cheart an fhéidearthacht go ndiúltófar athnuachan a mheas laistigh de thréimhse iomchuí, sula rachaidh na cearta lena mbaineann in éag, ar tréimhse 5 bliana ar a laghad a bheadh i gceist.
(103)Ba cheart athbhreithniú ar na táillí bliantúla agus aonuaire maidir le húsáid an speictrim raidió a bheith ag gabháil le hathnuachaintí, chun a áirithiú go leanfar den úsáid is fearr is féidir a chur chun cinn leis na táillí sin, agus forbairtí margaidh agus éabhlóid theicneolaíoch, inter alia, á gcur san áireamh. Ba cheart athbhreithniú den sórt sin a bheith bunaithe ar luach na gceart úsáide de thoradh an nós imeachta iomaíoch nó chomparáidigh is déanaí um shannadh, arna choigeartú chun costas na dtéarmaí agus na gcoinníollacha breise a ghabhann leis na cearta a léiriú, amhail ceanglais maidir le cumhdach nó cáilíocht seirbhíse. Na hioncaim in aghaidh an naisc, chomh maith leis an ualach foriomlán atá ar shealbhóirí na gceart óna sealúchais speictrim raidió uile, ba cheart iad sin a chur san áireamh freisin, chun nach leanfaidh praghsanna an-ard, a íocadh i gceantanna roimhe seo, de bheith ina ró-ualach ar shealbhóirí na gceart agus chun cosc a chur orthu infheistíocht a dhéanamh i líonraí. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart aon choigeartú ar na táillí atá ann cheana a bheith bunaithe ar na prionsabail chéanna is infheidhme maidir leis na táillí arna mbunú i gcomhthéacs cearta úsáide nua a dhámhachtain.
(104)Is féidir gur modh éifeachtach é aistriú cearta úsáide speictrim raidió chun úsáid éifeachtúil speictrim raidió a mhéadú. Ar mhaithe le solúbthacht agus le héifeachtúlacht, agus chun gur féidir luacháil a dhéanamh ar speictream raidió tríd an margadh, ba cheart d’údaráis náisiúnta inniúla mar réamhsochrú cead a thabhairt d’úsáideoirí speictrim raidió a gcearta úsáide speictrim a aistriú chuig tríú páirtithe nó iad a léasú leo de réir nós imeachta simplí agus faoi réir na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta sin agus le rialacha iomaíochta, faoi mhaoirseacht na n‑údarás rialála náisiúnta atá freagrach. Maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh sealbhóir an chirt ceart aonair a aistriú nó a léasú, ba cheart iad a shonrú tráth a dheonaítear an ceart sin. Chun na haistrithe nó na léasanna sin a éascú, fad a urramófar na bearta teicniúla cur chun feidhme a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, ba cheart do na Ballstáit iarrataí ar chearta speictrim raidió a dheighilt nó a imdhealú agus iarrataí ar athbhreithniú na gcoinníollacha úsáide a athbhreithniú freisin. An tráth céanna, ba cheart don údarás inniúil náisiúnta a bheith in ann diúltú d’aistriú nó do léasú speictrim raidió ar chúiseanna slándála nó ceannasachta nó mar gheall ar spriocanna poiblí/beartais eile, lena n‑áirítear iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn nó a choinneáil ar bun, nó in éagmais ráthaíochtaí leordhóthanacha go n‑úsáidfear an speictream raidió i gcomhréir leis na coinníollacha údarúcháin nó le haghaidh na húsáide atá beartaithe.
(105)Fágann coincheapa nua maidir le comhroinnt an speictrim raidió go bhfuil gá le sonraí cruinne fíor-ama maidir le sealbhú minicíochta chun úsáid éifeachtúil an speictrim raidió agus seachaint na trasnaíochta a áirithiú. D’fhéadfadh bunachar sonraí dinimiciúil, atá dírithe ar bhandaí minicíochta sonracha, cuidiú le speictream raidió tearcúsáidte a shainaithint agus tacú le cleachtais níos éifeachtúla maidir le húsáid agus comhroinnt speictrim raidió, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta. D’fhéadfadh fardal dinimiciúil den sórt sin rannchuidiú freisin le haon treochlár oibríochtúil um an speictream raidió a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
(106)I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, níor cheart d’údaráis inniúla náisiúnta aon mhuirear ná aon táille a fhorchur i ndáil le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo. I gcás ina mbraitheann soláthar na cumarsáide leictreonaí ar acmhainní poiblí, a bhfuil a n‑úsáid faoi réir údarú sonrach, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann táillí a fhorchur chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní sin. Ba cheart luach na gceart úsáide a léiriú sna táillí agus aird á tabhairt inter alia ar staid eacnamaíoch agus theicniúil an mhargaidh lena mbaineann agus ba cheart iad a leagan síos ar bhealach lena n‑áirithítear go sannfar agus go n‑úsáidfear an speictream raidió go héifeachtúil.Ba cheart a bheith in ann, mar shampla, na táillí sin a úsáid chun gníomhaíochtaí na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil náisiúnta eile a mhaoiniú, ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a chumhdach le muirir riaracháin.I gcás nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó comparáideacha ina bhfuil táillí ar chearta úsáide maidir le speictream raidió comhdhéanta, go hiomlán nó go páirteach, de mhéid aonuaire, ba cheart a áirithiú le socruithe íocaíochta nach mbeidh de thoradh ar na táillí sin sa chleachtas roghnú ar bhonn critéar nach mbaineann leis an gcuspóir go n‑áiritheofaí go mbainfí an úsáid is fearr as speictream raidió.
(107)Tá difríochtaí nach beag idir na Ballstáit maidir leis an modheolaíocht chun leibhéal na dtáillí speictrim raidió san Aontas a ríomh. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh an neamhréir sin go mbeadh sé deacair líonraí atá bunaithe ar speictream raidió a sholáthar i mBallstáit iomadúla.Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn tráthrialta, staidéir tagarmhairc a fhoilsiú agus, de réir mar is iomchuí, treoraíocht eile a fhorbairt maidir leis an modheolaíocht chun táillí bliantúla speictrim raidió a ríomh, ar táillí iad a bheidh le forchur ag údaráis náisiúnta inniúla i gcás speictream trastíre. Ba cheart an mhodheolaíocht sin a bheith bunaithe ar na prionsabail maidir le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil an speictrim raidió, trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus comhréireacht i ndáil leis an gcríoch a bheartaítear dóibh, agus leis an modheolaíocht sin ba cheart cead a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta an táille bheacht atá le cur i bhfeidhm a ríomh, ar táille í a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de chuid bhliantúil sheasta (in aghaidh an KHz in aghaidh na catagóire banda) agus de chéatadán den láimhdeachas bliantúil a ghintear trí úsáid na minicíochtaí.Nuair a chinnfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht, beidh taithí BEREC agus na n‑údarás rialála náisiúnta maidir le samhlacha costais oiriúnacha a dhearadh thar a bheith luachmhar agus ba cheart an taithí sin a chur san áireamh.Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a chinntiú go gcumhdaítear an costas a bhaineann leis an speictream raidió a bhainistiú i méid na dtáillí in aon chás.
(108)Is féidir le haon ualach a fhorchuirtear ar ghnóthais a bhaineann le cearta úsáide ar speictream raidió tionchar a imirt ar chinntí maidir le hacmhainní speictrim raidió a lorg agus a chur in úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta praghsanna forchoimeádta a shocrú ar bhealach a fhágfaidh go sannfar na cearta sin go héifeachtúil, gan beann ar an gcineál nós imeachta roghnúcháin a úsáidtear.Féadfaidh an Coimisiún moladh a eisiúint maidir le modheolaíocht choiteann chun praghsanna forchoimeádta a shainiú, agus critéir á gcur san áireamh amhail deischostas an speictrim raidió, saintréithe an bhanda agus na costais a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha údarúcháin arna bhforchur chun cuspóirí beartais a chur chun cinn. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart staid iomaíoch an mhargaidh lena mbaineann a chur san áireamh freisin, lena n‑áirítear na húsáidí malartacha a d’fhéadfaí a bhaint as na hacmhainní. I bprionsabal, níor cheart d’údaráis inniúla náisiúnta praghsanna forchoimeádta a shocrú i gcás ina bhforchuireann siad oibleagáidí maidir le cumhdach nó cáilíocht seirbhíse, ach amháin má tá riosca claonpháirteachais agus/nó rannpháirtíochta neamh-thromchúisí ann a chuirfeadh fad míchuí leis an nós imeachta, etc. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, mura n‑éiríonn leis an moladh torthaí comhsheasmhacha a áirithiú san Aontas agus má chuireann sé sin imscaradh uileláithreach na líonraí ardcháilíochta gan sreang san Aontas i mbaol.
(109)I bhfianaise ardleibhéal costais an speictrim raidió, atá ann de dheasca an spleáchais ar an roghnú de réir ceantanna, bunaithe ar íoc táillí comparáideacha, ba cheart tosaíocht a thabhairt do ghealltanais seachas do tháillí. Ba cheart, dá bhrí sin, a bheith in ann gealltanais arna dtairiscint ag iarratasóirí a chur in ionad táillí, ar gealltanais iad chun bearta a chur chun feidhme dá dtairbheodh imscaradh líonraí agus cáilíocht na cumarsáide gan sreang go díreach.Sa chleachtas, d’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm réamhíocaíochtaí a d’aisíocfaí, nó i bhfoirm ráthaíochtaí bainc a gcuirfí deireadh leo nuair a chomhlíonfaí na gealltanais sin.
(110)Leis an gceanglas chun prionsabail na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de a urramú maidir le cearta úsáide a dheonú, i dteannta na féidearthachta cearta a aistriú idir gnóthais, neartaítear an tsaoirse agus an modh i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar don phobal agus, leis sin, déantar níos éasca é cuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach. Ní dhéanann an Rialachán seo dochar do shannadh speictrim raidió, is cuma cé acu a shanntar é go díreach do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó a shanntar é d’eintitis a úsáideann na líonraí nó na seirbhísí sin. D’fhéadfadh sé gur soláthraithe inneachair craolta raidió nó teilifíse na heintitis sin. In aon chás, ba cheart an fhreagracht maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis an gceart maidir le speictream raidió a úsáid agus na coinníollacha ábhartha a ghabhann leis an údarú ginearálta a bheith ar an ngnóthas ar deonaíodh an ceart úsáide maidir le speictream raidió dó. Le hoibleagáidí áirithe arna bhforchur ar chraoltóirí maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar, d’fhéadfadh sé gur gá critéir shonracha agus nósanna imeachta sonracha a úsáid maidir le cearta úsáide speictrim raidió a dheonú chun cuspóir leasa ghinearálta sonrach arna leagan amach ag na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais a bhaint amach. Ba cheart an nós imeachta maidir leis na cearta sin a dheonú a bheith oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach in aon chás, áfach.
(111)Ceanglaítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhfuil bonn cirt oibiachtúil le haon srian náisiúnta ar na cearta a ráthaítear le hAirteagal 56 CFAE agus comhréireach agus nach bhfuil siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Thairis sin, níor cheart speictream raidió a deonaíodh gan nós imeachta oscailte a úsáid chun aon chríoch seachas an cuspóir leasa ghinearálta ar deonaíodh iad lena aghaidh. Sa chás sin, ba cheart an deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur in iúl laistigh de thréimhse réasúnta.
(112)Mar chuid den nós imeachta iarratais maidir le cearta a dheonú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a fhíorú an mbeidh an t‑iarratasóir in ann na coinníollacha a ghabhfaidh leis na cearta sin a chomhlíonadh. Ba cheart na coinníollacha sin a léiriú sna critéir incháilitheachta arna leagan amach i dtéarmaí oibiachtúla, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha sula seolfar aon nós imeachta roghnúcháin iomaíoch. Chun na critéir sin a chur i bhfeidhm, ba cheart a bheith in ann é a chur de cheangal ar iarratasóirí an fhaisnéis is gá a chur isteach chun a chruthú go bhfuil sé de chumas acu na coinníollacha sin a chomhlíonadh. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis sin, ba cheart don údarás inniúil náisiúnta a bheith in ann diúltú don iarratas ar cheart úsáide speictrim raidió.
(113)Sula ndeonóidh na húdaráis inniúla náisiúnta an ceart, níor cheart dóibh ach na heilimintí a fhíorú ar féidir le hiarratasóir, a bhíonn cúramach de ghnáth, iad a thaispeáint go réasúnta, agus aird chuí á tabhairt ar luach tábhachtach margaidh agus poiblí an speictrim raidió mar acmhainn phoiblí ghann. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar an údarás inniúil náisiúnta comhlíonadh na gcritéar incháilitheachta a fhíorú dá éis sin, mar shampla trí gharspriocanna, i gcás nárbh fhéidir le réasún na critéir a chomhlíonadh ar dtús. Chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a choinneáil, níor cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta cearta a dheonú i gcás ina léirítear san athbhreithniú a dhéanann siad nach féidir leis na hiarratasóirí na coinníollacha a chomhlíonadh, gan dochar don fhéidearthacht úsáid thurgnamhach a bhfuil teorainn ama léi a éascú.
(114)I gcás inar mó an t‑éileamh ar bhanda speictrim raidió ná atá ar fáil agus, mar thoradh air sin, go mbainfidh údarás inniúil náisiúnta de thátal as go bhfuil an líon ceart úsáide ar speictream raidió teoranta, ba cheart feidhm a bheith ag nósanna imeachta iomchuí trédhearcacha maidir le deonú na gceart sin chun aon idirdhealú a sheachaint agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an acmhainn ghann. Ba cheart bonn cirt a bheith leis an teorannú sin agus ba cheart é a bheith comhréireach agus bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar dhálaí an mhargaidh, agus béim chuí á leagan ar na tairbhí iomlána d’úsáideoirí agus ar na cuspóirí náisiúnta agus ar chuspóirí an mhargaidh inmheánaigh. Na cuspóirí lena rialaítear aon nós imeachta um theorannú, ba cheart iad a leagan síos go soiléir roimh ré agus, i gcás inar féidir, ba cheart iad a chainníochtú agus béim chuí á leagan ar an ngá le cuspóirí náisiúnta agus cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh a chomhlíonadh. Agus an nós imeachta roghnúcháin is iomchuí á mheas acu, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcomhréir leis na bearta comhordúcháin arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais, dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile, ar bhealach tráthúil agus trédhearcach, maidir leis an údar leis an nós imeachta, a chuspóirí agus a choinníollacha, inter alia, agus toradh aon mheasúnaithe ghaolmhair ar staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh a lua. Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann, inter alia, nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó comparáideacha a úsáid chun speictream raidió a shannadh, agus staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh, inter alia, á cur san áireamh. Agus na scéimeanna sin á riar acu, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta cuspóirí an Rialacháin seo a chur san áireamh. Má fhaigheann Ballstát gur féidir cearta breise a chur ar fáil i mbanda, ba cheart dó tús a chur leis an bpróiseas ina chomhair sin.
(115)D’ainneoin na tacaíochta a thugtar do shannadh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach speictrim raidió agus d’úsáid éifeachtúil speictrim raidió, i gcás ceantanna - mar chineál nós imeachta roghnúcháin a bhraitheann ar thairiscintí ar phraghsanna iomaíocha - d’fhéadfaí a fhágáil go gcruthófaí ualach airgeadais tábhachtach ar oibreoirí mura ndeartar i gceart iad nó mura léiríonn na coinníollacha dámhachtana an staid sa mhargadh. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do cheantanna lena ndírítear ar an infheistíocht agus ar ghealltanais áirithe a bhaint amach maidir le cáilíocht agus cumhdach, seachas ar íocaíocht táillí.
(116)An Fóram Athbhreithnithe Piaraí deonach a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/1972 mar ionstraim le haghaidh na piarfhoghlama, níor éirigh leis an úsáid a bhaintear as eilimintí de nósanna imeachta roghnúcháin a dhéanamh níos cóineasaithe ná an sainiú a dhéantar ar choinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió, toisc nach piaraí a rinne athbhreithniú ar bhearta náisiúnta ach amháin i gcás thart ar aon trian díobh. Ós rud é go bhfuil tionchar mór ag na heilimintí agus na coinníollacha sin ar dhálaí an mhargaidh agus ar an staid iomaíoch, lena n‑áirítear coinníollacha maidir le hiontráil agus leathnú, ba cheart sásra comhordúcháin ex ante nua – nós imeachta um an margadh aonair speictrim raidió – a bhunú. Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta sin maidir leis na bearta uile a mholann údaráis inniúla náisiúnta d’fhonn nós imeachta roghnúcháin a ghabháil de láimh nó cearta úsáide a leasú nó a athnuachan i ndáil le speictream raidió comhchuibhithe i gcás líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang. Tá sásra ex ante den sórt sin níos éifeachtúla ná idirghabháil ex post, toisc gur féidir leis bearta a bhrath roimh ré nach bhfuil údar maith leo nó atá díréireach. Ba cheart don údarás a thugann fógra míniú a thabhairt go háirithe ar an gcaoi a bhfuil aon bheart múnlaithe margaidh atá beartaithe riachtanach chun iomaíocht éifeachtach a choinneáil ar bun nó a bhaint amach, agus na héifeachtaí a leagan amach is dócha a bheidh ag an mbeart sin ar infheistíochtaí atá ann cheana agus a dhéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh amach anseo, ar bhonn anailís mhargaidh. Má tá rún ag an údarás a thugann fógra ré chinnte a fhorchur maidir le ceart úsáide, ba cheart dó argóintí a chur i láthair maidir leis an gcaoi a bhfuil an ré atá beartaithe leordhóthanach dar leis i bhfianaise na n‑infheistíochtaí lena bhfuil gá chun cuspóirí an nós imeachta um shannadh agus an Rialacháin seo a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann fógra a thabhairt faoi aon fhorchoimeádas a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le dréachtbhearta múnlaithe margaidh, i.e. bearta a bhfuil tionchar acu ar struchtúr nó ar leibhéal na hiomaíochta sa mhargadh, amhail caidhpeanna speictrim raidió, forchoimeádais nó oibleagáidí maidir le rochtain mhórdhíola, agus ba cheart dó na cúiseanna atá leis an amhras a lua sa chás sin. D’fhéadfadh an Coimisiún a mheas go gcruthódh an beart bacainn ar an margadh inmheánach nó d’fhéadfadh an-amhras a bheith air maidir le comhoiriúnacht an bhirt le dlí an Aontais, go háirithe cuspóirí an Rialacháin seo. D’fhéadfadh an Coimisiún fógra a thabhairt freisin faoi aon fhorchoimeádas a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcás ré theoranta, i gcás ina measann sé nach leor an ré sin. Ina mheastóireacht, beidh ar an gCoimisiún cuimhneamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ré na gceart úsáide ar an iomaíocht. Chun a éifeachtacht a áirithiú, ba cheart deis a sholáthar sa phróiseas go bhféadfaidh an Coimisiún ré na gceart úsáide a chrosadh mar aon le bearta múnlaithe margaidh má mheastar gur gá sin. Ba cheart an nós imeachta nua sin maidir leis an margadh aonair speictrim raidió a chur in ionad an Fhóraim Athbhreithnithe Piaraí.
(117)I gcás ina bhfuil fianaise eacnamaíoch láidir ag tacú leo agus ina bhfuil siad dea-dheartha, is féidir ról tábhachtach a bheith ag bearta múnlaithe margaidh agus ag réanna ceadúnais teoranta chun iomaíocht éifeachtach i margaí cumarsáide leictreonaí a choimirciú. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta eile, a bhfuil an t‑eolas eacnamaíoch, teicniúil agus margaidh is gá acu, an cinneadh a dhéanamh faoi bhearta a dhéantar go sonrach chun iomaíocht a chur chun cinn nuair a dhéantar cearta úsáide ar speictream raidió a dheonú nó a athnuachan. Is féidir coinníollacha maidir le sannadh speictrim raidió tionchar a imirt ar an staid iomaíoch i margaí cumarsáide leictreonaí agus ar choinníollacha iontrála. Is féidir rochtain theoranta ar speictream raidió, go háirithe i gcás ina mbeidh speictream raidió gann, bacainn a chur ar iontráil nó bac a chur ar infheistíocht, ar leathadh amach líonra, ar sholáthar seirbhísí nó feidhmchlár nua, ar an nuálaíocht agus ar an iomaíocht. Is féidir cearta úsáide nua, lena n‑áirítear na cearta sin arna bhfáil trí aistriú nó léasú, agus tabhairt isteach critéar solúbtha nua maidir le húsáid speictrim raidió tionchar a imirt freisin ar iomaíocht atá ann cheana. I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm go míchuí iad, d’fhéadfadh éifeachtaí eile a bheith ag coinníollacha áirithe a úsáidtear chun iomaíocht a chur chun cinn. Mar shampla, de dheasca caidhpeanna agus forchoimeádais speictrim raidió, is féidir ganntanas saorga a chruthú, is féidir le hoibleagáidí maidir le rochtain mhórdhíola srian míchuí a chur ar shamhlacha gnó in éagmais cumhacht mhargaidh, agus is féidir bac a chur ar fhorbairt margaí tánaisteacha de dheasca teorainneacha ar aistrithe. Dá bhrí sin, tá gá le triail iomaíochta chomhsheasmhach agus oibiachtúil chun na coinníollacha sin a fhorchur agus ba cheart í a chur i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid na mbeart sin a bheith bunaithe ar mheasúnú críochnúil agus oibiachtúil, arna dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta, ar an margadh agus ar dhálaí iomaíochais an mhargaidh ar bhonn anailís mhargaidh. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú i gcónaí, áfach, agus ba cheart dóibh saobhadh ar an iomaíochas trí chnapaireacht fhrithiomaíoch a sheachaint.
(118)Bearta lena ndéantar idirghabháil i struchtúr an mhargaidh, amhail caidhpeanna nó forchoimeádais speictrim raidió, ní fhéadfar iad a fhorchur ach amháin i gcás nach leormhaith bearta nach bhfuil chomh cunórach céanna, amhail oibleagáidí maidir le rochtain mhórdhíola, chun iomaíocht éifeachtach a ráthú ar an leibhéal miondíola. Sula bhforchuirfear oibleagáidí maidir le rochtain mhórdhíola, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta measúnú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh margaí miondíola iomaíoch go héifeachtach in éagmais idirghabháil mhórdhíola. Ba cheart an measúnú a bheith iomlánaíoch agus ba cheart roinnt paraiméadar a chur san áireamh leis, amhail praghsanna a liostaítear i gcás táirgí tomhaltais agus gnó mórmhargaidh, lacáistí, lena n‑áirítear lacáistí spriocdhírithe, chomh maith le hinfheistíochtaí agus cáilíocht seirbhíse, ach gan bheith teoranta dóibh sin. Nuair a bheidh na cearta úsáide atá faoi réir na n‑oibleagáidí sin á gcinneadh, ba cheart don údarás inniúil náisiúnta an acmhainneacht atá ar fáil chun tacú le tairiscintí mórdhíola a mheas.
(119)Mar gheall ar an méadú ollmhór atá tagtha ar an éileamh ar speictream raidió, agus ar éileamh na n‑úsáideoirí deiridh ar acmhainn leathanbhanda gan sreang, tá gá le réitigh rochtana mhalartacha chomhlántacha atá éifeachtúil ó thaobh speictrim de, lena n‑áirítear córais ísealchumhachta rochtana gan sreang a bhfuil raon oibriúcháin beag acu, amhail líonraí achair logánta raidió (RLANanna) agus líonraí pointí rochtana ceallacha beaga lena mbaineann cumhacht íseal. Leis na córais rochtana chomhlántacha gan sreang sin, go háirithe pointí rochtana RLAN a bhfuil rochtain phoiblí orthu, méadaítear an rochtain atá ag úsáideoirí deiridh ar an idirlíon agus is féidir le hoibreoirí móibíleacha níos mó trácht móibíleach a dhíluchtú. Le RLANanna úsáidtear speictream raidió comhchuibhithe, gan gá le húdarú aonair nó ceart úsáide speictrim raidió. Go dtí seo, is úsáideoirí príobháideacha a úsáideann formhór na bpointí rochtana RLAN mar shíneadh logánta gan sreang ar a gceangal leathanbhanda fosaithe. Níor cheart cosc a bheith ar úsáideoirí deiridh, laistigh de shrianta a síntiúis idirlín féin, rochtain ar a RLAN féin a chomhroinnt le daoine eile, chun an líon pointí rochtana atá ar fáil a mhéadú, go háirithe i gceantair dhlúthdhaonra, chun acmhainn sonraí gan sreang a uasmhéadú trí athúsáid a bhaint as speictream raidió, agus chun bonneagar leathanbhanda comhlántach costéifeachtach gan sreang a chruthú a mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh eile air. Dá bhrí sin, ba cheart srianta nach gá ar imscaradh agus idirnascadh phointí rochtana RLAN a bhaint.
(120)Údaráis phoiblí nó soláthraithe seirbhíse poiblí a úsáideann RLANanna ina n‑áitreabh ar mhaithe lena bpearsanra, a gcuairteoirí nó a gcliaint, mar shampla chun an rochtain ar ríomhsheirbhísí rialtais a éascú nó chun faisnéis a sholáthar faoi iompar poiblí nó faoi bhainistiú tráchta ar bhóithre, ba cheart dóibh rochtain a sholáthar freisin ar na pointí rochtana sin lena n‑úsáid ghinearálta ag saoránaigh mar sheirbhís choimhdeach a ghabhann le seirbhísí a sholáthraíonn siad don phobal ar na háitribh sin, a mhéid a cheadaítear de réir na rialacha iomaíochta agus soláthair phoiblí. Thairis sin, maidir le soláthraí a sholáthraíonn an rochtain logánta sin ar líonraí cumarsáide leictreonaí laistigh de mhaoin phríobháideach nó de limistéar poiblí teoranta nó thart timpeall orthu ar bhonn neamhthráchtála nó mar sheirbhís choimhdeach de chuid gníomhaíochta eile nach mbraitheann ar an rochtain sin amhail baill theo RLAN a chuirtear ar fáil do chustaiméirí gníomhaíochtaí tráchtála eile nó don phobal i gcoitinne sa limistéar sin, is féidir é a bheith faoi réir údaruithe ginearálta i gcás cearta úsáide ar speictream raidió a chomhlíonadh ach níor cheart é a bheith faoi réir aon choinníollacha ná aon cheanglas a ghabhann le húdaruithe ginearálta is infheidhme maidir le soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí ná oibleagáidí maidir le húsáideoirí deiridh nó idirnascadh. Ba cheart an soláthraí sin, áfach, a bheith fós faoi réir na rialacha dliteanais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá teicneolaíochtaí eile, amhail cumarsáid solais infheicthe, ag teacht chun cinn agus comhlánóidh siad cumais speictrim raidió reatha RLANanna agus pointí rochtana gan sreang sa chaoi go n‑áireofar leo pointí rochtana solasbhunaithe infheicthe go hoptúil agus is é a bheidh de thoradh air sin líonraí achair logánta hibrideacha lenar féidir cumarsáid optúil gan sreang a dhéanamh.
(121)Ós rud é go bhféadfaidh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag aige, amhail mionchealla, picichealla, meitrichealla nó micrichealla, a bheith an-bheag agus go bhféadfaidh siad úsáid a bhaint as trealamh neamhshonraíoch atá cosúil le trealamh ródairí RLAN baile, nach gá aon chead ina leith thar a bhfuil riachtanach maidir le húsáid speictrim raidió, agus é á chur san áireamh go mbíonn tionchar dearfach ag pointí rochtana ar úsáid speictrim raidió agus ar fhorbairt na cumarsáide gan sreang, ba cheart aon srian ar a n‑imscaradh a bheith teoranta a mhéid is féidir. Mar thoradh air sin, chun imscaradh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a éascú, agus gan dochar d’aon cheanglas is infheidhme a bhaineann le bainistiú speictrim raidió, níor cheart d’údaráis inniúla náisiúnta, i bprionsabal, aon chead aonair a chur faoi réir imscaradh gaireas den sórt sin i bhfoirgnimh nach bhfuil cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó mar gheall ar a luach ailtireachta nó staire, cé is moite de chásanna a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí. Chun na críche sin, ba cheart na saintréithe a ghabhann leo, amhail uasmhéid, meáchan agus saintréithe astaíochta, a shonrú ar leibhéal an Aontais ar bhealach comhréireach le haghaidh imscaradh áitiúil agus chun ardleibhéal cosanta a áirithiú don tsláinte phoiblí. Le haghaidh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a oibriú, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 7 de Threoir 2014/53/AE. Tá an méid sin gan dochar do chearta maoine príobháidí a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta. Ba cheart cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le hiarratais ar cheadúnais a mheas agus ba cheart é a bheith gan dochar d’aon chomhaontú tráchtála agus ba cheart aon chostas riaracháin a bhaineann leis a theorannú do na costais riaracháin a bhaineann leis an iarratas a phróiseáil. Ba cheart an próiseas maidir le measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar cheadúnas a bheith chomh tapa agus is féidir, agus i bprionsabal ní mhairfeadh sé tráth nach faide ná 4 mhí.
(122)I gcás foirgnimh phoiblí agus bonneagar poiblí eile a dtugtar cuairt orthu agus a úsáidtear go laethúil, tá líon nach beag úsáideoirí deiridh ann a dhéanann amhlaidh agus a bhfuil nascacht de dhíth orthu chun Seirbhísí Poiblí Digiteacha, Iompar Digiteach agus seirbhísí eile a úsáid. I gcás bonneagar poiblí eile, amhail lampaí sráide agus soilse tráchta, is suíomhanna an-luachmhar iad chun mionchealla a imscaradh, mar gheall ar a ndlús, mar shampla. Gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh údaráis inniúla náisiúnta imscaradh na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a chur faoi réir ceadanna aonair roimh ré, ba cheart an ceart rochtana a bheith ag oibreoirí ar na suíomhanna poiblí sin chun freastal leordhóthanach a dhéanamh ar an éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú go gcuirfear na foirgnimh phoiblí sin agus bonneagar poiblí eile ar fáil faoi choinníollacha réasúnta chun mionchealla a imscaradh d’fhonn Rialachán (AE) 2024/1309 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlánú agus gan dochar do na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán sin. Le Rialachán (AE) 2024/1309, leantar cur chuige feidhmiúil agus ní fhorchuirtear oibleagáidí rochtana ar bhonneagar fisiceach ach amháin nuair is cuid de líonra é agus má tá sé faoi úinéireacht oibreora líonra nó má tá sé in úsáid aige, rud a fhágann go bhfuil a lán foirgneamh atá faoi úinéireacht údarás poiblí nó atá in úsáid acu lasmuigh dá raon feidhme. Os a choinne sin, níl gá le hoibleagáid shonrach i gcás bonneagar fisiceach, amhail duchtanna nó cuaillí, a úsáidtear i gcás córais chliste iompair, atá faoi úinéireacht oibreoirí líonra (soláthraithe seirbhísí iompair nó soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí), agus a óstálann codanna de líonra, rud a fhágann go bhfuil siad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1309.
(123)Ba cheart Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a bhaineann le feidhm an Choiste um an Speictream Raidió a leasú. Chun slándáil agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú, ba cheart sásra a bhunú lena bhféadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit saincheisteanna a phlé agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcomhsheasamh gan baint a bheith ag tríú tíortha ná ag páirtithe leasmhara leis. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún é a chur de cheangal ar na Ballstáit comhsheasaimh a leagan síos, sa Choiste um an Speictream Raidió, a bhaineann le bearta cur chun feidhme teicniúla áirithe a fhorbairt, ar bearta iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil nó do cheannasacht theicneolaíoch an Aontais nó a Bhallstát, roimh na pléití ag Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT).
(124)Tá ról ríthábhachtach ag cumarsáid satailíte maidir le slándáil, athléimneacht agus uathriail straitéiseach an Aontais a áirithiú. Mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíoch a rinneadh le déanaí, dinimic an mhargaidh atá ag teacht chun cinn, dúshláin gheopholaitiúla, agus ábhair imní ó thaobh na hiomaíochta de a bhaineann le líonraí satailíte, tá gá le gníomhaíocht fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais. Tá rochtain ar an margadh uile‑Eorpach á lorg ag oibreoirí satailíte níos mó agus níos mó, agus tá méadú ag teacht ar an mbrú atá ar rialálaithe creataí rialála iomchuí a bhunú atá ailínithe le beartais agus cuspóirí an Aontais. I dtaobh na rialacha maidir le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide satailíte, agus úsáid an speictrim satailíte, is gá iad a shimpliú agus a chomhdhlúthú, cruthú seirbhísí agus líonraí trasteorann a éascú, agus bearnaí rialála a chosc sna coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar mhargaí satailíte an Aontais.
(125)Sa tuairim uaidh an 16 Meitheamh 2021 maidir leis an gClár um Beartas Speictrim Raidió, chuir RSPG i dtábhacht gur cheart tacú le córais satailíte nuálacha a fhorbairt leis an mbeartas speictrim, lena n‑áiritheofaí nascacht faoi rialú an Aontais agus go soláthrófaí seirbhísí satailíte rialtais a bheadh iontaofa, athléimneach agus costéifeachtach. Dá bhrí sin, tá gá le creat neartaithe de chuid an Aontais chun go mbeidh an tAontas ina ghníomhaí tábhachtach i dtionscal domhanda an spáis, chun bonn láidir a sholáthar ar mhaithe le bonneagair satailíte uile-Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú, agus chun a áirithiú go bhforfheidhmeofar coimircí slándála agus iomaíochta go héifeachtach. Thairis sin, ba cheart an creat sin a bheith fíor-riachtanach chun an Straitéis um Aontas na hUllmhachta, a glacadh an 26 Márta 2025, a chur chun feidhme, ina leagtar béim inter alia ar an ngá atá le critéir íosta ullmhachta a fhorbairt le haghaidh seirbhísí fíor-riachtanacha amhail seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun athléimneacht na bhfeidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a áirithiú, agus chun dé-úsáid trí dhearadh a chur chun cinn, agus cumarsáid agus nascacht shlán á bhforbairt ar fud an Aontais.
(126)I gcomhréir le hAirteagal 216(1) CFAE, tá inniúlacht sheachtrach ag an Aontas agus féadfaidh sé comhaontuithe a thabhairt i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás dá bhforáiltear amhlaidh sna Conarthaí nó i gcás inar gá sin chun cuspóirí bheartais an Aontais a bhaint amach. Maidir le bainistiú an speictrim raidió agus úsáid na radaimhinicíochtaí, lena n‑áirítear i gcás cumarsáid satailíte, is réimsí iad a rialaítear den chuid is mó le reachtaíocht an Aontais a glacadh ar bhonn Airteagal 114 CFAE, go háirithe Treoir (AE) 2019/1872 agus Cinneadh Uimh. 676/2002/CE. Tá an úsáid a bhaineann satailítí as an speictream raidió de chineál idirnáisiúnta ó nádúr, ós rud é go rialaítear í le sásraí comhordúcháin domhanda san Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáideagus go gcumasaíonn sí soláthar seirbhísí trasteorann ar fud tíortha éagsúla. An tráth céanna, tá an speictream raidió satailíte ina shócmhainn chriticiúil do mhargaí cumarsáide domhanda, rud a imríonn tionchar ar an iomaíochas, ar an infheistíocht agus ar an infhaighteacht chun seirbhísí nuálacha a sholáthar ar fud an Aontais. I bhfianaise na ngnéithe sin a bhaineann le cúrsaí idirnáisiúnta agus leis an margadh araon, tá cur chuige comhleanúnach réamhbhreathnaitheach ón Aontas riachtanach chun úsáid éifeachtúil an speictrim raidió satailíte, comhordú éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh aonair inmheánaigh a áirithiú.
(127)Ceann de na próisis bhunúsacha chun oibríocht atá saor ó thrasnaíocht a áirithiú is ea líonraí satailíte a chomhordú sula seolfar iad. I gcomhréir le Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU), ba cheart don riarachán a bhfuil córas satailíte nua á chomhdú aige comhordú leis na córais uile a seoladh nó a comhdaíodh cheana féin a bhféadfadh an córas satailíte nua difear a dhéanamh dóibh agus paraiméadair a choigeartú, chun nach mbeidh sé ina chúis le trasnaíocht dhíobhálach ar na córais sin. Chun trédhearcacht a fheabhsú laistigh den Aontas maidir le comhduithe agus clárúcháin a dhéanamh le ITU, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta an Coimisiún agus údaráis inniúla náisiúnta eile in CBSR a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin. Ina theannta sin, ba cheart sásra a chur ar bun chun a áirithiú go bhféadfaidh riarachán tacaíocht a lorg ó údaráis inniúla náisiúnta eile agus ón Aontas chun comhordú ITU a dhéanamh go háirithe i gcás ina mbeadh baol ann go ndéanfaí difear do leas agus do bheartais an Aontais.
(128)Le comhchuibhiú agus bainistiú an speictrim raidió i gcás úsáid satailíte ar an leibhéal idirnáisiúnta trí ITU, níl sé d’éifeacht aige sin go comhchuibhítear nósanna imeachta náisiúnta um údarú chun seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar agus chun speictream gaolmhar a úsáid. Tá na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme lena rialaítear líonraí satailíte agus seirbhísí cumarsáide satailíte fós ilroinnte ó Bhallstát go chéile, rud a chuireann bac ar oibreoirí satailíte san Aontas an scála riachtanach a bhaint amach chun seirbhísí nascachta trasteorann nó uile-Eorpacha a sholáthar. Tá na seirbhísí sin ag éirí níos fíor-riachtanaí chun limistéir nach ndéantar freastal ceart orthu agus limistéir iargúlta a nascadh, chun athléimneacht a neartú, agus chun tacú le teicneolaíochtaí nua a imscaradh. Chun na dúshláin sin a shárú, ba cheart soláthar líonraí agus seirbhísí satailíte a bheith faoi réir údarú ginearálta ar leibhéal an Aontais, faoi choinníollacha arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis na Ballstáit. I bhfianaise éagsúlacht na líonraí agus na seirbhísí satailíte, ba cheart na coinníollacha údarúcháin sin a fhorbairt ar bhealach níos fearr trí ghníomhartha cur chun feidhme, agus i ndlúthchomhar le CBSR, i bhfianaise thaithí ollmhór na n‑údarás náisiúnta speictrim um údarú satailíte. Dá dtabharfaí fógra don Choimisiún faoi údarú ginearálta den sórt sin, thabharfaí na cearta céanna do ghnóthas ar fud an Aontais gan gá le fógra ar leithligh a thabhairt i mBallstáit aonair.
(129)Ba cheart creat comhchuibhithe agus láraithe de chuid an Aontais a bhunú chun úsáid speictrim satailíte a údarú, agus ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta ó na Ballstáit tacú lena chur chun feidhme. Le creat den sórt sin, lena ndeonaítear cearta úsáide ar leibhéal an Aontais faoi choinníollacha coiteanna, d’fheabhsófaí an deimhneacht dhlíthiúil, laghdófaí an ilroinnt, agus neartófaí uathriail straitéiseach, slándáil agus ceannasacht an Aontais i gcumarsáid satailíte, agus chomhlánófaí cuspóirí Ghníomh an Aontais um Spás agus na Físe do Gheilleagar Spáis an Aontais an tráth céanna. Le húdarú satailíte ar leibhéal an Aontais, trí nós imeachta lena mbaineann an Coimisiún agus CBSR, dá dtugtar tacaíocht ó OLD, sna céimeanna uile ó leithdháileadh, ceadúnú go forfheidhmiú, laghdófaí an t‑ualach riaracháin, d’fheabhsófaí an trédhearcacht maidir le rochtain ar an margadh, agus d’áiritheofaí bainistiú comhsheasmhach ghanntanas an speictrim raidió agus na trasnaíochta air. Dhéanfaí sláine an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú leis, seirbhísí slána agus iomaíocha a chur chun cinn, agus beartais speictrim raidió a ailíniú le cuspóirí straitéiseacha an Aontais, agus ar an gcaoi sin thacófaí le cumarsáid satailíte atá slán, inscálaithe agus lena mbaineann uathriail straitéiseach.
(130)Ba cheart speictream a úsáidtear le haghaidh líonraí agus seirbhísí satailíte a bheith faoi réir údarú Aontais arna dheonú ag an gCoimisiún le cúnamh ó CBSR. Ba cheart Tábla Eorpach um Leithdháileadh Minicíochtaí Satailíte a ghlacadh chun trédhearcacht a sholáthar d’oibreoirí satailíte maidir leis an speictream a bhféadfar rochtain a fháil air i gcás seirbhísí satailíte sonracha. Cé go bhféadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcás bandaí speictrim satailíte áirithe, go mbeifear in ann rochtain a fháil orthu faoi údarú ginearálta, amhail i gcás Idirlíon na Rudaí Nithiúla, i gcás bandaí eile, ba cheart tús áite a thabhairt do chearta úsáide aonair, i bhfianaise an riachtanais trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus cáilíocht seirbhíse, athléimneacht líonra agus slándáil cumarsáide a áirithiú.
(131)Ina theannta sin, chun soláthar líonraí agus seirbhísí satailíte uile-Eorpacha a chumasú, ba cheart na coinníollacha údarúcháin maidir le húsáid speictrim satailíte a bheith mar an gcéanna ar fud an Aontais. Leis na coinníollacha údarúcháin sin, ba cheart a ráthú go háirithe go n‑urramófar na rialacha is infheidhme i Rialacháin Raidió ITU maidir le comhordú satailíte agus go seachnófar trasnaíocht dhíobhálach chomh maith le comhordú le córais satailíte eile, ar córais iad atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, rud lena mbaineann tábhacht ar leith do na córais satailíte atá ann cheana agus atá beartaithe faoi chláir an Aontais. Leis na coinníollacha údarúcháin maidir le soláthar líonraí nó seirbhísí satailíte, ba cheart féachaint chuige freisin go mbeidh siad comhleanúnach leis an nGníomh um Chibearshlándáil, atá le teacht in ionad Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(132)Ós rud é go bhféadfaí formhór an speictrim satailíte a chomhroinnt go héifeachtúil idir soláthraithe difriúla, dheonófaí tromlach na n‑údaruithe Aontais ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Go dtí seo, níor roghnaíodh ach sealbhóirí an chirt chun banda 2 GHz a úsáid i gcás sholáthar uile-Eorpach na Seirbhíse Satailíte Soghluaiste (‘MSS’) faoi réir nós imeachta roghnúcháin an Aontais faoi Chinneadh 626/2008/CE. Ós rud é go bhféadfadh speictream satailíte eile a bheith gann amach anseo, ba cheart nós imeachta roghnúcháin iomchuí a leagan síos sa Rialachán chun sealbhóirí ceart úsáide i mbandaí a roghnú in imthosca den sórt sin. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith bunaithe ar an nós imeachta faoi Chinneadh 626/2008/CE, ina leagtar amach nós imeachta roghnúcháin comparáideach. Le nósanna imeachta roghnúcháin comparáideacha, ba cheart díriú ar chumarsáid satailíte nuálach a imscaradh chomh maith le comhtháthú na dteicneolaíochtaí Eorpacha laistigh den éiceachóras spáis nua a chothú. Tá sé sin ríthábhachtach chun cumais thionsclaíocha agus eolaíocha an Aontais a fheabhsú agus chun uathriail straitéiseach agus slabhraí soláthair na hEorpa in earnáil an spáis a neartú. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh nósanna imeachta iomaíocha, amhail ceantanna, a bheith níos iomchuí chun a áirithiú go sannfar speictream do na gnóthais a d’fhéadfadh an úsáid is fearr a bhaint as. I gcásanna den sórt sin, ba cheart a bheith cúramach chun a áirithiú go gcuirfear cuspóirí beartais eile san áireamh go hiomchuí, amhail an gá lena áirithiú go gcumhdófar raon leathan de chríoch an Aontais.
(133)Sa tuairim uaidh an 17 Meitheamh 2025 i ndáil leis an gcur chuige beartais ar leibhéal an Aontais maidir le nascacht satailíte Díreach go Gaireas agus saincheisteanna gaolmhara a bhaineann leis an Margadh Aonair, shainaithin RSPG go raibh gá le sásra coimirce chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit freagairt i dteannta a chéile ar mhaithe le leasanna an Aontais do na cásanna nuair nach gcomhlíonann seirbhísí cumarsáide satailíte ceanglais choiteanna. Go deimhin, cé go bhfuil próiseas seanbhunaithe ann, faoi ITU, chun cásanna trasnaíochta trasteorann idir riaracháin a réiteach go déthaobhach, tá an próiseas sin fada agus níl ráthaíochtaí leordhóthanacha ag gabháil leis chun na trasnaíochtaí a réiteach go héifeachtach agus go tráthúil. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo ba cheart na huirlisí a chinneadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha údarúcháin a leagtar síos sa Rialachán, go háirithe oibleagáidí maidir le comhordú agus maidir le trasnaíocht dhíobhálach ar chríoch an Aontais a chosc. Ina theannta sin, cé gur cheart údarú na líonraí agus na seirbhísí satailíte agus úsáid an speictrim ghaolmhair a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, ba cheart an faireachán ar chomhlíonadh choinníollacha an údaraithe tairbhiú den chomhar idir an Coimisiún agus údaráis inniúla náisiúnta, a bhfuil dlínse, acmhainneacht agus saineolas acu chun comhlíontacht a sheiceáil agus chun saincheisteanna maidir le trasnaíocht dhíobhálach a bhrath.
(134)D’fhonn faireachán comhordaithe ar údaruithe Aontais agus a bhforfheidhmiú comhordaithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, agus tuairim CBSR á cur san áireamh aige, socruithe mionsonraithe a ghlacadh ina leagtar amach na módúlachtaí maidir le forfheidhmiú. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur freisin i leith sárú ar choinníollacha údarúcháin nó ar fhorálacha eile an Teidil maidir leis an speictream raidió satailíte a úsáid. Ba cheart a chur san áireamh sna fíneálacha sin tromchúis agus ré an tsáraithe agus, i gcás inarb é sárú ar rialacha náisiúnta atá i gceist, aon phionós atá curtha i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta cheana féin. Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann an Coimisiún a chur ar a airdeall faoi aon sárú ar choinníollacha údarúcháin nó ar fhorálacha an Teidil maidir leis an speictream raidió satailíte a úsáid. Chun comhlíontacht a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit lánéifeacht a thabhairt ina gcríoch don chinneadh lena bhforchuirtear bearta ceartaitheacha nó smachtbhannaí, lena n‑áirítear, ar deireadh, cosc a chur ar ghnóthas líonraí nó seirbhísí satailíte a sholáthar san Aontas. I gcásanna den sórt sin, áfach, i gcás Ballstáit, a gcuirfí isteach go mór ar a nascacht mar gheall ar ghníomhaíocht oibreora satailíte a chur ar fionraí nó scor di, ba cheart don Bhallstát sin a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm an bhirt chomhordaithe sin ar a chríoch náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse in-athnuaite suas le 6 mhí.
(135)De thoradh forbairtí teicneolaíocha, tá líonraí trastíre agus neamh-thrastíre á gcomhtháthú de réir a chéile in ailtireacht chumarsáide aontaithe, ina gcomhcheanglaítear bonneagar ar talamh le comhpháirteanna neamh-thrastíre, go háirithe buíonta satailítí Domhanfhithise Ísle (‘LEO’), rud a áirithíonn nascacht uileláithreach, athléimneach agus ardfheidhmíochta ar scála domhanda. Leis an iomaíocht dhomhanda le haghaidh caighdeánú agus rochtain ar speictream satailíte le haghaidh teicneolaíochtaí móibíleacha den chéad ghlúin eile, léirítear tábhacht straitéiseach an speictrim mar acmhainn chriticiúil. Tá gá le forálacha dlíthiúla sonracha sa réimse sin chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí sin go héifeachtach, trí na rialacha lena rialaítear bainistiú an speictrim satailíte a neartú chun é a chur ar a chumas don Aontas a uathriail straitéiseach a áirithiú i leith líonraí slána athléimneacha trastíre agus neamh-thrastíre 5G agus 6G a imscaradh. An tráth céanna, mar gheall ar ghanntanas an Speictrim Satailíte Shoghluaiste, tá méadú ag teacht ar an ngá atá le speictream a chomhroinnt idir úsáideoirí trastíre agus neamh-thrastíre. Ba cheart an chomhroinnt sin a dhéanamh ar bhealach nach gcuireann soláthar na seirbhísí trastíre i mbaol. Chun leanúnachas neamhiallaithe na n‑úsáidí agus na bhfeidhmeanna atá ann faoi láthair a choimirciú, ba cheart a ráthú leis an Rialachán seo nach féidir úsáid chomhroinnte, idir córais trastíre agus satailíte, a bhaint as an speictream ach amháin nuair atá a chomhaontú tugtha ag príomhshealbhóir an chirt úsáide trastíre agus an úsáid sin faoina fhreagracht. I gcomhthéacs seirbhísí cumarsáide satailíte agus móibíleacha comhtháite arna gcumasú le teicneolaíochtaí 6G, tá teorainneacha traidisiúnta idir líonraí trastíre agus satailíte ag éirí doiléir. Dá bhrí sin, tá gá le creat rialála comhordaithe réamhbhreathnaitheach chun ilroinnt an mhargaidh agus trasnaíocht speictream a chosc, go háirithe i mbandaí minicíochta a mbainfidh oibreoirí trastíre móibíleacha agus satailíte araon úsáid chomhpháirteach astu.
(136)I bhfianaise chur chun feidhme na mbeartas sonrach de chuid an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar beartais iad a bhraitheann ar acmhainní uimhrithe, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar riachtanais maidir le seirbhísí atá ann faoi láthair agus seirbhísí nuálacha a shainaithint go tráthúil. De thoradh fhorbairt mhargadh inmheánach an Aontais, tá méadú ag teacht ar imscaradh na seirbhísí trasteorann a bhraitheann ar acmhainní uimhrithe go minic. Chun go mbeidh rath ar na seirbhísí sin agus go mbeidh na tairbhí sochaíocha agus an fás eacnamaíoch lena bhfuil coinne ann mar gheall orthu, ba cheart comhsheasmhacht agus intuarthacht rialála a áirithiú maidir le hacmhainní uimhrithe a phleanáil, a leithdháileadh agus a bhainistiú san Aontas. Ba cheart don Choimisiún straitéis réamhbhreathnaitheach um uimhriú a sholáthar, agus é ag brath ar ionchur na bpáirtithe leasmhara uile agus aird chuí á tabhairt ar thuairim BEREC, ar straitéis í a bheadh ina bunús le plean uimhrithe an Aontais.
(137)Dá mbeadh acmhainní uimhrithe uile-Eorpacha ar fáil, bheifí in ann an úsáid a bhaineann soláthraithe seirbhísí trasteorann nó uile-Eorpacha as acmhainní uimhrithe a dhéanamh comhsheasmhach agus í a shimpliú. Ba cheart don Choimisiún, agus é ag brath ar thacaíocht ó na Ballstáit, a bheith in ann bearta a dhéanamh, lena n‑áirítear trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, chun plean uimhrithe an Aontais a ghlacadh, chun go mbeifear in ann iarratas a dhéanamh ar raonta uimhrithe chuig an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide agus chun na coinníollacha a leagan síos a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an gceart acmhainní uimhrithe a úsáid ó phlean uimhrithe an Aontais, lena n‑áirítear na táillí ar chearta úsáide d’acmhainní den sórt sin agus an fhéidearthacht táillí den sórt sin a aistriú chuig OLD. Cé gur cheart d’údaráis rialála náisiúnta na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha a shannadh, toisc gurb iad is fearr atá in ann a áirithiú go bhforfheidhmeofar na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide aonair, ba cheart do OLD, i gcomhar le húdaráis rialála náisiúnta, agus faoi mhaoirseacht BEREC, bunachar sonraí cothrom le dáta de na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha a choinneáil ar bun chun go mbeidh forléargas láraithe aige ar na hacmhainní atá ar fáil.
(138)Ach uimhreacha comhchuibhithe a bheith ar fáil ar fud an Aontais, bheifí in ann seirbhísí uile-Eorpacha a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe seirbhísí meaisín le meaisín, agus d’áiritheofaí go mbeadh aon tacar coinníollacha amháin ann a bheadh le comhlíonadh ag na soláthraithe seirbhíse sin, ach na hacmhainní uimhrithe sin a bheith á mbainistiú ag údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le OLD. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit tacú leis an gCoimisiún raonta acmhainní uimhrithe a fháil ó ITU, lena n‑áirítear trí iarratas a dhéanamh ar raonta uimhrithe sonracha den sórt sin thar a gceann. I gcás inar gá acmhainní uimhrithe san Aontas a chomhchuibhiú chun tacú le seirbhísí uile-Eorpacha nó seirbhísí trasteorann a fhorbairt, go háirithe seirbhísí nua meaisín le meaisínbhunaithe amhail gluaisteáin nasctha, agus i gcás ina bhfágfadh bainistiú na n‑acmhainní sin ar bhealach láraithe ag údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le OLD go bhféadfadh nósanna imeachta um leithdháileadh a bheith níos simplí agus níos trédhearcaí le haghaidh soláthraithe seirbhíse, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.
(139)Chun tacú go héifeachtach le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine laistigh den Aontas, ba cheart a bheith in ann acmhainní áirithe uimhrithe náisiúnta a úsáid, go háirithe roinnt uimhreacha neamhgheografacha, ar bhealach seach-chríochach, is é sin lasmuigh de chríoch Bhallstát an tsannta. I bhfianaise go bhfuil baol mór calaoise ann maidir le cumarsáid idirphearsanta, níor cheart an úsáid sheach-chríochach sin a cheadú ach chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta. Ba cheart do na Ballstáit forfheidhmiú dlíthe náisiúnta ábhartha, go háirithe rialacha cosanta tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe a áirithiú neamhspleách ar an áit inar deonaíodh na cearta úsáide agus ina n‑úsáidtear acmhainní uimhrithe laistigh den Aontas.
(140)Níl smacht ar na hacmhainní uimhrithe sin ag údaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin ina n‑úsáidtear acmhainní uimhrithe ó Bhallstát eile. Maidir le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit a dheonaíonn cearta úsáide seach-chríochaí, ba cheart dóibh a áirithiú freisin go mbeidh cosaint éifeachtach ag úsáideoirí deiridh sna Ballstáit ina n‑úsáidtear na huimhreacha sin. Chun cosaint éifeachtach a bhaint amach, i gcás na n‑údarás rialála náisiúnta a dheonaíonn cearta úsáide seach-chríochaí, ba cheart dóibh coinníollacha a leagan síos maidir leis na rialacha cosanta tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe sna Ballstáit sin ina n‑úsáidfear na hacmhainní uimhrithe a bheith á n‑urramú ag an soláthraí.
(141)Maidir le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin ina n‑úsáidtear acmhainní uimhrithe, ba cheart dóibh a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar na húdaráis rialála náisiúnta a dheonaigh na cearta úsáide do na hacmhainní uimhrithe, d’fhonn tacú lena rialacha náisiúnta a fhorfheidhmiú. Ba cheart pionóis athchomhairleacha a áireamh leis na bearta forfheidhmiúcháin a dhéanfadh na húdaráis rialála náisiúnta a dheonaigh na cearta úsáide, go háirithe i gcás sárú tromchúiseach ar an gceart úsáide seach-chríochaí a tharraingt siar maidir leis na hacmhainní uimhrithe arna sannadh don ghnóthas lena mbaineann. Ba cheart na ceanglais maidir le húsáid sheach-chríochach a bheith gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta an rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí a bhlocáil i gcás ina mbeidh údar leis sin ar chúiseanna calaoise nó mí-úsáide. Ba cheart úsáid sheach-chríochach acmhainní uimhrithe a bheith gan dochar do rialacha an Aontais maidir le soláthar seirbhísí fánaíochta, lena n‑áirítear na rialacha sin a bhaineann le húsáid aimhrialta nó le mí-úsáid a bhaint as seirbhísí fánaíochta atá faoi réir rialáil praghsanna miondíola agus a bhaineann tairbhe as rátaí rialáilte fánaíochta mórdhíola. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann comhaontuithe sonracha a dhéanamh maidir le húsáid sheach-chríochach acmhainní uimhrithe le tríú tíortha.
(142)Tá rochtain ar acmhainní uimhrithe ar bhonn critéir thrédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha riachtanach ionas go rachaidh gnóthais san iomaíocht san earnáil cumarsáide leictreonaí. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith ina ann cearta a bhronnadh ar ghnóthais d’úsáid acmhainní uimhrithe, ar gnóthais iad seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i bhfianaise go bhfuil ábharthacht na n‑uimhreacha sin ag dul i méid le haghaidh roinnt seirbhísí in Idirlíon na Rudaí Nithiúla. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta gach eilimint de na pleananna uimhrithe náisiúnta a bhainistiú, lena n‑áirítear pointechóid a úsáidtear le haghaidh seolachán líonra.
(143)Chun an deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara iad féin a chur ar an eolas, ba cheart na cinntí a fhoilsiú maidir le cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe a dheonú. Ba cheart é a bheith indéanta an ceanglas maidir le foilsiú a chomhlíonadh trí na cinntí sin a chur ar fáil go poiblí trí shuíomh gréasáin.
(144)Ba cheart don pháirtí tionscnóra a bheith in ann rochtain a fháil ar na huimhreacha uile a chuimsítear i bpleananna uimhrithe náisiúnta na mBallstát eile agus ar sheirbhísí a úsáideann uimhreacha neamhgheografacha, lena n‑áirítear uimhreacha saorghlao agus ardráta agus acmhainní uimhrithe uile-Eorpacha laistigh den Aontas, ach amháin i gcás inar roghnaigh an páirtí is faighteoir, ar chúiseanna tráchtála, teorainn a chur le rochtain ó limistéir gheografacha áirithe. Ba cheart an páirtí tionscnóra a bheith in ann rochtain a fháil ar uimhreacha ó na hUimhreacha Saorghlao Idirnáisiúnta Uilíocha freisin.
(145)Níor cheart cosc a chur ar rochtain trasteorann ar acmhainní uimhrithe agus ar sheirbhísí gaolmhara, ach amháin i gcásanna ina mbeidh údar maith oibiachtúil leo, amhail, chun comhrac in aghaidh na calaoise nó na mí-úsáide (mar shampla, i dtaca le seirbhísí ardráta áirithe), nuair a shaineofar uimhir mar uimhir nach bhfuil ach raon feidhme náisiúnta amháin aici (mar shampla, gearrchód náisiúnta) nó nuair nach mbeidh sin indéanta go heacnamaíoch. Ar bhonn na hanailíse cás ar chás ar na rioscaí a bhaineann le patrún úsáide áirithe, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag údaráis rialála náisiúnta an rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí a bhlocáil, lena n‑áirítear ar bhealach coisctheach, i gcás ina bhfuil údar leis sin ar chúiseanna calaoise nó mí-úsáide. Ní gá go mbeidh na taraifí arna ngearradh ar pháirtithe a ghlaonn ó áiteanna lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann mar an gcéanna leis na taraifí a ghearrtar ar pháirtithe a ghlaonn ó laistigh den Bhallstát sin. Ba cheart úsáideoirí a chur ar an eolas go hiomlán roimh ré ar bhealach soiléir maidir le haon mhuirear is infheidhme maidir le huimhreacha saorghlao, amhail muirir do ghlao idirnáisiúnta le haghaidh uimhreacha atá inrochtana trí chóid dhiailithe chaighdeánacha idirnáisiúnta. I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ioncam ábhartha ó idirnascadh nó ó sheirbhísí eile a choimeád siar de dheasca calaoise nó mí-úsáide, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí ioncaim ó na seirbhísí a choinnítear a aisíoc, nuair is féidir, leis na húsáideoirí deiridh a ndéanann an chalaois nó an mhí-úsáid ábhartha difear dóibh.
(146)Tá nascacht ardluais ardcháilíochta fíor-riachtanach le haghaidh chomhtháthú shochaí an Aontais agus iomaíochas gheilleagar an Aontais. Is iad líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile na modhanna is sláine i bhfad na haimsire chun nascacht fhosaithe shlán, iontaofa agus fuinneamhéifeachtúil a sholáthar, ar líonraí iad a bheidh in ann cuspóirí an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach agus leis an aeráid a bhaint amach, agus costais chothabhála agus oibriúcháin ar oibreoirí á laghdú an tráth céanna.
(147)Chun dlús a chur leis an aistriú chuig snáithín optúil, go háirithe líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile a imscaradh agus méadú a dhéanamh ar ghlacadh na seirbhísí a sholáthraítear thar na líonraí sin, is gá múchadh na líonraí copair leagáide a phleanáil agus a chur chun feidhme ar bhealach ordúil tráthúil. Chuige sin, ba cheart creat struchtúrtha a bhunú chun aistriú ó líonraí copair go líonraí snáithín optúil de réir a chéile agus go comhréireach. Ba cheart úsáid na líonraí copair ar mhaithe leis an leas ginearálta a rialáil, gan dochar d’úinéireacht na sócmhainní líonra, ar cheart í sin a bheith faoi rialú an dlí náisiúnta fós.
(148)Ba cheart prionsabail na hintuarthachta, na trédhearcachta agus na comhréireachta a urramú leis an múchadh copair. Is gá, dá bhrí sin, coinníollacha oibiachtúla, céimeanna nós imeachta agus coimircí lena rialaítear an múchadh copair a leagan síos, agus foráil á déanamh maidir le heisceachtaí comhréireacha an tráth céanna. In éineacht le hidirthréimhse sách fada, cosnaítear leasanna na n‑úsáideoirí deiridh leis na bearta sin, feabhsaítear deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gnólachtaí agus seachnaítear saobhadh iomaíochta. Is leordhóthanach an idirthréimhse sin chun go mbeidh oibreoirí líonraí copair in ann an múchadh copair a eagrú, ullmhú lena aghaidh agus é a thabhairt i gcrích. Leis an tréimhse sin, i gcás ina measann oibreoirí líonraí copair go bhfuil údar eacnamaíoch agus tráchtála leis, ba cheart dóibh a bheith in ann na líonraí atá acu cheana a uasghrádú go líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile nó na líonraí sin a imscaradh. Ina theannta sin, fágann an sprioc-am 1 bhliain amháin ón ngníomh dlí ceangailteach, lena dtugtar sainordú maidir leis an múchadh copair, go mbeidh am leordhóthanach ag na hoibreoirí líonraí copair chun tús an mhúchta copair a phleanáil agus na céimeanna riachtanacha uile roimh an tús sin a chur chun feidhme.
(149)Chun tacú leis an múchadh copair a ullmhú ar bhealach comhleanúnach agus éifeachtúil, tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit sin ina bhfuil seirbhísí coparbhunaithe fós i bhfeidhm tar éis an 30 Meitheamh 2029. Tá ról lárnach ag na Ballstáit sin chun aistriú tapa agus ordúil chuig snáithín optúil a bhaint amach chun tairbhe do na húsáideoirí deiridh. Ba cheart do gach Ballstát den sórt sin plean náisiúnta um aistriú chuig snáithín optúil a tharraingt suas ina leagfar amach a straitéis maidir leis an aistriú chuig líonraí snáithín optúil. Leis an bplean sin, ba cheart tuairisc a thabhairt ar chumhdach líonra i gcás na dteicneolaíochtaí ábhartha, tionscnaimh imscartha a shainaithint agus bearta a shonrú chun tacú le hascnamh tráthúil ordúil ó líonraí copair go snáithín optúil.
(150)Leis na pleananna um aistriú chuig snáithín optúil, ba cheart tacú le spriocanna nascachta na Deacáide Digití a bhaint amach, go háirithe nascacht ghigighiotáin. Chun a áirithiú gur féidir riachtanais infheistíochta le haghaidh an aistrithe chuig líonraí snáithín optúil a shainaithint agus gráinneacht sonraí leordhóthanach i gceist ag céim luath, ba cheart do na Ballstáit na moltaí a díríodh orthu ina dTuarascálacha maidir leis an Deacáid Dhigiteach a chur san áireamh chun na Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (‘CNR’) a ullmhú faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile, agus a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an deacáid dhigiteach a choigeartú dá réir sin. Ba cheart do na Ballstáit a riachtanais athraitheacha a chur san áireamh freisin, go háirithe i bhfianaise an dul chun cinn maidir leis an aistriú chuig líonraí snáithín optúil agus an múchadh copair, san athbhreithniú ar a bPleananna CNR, mar chuid den athbhreithniú meántéarma.
(151)Chun an múchadh copair a phleanáil agus a bhainistiú ar bhealach struchtúrtha trédhearcach, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta limistéir gheografacha shonracha an mhúchta copair (‘limistéir MC’) a shainaithint, agus critéir chomhchuibhithe á n‑úsáid bunaithe ar threoraíocht arna glacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta na limistéir sin a choimeád faoi athbhreithniú i bhfianaise imscaradh líonraí agus forbairtí margaidh.
(152)Is féidir an coinníoll inbhuanaitheachta a bhaineann le cumhdach snáithín optúil a chomhlíonadh gan beann ar cé acu is oibreoirí atá ann faoi láthair a imscarann na líonraí sin nó oibreoirí malartacha. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá seirbhísí nascachta miondíola inacmhainne ar cháilíocht inchomparáide ar fáil d’úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar sheirbhísí coparbhunaithe nó nach bhfuil, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta critéir oibiachtúla thrédhearcacha a chur i bhfeidhm, agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, chomh maith le dálaí áitiúla maidir le himscaradh agus sonraí margaidh ábhartha.
(153)Ba cheart do na Ballstáit díriú ar thús a chur leis an múchadh copair i gcion mór de limistéir MC i bhfad roimh an 31 Nollaig 2035. Chuige sin, ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh, i gcomhréir lena bplean náisiúnta um aistriú chuig snáithín optúil, chun uasmhéadú a dhéanamh ar an líon limistéar MC ina gcomhlíontar na coinníollacha inbhuanaitheachta ag céim luath.
(154)I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha inbhuanaitheachta, ba cheart do na Ballstáit sainordú a thabhairt maidir leis an múchadh copair laistigh de theorainneacha ama sainithe, tar éis d’údaráis rialála náisiúnta na measúnuithe ábhartha a fhoilsiú. Leis an gcur chuige céimnitheach sin, éascaítear an t‑ascnamh ordúil, laghdaítear an éiginnteacht agus tugtar tréimhse leordhóthanach d’oibreoirí agus d’úsáideoirí deiridh iad féin oiriúnú dó.
(155)I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha inbhuanaitheachta i limistéar MC, níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit sainordú a thabhairt maidir leis an múchadh copair sna limistéir sin roimh an 31 Nollaig 2035 agus féadfaidh líonra copair fanacht i mbun seirbhíse. Mar sin féin, faoin 31 Nollaig 2035, ba cheart sainordú a bheith tugtha maidir leis an múchadh copair, go hiondúil, i limistéir uile an mhúchta copair. Is comhartha infheistíochta soiléir é an cuspóir fadtéarmach sin agus, an tráth céanna, cuirtear solúbthacht leordhóthanach ar fáil leis chun freastal ar dhifríochtaí sa dul chun cinn maidir le himscaradh ó Bhallstát agus ó réigiún go chéile.
(156)I gcásanna eisceachtúla, i gcás nach bhfuil imscaradh snáithín optúil inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus nach bhfuil aon réiteach nascachta leormhaith ar fáil atá in ann dul in ionad seirbhísí coparbhunaithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann staonadh ó shainordú a thabhairt maidir leis an múchadh copair. Tá gá leis na heisceachtaí sin chun tionchair dhíréireacha ar úsáideoirí deiridh a sheachaint agus chun leanúnachas seirbhísí fíor-riachtanacha a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, is tagairt iad réitigh nascachta leormhaithe do réitigh atá in ann leanúnachas seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú ar cháilíocht atá inchomparáide leis an gcáilíocht a sholáthraíonn an líonra copair sa limistéar céanna. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta infhaighteacht na réiteach nascachta leormhaith sin a chinneadh ar bhonn critéir oibiachtúla, lena n‑áirítear cáilíocht agus inacmhainneacht, agus dálaí an mhargaidh á gcur san áireamh.
(157)Chun aistriú rianúil a áirithiú agus úsáideoirí deiridh a chosaint, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le coimircí iomchuí roimh an múchadh copair. Ba cheart faisnéis shoiléir thráthúil a chuimsiú sna coimircí sin, chomh maith le bearta chun leanúnachas nó ascnamh seirbhísí criticiúla chuig roghanna malartacha atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de a áirithiú.
(158)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an mhúchta copair agus a áirithiú go gcomhlíonann oibreoirí pleananna, amlínte agus oibleagáidí cumarsáide formheasta maidir leis an múchadh. Ba cheart pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur i gcásanna neamhchomhlíontachta.
(159)Is gá dreasachtaí iomchuí a thabhairt le haghaidh infheistíocht i líonraí gigighiotáin a bheidh ina mbonn taca ag an nuálaíocht i seirbhísí idirlín ar mhórán inneachair agus lena neartófar iomaíochas foriomlán an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, infheistíocht éifeachtach i bhforbairt na líonraí sin a chur chun cinn, fad a chosnaítear an iomaíocht, ós rud é go bhfuil scrogaill agus bacainní ar iontráil ar leibhéal an bhonneagair ann go fóill, agus fad a chuirtear leis an rogha do thomhaltóirí trí intuarthacht agus comhsheasmhacht rialála.
(160)Is fearr an iomaíocht a chothú trí leibhéal infheistíochta, atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, i mbonneagar nua agus i mbonneagar atá ann cheana, le cúnamh ó rialú, i gcás inar gá é, chun roghanna seirbhísí tomhaltóirí agus gnólachtaí a áirithiú. Leibhéal éifeachtúil iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar, is é sin méid na dúblála bonneagair ag ar féidir coinne réasúnta a bheith ag infheisteoirí leis go bhfaighidh siad toradh cothrom.
(161)Ba cheart a áirithiú gur ann do nósanna imeachta maidir le cearta a dheonú chun saoráidí a shuiteáil atá tráthúil, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, chun na dálaí ar mhaithe le hiomaíocht chothrom agus éifeachtach a áirithiú. Maidir le ceadanna arna n‑eisiúint do sholáthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí lena gceadaítear dóibh rochtain a fháil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, is fachtóirí fíor-riachtanacha iad chun líonraí cumarsáide leictreonaí nó eilimintí líonra nua a bhunú. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé gur constaicí tábhachtacha ar fhorbairt na hiomaíochta iad castacht nach gá agus moill ar na nósanna imeachta maidir le cearta slí a dheonú. Mar thoradh air sin, ba cheart an chaoi a bhfaigheann gnóthais údaraithe cearta slí a shimpliú. Ba cheart do na húdaráis inniúla an chaoi a bhfaightear na cearta slí a chomhordú agus rochtain ar fhaisnéis ábhartha a thabhairt ar a suíomhanna gréasáin.
(162)Is gá cumhachtaí na mBallstát a neartú maidir le sealbhóirí ceart slí chun iontráil nó leathadh amach líonra nua a áirithiú ar bhealach atá cothrom, éifeachtúil agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de, agus atá neamhspleách ar aon oibleagáid atá ar ghnóthas atá ainmnithe ina gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige rochtain ar a líonra cumarsáide leictreonaí a dheonú. Má chuirtear feabhas ar chomhroinnt saoráidí is féidir an costas comhshaoil a bhaineann le himscaradh bhonneagar na cumarsáide leictreonaí a laghdú, tairbhe a dhéanamh don tsláinte phoiblí agus don tslándáil phoiblí, agus cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar na gnóthais a bhfuil leas bainte acu as cearta maidir le saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, na saoráidí nó an mhaoin sin, lena n‑áirítear comhshuíomh fisiceach, a chomhroinnt tar éis tréimhse iomchuí comhairliúcháin phoiblí; le linn na tréimhse sin ba cheart an deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara ar fad a gcuid tuairimí a chur in iúl sna réimsí sonracha inar gá an chomhroinnt sin de thoradh na gcúiseanna leasa ghinearálta sin. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh a bheadh i gcás ina mbeadh an fho-ithir faoi bhrú mór nó inar gá constaic nádúrtha a thrasnú. Ba cheart na húdaráis inniúla go háirithe a bheith in ann comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara, amhail duchtanna, seolphíobáin, crainn, dúnphoill, caibinéid, aeróga, túir agus déantúis tacaíochta eile, foirgnimh nó bealaí isteach chuig foirgnimh, agus comhordú níos fearr oibreacha sibhialta ar inbhuainaitheacht comhshaoil líonraí cumarsáide leictreonaí nó ar fhorais beartais phoiblí eile a fhorchur. Ar an taobh eile, ba cheart gur faoi na húdaráis rialála náisiúnta a bheadh sé na rialacha a bhunú maidir le comhroinnt na gcostas atá ar chomhroinnt na saoráide nó na maoine chun a áirithiú go gcúiteofar go hiomchuí an riosca do na gnóthais lena mbaineann. Mar shampla, i gcomhthéacs siméadrach, ba cheart aon treoraíocht arna heisiúint ag an gCoimisiún nó ag BEREC, de bhun Airteagal 3, Airteagal 5(6) agus Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2024/1309 a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí. I bhfianaise na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2024/1309, ba cheart do na húdaráis inniúla, go háirithe na húdaráis áitiúla, nósanna imeachta comhordaithe iomchuí a bhunú freisin, i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta, maidir le hoibreacha poiblí agus saoráidí poiblí nó maoin phoiblí iomchuí eile, lena n‑áirítear nósanna imeachta a áireamh lena n‑áirithítear go bhfuil faisnéis ag na páirtithe leasmhara a bhaineann le saoráidí poiblí nó maoin phoiblí iomchuí agus le hoibreacha poiblí atá pleanáilte nó ar siúl go fóill, lena dtabharfaí fógra dóibh ar bhealach tráthúil faoi na hoibreacha sin, agus lena n‑éascófaí an chomhroinnt oiread agus is féidir.
(163)I gcás ina gceanglófar ar oibreoirí móibíleacha túir nó crainn a chomhroinnt ar chúiseanna comhshaoil, is é a d’fhéadfadh a bheith de thoradh ar an gcomhroinnt shainordaithe sin go ndéanfaí laghdú ar na huasleibhéil cumhachta tarchurtha a cheadaítear do gach oibreoir ar chúiseanna sláinte poiblí, agus, dá dheasca sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar oibreoirí níos mó suíomhanna tarchurtha a shuiteáil chun cumhdach náisiúnta a áirithiú. Ba cheart d’údaráis inniúla féachaint leis na ceisteanna comhshaoil agus sláinte poiblí atá i gceist a réiteach, agus aird chuí á tabhairt ar chur chuige an réamhchúraim.
(164)Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí maidir le rochtain agus idirnascadh ach amháin maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí. Níor cheart soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nach soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí iad a bheith faoi réir na n‑oibleagáidí sin. Féadfaidh siad, áfach, tairbhiú de rochtain ar líonraí poiblí atá faoi réir coinníollacha arna leagan síos ag na Ballstáit. Mar sin féin, mar mhodh seachadta tráchta ceann go ceann, tá méadú ag teacht ar an méid tráchta a aistríonn soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí, nach soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí iad, chuig soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí i bhfoirm piarála nó idirthurais. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an trácht sin a bheith ina chúis le riachtanais infheistíochta dhíréireacha nó neamh-inbhuanaithe le haghaidh na soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí is faighteoirí. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin i gcomhréir leis na treoirlínte, chun comhar san éiceachóras a éascú, arna nglacadh ag BEREC agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an tsaoráid um idir-réiteach deonach atá beartaithe.
(165)I margadh oscailte agus iomaíoch níor cheart aon srian a bheith ann lena gcuirfí cosc ar ghnóthais caibidlíocht a dhéanamh eatarthu féin faoi shocruithe rochtana agus idirnasctha, go háirithe maidir le comhaontuithe trasteorann, faoi réir rialacha iomaíochta a leagtar síos sa CFAE. I gcomhthéacs margadh fíor-uile-Eorpach atá níos éifeachtúla a bhaint amach ina bhfuil iomaíocht éifeachtach, rogha níos leithne agus níos mó seirbhísí iomaíocha le haghaidh úsáideoirí deiridh, ba cheart do ghnóthais a fhaigheann iarrataí ar rochtain nó ar idirnascadh ó ghnóthais eile atá faoi réir údarú ginearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar don phobal na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích ar bhonn tráchtála agus ba cheart dóibh caibidlíocht a dhéanamh de mheon macánta.
(166)Maidir le margaí ina bhfuil éagsúlachtaí móra fós idir gnóthais ó thaobh cumhacht chaibidlíochta de, agus ina mbraitheann roinnt gnóthas ar bhonneagar a chuireann dream eile ar fáil chun a gcuid seirbhísí a sholáthar, is iomchuí creat rialála a bhunú chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh go héifeachtach. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás ina dteipfidh ar an gcaibidlíocht tráchtála, rochtain agus idirnascadh leordhóthanach chomh maith le hidir-inoibritheacht seirbhísí a bhaint amach chun leas na n‑úsáideoirí deiridh. Go háirithe, ba cheart dóibh idirnascacht ceann go ceann a áirithiú trí oibleagáidí comhréireacha a fhorchur ar ghnóthais atá faoi réir an údaraithe ghinearálta agus lena rialaítear rochtain ar úsáideoirí deiridh. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le modhanna rochtana a rialú an nasc fisiceach chuig an úsáideoir deiridh (bíodh sé fosaithe nó móibíleach) a bheith faoi úinéireacht nó faoi rialú, nó an cumas an uimhir náisiúnta nó na huimhreacha náisiúnta is gá chun rochtain a fháil ar chríochphointe líonra úsáideora deiridh a athrú nó a tharraingt siar. B’amhlaidh an cás, mar shampla, dá gcuirfeadh oibreoirí líonra srian míréasúnta leis an rogha i leith rochtain ar thairseacha agus ar sheirbhísí idirlín d’úsáideoirí deiridh.
(167)I bhfianaise phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú gur féidir le gach gnóthas, is cuma faoina mhéid ná faoina shamhail ghnó, bíodh sé comhtháite go hingearach nó deighilte, idirnascadh de réir téarmaí agus coinníollacha réasúnta, d’fhonn idirnascacht ceann go ceann agus rochtain ar an idirlíon a sholáthar.
(168)Maidir le bearta riaracháin nó dlíthiúla náisiúnta lena nasctar na téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain nó idirnascadh le gníomhaíochtaí an pháirtí atá ag lorg idirnascadh, agus go háirithe le méid a chuid infheistíochta i mbonneagar líonra, agus ní leis na seirbhísí idirnasctha nó rochtana arna soláthar, d’fhéadfadh na bearta sin an margadh a shaobhadh agus d’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, nach mbeidís i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta.
(169)Aon oibreoir líonra a rialaíonn rochtain ar a gcustaiméirí féin, déanann siad amhlaidh ar bhonn uimhreacha nó seoltaí uathúla ó raon uimhrithe nó seolacháin foilsithe. Is gá d’oibreoirí líonra eile a bheith in ann trácht a sheachadadh ar na custaiméirí sin agus, dá bhrí sin, is gá dóibh a bheith in ann idirnascadh go díreach nó go hindíreach le chéile. Is iomchuí, mar sin, cearta agus oibleagáidí a leagan síos maidir le hidirnascadh a chaibidliú.
(170)Is chun tairbhe do na húsáideoirí deiridh an idir-inoibritheacht agus is aidhm thábhachtach í i gcreat rialála an Aontais. Tá an idir-inoibritheacht a spreagadh ar cheann de na cuspóirí a leagtar amach sa chreat sin do na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile. Ba cheart a fhoráil freisin sa chreat gur cheart don Coimisiún liosta caighdeán nó sonraíochtaí a fhoilsiú lena gcumhdófar soláthar seirbhísí, comhéadain theicniúla nó feidhmeanna líonra, mar bhonn chun comhchuibhiú sa chumarsáid leictreonach a spreagadh. Ba cheart do na Ballstáit úsáid caighdeán nó sonraíochtaí foilsithe a spreagadh a mhéid a bhfuil géarghá leis chun idir-inoibritheacht seirbhísí a áirithiú agus chun feabhas a chur ar shaoirse rogha d’úsáideoirí.
(171)Faoi láthair, braitheann nascacht ceann go ceann agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála araon ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a bheith á n‑úsáid ag úsáideoirí deiridh. Dá dtiocfadh méadú ar an úsáid eisiach a bhaineann níos mó úsáideoirí deiridh as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, d’fhéadfadh easpa idir-inoibritheacht leordhóthanach a bheith ann idir seirbhísí cumarsáide. D’fhéadfadh bacainní móra ar iontráil sa mhargadh agus constaicí ar nuálaíocht bhreise a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh nascacht ceann go ceann éifeachtach idir úsáideoirí deiridh i mbaol mór.
(172)I gcás ina dtiocfaidh na saincheisteanna idir-inoibritheachta sin chun cinn, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tuarascáil BEREC a iarraidh a mbeadh measúnú fíorasach inti ar staid an mhargaidh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Agus aird á tabhairt ar an tuarascáil BEREC agus ar an bhfianaise eile atá ar fáil agus na héifeachtaí ar an margadh inmheánach á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an gá idirghabháil rialála, lena n‑áirítear ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá le hidirghabháil rialála den sórt sin ar leibhéal an Aontais nó gur cheart do na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile é a chur san áireamh, ba cheart é a bheith de chumhacht aige gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear cineál agus raon feidhme na n‑idirghabhálacha rialála a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena n‑áirítear ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag na húdaráis inniúla eile, lena n‑áirítear go háirithe oibleagáidí ar údaráis agus ar sholáthraithe faisnéis ábhartha a fhoilsiú agus úsáid, modhnú agus athdháileadh na faisnéise sin a cheadú agus bearta eile chun úsáid éigeantach caighdeán nó sonraíochtaí a fhorchur ar na soláthraithe uile nó ar sholáthraithe sonracha.
(173)Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh, i bhfianaise na n‑imthosca náisiúnta sonracha, an gá aon idirghabháil a dhéanamh, agus an bhfuil bonn cirt léi sin, chun nascacht ceann go ceann a áirithiú, agus más amhlaidh atá, ba cheart dóibh oibleagáidí comhréireacha a fhorchur i gcomhréir le gníomhartha cur chun feidhme an Choimisiúin ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, a bhfuil leibhéal suntasach cumhdaigh agus líon suntasach úsáideoirí acu. Soláthraithe ag a bhfuil líon teoranta úsáideoirí deiridh nó ag a bhfuil cumhdach geografach teoranta nach gcuirfeadh ach go fánach le baint amach na sprice sin, níor cheart iad a bheith faoi réir oibleagáidí idir-inoibritheachta den sórt sin de ghnáth.
(174)I gcásanna nach mbeidh rochtain ag gnóthais ar roghanna malartacha inmharthana ar shreangú, cáblaí agus saoráidí neamh-inmhacasamhlaithe gaolmhara taobh istigh d’fhoirgnimh nó a fhad leis an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, agus chun torthaí iomaíocha a chur chun cinn d’úsáideoirí deiridh, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdarás rialála náisiúnta oibleagáidí rochtana a fhorchur ar gach gnóthas, cé go bhfuil sé ainmnithe mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta na bacainní teicniúla agus eacnamaíocha ar fad ar mhacasamhlú líonraí sa todhchaí a chur san áireamh. Ós rud é gur féidir le hoibleagáidí den sórt sin a bheith cunórach i gcásanna áirithe, gur féidir leo an bonn a bhaint de na dreasachtaí i gcomhair infheistíochtaí, agus gur féidir leo suíomh na n‑imreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a neartú, níor cheart iad a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leo agus ina bhfuil siad comhréireach le hiomaíocht inbhuanaithe a bhaint amach sna margaí ábhartha. Fiú agus bonneagar amháin den sórt sin ann cheana féin, níor cheart an chiall a bhaint as sin gur léiriú é gur féidir a chuid acmhainní a mhacasamhlú. I gcás inar gá, i gcomhar le hoibleagáidí rochtana den sórt sin, ba cheart do ghnóthais a bheith in ann a bheith ag brath freisin ar na hoibleagáidí chun rochtain ar bhonneagar fisiceach a sholáthar ar bhonn Rialachán (AE) 2024/1309. Aon oibleagáid a fhorchuireann an t‑údarás rialála náisiúnta agus aon chinneadh a ghlacann údaráis inniúla eile faoi Rialachán (AE) 2024/1309 chun rochtain a áirithiú ar bhonneagar fisiceach taobh istigh d’fhoirgnimh nó a fhad leis an gcéad phointe rochtana, ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach.
(175)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann, a mhéid is gá, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun rochtain ar shaoráidí áirithe a sholáthar, mar atá comhéadain feidhmchláir (‘APInna’) agus eolairí leictreonacha clár (‘EPGanna’), chun inrochtaineacht ní hamháin ar sheirbhísí craoltóireachta raidió agus teilifíse digití a áirithiú d’úsáideoirí deiridh ach freisin ar sheirbhísí comhlántacha gaolmhara, lena n‑áirítear seirbhísí a bhaineann le cláir a ceapadh go sonrach chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus ar sheirbhísí teilifíse nasctha a bhaineann le cláir.
(176) Agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta ar an bpointe comhchruinnithe nó dáileacháin a bhfuil sé beartaithe acu rochtain a fhorchur ina leith, tá sé tábhachtach go roghnaíonn siad pointe i gcomhréir le treoirlínte BEREC. Beidh sé níos tairbhiúla ó thaobh na hiomaíochta bonneagair agus leathadh amach na líonraí gigighiotáin de má roghnaítear pointe atá níos gaire d’úsáideoirí deiridh, i gcás inar féidir. D’fhéadfadh údar a bheith leis freisin chun oibleagáidí a fhorchur maidir leis an rochtain ar shreangú agus ar cháblaí thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, i gcás ina léirítear go bhfuil bacainní arda buana fisiceacha nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, rud a fhágann go bhfuil fadhbanna iomaíochta nó clistí margaidh ann ar an leibhéal miondíola chun aimhleasa na n‑úsáideoirí deiridh. Tá gá le hanailís mhargaidh chun measúnú a dhéanamh ar inmhacasamhlaitheacht na n‑eilimintí líonra, ach níor cheart é a chur de cheangal ar an údarás rialála náisiúnta na hoibleagáidí sin a fhorchur. Ar an taobh eile, chun anailís mhargaidh mar sin a dhéanamh is gá measúnú eacnamaíoch leordhóthanach a dhéanamh ar dhálaí margaidh, lena bhunú an gcomhlíontar na critéir is gá chun oibleagáidí a fhorchur thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin. Is mó an seans go dteastófaí oibleagáidí rochtana den sórt sin i limistéir gheografacha nach bhfuil an cás gnó ar son bonneagar malartach a leathadh amach ina chás inmharthana nó lena mbaineann riosca níos mó, mar gheall ar dhlús íseal an daonra, mar shampla. Os a choinne sin, de ghnáth má bhíonn dlús ard teaghlach ann d’fhéadfadh sin a léiriú nach gá oibleagáidí den sórt sin a fhorchur.
(177)Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a mheas an mbeadh an acmhainneacht ag na hoibleagáidí siméadracha sin suíomh na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh acu a neartú. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann rochtain ar eilimintí líonra gníomhacha nó fíorúla a fhorchur, ar comhpháirteanna iad a úsáidtear chun seirbhísí a chur ar fáil i mbonneagar den sórt sin thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, dá mba rud é go mbeadh rochtain ar chomhpháirteanna neamhghníomhacha neamhéifeachtúil go heacnamaíoch nó dodhéanta go fisiceach, agus más rud é go measann an t‑údarás rialála náisiúnta, in éagmais idirghabháil den sórt sin, go rachfaí timpeall ar chuspóir na hoibleagáide rochtana. Chun cleachtas rialála comhsheasmhach ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún é a chur de cheangal ar an údarás rialála náisiúnta a dhréachtbhearta, lena gcuirtear síneadh le hoibleagáidí rochtana thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, a tharraingt siar.
(178)Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, is féidir gurb iomchuí do na húdaráis rialála náisiúnta catagóirí áirithe gnóthas a dhíolmhú ó oibleagáidí a théann thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ar cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a chinneadh, ar an bhforas go bhféadfadh oibleagáid rochtana nach bhfuil bunaithe ar ainmniú gnóthais mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige a gcás gnó a chur i mbaol maidir le heilimintí líonra a imscaradh tamall roimhe sin, go háirithe ag tionscnaimh bheaga áitiúla. Níor cheart gnóthais nach ndéanann ach mórdhíol amháin a bheith faoi réir na n‑oibleagáidí rochtana sin má thairgeann siad rochtain mhalartach éifeachtach ar bhonn tráchtála ar líonra gigighiotáin, ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnta, lena n‑áirítear maidir le praghsanna. Ba cheart é a bheith indéanta an díolúine sin a leathnú chun soláthraithe eile a chumhdach ar na téarmaí céanna. Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine maidir le soláthraithe a fhaigheann cistiú poiblí.
(179)Comhroinnt bonneagair éighníomhaigh a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí gan sreang a sholáthar i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta, is féidir léi a bheith úsáideach go háirithe chun nascacht ghigighiotáin a uasmhéadú ar fud an Aontais, go háirithe i limistéir ina bhfuil an dlús daonra níos ísle agus ina mbeadh macasamhlú dodhéanta agus ina mbeadh baol ann nach mbeadh teacht ag úsáideoirí deiridh ar an nascacht sin. Ba cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta, go heisceachtúil, comhroinnt nó rochtain fánaíochta logánta a fhorchur, i gcomhréir le dlí an Aontais, má bunaíodh an fhéidearthacht sin go soiléir sna coinníollacha bunaidh maidir le cearta úsáide a dheonú agus má léirítear leo go bhfuil na tairbhí a bhaineann le comhroinnt den sórt sin ó thaobh dul i ngleic le bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla dosháraithe agus nach maith nó nach ann in aon chor do rochtain ar líonraí nó ar sheirbhísí, agus ag cur san áireamh roinnt fachtóirí, lena n‑áirítear go háirithe an gá atá le cumhdach feadh na mórbhealaí iompair, le rogha agus le cáilíocht seirbhíse níos fearr d’úsáideoirí deiridh chomh maith leis an ngá na tionscnaimh maidir le leathadh amach bonneagair a choinneáil. I gcásanna nach bhfuil aon rochtain ag úsáideoirí deiridh, agus nach leor bonneagar éighníomhach a chomhroinnt chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann oibleagáidí a fhorchur maidir le comhroinnt an bhonneagair ghníomhaigh. Leis sin, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile i gcónaí an oibleagáid chomhroinnte nó rochtana is iomchuí a roghnú, oibleagáid ar cheart di a bheith comhréireach agus ar cheart údar a bheith léi bunaithe ar chineál na faidhbe a sainaithníodh.
(180)Cé gurb iomchuí d’údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile, i roinnt imthosca, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais cé go bhfuil siad ainmnithe mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu chun cuspóirí amhail nascacht ceann go ceann nó idir-inoibritheacht seirbhísí a bhaint amach, is gá a áirithiú, áfach, go bhforchuirfí na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis an gcreat rialála agus, go háirithe, i gcomhréir le nósanna imeachta is infheidhme um fhógra a thabhairt. Níor cheart oibleagáidí den sórt sin a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil údar leo chun na cuspóirí a bhaint amach, agus i gcás ina bhfuil údar oibiachtúil leo, agus ina bhfuil siad trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha um fhógra a thabhairt.
(181)I gcomhthéacs an aistrithe chuig snáithín optúil, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh nasctha leis na líonraí snáithín optúil atá ar fáil agus a théann thar a n‑áitreabh laistigh de thréimhse ama réasúnta.
(182)Chun nascadh na n‑úsáideoirí deiridh a áirithiú, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta iallach a chur ar aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí nasc, lena ngabhann obair bhreise réasúnta lena dhéanamh réidh, a imscaradh idir baile an úsáideora deiridh iarrthaigh agus an pointe dáileacháin nó an pointe nasctha is gaire a bheartaítear chun freastal ar a n‑áitreabh.
(183)I bprionsabal, níor cheart na praghsanna a ghearrtar ar an nasc sin a bheith os cionn na ngnáth-tháillí ceangail sa Bhallstát lena mbaineann. Mar sin féin, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta táille bhreise a cheadú, ag féachaint do na dálaí geografacha agus d’aon dáil ábhartha eile, ar choinníoll go bhfuil na costais a íocann na húsáideoirí deiridh cothrom agus réasúnach, agus féadfaidh na húdaráis idirghabháil a dhéanamh chun uasphraghsanna a leagan síos i gcás inar gá. Ba cheart cead a bheith ag údaráis rialála náisiúnta conarthaí agus téarmaí agus coinníollacha tráchtála atá ann cheana agus a comhaontaíodh idir soláthraithe seirbhísí miondíola agus úsáideoirí deiridh a úsáid mar thagarmharc chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil praghsanna, agus téarmaí agus coinníollacha cothrom agus réasúnach.
(184)I bhfianaise an aistrithe chuig snáithín optúil, an ghá atá lena áirithiú go nasctar úsáideoirí deiridh le snáithín optúil sa bhaile agus na ndeacrachtaí atá tuairiscithe ag oibreoirí maidir le snáithín optúil a imscaradh i bhfoirgnimh ilteaghaise chun aghaidh a thabhairt ar éileamh na n‑úsáideoirí deiridh, tá údar le heisceacht ar Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2024/1309. In imthosca den sórt sin, i gcás inar gá sreangú laistigh den fhoirgneamh agus saoráidí gaolmhara a imscaradh laistigh d’aonad ilteaghaise chun an t‑úsáideoir deiridh iarrthach a nascadh, níor cheart cead a bheith ag úinéirí ná ag riarthóirí an aonaid diúltú don imscaradh sin. Mar sin féin, chun cur isteach iomarcach ar mhaoin phríobháideach agus dúbailt neamhriachtanach bonneagair laistigh dá bhfoirgneamh a sheachaint, ba cheart dóibh a bheith i dteideal diúltú do imscaradh an dara sreangú laistigh den fhoirgneamh agus saoráidí gaolmhara. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a áirithiú ansin go soláthrófar rochtain ar an líonra ar bhonn siméadrach.
(185)Ionas go sárófar bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla dosháraithe maidir le seirbhísí nó líonraí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió agus in áiteanna ina bhfuil bearnaí sa chlúdach móibíleach go fóill, d’fhéadfadh sé gur gá rochtain a thabhairt ar bhonneagar éighníomhach nó an bonneagar sin a chomhroinnt, nó i gcásanna nach leor sin, bonneagar gníomhach a chomhroinnt, nó comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a dhéanamh. Gan dochar d’oibleagáidí comhroinnte a ghabhann leis na cearta úsáide ar bhonn forálacha maidir le húdarú agus le sannadh cearta úsáide, agus go háirithe bearta chun iomaíocht a chur chun cinn, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis náisiúnta rialála nó údaráis inniúla eile bearta a dhéanamh chun comhroinnt bonneagair éighníomhaigh a fhorchur nó i gcás nach leor rochtain agus comhroinnt éighníomhach, comhroinnt bonneagair ghníomhaigh nó comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a fhorchur, féadfar iarraidh orthu freisin an riosca féideartha a mheas do rannpháirtithe sa mhargadh i limistéir nach ndéantar freastal mar is cóir orthu.
(186)D’fhéadfadh sé nach leor rialacha iomaíochta astu féin i gcónaí chun éagsúlacht chultúrtha agus iolrachas na meán a áirithiú i réimse na teilifíse digití. Mar thoradh ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na teicneolaíochta agus an mhargaidh de, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir le rochtain choinníollach a sholáthar ar bhealach cothrom, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ar bhonn rialta, arna dhéanamh ag Ballstát dá mhargadh náisiúnta, chun a chinneadh go háirithe an bhfuil bonn cirt ann maidir le heolairí leictreonacha clár (EPGanna) agus comhéadain feidhmchláir (APInna) a áireamh faoi na hoibleagáidí, a mhéid is gá chun inrochtaineacht d’úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí craoltóireachta digití sonracha a áirithiú. Dá bhrí sin, na seirbhísí craoltóireachta digití nach mór rochtain úsáideoirí deiridh orthu a áirithiú le haon bhealach reachtach, rialála nó riaracháin a mheasann na Ballstáit a bhfuil gá leis, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na seirbhísí sin a shonrú.
(187)Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt dá n‑údarás rialála náisiúnta freisin athbhreithniú a dhéanamh ar oibleagáidí maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí craoltóireachta digití chun a mheas, trí anailís mhargaidh, ar cheart na coinníollacha do ghnóthais nach bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ábhartha acu a tharraingt siar nó a leasú. Níor cheart tarraingt siar nó leasú den sórt sin dochar a dhéanamh do rochtain úsáideoirí deiridh ar na seirbhísí sin ná don deis ar iomaíocht éifeachtach.
(188)Tá gá le hoibleagáidí ex ante in imthosca áirithe chun a áirithiú go dtiocfaidh margadh iomaíoch chun cinn; le dálaí margaidh mar sin thabharfaí spreagadh d’imscaradh agus d’úsáid líonraí agus seirbhísí gigighiotáin, agus d’uasmhéadú na tairbhe d’úsáideoirí deiridh. Agus measúnú á dhéanamh ar an ngá atá le hidirghabháil rialála ex ante, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil rochtain mhórdhíola ar fáil d’aon ghnóthas leasmhar ar bhonn rialachán atá ann cheana (go háirithe bunaithe ar Rialachán (AE) 2024/1309) nó ar bhonn dálaí tráchtála lena gceadaítear torthaí iomaíocha inbhuanaithe d’úsáideoirí deiridh ar an margadh miondíola. Mura bhfuil na féidearthachtaí rochtana sin sách mór, ba cheart don údarás rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh gan mhoill ar cé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach na hoibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. Tá sé riachtanach nach bhforchuirtear oibleagáidí rialála ex ante ach ar mhargadh mórdhíola ina bhfuil gnóthas amháin nó níos mó a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, d’fhonn iomaíocht inbhuanaithe a áirithiú, agus i gcás nach leor dlí na hiomaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. Ba cheart coincheap na cumhachta suntasaí sa mhargadh a bheith i gcomhréir le coincheap na ceannasachta mar a shainmhínítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.
(189)Tá treoirlínte dréachtaithe ag an gCoimisiún ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta lena gcloí leo ag na húdaráis rialála náisiúnta agus iad ag meas an bhfuil an iomaíocht i margadh ar leith éifeachtach agus, chomh maith leis sin, cumhacht shuntasach sa mhargadh á meas acu. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta anailís a dhéanamh an bhfuil margadh táirgí nó seirbhísí ar leith iomaíoch go héifeachtach i limistéar geografach ar leith; d’fhéadfadh sé gurb é sin críoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó cuid den chríoch sin nó codanna comharsanachta críoch Ballstát a meastar iad a bheith le chéile. Is é ba cheart a bheith san áireamh in anailís ar iomaíocht éifeachtach anailís i dtaobh an bhféadfadh an margadh a bheith iomaíoch agus, dá réir sin, an bhféadfadh aon easpa iomaíocht éifeachtach leanúint de bheith ann. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na treoirlínte go tráthrialta, go háirithe tráth athbhreithnithe ar an dlí atá ann cheana, agus aird á tabhairt aige ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá ag teacht chun cinn, ar an litríocht eacnamaíoch agus ar thaithí iarbhír an mhargaidh d’fhonn a áirithiú go mbeidh siad fós iomchuí i margadh atá ag forbairt go tapa. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta oibriú i gcomhar le chéile más margadh trasnáisiúnta an margadh ábhartha.
(190)Ina mheasúnú tráthrialta ar threochtaí an mhargaidh san Aontas, ba cheart don Choimisiún aiseolas na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh. Ba cheart torthaí an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara a chur ar fáil go poiblí i dtuarascáil. Ina mheasúnú ar cé acu is gá nó nach gá Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh maidir le margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí (‘an Moladh maidir le margaí’), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann aon mhargadh ábhartha táirgí agus seirbhísí an tástáil trí chritéar. Féadfaidh an Coimisiún an Moladh maidir le margaí a ghlacadh, tar éis comhairliúchán poiblí, lena n‑áirítear le húdaráis rialála náisiúnta, agus tuairim BEREC á cur san áireamh.
(191)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta margaí geografacha ábhartha laistigh dá gcríoch a shainiú agus an Moladh maidir le margaí á chur san áireamh nuair a ghlactar Moladh den sórt sin de bhun an Rialacháin seo agus imthosca náisiúnta agus áitiúla á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta anailís a dhéanamh ar a laghad ar na margaí atá sa Mholadh maidir le margaí, lena n‑áirítear na margaí sin atá liostaithe ach nach rialáiltear a thuilleadh sa chomhthéacs sonrach náisiúnta nó áitiúil. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta anailís a dhéanamh freisin ar na margaí nach bhfuil sa Mholadh maidir le margaí, ach a rialáiltear laistigh de chríoch a ndlínse ar bhonn na n‑anailísí margaidh a rinneadh cheana, nó margaí eile, má tá foras leordhóthanach ann chun a mheas gur comhlíonadh na trí chritéar. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh freisin cé acu is gá nó nach gá athbhreithniú margaidh a dhéanamh bunaithe ar thorthaí na faisnéise a bailíodh i gcomhthéacs chleachtadh an tsuirbhé gheografaigh.
(192)In imthosca áirithe, sainmhínítear margaí geografacha mar mhargaí náisiúnta nó fonáisiúnta, mar shampla toisc go bhfuil leathadh amach na líonraí ina sholáthar náisiúnta nó áitiúil, rud a chinneann teorainneacha na cumhachta a d’fhéadfadh a bheith ag gnóthais sa mhargadh i leith an tsoláthair mórdhíola, ach fós féin éileamh mór trasnáisiúnta a bheith ann ó cheann amháin nó níos mó de chatagóirí na n‑úsáideoirí deiridh. Is féidir leis sin a bheith amhlaidh go háirithe maidir le héileamh ó úsáideoirí deiridh gnó a bhfuil oibríochtaí saoráidí acu ag suíomhanna iomadúla i mBallstáit éagsúla. Mura bhfuil na soláthraithe ag freastal go leordhóthanach ar an éileamh trasnáisiúnta sin, mar shampla má tá siad ilroinnte feadh teorainneacha náisiúnta nó ilroinnte go háitiúil, tagann bacainn ar an margadh inmheánach chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart do BEREC treoirlínte a sholáthar d’údaráis rialála náisiúnta maidir leis an gcur chuige rialála comhchoiteann chun a áirithiú gur féidir freastal ar an éileamh trasnáisiúnta ar bhealach sásúil, lena dtabharfar bonn d’idir-inoibritheacht táirgí rochtana mórdhíola ar fud an Aontais agus ionas go mbeifear in ann éifeachtúlachtaí agus barainneachtaí scála a bhaint amach d’ainneoin go bhfuil an soláthar ilroinnte. Ba cheart tionchar a bheith ag treoirlínte BEREC ar na roghanna a dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus cuspóir an mhargaidh inmheánaigh á shaothrú acu agus oibleagáidí rialála á bhforchur acu ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh ar an leibhéal náisiúnta agus san am céanna treoraíocht a thabhairt maidir le comhchuibhiú sonraíochtaí teicniúla táirgí rochtana mórdhíola atá in ann freastal ar éileamh trasnáisiúnta den chineál sin a sainaithníodh, chun leasa an mhargaidh inmheánaigh.
(193)Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil cumhacht shuntasach i margadh sonrach ag gnóthas, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta gníomhú i gcomhréir le dlí an Aontais agus aird a thabhairt ar na treoirlínte ón gCoimisiún maidir le hanailís mhargaidh agus ar an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh.
(194)I gcás údaráis rialála náisiúnta, ba cheart anailís ar na margaí miondíola comhfhreagracha a bheith ina túsphointe chun margaí mórdhíola atá faoi réir rialáil ex ante a shainaithint. Ba cheart an anailís ar iomaíocht éifeachtúil, idir leibhéal miondíola is leibhéal mórdhíola, a dhéanamh ó dhearcadh réamhbhreathnaitheach i gcaitheamh tréimhse ama ar leith, agus ba cheart í a bheith bunaithe ar dhlí na hiomaíochta, lena n‑áirítear cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais, de réir mar is iomchuí. Má chinntear go mbeadh margadh miondíola iomaíoch go héifeachtúil in éagmais na rialála mórdhíola ex ante ar na margaí ábhartha comhfhreagracha, ba cheart don údarás rialála náisiúnta a chinneadh nach bhfuil gá le rialáil a thuilleadh ar an leibhéal mórdhíola ábhartha.
(195)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a áirithiú go ndéanfar anailís ar mhargaí ar bhealach comhsheasmhach agus, i gcás inar féidir, an tráth céanna. Ina theannta sin, ba cheart an fógra a bheith cuimsitheach, lena n‑áirítear sainiú an mhargaidh, ainmniú na cumhachta suntasaí margaidh agus leigheasanna comhghaolaithe chun a áirithiú go mbeidh na leigheasanna a fhorchuirfear comhréireach agus go léireoidh siad staid iarbhír an mhargaidh agus chun trédhearcacht a áirithiú do na rannpháirtithe sa mhargadh a mhéid is féidir.
(196)Leis an rialáil mhórdhíola ba cheart fadhbanna ar an leibhéal miondíola a réiteach. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a measúnú a dhéanamh ar gach margadh mórdhíola indibhidiúil a bhfuiltear á mheas le haghaidh rialála, ag tosú leis na leigheasanna atá ann chun rochtain a sholáthar ar bhonneagar sibhialta, toisc go gcuidíonn na leigheasanna sin de ghnáth le hiomaíocht níos inbhuanaithe a bhaint amach, lena n‑áirítear iomaíocht bonneagair, agus ina dhiaidh sin anailís a dhéanamh ar aon mhargadh mórdhíola a meastar iad a bheith faoi réir rialáil ex ante agus iad curtha in ord de réir a n‑oiriúnachta dóchúla a bheith in ann dul i ngleic le fadhbanna iomaíochta sainaitheanta ar an leibhéal miondíola. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an leigheas sonrach atá le forchur, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta cuimhneamh ar na hiarmhairtí a d’eascródh as aon leigheas sonrach a fhorchur, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhídhreasacht chun líonraí gigighiotáin a imscaradh chun leasa na n‑úsáideoirí deiridh, mura mbeadh sé indéanta ach amháin ar thoipeolaíochtaí líonra áirithe.
(197)Gan dochar do phrionsabal na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta dreasachtaí a sholáthar trí na leigheasanna arna bhforchur, agus, i gcás inar féidir, roimh leathadh amach an bhonneagair, le haghaidh ailtireacht líonra solúbtha, oscailte a fhorbairt, lena laghdófaí amach anseo an t‑ualach agus an chastacht a bhainfeadh le leigheasanna arna bhforchur ag céim níos déanaí. Ag gach céim den mheasúnú, sula gcinnfidh an t‑údarás rialála náisiúnta cé acu ba cheart nó nár cheart aon leigheas breise, ar mó an t‑ualach a bhainfeadh leis, a fhorchur, ba cheart dó féachaint lena chinneadh an mbeadh an margadh miondíola lena mbaineann iomaíoch go héifeachtach, agus aon socrú tráchtála ábhartha nó aon imthoisc eile sa mhargadh mórdhíola á gcur san áireamh freisin, lena n‑áirítear cineálacha rialála eile atá i bhfeidhm cheana féin, agus aon rialáil a mheasann an t‑údarás rialála náisiúnta a bheith iomchuí cheana féin do ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. Le measúnú den chineál sin, arb é atá d’aidhm aige a áirithiú nach bhforchuirfear ach na leigheasanna is iomchuí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna a sainaithníodh san anailís ar an margadh, ní chuirtear cosc ar údarás rialála náisiúnta a chinneadh, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, gurb é meascán de leigheasanna den chineál sin an bealach is lú cunórtas, fiú más éagsúil déine na leigheasanna sin. Fiú amháin mura n‑eascróidh sainmhíniú ar mhargaí geografacha ar leith as na héagsúlachtaí sin, ba cheart iad a bheith in ann údar a thabhairt le difreáil idir na leigheasanna iomchuí arna bhforchur, i bhfianaise na n‑éagsúlachtaí i ndéine na srianta iomaíochta.
(198)I gcás ina dtarraingeoidh údarás rialála náisiúnta siar rialáil mhórdhíola ba cheart dó tréimhse iomchuí fógra a shainiú chun a áirithiú go ndéanfar aistriú inbhuanaithe chuig margadh dírialáilte. Agus an tréimhse fógra sin á sainiú, ba cheart don údarás rialála náisiúnta na comhaontuithe atá ann cheana féin idir soláthraithe rochtana agus cuardaitheoirí rochtana a chur san áireamh, ar comhaontuithe iad a rinneadh ar bhonn na n‑oibleagáidí rialála a forchuireadh. Go háirithe, féadfaidh na comhaontuithe sin cosaint dhlíthiúil chonarthach a thabhairt do chuardaitheoirí rochtana ar feadh tréimhse chinntithe. Déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta an fhíorfhéidearthacht a chur san áireamh go mbainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh leas as aon rochtain mhórdhíola tráchtála nó aon tairiscint chomhinfheistíochta is féidir a bheith sa mhargadh agus an gá atá le harbatráiste féideartha rialála ar feadh tréimhse fhadaithe a sheachaint. Ba cheart a bhreithniú sna socruithe aistrithe arna mbunú ag an údarás rialála náisiúnta méid agus fad an fhaireacháin rialála sna comhaontuithe a bhí ann cheana féin, a luaithe agus a chuirfear tús leis an tréimhse fógra.
(199)Chun deimhneacht a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis na coinníollacha rialála, is gá teorainn ama a chur le hathbhreithnithe margaidh. Tá sé tábhachtach anailís mhargaidh a dhéanamh ar bhonn rialta agus laistigh de thréimhse ama réasúnta agus iomchuí. Tá riosca ann go gcuirfear an margadh inmheánach i mbaol mura ndéanfaidh údarás rialála náisiúnta anailís ar mhargadh laistigh den teorainn ama.
(200)De bharr leibhéal ard na nuálaíochta teicneolaíche agus na margaí an-dinimiciúil san earnáil cumarsáide leictreonaí, is gá rialáil a chur in oiriúint go gasta ar bhealach comhordaithe agus cuíchóirithe ar leibhéal an Aontais, mar go dtugann taithí le fios go bhféadfaidh éagsúlacht i measc na n‑údarás rialála náisiúnta i gcur chun feidhme an chreata rialála a bheith ina bacainn ar an margadh inmheánach.
(201)Ar mhaithe le cobhsaíocht agus intuarthacht níos fearr i leith bearta rialála, tréimhse 5 bliana ba cheart a bheith san uastréimhse a cheadaítear idir anailísí margaidh i gcónaí, ar choinníoll nach gá anailís nua a dhéanamh i bhfianaise athruithe margaidh san idirthréimhse agus gan dochar don fhéidearthacht bearta eatramhacha a fhorchur. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a n‑oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hanailís a dhéanamh ar mhargaí agus fógra a thabhairt faoin dréachtbheart comhfhreagrach gach 5 bliana ar a laghad, chun a áirithiú go léiríonn an rialachán is infheidhme dálaí iomaíochais sa mhargadh. Sin é an fáth nár cheart a mheas go bhfuil tús á chur le timthriall margaidh nua 5 bliana ach amháin le fógra ina bhfuil measúnú nua ar shainiú an mhargaidh agus ar chumhacht shuntasach sa mhargadh.
(202)I gcás ina bhfuiltear chun oibleagáid shonrach a fhorchur ar ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige ní gá anailís mhargaidh bhreise a dhéanamh ach is gá go mbeadh údar maith ann le go bhfuil an oibleagáid lena mbaineann ina hoibleagáid iomchuí chomhréireach i ndáil le cineál na faidhbe a sainaithníodh ar an margadh i gceist, agus ar an margadh miondíola gaolmhar.
(203)Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta ar na hoibleagáidí agus na coinníollacha atá le forchur, ba cheart dóibh na coinníollacha éagsúla iomaíochais sna limistéir éagsúla laistigh dá mBallstáit a chur san áireamh agus aird faoi leith á tabhairt ar thorthaí an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh.
(204)Le hathbhreithnithe ar oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu le linn tráthchlár anailíse margaidh, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann an tionchar atá ag forbairtí nua sa mhargadh ar dhálaí iomaíochais a chur san áireamh. D’fhéadfaí trédhearcacht, neamh-idirdhealú, deighilt cuntasaíochta, rialú praghsanna agus cuntasaíocht chostála a bheartú mar ghnéithe a chomhlánaíonn forchur na dtáirgí rochtana comhchuibhithe de chuid an Aontais. I gcás ina bhforchuirfear oibleagáidí ar ghnóthais a bhfuil siad de dhíth orthu chun iarrataí réasúnta a chomhlíonadh maidir le rochtain ar eilimintí líonraí agus ar shaoráidí gaolmhara agus ar úsáid na líonraí agus na saoráidí sin, níor cheart diúltú do na hiarrataí sin ach amháin ar bhonn critéir oibiachtúla amhail féidearthacht theicniúil nó an gá atá le sláine an líonra a chothabháil. I gcás ina ndiúltófar rochtain, ba cheart don pháirtí éagóirithe a bheith in ann an cás a chur faoi bhráid an nós imeachta um réiteach díospóidí faoin Rialachán seo. Ní féidir a cheangal ar ghnóthas a bhfuil oibleagáidí rochtana forchurtha air cineálacha rochtana a sholáthar nach bhfuil ar a chumas a sholáthar. Níor cheart go ndéanfadh rochtain shainordaithe arna forchur ag údaráis rialála náisiúnta a chuireann le hiomaíocht sa ghearrthéarma laghdú ar na dreasachtaí d’iomaitheoirí infheistiú i saoráidí eile a áiritheoidh iomaíocht níos inbhuanaithe nó feidhmíocht níos fearr agus sochair don úsáideoir deiridh san fhadtéarma. Mar shampla, agus an bealach rialála is lú cunórtas á roghnú agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, d’fhéadfadh údaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais ainmnithe a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus aon chinneadh a rinneadh roimhe sin a leasú, lena n‑áirítear trí oibleagáidí a aistarraingt nó oibleagáidí rochtana nua a fhorchur, má tá an méid sin chun leasa úsáideoirí agus iomaíocht inbhuanaithe seirbhíse. Ós rud é go bhféadfadh príomhról a bheith ag mionsonraí teicniúla na hoibleagáide rochtana maidir leis an gcumas seirbhísí na soláthraithe rochtana a mhacasamhlú go héifeachtach agus dul san iomaíocht ar an leibhéal miondíola, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla a fhorchur ar sholáthraí nó ar thairbhithe na rochtana sainordaithe i gcomhréir le dlí an Aontais. Go háirithe, le forchur na gcaighdeán teicniúil, ba cheart Treoir (AE) 2015/1535 a chomhlíonadh. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta, nuair a bheidh oibleagáidí á bhforchur acu maidir le rochtain a fháil ar bhonneagair nua agus fheabhsaithe, a áirithiú go léireofar sna coinníollacha rochtana imthosca an chinnidh infheistíochta is bun leis sin, ag cur san áireamh, i measc nithe eile, an costas a bhaineann leis an leathadh amach, an ráta ag a meastar a úsáidfear na táirgí agus seirbhísí nua agus leibhéal measta na bpraghsanna miondíola. Ina theannta sin, chun deimhneacht ó thaobh na pleanála de a sholáthar d’infheisteoirí, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann téarmaí agus coinníollacha a leagan síos, más infheidhme, ar choinníoll nach bhfuil aon éifeacht idirdhealaitheach acu. Ba cheart a urramú le haon choinníoll rochtana an gá atá le hiomaíocht éifeachtach a chaomhnú i seirbhísí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí.
(205)Is féidir údar a bheith lena shainordú go mbronnfaí rochtain ar bhonneagar líonra mar mhodh chun cur le hiomaíocht, ach is gá d’údaráis rialála náisiúnta cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart atá ag úinéir an bhonneagair leas a bhaint as a bhonneagar chun a leasa féin, agus ceart na soláthraithe seirbhíse eile rochtain a fháil ar shaoráidí, ar saoráidí iad atá riachtanach do sholáthar seirbhísí. Is féidir údar a bheith lena shainordú go mbronnfaí rochtain ar bhonneagar líonra mar mhodh chun cur le hiomaíocht, ach is gá d’údaráis rialála náisiúnta cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart atá ag úinéir an bhonneagair leas a bhaint as a bhonneagar chun a leasa féin, agus ceart na soláthraithe seirbhíse eile rochtain a fháil ar shaoráidí, ar saoráidí iad atá riachtanach do sholáthar seirbhísí atá in iomaíocht le chéile. Féadfaidh rialú praghsanna a bheith riachtanach i gcás ina dtiocfaidh iomaíocht neamhéifeachtach chun solais, ó anailís mhargaidh i margadh ar leith. Go háirithe, ba cheart do ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh cúngach praghsanna a sheachaint sa chaoi is nach mbeidh an difríocht idir a bpraghsanna miondíola agus an t‑idirnascadh nó praghsanna rochtana atá á ngearradh ar iomaitheoirí a chuireann seirbhísí miondíola comhchosúla ar fáil, leordhóthanach chun iomaíocht inbhuanaithe a áirithiú. Nuair a dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta na costais a ríomh arna dtabhú agus seirbhís á bunú, ar seirbhís í a sainordaíodh faoin Rialachán seo, is iomchuí a cheadú go ndéanfar toradh réasúnta a ghnóthú ar an gcaipiteal arna infheistiú ag na hoibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, lena n‑áirítear costais iomchuí saothair agus tógála, agus luach an chaipitil choigeartaithe, i gcás inar gá, chun luacháil reatha na sócmhainní agus éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí a léiriú. Ba cheart an modh gnóthaithe costas a bheith iomchuí ó thaobh na n‑imthosca de agus aird á tabhairt ar an riachtanas éifeachtúlacht, iomaíocht inbhuanaithe agus imscaradh líonraí gigighiotáin a chur chun cinn agus ba cheart nascacht ghigighiotáin a chur san áireamh. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh gan praghsanna rochtana mórdhíola rialáilte a choimeád nó a fhorchur ar líonraí den chéad ghlúin eile más leor an choimirce iomaíochta atá ann. Go sonrach, chun praghsanna iomarcacha a chosc i margaí ina bhfuil gnóthais atá ainmnithe ina n‑oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh, ba cheart coimirce bhreise a bheith ag gabháil leis an tsolúbthacht sa phraghsáil chun iomaíocht agus leasa na n‑úsáideoirí deiridh a chosaint, amhail oibleagáidí neamh-idirdhealaitheacha dochta, bearta chun inmhacasamhlú teicniúil agus eacnamaíoch táirgí iartheachtacha a áirithiú, agus srian inléirithe ar phraghas miondíola ag eascairt ó iomaíocht bhonneagair nó ó ancaire praghais a thiocfadh as táirgí rochtana rialáilte eile, nó uathu araon. Ní dochar an choimirce iomaíochta sin do shainaithint imthosca eile, arna dhéanamh ag údaráis rialála náisiúnta, ar imthosca iad faoina mbeadh sé iomchuí gan praghsanna rochtana rialáilte a fhorchur le haghaidh ionchuir mhórdhíola áirithe, amhail i gcás ina mbeidh praghasleaisteachas an éilimh ón úsáideoir deiridh á dhéanamh neamhbhrabúsach don ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige praghsanna a ghearradh atá go suntasach os cionn an leibhéil iomaíoch nó i gcás ina laghdaítear na dreasachtaí maidir le líonraí gigighiotáin a fhorbairt mar gheall ar dhlús daonra níos ísle agus ina suíonn an t‑údarás rialála náisiúnta go n‑áirithítear rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe trí na hoibleagáidí a fhorchuirtear.
(206)Tá sócmhainní innealtóireachta sibhialta, ar féidir leo líonra cumarsáide leictreonaí a óstáil, ríthábhachtach le haghaidh leathadh amach rathúil líonraí nua toisc go bhfuil costas ard ag baint lena ndúbláil, agus toisc gur féidir a lán airgid a choigilt más féidir iad a athúsáid. Dá bhrí sin, de bhreis ar na rialacha maidir le bonneagar fisiceach a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1309, tá gá le leigheas sonrach i gcás ina bhfuil na sócmhainní innealtóireachta sibhialta faoi úinéireacht gnóthais atá ainmnithe mar oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. I gcás ina mbeidh sócmhainní innealtóireachta sibhialta ann agus na sócmhainní sin inúsáidte, bíonn éifeacht an-dearfach ar fad ar leathadh amach an bhonneagair iomaíochta ag rochtain éifeachtach a fháil orthu, agus dá bhrí sin is gá a áirithiú gur féidir rochtain ar na sócmhainní sin a úsáid mar leigheas ann féin chun feabhas a chur ar dhinimicí an iomaíochais agus an imscartha in aon mhargadh iartheachtach, agus is gá é sin a bhreithniú sula ndéanfar measúnú ar an ngá le haon leigheas féideartha eile a fhorchur, agus ní mar leigheas coimhdeach amháin ar tháirge nó seirbhísí mórdhíola eile nó mar leigheas atá teoranta do ghnóthais a bhfuil leas á bhaint acu as na táirgí nó na seirbhísí mórdhíola eile sin. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta luach na sócmhainní innealtóireachta sibhialta leagáide a mheas ar bhonn an luacha cuntasaíochta rialála agus é sin glan ó dhímheas carntha tráth a ríofa, innéacsaithe ag innéacs praghsanna iomchuí, amhail an t‑innéacs praghsanna miondíola, agus na sócmhainní a bhfuil dímheas iomlán déanta orthu cheana féin a chur as an áireamh, in imeacht tréimhse nach lú ná 40 bliain, ach atá fós in úsáid. Nuair atá sé bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh maidir le himscaradh bonneagar gigighiotáin freisin, fágann sé gur réamhchoinníoll ríthábhachtach é rochtain ar bhonneagar fisiceach le haghaidh na líonraí imscartha agus, dá bhrí sin, le haghaidh an mhargaidh iartheachtaigh, agus féadfar a mheas go soláthraítear intuarthacht rialála fhadtéarmach freisin ach margadh bonneagair fhisicigh ar leithligh a shainaithint.
(207)Chun baint amach an mhargaidh inmheánaigh i réimse na líonraí agus na seirbhísí digiteacha a chothú, tá sé fíor-riachtanach táirgí rochtana a chomhchuibhiú a thuilleadh, i gcás inar féidir. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa rialachán seo maidir leis na ceanglais ar dá réir a d’fhéadfaí a mheas gur táirge rochtana mórdhíola comhchuibhithe Eorpach é táirge rochtana mórdhíola, ar ceanglais iad a d’fhéadfadh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát uile a fhorchur. D’fhéadfadh díchuachadh snáithín optúil chomh fada leis an mbaile a bheith i gceist le táirgí rochtana comhchuibhithe, chomh maith le rochtain áitiúil dhíchuachta fhíorúil, mar na táirgí a fhorchuirtear de ghnáth sna margaí mórdhíola a fhreastalaíonn ar ollmhéid custaiméirí. Ina theannta sin, ar na táirgí comhchuibhithe sin d’fhéadfaí ciorcad léasa Ethernet a áireamh agus paraiméadair i leith cáilíocht seirbhíse sna margaí a fhreastalaíonn ar chustaiméirí gnó nuair is gá.
(208)Dá réir sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé iomchuí agus comhréireach oibleagáid maidir le soláthar táirge rochtana comhchuibhithe Eorpach a chur in ionad oibleagáidí a forchuireadh roimhe ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu rochtain mhórdhíola ar líonraí gigighiotáin a sholáthar.
(209)I bhfianaise shíorathrú na bhforbairtí margaidh agus teicneolaíocha, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais theicniúla maidir le táirgí rochtana Eorpacha a shainiú de réir mar is gá.
(210)I gcás inarb é conclúid údaráis rialála náisiúnta go mbeadh táirge rochtana comhchuibhithe Eorpach iomchuí agus comhréireach, ba cheart dó é a fhorchur ar an ngnóthas lena mbaineann a bhfuil cumhacht shuntasach aige. Maidir le leigheasanna atá le forchur, ba cheart tosaíocht ar aon leigheas eile a bheith ag forchur na dtáirgí rochtana comhchuibhithe Eorpacha. Níor cheart d’údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur maidir le rochtain ar eilimintí sonracha líonraí agus ar shaoráidí gaolmhara, ná maidir le húsáid na n‑eilimintí agus na saoráidí sin, ach amháin i gcás nach mbeadh táirge rochtana comhchuibhithe Eorpach leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna ó thaobh na hiomaíochta de ar mhargadh sonrach.
(211)Maidir le praghsáil na rochtana ar bhonneagar innealtóireachta sibhialta nuathógtha na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, chun go ndéanfaidh oibreoirí malartacha líonraí gigighiotáin a imscaradh, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an bpraghsáil sin ar dhreasachtaí an oibreora a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige chun bonneagar innealtóireachta sibhialta nua a thógáil ina mbeidh acmhainneacht leordhóthanach chun líonraí malartacha a óstáil. Leis an bpraghas chun rochtain a fháil ar an mbonneagar innealtóireachta sibhialta nuathógtha ba cheart dálaí margaidh atá ann faoi láthair a léiriú agus ba cheart é a bheith bunaithe ar na costais iarbhír iomlána arna dtabhú ag an oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, fad a áirithítear neamh-idirdhealú dian ó thaobh théarmaí agus choinníollacha na rochtana ar an mbonneagar sin. Le cur chuige den sórt sin sholáthrófaí na dreasachtaí cearta chun infheistiú i mbonneagar innealtóireachta sibhialta nua. Thairis sin, de réir imthosca an mhargaidh, is féidir go mbeidh tógáil bonneagair innealtóireachta sibhialta mhóir nua ina próifíl infheistíochta riosca don oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, rud atá níos airde ná an phróifíl riosca atá bainteach le hathúsáid bonneagair innealtóireachta sibhialta leagáide. Sa phróifíl riosca sin, bheadh rioscaí i gceist i dtéarmaí costais a tabhaíodh agus i dtéarmaí ioncam lena bhfuil coinne, ar rioscaí iad ar cheart do ÚRNanna measúnú a dhéanamh orthu. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear oibleagáid chun feidhme go héifeachtach maidir le coibhéis rochtana (coibhéis ionchuir nó aschuir) agus inar cruthaíodh go bhfuil srian ar an margadhphraghas miondíola, arna chomhlánú ag inmhacasamhlaitheacht eacnamaíoch na dtáirgí iartheachtacha, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta, i bprionsabal, staonadh ó phraghsanna rialáilte a fhorchur. Ba cheart tástálacha ar an inmhacasamhlaitheacht theicniúil agus eacnamaíoch, mar shampla, a bheith i gceist leis na hoibleagáidí sin, in éineacht le sásraí faireacháin. D’fhéadfadh an srian ar an margadhphraghas miondíola a bheith ann de dheasca iomaíocht ó thaobh an bhonneagair de, gealltanais shoiléire arna ndéanamh ag soláthraithe malartacha chun líonraí gigighiotáin a imscaradh i limistéir nach ndéantar freastal ceart orthu de thoradh suirbhéanna geografacha, agus de dheasca táirgí ancaire rialáilte atá faoi réir treoshuíomh dírithe ar chostas. I gcás ina bhforchuirfidh údarás rialála náisiúnta oibleagáidí maidir le córas cuntasaíochta costála a chur chun feidhme chun tacú le rialuithe praghsanna, ba cheart dó a bheith in ann iniúchóireacht bhliantúil a ghabháil de láimh chun a áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis an gcóras cuntasaíochta costála, ar choinníoll go mbeidh an fhoireann cháilithe is gá aige tabhairt faoi, nó a cheangal go ndéanfaidh comhlacht cáilithe eile an iniúchóireacht, neamhspleách ar an ngnóthas lena mbaineann. Tá an córas muirir san Aontas maidir le foirceannadh glao gutha mórdhíola bunaithe ar Íocann Líonra an Pháirtí a Ghlaonn. Léirítear in anailís a rinneadh ar inmhalartaitheacht éilimh agus soláthair nach bhfuil aon ionad ar an leibhéal mórdhíola ann, nó nach mbeidh go luath, a d’fhéadfadh srian a chur le muirir a shocrú do chríochnú glao gutha i líonra ar leith. Ag cur san áireamh go bhfuil margaí críochaithe glao gutha ina margaí déthreo, tá tras-fhóirdheonú idir oibreoirí i measc na bhfadhbanna iomaíochta eile a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá na fadhbanna ionchasacha iomaíochta sin coitianta i margaí na línte fosaithe agus sna margaí móibíleacha foirceanta glao gutha araon. Dá bhrí sin, i bhfianaise chumas agus dhreasachtaí na n‑oibreoirí foirceanta glao gutha praghsanna a ardú go suntasach thar an gcostas, meastar gurb é treoshuíomh dírithe ar chostas an bealach is iomchuí idirghabháil a dhéanamh chun dul i ngleic leis seo sa mheántéarma. Féadfaidh forbairtí sa mhargadh amach anseo dinimicí a athrú sna margaí sin sa mhéid nach mbeidh rialáil riachtanach a thuilleadh.
(212)Chun an t‑ualach rialála a laghdú nuair atáthar ag dul i ngleic le fadhbanna iomaíochta a bhaineann le foirceannadh glao gutha mórdhíola ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún, trí bhithín gníomh tarmligthe, leanúint d’uasráta foirceanta aonair do ghuthghlaonna a leagan síos le haghaidh seirbhísí móibíleacha agus uasráta foirceanta aonair do ghuthghlaonna a leagan síos le haghaidh seirbhísí seasta a bhfuil feidhm acu ar fud an Aontais. Ba cheart critéir agus paraiméadair mhionsonraithe a leagan síos, ar ar a mbonn sin a shocraítear luachanna rátaí foirceanta do ghuthghlaonna móibíleacha. Tá laghdú leanúnach ag teacht ar rátaí foirceanta ar fud an Aontais agus meastar go leanfar leis sin.
(213)Chun forbairtí margaidh, sóisialta agus teicneolaíochta, lena n‑áirítear éabhlóid ar chaighdeáin theicniúla, a chur san áireamh, chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí do shlándáil líonraí agus do sheirbhísí agus chun rochtain éifeachtach a áirithiú ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála, ba cheart an chumhacht glacadh le gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith uasráta aonair uile-Aontais a shocrú do chríochnú gutha i margaí fosaithe agus móibíleacha; bearta coiscthe calaoise; bearta a bhaineann le bearta a ghlacadh a bhaineann le cumarsáid éigeandála san Aontas; agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun forbairt theicneolaíoch agus shóisialta nó athruithe ar éileamh an mhargaidh a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(214)I roinnt margaí cheana féin sa lá atá inniu ann, is féidir leis an ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gealltanais a thairiscint, mar chuid den anailís mhargaidh, lena bhfuil sé d’aidhm aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna iomaíochta arna sainaithint ag an údarás rialála náisiúnta, agus cuireann an t‑údarás rialála náisiúnta san áireamh iad ansin agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na hoibleagáidí rialála iomchuí. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist leis na leigheasanna sin freisin sócmhainní líonra rochtana áitiúla nó cuid shubstaintiúil díobh a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil ar leithligh faoi úinéireacht dhifriúil, nó eintiteas gnó ar leithligh a bhunú. Ba cheart aon fhorbairt nua sa mhargadh a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na leigheasanna is iomchuí lenar féidir éifeachtacht fhadtéarmach a áirithiú. Mar sin féin, agus gan dochar do na forálacha maidir leis an gcóir rialála ar ghnóthais mhórdhíola amháin, ní chuireann cineál na ngealltanas a thairgtear mar sin féin teorainn leis an discréid a thugtar don údarás rialála náisiúnta leigheasanna a fhorchur ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu. D’fhonn trédhearcacht a fheabhsú agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil ar fud an Aontais, ba cheart a leagan síos sa Rialachán seo an nós imeachta do ghnóthais agus gealltanais á dtairiscint acu agus do na húdaráis rialála náisiúnta chun measúnú a dhéanamh orthu, agus tuairimí rannpháirtithe sa mhargadh á gcur san áireamh trí bhíthin thástáil margaidh, agus i gcás inarb iomchuí iad a cheangal ar an ngnóthas a thugann gealltanas agus in-fhorfheidhmithe ag an údarás rialála náisiúnta. Mura rud é gur ndearna an t‑údarás rialála náisiúnta gealltanais ceangailteach agus gur chinn sé gan oibleagáidí a fhorchur, tá an nós imeachta sin gan dochar do chur i bhfeidhm nós imeachta na hanailíse margaí agus an oibleagáid maidir le leigheasanna iomchuí agus comhréireacha a fhorchur chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh a sainaithníodh.
(215)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, ina n‑iomláine nó go páirteach, ar feadh tréimhse shonrach nach faide ná an tréimhse a dtairgtear iad lena linn, tar éis tástáil margaidh a dhéanamh orthu trí bhíthin comhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara. Sa chás inar ndearnadh na gealltanais ceangailteach, ba cheart don údarás rialála náisiúnta iarmhairtí an chinnidh sin a mheas ina anailís ar an margadh agus iad a chur san áireamh nuair a bheadh na bearta rialála is iomchuí á roghnú aige. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta na gealltanais a tugadh a mheas i ndearcadh réamhbhreathnaitheach na hinbhuanaitheachta, go háirithe agus an tréimhse á roghnú acu a mbeidh na gealltanais sin ceangailteach lena linn, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar an ngá atá le dálaí margaidh cobhsaí agus intuartha a áirithiú. Gealltanais cheangailteacha a bhaineann le deighilt dheonach arna déanamh ag gnóthas atá comhtháite go hingearach agus a ainmníodh mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i margadh ábhartha amháin nó níos mó, is féidir leo intuarthacht agus trédhearcacht a chur ar fáil tríd an bpróiseas a leagan amach lena gcuirfear chun feidhme an deighilt atá beartaithe a dhéanamh ar ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige. Chun cuidiú leis na húdaráis rialála náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na bpáirtithe, is é a d’fhéadfaí a áireamh ar na gealltanais iontaobhaí faireacháin a cheapadh, ar cheart don údarás rialála náisiúnta a chéannacht agus a shainordú a fhormheas, agus an oibleagáid ar an ngnóthas a bhfuil na gealltanais sin á dtairiscint acu tuarascálacha tréimhsiúla cur chun feidhme a sholáthar.
(216)Is féidir le húinéirí líonraí a bhfuil a samhail ghnó teoranta do sholáthar seirbhísí mórdhíola do dhreamanna eile, a bheith tairbhiúil do chruthú margaidh mórdhíola a bhfuil borradh faoi, agus éifeachtaí dearfacha aige sin ar an iomaíocht mhiondíola iartheachtach. Thairis sin, cé nach bhfuil an tsamhail ghnó dá gcuid chomh tarraingteach céanna d’infheisteoirí gearrthéarmacha, féadfaidh sí a bheith tarraingteach d’infheisteoirí airgeadais ionchasacha i gcás sócmhainní bonneagair nach bhfuil chomh luaineach céanna agus a bhfuil peirspictíochtaí níos fadtéarmaí acu maidir le líonraí gigighiotáin a imscaradh. Mar sin féin, ní gá gurb ionann láithreacht gnóthais mórdhíola amháin agus margaí miondíola atá iomaíoch go héifeachtúil, agus is féidir oibreoirí ar ghnóthais mórdhíola amháin iad a ainmniú ina ngnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh i dtáirge agus i margaí geografacha áirithe. D’fhéadfadh rioscaí áirithe iomaíochta ag eascairt ó iompraíocht na ngnóthais a bhfuil samhlacha gnó mórdhíola amháin in úsáid acu, a bheith níos ísle ná mar a bheadh i gceist le gnóthais atá comhtháite go hingearach, ar choinníoll gur fíorshamhail í an ceann mórdhíola-amháin agus nach bhfuil aon dreasachtaí ann chun idirdhealú a dhéanamh idir soláthraithe iartheachtacha. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é an modh nach bhfuil chomh cunórach céanna an fhreagairt rialála, ach ba cheart an deis a choinneáil chun oibleagáidí maidir le praghsáil chóir agus réasúnach a thabhairt isteach. Ar an taobh eile de, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh i gcás inar tháinig fadhbanna iomaíochta chun cinn ar chun aimhleas na n‑úsáideoirí deiridh iad. Bheadh tábhacht ar leith ag baint leis sin sna limistéir sin ina bhféadfadh sé nach mbeadh ach gnóthas mórdhíola fágtha mar sholáthraí líonra gigighiotáin, agus é sin amháin, tar éis don phróiseas múchta copair a bheith tugtha i gcrích. Gnóthas atá gníomhach ar mhargadh mórdhíola agus a sholáthraíonn seirbhísí miondíola d’úsáideoirí gnó níos mó ná fiontair bheaga agus mheánmhéide agus dóibhsean amháin, ba cheart é a mheas mar ghnóthas mórdhíola amháin.
(217)De bharr shásra an Aontais lena gceadaítear don Choimisiún a cheangal ar na húdaráis rialála náisiúnta bearta pleanáilte maidir le sainiú an mhargaidh agus gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a ainmniú a tharraingt siar, tá cur chuige comhsheasmhach i bhfad níos fearr ann anois chun na himthosca ina bhféadfar rialáil ex ante a chur i bhfeidhm a shainaithint, chomh maith leis na himthosca sin ina mbíonn na gnóthais faoi réir na rialála sin. De bharr an taithí a fuarthas ar na nósanna imeachta faoi Airteagail 32 agus 33 de Threoir (AE) 2018/1972 a chur i bhfeidhm, tá léirithe go ndéanann neamhréireachtaí sa chaoi a gcuireann na húdaráis rialála náisiúnta leigheasanna faoi dhálaí margaidh comhchosúla i bhfeidhm dochar don mhargadh inmheánach i gcumarsáid leictreonach. Dá bhrí sin, is gá a thabhairt de chumhacht don Choimisiún agus do BEREC fós, laistigh dá bhfreagrachtaí féin, leibhéal comhsheasmhachta níos airde a áirithiú i gcur i bhfeidhm na leigheasanna a bhaineann le dréachtbhearta atá beartaithe ag údaráis rialála náisiúnta. I dtaca le dréachtbhearta maidir le síneadh oibleagáidí chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, i gcás ina bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní arda buana fisiciúla nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, maidir le gnóthais cé go bhfuil siad ainmnithe mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu nó le cóir rialála ar eilimintí líonra gigighiotáin nua, is gá fós go mbeadh an Coimisiún in ann a cheangal ar údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar. Chun a thairbhiú de shaineolas na n‑údarás rialála náisiúnta ar an anailís mhargaidh, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le BEREC sula nglacfaidh sé a chinntí nó a mholtaí.
(218)Agus measúnú á dhéanamh ar dhréachtbhearta aige, ba cheart an Coimisiún a bheith faoi cheangal ag sprioc-am soiléir i gcónaí, chun measúnú a bheidh críochnúil, ach tapa, a áirithiú. Mar sin féin, níl údar a thuilleadh le foráil a dhéanamh maidir le sprioc-amanna difriúla chun measúnú a dhéanamh ar athbhreithnithe margaidh, ar thaobh amháin, agus ar leigheasanna, ar an taobh eile. Chuirfí feabhas ar an gcomhsheasmhacht dá mbeadh sprioc-am aonair ann don dá mheasúnú agus rannchuideofaí le creat rialála simplithe agus níos éifeachtúla a chruthú.
(219)Ba cheart méadú a dhéanamh ar an trédhearcacht i gcur i bhfeidhm shásra an Aontais maidir leis an margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chomhdhlúthú, chun leasa na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara agus chun cur ar chumas páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl, lena n‑áirítear trína cheangal ar na húdaráis rialála náisiúnta aon dréachtbheart a fhoilsiú an tráth céanna a chuirtear in iúl don Choimisiún, do BEREC agus do na húdaráis rialála náisiúnta i mBallstáit eile é. Aon dréachtbheart den sórt sin, ba cheart é a bheith réasúnaithe agus ba cheart anailís mhionsonraithe mhargaidh a bheith mar chuid de.
(220)Ba cheart an comhairliúchán náisiúnta le páirtithe leasmhara a dhéanamh roimh dhul i mbun comhairliúcháin ar leibhéal an Aontais chun an margadh inmheánach a chomhdhlúthú don chumarsáid leictreonach agus laistigh den nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ionas gur féidir tuairimí na bpáirtithe leasmhara a léiriú i gcomhairliúchán ar leibhéal an Aontais. Sheachnófaí leis sin freisin an gá leis an dara comhairliúchán ar leibhéal an Aontais i gcás athruithe ar bheart pleanáilte mar thoradh ar an gcomhairliúchán náisiúnta.
(221)Ba cheart ceangal a bheith ar na húdaráis rialála náisiúnta oibriú i gcomhar le chéile, le BEREC agus leis an gCoimisiún ar bhealach trédhearcach chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát.
(222)Maidir le rogha na n‑údarás rialála náisiúnta, is gá í a réiteach le forbairt na gcleachtas rialála comhsheasmhach agus le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata rialála chun cur go héifeachtach le forbairt agus le críochnú an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta tacú le gníomhaíochtaí ábhartha margaidh inmheánaigh an Choimisiúin agus BEREC.
(223)Maidir le bearta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit, is bearta iad a d’fhéadfadh tionchar iarbhír nó féideartha a imirt, go díreach nó go hindíreach, ar phatrún na trádála idir na Ballstáit ar bhealach a d’fhéadfadh bacainn a chur ar an margadh inmheánch. Is éard atá iontu bearta a bhfuil tionchar mór acu ar ghnóthais nó ar úsáideoirí i mBallstáit eile, lena n‑áirítear: bearta a dhéanann difear do phraghsanna d’úsáideoirí i mBallstáit eile; bearta a dhéanann difear do chumas gnóthais atá bunaithe i mBallstát eile seirbhís cumarsáide leictreonaí a sholáthar, agus go háirithe bearta a dhéanann difear don chumas seirbhísí a thairiscint ar bhonn trasnáisiúnta; agus bearta a dhéanann difear do struchtúr an mhargaidh nó do rochtain ar an margadh, as a dtiocfadh iarmhairtí do ghnóthais i mBallstáit eile. Tá sé ríthábhachtach dul i ngleic leis na bearta sin toisc go dtugtar tréaniarracht leis an rialachán seo ar mhargadh inmheánach don chumarsáid leictreonach agus líonraí digiteacha a bhaint amach de réir a chéile.
(224)Nuair a bheidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún lena gceanglófar ar údarás rialála náisiúnta beart pleanáilte a tharraingt siar, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a dhréachtbheart a tharraingt siar nó beart athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart sprioc-am don údarás rialála náisiúnta a leagan síos maidir le fógra a thabhairt faoin mbeart athbhreithnithe don Choimisiún ionas gur féidir le gníomhaithe margaidh a bheith ar an eolas faoi fhad thréimhse an athbhreithnithe margaidh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú.
(225)Cé go bhfuil sé fíor-riachtanach go dtugtar tréimhse leordhóthanach d’údaráis rialála náisiúnta chun anailísí/athbhreithnithe críochnúla a dhéanamh ar an margadh, ba cheart é a chur ar a gcumas dóibh aghaidh a thabhairt go pras freisin ar chásanna ina n‑éilítear bearta práinneacha.
(226)Dá bhrí sin, ba cheart eisceacht ar an amlíne ghinearálta dá bhforáiltear maidir le hathbhreithnithe margaidh a bhunú chun go mbeidh údaráis rialála náisiúnta in ann bearta sealadacha a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sealadacha sin ar feadh tréimhse theoranta agus níor cheart iad a úsáid níos mó ná uair amháin chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb chéanna.
(227)Ag féachaint do na teorainneacha gearrthréimhseacha sa sásra comhairliúcháin ar leibhéal an Aontais, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún moltaí nó treoirlínte a ghlacadh chun na nósanna imeachta maidir le faisnéis a mhalartú idir an Coimisiún agus na húdaráis rialála náisiúnta a shimpliú, mar shampla i gcásanna a bhaineann le margaí cobhsaí, nó nach mbaineann ach le mionathruithe ar bhearta ar tugadh fógra fúthu cheana. Ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún freisin ionas gur féidir díolúine a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt chun go gcuíchóireofar na nósanna imeachta i gcásanna áirithe. Ar deireadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, tar éis dó aird a thabhairt ar thuairim BEREC, moltaí maidir le sainaithint na margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí, na fógraí faoin nós imeachta um chomhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh agus cur chun feidhme comhchuibhithe fhorálacha an chreata rialála, a ghlacadh, de réir mar is gá.
(228)De réir a chéile, tá laghdú tagtha ar raon feidhme na seirbhíse uilíche de thoradh na hiomaíochta méadaithe agus na rogha méadaithe ó thaobh seirbhísí cumarsáide de. Cuireadh deireadh céimnitheach le heilimintí amhail eolairí, nó soláthar táillefón poiblí, i raon feidhme na seirbhíse uilíche. Dá bhrí sin, ba cheart coincheap na seirbhíse uilíche leanúint d’fhorbairt chun dul chun cinn na teicneolaíochta, forbairtí sa mhargadh agus athruithe ar éileamh i measc úsáideoirí a léiriú.
(229)Ba cheart an tseirbhís uilíoch leanúint de bheith ina líontán sábhála chun a áirithiú go mbeidh ar a laghad tacar seirbhísí íosta ar fáil do chách, agus ar phraghas inacmhainne do thomhaltóirí, i gcás ina mbeidh an baol ann go mbeidh eisiamh sóisialta ann mar thoradh ar easpa rochtana lena gcuirfí cosc ar shaoránaigh páirt iomlán shóisialta agus eacnamaíoch a ghlacadh sa tsochaí.
(230)Bunriachtanas le haghaidh seirbhís uilíoch is ea é a áirithiú go mbeidh rochtain ar phraghas inacmhainne ag gach tomhaltóir ar sheirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus ar sheirbhísí cumarsáide gutha, ag suíomh fosaithe. I gcás ina bhfuil teorainneacha ann maidir le rochtain, féadfaidh na Ballstáit cuimhneamh ar inacmhainneacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha a áirithiú, seachas ag suíomh fosaithe, i gcás ina measann siad go bhfuil sé sin riachtanach chun rannpháirtíocht iomlán shóisialta agus eacnamaíoch na dtomhaltóirí sa tsochaí a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go mbeidh rochtain choibhéiseach ag tomhaltóirí faoi mhíchumas ag suíomh fosaithe. Níor cheart aon teorainn a bheith leis na modhanna teicniúla trína gcuirtear seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe, lena gceadaítear teicneolaíochtaí sreangaithe agus gan sreang ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, ná níor cheart aon teorainn a bheith ann maidir leis na gnóthais a chuireann cuid de na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, nó na hoibleagáidí sin uile, ar fáil.
(231)Braitheann luas na rochtana idirlín atá ag úsáideoir ar leith ar roinnt fachtóirí, lena n‑áirítear nascacht idirlín an tsoláthraí/na soláthraithe chomh maith leis an bhfeidhmchlár ar leith atá in úsáid chun an nasc a dhéanamh. Is faoi na Ballstáit atá sé, agus treoirlínte BEREC á gcur san áireamh, rochtain leordhóthanach idirlín a shainiú i bhfianaise an bandaleithead íosta a mbaineann formhór na dtomhaltóirí tairbhe as laistigh de chríoch Ballstáit ionas go mbeidh leibhéal leordhóthanach cuimsithe sóisialta agus rannpháirtíocht shóisialta sa gheilleagar digiteach agus sa tsochaí dhigiteach ina gcríoch féin. Ba cheart bandaleithead leordhóthanach a bheith ag an tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín chun tacú le rochtain ar sheirbhísí bunúsacha ar a laghad a léiríonn na seirbhísí atá in úsáid ag formhór na dtomhaltóirí agus chun tacú le húsáid na seirbhísí sin. Chuige sin, chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach sna Ballstáit, i dtreoirlínte BEREC ba cheart an fhorbairt ar úsáid an idirlín a chur san áireamh chun na seirbhísí sin ar líne a shainaithint, arb iad na seirbhísí sin a úsáideann tromlach na dtomhaltóirí ar fud an Aontais agus atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí. Ba cheart do BEREC na sonraí a chur san áireamh a bhailíonn na húdaráis rialála náisiúnta go bliantúil ar éabhlóid agus ar leibhéal phraghsanna miondíola na seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus na seirbhísí cumarsáide gutha lena mbaineann cáilíocht a shonraítear sna críocha náisiúnta faoi seach. Sula n‑eiseoidh sé na treoirlínte, ba cheart do BEREC dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht do thomhaltóirí leochaileacha. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a chinneadh cén tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín agus cén bandaleithead atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí. Na cearta úsáideoirí deiridh is infheidhme maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le haon seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín agus cumarsáide gutha freisin.
(232)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le húdaráis inniúla eile faireachán a dhéanamh ar éabhlóid agus ar mhionsonraí na bpraghsanna miondíola ar sheirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha a úsáideann tomhaltóirí chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta inacmhainneachta. Níor cheart faireachán den chineál sin a dhéanamh níos minice ná uair sa bhliain chun a áirithiú nach gcuirfí ualach riaracháin iomarcach ar údaráis rialála náisiúnta, ar údaráis inniúla eile ná ar sholáthraithe seirbhísí den sórt sin. D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfaireachán mionsonraí na dtairiscintí maidir le roghanna taraifí nó pacáistí do thomhaltóirí ar ioncam íseal, nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, lena n‑áirítear tomhaltóirí faoi mhíchumas, agus ba cheart an faireachán sin a bheith ina bhonn chun bearta inacmhainneachta a bhunú.
(233)Ní hionann an riachtanas le bearta inacmhainneachta idir na Ballstáit agus i gcás cur chuige comhchuibhithe maidir leis na critéir agus leis an modheolaíocht atá le breithniú chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha, ba cheart comhsheasmhacht na gcineálacha cur chuige a áirithiú, agus na cásanna sainiúla ó Bhallstát go chéile á gcur san áireamh an tráth céanna. Chun na critéir agus an modheolaíocht a chomhchuibhiú, arb iad atá le breithniú chun measúnú a dhéanamh ar inacmhainneacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Ba cheart a áireamh ar na critéir, i measc tosca eile, an praghas is inacmhainne atá ar fáil sa mhargadh agus a chéatadán d’ioncam tomhaltóirí, agus tomhaltóirí a bhfuil ioncam íseal nó riachtanais shóisialta speisialta acu á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart cumhacht cheannaigh agus scéimeanna tacaíochta náisiúnta a áireamh ar na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta atá le cur san áireamh, go háirithe i gcás tomhaltóirí leochaileacha.
(234)Ciallaíonn praghas inacmhainne praghas a shainíonn na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta agus na critéir choiteanna agus an mhodheolaíocht choiteann a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún á gcur san áireamh. I gcás ina suíonn na Ballstáit nach inacmhainne iad praghsanna miondíola le haghaidh seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, lena n‑áirítear seanóirí, tomhaltóirí faoi mhíchumas agus tomhaltóirí a chónaíonn faoin tuath nó in áiteanna iargúlta, ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht dhíreach a chur ar fáil do na tomhaltóirí sin chun críoch cumarsáide, rud a bhféadfadh a bheith ina chuid de liúntais shóisialta, dearbháin, nó íocaíochtaí díreacha leis na tomhaltóirí sin. De rogha air sin, nó sa bhreis air sin, d’fhéadfadh na Ballstáit é a chur de cheangal ar sholáthraithe uile na seirbhísí sin roghanna taraifí nó pacáistí bunúsacha a thairiscint, lena n‑áirítear táillí síntiúis míosúla laghdaithe.
(235)I gcás roghanna taraifí nó pacáistí ar leith den sórt sin chun déileáil le riachtanais tomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, ba cheart seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha a sholáthar leo, gan seirbhísí cuachta breise, chun tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh a laghdú.
(236)I gcás ina gcuirfidh Ballstát de cheangal ar sholáthraithe roghanna taraifí nó pacáistí a thairiscint do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, nó roghanna nach ionann iad agus na roghanna sin a sholáthraítear faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála, ba cheart do sholáthraithe uile na seirbhísí rochtana idirlín agus cumarsáide gutha na roghanna taraifí nó pacáistí sin a sholáthar. Níor cheart ualach iomarcach riaracháin nó airgeadais a bheith ar na soláthraithe nó ar na Ballstáit sin toisc gur cuireadh de cheangal a chur ar sholáthraithe uile na seirbhísí rochtana idirlín agus cumarsáide gutha roghanna taraifí nó pacáistí a thairiscint.
(237)I bhfianaise raon feidhme laghdaithe na n‑oibleagáidí seirbhíse uilíche, tá riachtanas teoranta le hainmniúcháin earnáilsonracha a úsáid. D’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht airgeadais phoiblí riachtanach ar deireadh chun cuid de na glanchostais shonracha nó na glanchostais shonracha uile a tabhaíodh i gcomhlíonadh na n‑oibleagáidí seirbhíse uilíche a chumhdach, lena n‑áirítear brabús réasúnta, agus róchúiteamh á sheachaint an tráth céanna. Sa chás sin, ós rud é go bhfuil rialacha ann maidir leis an státchabhair i dtaca cistiú poiblí, go háirithe le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (‘pacáiste SGEI’), ba cheart na rialacha earnáilsonracha a aisghairm maidir le gnóthais a ainmniú agus ríomh an chúitimh a d’fhéadfadh a bheith ann chun seirbhís uilíoch a sholáthar le haghaidh cumarsáid leictreonach. Má dheonaítear aon chúiteamh poiblí chun oibleagáidí seirbhíse uilíche a sholáthar, comhlíonfaidh sé na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair, go háirithe Airteagail 106(2), 107 agus 108 CFAE agus pacáiste SGEI. Leis an simpliú a bhaineann le deireadh a chur le hainmniú earnáilsonrach na hoibleagáide seirbhíse uilíche agus le modh ríofa gaolmhar na nglanchostas, d’fhéadfaí solúbthacht na mBallstát a mhéadú agus modh maoinithe na n‑oibleagáidí seirbhíse uilíche á roghnú acu, rud a d’fhéadfadh an t‑ualach riaracháin ar sholáthraithe a laghdú agus comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach a áirithiú an tráth céanna.
(238)Níor cheart an inacmhainneacht a bheith ina bacainn ar rochtain tomhaltóirí ar an tacar íosta seirbhísí nascachta. Ba cheart go gciallódh ceart chun conradh a dhéanamh le soláthraí gur cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí, a bhfuil ioncam íseal nó riachtanais shóisialta speisialta acu agus atá i dteideal roghanna taraifí nó pacáistí sóisialta, conradh a dhéanamh chun go soláthrófar seirbhísí leordhóthanacha inacmhainne rochtana idirlín agus cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe ar a laghad. Chun na rioscaí airgeadais a bhainfeadh le neamhíocaíocht billí a íoslaghdú, ba cheart go mbeadh saorchead ag soláthraithe conradh a sholáthar ar théarmaí réamhíocaíochta, ar bhonn aonaid inacmhainne aonair réamhíoctha.
(239)Ba cheart inacmhainneacht do thomhaltóirí aonair a bheith bunaithe ar a gceart conradh a dhéanamh le soláthraí. Cearta eile, mar shampla, billeáil mhiondealaithe, uimhir a bheith ar fáil ar feadh tréimhse leordhóthanach agus an cumas faireachán a dhéanamh ar chaiteachas agus é a rialú, is cearta iad sin atá ag úsáideoirí deiridh sa Rialachán seo do na tomhaltóirí uile agus ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le tomhaltóirí a thairbhíonn de bhearta inacmhainneachta seirbhíse uilíche.
(240)Níor cheart go mbeadh dualgas ar thomhaltóirí rochtain a fháil ar sheirbhísí nach bhfuil ag teastáil uathu, agus mar sin ba cheart go mbeadh sé indéanta ag tomhaltóirí incháilithe, ar iarraidh, an tseirbhís uilíoch inacmhainne a shrianadh chuig seirbhís cumarsáide gutha.
(241)Ba cheart do Bhallstáit bearta a thabhairt isteach a chuirfeadh chun cinn cruthú margaidh le haghaidh táirgí agus seirbhísí inacmhainne ina gcorpraítear saoráidí do thomhaltóirí faoi mhíchumas, lena n‑áirítear trealamh a chuimsíonn teicneolaíochtaí cúnta. Is féidir é sin a bhaint amach, inter alia, trí thagairt a dhéanamh do chaighdeáin Eorpacha, nó trí thacú le cur chun feidhme na gceanglas faoi Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a thabhairt isteach agus bearta sonracha a dhéanamh, mar shampla, mura bhfuil táirgí agus seirbhísí inacmhainne á soláthar ag an margadh lena n‑ionchorpraítear saoráidí do thomhaltóirí faoi mhíchumas faoi ghnáthdhálaí eacnamaíocha. D’fhéadfadh tacaíocht airgeadais dhíreach do thomaltóirí deiridh a áireamh ar na bearta sin. Ba cheart costas na seirbhísí athsheachadta do thomhaltóirí faoi mhíchumas a bheith coibhéiseach le meánchostas na seirbhísí cumarsáide gutha.
(242)Tagraítear leis na seirbhísí athsheachadta do sheirbhísí lena gcumasaítear cumarsáid dhéthreo idir úsáideoirí cianda deiridh le móid chumarsáide dhifriúil (mar shampla téacs, comharthaíocht, urlabhra) trí thiontú a chur ar fáil idir na móid chumarsáide sin, de ghnáth trí oibreoir daonna. Sainmhínítear téacs fíor-ama i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882. I gcás ina gcinnfidh Ballstát cúiteamh a thabhairt do na gnóthais a sholáthraíonn roghanna taraifí nó pacáistí bunúsacha, mar shampla nuair a bheidh ualach airgeadais éagórach ann de dheasca na forála, ba cheart dó comhoiriúnacht an bhirt sin leis an margadh inmheánach, lena n‑áirítear rialacha iomaíochta, a áirithiú.
(243)Maidir le cumarsáid sonraí ag rátaí sonraí atá leordhóthanach le haghaidh rochtain leordhóthanach idirlín, tá naisc líne fosaithe ar fáil nach mór go huilíoch agus á n‑úsáid ag tromlach shaoránaigh an Aontais agus tá rochtain níos fairsinge fós ag seirbhísí atá bunaithe ar theicneolaíochtaí gan sreang. Mar sin féin, tá difríochtaí idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín ag suíomh fosaithe ar fud limistéir uirbeacha agus thuaithe.
(244)Tá ról ceannasaíochta ag an margadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain idirlín ar fáil a bhfuil a hacmhainn ag méadú i gcónaí. I limistéir nach soláthródh an margadh seirbhísí iontu, is cosúil, i bprionsabal, go bhfuil uirlisí eile i mbeartais phoiblí, chun tacú le naisc leordhóthanacha rochtana idirlín a bheith ar fáil, níos costéifeachtaí agus nach ndéanann siad an margadh a shaobhadh an oiread agus a dhéanann oibleagáidí seirbhíse uilíche, mar shampla dul ar iontaoibh ionstraimí airgeadais amhail na hionstraimí sin atá ar fáil faoin gclár InvestEU agus faoin gCiste Leathanbhanda um Chónascadh na hEorpa dá dtugtar tacaíocht ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, úsáid an chistithe phoiblí ón Aontas arna bhainistiú ag na Ballstáit, cistiú náisiúnta agus oibleagáidí maidir le cumhdach a chur ag gabháil le cearta úsáide do speictream raidió chun tacú le líonraí leathanbhanda a imscaradh i limistéir ina bhfuil an dlús daonra níos ísle. D’fhéadfadh sé a bheith ar cheann de chuspóirí na mbeart beartais phoiblí freisin é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín a cheannach nach gceannóidís murach sin, mar shampla, i gcás inarb iomchuí, trí thacaíocht dhíreach nó dearbháin nascachta chun táillí míosúla a mhaoiniú, chomh maith le costais chaighdeánacha chun nasc a shocrú, trealamh teirminéil riachtanach nó sreangú inmheánach teoranta, e.g. nuair atá sé riachtanach agus ina ghné chúntach de sholáthar na seirbhíse é. Nuair a bheidh sé beartaithe ag Ballstát tacaíocht airgeadais a dheonú chun na críche sin, ba cheart dó comhoiriúnacht an bhirt sin leis an margadh inmheánach, lena n‑áirítear rialacha iomaíochta, a áirithiú.
(245)Más rud é, tar éis measúnú cuí a dhéanamh, agus torthaí an tsuirbhé gheografaigh ar an imscaradh líonraí arna dhéanamh ag an údarás inniúil á gcur san áireamh, go léirítear nach dócha go ndéanfaidh an margadh ná na sásraí idirghabhála poiblí nasc a sholáthar do thomhaltóirí, do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga ná d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha i limistéir áirithe, ar nasc é a bheidh in ann seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín a sholáthar mar a shainíonn na Ballstáit agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann, ar bhonn eisceachtúil, dul ar iontaoibh soláthraithe difriúla nó tacair soláthraithe dhifriúla na seirbhísí sin sna limistéir ábhartha dhifriúla den chríoch náisiúnta. Sa bhreis ar an suirbhé geografach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as, i gcás inar gá, aon fhianaise bhreise chun méid seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus na seirbhísí cumarsáide gutha atá ar fáil ag suíomh fosaithe a bhunú. D’fhéadfadh a áireamh ar an bhfaisnéis bhreise sin sonraí atá ar fáil do na húdaráis rialála náisiúnta tríd an nós imeachta um anailís mhargadh agus ó na sonraí a bailíodh ó úsáideoirí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hoibleagáidí seirbhíse uilíche chun tacú le hinfhaighteacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín a theorannú do phríomhshuíomh nó do phríomháit chónaithe an úsáideora deiridh.
(246)Más rud é, chun a áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha ar fáil nuair nach féidir seirbhís den sórt sin a áirithiú faoi ghnáth-imthosca tráchtála nó faoi uirlisí eile i mbeartais phoiblí, go gcinnfidh Ballstát é a chur de chúram ar ghnóthas amháin nó níos mó an infhaighteacht sin a ráthú ar fud na críche náisiúnta nó ar fud codanna di agus go ndeonóidh an Ballstát tacaíocht airgeadais chun na críche sin, ba cheart dó comhoiriúnacht an bhirt sin leis an margadh inmheánach, lena n‑áirítear rialacha iomaíochta, a áirithiú.
(247)Is dóichí go ndéanfaidh ceanglais atá ann chun cumhdach críochach trastíre a áirithiú, ar ceanglais iad arna bhforchur i nós imeachta iontaoibhe, roinnt gnóthas a eisiamh nó a dhíspreagadh ó chur isteach ar a bheith ina soláthraithe seirbhíse uilíche. I gcás ina gcuirfear cúram ar sholáthraithe oibleagáidí seirbhíse uilíche ar feadh tréimhse rófhada nó ar feadh tréimhse éiginnte, féadfar soláthraithe áirithe a eisiamh freisin. I gcás ina gcinnfidh Ballstát soláthar roghanna taraifí nó pacáistí a chur de chúram ar na soláthraithe uile chun críoch inacmhainneachta, ní fhéadfadh sé soláthar eilimint infhaighteachta na seirbhíse uilíche a chur de chúram ach ar sholáthraí amháin nó ar sholáthraithe áirithe díobh.
(248)Tar éis raon feidhme na seirbhíse uilíche a laghdú de réir a chéile, leanadh de dheireadh céimnitheach a chur le soláthar táillefón agus eolairí poiblí agus seirbhísí eolaí teileafóin faoin gcóras seirbhíse uilíche. Fágann sé sin go bhfuil forálacha Threoir (AE) 2018/1972 maidir le stádas na seirbhísí uilíocha atá ann cheana atá lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2018/1972 imithe i léig.
(249)Tá baint ag inacmhainneacht seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha leis an bhfaisnéis a fhaigheann úsáideoirí maidir le speansais úsáide chomh maith leis an gcostas coibhneasta a bhaineann le húsáid i gcomparáid le seirbhísí eile, agus tá baint aige freisin lena gcumas caiteachas a rialú. Áirítear ar na saoráidí sin ó sholáthraithe seirbhíse uilíche inacmhainne do thomhaltóirí incháilithe, i measc nithe eile, an deis do thomhaltóirí glaonna áirithe a bhlocáil go roghnaitheach, amhail glaonna ar ardseirbhísí ar phraghas ard, caiteachas a rialú trí mhodhanna réamhíocaíochta, agus táillí ceangail tosaigh a fhritháireamh.
(250)Ach amháin i gcás íocaíochtaí déanacha ar bhonn leanúnach nó neamhíocaíocht billí, ba cheart go ndéanfaí tomhaltóirí atá i dteideal taraifí inacmhainne, agus iad ag feitheamh le réiteach ar an díospóid, a chosaint ar dhícheangal láithreach ón líonra ar na forais nár íoc siad bille agus, go háirithe, i gcás díospóidí maidir le billí arda do sheirbhísí ardráta, ba cheart go mbeadh rochtain leanúnach acu ar sheirbhísí riachtanacha cumarsáide gutha agus leibhéal íosta seirbhíse rochtana idirlín.
(251)Chun cobhsaíocht a sholáthar agus chun tacú le haistriú de réir a chéile ó rialacha earnáilsonracha maidir leis an tseirbhís uilíoch a eagrú agus a mhaoiniú, go dtí an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, níor cheart go ndéanfaí difear d’ainmniúcháin atá ann cheana i leith gnóthais chun seirbhís uilíoch a sholáthar sna Ballstáit ar bhonn Threoir (AE) 2018/1972, ar choinníoll go raibh siad i bhfeidhm 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a stádas choinneáil go dtí go rachaidh na hainmniúcháin sin in éag, ar choinníoll nach bhfuil na seirbhísí nó seirbhísí inchomparáide ar fáil faoi ghnáth-imthosca tráchtála.
(252)De bharr forbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha amach anseo, lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig snáithín optúil, d’fhéadfadh athrú teacht ar an riachtanas le hinfhaighteacht nó le hinacmhainneacht seirbhíse uilíche. Dá bhrí sin, ba cheart do BEREC faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht maidir le rochtain idirlín agus cumarsáid ghutha leordhóthanach sna Ballstáit, agus tuairim a fhoilsiú lena n‑áirítear measúnú ar thionchar na bhforbairtí sin ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo sa chleachtas. Sa tuairim ó BEREC, d’fhéadfaí na coimircí féideartha a chur san áireamh a ghlac na Ballstáit ar son tomhaltóirí a bhfuil ioncam íseal nó riachtanais shóisialta speisialta acu i gcomhthéacs an mhúchta copair. Ba cheart don Choimisiún, agus tuairim BEREC á cur san áireamh aige, tuarascáil a thíolacadh go háirithe d’fhonn a mholadh gur cheart raon feidhme na rialacha maidir le hinfhaighteacht nó le hinacmhainneacht seirbhíse uilíche a athrú nó a athshainiú.
(253)Le Rialachán (AE) 2015/2120 leagadh síos rialacha coiteanna chun cóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach ar thrácht a choimirciú i soláthar seirbhísí rochtana idirlín agus chearta gaolmhara na n‑úsáideoirí deiridh agus bhí sé d’aidhm aige úsáideoirí deiridh a chosaint agus feidhmiú leanúnach an éiceachórais idirlín mar inneall nuálaíochta a ráthú go comhuaineach.
(254)Leis an athstruchtúrú atá á dhéanamh faoi láthair ar an gcreat rialála Eorpach um líonraí agus seirbhísí leictreonacha sa Rialachán seo, tá deis ann na forálacha maidir le bearta a bhaineann leis an idirlíon oscailte atá i Rialachán (AE) 2015/2120 a chumasc sa Rialachán seo, gan baint do na prionsabail bhunúsacha maidir le cóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach ar thrácht i soláthar seirbhísí rochtana idirlín, chomh maith le ceart na n‑úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t‑inneachar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a úsáid agus a sholáthar, agus trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid.
(255)Sa dara Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/2120, deimhníodh go bhfuil na prionsabail lena rialaítear rochtain oscailte ar an idirlíon fós oiriúnach dá bhfeidhm agus cothromaíocht iomchuí á mbaint amach leo fós idir úsáideoirí deiridh a chosaint agus dul chun cinn teicneolaíoch a chumasú. Mar sin féin, i bhfianaise éabhlóid mhór theicneolaíochtaí an líonraithe ó bhí 2015 ann, is gá na coinníollacha a shainiú faoinar cheart sainseirbhísí gnó a thairiscint. Tá na sainseirbhísí gnó sin ag teacht chun bheith ina ndlúthchuid den líonrú atá á thairiscint chun lárionaid sonraí a idirnascadh, sa soláthar imeall-ríomhaireachta agus le haghaidh seirbhísí intleachta saorga. Is gnéithe fíor-riachtanacha de shainseirbhísí gnó iad aga folaigh íseal agus cáilíocht seirbhíse ráthaithe a sholáthar. Ba cheart seirbhísí criticiúla rialtais a mheas mar sheirbhísí tosaíochta freisin chun a áirithiú go bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí ag freastal ar an éileamh méadaithe ar riachtanais slándála agus chosanta, amhail brath, freagairt agus soghluaisteacht. Cé go dtugtar de chumhacht do BEREC treoirlínte a eisiúint chun tacú le cur chun feidhme comhsheasmhach ag údaráis rialála náisiúnta, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le treoraíocht bhreise ar leibhéal an Aontais chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le seirbhísí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear slisniú líonra, seirbhísí turgnamhacha agus cásanna úsáide tionsclaíocha difreáilte. Dá bhrí sin, tríd an gCoimisiún a chumhachtú gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le seirbhísí speisialaithe a chur chun feidhme, ba cheart rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil agus comhleanúnachas na rialála ar fud an Aontais, trí chritéir shoiléire maidir le comhlíonadh a sholáthar, lena n‑áirítear, inter alia, paraiméadair i leith cáilíocht seirbhíse nó íosleibhéil atá le háirithiú le haghaidh seirbhísí rochtana idirlín ginearálta. Ba cheart an gníomh cur chun feidhme sin treoirlínte BEREC a chomhlánú, tacú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an chreata, spreagadh a thabhairt go ndéanfar infheistíocht in ardseirbhísí nascachta agus sa deighleog gnólacht le gnólacht go háirithe agus go rachfar i mbun na nuálaíochta ina leith, agus ar an gcaoi sin iomaíochas gheilleagar digiteach an Aontais a neartú chomh maith lena áirithiú go dtabharfar tosaíocht do sheirbhísí criticiúla rialtais.
(256)Chun inchomparáideacht ar fud an Aontais a éascú agus chun costas comhlíontachta a laghdú, ba cheart do BEREC treoirlínte a ghlacadh maidir le paraiméadair ábhartha i leith cáilíocht seirbhíse le haghaidh seirbhísí rochtana idirlín, ar cheart d’údaráis rialála náisiúnta, i gcomhar le húdaráis inniúla eile, lánaird a thabhairt orthu agus iad ag forfheidhmiú na n‑oibleagáidí cáilíochta seirbhíse atá ábhartha do chearta an úsáideora deiridh. Ina threoirlínte maidir le seirbhísí rochtana idirlín, ba cheart do BEREC na paraiméadair i leith cáilíocht seirbhíse a shonrú, arb iad a bheidh le tomhas chun críoch ceanglas faisnéise maidir le conarthaí agus maidir le faisnéis atá le foilsiú ar mhaithe le trédhearcacht, agus caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla arna n‑eisiúint ag comhlachtaí Eorpacha agus comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú á gcur san áireamh. Ba cheart a áireamh ar na paraiméadair sin, ar a laghad, paraiméadair i leith an tsásra faireacháin ar sheirbhísí rochtana idirlín, paraiméadair ábhartha i leith úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, luasanna íoslódála agus uaslódála de bhun na faisnéise a cheanglaítear maidir le luasanna i gcás faisnéise le haghaidh conarthaí lena ngabhann seirbhísí rochtana idirlín agus i gcás faisnéis atá le foilsiú, aga folaigh, giodam agus caillteanas paicéad. Ba cheart paraiméadair i leith seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a áireamh ar na paraiméadair ábhartha i leith úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas freisin.
(257)Mar thoradh ar chur chun feidhme éagsúil na rialacha a bhaineann le cosaint an úsáideora deiridh cruthaíodh bacainní móra ar an margadh inmheánach a dhéanann difear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus d’úsáideoirí deiridh araon. Ba cheart na bacainní sin a laghdú trí infheidhmeacht na rialacha céanna a áirithíonn ardleibhéal coiteann cosanta ar fud an Aontais. Ba cheart go ndéanfadh comhchuibhiú iomlán calabraithe ar chearta úsáideoirí deiridh a chumhdaítear leis an Rialachán seo deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh úsáideoirí deiridh agus sholáthraithe na seirbhísí cumarsáide leictreonaí araon a mhéadú go mór agus ba cheart go n‑ísleodh sé go suntasach na bacainní iontrála agus an t‑ualach comhlíonta neamhriachtanach a eascraíonn ó ilroinnt na rialacha. Cuidíonn an comhchuibhiú iomlán bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a eascraíonn ó na forálacha náisiúnta mar sin maidir le cearta úsáideoirí deiridh a shárú, ar bacainní iad a chuireann cosaint ar fáil an tráth céanna do sholáthraithe náisiúnta in aghaidh na hiomaíochta ó Bhallstáit eile. Cuireann an comhchuibhiú iomlán ar a gcearta go mór le hiontaoibh na n‑úsáideoirí deiridh sa mhargadh inmheánach mar thairbhíonn siad de leibhéal cosanta atá chomh hard céanna agus iad ag úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ní hé amháin ina mBallstát féin ach fad atá siad ina gcónaí, ag obair nó ag taisteal i mBallstáit eile freisin.
(258)Bíonn conarthaí ina n‑uirlisí tábhachtacha d’úsáideoirí deiridh chun trédhearcacht na faisnéise agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Déanfaidh formhór na soláthraithe seirbhíse i dtimpeallacht iomaíoch conarthaí a thabhairt i gcrích lena gcustaiméirí ar chúiseanna inmhianaitheachta tráchtála. Cumhdaíonn na hoibleagáidí i leith ceanglais faisnéise maidir le conarthaí seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta. Seirbhísí atá comhdhéanta go hiomlán nó go príomha d’iompar comharthaí amhail seirbhísí tarchuir arna n‑úsáid le haghaidh seirbhísí meaisín le meaisín, ní chumhdaítear iad leis na ceanglais bhreise faisnéise maidir le conarthaí. I dtaca leis na ceanglais faisnéise, a d’fhéadfadh a bheith de dhíth freisin de bhun Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, níor cheart an fhaisnéis laistigh de dhoiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha a bheith dúbailte dá bharr sin. Maidir le faisnéis ábhartha arna cur ar fáil i leith na Treorach seo, lena n‑áirítear ceanglais shaintreoracha agus níos mionsonraithe ó thaobh na faisnéise de, ba cheart a mheas go gcomhlíonann sí na ceanglais chomhfhreagracha de bhun Treoir 2011/83/AE. Ina theannta sin, ceanglais dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le cosaint tomhaltóirí a bhaineann le conarthaí, go háirithe Treoir 93/13/CEE ón gComhairle, agus Treoir 2011/83/AE, tá feidhm acu maidir le hidirbhearta tomhaltóirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Rialachán 2016/679 i dtaca le cosaint sonraí, tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta.
(259)Maidir le cuid de na forálacha sin chun úsáideoirí deiridh a chosaint nach bhfuil feidhm acu ach amháin i gcás tomhaltóirí, is iad sin na forálacha maidir le faisnéis chonarthach, ré uasta chonartha agus beartáin, ba cheart dóibh dul chun tairbhe ní hamháin do na tomhaltóirí ach do mhicrifhiontair agus d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha freisin mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. Tá seasamh margála na gcatagóirí fiontar agus eagraíochtaí sin inchomparáide le seasamh margála na dtomhaltóirí agus, ar an mbonn sin, ba cheart dóibh tairbhiú den leibhéal céanna cosanta mura ndéanfaidís rogha shainráite na cearta sin a tharscaoileadh. Maidir le hoibleagáidí i leith faisnéis chonarthach sa Rialachán seo, lena n‑áirítear iad sin atá i dTreoir 2011/83/AE dá dtagraítear sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu beag beann ar aon íocaíocht a bheith déanta agus ar shuim na híocaíochta a bheidh le déanamh ag an gcustaiméir. Ba cheart go mbeadh feidhm uathoibríoch ag na hoibleagáidí maidir le faisnéis chonartha, lena n‑áirítear na hoibleagáidí sin atá i dTreoir 2011/83/AE i ndáil le micrifhiontair agus le heagraíochtaí seachbhrabúsacha sin murar fearr leo téarmaí conarthacha saincheaptha a chaibidliú le soláthraithe na seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Murab ionann agus micrifhiontair agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha, de ghnáth bíonn cumhacht mhargála níos láidre ag fiontair mhóra agus ní bhíonn siad ag brath, dá bhrí sin, ar na ceanglais faisnéise chonarthacha chéanna is a bhíonn tomhaltóirí. Ba cheart fós go leanfadh forálacha maidir le soláthraí a mhalartú agus inaistritheacht uimhreacha, atá tábhachtach d’fhiontair mhóra chomh maith, a bheith i bhfeidhm do gach úsáideoir deiridh. Is éard is ‘eagraíochtaí seachbhrabúsacha’ ann eintitis dhlíthiúla nach dtuilleann brabús dá n‑úinéirí nó dá gcomhaltaí. Is iondúil gur carthanachtaí nó cineálacha eile eagraíochtaí ar mhaithe le leas an phobail iad eagraíochtaí seachbhrabúsacha. Dá bhrí sin, i bhfianaise an cháis inchomparáide, tá sé dlisteanach caitheamh le heagraíochtaí den chineál sin ar an gcaoi chéanna a gcaitear le micrifhiontair nó le fiontair bheaga faoin Rialachán seo, a mhéid a bhaineann le cearta úsáideoirí deiridh. Thairis sin, tomhaltóirí atá i dteideal taraifí inacmhainne bunaithe ar sheirbhís uilíoch, tá siad i dteideal leibhéal céanna na cosanta agus atá na tomhaltóirí uile eile.
(260)Éilíonn sainiúlachtaí na hearnála cumarsáide leictreonaí, anuas ar rialacha conarthacha cothrománacha, líon teoranta d’fhorálacha breise chun úsáideoirí deiridh a chosaint. Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas maidir le cáilíocht leibhéil seirbhíse arna tairiscint, coinníollacha le haghaidh cur chun cinn agus foirceannadh conarthaí, pleananna taraifí is infheidhme agus taraifí le haghaidh seirbhísí atá faoi réir coinníollacha áirithe praghsála, i measc nithe eile. Tá an fhaisnéis sin ábhartha le haghaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí. Níor cheart soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a bheith faoi réir na n‑oibleagáidí maidir le ceanglais faisnéise le haghaidh conarthaí i gcás nach bhfuil luach saothair de chineál ar bith á fháil ag an soláthraí, ná ag cuideachtaí nó daoine atá cleamhnaithe leis, atá bainteach go díreach nó go hindíreach le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, amhail, i gcás ina dtugann ollscoil rochtain ar a líonra Wi-Fi do chuairteoirí ar an gcampas saor in aisce gan aon luach saothair a fháil, bíodh sin trí íocaíocht ó úsáideoirí nó trí ioncam fógraíochta. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear do cheanglais faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.
(261)Tá sé riachtanach an fhaisnéis ábhartha is gá a sholáthar dó/di sula gcuirfear an conradh i gcrích agus é sin a dhéanamh i dteanga shoiléir intuigthe agus ar mheán buanfasach nó, nuair nach mbeadh sé indéanta agus gan dochar don sainmhíniú nó do na ceanglais maidir leis an meán buanfasach a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, i ndoiciméad, arna chur ar fáil ag an soláthraí agus arna chur in iúl don úsáideoir, a bheidh furasta a íoslódáil, a oscailt agus a léamh ar ghairis a bhíonn in úsáid go coitianta ag tomhaltóirí. Ba cheart do sholáthraithe achoimre ar théarmaí fíor-riachtanacha an chonartha a chur i láthair freisin. An fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimh an gconradh chomh maith leis an achoimre, ba cheart iad a bheith ina ndlúthchodanna den chonradh deiridh. Ba cheart an achoimre ar an gconradh a bheith beacht inléite, níor cheart í a bheith níos faide ná taobh amháin de leathanach A4, nó, i gcás ina ndéantar roinnt seirbhísí éagsúla a chur le chéile in aon chonradh amháin, níor cheart níos mó ná trí leathanach A4 aontaobhach a bheith inti, go hidéalach. Chun freagairt d’fhorbairtí teicneolaíocha, sóisialta agus margaidh agus chun costas comhlíontachta a laghdú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na n‑achoimrí conartha sin a bheidh le húsáid ag na soláthraithe i gcomhréir le príomheilimintí na gceanglas faisnéise a leagtar amach sa Rialachán seo.
(262)Gan dochar don oibleagáid shubstainteach ar an soláthraí a bhaineann le slándáil, ba cheart go sonrófaí sa chonradh an cineál gníomhaíochta a d’fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh i gcás teagmhais, bagairtí nó laigí slándála. Ina theannta sin, ba cheart don chonradh aon socrú cúitimh agus aisíocaíochta a shonrú i gcás ina bhfreagródh soláthraí ar bhealach neamhleor do theagmhas slándála, lena n‑áirítear i gcás ina dtarlódh teagmhas slándála, arna chur in iúl don soláthraí, de bharr leochaileacht bogearraí nó crua-earraí arb eol iad, ar eisigh an monaróir nó an forbróir paistí ina leith agus nár chuir an soláthraí seirbhíse na paistí sin i bhfeidhm nó nár ghlac siad aon fhrithbheart iomchuí eile.
(263)Ba cheart na forálacha maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú a chomhlánú le forálacha éifeachtacha úsáideora dheiridh a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann go háirithe le seirbhísí rochtana idirlín agus a chuireann ar a gcumas do thomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach soiléir maidir leis an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na cleachtais bainistithe tráchta a chuirtear i bhfeidhm ar cháilíocht na seirbhísí rochtana idirlín, ar phríobháideachas tomhaltóirí agus ar chosaint sonraí pearsanta agus maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar sheirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín a bhfuil síntiús acu leo, maidir le cáilíocht agus infhaighteacht seirbhísí rochtana idirlín atá acu faoi seach freisin. D’fhonn tomhaltóirí a chumhachtú in imthosca den sórt sin, dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín tomhaltóirí ar an eolas sa chonradh faoin luas atá siad in ann a sholáthar go réadúil. Tuigtear gurb é atá sa luas a bhíonn ar fáil de ghnáth an luas a bhféadfadh an t‑úsáideoir deiridh a bheith ag súil leis an chuid is mó den am agus rochtain á fáil aige ar an tseirbhís. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas freisin maidir leis na réitigh atá ar fáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás nach gcomhlíontar an fheidhmíocht. Ba cheart aon difríocht mhór agus leanúnach nó aon difríocht a athfhilleann go tráthrialta, arna deimhniú le sásra faireacháin atá deimhnithe ag an údarás rialála náisiúnta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl sa Chonradh, a mheas a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart an mhodheolaíocht a leagan síos i dtreoirlínte BEREC.
(264)Is minic nach mbíonn úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi chostas a n‑iompraíochta tomhaltais nó a bhíonn deacrachtaí acu a dtomhaltas ama nó sonraí a mheas agus iad ag úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Chun cur leis an trédhearcacht agus chun rialú níos fearr a cheadú dá mbuiséad cumarsáide, tá sé tábhachtach go gcuirfí saoráidí ar fáil d’úsáideoirí deiridh a chuirfidh ar a gcumas dóibh súil a choinneáil ar a dtomhaltas go tráthúil. Ina theannta sin, chun cosaint a thabhairt ar ‘bhillí an-ard gan choinne’, ba cheart do sholáthraithe foláirimh saor in aisce a sholáthar i gcás patrúin tomhaltais neamhghnácha nó iomarcacha lena n‑áirítear i ndáil le seirbhísí ardráta agus seirbhísí eile atá faoi réir coinníollacha praghsála ar leith. Ba cheart nach bhfeicfí ach am, ré agus méid an tomhaltais le linn seisiún úsáide ar bhillí miondealaithe ar úsáid rochtana idirlín agus nach bhfeicfí na suíomhanna gréasáin ó chríochphointí idirlín lenar nascadh le linn seisiún den sórt sin. Faoi Threoir (AE) 2018/1972, bhí na Ballstáit in ann a áirithiú go raibh na húdaráis inniúla in ann, i gcomhar, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis rialála náisiúnta, é a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, na saoráidí breise uile nó cuid díobh a áirítear i dTreoir (AE) 2018/1972 a chur ar fáil. Bhí na Ballstáit in ann saoráidí de bhreis orthu sin a éileamh freisin chun leibhéal cosanta níos airde do thomhaltóirí a áirithiú. Ba cheart na saoráidí breise sin a sholáthar do thomhaltóirí seirbhíse uilíche a thairbhíonn de bhearta inacmhainneachta. Ina theannta sin, is saoráidí éigeantacha iad an bhilleáil mhiondealaithe, i gcás inarb infheidhme, agus bearta áirithe um rialú costas atá le soláthar saor in aisce do na tomhaltóirí uile. Níor cheart do na Ballstáit ceanglais éagsúla eile maidir le saoráidí breise a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha a choinneáil maidir leis na saoráidí sin a leagadh amach i dTreoir (AE) 2018/1972, lena n‑áirítear saoráidí lena gcuirtear de cheangal ar sholáthraithe faisnéis bhreise a sholáthar maidir leis an leibhéal tomhaltais agus cosc sealadach a chur ar úsáid bhreise na seirbhíse ábhartha i gcás ina sháraítear teorainn airgeadais nó méide.
(265)Príomhghné le haghaidh tomhaltóirí i margaí iomaíocha ina bhfuil roinnt soláthraithe ag tairiscint seirbhísí is ea infhaighteacht faisnéise atá cothrom le dáta agus inchomparáide maidir le tairiscintí agus seirbhísí. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann comparáid éasca a dhéanamh idir praghsanna na seirbhísí éagsúla atá á dtairiscint ar an margadh bunaithe ar fhaisnéis atá foilsithe i bhfoirm éasca le húsáid. Chun go mbeidh siad in ann comparáidí praghais agus seirbhíse a dhéanamh go héasca, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí faisnéis trédhearcachta i bhfad níos fearr a fhoilsiú, lena n‑áirítear taraifí, cáilíocht na seirbhíse, coinníollacha maidir le trealamh teirminéil a sholáthraítear, agus faisnéis ábhartha eile. Braitheann fiontair ar théarmaí conartha caibidlithe go hiondúil agus ní bhraitheann siad ar na ceanglais chéanna maidir le tairiscintí a fhoilsiú agus bhíonn i gceist le tomhaltóirí.
(266)Soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a bhfuil sé d’oibleagáid orthu rochtain ar sheirbhísí éigeandála a sholáthar trí chumarsáid éigeandála, in imthosca eisceachtúla, mar atá, de dheasca easpa indéantachta teicniúla, d’fhéadfadh sé nach mbeidís in ann rochtain a sholáthar ar sheirbhísí éigeandála nó ar shuíomh an ghlaoiteora, nó ar an dá rud. Sna cásanna sin, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl dá gcustaiméirí sa chonradh. Ba cheart do na soláthraithe sin faisnéis shoiléir thrédhearcach a thabhairt dá gcustaiméirí sa chonradh tosaigh agus í a thabhairt cothrom le dáta i gcás aon athrú ar sholáthar na rochtana ar sheirbhísí éigeandála, mar shampla i sonraisc. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin aon teorainn le cumhdach críochach, ar bhonn na bparaiméadar oibrithe teicniúil beartaithe den tseirbhís cumarsáide agus ar bhonn an bhonneagair atá ar fáil. I gcás nach gcuirfear an tseirbhís ar fáil thar cheangal atá bainistithe chun cáilíocht shonraithe seirbhíse a sholáthar, ba cheart go n‑áireofaí san fhaisnéis sin leibhéal iontaofacht na rochtana agus faisnéis shuíomh an ghlaoiteora le hais seirbhíse arna soláthar thar cheangal den sórt sin, ag cur san áireamh an teicneolaíocht is déanaí agus caighdeáin cháilíochta, chomh maith le cáilíocht na bparaiméadar seirbhíse a shonraítear faoin Rialachán seo.
(267)I bhfianaise na ndeiseanna méadaithe atá ag úsáideoirí deiridh raon leathan tairiscintí a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile trí úsáid a bhaint as arduirlisí cuardaigh dhigitigh, idir phríobháideach agus phoiblí, níl soláthar éigeantach na n‑uirlisí comparáide ag na húdaráis inniúla ábhartha chomh hábhartha leis sin agus a bhíodh. Is bealaí éifeachtacha iad uirlisí comparáide, amhail suíomhanna gréasáin, d’úsáideoirí deiridh chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na soláthraithe éagsúla rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar íocaíochtaí airgeadaíochta díreacha athfhillteacha nó tomhaltasbhunaithe, go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir praghsanna, taraifí agus paraiméadair cháilíochta in aon áit amháin. D’fhéadfadh údaráis inniúla uirlisí den sórt sin a dheimhniú, arna iarraidh sin do sholáthraí na huirlise, chun a áirithiú go bhfuil siad neamhspleách go hoibríochtúil ar sholáthraithe seirbhíse agus nach dtugtar cóir fhabhrach d’aon soláthraí seirbhíse i dtorthaí cuardaigh.
(268)Chun buntáiste iomlán a bhaint as an timpeallacht iomaíoch, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus soláthraithe a athrú nuair is chun a leasa déanamh amhlaidh. Tá sé bunriachtanach a áirithiú gur féidir leo déanamh amhlaidh gan aon bhac dlíthiúil, teicniúil nó praiticiúil a chur orthu, lena n‑áirítear coinníollacha conarthacha, nósanna imeachta agus muirir. Ní chuireann sin cosc ar sholáthraithe tréimhsí conarthacha íosta réasúnta a shocrú dar fad suas le 24 mhí i gconarthaí tomhaltóirí. Ba cheart do na Ballstáit an deis a bheith acu, áfach, forálacha a choimeád maidir le huasré is giorra agus cead a thabhairt do thomhaltóirí pleananna taraife a athrú nó an conradh a fhoirceannadh laistigh de ré a chonartha gan costais bhreise a thabhú i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, amhail leibhéil iomaíochta agus cobhsaíocht na n‑infheistíochtaí líonraí. Go neamhspleách ar chonradh seirbhíse cumarsáide leictreonaí, d’fhéadfadh gurbh fhearr le tomhaltóirí tréimhse amúchta níos faide a bheith acu do cheangail fhisiceacha agus go dtairbheoidís díobh. Is féidir gealltanais mar sin do thomhaltóirí a bheith ina bhfachtóir tábhachtach chun éascú a dhéanamh ar leathadh amach líonraí gigighiotáin suas le háitribh na n‑úsáideoirí deiridh nó an-chóngarach do na háitribh sin, lena n‑áirítear trí scéimeanna comhiomlánaithe éilimh a chuireann ar a gcumas d’infheisteoirí i líonraí a rioscaí úsáide tosaigh a laghdú. Níor cheart srian a chur, áfach, le cearta tomhaltóirí malartú idir soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis na tréimhsí aisíoca sin i gconarthaí maidir le ceangail fhisiceacha agus níor cheart go gcumhdódh conarthaí den chineál sin trealamh teirminéil ná rochtana ar an idirlíon, amhail sásanna láimhe, ródairí nó móideimí. Ba cheart a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na heintitis, lena n‑áirítear oibreoirí, a mhaoiníonn imscaradh naisc fhisicigh ghigighiotáin le háitreabh úsáideora deiridh, lena n‑áirítear i gcás inar trí bhíthin conradh tráthchoda é an maoiniú sin. Na hoibleagáidí i dtaca le ré chonartha, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le micrifhiontair, agus le heagraíochtaí seachbhrabúsacha ach amháin más fearr leo téarmaí conartha saincheaptha a chaibidliú le soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Murab ionann agus micrifhiontair, is iondúil go mbíonn cumhacht mhargála níos láidre ag fiontair mhóra agus, dá bhrí sin, ní bhíonn siad ag brath ar na riachtanais chéanna a bhíonn ag tomhaltóirí maidir le ré chonartha. Ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí maidir le foirceannadh conartha maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha, ach amháin más fearr leo téarmaí conartha saincheaptha a chaibidliú le soláthraí na seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
(269)Féadfar conarthaí le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a shíneadh go huathoibríoch. Sna cásanna sin, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann a gconradh a fhoirceannadh gan aon chostas a thabhú tar éis do théarma tosaigh an chonartha dul in éag.
(270)Maidir le haon athrú mór ar na coinníollacha conarthacha arna moladh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, nach bhfuil chun leas an tomhaltóra, mar shampla i ndáil le muirir, taraifí, teorainneacha ar thoirt sonraí, luasanna sonraí, cumhdach nó próiseáil sonraí pearsanta ar fhorais dhleathacha de bhun dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí seachas toiliú, ba cheart iad a mheas mar athruithe is cúis le ceart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas a thabhú, fiú amháin má bhíonn roinnt athruithe tairbhiúla ag baint leo freisin. Dá bharr sin, ba cheart go bhfágfadh athrú ar bith a dhéanfadh an soláthraí ar na coinníollacha conarthacha go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin má bhíonn an t‑athrú sin chun tairbhe an tomhaltóra, nó mura mbíonn iontu ach athruithe riaracháin, mar shampla i gcás athrú ar sheoladh an tsoláthróra, agus mura mbeadh aon drochthionchar ag an athrú ar an tomhaltóir, nó más rud é go ndéantar na hathruithe a fhorchur de bharr athruithe reachtacha nó rialála, amhail ceanglais nua maidir le faisnéis chonartha arna bhforchur ag dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta. Is ar bhonn critéir oibiachtúla is ceart a mheas cé acu a rachadh nó nach rachadh athrú chun tairbhe don tomhaltóir amháin. Níor cheart go n‑eisiafaí ceart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh ach amháin i gcás ina mbeadh an soláthraí in ann a léiriú go bhfuil na hathruithe uile ar an gconradh chun tairbhe don tomhaltóir amháin nó gur athruithe riaracháin ar fad iad nach mbeidh aon tionchar diúltach acu ar an tomhaltóir.
(271)I gcás inar dlúthchuid den chonradh é clásal dleathach um innéacsú praghsanna, arna shonrú de réir na gceanglas faisnéise maidir le conarthaí lena gceanglaítear tuairisc a thabhairt ar an modh trína bhféadfaí athruithe a dhéanamh ar an bpraghas go dleathach, ní bheadh cur chun feidhme an chlásail sin ina athrú ar choinníollacha conarthacha ach ina chur i bhfeidhm forála conartha atá ann cheana, i gcás ina bhfuil an clásal i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
(272)Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aon athrú ar na coinníollacha conarthacha trí bhíthin meán buanfasach. Ba cheart na forálacha maidir le conradh a fhoirceannadh a bheith gan dochar d’aon fhoráil eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta a bhaineann leis na forais ar a bhféadfaidh an soláthraí seirbhíse nó an tomhaltóir conarthaí a fhoirceannadh nó téarmaí agus coinníollacha a athrú.
(273)Maidir le trealamh teirminéil, ba cheart a shonrú sa chonradh leis an gcustaiméir aon choinníoll a d’fhorchuir an soláthraí maidir le húsáid an trealaimh, amhail ‘glasáil SIM’ ar ghairis móibíleacha, mura mbeidh na coinníollacha sin toirmiscthe faoin dlí náisiúnta, agus aon athrú toisc fhoirceannadh an chonartha, bíodh sin roimh an dáta éaga a comhaontaíodh nó ar an dáta sin, lena n‑áirítear aon chostas arna fhorchur chun an trealamh a choinneáil. I gcás ina roghnaíonn an tomhaltóir trealamh teirminéil a choinneáil, atá cuachta ag an am a dtugtar an conradh i gcrích, níor cheart go rachadh aon chúiteamh a dhlitear thar a luach pro rata temporis arna ríomh ar bhonn an luacha an t‑am ar tugadh an conradh i gcrích nó ar bhonn a bhfuil fanta den táille seirbhíse go dtí deireadh an chonartha, cibé méid acu sin is lú. Ba cheart don soláthraí deireadh a chur le haon srian le trealamh teirminéil a úsáid ar líonraí eile, saor in aisce, tráth a íoctar an cúiteamh sin ar a dheireanaí.
(274)Tá cuacha ina bhfuil ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, chomh maith le seirbhísí eile, amhail seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir agus atá ar fáil go poiblí, craoltóireacht líneach agus seirbhísí meaisín le meaisín, nó trealamh teirminéil, i bhfad níos forleithne ná mar a bhí siad roimhe seo agus tá siad ina n‑eilimintí thábhachtach den iomaíocht. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gur cuach atá ann nuair a chuireann an soláthraí céanna na heilimintí den chuach ar fáil nó nuair a dhíolann sé iad faoin gconradh céanna nó faoi chonradh atá dlúthghaolmhar nó nasctha leis. Cé gur minic cuacha a bheith tairbhiúil do thomhaltóirí is féidir leo an t‑aistriú a dhéanamh níos deacra nó níos costasaí agus dul i mbaol ‘gaibhniú’ conarthach. I gcás ina mbeidh seirbhísí éagsúla agus trealamh teirminéil laistigh de chuach faoi réir rialacha éagsúla um fhoirceannadh agus malartú conartha, nó maidir le haon ghealltanas conarthach maidir le trealamh teirminéil a fháil, cuirtear bac go héifeachtach ar thomhaltóirí gona gcearta faoin Rialachán seo malartú go tairiscintí iomaíocha le haghaidh na cuaiche iomláine nó codanna di. Maidir le forálacha bunriachtanacha áirithe den Rialachán seo a bhaineann le faisnéis achoimre an chonartha, trédhearcacht, ré agus foirceannadh conartha agus aistriú, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le gach eilimint de chuach, lena n‑áirítear trealamh teirminéil, de sheirbhísí eile amhail inneachar digiteach nó seirbhísí digiteacha, agus de sheirbhísí cumarsáide leictreonaí nach gcumhdaítear go díreach faoi raon feidhme na bhforálacha sin. Maidir le hoibleagáidí uile an úsáideora deiridh is infheidhme i leith seirbhís áirithe cumarsáide leictreonaí nuair a sholáthraítear nó nuair a dhíoltar í mar sheirbhís neamhspleách, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith infheidhme freisin nuair is cuid de chuach í ina bhfuil ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí. Maidir le saincheisteanna conarthacha eile, amhail na réitigh is infheidhme i gcás nach gcomhlíonfar conradh, ba cheart go mbeidís rialaithe ag na rialacha is infheidhme maidir leis an eilimint áirithe den chuach, mar shampla ag rialacha an chonartha le haghaidh díolachán earraí nó le haghaidh soláthar inneachair dhigitigh. Mar sin féin, maidir le ceart chun aon eilimint de chuach a fhoirceannadh, ar cuach í ina bhfuil ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, roimh dheireadh théarma comhaontaithe an chonartha mar gheall ar easpa comhréireachta nó teip soláthair, ba cheart an ceart a thabhairt do thomhaltóir eilimintí uile na cuaiche a fhoirceannadh, mar chuid den cheart sin. Chomh maith leis sin, chun a n‑acmhainneacht chun soláthraithe a mhalartú go héasca a choinneáil, níor cheart tomhaltóirí a bheith gaibhnithe ag soláthraí trí shíneadh conarthach de facto a chuirtear le tréimhse thosaigh an chonartha.
(275)Tá sé ríthábhachtach don iomaíocht éifeachtach i dtimpeallacht iomaíochta go mbeifí in ann malartú idir soláthraithe. Trí fhaisnéis thrédhearcach bheacht thráthúil a bheith ar fáil faoi mhalartú ba cheart go gcuirfí le muinín na úsáideoirí deiridh malartú a dhéanamh agus tabhairt orthu bheith níos toilteanaí páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas iomaíoch. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse leanúnachas na seirbhíse a áirithiú ionas go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann malartú idir soláthraithe gan bac a bheith orthu toisc go gcaillfí seirbhís agus chun go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann malartú ar an dáta a iarrann siad, nuair is indéanta go teicniúil. In imthosca eisceachtúla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh malartú indéanta ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla amhail i gcásanna ina gcuirfí feidhmiú slán an trealaimh teirminéil nó a shláine i mbaol ar shlí eile. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás cártaí SIM nó eSIManna atá leabaithe i dtrealamh teirminéil agus a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a tharchur chomh maith leis an rochtain idirlín. Sampla de sin is ea carr ina n‑úsáidtear an eSIM céanna chun bogearraí uathghluaisneacha an ghluaisteáin a nuashonrú agus chun rochtain idirlín a thabhairt don chóras infheithicle faisnéise agus siamsaíochta.
(276)Leis an inaistritheacht uimhreach, tacaítear le rogha agus iomaíocht éifeachtach na dtomhaltóirí i margaí cumarsáide leictreonaí iomaíocha. Ba cheart d’úsáideoirí deiridh a iarrann amhlaidh a bheith in ann a n‑uimhreacha a choinneáil go neamhspleách ar sholáthraí na seirbhíse agus ar feadh tréimhse theoranta ama tráth a dhéantar soláthraithe seirbhíse a mhalartú. Soláthar na saoráide sin idir naisc leis an líonra teileafóin phoiblí ag suíomhanna fosaithe agus neamhfhosaithe, ní chumhdaítear é leis na forálacha maidir le soláthraí a mhalartú agus leis an inaistritheacht uimhreach.
(277)Déantar tionchar na hinaistritheachta uimhreach a neartú go mór nuair a bhíonn faisnéis thrédhearcach ann maidir le taraifí, d’úsáideoirí deiridh a dhéanann a n‑uimhreacha a aistriú agus d’úsáideoirí deiridh a chuireann glao orthu a d’aistrigh a n‑uimhreacha. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta, i gcás inarb indéanta, éascú a dhéanamh ar thrédhearcacht taraife iomchuí mar chuid de chur chun feidhme na hinaistrithereachta uimhreach.
(278)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann praghsanna a chur san áireamh atá ar fáil i margaí inchomparáide chomh maith agus iad ag áirithiú go bhfuil an phraghsáil don idirnascadh a bhaineann le soláthar na hinaistritheachta uimhreacha dírithe ar chostas.
(279)Ba cheart an inaistritheacht uimhreach a chur chun feidhme agus an mhoill is lú i gceist, chun go mbeidh an uimhir gníomhachtaithe go feidhmiúil laistigh de 1 lá oibre amháin agus nach gcaillfidh an t‑úsáideoir deiridh seirbhís ar feadh tréimhse níos faide ná 1 lá oibre amháin ón dáta comhaontaithe. Ba cheart an ceart chun an uimhir a aistriú a shannadh don úsáideoir deiridh ag a bhfuil an conradh ábhartha (réamhíoctha nó iar-íoctha) leis an soláthraí. Chun ionad ilfhreastail a éascú ina gcumasaítear eispéireas malartaithe gan uaim d’úsáideoirí deiridh, ba cheart gurb é an soláthraí fála cumarsáide leictreonaí don phobal a stiúrfaidh an próiseas malartaithe. Chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha maidir le soláthraí a mhalartú agus leis an inaistritheacht uimhreach sna Ballstáit, ba cheart do BEREC treoirlínte a eisiúint maidir leis an bpróiseas domhanda um uimhreacha a mhalartú agus a aistriú, agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin, i gcás ina mbeidh fáil air, ceanglas go dtabharfar an t‑aistriú i gcrích trí sholáthar thar an líonra, mura n‑iarrfaidh úsáideoir deiridh a mhalairt, chomh maith le mionsonraí faoin bpróiseas cúitimh i gcás moilleanna ar phróisis aistrithe agus malartaithe, i gcás ina mbaintear mí-úsáid as na próisis sin, i gcás ina gcailltear coinní seirbhíse agus suiteála nó i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí na hoibleagáidí a bhaineann le malartú agus inaistritheacht uimhreach.
(280)Ba cheart do na Ballstáit rialacha maidir le pionóis a shainiú, i gcás nach gcomhlíonann soláthraí na hoibleagáidí maidir le malartú agus aistriú a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le moill ar ghnóthais aistriú a dhéanamh nó a mhéid a bhaineann le haistriú a bheith á mhí-úsáid nó thar ceann soláthraí. Ón méid a tharla i roinnt Ballstát, is léir go bhfuil an baol ann go ndéanfar úsáideoirí deiridh a mhalartú go soláthraí eile gan a dtoiliú a bheith tugtha acu. Cé gur ábhar é sin ar cheart do na húdaráis forfheidhmithe dlí aghaidh a thabhairt air go príomha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis iomchuí a fhorchur, a bhfuil gá leo chun na rioscaí sin a íoslaghdú, agus chun a áirithiú go gcosnófar úsáideoirí deiridh le linn an phróisis malartaithe gan baint ó tharraingteacht an phróisis dóibh. Níor cheart go gcuirfeadh coinníollacha conarthacha srian ar an gceart chun uimhreacha a aistriú.
(281)D’fhonn a áirithiú go ndéanfar an malartú agus an t‑aistriú laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cúitimh d’úsáideoirí deiridh ó na soláthraithe a sholáthar ar bhealach éasca agus tráthúil i gcás nach n‑urramaítear comhaontú idir soláthraí agus úsáideoir deiridh. Ba cheart bearta den chineál sin a bheith i gcomhréir leis fad na moille maidir le comhlíonadh an chomhaontaithe. D’fhéadfadh go n‑áireofaí cúiteamh sna bearta sin i gcás moill is mó ná aon lá oibre amháin maidir le seirbhís a thabhairt i ngníomh, uimhir a aistriú, nó easpa seirbhíse; agus i gcás ina gcailleann soláthraithe coinne seirbhíse nó suiteála a comhaontaíodh. D’fhéadfadh cúiteamh breise a bheith i bhfoirm laghdú uathoibríoch ar an luach saothair nuair is gá don soláthraithe aistritheach leanúint dá sheirbhísí a sholáthar go dtí go ngníomhachtófar seirbhísí an tsoláthraí fála.
(282)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir le cearta úsáideora deiridh atá sa Rialachán seo i gcás micrifhiontair nach soláthraíonn ach seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, is ceart an sainmhíniú ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n‑áirítear micrifhiontair, a léirmhíniú go docht. Chun nach n‑áireofaí ach fiontair ar micrifhiontair atá fíor-neamhspleách iad amháin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar struchtúr na micrifhiontar ar cuid de ghrúpa eacnamaíoch iad, ar grúpa é a bhfuil níos mó cumhachta aige ná mar atá ag micrifhiontar, agus a áirithiú nach dtéitear timpeall ar an sainmhíniú ar mhicrifhiontar ar bhealaí foirmiúla amháin.
(283)Ceanglaítear chun an margadh inmheánach don chumarsáid leictreonach a chur i gcrích go mbainfear bacainní d’úsáideoirí deiridh chun rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a fháil ar fud an Aontais. Níor cheart do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal diúltú do rochtain ná í a shrianadh d’úsáideoirí deiridh ná idirdhealú a dhéanamh ina n‑aghaidh. Ba cheart a bheith in ann difreáil a dhéanamh, áfach, ar bhonn na dteorainneacha a leagtar síos le dlí an Aontais agus laistigh de na teorainneacha sin, mar shampla na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/612 chun mí-úsáid nó úsáid aimhrialta seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a chosc.
(284)Tá úsáideoirí deiridh ag éirí níos leochailí i leith gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéantar trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta. Tá bearta náisiúnta tugtha isteach ag roinnt Ballstát chun dul i ngleic le scéimeanna calaoise atá ag teacht chun cinn, amhail cumarsáid faoi bhréagriocht i leith aitheantas glaoiteora, fioscaireacht, smioscaireacht agus glaoscaireacht. Mar sin féin, tá na bearta sin fós neamhchomhordaithe agus léiríonn siad peirspictíochtaí náisiúnta go príomha, rud a chuireann ar a gcumas do chalaoiseoirí a ngníomhaíochtaí a aistriú chuig dlínsí nach dtugtar aghaidh go héifeachtach ar chleachtais den sórt sin iontu. Ba cheart do OLD bailiú faisnéise agus dea-chleachtas ábhartha a chumasú chun cur ar a chumas do BEREC treoirlínte teicniúla agus dlíthiúla a eisiúint maidir leis na bearta a d’fhéadfadh úsáideoirí deiridh a chosaint go héifeachtach ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha san Aontas. Ba cheart go gcuirfeadh treoirlínte BEREC ar a gcumas do na Ballstáit bearta comhordaithe a ghlacadh, ar bearta iad a bheidh le cur chun feidhme ag seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, agus lánurraim á tabhairt do reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun éifeachtacht na mbeart a fhorlíonadh, arb iad na bearta sin a chuireann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta i bhfeidhm chun úsáideoirí deiridh a chosaint ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha.
(285)I bhfianaise na ngnéithe áirithe a bhaineann le leanaí atá ar iarraidh a thuairisciú, ba cheart do na Ballstáit a ngealltanas a choimeád chun a áirithiú go bhfuil seirbhís dhea-fheidhmiúil ar fáil iarbhír ina gcríocha faoin uimhir ‘116000’ chun leanaí atá ar iarraidh a thuairisciú. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear amach leibhéal leordhóthanach cáilíochta seirbhíse agus an uimhir ‘116000’ á feidhmiú.
(286)Comhthreomhar le huimhir na beolíne ‘116000’ do leanaí ar iarraidh, áirithíonn a lán Ballstát go mbeidh rochtain ag leanaí ar sheirbhísí ar fusa do leanaí a úsáid a oibríonn líne chabhrach a chabhraíonn le leanaí a mbíonn cúram agus cosaint de dhíobháil orthu tríd an uimhir ‘116111/ a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit sin agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh a fhios ag na saoránaigh, go háirithe leanaí agus na córais náisiúnta cosanta leanaí, gur ann don líne chabhrach ‘116111’.
(287)Chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le leas an phobail i ndáil le húsáid seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí agus chun cosaint cearta agus saoirsí daoine eile a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis ar mhaithe le leas an phobail a tháirgeadh agus a scaipeadh, le cúnamh ó sholáthraithe de sheirbhísí den chineál sin, ar faisnéis í a bhaineann le húsáid na seirbhísí sin. Ba cheart go bhféadfaí faisnéis ar mhaithe le leas an phobail maidir leis na sáruithe is coitianta agus a n‑iarmhairtí dlíthiúla a áireamh, mar shampla maidir le sárú ar chóipcheart, úsáidí neamhdhleathacha eile agus scaipeadh inneachair atá dochrach, agus comhairle agus modhanna cosanta i gcoinne rioscaí don tslándáil phearsanta, mar shampla iad a eascairt ó nochtadh faisnéise pearsanta in imthosca áirithe, chomh maith leis na rioscaí don phríobháideacht agus do shonraí pearsanta, agus infhaighteacht bogearraí atá éasca le húsáid agus le cumrú nó roghanna bogearraí lenar féidir leanaí agus daoine leochaileacha a chosaint. Ina theannta sin, ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi na rioscaí do shlándáil phearsanta, do phríobháideachas agus do shonraí pearsanta agus úsáid á baint acu as seirbhísí rochtana idirlín agus as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear cosaint ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéantar trí na seirbhísí sin, agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoi na bealaí ar féidir leo iad féin a chosaint ar na rioscaí sin. D’fhéadfaí an fhaisnéis a chomhordú trí nós imeachta comhair. Ba cheart an fhaisnéis sin ar mhaithe le leas an phobail a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá agus í a chur i láthair i bhformáidí sothuigthe, de réir mar a chinnfidh gach Ballstát, agus ar shuíomhanna gréasáin na n‑údarás poiblí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iallach a chur ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis chaighdeánaithe sin a scaipeadh ar a gcustaiméirí uile ar bhealach is iomchuí leis na húdaráis phoiblí náisiúnta. Níor cheart go bhforchuirfeadh scaipeadh na faisnéise ar mhaithe le leas an phobail sin, áfach, ualach iomarcach ar sholáthraithe. Más amhlaidh a tharlaíonn sin, ba cheart go n‑éileodh na Ballstáit go ndéanfaí scaipeadh den chineál sin le modhanna a úsáideann na soláthraithe agus cumarsáid á déanamh acu le húsáideoirí deiridh sa ghnáthchúrsa gnó.
(288)In éagmais rialacha ábhartha i ndlí an Aontais, measfar inneachar, feidhmchláir agus seirbhísí a bheidh dlíthiúil nó dochrach i gcomhréir leis an dlí substainteach agus nós imeachta náisiúnta. Ba cheart do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí gníomhú i gcomhréir le ceanglais faoi Rialachán (AE) 2022/2065 cibé acu atá inneachar, feidhmchláir nó seirbhísí dleathach nó díobhálach. Tá an Rialachán seo agus Treoir 2002/58/CE gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065, ina bhfuil, i measc nithe eile, riail ‘lomchainéil’ le haghaidh soláthraithe seirbhísí idirmheánacha, de réir mar atá sainmhínithe ann.
(289)Ba cheart d’úsáideoirí deiridh a bheith in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála in aisce agus gan bheith orthu aon mhodh íocaíochta a úsáid, ó aon ghaireas lena gcumasaítear seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, lena n‑áirítear agus iad ag taisteal laistigh den Aontas. Is modh cumarsáide í an chumarsáid éigeandála, lena n‑áirítear seirbhísí cumarsáide gutha, teachtaireachtaí, físeáin nó cineálacha eile cumarsáide freisin, mar shampla, téacs fíor-ama, comhrá iomlán agus seirbhísí athsheachadta. Agus cumais agus trealamh teicniúil na PFSPanna á gcur san áireamh acu, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh cé na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe is iomchuí i gcás seirbhísí éigeandála, lena n‑áirítear an fhéidearthacht na seirbhísí sin a theorannú do sheirbhísí cumarsáide gutha agus a gcoibhéis d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, nó roghanna breise arna gcomhaontú le PFSPanna náisiúnta a chur isteach. Is féidir cumarsáid éigeandála a chur sa siúl thar ceann duine trí chóras infheithicle amhail eCall mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/758. Leis na Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití arna n‑eisiúint faoi Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar mhol digiteach le haghaidh seirbhísí fíor-riachtanacha. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann cumarsáid éigeandála a thionscnamh freisin trína dtiachóg dhigiteach a úsáid.
(290)Ní mór cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú chuig an bpointe freagartha sábháilteachta poiblí (PFSP) is iomchuí gan mhoill chun gur féidir an chumarsáid éigeandála a fhreagairt agus a láimhseáil go hiomchuí. Ba cheart ródú éifeachtach na cumarsáide éigeandála a áirithiú freisin i gcomhthéacs an ascnaimh theicneolaíoch ó theicneolaíochtaí ciorcadlasctha go teicneolaíochtaí paicéadlasctha. Is gnách gurb é an Ballstát a chinneann an PFSP is iomchuí ar bhonn inniúlacht chríochach chun cumarsáid éigeandála a láimhseáil nó ar bhonn na hinniúlachta chun cineál áirithe cumarsáide a láimhseáil, mar shampla PFSP atá feistithe chun cumarsáid téacs fíor-ama nó cumarsáid teanga comharthaíochta a láimhseáil. Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a sholáthraítear trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha lena soláthraítear guth, téacs – lena n‑áirítear téacs fíor-ama – agus físeán, féadfar iad a ródú i bhfearann an líonra phoiblí nó san fhearann PFSP. Ag brath ar eagar náisiúnta na bpointí freagartha sábháilteachta poiblí, cé go sroicheann an chumarsáid éigeandála córas PFSP trí na líonraí poiblí, d’fhéadfadh sé gur ghá an chumarsáid a ródú a thuilleadh laistigh de líonra IP PFSP chun an PFSP is iomchuí a bhaint amach. Chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid éigeandála éifeachtach ar fáil chun leas gach úsáideoir deiridh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú ródú go ndéanfar gach cineál cumarsáide éigeandála agus faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora atá sainorduithe ina gcríoch a ródú go pras chuig an PFSP is iomchuí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sainordú a thabhairt maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála ó sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ar choinníoll go bhfuil an córas náisiúnta PFSP in ann an chumarsáid sin a fháil trína ródú chuig an PFSP is iomchuí agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fháil. Féadfar geata IP aonair arna ainmniú ag Ballstát chun cumarsáid éigeandála a ghlacadh a áireamh air sin. Mar sin féin, ba cheart do sholáthraithe den chineál sin na húsáideoirí deiridh a chur ar an eolas nuair nach dtacaítear le rochtain ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ nó ar fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora.
(291)Ba cheart do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chumas na PFSPanna cumarsáid éigeandála a láimhseáil i níos mó ná aon teanga amháin.
(292)Ba cheart go nglacfadh na Ballstáit bearta sonracha chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí éigeandála, lena n‑áirítear an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’, chomh hinrochtana céanna d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, go háirithe daoine bodhra, daoine lagéisteachta, daoine le hurlabhra lagaithe agus d’úsáideoirí deiridh dalla-bodhra agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882. Le prionsabal na coibhéise tugtar le tuiscint gur cheart d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a bheith in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála ar bhealach atá coibhéiseach go feidhmiúil leis an mbealach a bhfaigheann úsáideoirí deiridh eile rochtain ar sheirbhísí éigeandála, go háirithe trí ghlao a chur ar an uimhir ‘112’ trí sheirbhísí guthbhunaithe.
(293)Le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcumarsáid éigeandála uile, cuirtear feabhas ar leibhéal chosaint agus ar shlándáil na n‑úsáideoirí deiridh agus cuidíonn sé le seirbhísí éigeandála a ndualgais a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndéanfar aistriú na cumarsáide éigeandála agus na sonraí gaolmhara chuig na seirbhísí éigeandála lena mbaineann trí mheán chóras náisiúnta na PFSPanna. Maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ghlacadh agus a úsáid, lena n‑áirítear faisnéis líonrabhunaithe faoin suíomh i gcás ina soláthraíonn an líonra lena n‑áirithítear an nascacht an fhaisnéis sin don soláthraí seirbhíse nó do PFSP chomh maith le faisnéis fheabhsaithe faoi shuíomh an ghlaoiteora bunaithe ar an sás láimhe, i gcás ina mbeidh sí ar fáil lena tarchur trí ghaireas an trealaimh raidió, ba cheart ceanglais eile uile de dhlí an Aontais maidir le próiseáil sonraí pearsanta a chomhlíonadh i leith na faisnéise sin. Ba cheart go gcuirfeadh gnóthais a chuireann suíomh líonrabhunaithe ar fáil faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil do sheirbhísí éigeandála chomh luath agus a shroichfidh an glao an tseirbhís, go neamhspleách ar pé teicneolaíocht a bheidh in úsáid. Tá sé léirithe, áfach, go bhfuil teicneolaíochtaí suímh atá bunaithe ar shás láimhe i bhfad níos beaichte agus níos costéifeachtaí toisc infhaighteacht na sonraí arna soláthar ag Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí agus ag an gcóras Satailíte Galileo agus Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte eile agus sonraí Wi-Fi. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe a bheith ina comhlánú ar fhaisnéis líonrabhunaithe fiú i gcás nach mbeidh fáil ar an suíomh bunaithe ar shás láimhe nó go gcuirfear ar bun an chumarsáid éigeandála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe ar fáil don PFSP is iomchuí ach an fhaisnéis sin a bheith ar fáil. D’fhéadfaí nach féidir é sin a dhéanamh i gcónaí, mar shampla, nuair nach mbeadh fáil ar an suíomh ar an sás láimhe nó tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta a úsáidtear, nó i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil ar chúiseanna teicniúla. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh PFSPanna in ann faisnéis atá ar fáil faoi shuíomh glaoiteora a aisghabháil agus a bhainistiú, nuair is indéanta sin. Ba cheart go mbeadh sé in aisce faisnéis faoi shuíomh glaoiteora a bhunú agus a tharchur le haghaidh an úsáideora deiridh agus le haghaidh an údaráis atá ag láimhseáil na cumarsáide éigeandála araon gan beann ar mhodh an bhunaithe, mar shampla trí shás láimhe nó trí líonra, nó trí mhodhanna tarchuir, mar shampla trí chainéal gutha, SMS nó bunaithe ar IP.
(294)Tá sé tábhachtach feasacht a mhéadú maidir leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” chun feabhas a chur ar leibhéal chosaint agus shlándáil na saoránach a bhíonn ag taisteal san Aontas. Chuige sin, ba cheart go gcuirfí saoránaigh go hiomlán ar an eolas, agus iad ag taisteal in aon Bhallstát, go háirithe trí mheán faisnéise arna soláthar i gcríochfoirt idirnáisiúnta busanna, i stáisiúin traenach, i gcalafoirt nó in aerfoirt agus in eolairí teileafóin, in ábhar eolais d’úsáideoirí deiridh agus i mbillí, gur féidir an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ a úsáid ar an uimhir éigeandála aonair ar fud an Aontais. Is ar an mBallstát go príomha atá an fhreagracht, ach ba cheart don Choimisiún leanúint de thacú le tionscnaimh na mBallstát agus de chomhlánú na dtionscnamh sin araon chun feasacht a mhéadú maidir leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ agus ó am go chéile meastóireacht a dhéanamh ar fheasacht an phobail ina leith agus ar forbairt a úsáide.
(295)Chun freagairt d’fhorbairtí teicneolaíocha a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí úsáid a bhaint as an tiachóg dhigiteach, faisnéis chruinn faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain choibhéiseach d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú glaonna chuig an PFSP is iomchuí, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe chun cumarsáid éigeandála éifeachtach san Aontas a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar d’eagrúchán sheirbhísí éigeandála na mBallstát.
(296)Ní fhéadfaidh saoránach i mBallstát amháin glao a chur ar sheirbhísí éigeandála i mBallstát eile ós rud é go bhféadfaí nach mbeadh aon fhaisnéis teagmhála ag an PFSP tír bhaile faoin gcóras PFSP i mBallstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart bunachar sonraí slán uile-Aontais a choinneáil ar bun d’uimhreacha chun na córais PFSP i ngach Ballstát a shroicheadh. Chuige sin, ba cheart do OLD bunachar sonraí slán a choinneáil ar bun d’uimhreacha E.164 chun teagmháil a dhéanamh le córais PFSP na mBallstát, chun a áirithiú gur féidir le PFSP i mBallstát amháin teagmháil a dhéanamh leis na PFSPanna i mBallstát eile.
(297)Tá ról tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe móibílí sna straitéisí náisiúnta ullmhachta, dá bhrí sin ba cheart do na soláthraithe sin rabhaidh phoiblí a tharchur chuig na húsáideoirí deiridh uile lena mbaineann. Ba cheart na húsáideoirí deiridh lena mbaineann a mheas mar na húsáideoirí deiridh sin atá lonnaithe sna limistéir gheografacha sin a d’fhéadfadh a bheith buailte ag garéigeandálaí agus garthubaistí nó ag éigeandálaí nó tubaistí atá ag teacht chun cinn le linn na tréimhse rabhaidh, arna gcinneadh ag na húdaráis inniúla.
(298)I gcás ina n‑áirithítear raon éifeachtach na n‑úsáideoirí deiridh uile lena mbaineann, gan beann ar a n‑áit chónaithe nó ar a mBallstát cónaithe, agus ina gcomhlíontar an leibhéal slándála sonraí is airde ina leith, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le rabhaidh phoiblí a tharchur trí úsáid a bhaint as Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití arna n‑eisiúint faoi Rialachán (AE) 910/2014, agus a áirithiú an tráth céanna go gcosnófar saoránaigh an Aontais go héifeachtach agus iad ag taisteal i mBallstát eile.
(299)Ciallaíonn aitheantas tionscnaimh an fhaisnéis aitheantais atá ag an tionscnóir cumarsáide nó ag críochphointe seirbhíse cumarsáide leictreonaí amhail Prótacal Idirlín Guthaithe (‘VoIP’) i líonraí paicéadlasctha, ar faisnéis í a fhéadfar a tharchur chuig teirminéal an pháirtí is faighteoir nó an úsáideora deiridh agus an chumarsáid á cur ar bun. I líonraí ciorcadlasctha, is é aitheantas glaoiteora a thugtar ar uimhir an pháirtí is glaoiteoir a léirítear don pháirtí ar glaodh air sular cuireadh an glao ar bun.
(300)Féadfaidh an t‑aitheantas tionscnaimh úsáid a bhaint as aitheantóirí mar phrótacail chomharthaíochta seachas uimhreacha E.164 nó pleananna uimhrithe náisiúnta chun aitheantas an tionscnóra nó an chríochphointe a tharchur chuig trealamh teirminéil an pháirtí ar glaodh air nó an pháirtí is faighteoir agus an glao nó an chumarsáid á cur ar bun. Ba cheart do na soláthraithe idirnasctha, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí idirthurais, a áirithiú go n‑aistreofar an fhaisnéis tionscnaimh nó an aitheantais ghlaoiteora bharántúil sna comhaontuithe idirnaisc náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcomhréir le rialacháin nó rialacha náisiúnta nó idirnáisiúnta na dtíortha lena mbaineann.
(301)Is gá cosaint a thabhairt don cheart atá ag an bpáirtí is glaoiteoir léiriú an aitheantais glaoiteora/tionscnaimh óna bhfuil an glao á dhéanamh a choinneáil siar agus don cheart atá ag an bpáirtí ar glaodh air diúltú do ghlaonna ó línte gan aithint. Tá leas ag úsáideoirí deiridh áirithe, go háirithe línte cabhrach, agus eagraíochtaí cosúil leo, maidir le hanaithnideacht a gcuid glaoiteoirí a ráthú.
(302)I gcás pointe freagartha sábháilteachta poiblí a thaispeánann aitheantas líne chineálach agus freagra á thabhairt ar chumarsáid éigeandála, níor cheart é a mheas mar líne gan aithint.
(303)Maidir le líne nasctha a shainaithint, is gá ceart agus leas dlisteanach an pháirtí ar glaodh air a chosaint maidir le léiriú shainaithint na líne a bhfuil an páirtí atá ag glaoch nasctha léi iarbhír.
(304)Trí chód sonrach nó réimír shonrach a úsáid, níor cheart na daoine dlítheanacha nó nádúrtha a sheolann glao margaíochta dírí a scaoileadh ón oibleagáid a n‑aitheantas glaoiteora nó tionscnaimh a chur i láthair.
(305)Maidir le díothú léiriú an aitheantais glaoiteora nó tionscnaimh a shárú, tá údar leis sin i gcásanna sonracha. Ba cheart cearta úsáideoirí deiridh chun príobháideachais agus go gcosnófaí sonraí pearsanta i ndáil le haitheantas glaoiteora /aitheantas tionscnaimh a shrianadh i gcás inar gá sin chun glaonna mailíseacha agus núise a rianú nuair a dhéantar gearán in aghaidh na húsáide sin leis na húdaráis inniúla, nó nuair a thionscnaítear cumarsáid éigeandála agus maidir le haitheantas glaoiteora nó aitheantas tionscnaimh agus sonraí suímh an aitheantais sin i gcás inar gá sin chun a chur é ar a gcumas do sheirbhísí éigeandála agus PFSPanna cumarsáid éigeandála a fhreagairt agus a láimhseáil go héifeachtach.
(306)Tá teicneolaíocht ann a chuireann ar a gcumas do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí teorainn a chur le glacadh glaonna mailíseacha, núise nó calaoiseacha eile ag úsáideoirí deiridh ar bhealaí difriúla, lena n‑áirítear tostghlaonna a bhlocáil, agus chun cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla glaonna den sórt sin a rianú. D’fhéadfaí a áireamh ar na glaonna sin glaonna de thionscnamh uimhreacha neamhbhailí, i.e. uimhreacha nach bhfuil sa phlean uimhrithe, nó uimhreacha bailí nach bhfuil leithdháilte ar sholáthraí seirbhíse cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe nó sannta d’úsáideoir deiridh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí úsáideoirí deiridh a chosaint tríd an deis a thabhairt dóibh, saor in aisce, a iarraidh go ndéanfaí glaonna den sórt sin a bhlocáil, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, nó go gcuirfeadh tríú páirtí stop le glaonna a chur ar aghaidh go huathoibríoch chuig trealamh teirminéil an úsáideora deiridh. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe teicneolaíocht úrscothach amhail réitigh fíordheimhniúcháin a úsáid. Ba cheart do sholáthraithe úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas go bhfuil na feidhmiúlachtaí sin ann trí fhaisnéis a ghabhann leis an gconradh agus ar bhealaí eile, tríd an méid sin a fhoilsiú ar a leathanach gréasáin, i gcás inarb iomchuí, mar shampla. Ba cheart a mheas go bhfuil an deis glaonna gan iarraidh a bhlocáil indéanta go teicniúil mura léiríonn an soláthraí bacainní teicniúla oibiachtúla, a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla, i líonraí poiblí lasctheileafóin (PSTN). Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bheith in ann bearta fíordheimhniúcháin a dhéanamh chun na húsáideoirí a fhíorú i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555.
(307)Is éard atá in eolairí atá ar fáil go poiblí aon eolaire nó seirbhís ina bhfuil faisnéis faoi úsáideoirí deiridh, amhail uimhreacha teileafóin (lena n‑áirítear uimhreacha fóin phóca), seoladh ríomhphoist, sonraí teagmhála agus áirítear seirbhísí fiosrúcháin orthu. Is é príomhfheidhm na seirbhísí eolaire sainaithint na ndaoine sin a chumasú. Maidir leis an méadú atá ag teacht ar infhaighteacht agus úsáid na roghanna malartacha digiteacha amhail innill chuardaigh ar líne, na meáin shóisialta agus eolairí ar líne, a chuireann bealach ar fáil atá cothrom le dáta chun faisnéis teagmhála a aimsiú, fágann sé nach bhfuil údar leis an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a choinneáil. Ina theannta sin, is iomaí seirbhís eolaí teileafóin atá ar fáil mar aipeanna nó ar líne anois, rud a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí faisnéis a chuardach go digiteach. Thairis sin, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú don cheart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint, is iomchuí a iarraidh ar úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad toiliú leis sula gcuimseofar a sonraí pearsanta in eolaire. Murab ionann agus daoine nádúrtha, ba cheart leasanna dlisteanacha eintiteas dlítheanach, a bhaineann le cuimsiú a sonraí in eolaire, a chosaint freisin. Léiríodh le cur i bhfeidhm Threoir 2002/58/CE go bhfuil cleachtais éagsúla ann ó Bhallstát go chéile a mhéid a bhaineann le feidhmiú na rogha atá ag úsáideoirí deiridh, ar daoine nádúrtha iad, maidir le cuimsiú a sonraí pearsanta in eolaire. Uaireanta, déanann na Ballstáit foráil ina ndlíthe náisiúnta go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí deiridh agóid a dhéanamh in aghaidh a sonraí pearsanta a bheith á gcuimsiú, nó ní chomhroinntear le tríú páirtithe a phróiseálann sonraí pearsanta ó na heolairí gur tharraing duine nádúrtha an toiliú sin ina leith siar, agus ní hamháin go bhféadfadh sé sin an leibhéal cosanta ar fud an Aontais a ísliú, ach d’fhéadfaí úsáideoirí deiridh a nochtadh do chleachtais chalaoiseacha ó ghníomhaithe mailíseacha freisin. Ba cheart é a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 toiliú a iarraidh, lena n‑áirítear toiliú chun sonraí teagmhála a chomhroinnt i bhfoirm leictreonach nó pháipéir gan beann ar an soláthraí.
(308)I gcomhréir le cuspóirí na Cairte agus leis na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ba cheart a áirithiú leis an gcreat rialála go mbeadh rochtain éasca choibhéiseach ar sheirbhísí inacmhainne ardcháilíochta ag gach úsáideoir deiridh, lena n‑áirítear úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, seanóirí, úsáideoirí a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, gan beann ar a n‑áit chónaithe laistigh den Aontas. Foráiltear le Dearbhú 22, atá i gceangal le Conradh Amstardam, go gcuirfidh institiúidí an Aontais san áireamh riachtanais daoine faoi mhíchumas agus bearta á n‑ullmhú acu faoi Airteagal 114 CFAE.
(309)Chun a áirithiú go dtairbheoidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas d’iomaíocht agus den rogha soláthraithe seirbhíse a bhíonn ag formhór na n‑úsáideoirí deiridh, ba cheart d’údaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí agus i bhfianaise na gcoinníollacha náisiúnta, agus tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí a shonrú le haghaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a bheidh le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Is féidir a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, go háirithe, go gcaithfidh soláthraithe a áirithiú go mbainfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas leas as seirbhísí ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, lena n‑áirítear praghsanna, taraifí agus cáilíocht, agus atá ar fáil d’úsáideoirí deiridh eile, gan beann ar aon chostais bhreise arna dtabhú ag na soláthraithe sin. Agus na bearta á ndéanamh acu maidir le rochtain agus rogha choibhéiseach, ba cheart do na húdaráis inniúla spreagadh a thabhairt go gcomhlíonfar na caighdeáin agus na sonraíochtaí ábhartha a leagtar síos i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Féadfar na ceanglais maidir le cosaint tomhaltóirí le haghaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a chur i bhfeidhm maidir le socruithe mórdhíola idir soláthraithe freisin. Chun nach gcruthófar ualach iomarcach ar sholáthar soláthraithe seirbhíse, ba cheart go bhfíoródh údaráis inniúla, cibé acu is féidir nó nach féidir cuspóirí maidir le comhionannas rochtana agus rogha a bhaint amach in éagmais na mbeart sin.
(310)Ba cheart go ráthófaí in-idiroibritheacht d’úsáideoirí deiridh i leith an trealaimh uile a dhíoltar san Aontas do ghlacadh raidió i bhfeithiclí nua i gcatagóir M agus do ghlacadh teilifíse digití. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann caighdeáin chomhchuibhithe íosta a éileamh i leith an trealaimh sin. D’fhéadfaí na caighdeáin sin a chur in oiriúint ó am go chéile i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus margaidh.
(311)I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit bearta a ghlacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 maidir le hidir-inoibritheacht glacadóirí raidió tomhaltóirí, ba cheart teorainn a chur leis an tionchar ar an margadh do ghlacadóirí raidió craolacháin ar íseal a luach agus ba cheart na glacadóirí a bheith in ann seirbhísí raidió arna soláthar trí chraoltóireacht raidió dhigiteach trastíre nó trí líonraí IP a ghlacadh agus a atáirgeadh, chun a áirithiú go gcoinneofar an idir-inoibritheacht ar bun. Féadfar feabhas a chur ar an tsábháilteacht phoiblí leis sin freisin chun go mbeidh na húsáideoirí in ann brath ar thacar níos leithne teicneolaíochtaí le rochtain a fháil ar fhaisnéis éigeandála sna Ballstáit agus leis an bhfaisnéis éigeandála a ghlacadh.
(312)A mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le hidir-inoibritheacht trealaimh raidió agus teilifíse do thomhaltóirí, ní chuirtear cosc leo ar ghlacadóirí raidió cairr i bhfeithiclí nua i gcatagóir M a bheith in ann seirbhísí raidió a fháil agus a atáirgeadh a chuirtear ar fáil trí chraoltóireacht raidió analógach talún agus ní chuirtear cosc, leis na forálacha sin, ar na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú go bhfuil glacadóirí raidió dhigitigh in ann craoltaí raidió analógacha talún a fháil agus a atáirgeadh.
(313)Gan dochar do dhlí an Aontais, ní chuirtear cosc leis an Rialachán seo ar na Ballstáit rialacháin theicniúla a ghlacadh a bhaineann le trealamh teilifíse dhigitigh talún, chun ullmhúchán a dhéanamh d’ascnamh na dtomhaltóirí chuig caighdeáin nua chraoltóireachta talún, agus ní dhéantar trealamh a sholáthar nach mbeadh i gcomhréir leis na caighdeáin atá le leathadh amach.
(314)Ba cheart go leanfadh de na Ballstáit a bheith in ann oibleagáidí ‘tarchurtha’ comhréireacha a leagan síos ar ghnóthais faoina ndlínse, ar mhaithe le cúinsí beartas poiblí dlisteanach, ach níor cheart go ndéanfaí na hoibleagáidí sin a fhorchur ach amháin i gcás inar gá iad chun cuspóirí a chomhlíonadh maidir leis an leas ginearálta arna sainiú go soiléir ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais; ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus trédhearcach. Ba cheart go mbeadh sé indéanta oibleagáidí ‘tarchurtha’ a chur i bhfeidhm maidir le cainéil chraolta shonracha raidió agus teilifíse agus seirbhísí comhlántacha arna soláthar ag soláthraí sonraithe seirbhíse meán. Ba cheart go mbeadh na hoibleagáidí arna bhforchur ag na Ballstáit comhréireach agus trédhearcach i bhfianaise cuspóirí leasa ghinearálta atá sainithe go soiléir. Ba cheart do na Ballstáit bonn oibiachtúil a sholáthar le haghaidh na n‑oibleagáidí ‘tarchurtha’ a fhorchuireann siad ina ndlí náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na hoibleagáidí sin trédhearcach, comhréireach agus sainithe go soiléir. Ba cheart oibleagáidí a cheapadh ar bhealach a chuireann dóthain dreasachtaí ar fáil chun infheistiú éifeachtach a dhéanamh sa bhonneagar.
(315)Áirítear i measc na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun craoltaí raidió agus teilifíse a dháileadh ar an bpobal líonraí cábla, IPTV, satailíte agus craoltaí talún. D’fhéadfaí go mbeadh ar áireamh orthu freisin líonraí eile a mhéid a úsáideann líon suntasach úsáideoirí deiridh na líonraí sin mar an bpríomh-mhodh acu chun craoltaí raidió agus teilifíse a fháil. Níor cheart oibleagáidí ‘tarchurtha’ a bhaineann le tarchuir chraolta teilifíse analógacha a mheas ach amháin i gcás ina gcuirfeadh easpa oibleagáide den chineál sin as go mór do líon mór úsáideoirí deiridh nó i gcás nach mbeadh aon mhodh eile tarchuir ann le haghaidh cainéil shonraithe chraolta teilifíse. Is féidir a áireamh in oibleagáidí ‘tarchurtha’ tarchur seirbhísí a ceapadh go sonrach chun go bhféadfadh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas rochtain choibhéiseach a fháil orthu. Dá réir sin, áirítear ar sheirbhísí comhlántacha, seirbhísí a ceapadh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, amhail fístéacs, fotheidealú d’úsáideoirí deiridh bodhra nó leathbhodhra, reacaireacht, fotheidil labhartha agus ateangaireacht chomharthaíochta, agus d’fhéadfadh rochtain ar na sonraí loma lena mbaineann a áireamh orthu freisin nuair is gá. Ó tharla go bhfuil méadú ag teacht ar sholáthar agus ar fháil seirbhísí teilifíse nasctha agus ó tharla go bhfuil tábhacht leanúnach le EPGanna le haghaidh rogha na n‑úsáideoirí deiridh, is féidir tarchur na sonraí clárbhainteacha atá riachtanach chun tacú le feidhmiúlachtaí na teilifíse nasctha agus feidhmiúlachtaí EPG a chur san áireamh sna hoibleagáidí ‘tarchurtha’. Ba cheart go mbeadh sé indéanta sonraí clárbhainteacha faisnéis den sórt sin faoi inneachar an chláir agus conas is féidir rochtain a fháil air a áireamh, ach níor cheart inneachar an chláir féin a áireamh.
(316)Ba cheart oibleagáidí tarchurtha a bheith faoi réir athbhreithniú ag na Ballstáit agus éabhlóid theicneolaíoch agus sa mhargadh á cur san áireamh agus chun a áirithiú go mbeidh na hoibleagáidí sin fós comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach. D’fhéadfadh foráil a bheith in oibleagáidí den sort sin, nuair is iomchuí, do luach saothair comhréireach is ceart a leagan amach sa dlí náisiúnta. Sa chás sin, is é an dlí náisiúnta is ceart an mhodheolaíocht is infheidhme a chinneadh chun luach saothair iomchuí a ríomh. Ba cheart don mhodheolaíocht neamhréireacht le réitigh rochtana a sheachaint a d’fhéadfadh údaráis rialála náisiúnta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí tarchuir a úsáidtear don chraoltóireacht a ainmníodh mar sholáthraithe ag a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh. Mar sin féin, i gcás ina bhforáiltear do mhodheolaíocht eile i gconradh ar théarma seasta, ba cheart go mbeadh sé indéanta leanúint den mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm ar feadh ré an chonartha. In éagmais forálacha náisiúnta maidir le luach saothair, ba cheart do sholáthraithe cainéal craolta raidió nó teilifíse agus soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun na cainéil chraolta raidió nó teilifíse a tharchur ábalta teacht ar chomhaontú conarthach faoi luach saothair comhréireach.
(317)Tá torthaí maithe soláthraithe ag an gcreat rialála agus a struchtúir rialachais, agus ag an gCoimisiún, údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, BEREC agus Oifig BEREC, maidir leis an margadh inmheánach a chomhchuibhiú. Mar sin féin, tá na margaí náisiúnta fós ilroinnte agus níor baineadh amach margadh inmheánach do líonraí agus seirbhísí leictreonacha. Déanann sé sin difear do sholáthraithe cumarsáide leictreonaí atá i mbun gnó trasteorann nó atá gníomhach i líon mór Ballstát, Ballstáit ina bhfuil treoirlínte BEREC ann chomh maith. Sainaithníodh trí shaincheist fhadhbacha go háirithe sa mheastóireacht, ar an gcéad dul síos, an tionchar láidir náisiúnta ar BEREC a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thionchar a aschuir ar an margadh inmheánach, ar an dara dul síos, leathnú neamhshiméadrach na n‑inniúlachtaí ag údaráis rialála náisiúnta, rud a chruthaíonn neamhréireachtaí i rannchuidiú na n‑údarás rialála náisiúnta le hobair BEREC, agus ar an tríú dul síos, srianta ar acmhainní agus laigí struchtúracha a dhéanann difear do chumas BEREC na cúraimí atá sannta dó a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ní mór forbairt a dhéanamh ar an gcreat rialachais chun tacú leis an margadh inmheánach do chumarsáid leictreonach a iomlánú ar fud an Aontais, trí chineálacha cur chuige comhsheasmhacha a áirithiú i gcur i bhfeidhm na rialacha agus trí chomhordú breise a áirithiú i measc údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile ar an leibhéal náisiúnta, i measc chomhlachtaí agus oifigí an Aontais ar leibhéal an Aontais agus idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais.
(318)Maidir le cúraimí áirithe a ghabháil de láimh, is iad údaráis rialála náisiúnta amháin, mar atá, comhlachtaí atá neamhspleách ar an earnáil agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil freisin. Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis rialála náisiúnta uile inniúil ar chúraimí riachtanacha a dhéanamh agus gur léiriú maith iad aschuir BEREC ar sheasamh na mBallstát, ba cheart na cúraimí sin a leathnú chun, mar shampla, cúraimí a bhaineann le láimhseáil na bhfógraí agus an nós imeachta um an bPas Aonair faoi chóras an údaraithe ghinearálta a chuimsiú, chomh maith le cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart maidir leis an aistriú chuig snáithín optúil nó cúraimí a bhaineann leis an tacaíocht maidir le hullmhacht agus athléimneacht. Go háirithe, i bhfianaise an tsaineolais atá acu i rialáil an mhargaidh agus san iomaíocht, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith inniúil chun cinneadh a dhéanamh maidir le gnéithe de nósanna imeachta um shannadh speictrim a bhaineann le múnlú an mhargaidh agus leis an iomaíocht. Mura bhforáiltear dá mhalairt, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cúraimí eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta nó d’údaráis inniúla eile. Ba cheart do na Ballstáit cobhsaíocht inniúlachtaí na n‑údarás náisiúnta rialála a chur chun cinn maidir le sannadh na gcúraimí a d’eascair as trasuí creata rialála maidir le cumarsáid leictreonach an Aontais, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hiomaíocht sa mhargadh nó le hiontráil sa mhargadh. I gcás ina sanntar na cúraimí d’údaráis inniúla eile, ba cheart d’údaráis inniúla eile dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta sula nglacfaidís cinneadh. De bhun phrionsabal an dea-chomhair, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile faisnéis a mhalartú lena gcuid cúraimí a fheidhmiú.
(319)Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chéannacht na n‑údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile. I gcás na n‑údarás atá inniúil ar chearta slí a dheonú, ba cheart é a bheith indéanta an ceanglas maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh trí thagairt don phointe faisnéise aonair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1309.
(320)I gcomhréir leis an bprionsabal go ndeighltear feidhmeanna rialála agus oibríochtúla, ba cheart do na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil eile a ráthú d’fhonn neamhchlaontacht a gcinntí a áirithiú. Tá ceanglas sin an neamhspleáchais gan dochar do neamhspleáchas institiúideach agus oibleagáidí bunreachtúla na mBallstát nó do phrionsabal na neodrachta maidir leis na rialacha sna Ballstáit lena rialaítear an córas úinéireachta maoine a leagtar síos in Airteagal 345 CFAE.
(321)Chun cur i bhfeidhm éifeachtach an chreata rialála a áirithiú agus chun údarás agus intuarthacht a chinntí a mhéadú, ba cheart údarás rialála náisiúnta a chosaint ar idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a d’fhéadfadh a mheasúnú neamhspleách ar na hábhair a chuirtear os a chomhair a chur i mbaol. De dheasca an tionchair sheachtraigh sin, níl comhlacht reachtach náisiúnta oiriúnach le gníomhú mar údarás rialála náisiúnta faoin gcreat rialála. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos ar dtús maidir leis na forais a bheadh le dífhostú cheann an údaráis rialála náisiúnta chun aon amhras réasúnta a bhaint i dtaobh neodracht an chomhlachta sin agus a neamh-thréscaoilteachta i leith imthosca seachtracha. Chun dífhostuithe treallacha a sheachaint, ba cheart é a bheith de cheart ag an gcomhalta a dífhostaíodh a iarraidh ar na cúirteanna inniúla a fhíorú an bhfuil cúis bhailí, atá i measc na gcúiseanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo, leis an dífhostú. Níor cheart an dífhostú den chineál sin ach a bheith ag baint le cáilíochtaí pearsanta nó gairmiúla an chinn nó an chomhalta. Tá sé tábhachtach go mbeadh a mbuiséad féin ag na húdaráis rialála náisiúnta ionas gur féidir leo, go háirithe, líon leordhóthanach foirne cáilithe a earcú. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart an buiséad sin a fhoilsiú go bliantúil. Ba cheart neamhspleáchas a bheith acu, laistigh de theorainneacha a mbuiséid, a gcuid acmhainní daonna agus airgeadais a bhainistiú. Chun neamhchlaontacht a áirithiú, maidir leis na Ballstáit a choinníonn úinéireacht nó rialú ar ghnóthais a dhéanann ranníocaíochtaí le buiséad an údaráis rialála náisiúnta nó buiséad údarás inniúil eile trí mhuirir riaracháin, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéantar deighilt struchtúrach éifeachtach idir na gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmiú na húinéireachta nó an rialaithe ó fheidhmiú rialú an bhuiséid.
(322)Is gá neamhspleáchas na n‑údarás rialála náisiúnta a neartú tuilleadh chun neamh-thréscaoilteacht a gcinn agus a gcomhaltaí i leith brú seachtrach a áirithiú, trí íoscháilíochtaí ceapacháin, chomh maith le híosré dá sainordú, a leagan síos. Ina theannta sin, ionas go dtabharfaí aghaidh ar an riosca maidir le gabháil rialála, go n‑áiritheofaí leanúnachas, agus go neartófaí neamhspleáchas, ba cheart do na Ballstáit breathnú ar theorainn a chur leis an bhféidearthacht sainorduithe cheann an bhoird nó chomhaltaí an bhoird a athnuachan agus scéim uainíochta iomchuí a bhunú don bhord agus don ardbhainistíocht. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh, cuir i gcás, trí na chéad chomhaltaí den chomhlacht coláisteach a cheapadh do thréimhsí difriúla, ionas nach rachadh a sainorduithe, ná sainorduithe a gcomharbaí, in éag an tráth céanna.
(323)Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith freagrach as an gcaoi a bhfeidhmíonn siad a gcuid cúraimí agus ba cheart a cheangal orthu tuairisciú faoi. Maidir leis an oibleagáid sin, ba cheart gur oibleagáid maidir le tuairisciú bliantúil a bheadh i gceist de ghnáth, seachas iarrataí ad hoc ar thuairisciú a d’fhéadfadh, i gcás ina mbeidís díréireach, teorainn a chur lena neamhspleáchas nó bac a chur orthu i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí.
(324)Ba cheart acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha a bheith ag údaráis rialála náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh. Chun BEREC a neartú, é a dhéanamh níos ionadaíche agus chun a saineolas, a thaithí agus a eolas a chaomhnú i ndáil le staid shonrach réimse iomlán na margaí náisiúnta, ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go mbíonn acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna ag a chuid údaráis náisiúnta rialála chun páirt iomlán a ghlacadh in obair BEREC.
(325)Bhunaigh an Coimisiún BEREC den chéad uair in 2002 mar mheitheal saineolaithe de chuid an Choimisiúin, Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Líonraí agus um Sheirbhísí maidir le Cumarsáidí Leictreonacha, chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an margadh inmheánach do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú trí áirithiú go bhforbrófar cleachtas rialála comhsheasmhach agus go gcuirfear creat rialála an Aontais do chumarsáid leictreonach i bhfeidhm go comhsheasmhach. Le Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh BEREC mar chomhlacht de chuid an Aontais, agus é comhdhéanta d’údaráis rialála náisiúnta, a tháinig in ionad Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha, agus le tacaíocht ón Oifig, ar comhlacht Comhphobail í ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, a bunaíodh chun na cúraimí dá dtagraítear sa Rialachán sin a dhéanamh, go háirithe seirbhísí tacaíochta gairmiúla agus riaracháin a sholáthar do BEREC. Chun tacaíocht a thabhairt do BEREC ar bhealach éifeachtúil, tugadh neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais don Oifig. Le Rialachán (AE) 2018/1971 bunaíodh Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (‘Oifig BEREC’) mar ghníomhaireacht de chuid an Aontais chun tacú le BEREC. Ar an iomlán, léiríodh sa mheastóireacht ar BEREC agus ar Oifig BEREC go raibh siad araon éifeachtach maidir lena gcúraimí agus a gcuspóirí a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin, gur oibrigh an leagan amach go maith agus gur féidir é a chaomhnú.
(326)Chun a chuid cúraimí a dhéanamh, ba cheart do BEREC saineolas ó údaráis rialála náisiúnta agus ó bhaill foirne ó OLD a chomhthiomsú. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag BEREC a áirithiú go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta uile rannpháirteach ina chúraimí rialála agus ina fheidhmiú.
(327)Gníomhaíonn BEREC mar fhóram le haghaidh comhar idir údaráis náisiúnta rialála, agus idir údaráis náisiúnta rialála agus an Coimisiún, i bhfeidhmiú réimse iomlán a bhfreagrachtaí faoi seach faoi chreat rialála an Aontais. De bhreis air sin, feidhmíonn BEREC mar chomhlacht machnaimh, díospóireachta agus comhairle do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún i réimse na cumarsáide leictreonaí.
(328)Ba cheart go dtairbheoidh institiúidí an Aontais agus na húdaráis náisiúnta rialála tairbhe de chúnamh agus de chomhairle BEREC, lena n‑áirítear maidir le tionchar rialála aon cheist ar leith maidir le dinimic fhoriomlán na margaí digiteacha nó maidir lena gcaidreamh, a bplé agus a malartuithe le tríú páirtithe agus maidir le scaipeadh na ndea-chleachtas rialála go dtí tríú páirtithe. Sa bhreis ar an méid a chuirtear le comhairliúchán poiblí an Choimisiúin leis, ba cheart do BEREC, nuair a iarrtar sin air, comhairle a chur ar an gCoimisiún agus tograí reachtacha á n‑ullmhú. Ba cheart go mbeadh BEREC ábalta freisin comhairle a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin dóibh, nó ar a thionscnamh féin.
(329)I bhfianaise an chóineasaithe mhéadaithe atá ann idir na hearnálacha a chuireann seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil, agus gné chothrománach na saincheisteanna rialála a bhaineann lena bhforbairt, ba cheart do BEREC agus OLD oibriú i gcomhar leo seo a leanas, gan dochar dá ról sin, na húdaráis rialála náisiúnta, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha, go háirithe CBSR, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679, Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc arna bhunú le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Líonra agus Faisnéise arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí arna bhunú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an Gréasán Eorpach Iomaíochta agus eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, chomh maith le coistí atá ann cheana (amhail an Coiste um Chumarsáid agus an Coiste um an Speictream Raidió). I gcás inarb iomchuí, ba cheart do BEREC agus do OLD oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha inniúla na mBallstát atá freagrach as iomaíocht, as cosaint tomhaltóirí, as cibearshlándáil agus as cosaint sonraí, agus leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, go háirithe údaráis rialála atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí nó grúpaí de na húdaráis sin, mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta nuair is gá sin chun a gcúraimí a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh BEREC ábalta freisin dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara trí bhíthin comhairliúcháin phoiblí.
(330)Mar chomhlacht teicniúil a bhfuil saineolas aige ar chumarsáid leictreonach agus atá comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis rialála náisiúnta agus ón gCoimisiún, is ar BEREC is fearr cúraimí a chur amhail rannchuidiú le nósanna imeachta éifeachtúla an mhargaidh inmheánaigh um dhréachtbhearta náisiúnta a mhéid a bhaineann le rialáil an mhargaidh, na treoirlínte riachtanacha a sholáthar d’údaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile chun critéir choiteanna agus cur chuige rialála comhsheasmhach a áirithiú. Ba cheart na scileanna cuí a bheith ag OLD chun tacú le BEREC ina chúraimí rialála uile. Tá an méid sin gan dochar do na cúraimí arna leagan síos d’údaráis rialála náisiúnta, arb iad is gaire do na margaí cumarsáide leictreonaí agus na dálaí áitiúla a ghabhann leo.
(331)Chun rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo, sa bhreis ar na cúraimí atá air faoi láthair, ba cheart do BEREC comhar éifeachtach a chur chun cinn i measc soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus gnóthais atá gníomhach in earnálacha dlúthbhainteacha, trí threoirlínte a eisiúint maidir le comhar san éiceachóras a éascú i ndáil le hábhair theicniúla agus tráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí sochaí faisnéise agus táirgí agus seirbhísí nuálacha a théann chun tairbhe, go háirithe, d’úsáideoirí deiridh, i gcomhréir le rialacha dhlí na hiomaíochta. Ba cheart cúraimí nua maidir le hathléimneacht agus ullmhacht a chur ar BEREC freisin, lena n‑áirítear Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha arna ullmhú ag OLD a ghlacadh. Ba cheart do BEREC treoirlínte a ghlacadh freisin maidir le bearta teicniúla agus dlíthiúla a d’fhéadfadh úsáideoirí deiridh a chosaint go héifeachtach ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha san Aontas.
(332)Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta comhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC a cheapadh as measc cheannairí an údaráis rialála náisiúnta nó comhaltaí a chomhlachta choláistigh de ghnáth. Le cathaoirleacht rothlach Bhord Rialálaithe BEREC, beartaítear leanúnachas obair BEREC a áirithiú. Cuirtear uainíocht róil na Leas-Chathaoirleach chun cinn freisin.
(333)Ba cheart do BEREC a bheith in ann gníomhú chun leasa an Aontais, go neamhspleách ar aon idirghabháil sheachtrach, lena n‑áirítear brú polaitiúil nó cur isteach tráchtála. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeidh na ráthaíochtaí is fearr is féidir i ndáil le neamhspleáchas pearsanta agus neamhspleáchas feidhmiúil ag na daoine a cheapfar chun bheith ar an mBord Rialálaithe. Ceann údaráis náisiúnta rialála, comhalta dá chomhlacht coláisteach, nó an t‑ionadaí ar cheachtar acu, beidh an leibhéal ard neamhspleáchais phearsanta agus fheidhmiúil céanna aige nó aici. Go sonrach, ba cheart dó nó di gníomhú ar bhealach neamhspleách oibiachtúil, níor cheart dó nó di treoracha a lorg nó a ghlacadh i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh, agus ba cheart iad a chosaint i gcoinne cur as oifig treallach. Is féidir le ceann an údaráis náisiúnta rialála nó comhalta dá chomhlacht coláisteach, nó an t‑ionadaí ar cheachtar acu nó comhalta eile d’fhoireann an údaráis náisiúnta rialála, feidhm an chomhalta mhalartaigh a dhéanamh, agus gníomhóidh sé nó sí, i gcomhréir le raon feidhme shainordú chomhalta an Bhoird Rialálaithe a bhfuil ionadú á dhéanamh air nó uirthi.
(334)Ba cheart go soláthródh BEREC saineolas agus go gcothódh sé muinín, de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht a chuid comhairle agus faisnéise, de bhua thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a mhodhanna oibríochta agus de bhua a dhíograise le linn a chúraimí a chur i gcrích le tacaíocht ó OLD. Níor cheart go gcuirfeadh neamhspleáchas BEREC cosc ar a bhord rialálaithe plé a dhéanamh ar bhonn na ndréachtaí a ullmhaíonn na meithleacha faoina treoir.
(335)Bunaíodh RSPG den chéad uair le Cinneadh 2002/622/CE chun rannchuidiú leis an margadh inmheánach a fhorbairt agus chun tacú le beartas speictrim raidió ar leibhéal an Aontais a fhorbairt. Tháinig Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 in ionad Chinneadh 2002/622/CE níos déanaí. Tugann RSPG cúnamh agus comhairle don Choimisiún maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas speictrim raidió. Áirítear orthu sin infhaighteacht speictrim raidió, speictream raidió a chomhchuibhiú agus a leithdháileadh, faisnéis a sholáthar maidir le leithdháileadh, infhaighteacht agus úsáid speictrim raidió, modhanna chun cearta úsáide speictrim raidió a dheonú, athfheirmeoireacht speictrim raidió, athlonnú, luacháil agus úsáid éifeachtúil speictrim raidió agus sláinte an duine a chosaint. Cuireann RSPG comhairle ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin dóibh maidir le hábhair speictrim raidió. Is é RSPG an fóram anois chun cur chun feidhme oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le speictream raidió faoi Threoir (AE) 2018/1972 a chomhordú agus tá ról lárnach aige i réimsí atá fíor-riachtanach don mhargadh inmheánach, amhail speictream raidió trasteorann a chomhordú agus a chaighdeánú.
(336)Go ginearálta, bhí spriocanna insoláthartha RSPG ina n‑ionchur luachmhar ar mhaithe leis na breithnithe breise a rinne an Coimisiún, rannchuidigh siad leis an margadh inmheánach a fhorbairt agus thacaigh siad le beartas speictrim raidió ar leibhéal an Aontais a fhorbairt, agus ba dhíol sásaimh do pháirtithe leasmhara iad. Mar sin féin, sna tuairimí uaidh, níor bhain RSPG leas iomlán as a shainordú chun comhairle a chur ar institiúidí an Aontais maidir le gnéithe níos leithne den bheartas speictrim raidió i gcoitinne (e.g. saincheisteanna eacnamaíocha, polaitiúla, cultúrtha, straitéiseacha, slándála, sláinte agus sóisialta), agus is é easpa struchtúir tacaíochta chuí ba chuid den chúis leis sin. Sa chleachtas, an dlúthchomhar idir BEREC agus RSPG a beartaíodh le Treoir (AE) 2018/1972 i gcás ina mbaineann impleachtaí rialála le saincheisteanna ó thaobh an speictrim raidió, bhí sé teoranta do líon beag tuairimí nó tuarascálacha comhpháirteacha. Bhí BEREC agus RSPG araon ag brath ar acmhainní a gcomhaltaí don obair shubstaintiúil, rud a chiallaíonn go ndéantar aon srian atá ar na húdaráis náisiúnta, bídís ina srianta de chineál buiséadach, maidir le soláthar foirne nó le hualach oibre, a léiriú ina gcumas rannchuidiú go héifeachtach le hobair BEREC agus RSPG.
(337)Fágann cúraimí nua faoin Rialachán seo, amhail i réimse na húsáide speictrim raidió ag satailítí agus sa nós imeachta um an margadh aonair speictrim, nach mór RSPG a neartú. Ba cheart é a fhorbairt ó ghrúpa comhairleach an Choimisiúin chun go mbeidh sé comhchosúil le BEREC, agus tacaíocht riaracháin agus ghairmiúil leordhóthanach ó OLD aige. Dá bhrí sin, bunaítear CBSR leis an Rialachán seo, agus tagann sé in ionad RSPG. Ba cheart go leanfadh CBSR de ról comhairleach a bheith aige maidir le beartas speictrim raidió a fhorbairt san Aontas. Féadfaidh an Coimisiún nó Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar CBSR tráth ar bith tuairim nó tuarascáil a ghlacadh maidir le haon saincheist a bhaineann leis an mbeartas speictrim raidió. Sna tuairimí uaidh, ba cheart do CBSR, inter alia, gnéithe teicniúla, eacnamaíocha, polaitiúla, cultúrtha, straitéiseacha, sláinte agus sóisialta a chur san áireamh, chomh maith le riachtanais éagsúla na n‑úsáideoirí speictrim raidió a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile, d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach cothromaíocht chóir, neamh-idirdhealaitheach agus chomhréireach. Thairis sin, ba cheart do CBSR cúraimí nua a ghlacadh air féin faoin Rialachán seo.
(338)Ós rud é go bhfágann na cúraimí a bhaineann leis an mbeartas speictrim raidió go bhfuil gá le saineolas ó údaráis inniúla náisiúnta dhifriúla ar a bhfuil freagracht as saincheisteanna speictrim, lena n‑áirítear ó chomhlachtaí a dhéanann cinntí polaitiúla, ní féidir cúraimí CBSR a thabhairt do BEREC, atá comhdhéanta d’údaráis rialála náisiúnta nach gá go mbeadh inniúlachtaí acu in ábhair beartais speictrim.
(339)Ba cheart do CBSR a bheith comhdhéanta den Bhord Rialálaithe CBSR agus na meithleacha. Ba cheart do na meithleacha obair ullmhúcháin a dhéanamh ar mhaithe le plé Bhord CBSR, ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach a raibh sé sin á dhéanamh ag na foghrúpaí obair ullmhúcháin ar mhaithe le RSPG.
(340)Ba cheart saineolaithe ardleibhéil ó na Ballstáit ar a bhfuil freagracht as an mbeartas straitéiseach speictrim raidió a chuimsiú ar Bhord CBSR. D’fhéadfadh na saineolaithe sin teacht ó údaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile. Ag cruinnithe CBSR, ba cheart do thoscaireachtaí náisiúnta tuairim náisiúnta chomhdhlúite agus chomhordaithe a chur i láthair, is cuma má chomhroinntear freagracht as speictream raidió idir comhlachtaí náisiúnta difriúla, ní hamháin i ndáil leis an margadh inmheánach ach i ndáil le beartais um ord poiblí, slándáil phoiblí, cosaint shibhialta agus cosaint freisin toisc go bhféadfadh beartais den sórt sin tionchar a imirt ar eagar an speictrim raidió ina iomláine.
(341)An socrú atá ag RSPG faoi láthair, is é sin go bhfuil téarma oifige 2 bhliain ag Cathaoirleach agus ag an deireadh go dtagann Leas-Chathaoirleach ina ionad nó ina hionad, bhí sé tairbhiúil chun leanúnachas obair RSPG a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de shocrú comhchosúil le haghaidh Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh ar Bhord CBSR.
(342)Ba cheart cuireadh a thabhairt do Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT) mar bhreathnóir ar obair CBSR de bhrí go bhfuil tionchar mór ag gníomhaíochtaí CBSR ar speictream raidió ar an leibhéal uile-Eorpach agus go bhfuil saineolas teicniúil fairsing ag CEPT agus ag a comhlachtaí cleamhnaithe ar an mbainistiú speictrim raidió. Is iomchuí leas a bhaint as saineolas CEPT freisin, ar bhonn sainorduithe a deonaíodh dó de bhun Chinneadh Uimh. 676/2002/CE chun bearta cur chun feidhme teicniúla a fhorbairt sna réimsí a bhaineann le leithdháileadh speictrim raidió agus infhaighteacht faisnéise. I bhfianaise a thábhachtaí atá caighdeánú Eorpach chun trealamh a úsáideann speictream raidió a fhorbairt, tá sé tábhachtach, ar an gcaoi chéanna, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (‘ETSI’) a chomhlachú mar bhreathnóir.
(343)Ina theannta sin, i gcás inar gá, agus ar bhonn cás ar chás, ba cheart do Bhord Rialálaithe BEREC, do Bhord CBSR agus do Bhord Bainistíochta OLD a bheith in ann cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ábhartha, mar shampla i bhfianaise a róil agus a shaineolais, páirt a ghlacadh ina gcruinnithe mar bhreathnóir. Níor cheart an stádas breathnóra sin a bheith buan agus, dá réir sin, ba cheart cuireadh chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialálaithe, Bhord CBSR nó an Bhoird Bainistíochta a eisiúint le haghaidh cruinniú sonrach. I bhfianaise íogaireacht agus rúndacht pléití áirithe a bhféadfadh sé nach mór do chomhaltaí BEREC agus CBSR a dhéanamh chun cúraimí a dhéanamh, amhail cúraimí a bhaineann le hathléimneacht nó ina bhfuil gné láidir Aontais, mar shampla, is gá a thabhairt de chumhacht don Choimisiún iarraidh go gcuirfí srian leis an rannpháirtíocht i gcruinniú BEREC agus CBSR. An deis chéanna chun iarraidh go gcuirfí teorainn le rannpháirtíocht, ba cheart í a thabhairt do Chathaoirligh BEREC agus CBSR, a fhéadfaidh iarraidh den sórt sin a dhéanamh i gcomhaontú le Stiúrthóir OLD.
(344)Ba cheart do Bhord Rialálaithe BEREC, do Bhord CBSR agus do Bhord Bainistíochta OLD dhá ghnáthchruinniú ar a laghad a thionól in aghaidh na bliana. I bhfianaise taithí a fuarthas roimhe agus ról feabhsaithe BEREC agus CBSR, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar Bhord Rialálaithe BEREC, ar Bhord CBSR agus ar Bhord Bainistíochta OLD cruinnithe breise a thionól. Chun an comhar idir BEREC agus CBSR a fheabhsú a thuilleadh, féadfar cruinnithe comhpháirteacha den Bhord Rialálaithe agus de Bhord CBSR a thionól chun ábhair atá ábhartha do BEREC agus do CBSR araon a phlé.
(345)Chun méadú breise a dhéanamh ar ghné an mhargaidh aonair de BEREC agus de threoirlínte, tuairimí, tuarascálacha agus doiciméid eile de chuid CBSR, ba cheart an tromlach aonair a bheith ina riail don vótáil.
(346)Is léir ón taithí a fuarthas gur fearr is féidir an chuid is mó de chúraimí BEREC agus CBSR a dhéanamh trí mheithleacha. Ba cheart do mheithleacha BEREC a áirithiú i gcónaí go dtabharfar an aird chéanna ar dhearcthaí agus ionchuir na n‑údarás rialála náisiúnta uile, agus ba cheart do mheithleacha CBSR a áirithiú go dtabharfar an aird chéanna ar dhearcthaí agus ionchuir chomhaltaí uile CBSR. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis inniúla atá freagrach as speictream raidió, freagairt go pras d’iarrataí ainmniúcháin chun a áirithiú go mbunófar meithleacha go tapa, go háirithe na meithleacha sin a bhaineann le nósanna imeachta lena ngabhann teorainneacha ama. Ba cheart go mbeadh na meithleacha ar oscailt do rannpháirtíocht na saineolaithe ón gCoimisiún. Chun tionchar aschur BEREC agus CBSR ar an margadh inmheánach a fheabhsú a thuilleadh, ba cheart do bhaill foirne ghairmiúla ó OLD tacú agus rannchuidiú go córasach le gníomhaíochtaí na meithleacha. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhord Rialálaithe BEREC agus do Bhord CBSR meithleacha a bhunú, trí OLD, agus a gCathaoirligh a cheapadh, arb iad a dhéanfaidh ionadaíocht, i gcás inar féidir, d’údaráis rialála náisiúnta dhifriúla agus, i gcás inarb ábhartha, d’údaráis inniúla dhifriúla atá freagrach as speictream raidió, agus do OLD i bhfianaise shaineolas agus infhaighteacht fhoireann OLD.
(347)Sa nós imeachta um an margadh inmheánach, i gcás ina bhfuil measúnú á dhéanamh ag meitheal BEREC ar dhréachtbheart náisiúnta arna mholadh ag údarás rialála náisiúnta agus dréacht-tuairim á forbairt aici, más ábhartha, níor cheart í a bheith faoi thionchar dhearcthaí an údaráis rialála náisiúnta a mhol an beart féin ná faoi thionchar thuairimí an Choimisiúin. Ar an gcaoi chéanna, meithleacha CBSR agus BEREC a bhíonn ag déileáil leis na dréachtbhearta náisiúnta faoina dtugtar fógra sa nós imeachta um an margadh aonair speictrim, níor cheart iad a bheith faoi thionchar na ndearcthaí atá ag údarás inniúil a bhfuil an beart á mholadh aige ná faoi thionchar dhearcthaí an Choimisiúin. Dá bhrí sin, mar eisceacht, níor cheart do na saineolaithe ón gCoimisiún ná ón údarás rialála náisiúnta ábhartha ná ón údarás inniúil ábhartha atá freagrach as speictream freastal ar chruinnithe na meithle ábhartha de chuid BEREC nó CBSR.
(348)Bhí ról tábhachtach ag RSPG in ullmhúchán an Aontais do na Comhdhálacha Radachumarsáide Domhanda trí mhíreanna de chláir oibre na gComhdhálacha a shainaithint in éineacht leis an gCoimisiún, ar míreanna iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dhlí, do bheartais nó do chláir an Aontais, agus tríd an seasamh ba cheart don Aontas a ghlacadh ag na Comhdhálacha a mholadh. Ós rud é nár cheart tionchar a bheith ag aon riarachán nach riarachán de chuid an Aontais ar na moltaí sin, níl i gcomhaltaí an fhoghrúpa ábhartha den Ghrúpa um Beartas Speictream Raidió (RSPG) ach saineolaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Ba cheart leanúint den socrú sin tar éis do CBSR cúraimí RSPG a thógáil ar láimh.
(349)I gcás inarb iomchuí agus ag brath ar leithdháileadh na gcúraimí ar údaráis i ngach Ballstát, ba cheart a iarraidh ar údaráis inniúla eile páirt a ghlacadh agus ba cheart a ndearcthaí a chur san áireamh i meitheal ábhartha BEREC i gcás ina bhfuil gá lena saineolas. Mura féidir le saineolaithe ó údaráis inniúla eile freastal ar na cruinnithe sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a léiriú gur cuireadh a ndearcthaí san áireamh. In aon chás, ba cheart neamhspleáchas BEREC a chothabháil. De ghnáth, ba cheart sainorduithe sonracha a bheith ag BEREC agus ag meithleacha CBSR agus ba cheart iad a dhíscaoileadh a luaithe a chomhlíonann siad a sainordú. Ar an gcaoi sin, bheadh obair BEREC agus CBSR níos solúbtha agus bheadh saineolaithe rannpháirteach i gcás inar gá agus ar feadh na tréimhse lena bhfuil gá. Ar an taobh eile, ba cheart go bhféadfaí meithleacha buana BEREC nó CBSR a chruthú i gcás inar gníomhaíochtaí athfhillteacha iad a gcuid gníomhaíochtaí.
(350)Cruthaíodh go raibh an cleachtas atá ag RSPG faoi láthair, is é sin, oibriú ar bhonn clár oibre débhliantúil, dearfach toisc gur fhág sé go raibh leanúnachas ann ó thaobh na ngníomhaíochtaí de ar feadh 2 bhliain, gan ualach riaracháin nach gá a chruthú. Leis sin, bhíothas in ann na saineolaithe náisiúnta a rannpháirtiú ar bhealach níos réasúnaí trí ghníomhaíocht RSPG a eagrú de réir phráinn agus íogaireacht na gníomhaíochta, rud a d’fhág go rabhthas in ann na gníomhaíochtaí uile a thabhairt i gcrích laistigh den tréimhse 2 bhliain ar a laghad. Ba cheart leanúint den dea-chleachtas sin i gcás CBSR agus ba cheart do BEREC é a ghlacadh freisin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tuairim a iarraidh ar BEREC nó ar CBSR tráth ar bith laistigh de thimthriall débhliantúil fiú dá leanfaí de ghníomhaíocht ar bhonn na hiarrata sa chéad timthriall débhliantúil eile.
(351)Chun ualach riaracháin a laghdú, ba cheart do BEREC agus do CBSR araon tuarascáil a ghlacadh maidir lena ngníomhaíochtaí gach 2 bhliain, i gcomhréir lena gcláir oibre féin.
(352)Chun a áirithiú go gcuirfear creat rialála an Aontais um chumarsáid leictreonach agus a bheartas speictrim raidió i bhfeidhm go comhleanúnach agus go comhsheasmhach, is gá an comhar idir BEREC agus CBSR a neartú. I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar an idirthuilleamaíocht idir rialáil na cumarsáide leictreonaí agus bainistiú an speictrim raidió, tá comhar struchtúrtha, tráthrialta agus córasach, lena n‑áirítear trí chruinnithe comhpháirteacha agus trí mheithleacha comhpháirteacha, fíor-riachtanach chun ilroinnt rialála a sheachaint, comhleanúnachas ó thaobh beartais de a fheabhsú agus tacú le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh.
(353)Chun an comhar idir BEREC agus CBSR a fheabhsú, ba cheart do Chathaoirleach Bhord Rialálaithe BEREC agus do Chathaoirleach Bhord CBSR teacht le chéile 2 uair sa bhliain ar a laghad. Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a shainaithnítear mar shaincheisteanna a dteastaíonn dlúthchomhar idir BEREC agus CBSR ina leith, ba cheart do na Cathaoirligh tograí a chur faoi bhráid a mbord féin le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n‑áirítear le haghaidh tascfhórsaí comhpháirteacha a chur ar bun. Ba cheart tuairisc a thabhairt i gcláir oibre BEREC agus CBSR freisin ar na saincheisteanna a shainaithnítear mar shaincheisteanna atá le bheith faoi réir dlúthchomhair. D’fhéadfaí a áireamh ar na réimsí ina bhfuil tuilleadh comhair inmholta, saincheisteanna rialála lena mbaineann leas frithpháirteach, go háirithe rialáil an mhargaidh agus iomaíocht a bhaineann le speictream raidió, chomh maith le cumarsáid satailítí, tionscail ingearacha, líonraí 5G agus 6G agus cumarsáid mhóibíleach amach anseo.
(354)Maidir le ról Oifig BEREC, a sholáthraíonn tacaíocht riaracháin go príomha do BEREC faoi láthair, ba cheart é a fheabhsú chun tacaíocht a sholáthar do BEREC agus do CBSR maidir le hábhair riaracháin chomh maith le saineolas maidir le tuillteanais na gcúraimí a shanntar dóibh. Chuige sin, ba cheart struchtúr Oifig BEREC a oiriúnú agus a hacmhainní buiséadacha a mhéadú. Ba cheart an ‘Oifig um Líonraí Digiteacha’ a thabhairt ar Oifig BEREC go hoifigiúil anois. Ba cheart an t‑ainm ‘OLD’ a úsáid mar ainm gearr na Gníomhaireachta.
(355)Mar gheall ar an méadú ag teacht ar chastacht agus ar thábhacht straitéiseach na líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar bhonneagair na líonraí digiteacha, agus i bhfianaise mhéadú a n‑idirthuilleamaíochta leis an mbeartas speictrim raidió, is gá struchtúr tacaíochta treisithe ar leibhéal an Aontais a bhunú. Ba cheart ról lárnach a bheith ag OLD maidir le saineolas, acmhainneacht anailíseach agus comhordú a sholáthar chun tacú le BEREC agus le CBSR, agus a sainorduithe agus a neamhspleáchas féin á n‑urramú go hiomlán an tráth céanna. Tá tacaíocht neartaithe agus struchtúrtha ar leibhéal an Aontais fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go comhsheasmhach, chun comhleanúnachas rialála agus beartais a fheabhsú, chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus chun tacú le cuspóirí digiteacha an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach.
(356)Ba cheart do OLD an tacaíocht ghairmiúil agus riaracháin riachtanach uile a sholáthar d’obair BEREC agus CBSR, lena n‑áirítear tacaíocht airgeadais, eagrúcháin agus lóistíochta, agus ba cheart dó rannchuidiú le hobair BEREC agus CBSR.
(357)Chun a áirithiú go bhfaighidh BEREC tacaíocht leordhóthanach maidir lena chúraimí agus chun an tionchar a bhíonn ag a aschur ar an margadh inmheánach a neartú, ba cheart ról agus cúraimí soiléire agus sainithe a shannadh do OLD leis an Rialachán seo, amhail ról agus cúraimí chun páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí uile na meithleacha de chuid BEREC agus rannchuidiú leo, an Plean a ullmhú chun athléimneacht agus ullmhacht na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, agus na mbonneagar digiteach eile ar leibhéal an Aontais, a neartú i gcás suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine a bhféadfadh drochthionchar mór a bheith acu ar an daonra nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tacú leis an gcomhordú i measc údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile chun eisiúint údaruithe aonair chun oibriú laistigh den Aontas a éascú. I bhfianaise go bhfuil ar OLD sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun na cúraimí a shanntar dó a dhéanamh, lena dtacaítear le BEREC, le CBSR nó leis an gCoimisiún, is iomchuí é a chur de chúram ar OLD tuarascálacha bliantúla faisnéiseacha a eisiúint maidir leis an dul chun cinn i dtreo an mhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach. Ba cheart tuairisc a thabhairt sna tuarascálacha sin ar staid an mhargaidh, ar struchtúr an mhargaidh, agus ar thionchar na mbeart a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo ar an margadh inmheánach, lena n‑áirítear éifeachtaí ex post na gcumasc ar an margadh. Féadfaidh an Coimisiún iad a chur san áireamh agus tuarascálacha maidir leis an Deacáid Dhigiteach á n‑ullmhú aige.
(358)Ba cheart cúraimí lena dtacaítear le CBSR a chur ar OLD freisin, mar shampla, chun tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochta a sholáthar do Bhord CBSR agus dá mheithleacha chun na cúraimí a shanntar dóibh leis an Rialachán seo a dhéanamh. Ba cheart do OLD cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do CBSR freisin sa phróiseas maidir leis an údarú Aontais a dheonú chun líonraí agus seirbhísí satailíte a sholáthar agus chun speictream raidió a úsáid le haghaidh satailíte, agus arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart dó cúnamh a thabhairt dó nós imeachta roghnúcháin ar leibhéal an Aontais a dhéanamh. Ba cheart do OLD feidhmiú mar ionad ilfhreastail freisin i gcás ina gcruthaíonn an Coimisiún nós imeachta um ionad ilfhreastail chun deonú speictrim raidió a éascú faoi choinníollacha údarúcháin coiteanna.
(359)Ós rud é go bhfuil sé ag teacht in ionad Oifig BEREC, ba cheart OLD a bheith ina chomhlacht de chuid an Aontais a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a bhfuil uathriail dhlíthiúil, riaracháin agus airgeadais aige. Mar ghníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais, ba cheart do OLD feidhmiú laistigh den sainordú atá aici agus laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair. Níor cheart a mheas go bhfuil seasamh an Aontais á chur in iúl thar a cheann ag BEREC do phobal lasmuigh nó go bhfuil oibleagáidí dlíthiúla á gcur aige ar an Aontas. Ba cheart go bhfanfadh a shuíomh i Ríge, mar a chinn Ionadaithe Rialtais na mBallstát. Tháinig an chéad Chomhaontú Suímh idir Rialtas Phoblacht an Laitvia agus an Oifig i bhfeidhm ar an 5 Lúnasa 2011. Dá éis sin, tháinig Comhaontú Ceanncheathrún nua ina ionad a síníodh an 21 Nollaig 2020, i gcomhréir le forálacha Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/1971.
(360)Ba cheart OLD a bheith comhdhéanta de Bhord Bainistíochta agus Stiúrthóir.
(361)Ba cheart do Bhord Bainistíochta OLD cinneadh a dhéanamh maidir le hábhair riaracháin, amhail an buiséad, an fhoireann agus iniúchtaí, agus ba cheart do Bhord Rialálaithe BEREC díriú ar ábhair rialála a bhaineann le cúraimí BEREC. Ba cheart an Bord Bainistíochta a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis rialála náisiúnta, ón gCoimisiún agus ó CBSR. I bprionsabal, is iad na daoine céanna ba cheart a bheith in ionadaithe na n‑údarás rialála náisiúnta ar an mBord Bainistíochta agus a ceapadh ar Bhord Rialálaithe BEREC, ach ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann ionadaithe eile a cheapadh a chomhlíonann na ceanglais chéanna. I bhfianaise go bhfuil sé de chúram ar OLD tacú le CBSR freisin, ba cheart Cathaoirleach CBSR a bheith ina chomhalta den Bhord Bainistíochta, chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar riachtanais CBSR go sásúil.
(362)Foráiltear leis an Rialachán seo go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don Stiúrthóir, duine ag a bhfuil an t‑údarás na cumhachtaí sin a fho-tharmligean. Beartaítear é sin chun rannchuidiú leis an bpointe teagmhála aonair foirne, maidir le hiarratais agus fógraí OLD a chuirtear isteach, a bhainistiú go héifeachtúil.
(363)Ba cheart go leanfadh an Stiúrthóir de bheith ina ionadaí nó ina hionadaí de OLD dtaca le gnóthaí dlíthiúla agus riaracháin. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an Stiúrthóir a cheapadh, faoi réir tuairim dhearfach a fháil ó ionadaí CBSR agus tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach chun ráthú go ndéanfar dianmheastóireacht ar na hiarrthóirí agus go mbeidh ardleibhéal neamhspleáchais i gceist.
(364)Ba cheart foireann leordhóthanach a bheith ag OLD chun a chúraimí a dhéanamh. Na cúraimí uile a shannfar do OLD, lena n‑áirítear seirbhísí tacaíochta gairmiúla agus riaracháin do BEREC agus do CBSR a gcúraimí a dhéanamh, mar aon le comhlíonadh na rialachán airgeadais, foirne agus na rialachán eile is infheidhme, agus ualach méadaithe na gcúraimí oibríochtúla a cheanglaítear ar OLD le hais na gcúraimí riaracháin, ba cheart é sin ar fad a mheasúnú mar is cuí agus a chur san áireamh i gclársceidealú na n‑acmhainní.
(365)Mar gheall ar a chineál dlíthiúil mar chomhlacht de chuid an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún maidir le OLD.
(366)Chun uathriail agus neamhspleáchas OLD a ráthú, agus chun tacaíocht a sholáthar d’obair BEREC agus CBSR, ba cheart a bhuiséad féin a bheith ag OLD. Ba cheart don bhuiséad a bheith leordhóthanach agus i gcomhréir leis na cúraimí breise a shanntar do BEREC, do CBSR agus do OLD agus leis an ról méadaithe atá acu. Ba cheart OLD a mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais go príomha. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfuil buiséad leordhóthanach aige chun a chúraimí a dhéanamh, ba cheart OLD a bheith in ann táillí a thobhach ar ghnóthais as údaruithe satailíte agus acmhainní uimhrithe uile-Eorpacha a fháil ón Aontas agus iad a choinneáil ar bun. Ba cheart don Choimisiún leibhéal na dtáillí sin agus na módúlachtaí le haghaidh íocaíochtaí a shocrú i ngníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart maoiniú OLD a bheith faoi réir comhaontú ón údarás buiséadach mar a leagtar amach i bpointe 27 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach. Chun síneadh breise a chur le cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach, ba cheart do bhord rialálaithe BEREC, do bhord CBSR, do na meithleacha, i gcás inarb ábhartha, agus don Bhord Bainistíochta a bheith oscailte do rannpháirtíocht ó údaráis tríú tíortha atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí nó an bheartais speictrim raidió, sa chás go bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas, amhail Stáit CSTE LEE agus tíortha is iarrthóirí.
(367)Ba cheart do BEREC agus CBSR a bheith i dteideal socruithe oibre a bhunú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha inniúla an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus níor cheart oibleagáidí dlíthiúla a chruthú de bharr na socruithe sin. Cuir i gcás, d’fhéadfadh a bheith mar aidhm ag socruithe oibre mar sin, caidrimh chomhoibríocha a fhorbairt agus tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna rialála. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na socruithe oibre riachtanacha comhsheasmhach le beartais agus le tosaíochtaí an Aontais, agus go bhfeidhmeoidh BEREC agus CBSR, laistigh den sainordú atá acu agus laistigh den chreat institiúideach atá ann faoi láthair, agus nach measfar go bhfuil seasamh an Aontais á chur in iúl thar a cheann aige don phobal lasmuigh nó go bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta á gcur aige ar an Aontas. Níor cheart a bheith in ann páirt a ghlacadh in obair BEREC, CBSR agus OLD gan ceart vótála a bheith ag údaráis tríú tíortha a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí nó an speictrim, ach amháin nuair atá socruithe oibre ábhartha i bhfeidhm.
(368)Chun síneadh breise a chur le cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach, ba cheart do bhord rialálaithe BEREC, do bhord CBSR, do na meithleacha, agus don Bhord Bainistíochta a bheith oscailte do rannpháirtíocht ó údaráis tríú tíortha atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí nó an bheartais speictrim raidió, sa chás go bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas, amhail Stáit CSTE LEE agus tíortha is iarrthóirí.
(369)D’fhonn leibhéal ard rúndachta a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint, na rialacha maidir leis na hábhair sin a bhfuil feidhm acu maidir le comhaltaí chomhlachtaí eagraíochtúla BEREC, CBSR agus OLD, ba cheart feidhm a bheith acu maidir lena gcomhaltaí malartacha.
(370)Ba cheart do na ÚNRanna oibriú i gcomhar le BEREC agus le OLD agus ba cheart go dtabharfaí faisnéis bheacht thráthúil dóibh chun a áirithiú go mbíonn BEREC agus OLD in ann a gcúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart freisin do BEREC agus OLD, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis, gach faisnéis riachtanach a chomhroinnt leis an gCoimisiún, leis na ÚNRanna agus le húdaráis inniúla eile. I gcás inarb ábhartha, ba cheart rúndacht na faisnéise a áirithiú. Agus é ag meas cibé acu atá nó nach bhfuil iarraidh a bhfuil údar cuí leis, ba cheart do BEREC a áireamh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an fhaisnéis a iarrtar le comhlíonadh na gcúraimí a shanntar go heisiach do na húdaráis ábhartha. Bheadh an rud céanna i gceist le CBSR agus leis na húdaráis inniúla atá freagrach as speictream raidió mutatis mutandis.
(371)Ba cheart OLD comhchóras faisnéise agus cumarsáide a bhunú chun dúbláil iarrataí ar fhaisnéis a sheachaint agus cumarsáid a éascú idir na húdaráis ar fad atá páirteach.
(372)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar oibriú BEREC, CBSR agus OLD agus ar éifeachtacht a struchtúir institiúidigh i dtimpeallacht dhigiteach atá ag athrú. Más é cinneadh an Choimisiúin, de thoradh na meastóireachta sin, go bhfuil an struchtúr institiúideach a bhunaítear leis an Rialachán seo neamhéifeachtach chun a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe chun a áirithiú go gcuirfear an creat rialála do chumarsáid leictreonach chun feidhme go comhsheasmhach, ba cheart dó leasuithe riachtanacha a mholadh.
(373)Bunaíodh an Oifig BEREC le Rialachán (AE) 2018/1971 mar ghníomhaireacht dhíláraithe a raibh pearsantacht dhlítheanach aige, agus tiocfaidh OLD, a bhunaítear leis an Rialachán seo, i gcomharbas uirthi maidir le húinéireacht, comhaontuithe, lena n‑áirítear an comhaontú suímh, oibleagáidí dlíthiúla, conarthaí fostaíochta, gealltanais agus dliteanais airgeadais. Chun leanúnachas a áirithiú in obair BEREC, RSPG agus OLD, ba cheart do chomhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC agus RSPG atá ann faoi láthair, chomh maith leis an Stiúrthóir agus comhaltaí Bhord Bainistíochta Oifig BEREC, leanúint dá róil go dtí deireadh a dtéarma oifige.
(374)Is gá d’údaráis rialála náisiúnta, d’údaráis inniúla eile agus do BEREC faisnéis a bhailiú ó ghníomhaithe margaidh chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach, lena n‑áirítear measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ginearálta maidir leis an Rialachán seo gan infheidhmeacht na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin a chur ar fionraí le linn an mheasúnaithe. Mar eisceacht, d’fhéadfadh sé gur ghá faisnéis a bhailiú ó ghnóthais eile atá gníomhach in earnálacha a bhfuil dlúthbhaint acu leis an earnáil seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail soláthraithe inneachair a bhfuil faisnéis ina seilbh acu a d’fhéadfadh a bheith riachtanach dóibh chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais. D’fhéadfadh sé gur ghá an fhaisnéis sin a bhailiú thar ceann an Choimisiúin, ionas gurbh fhéidir leis a oibleagáidí faoi seach faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart na hiarrataí ar fhaisnéis a bheith comhréireach agus níor cheart ualach míchuí a fhorchur ar ghnóthais. Ba cheart aon fhaisnéis a bhailíonn na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla a bheith ar fáil go poiblí, seachas a mhéid atá sí rúnda i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus faoi réir dhlí an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht ghnó.
(375)Chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a gcuid cúraimí rialála ar bhealach éifeachtach, ba cheart a bheith san áireamh sna sonraí a bhailíonn siad sonraí cuntasaíochta faoi na margaí miondíola a bhaineann leis na margaí mórdhíola ina n‑ainmnítear gnóthas mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige agus, dá réir sin, atá á rialáil ag an údarás rialála náisiúnta. Ba cheart a bheith san áireamh sna sonraí freisin sonraí lenar féidir leis an údarás rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide, agus an tionchar a d’fhéadfadh uasghráduithe nó athruithe pleanáilte ar an toipeolaíocht líonra a imirt ar fhorbairt na hiomaíochta nó ar tháirgí mórdhíola a chuirtear ar fáil do pháirtithe eile. I gcás na faisnéise faoi chomhlíonadh na n‑oibleagáidí maidir le cumhdach a ghabhann leis na cearta úsáide ar speictream raidió, tá sí ríthábhachtach chun iomláine na suirbhéanna geografacha ar imscaradh líonra a áirithiú. Ina leith sin, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann a cheangal go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil ar an leibhéal áitiúil imdhealaithe le gráinneacht a bheidh leordhóthanach chun suirbhé geografach ar líonraí a dhéanamh. Ba cheart teimpléid agus cineálacha chuige coiteanna a fhorbairt chun go dtuairisceoidh soláthraithe seirbhísí faisnéis airgeadais, sonraí staitisticí, faisnéis catagóirí líonraí agus seirbhísí agus faisnéis eile faoin margadh. Ba cheart athruithe ar cheanglais tuairiscithe, a luaithe a bhunófar iad, a luaithe a bhunófar iad, a íoslaghdú nuair is féidir.
(376)Chun tacú le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais, tá sé ríthábhachtach go meallfaidh an tAontas infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí inbhuanaithe i réimse na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Le rialacháin den sórt sin amhail Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Threoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ach gan bheith teoranta dóibh, tá gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais in ann sainmhíniú coiteann a bheith acu araon ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar féidir iad a mheas mar ghníomhaíochtaí inbhuanaithe. Cumhdaítear líonraí cumarsáide leictreonaí go háirithe le Cód Iompair an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht líonraí teileachumarsáide, mar atá beartaithe faoin Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘An córas fuinnimh a dhigiteáil - plean gníomhaíochta an Aontais’. I gcomhréir le prionsabal na haonuaire, tá sé riachtanach go ndéanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis maidir le hinbhuanaitheacht, a sholáthraíonn gnóthais cheana féin de bhun dhlí an Aontais, leordhóthanach chun gur féidir leo agus le BEREC a gcúraimí rialála faoi dhlí an Aontais a dhéanamh. Maidir leis sin, ba cheart do BEREC, mar chuid dá threoirlínte cothrománacha maidir le faisnéis agus tuairisciú, na hoibleagáidí tuairiscithe a bhaineann le hinbhuanaitheacht a mhapáil. Ba cheart do BEREC oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla eile chun a áirithiú go mbaileofar agus go bpróiseálfar sonraí go héifeachtúil ó thuarascálacha eile a bhaineann le hinbhuanaitheacht a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais, d’fhonn an t‑ualach riaracháin a íoslaghdú agus na sonraí ábhartha atá ann cheana a athúsáid.
(377)Ba cheart é a bheith indéanta faisnéis, ar faisnéis rúnda í dar le húdarás inniúil, a mhalartú i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht agus rúin ghnó agus maidir le cosaint sonraí pearsanta, leis an gCoimisiún, le BEREC agus le haon údarás eile, i gcás inar gá an malartú sin. Níor cheart a bheith san fhaisnéis a mhalartaítear ach an méid atá ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe agus an méid atá comhréireach leis.
(378)Níor cheart difear a dhéanamh d’oibleagáidí na mBallstát maidir le faisnéis a thabhairt chun leasanna an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chosaint, ná do na hoibleagáidí maidir le tuairisciú faoin dlí nach mbaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí, amhail dlí na hiomaíochta.
(379)Chun maolú a dhéanamh ar an ualach a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis ó sholáthraithe líonra agus seirbhíse agus ón údarás inniúil lena mbaineann, ba cheart do BEREC treoirlínte a ghlacadh maidir le raon feidhme na n‑iarrataí ar fhaisnéis agus ar thuairisciú, agus maidir le teimpléid, formáidí, uainiú agus minicíocht na n‑iarrataí sin. Maidir leis an tuairisciú tráthrialta agus córasach a bhaineann le húdarú ginearálta, le cearta úsáide aonair d’acmhainní ganna agus le hoibleagáidí sonracha, ba cheart an tuairisciú sin a chomhchuibhiú i dtreoirlínte BEREC agus níor cheart é a bheith de cheangal é a dhéanamh níos mó ná uair amháin sa bhliain agus ba cheart é a bheith faoi réir na dteimpléad ó BEREC chomh maith. Ba cheart aon iarraidh ar fhaisnéis agus aon oibleagáid tuairiscithe a bheith comhréireach, ba cheart údar oibiachtúil a bheith léi agus ba cheart í a bheith teoranta don mhéid a bhfuil géarghá leis. Go háirithe, ba cheart dúbláil iarrataí ar fhaisnéis ag an údarás inniúil, agus ag BEREC, agus an cruthúnas córasach agus rialta ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar fad faoi údarú ginearálta nó faoi cheart úsáide a sheachaint. Ba cheart gnóthais a chur ar an eolas faoin úsáid atá beartaithe don fhaisnéis a iarrtar. Níor cheart soláthar faisnéise a bheith ina choinníoll chun rochtain a fháil ar an margadh. Chun críoch staidrimh agus chun faisnéis chruinn a choinneáil i mbunachar sonraí na bhfógraí, féadfar é a chur de cheangal ar sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí fógra a thabhairt nuair a scoirfidh siad de ghníomhaíochtaí.
(380)Ní mór idirghabháil rialála brath ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le leathadh amach líonraí chun bheith éifeachtach agus chun díriú ar na réimsí ina bhfuil gá léi. Tá an fhaisnéis sin riachtanach d’fhonn an infheistíocht a chur chun cinn, an nascacht a mhéadú ar fud an Aontais agus faisnéis a chur ar fáil do gach údarás ábhartha agus do gach saoránach. Ba cheart suirbhéanna maidir le líonraí gigighiotáin a imscaradh a chur san áireamh san fhaisnéis sin, chomh maith le huasghráduithe nó síntí móra ar líonraí nach mbeadh ag teacht, b’fhéidir, le saintréithe feidhmíochta líonraí gigighiotáin ar gach bealach, amhail snáithín a leathadh amach chomh fada leis an gcaibinéad i dteannta teicneolaíochtaí gníomhacha amhail treorialú. Agus an fhaisnéis á bailiú, ba cheart tacú leis an bpróiseas múchta copair freisin, agus an fhaisnéis ábhartha uile i gceist. Ba cheart tréimhsí suas le 3 bliana a bheith i gceist leis na réamhaisnéisí ábhartha. Maidir le leibhéal sonraí agus gráinneacht chríochach na faisnéise ba cheart do na húdaráis inniúla a bhailiú, ba cheart an cuspóir rialála sonrach a bheith ina threoir dóibh agus ba cheart gur leordhóthanach iad chun na gcríoch rialála dá bhfónann an fhaisnéis. Dá bhrí sin, beidh méid an aonaid chríochaigh éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ag brath ar na riachtanais rialála sna himthosca náisiúnta sonracha, agus ar infhaighteacht sonraí áitiúla. Ba cheart treoirlínte BEREC a bheith ina dtreoir ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile maidir leis an dea-chleachtas chun aghaidh a thabhairt ar a leithéid de chúram, agus sna treoirlínte sin beifear in ann brath ar an taithí a fuair na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile cheana agus iad i mbun suirbhéanna geografacha ar leathadh amach líonraí. Gan dochar d’fhaisnéis rúnda agus do rúin thráchtála a mheas, ba cheart do na húdaráis inniúla, i gcás faisnéis nach bhfuil ar fáil cheana féin ar an margadh, sonraí a chur ar fáil go díreach i bhformáid oscailte i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus gan srianta ar athúsáid na faisnéise a bailíodh i suirbhéanna den sórt sin, agus ba cheart dóibh uirlisí a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh maidir le cáilíocht seirbhíse chun feabhas a chur ar a bhfeasacht ar na seirbhísí nascachta atá ar fáil. Agus aon chuid den fhaisnéis sin á bailiú acu, ba cheart do gach údarás lena mbaineann prionsabal na rúndachta a urramú agus ba cheart go seachnófaí míbhuntáiste san iomaíocht d’aon ghnóthas.
(381)I gcás ina léiríonn suirbhéanna geografacha, in éineacht le sonraí ábhartha eile b’fhéidir, go bhfuil saincheisteanna ó thaobh na hiomaíochta de ann, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an margadh nuair atá údar leis.
(382)Tá faisnéis iontaofa maidir le himscaradh líonraí leathanbhanda fíor-riachtanach chun Státchabhair a spriocdhíriú go beacht, oibleagáidí seirbhíse uilíche a fhíorú, agus iomaíocht a chur chun cinn go héifeachtach. D’fhéadfadh sé go dteipfeadh ar shuirbhéanna tréimhsiúla cineál dinimiciúil an phróisis um leathadh amach snáithín optúil a léiriú. Dá bhrí sin, moltar sna dea-chleachtais go bhforbrófar an mhapáil a dhéantar ar imscaradh líonraí ó shuirbhé statach go suirbhé leanúnach, arbh fhearr é a bhunú ar an tsamhail iontógála sonraí atá bunaithe ar chomhéadain feidhmchlár (‘APInna’), lena gcruthófar ‘leathbhreac digiteach fíor-ama’ de nascacht an Aontais lena n‑áirítear nascacht trastíre agus neamh-thrastíre (nascacht satailíte) araon.
(383)Chun na rialacha maidir le Státchabhair a chomhlíonadh, ní mór, inter alia, athrú leormhaith ó bhonn a sholáthar tríd an líonra fóirdheonaithe i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana agus atá beartaithe, ar líonraí iad atá ann cheana féin nó a bhfuil a n‑imscaradh réamhaisnéisithe. D’fhéadfadh sé sin a fhágáil gur ghá tairseacha luais coincréiteacha a mhapáil.
(384)Chun infhaighteacht (áitribh in-nasctha), ullmhacht (áitribh nasctha) agus glacadh (áitribh ghníomhachtaithe) maidir le raon geografach chumhdach nascachta na líonraí gigighiotáin, agus rátaí glactha chomh maith le sciartha den mhargadh, a ríomh go cruinn, tá ainmneoir beacht riachtanach. Chun stóinseacht na ríomhanna sin a áirithiú, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile ar chomhaireamh údarásach na dteaghlach agus na n‑áitreabh fisiceach in aghaidh phointe an tseolta, mar atá i seilbh Oifigí Staidrimh Náisiúnta nó Údarás Cadastrach. Tá rochtain ar na sonraí iontaofa sin fíor-riachtanach chun cumhdach agus rátaí dhul i bhfód na nascachta a ríomh go cruinn chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna na Deacáide Digití agus chun a áirithiú go ndéanfar anailís margaidh stóinseach chomhsheasmhach ar fud an Aontais.
(385)Is réamhriachtanas é rochtain ar líonraí gigighiotáin don chuimsiú sóisialta agus don fhorbairt eacnamaíoch, ach bíonn tionchar mór ag tosca ar thaobh an éilimh ar inchoimhlinteacht an mhargaidh agus ar inmharthanacht na hinfheistíochta. Chun anailísí margaidh a dhéanamh go héifeachtach, margaí ábhartha a shainiú, agus idirghabhálacha poiblí a spriocdhíriú, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir ‘bearnaí bonneagair’ (áiteanna nach bhfuil líonraí ann) agus ‘bearnaí sa ghlacadh’ (áiteanna ina bhfuil líonraí ach nach n‑úsáidtear iad fós). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach sonraí líonra geospásúla agus micreashonraí socheacnamaíocha a chur i gcomparáid le chéile chun measúnú a dhéanamh ar na srianta a bhféadfadh difear a bheith á dhéanamh acu do chumhdach, d’éileamh agus don r-chuimsiú.
(386)D’fhéadfadh sonraí a bhaineann le comhdhéanamh teaghlaigh, struchtúr aoise, agus ioncam indiúscartha a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar leaisteachas éilimh agus ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ar ghlacadh seirbhísí leathanbhanda. Thairis sin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, féadfar táscairí ioncaim agus bochtaineachta a úsáid chun incháilitheacht le haghaidh dearbháin shóisialta a fhíorú go huathoibríoch. Bheadh na Ballstáit in ann fóirdheontais phoiblí a spriocdhíriú, ach an mhéadracht sin a phróiseáil, chun tacú leis na saoránaigh is leochailí agus, an tráth céanna, teorainn a chur le haon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.
(387)Is léir ón taithí a fuarthas gur minic a bhíonn bacainní teicniúla fós ann a bhaineann leis an nascadh leis an úsáideoir ar deireadh, agus go mbaineann difríocht shainiúil leis na bacainní sin nach mbaineann leis an líonra in aice leis an úsáideoir a imscaradh. Dá bhrí sin, is sonraí staitistiúla ábhartha iad sonraí maidir le saintréithe foirgnimh fisiceacha, lena n‑áirítear an bhliain tógála, an cineál teaghaise (aonaid ilteaghaise vs aonaid teaghaise aonair), agus stádas tionóntachta. D’fhéadfadh rochtain ar na sonraí sin é a chur ar a gcumas do rialálaithe ‘scrogaill ingearacha’ a shainaithint, amhail costais an tsreangaithe inmheánaigh, a d’fhéadfadh feidhmiú mar bhacainní ar infheistíochtaí, agus samhlacha costais a choigeartú le haghaidh praghsáil rochtana mórdhíola dá réir sin.
(388)Chun cúraimí rialála a fheidhmiú go héifeachtach, lena n‑áirítear margaí geografacha fonáisiúnta a shainiú agus Státchabhair a spriocdhíriú, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis rialála náisiúnta sonraí líonra geospásúla a phróiseáil in éineacht le micreashonraí socheacnamaíocha agus fisiceacha gráinneacha ar leibhéal na bpointí seoltaí aonair. I gcás ina bhfuil sé riachtanach sonraí pearsanta a phróiseáil chun na cúraimí sin a shaothrú, déantar an phróiseáil sin de bhun Airteagal 6(1), pointe (e) agus Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na rúndachta staidrimh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 go hiomlán, ba cheart úsáid Timpeallachta Sláine Próiseála nó na gcomhéadan teicniúil slán coibhéiseach a chur chun cinn leis an Rialachán seo. Áirithíonn an timpeallacht sin, cé go ndéantar anailís ar mhicreashonraí ar mhaithe le cruinneas, nach nochtar aon sonraí rúnda don údarás rialála, agus nach mór aon tuairisciú poiblí a dhíorthaítear ón anailís sin a chomhiomlánú go leibhéal lena gcoisctear aonaid staidrimh shonracha a ath-shainaithint, rud lena n‑áirithítear tairseach trí aonad ar a laghad de ghnáth.
(389)Chun comhsheasmhacht a áirithiú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart BEREC a bheith in ann a threoirlínte a thabhairt cothrom le dáta chun na caighdeáin theicniúla maidir leis an Timpeallacht Shlán Phróiseála agus na sainmhínithe sonraí maidir leis na táscairí socheacnamaíocha a shonrú, lena n‑áiritheofar go n‑íoslaghdófar an t‑ualach ar Oifigí Staidrimh Náisiúnta trí APInna caighdeánaithe.
(390)Cé go bhféadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh a gcuid pleananna imscartha a athrú ar chúiseanna dothuartha, ar chúiseanna oibiachtúla agus ar chúiseanna a mbeidh údar leo, ba cheart do na húdaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh, lena n‑áirítear i gcás ina ndéantar difear don chistiú poiblí, agus i gcás inarb iomchuí, pionóis a fhorchur, má chuireann gnóthas nó údarás poiblí, go feasach nó de thoradh mórfhaillí, faisnéis mhíthreorach earráideach nó neamhiomlán ar fáil. Maidir le pionóis, is ceart gurbh é atá i gceist le mórfhaillí cás ina gcuireann an gnóthas nó an t‑údarás poiblí faisnéis atá míthreorach, earráideach nó neamhiomlán ar fáil mar gheall ar iompraíocht nó ar eagraíocht inmheánach ina ndéantar neamart iomlán sa dícheall cuí maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Maidir le mórfhaillí, ní gá fios a bheith ag an gnóthas nó ag an údarás poiblí gur faisnéis mhíthreorach earráideach nó neamhiomlán an fhaisnéis atá á cur ar fáil acu, ach gurbh eol dó sin dá ngníomhódh sé nó dá eagrófaí é le dícheall cuí. I bhfianaise an tionchair dhiúltaigh ar an iomaíocht agus ar thionscail a mhaoinítear go poiblí, is tábhachtach go mbeadh na pionóis sách athchomhairleach. Ba cheart na forálacha maidir le pionóis a bheith gan dochar do chearta cúiteamh a éileamh as damáiste i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
(391)Is den riachtanas dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach san Aontas chun go gcuirfear ar chumas shaoránaigh uile an Aontais rochtain a bheith acu ar an idirlíon agus ar sheirbhísí idirlín agus digiteacha. Chuige sin, i gcás limistéir atá sonrach agus dea-shainithe, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis ábhartha cuireadh a thabhairt do ghnóthais agus d’údaráis phoiblí a dhearbhú go bhfuil sé beartaithe acu líonraí gigighiotáin a imscaradh sna limistéir sin, rud a thugann dóthain ama dóibh freagra measta a chur ar fáil. Ba cheart a léiriú san fhaisnéis sna réamhaisnéisí sin ionchais eacnamaíochta earnáil na líonraí cumarsáide leictreonaí agus rúin infheistíochta na ngnóthas tráth a bhailítear na sonraí, chun nascacht inrochtana a aithint i limistéir éagsúla. I gcás ina ndearbhaíonn gnóthas nó údarás poiblí go bhfuil sé beartaithe acu líonra a imscaradh i limistéar, ba cheart don údarás rialála náisiúnta nó d’údarás inniúil eile a bheith in ann é a chur de cheangal ar ghnóthais eile agus ar údaráis phoiblí eile a dhearbhú cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe acu líonraí gigighiotáin a imscaradh. Leis an nós imeachta sin, a bhraitheann ar fhreagairtí ionraice de mheon macánta ó rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart trédhearcacht a chruthú do ghnóthais agus d’údaráis phoiblí a chuir in iúl gur spéis leo líonra a imscaradh sa limistéar sin, chun gur féidir leo, agus a bpleananna gnó á ndearadh acu, measúnú a dhéanamh ar an iomaíocht is dócha a bheidh rompu ó líonraí eile. Ar mhaithe le dálaí infheistíochta intuartha, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt le gnóthais agus le húdaráis phoiblí a léiríonn spéis i líonraí gigighiotáin a imscaradh, ar faisnéis í a bhaineann le cineálacha eile uasghráduithe líonra a bheith ann nó a bheith beartaithe sa limistéar lena mbaineann.
(392)Tá sé tábhachtach go rachadh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar fad faoi na cinntí atá beartaithe, go dtabharfaidís a ndóthain ama dóibh de réir chastacht an ábhair a gcuid barúlacha a thabhairt, agus go gcuirfidís a gcuid barúlacha san áireamh sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cinntí ar an leibhéal náisiúnta dochar d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ná do chuspóirí eile CFAE, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta fógra a thabhairt faoi dhréachtchinntí sonracha áirithe, maidir le feidhmíocht agus iomaíocht an mhargaidh go háirithe, don Choimisiún agus do na húdaráis rialála náisiúnta eile freisin chun deis a thabhairt dóibh barúil a thabhairt. Is iomchuí go rachadh údaráis inniúla i gcomhairle le páirtithe leasmhara sna cásanna atá sainithe sa Rialachán seo faoi gach dréachtbheart a dhéanfaidh difear don trádáil idir na Ballstáit.
(393)I gcomhthéacs timpeallacht iomaíoch, ba cheart tuairimí na bpáirtithe leasmhara, lena n‑áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a chur san áireamh. Chun aghaidh mar is iomchuí a thabhairt ar leasanna na saoránach, ba cheart do na Ballstáit sásra comhairliúcháin iomchuí a bhunú. Ba cheart gur comhlacht a bheadh sa sásra sin a dhéanfadh taighde, neamhspleách ar an údarás rialála náisiúnta agus ar sholáthraithe seirbhíse, ar cheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí, mar shampla iompraíocht tomhaltóirí agus sásraí maidir le soláthraithe a athrú, agus a d’oibreodh ar bhealach trédhearcach agus a chuirfeadh leis na sásraí atá ann cheana le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara. Thairis sin, d’fhéadfaí sásra a bhunú chun go mbeadh comhar iomchuí ann maidir le ceisteanna a bhaineann le hinneachar dleathach a chur chun cinn. Níor cheart a cheadú le haon nós imeachta comhair a chomhaontaítear de bhun sásra den sórt sin, áfach, faireachas córasach a dhéanamh ar úsáid an idirlín.
(394)Ba cheart an caighdeánú fanacht go príomha ina phróiseas atá faoi thionchar an mhargaidh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann go fóill, áfach, inarb iomchuí a cheangal go gcomhlíonfaí caighdeáin shonraithe ar leibhéal an Aontais chun idir-inoibritheacht agus saoirse rogha sa mhargadh aonair a fheabhsú d’úsáideoirí agus chun idirnascacht a spreagadh sa mhargadh inmheánach. Ar an leibhéal náisiúnta, tá na Ballstáit faoi réir Threoir (AE) 2015/1535. Ba cheart na nósanna imeachta maidir le caighdeánú faoin Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoracha 2014/30/AE agus 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus do Threoir 2014/53/AE.
(395)Maidir le comhchuibhiú agus comhordú speictrim raidió agus rialáil trealaimh le tacaíocht ó chaighdeánú ar bhonn Threoir 2014/53/AE, tá siad comhlántach agus is gá iad a chomhordú go dlúth chun a gcomhchuspóirí a chomhlíonadh go héifeachtach, le tacaíocht ó CBSR. Le comhordú idir inneachar agus uainiú na sainorduithe chuig Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT) faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE agus iarrataí ar chaighdeánú chuig comhlachtaí um chaighdeánú, amhail Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, lena n‑áirítear maidir le paraiméadair glacadóirí raidió, ba cheart tabhairt isteach na gcóras amach anseo a éascú, tacú le deiseanna comhroinnte speictrim raidió agus bainistiú éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú.
(396)Le hiarrataí ar chaighdeánú chuig comhlachtaí um chaighdeánú, amhail Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, lena n‑áirítear maidir le paraiméadair glacadóirí raidió, ba cheart tabhairt isteach na gcóras amach anseo a éascú, tacú le deiseanna comhroinnte speictrim raidió agus bainistiú éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú.
(397)Tá gealltanais tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit i ndáil le caighdeáin agus creat rialála líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
(398)D’fhéadfadh sé gur bealach tapa atá éifeachtúil ó thaobh costas de nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt d’úsáideoirí deiridh chun a gcuid ceart a fheidhmiú, go háirithe do thomhaltóirí agus do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún. Ba cheart do na Ballstáit é a chur ar chumas an údaráis rialála náisiúnta nó na n‑údarás inniúil atá freagrach as, nó comhlachta neamhspleách amháin ar a laghad, a bhfuil an saineolas cruthaithe acu maidir le cearta úsáideoirí deiridh a láimhseáil, gníomhú mar eintiteas um réiteach malartach díospóide. I ndáil le réitigh díospóidí den sórt sin, ba cheart do na húdaráis nó do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra mar eintitis um réiteach malartach díospóidí ceanglais cháilíochta Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh go hiomlán, agus go háirithe, níor cheart iad a bheith faoi réir aon ordú. Ós rud é go bhfuil nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí bunaithe ag go leor Ballstát d’úsáideoirí deiridh seachas tomhaltóirí, nach bhfuil feidhm ag Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leo, tá sé réasúnta an nós imeachta maidir le réiteach díospóidí earnáilsonrach a choinneáil do thomhaltóirí agus, i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit síneadh leis, d’úsáideoirí deiridh eile freisin, go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga. I ndáil le díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a choinneáil nó a thabhairt isteach a tharchéimníonn na rialacha sin a leagtar síos le Treoir 2013/11/AE chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú.
(399)I gcás díospóid idir gnóthais sa Bhallstát céanna i réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar shampla maidir le hoibleagáidí rochtana agus idirnasctha nó maidir leis an meán chun liosta úsáideoirí deiridh a aistriú, ba cheart do pháirtí éagóirithe, a bhfuil caibidlíocht de mheon macánta déanta aige ach ar theip air teacht ar chomhaontú, a bheith in ann a iarraidh ar an údarás rialála náisiúnta an díospóid a réiteach. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann réiteach a fhorchur ar na páirtithe. Maidir le hidirghabháil údaráis rialála náisiúnta i réiteach díospóide idir soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí don phobal nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara i mBallstát, ba cheart don idirghabháil sin féachaint le comhlíonadh na n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú.
(400)Sa bhreis ar na cearta maidir le dul ar iontaoibh a dheonaítear faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais, is gá nós imeachta simplí a thionscnamh arna iarraidh sin do cheachtar de na páirtithe i ndíospóid, chun díospóidí trasteorann a réiteach idir gnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát eile, nó atá údaraithe é sin a dhéanamh.
(401)Cúram tábhachtach amháin a sannadh do BEREC is ea tuairimí a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, maidir le díospóidí trasteorann. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta aon tuairim a thugann BEREC a chur san áireamh go hiomlán i gcás na mbeart a dhéanann siad lena bhforchuirtear oibleagáid ar ghnóthas nó lena réitítear an díospóid ar bhealach eile.
(402)De thoradh forbairtí teicneolaíochta agus margaidh i líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus i líonraí agus seirbhísí néalríomhaireachta agus IS-bhunaithe, tá idirghníomhaíocht, comhar agus comhaontuithe tráchtála méadaithe ann i measc raon leathan gnóthas, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, soláthraithe inneachair agus feidhmchlár, forbróirí bogearraí agus IS chomh maith le monaróirí trealaimh líonra agus gaireas. I bhfianaise na bhforbairtí sin, ba cheart do BEREC cúnamh a thabhairt do ghnóthais trí threoirlínte, lena gcumhdaítear, inter alia, dea-chleachtais chun comhar a éascú i measc gníomhaithe margaidh san éiceachóras nascachta níos leithne i gcomhréir le rialacha dhlí na hiomaíochta. Ba cheart na treoirlínte a bheith réamhbhreathnaitheach agus nuálaíocht cheannródaíoch amach anseo agus forbairt cásanna úsáide a chumasú, lena rannchuideofar le cuspóirí an Aontais faoin gCompás Iomaíochais. Féadfaidh BEREC, le tacaíocht ó OLD, oibriú go dlúth le hionadaithe tionscail agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. Chuige sin, féadfaidh BEREC grúpa tiomnaithe um chomhar le páirtithe leasmhara a bhunú chun idirphlé struchtúrtha, malartú dea-chleachtas agus saineolas teicniúil a éascú, agus chun tacú leis na treoirlínte a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtach.
(403)Ba cheart a áireamh ar ghnéithe comhair faoi na treoirlínte sin de chuid BEREC comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse idir soláthraithe líonra, gnéithe a bhaineann le húsáid chóir, réasúnach agus chomhréireach acmhainní an pháirtí eile, go háirithe i gcásanna amhail trácht prótacail idirlín a aistriú trí idirnascadh, piaráil agus idirthuras chun seirbhísí sochaí faisnéise nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ar bhealach atá éifeachtúil, inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, agus iontaofa, agus go háirithe ar bhealach a théann chun tairbhe don úsáideoir deiridh. Go háirithe, níor cheart riachtanais infheistíochta dhíréireacha nó neamh-inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de a bheith ann do sholáthraithe líonraí de dheasca comhaontuithe idir na gníomhaithe sin maidir le trácht a aistriú, agus ba cheart na tairbhí a thagann chun cinn as trácht méadaithe a chomhroinnt ar bhealach a chuideoidh le hinfheistíocht leanúnach, nuálaíocht agus athléimneacht leanúnach an líonra. Dá réir sin, ba cheart cleachtais a chumhdach leis na treoirlínte lena bhfágtar gur féidir dul i mbun comhar teicniúil tairbhiúil ar fud éiceachóras níos leithne na nascachta agus na seirbhísí digiteacha.
(404)Ba cheart malartú faisnéise maidir le patrúin tráchta lena bhfuil coinne, lena n‑áirítear buaicphointí, a chuimsiú i treoirlínte BEREC freisin, agus réamhaisnéisiú tráchta i gcoitinne, chun tacú le pleanáil líonra bharrfheabhsaithe agus le bainistiú ar phlódú. Thairis sin, ba cheart aghaidh a thabhairt sna treoirlínte ar ghnéithe breise a bhaineann le seachadadh tráchta fuinneamhéifeachtúil, atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus iontaofa ó cheann go ceann, lena n‑áirítear úsáid níos comhchuibhithe a bhaint as teicnící comhbhrúite sonraí, amhail códóirí-díchódóirí, chun tomhaltas fuinnimh a laghdú agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht úsáide líonraí. An tráth céanna, agus d’fhonn soláthar seirbhísí nuálacha a dhreasú, féadfar treoraíocht a sholáthar i treoirlínte BEREC freisin maidir le creataí comhnuálaíochta, idir líonraí cumarsáide leictreonaí agus gnóthais eile atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha. Ina theannta sin, féadfar dea-chleachtais a sholáthar sna treoirlínte maidir leis an óstáil neodrach agus leis an ilnéal a imscaradh i líonraí cumarsáide leictreonaí, rud a laghdódh bacainní ar fhorbróirí intleachta saorga agus ar sholáthraithe inneachair dul i mbun nuálaíochta, i gcomhréir le Rialachán 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, caighdeáin idir-inoibritheachta agus bearta ábhartha eile a chur chun cinn chun imscaradh táirgí agus seirbhísí nuálacha a dhreasú, ar táirgí agus seirbhísí iad dá bhfuil comhar riachtanach idir soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó idir na soláthraithe sin agus gnóthais eile atá gníomhach sna hearnálacha cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha. Féadfar a áireamh ar na táirgí agus na seirbhísí nuálacha sin, i measc nithe eile, seirbhísí imeall-ríomhaireachta a imscaradh go comhpháirteach chun acmhainní néalríomhaireachta a thabhairt isteach, ar gá iad sin chun seirbhísí aga folaigh ísil a sholáthar a thabhairt níos cóngaraí do shíntiúsóirí seirbhísí móibíleacha, ardáin fiontar/ardáin thionsclaíocha ar de Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) iad, dá bhfuil comhar riachtanach idir soláthraithe néalríomhaireachta agus cumarsáide leictreonaí, nó soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe inneachair agus feidhmchlár a chomhimscarann taiscí laistigh de líonraí chun sruthú a bharrfheabhsú. Maidir le hábhair a dtugtar aghaidh orthu sna treoirlínte sin, lena n‑áirítear saincheisteanna a bhaineann le hidirnasc idir líonraí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus líonraí ar le gnóthais iad seachas líonraí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, níor cheart na hábhair sin a bheith faoi réir sásra um réiteach díospóidí, ar sásra é ba cheart a bheith teoranta d’fhorfheidhmiú na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus nár cheart é a leathnú chun socruithe de chineál comhair nó deonach a chuimsiú.
(405)Chun comhar éifeachtach a chur chun cinn idir soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus gnóthais eile atá gníomhach sna hearnálacha cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha, is iomchuí nós imeachta um idir-réiteach deonach a bhunú chun idirphlé maidir le socruithe teicniúla agus tráchtála a éascú. Soláthraítear fóram struchtúrtha agus neodrach le nós imeachta den sórt sin, dá dtugtar tacaíocht ó údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le BEREC, chun réitigh chairdiúla a spreagadh agus laghdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go mbeidh díospóidí fadtréimhseacha ann agus chun comhsheasmhacht rialála a fheabhsú. Chun a áirithiú go gcuirfear an nós imeachta sin um idir-réiteach deonach i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach agus comhchuibhithe ar fud an Aontais, ba cheart dlúthchomhar le BEREC a áirithiú le linn an nós imeachta, lena n‑áirítear sa chruinniú idir-réitigh agus sa tuairisciú air. Go háirithe, ba cheart do BEREC tuairim a thabhairt ar chásanna aonair a thugann na páirtithe ar aghaidh i gcomhthéacs nósanna imeachta idir-réitigh faoi stiúir na n‑údarás rialála náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart treoraíocht d’údaráis rialála náisiúnta a sholáthar sna treoirlínte maidir le comhar san éiceachóras i leith measúnú a dhéanamh ar na hábhair thráchtála agus teicniúla ábhartha, agus ar roghanna le haghaidh comhar éifeachtach idir na páirtithe. Trí chomhar agus comhthuiscint a spreagadh, is féidir leis an nós imeachta sin rannchuidiú le trácht prótacail idirlín a sheachadadh ar bhealach atá níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus níos iontaofa, tacú le hidir-inoibritheacht agus cáilíocht seirbhísí, agus imscaradh seirbhísí nuálacha bunaithe ar an gcomhar a éascú, agus saoirse chonarthach á caomhnú an tráth céanna.
(406)D’fhéadfadh sé gur ghá do na Ballstáit cearta, coinníollacha, nósanna imeachta, muirir agus táillí maidir le húdaruithe ginearálta agus cearta úsáide a leasú i gcás ina mbeidh bonn cirt oibiachtúil leis sin. Ba cheart fógra cuí faoi na leasuithe atá beartaithe sin a thabhairt do na páirtithe leasmhara ar fad in am trátha, sa chaoi go dtabharfar deis leordhóthanach dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl. Ba cheart nósanna imeachta nach gá a sheachaint i gcás mionleasuithe ar chearta atá ann cheana maidir le saoráidí a shuiteáil, nó cearta úsáide ar speictream raidió nó d’acmhainní uimhrithe, nuair nach ndéanfaidh na leasuithe sin difear do leasanna tríú páirtithe. Is éard is mionleasuithe ar chearta agus oibleagáidí ann na leasuithe sin ar leasuithe riaracháin iad go príomha, ní athraítear leo cineál substaintiúil na n‑údaruithe ginearálta ná na cearta úsáide aonair agus, dá bhrí sin, ní féidir leo a bheith ina gcúis le buntáiste iomaíochta do na gnóthais eile.
(407)I bhfianaise a thábhachtaí atá sé deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun intuarthacht rialála a chur chun cinn agus timpeallacht shábháilte le haghaidh infheistíochtaí a sholáthar, go háirithe i gcás cumarsáid nua leathanbhanda gan sreang, ba cheart aon srian leis na cearta úsáide atá ann cheana maidir le speictream raidió nó le hacmhainní uimhrithe nó le na cearta maidir le saoráidí a shuiteáil, nó tarraingt siar na gceart sin, a bheith faoi réir réasúnaithe agus nósanna imeachta intuartha agus trédhearcacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí ceanglais níos déine nó sásra maidir le fógra a thabhairt a fhorchur i gcás inar sannadh cearta úsáide de bhun nósanna imeachta iomaíocha nó comparáideacha agus i gcás bandaí speictrim raidió comhchuibhithe atá le húsáid le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí gan sreang (‘seirbhísí leathanbhanda gan sreang’). Agus údair á thabhairt leis sin lena ndéanfaí tagairt do d’úsáid éifeachtach agus éifeachtúil an speictrim raidió agus don éabhlóid theicneolaíoch, d’fhéadfadh sé sin a bheith ag brath ar bhearta cur chun feidhme teicniúla arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE. Ina theannta sin, cé is moite de chásanna inar mionleasuithe iad na leasuithe riachtanacha atá beartaithe, i gcás nach mór údaruithe ginearálta agus cearta úsáide aonair do speictream raidió a shrianadh, a tharraingt siar nó a leasú gan toiliú ó shealbhóir na gceart, is ceadmhach sin a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara. Ós rud é go bhféadfaidh iarmhairtí nach beag a bheith mar thoradh ar údaruithe ginearálta nó ar chearta a shrianadh nó a tharraingt siar dá sealbhóirí, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith ar a n‑airdeall agus measúnú a dhéanamh roimh ré ar an dochar a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na bearta sin sula nglacfaí iad.
(408)Ba cheart na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh théarmaí agus choinníollacha an speictrim raidió údaraithe ghinearálta agus na gceart úsáide agus an comhlíonadh sin a áirithiú, go háirithe chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió agus comhlíonadh na n‑oibleagáidí cumhdaigh agus cáilíochta seirbhíse a áirithiú, trí phionóis riaracháin, lena n‑áirítear pionóis airgeadais agus urghairí agus tarraingt siar na gceart úsáide i gcás sáruithe ar na téarmaí agus ar na coinníollacha sin. Ba cheart do ghnóthais an fhaisnéis is beaichte agus is iomláine is féidir a chur ar fáil do na húdaráis inniúla ionas gur féidir leo a gcuid cúraimí faireachais a chomhlíonadh.
(409)Aon pháirtí atá faoi réir cinneadh ó údarás inniúil, lena n‑áirítear cinneadh gan déileáil le hiarratais ar dheonú na gceart chun saoráidí a shuiteáil, ba cheart an ceart a bheith aige achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó brú polaitiúil. Ba cheart an nós imeachta achomhairc sin a bheith gan dochar do dheighilt inniúlachtaí laistigh de na córais bhreithiúnacha náisiúnta agus do chearta eintiteas dlíthiúil nó daoine nádúrtha faoin dlí náisiúnta. In aon chás, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a dheonú in aghaidh na gcinntí sin.
(410)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghníomhaithe margaidh, ba cheart do na comhlachtaí achomhairc a gcuid feidhmeanna a dhéanamh go héifeachtach. Go háirithe, níor cheart imeachtaí achomhairc a bheith níos faide ná mar is gá. Níor cheart bearta eatramhacha lena gcuirtear éifeacht chinneadh an údaráis inniúil ar fionraí a dheonú ach amháin i gcásanna práinneacha chun dochar tromchúiseach doleasaithe don pháirtí atá ag déanamh iarratais ar na bearta sin a chosc agus i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le cothromaíocht na leasanna amháin.
(411)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh chun transaíocht dhíobhálach thrasteorann idir Ballstáit a réiteach; chun cur chuige comhchuibhithe nó comhordaithe a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar chur chun feidhme neamhréireach na gcineálacha cur chuige rialála ginearálta ag údaráis rialála náisiúnta maidir le rialáil na margaí cumarsáide leictreonaí, agus maidir le huimhriú, lena n‑áirítear raonta uimhreacha, inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí, córais aistriúcháin uimhreacha agus seoltaí, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála tríd an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’; chun cur chun feidhme na gcaighdeán nó sonraíochtaí a dhéanamh éigeantach, nó caighdeáin nó sonraíochtaí a bhaint den chuid éigeantach den liosta caighdeán; chun na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a ghlacadh chun na rioscaí do shlándáil líonraí agus seirbhísí a bhainistiú go hiomchuí, chomh maith leis na himthosca, an fhormáid agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le fógra a thabhairt faoi theagmhais slándála; chun mionsonraí ábhartha a shonrú, ar sonraí iad a bhaineann le cearta aonair intrádála atá ar fáil go poiblí i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach, nuair a chruthaítear na cearta úsáide do speictream raidió, chun saintréithe fisiceacha agus teicniúla na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú; chun údarás rialála náisiúnta a údarú oibleagáidí áirithe maidir le rochtain nó idirnascadh a fhorchur ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, nó údarás rialála náisiúnta a chosc ar na hoibleagáidí sin a fhorchur ar na gnóthais sin; chun uimhreacha nó raonta uimhrithe sonracha a chomhchuibhiú chun aghaidh a thabhairt ar éileamh trasteorann nó uile-Eorpach, ar acmhainní uimhrithe, nach bhfuiltear ag freastal air; agus chun an teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú le haghaidh achoimre ar an gconradh atá le soláthar do thomhaltóirí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(412)Leis an bhfoilsiú faisnéise le Ballstáit, ba cheart go n‑áiritheofaí go dtuigfidh gníomhaithe sa mhargadh agus iontrálaithe féideartha sa mhargadh a gcearta agus a n‑oibleagáidí, agus go mbeidh a fhios acu cá mbeidh siad in ann teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe. Cuidíonn foilsiú san iris náisiúnta le páirtithe leasmhara i mBallstáit eile an fhaisnéis ábhartha a aimsiú.
(413)Chun a áirithiú go ndéanfar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart, is gá don Choimisiún a bheith ar an eolas faoi cé hiad na gnóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus cad iad na hoibleagáidí a chuir údaráis rialála náisiúnta ar ghníomhaithe sa mhargadh. Chomh maith le foilsiú na faisnéise sin ar an leibhéal náisiúnta, ní mór do Bhallstáit, dá bhrí sin, an fhaisnéis sin a chur chuig an gCoimisiún. I gcás ina gceanglófar ar Bhallstáit faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiún, ba cheart dóibh a bheith in ann é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach, faoi réir comhaontú ar nósanna imeachta iomchuí fíordheimhniúcháin.
(414)Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe chun a chinneadh an bhfuil gá le leasuithe i bhfianaise athruithe atá ag teacht ar dhálaí teicneolaíocha nó an mhargaidh. Agus é i mbun athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, i bhfianaise dul chun cinn sa mhargadh agus maidir le hiomaíocht agus cosaint tomhaltóirí araon, an bhfuil gá leanúnach leis na forálacha maidir le rialáil ex ante earnáilsonrach nó ar cheart na forálacha sin a leasú nó a aisghairm.
(415)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a dtuairim uathu an [ll mí 2026].
(416)Is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse don Choimisiún chun córas údaraithe satailíte an Aontais a bhunú ar cheart dó teacht in ionad na gcóras náisiúnta. Le linn na tréimhse sin, ba cheart don Choimisiún na coinníollacha is infheidhme maidir le soláthar líonraí satailíte agus seirbhísí cumarsáide satailíte agus úsáid an speictrim a shainiú agus an nós imeachta a bhunú, lena n‑áirítear amlínte agus gnéithe praiticiúla, do ghnóthais chun a n‑iarrataí ar údarú Aontais a chur isteach. Ina theannta sin, ba cheart tréimhse leordhóthanach a bheith ann do shealbhóirí ceart úsáide nó d’úsáideoirí speictrim faoin dlí náisiúnta údarú Aontais a iarraidh agus don Choimisiún iarrataí den sórt sin a phróiseáil.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
1.CUID I - RAON FEIDHME, CUSPÓIRÍ AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
1.Buanaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara, pleanáil agus bainistiú straitéiseach an speictrim raidió agus gnéithe áirithe de threalamh teirminéil.
2.Leis an Rialachán seo freisin bunaítear creat rialachais don earnáil cumarsáide leictreonaí agus é comhdhéanta de na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (‘BEREC’), an Comhlacht um Beartas Speictrim Raidió (‘CBSR’), agus an Oifig um Líonraí Digiteacha (‘OLD’), lena leagtar síos cúraimí BEREC, CBSR agus OLD chomh maith le cúraimí na n‑údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, cúraimí údarás inniúil eile, agus bunaítear leis tacar nósanna imeachta chun an creat dlíthiúil ábhartha a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘líonra cumarsáide leictreonaí’ córais tarchuir, bídís bunaithe ar bhonneagar buan nó ar acmhainn riaracháin láraithe nó ná bíodh, agus, i gcás inarb infheidhme, trealamh lasctha nó ródúcháin agus acmhainní eile, lena n‑áirítear eilimintí neamhghníomhacha líonra, a cheadaíonn iompar comharthaí ar shreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile, lena n‑áirítear líonraí satailíte, líonraí fosaithe agus líonraí móibíleacha, córais de cháblaí leictreacha, a mhéid a úsáidtear iad chun comharthaí a tharchur, líonraí a úsáidtear le haghaidh craolachán raidió agus teilifíse, agus líonraí teilifíse cábla, beag beann ar chineál na faisnéise arna hiompar;
(2)ciallaíonn ‘líonra gigighiotáin’ líonra cumarsáide leictreonaí atá comhdhéanta go hiomlán d’eilimintí snáithín optúil suas go críochphointe an líonra, nó líonra cumarsáide leictreonaí atá in ann feidhmíocht líonra chomhchosúil a sholáthar, faoi ghnáthdhálaí buaic-ama, i dtéarmaí an bhandaleithid íosnaisc agus uasnaisc atá ar fáil, athléimneachta, paraiméadair earráidghaolmhara, agus aga folaigh agus athruithe ar an aga folaigh sin;
Cuirtear an sainmhíniú sin in ionad an tsainmhínithe ar ‘líonra fíor-ardacmhainne’ in Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2018/1972;
(3)ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’ seirbhís a chuirtear ar fáil de ghnáth i gcomhair luach saothair trí líonraí cumarsáide leictreonaí, lena gcuimsítear, cé is moite de sheirbhísí a sholáthraíonn inneachar a tharchuirtear ag úsáid líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó a bhfuil smacht eagarthóireachta acu air, na cineálacha seirbhísí a leanas:
(a)seirbhís rochtana idirlín;
(b)seirbhís cumarsáide idirphearsanta;
(c)seirbhísí atá comhdhéanta go hiomlán nó go príomha d’iompar comharthaí amhail seirbhísí tarchuir arna n‑úsáid le haghaidh soláthar seirbhísí idir meaisíní agus le haghaidh craolacháin;
(4)ciallaíonn ‘áitribh in-nasctha’ áitribh úsáideoirí deiridh dá bhfuil a líonra rochtana imscartha ag oibreoir suas go dtí an pointe freastail (i.e. an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin a bheartaítear chun freastal ar an áitreabh sin), sa chaoi gur féidir leis an oibreoir, ó thráth faighte na hiarrata, an tseirbhís rochtana a chur ar fáil laistigh de 4 seachtaine agus lena ngabhann obair bhreise réasúnta lena dhéanamh réidh (i.e. gan ach an líne deiridh caighdeánaí isteach, a bhaineann go sonrach leis an áitreabh a nascadh agus a ghníomhachtú, gan síneadh a chur leis an líonra rochtana thar an bpointe freastail;
(5)ciallaíonn ‘áitreabh nasctha’ áitreabh úsáideora deiridh i gcás inar cuireadh síneadh fisiceach le bonneagar an líonra rochtana ón bpointe freastail agus inar foirceannadh é laistigh d’áitreabh an úsáideora deiridh;
(6)ciallaíonn ‘seirbhís choparbhunaithe fhíor-riachtanach’ seirbhís cumarsáide leictreonaí a sheachadtar thar bhonneagar rochtana copair leagáide a mhéid a thacaíonn an tseirbhís sin le feidhmeanna atá criticiúil do mhisin nó fíor-riachtanach, amhail cumarsáid éigeandála, córais teileachúraim, aláraim agus córais rialaithe faireacháin, a úsáideann tionscail an uisce, an fhuinnimh agus an iompair;
(7)ciallaíonn ‘seirbhís rochtana idirlín’ seirbhís atá ar fáil don phobal agus a sholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, agus dá bhrí sin nascacht le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon, gan beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil atá in úsáid;
(8)ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta’ seirbhís arna soláthar de ghnáth i gcomhair luach saothair, ar seirbhís í a chumasaíonn malartú díreach idirphearsanta agus idirghníomhach faisnéise trí líonraí cumarsáide leictreonaí idir líon finideach daoine, sa chaoi is gurb é an té a chuireann tús leis an gcumarsáid nó a ghlacann páirt sa chumarsáid a chinneann an faighteoir/na faighteoirí, agus ní chuireann sé san áireamh seirbhísí a chumasaíonn cumarsáid idirphearsanta agus idirghníomhach díreach ar mhaithe le mionfheidhm choimhdeach a sholáthar a bhfuil dlúthnasc aici le seirbhís eile;
(9)ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe’ seirbhís cumarsáide idirphearsanta a nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, is é sin uimhir nó uimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó seirbhís a chumasaíonn cumarsáid le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;
(10)ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir’ seirbhís cumarsáide idirphearsanta nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, is é sin uimhir nó uimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó seirbhís nach gcumasaíonn cumarsáid le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;
(11)ciallaíonn ‘líonra cumarsáide leictreonaí poiblí’ líonra cumarsáide leictreonaí a úsáidtear go hiomlán nó go príomha chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil go poiblí, ar seirbhísí iad a thacaíonn le haistriú faisnéise idir críochphointí an líonra;
(12)ciallaíonn ‘críochphointe an líonra’ an pointe fisiceach ag a gcuirtear rochtain ar an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí ar fáil don úsáideoir deiridh, agus i gcás líonraí a bhfuil lascadh nó ródú ar siúl acu, déantar é a shainaithint le seoladh líonra sonrach, a d’fhéadfadh a bheith nasctha le huimhir nó ainm an úsáideora deiridh;
(13)ciallaíonn ‘saoráidí gaolmhara’ seirbhísí gaolmhara, bonneagair fhisiceacha agus saoráidí nó eilimintí eile atá gaolmhar leis an líonra cumarsáide leictreonaí nó leis an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a chumasaíonn nó a thacaíonn le soláthar seirbhísí tríd an líonra sin nó seirbhís a d’fhéadfadh sin a dhéanamh, agus a áiríonn foirgnimh nó bealaí isteach foirgneamh, sreangú foirgnimh, aeróga, túir agus déantúis tacaíochta eile, duchtanna, seolphíobáin, crainn, dúnphoill agus caibinéid;
(14)ciallaíonn ‘seirbhís ghaolmhar’ seirbhís atá gaolmhar le líonra cumarsáide leictreonaí nó le seirbhís cumarsáide leictreonaí a chumasaíonn nó a thacaíonn le soláthar, féinsoláthar nó soláthar uathoibrithe seirbhísí tríd an líonra nó an tseirbhís sin, nó a d’fhéadfadh an méid sin a dhéanamh, agus a áiríonn aistriú uimhreacha nó córais a chuireann feidhmiúlacht choibhéiseach, córais rochtana coinníollaí agus eolairí leictreonacha clár (EPGanna) ar fáil, chomh maith le seirbhísí eile amhail seirbhísí sainaitheantais, suímh agus láithreachta;
(15)ciallaíonn ‘córas rochtana coinníollaí’ aon bheart teicniúil, aon chóras fíordheimhnithe agus/nó aon socrú trína mbronntar rochtain ar sheirbhís chosanta craolacháin raidió nó teilifíse i bhformáid intuigthe a chuirtear ar fáil ar choinníoll go bhfuiltear tar éis síntiús a íoc nó údarú indibhidiúil eile a fháil roimh ré;
(16)ciallaíonn ‘úsáideoir’ duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ag úsáid seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó ag iarraidh í a úsáid;
(17)ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ úsáideoir nach soláthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí;
(18)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí, nó atá ag iarraidh an tseirbhís sin a úsáid, chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;
(19)ciallaíonn ‘soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí’ bunú, oibriú, rialú, nó soláthar líonraí den sórt sin;
(20)ciallaíonn ‘comhéadan feidhmchláir ’ nó ‘API’ an comhéadan bogearraí idir feidhmchláir, arna gcur ar fáil ag craoltóirí nó ag soláthraithe seirbhíse, agus na hacmhainní sna boscaí bairr a bheartaítear iad a nascadh le teilifíseáin nó atá i dteilifíseáin dhigiteacha chomhtháite nó raidiónna digiteacha comhtháite;
(21)ciallaíonn ‘leithdháileadh speictrim raidió’ banda speictrim raidió a shonrú le húsáid ag cineál amháin nó níos mó de sheirbhísí cumarsáide raidió, i gcás inarb iomchuí, faoi choinníollacha sonraithe;
(22)ciallaíonn ‘trasnaíocht dhíobhálach’ trasnaíocht a chuireann feidhmiú seirbhíse loingseoireachta raidió nó seirbhísí sábháilteachta eile i mbaol nó a dhéanann díghrádú ar bhealach eile, nó a chuireann bac, nó a chuireann isteach go hathfhillteach ar sheirbhís cumarsáide raidió atá ag feidhmiú i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme go hidirnáisiúnta, san Aontas nó ar bhonn náisiúnta;
(23)ciallaíonn ‘údarú ginearálta’ creat dlíthiúil lena n‑áirithítear cearta agus lena leagtar síos oibleagáidí maidir le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa mhargadh inmheánach, i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(24)ciallaíonn ‘pointe rochtana gan sreang a bhfuil raon beag aige’, trealamh ísealchumhachta beag chun rochtain a fháil ar líonra gan sreang a oibríonn thar raon beag, ina n‑úsáidtear speictream le ceadúnas nó speictream atá díolmhaithe ó cheadúnas nó meascán díobhsan, agus a fhéadfaidh úsáid a bhaint as mar chuid de líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus a fhéadfaidh a bheith feistithe le haeróg amháin nó níos mó gan mórán tionchair amhairc agus a thugann rochtain gan sreang don phobal ar líonraí cumarsáide leictreonaí, gan beann ar an mbuntoipeolaíocht líonra, bíodh sin móibíleach nó fosaithe;
(25)ciallaíonn ‘líonra achair logánta gan sreang’ nó ‘RLAN’ córas ísealchumhachta rochtana gan sreang, a oibríonn thar raon beag, agus a mbaineann riosca íseal leis ó thaobh cur isteach ar chórais eile den sórt sin a bhíonn in úsáid an-ghar dó ag úsáideoirí eile, agus ina n‑úsáidtear, ar bhonn neamheisiach, speictream raidió comhchuibhithe;
(26)ciallaíonn ‘speictream raidió comhchuibhithe’ speictream raidió dár bunaíodh coinníollacha comhchuibhithe teicniúla le haghaidh a infhaighteachta agus a úsáide éifeachtaí trí bhearta cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;
(27)ciallaíonn ‘úsáid chomhroinnte an speictrim raidió’ rochtain, de réir ord cosanta cothrom nó ordlathach, ag dhá theicneolaíocht nó dhá úsáideoir nó níos mó, ar na bandaí nó ar na cainéil speictrim raidió chéanna, chun a áirithiú go n‑úsáidfear go héifeachtúil iad, ar úsáid í is féidir a bhunú ar shocrú comhroinnte sainithe idir úsáideoirí, arna údarú ar bhonn údarú ginearálta, cearta úsáide aonair do speictream raidió nó meascán díobh sin; áirítear leis cineálacha cur chuige rialála amhail rochtain chomhroinnte cheadúnaithe lena ráthaítear coinníollacha comhroinnte intuartha agus iontaofa do na húsáideoirí uile;
(28)ciallaíonn ‘rochtain’ saoráidí nó seirbhísí a chur ar fáil do ghnóthas eile, faoi choinníollacha sainithe, ar bhonn eisiach nó neamheisiach, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí sochaí faisnéise nó seirbhísí craolacháin inneachair a sholáthar; cumhdaíonn sé, inter alia: rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar eilimintí líonra agus ar shaoráidí gaolmhara, lena bhféadfadh nascadh trealaimh a bheith i gceist, trí mhodhanna fosaithe nó neamhfhosaithe (áirítear leis sin go háirithe rochtain ar an lúb logánta agus ar shaoráidí agus ar sheirbhísí is gá chun seirbhísí a sholáthar thar an lúb logánta); rochtain ar an mbonneagar fisiceach lena n‑áirítear foirgnimh, duchtanna agus crainn; rochtain ar chórais bogearraí ábhartha lena n‑áirítear córais tacaíochta oibriúcháin; rochtain ar chórais faisnéise nó ar bhunachair sonraí maidir le réamhordú, soláthar, ordú, cothabháil agus iarrataí deisiúcháin, agus billeáil; rochtain ar aistriú uimhreach nó ar chórais lena dtairgtear feidhmiúlacht choibhéiseach; rochtain ar líonraí fosaithe agus móibíleacha, go háirithe le haghaidh fánaíochta; rochtain ar chórais rochtana coinníollaí le haghaidh seirbhísí teilifíse digití agus rochtain ar sheirbhísí líonra fhíorúil;
(29)ciallaíonn ‘idirnascadh’ cineál ar leith rochtana é an t‑idirnascadh arna chur chun feidhme idir soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí trí bhíthin nascadh fisiceach agus loighciúil ar líonraí cumarsáide leictreonaí arna n‑úsáid ag an ngnóthas céanna nó ag gnóthas éagsúil chun gur féidir le húsáideoirí gnóthais amháin cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí an ghnóthais chéanna nó gnóthais eile, nó rochtain a fháil ar sheirbhísí arna soláthar ag gnóthas eile i gcás ina bhféadfaidh na páirtithe bainteacha na seirbhísí a sholáthar nó féadfaidh páirtithe eile iad a sholáthar a bhfuil rochtain acu ar an líonra;
(30)ciallaíonn ‘oibreoir’ gnóthas a sholáthraíonn nó atá údaraithe líonra cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráid ghaolmhar a sholáthar;
(31)ciallaíonn ‘lúb logánta’ conair fhisiceach arna húsáid ag comharthaí cumarsáide leictreonaí lena gceanglaítear críochphointe an líonra le fráma dáileacháin nó le saoráid choibhéiseach i líonra cumarsáide leictreonaí poiblí fosaithe;
(32)ciallaíonn ‘glao’ ceangal arna bhunú trí mheán seirbhíse cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí lenar féidir cumarsáid gutha déthreo a dhéanamh;
(33)ciallaíonn ‘seirbhís cumarsáide gutha’ seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun glaonna náisiúnta nó glaonna náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh agus a fháil, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, trí uimhir nó uimhreacha i bplean uimhrithe idirnáisiúnta;
(34)ciallaíonn ‘uimhir gheografach’ uimhir ón bplean uimhrithe náisiúnta a mbaineann suntas geografach le cuid dá struchtúr digiteach a úsáidtear chun glaonna a ródú chuig suíomh fisiceach chríochphointe an líonra;
(35)ciallaíonn ‘uimhir neamhgheografach’ uimhir ón bplean uimhrithe náisiúnta nach uimhir gheografach í, dála uimhreacha móibíleacha, uimhreacha saorghlao agus uimhreacha ardráta;
(36)ciallaíonn ‘seirbhís comhrá iomláin’ seirbhís ilmheáin le haghaidh comhrá fíor-ama lena n‑aistrítear físeán, téacs fíor-ama agus guth fíor-ama go siméadrach déthreoch idir úsáideoirí in dhá shuíomh nó níos mó i bhfíor-am;
(37)ciallaíonn ‘pointe freagartha sábháilteachta poiblí’ nó ‘PFSP’ an láthair fhisiciúil ina bhfaightear cumarsáid éigeandála, faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a n‑aithníonn an Ballstát iad;
(38)ciallaíonn ‘PFSP is iomchuí’ PFSP arna bhunú ag údaráis fhreagracha a ndéantar cumarsáid éigeandála a ródú chuige agus atá inniúil chun faisnéis chomhthéacsúil a chur in iúl do sheirbhísí éigeandála ón limistéar idirghabhála ábhartha;
(39)ciallaíonn ‘cumarsáid éigeandála’ cumarsáid trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta idir an t‑úsáideoir deiridh agus an PFSP a bhfuil mar aidhm léi fóirithint éigeandála a lorg ó na seirbhísí éigeandála.
(40)ciallaíonn ‘cumarsáid éigeandála éifeachtach’ cumarsáid éigeandála lena n‑áirithítear cumarsáid thráthúil idir an t‑úsáideoir deiridh agus an PFSP is iomchuí, agus lena gcuirtear faisnéis chomhthéacsúil ar fáil go tráthúil, lena n‑áirítear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora;
(41)ciallaíonn ‘faisnéis chomhthéacsúil’ an fhaisnéis a chuireann an t‑úsáideoir deiridh in iúl trí chumarsáid éigeandála nó a fhaightear agus a tharchuirtear go huathoibríoch ó threalamh teirminéil an úsáideora deiridh nó ón líonra ábhartha chun gur féidir acmhainní idirghabhála na seirbhísí éigeandála a shainaithint go tráthúil agus chun gur féidir leis na seirbhísí éigeandála teacht go tapa chuig an láthair idirghabhála;
(42)ciallaíonn ‘seirbhís éigeandála’ seirbhís, arna haithint amhlaidh ag na mBallstát, a chuireann cúnamh ar fáil ar an toirt, go gasta i suíomhanna ina bhfuil baol díreach ann, go háirithe, do bheatha nó do cholainn an duine, nó ina bhfuil baol díreach ann ó thaobh shláinte agus shábháilteacht an phobail, nó do mhaoin phríobháideach nó phoiblí, nó don chomhshaol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(43)i gcás líonra móibíleach poiblí, ciallaíonn ‘faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora’ sonraí ó bhonneagar líonra nó ó shás láimhe a phróiseáiltear agus a léiríonn suíomh geografach trealamh teirminéal soghluaiste úsáideora deiridh, agus i gcás líonra fosaithe poiblí, ciallaíonn sé sonraí faoi sheoladh fisiceach chríochphointe an líonra;
(44)ciallaíonn ‘trealamh teirminéil’ trealamh teirminéil mar a shainmhínítear é in Airteagal 1, pointe (1) de Threoir 2008/63/CE ón gCoimisiún;
(45)ciallaíonn ‘seirbhísí cumarsáide satailíte’ seirbhísí, lena mbaineann soláthar na seirbhísí sin úsáid, go hiomlán nó go páirteach, as bunú na radachumarsáide ó stáisiúin talún satailíte nó a gcomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer chuig stáisiún spáis (‘uasnaisc’), agus/nó bunú na radachumarsáide ó stáisiún spáis chuig stáisiúin talún satailíte nó a gcomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer (‘íosnaisc’);
(46)ciallaíonn ‘soláthar líonraí satailíte’ bunú agus oibriú córas satailíte, stáisiún talún satailíte agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer;
(47)ciallaíonn ‘stáisiún talún satailíte’ trealamh ar tír is féidir a úsáid chun comharthaí radachumarsáide a tharchur agus é sin amháin, nó lena dtarchur agus lena nglacadh (‘tarchur-glacadh’), nó lena nglacadh agus é sin amháin (‘glacadh amháin’), trí shatailítí nó trí chórais eile spásbhunaithe. Áirítear leis sin stáisiúin agus críochfoirt talún, agus trealamh de bhunús trastíre is gá chun cumarsáid a dhéanamh le satailítí nó le stáisiúin spáis eile, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin;
(48)ciallaíonn ‘comhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer’ stáisiúin ar talamh nó san aer de chuid líonraí satailíte a úsáidtear ag suíomhanna fosaithe nó athraitheacha, chun feabhas a chur ar infhaighteacht na seirbhísí cumarsáide satailíte i limistéir gheografacha laistigh de lorg shatailítí an chórais, i gcás nach féidir cumarsáid le stáisiún spáis amháin nó níos mó a áirithiú agus an cháilíocht riachtanach i gceist léi;
(49)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
(50)ciallaíonn ‘toiliú’ toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 3
Cuspóirí agus prionsabail ghinearálta
1.I gcomhthéacs an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, chomh maith le BEREC, CBSR, OLD agus an Coimisiún, i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí féin, na cuspóirí ginearálta seo a leanas a shaothrú, ar cuspóirí iad nach liostaítear in ord tosaíochta:
(a)iomaíochas na hearnála nascachta agus an tionscail i gcoitinne a threisiú trí infheistíochtaí in ardbhonneagair dhigiteacha a éascú, lena n‑áirítear néalréitigh agus réitigh IS-bhunaithe, trí sheirbhísí nuálacha a chumasú, lena n‑áirítear seirbhísí atá dearbhaithe ó thaobh cáilíochta de agus iontaofa, agus trí chomhar a éascú i measc gníomhaithe san éiceachóras digiteach níos leithne;
(b)margadh aonair don chumarsáid leictreonach a fhorbairt lena n‑éascófar oibriú líonraí agus soláthar seirbhísí thar theorainneacha laistigh den Aontas, forbairt líonraí digiteacha tras-Eorpacha agus soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nuálacha lena n‑áirítear seirbhísí cumarsáide satailíte uile-Eorpacha;
(c)athléimneacht agus ullmhacht líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar leibhéal an Aontais a threisiú, trí chomhar a chothú i measc údaráis phoiblí agus soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun na hacmhainneachtaí athléimneachta riachtanacha a fhorbairt, agus chun leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú;
(d)infheistíocht i nascacht líonraí gigighiotáin agus in infhaighteacht fhorleathan na líonraí sin a chur chun cinn, chomh maith leis an rochtain orthu agus glacadh na líonraí sin, lena n‑áirítear líonraí fosaithe, móibíleacha agus gan sreang, rud a théann chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí uile an Aontais, i dtéarmaí praghais, cáilíochta agus rogha;
(e)a áirithiú go soláthrófar seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá inacmhainne, ardcháilíochta agus ar fáil go poiblí do na húsáideoirí deiridh uile trí iomaíocht éifeachtach i líonraí cumarsáide leictreonaí agus i saoráidí gaolmhara, lena n‑áirítear iomaíocht éifeachtúil atá bunaithe ar an mbonneagar, agus i seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí gaolmhara ar fud an Aontais;
(f)leasanna shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn agus cosaint chearta na n‑úsáideoirí deiridh a choimirciú, lena n‑áirítear cóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach ar thrácht agus seirbhísí rochtana idirlín á soláthar, chun go leanfaidh na húsáideoirí deiridh uile de thairbhiú de rogha mhór ardseirbhísí inacmhainne ardcháilíochta; agus ardleibhéal coiteann cosanta a ráthú, go háirithe do thomhaltóirí leochaileacha, lena n‑áirítear praghsáil inacmhainne, rogha agus rochtain choibhéiseach;
(g)inbhuanaitheacht a chur chun cinn trí infheistíochtaí i líonraí agus i réitigh dhigiteacha ísealcharbóin agus fuinneamhéifeachtúla a éascú agus éifeachtúlacht an tráchta ceann go ceann a dhreasú;
(h)tacú le cuspóirí bheartais eile an Aontais a bhraitheann ar speictream raidió, lena n‑áirítear an beartas spáis agus an comhbheartas slándála agus cosanta.
2.Nuair a bheidh a n‑inniúlachtaí á bhfeidhmiú acu nó a gcúraimí á gcomhlíonadh acu i saothrú na gcuspóirí ginearálta, gníomhóidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, BEREC, CBSR, OLD agus an Coimisiún go neamhchlaonta, go hoibiachtúil, go trédhearcach agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Go háirithe, cuirfidh siad na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm:
(a)an intuarthacht rialála a chur chun cinn chun cineálacha cur chuige rialála comhsheasmhacha a ráthú, trí chomhar frithpháirteach;
(b)a áirithiú, in imthosca comhchosúla, go gcuirfear bearta i bhfeidhm go comhsheasmhach agus nach ndéanfar aon idirdhealú sa chóir a thugtar ar sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;
(c)aird chuí a thabhairt ar an ualach rialála agus riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann, a fhorchuirtear le cinntí rialála, agus tréaniarracht a thabhairt ar theorainn a chur leis an ualach sin a mhéid is féidir;
(d)dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a mhéid atá sé i gcomhréir le baint amach chuspóirí ghinearálta a leagtar amach san Airteagal seo;
(e)aird chuí a thabhairt ar éagsúlacht na gcoinníollacha agus na ndálaí a bhaineann le bonneagar, iomaíocht, imthosca na n‑úsáideoirí deiridh agus, go háirithe, tomhaltóirí sna limistéir gheografacha éagsúla laistigh de Bhallstát.
2.CUID II - ATHLÉIMNEACHT
Airteagal 4
Ról na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí maidir le hathléimneacht a áirithiú
Agus an ról bunriachtanach atá ag líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí maidir le hathléimneacht fhoriomlán shochaí agus gheilleagar an Aontais á chur san áireamh, maidir le soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo, BEREC, OLD, údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, údaráis náisiúnta bainistithe géarchéime agus cosanta sibhialta, lena n‑áirítear údaráis bainistithe cibirghéarchéime arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2555, rannchuideoidh siad, laistigh dá n‑inniúlachtaí féin, le suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal, a réamh-mheas, a chosc agus le freagairt dóibh, trí chur chun feidhme comhleanúnach na n‑oibleagáidí a bhaineann le hullmhacht faoin Rialachán seo agus i gcomhréir leis na sásraí ábhartha de chuid an Aontais agus sásraí ábhartha náisiúnta um chosaint shibhialta, bainistiú géarchéime agus freagairt i gcás géarchéime.
Airteagal 5
Infhaighteacht agus cumais líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí
1.Maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus soláthraithe eile dá dtagraítear in Airteagal 9(2), údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla náisiúnta arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555 agus údaráis inniúla eile lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, údaráis náisiúnta bainistithe géarchéime agus cosanta sibhialta, lena n‑áirítear údaráis bainistithe cibirghéarchéime arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2555, oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil go leanúnach mar aon lena gcumais riachtanacha chun suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal, a réamh-mheas, a chosc agus le freagairt dóibh.
Agus an méid sin á dhéanamh acu, tabharfaidh na húdaráis agus na soláthraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír lánaird ar Phlean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha ó BEREC dá dtagraítear in Airteagal 6.
2.Gan dochar do Threoir (AE) 2022/2555, déanfaidh soláthraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus PFSPnna na bearta uile is gá, agus Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha ó BEREC, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo, á chur san áireamh acu, chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid chriticiúil agus cumarsáid éigeandála ar fáil gan bhriseadh, chomh maith le tarchur gan bhriseadh na rabhadh poiblí, i gcás suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don phobal.
3.Agus teicneolaíochtaí nua á gcur chun feidhme acu ina líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, déanfaidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus PFSPanna na bearta ullmhúcháin uile is gá, lena n‑áirítear réitigh a thástáil agus a bhailíochtú, chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí cumarsáide éigeandála agus rabhaidh phoiblí ar fáil laistigh den Aontas.
4.I gcás ina bhféadfadh sé go scoirfí de sheirbhísí ar ghairis úsáideoirí deiridh atá in úsáid faoi láthair de dheasca an ascnaimh chuig teicneolaíochtaí eile líonra, cuirfidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí údaráis inniúla náisiúnta agus úsáideoirí deiridh ar an eolas 2 bhliain roimh ré ar a laghad, trí threochlár a sholáthar ina léireofar an próiseas ascnaimh.
Airteagal 6
Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha
1.Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh BEREC tuarascáil, dar teideal ‘Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha’ (‘an Plean’), d’fhonn athléimneacht agus ullmhacht na líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus na mbonneagar digiteach eile a neartú ar leibhéal an Aontais i gcás suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine, a bhféadfadh drochthionchar mór a bheith acu ar an bpobal nó ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
2.Sa Phlean, beidh an méid seo a leanas:
(a)measúnú cuimsitheach ar ailtireacht, acmhainneachtaí, cumais agus úsáid na líonraí cumarsáide leictreonaí de chuid na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), arna ullmhú ar bhonn na faisnéise arna bailiú de bhun Airteagal 7(2) den Rialachán seo agus arna tarchur chuig OLD i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán seo;
(b)tacar moltaí oibríochtúla maidir le bearta athléimneachta líonra bunaithe, i measc nithe eile, ar an measúnú faoi phointe (a);
(c)cleachtais bainistithe géarchéime.
Leis an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), soláthrófar, i measc nithe eile, forléargas ar an toipeolaíocht líonra ar leibhéal an Aontais, sainaithneofar éagsúlú bealaí, scrogaill nó pointí teipe a d’fhéadfadh a bheith ann agus réimsí ina bhfuil gá le bearta a bhaineann le hathléimneacht, amhail infheistíochtaí straitéiseacha chun tacú le hiomarcaíocht, go háirithe le haghaidh líonraí digiteacha tras-Eorpacha. Déanfar an measúnú a láimhseáil i gcomhréir leis na rialacha de chuid an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint. Cuirfear an fhaisnéis atá ann i láthair i bhfoirm chomhiomlánaithe, chun geoshuíomh beacht sócmhainní íogaire a chosc.
Áireofar sna moltaí oibríochtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), moltaí lena n‑áiritheofar go mbeidh sé ar chumas teicniúil na líonraí cumarsáide leictreonaí comhtháthú le cineálacha difriúla líonraí trastíre agus neamh-thrastíre amhail líonraí satailíte, cumais chun leanúnachas líonraí agus seirbhísí cumarsáide fíor-riachtanacha a áirithiú le linn cásanna ina bhfuil éileamh méadaithe, plódú líonra, nó suaití nádúrtha nó de dhéantús an duine lena n‑áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, bagairtí maidir le héaradh córais, amhail trasnaíocht dhíobhálach d’aon ghnó, nó bearta eile a meastar ról lárnach a bheith acu chun infhaighteacht seirbhísí agus na cumais líonra riachtanacha a áirithiú.
Díreofar na cleachtais bainistithe géarchéime dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ar na húdaráis rialála náisiúnta agus ar údaráis inniúla eile agus beidh an fócas iontu ar nósanna imeachta, socruithe comhordaithe agus prótacail oibríochtúla comhchuibhithe a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine. Beidh na cleachtais bainistithe géarchéime comhsheasmhach agus comhlántach le sásraí ábhartha de chuid an Aontais agus sásraí ábhartha náisiúnta um chosaint shibhialta, bainistiú géarchéime agus freagairt i gcás géarchéime.
Airteagal 7
Comhar agus bailiú sonraí a thacaíonn leis an bPlean a ullmhú
1.Chun tacú le BEREC, ullmhóidh OLD an Dréachtphlean i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus, i gcás ina mbaineann sé le hullmhacht agus athléimneacht líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an nGrúpa Comhair arna bhunú le hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555, agus i gcomhairle le ENISA agus leis na húdaráis Eorpacha ábhartha comhordúcháin freagartha i gcás géarchéime agus cosanta sibhialta, de réir mar is iomchuí. Déanfar athbhreithniú ar an bPlean agus é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta ar bhonn, i measc nithe eile, faisnéise arna bailiú faoi mhír 2 den Airteagal seo.
2.Chun tacú leis an bPlean a ullmhú, baileoidh údaráis rialála náisiúnta, ar bhonn débhliantúil, faisnéis maidir le hailtireacht, acmhainneacht, cumais agus úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, líonraí a úsáidtear, go hiomlán nó go príomha, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí sochaí faisnéise atá ar fáil don phobal a sholáthar, a mhéid nár cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin dóibh nó d’údaráis inniúla náisiúnta eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
3.Beidh iarrataí ar fhaisnéis faoi mhír 2 réasúnaithe, comhréireach agus teoranta don mhéid a bhfuil géarghá leis chun na cúraimí a bhaineann le hathléimneacht agus ullmhacht a fheidhmiú. Tarchuirfear an fhaisnéis chuig OLD ar bhonn débhliantúil.
4.Faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le ENISA, teimpléad coiteann a fhoilsiú lena úsáid ag údaráis rialála náisiúnta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a bhailiú.
Airteagal 8
Comhar leis an gCoimisiún, le comhlachtaí nó le grúpaí saineolaithe eile de chuid an Aontais
1.I gcás ina mbeidh baint ag suaitheadh, géarchéim nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine le teagmhas cibearshlándála ar mórscála nó i gcás ina dtarlóidh suaitheadh, géarchéim nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine i gcomhthráth le teagmhas den sórt sin de réir bhrí Airteagal 6, pointe (7) de Threoir (AE) 2022/2555, soláthróidh BEREC faisnéis ábhartha don Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) agus don Choimisiún chun feasacht staide chomhroinnte agus comhleanúnachas a áirithiú sa fhreagairt i gcás géarchéime.
2.Arna iarraidh sin, comhroinnfidh OLD mionsonraí leis an gCoimisiún maidir leis an anailís a úsáideadh chun an Plean a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 6. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh i bhforbairt agus i gcur chun feidhme ionstraimí cistiúcháin, lena n‑áirítear infheistíochtaí straitéiseacha i líonraí digiteacha tras-Eorpacha nó nuair a bheidh beartais nó bearta á nglacadh aige chun athléimneacht agus ullmhacht líonraí cumarsáide leictreonaí a fheabhsú, de réir mar is iomchuí.
3.Ní dhéanfaidh na cúraimí agus na gníomhaíochtaí faoin gCuid seo difear do chúraimí ENISA, líonra na Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT), EU-CyCLONe, an Ghrúpa Comhair arna bhunú le Treoir (AE) 2022/2555 nó grúpaí saineolaithe nó córais chomhordúcháin eile faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint shibhialta.
3.CUID III - ÚDARÚ DON MHARGADH AONAIR AGUS PAS AONAIR
Airteagal 9
Oibleagáidí ginearálta
1.Beidh an tsaoirse líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar faoi réir na gcoinníollacha agus na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ach amháin ar na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 52(1) CFAE ar fhorais beartais phoiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí. Tabharfar réasúnú cuí le haon teorainn den sórt sin agus tabharfar fógra don Choimisiún fúithi.
2.Beidh feidhm ag córas an údaraithe ghinearálta maidir le soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí agus soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear, go hiomlán nó go príomha, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí sochaí faisnéise atá ar fáil don phobal a sholáthar.
3.Ní bheidh feidhm ag córas an údaraithe ghinearálta maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.
4.Faoi chóras an údaraithe ghinearálta, maidir leis an gceart chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas amháin a bheidh sé:
(a)de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí, comhlíonadh na gceanglas maidir le hathléimneacht agus ullmhacht líonraí le linn suaití, géarchéimeanna nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine faoin Rialachán seo agus na dtéarmaí úsáide maidir le cumarsáid ó údaráis phoiblí leis an bpobal i gcoitinne chun rabhadh a thabhairt don phobal faoi gharbhaoil agus chun iarmhairtí mórthubaistí a mhaolú;
(b)de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí, comhlíonadh na dtéarmaí úsáide maidir le seirbhísí cumarsáide criticiúla le linn mórthubaistí nó éigeandálaí náisiúnta chun cumarsáid idir seirbhísí agus údaráis éigeandála a áirithiú;
(c)de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí, comhlíonadh na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 187;
(d)de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí, comhlíonadh na rialacha cibearshlándála, lena n‑áirítear ceanglais maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC arna bhforchur i gcomhréir leis an nGníomh um Chibearshlándáil atá le teacht in ionad Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(e)rochtain ar shonraí a chumasú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha, lena n‑áirítear le haghaidh idircheapadh dleathach agus coinneáil sonraí i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, sna Ballstáit ina soláthraítear an tseirbhís, a chomhlíonann dlí an Aontais, de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí;
(f)sláine líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear trí choinníollacha chun trasnaíocht leictreamaighnéadach idir líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosc i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE, de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí;
(g)de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí, comhlíonadh ceanglas nó beart maidir le hidirnascadh i gcomhréir le hAirteagal 66;
(h)i gcás líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí, comhlíonadh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní ganna nach bhfuil faoi réir dheonú na gceart úsáide aonair;
(i)idir-inoibritheacht seirbhísí i gcomhréir leis an Rialachán seo, de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí;
(j)i gcás inarb iomchuí, muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 12.
Beidh feidhm ag coinníollacha breise maidir le húsáid speictrim raidió i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21, de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí.
Beidh feidhm ag coinníollacha breise maidir le húsáid acmhainní uimhrithe a shanntar ó na pleananna uimhrithe náisiúnta agus, nuair is infheidhme ó phlean uimhrithe an Aontais, i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 50, de réir mar is infheidhme maidir leis an soláthraí.
Airteagal 10
Nós imeachta um an bPas Aonair
1.Faoi chóras an údaraithe ghinearálta, i gcás ina mbeidh sé beartaithe ag soláthraí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta de cheann amháin na Ballstáit sin faoin nós imeachta um an bPas Aonair.
2.Ní chuirfear é de cheangal ar sholáthraithe cinneadh ná aon ghníomh riaracháin eile a fháil ó aon údarás rialála de chuid an Bhallstáit dá dtugtar fógra, ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí oibriú, sula bhfeidhmeoidh sé na cearta a eascraíonn as an údarú ginearálta.
3.Déanfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin teimpléad um fhógra a thabhairt i gcomhréir le treoirlínte BEREC arna n‑eisiúint de bhun Airteagal 125 tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh BEREC na treoirlínte ábhartha cothrom le dáta i gcás inar gá.
4.An t‑údarás rialála dá dtugtar fógra, tarchuirfidh sé an fógra a fuarthas chuig OLD gan moill mhíchuí. I gcás ina mbaineann an fógra le tús a chur le soláthar líonraí agus seirbhísí i roinnt Ballstát, tarchuirfidh OLD é mar fhaisnéis chuig údaráis inniúla na mBallstát eile ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí oibriú gan moill mhíchuí.
5.I gcás ina mbaineann an fógra le hintinn soláthraí, atá ag oibriú i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát cheana féin, a chuid oibríochtaí a leathnú chuig Ballstáit bhreise, tarchuirfidh OLD an fógra sin mar fhaisnéis chuig údaráis inniúla na mBallstát uile lena mbaineann, lena n‑áirítear na Ballstáit sin ina soláthraíonn an soláthraí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí cheana féin.
6.Faoin nós imeachta um an bPas Aonair, dearbhóidh an t‑údarás dá dtugtar fógra don soláthraí an t‑údarú chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar laistigh de sheachtain amháin ón tráth a cuireadh an fógra dá dtagraítear i mír 1 isteach. Áireofar sa deimhniú faisnéis a bhaineann leis na coinníollacha údarúcháin ghinearálta uile is infheidhme sa Bhallstát nó sna Ballstáit, ina mbeartaítear líonraí nó seirbhísí a sholáthar, chomh maith le hoibleagáidí agus cearta gaolmhara a eascraíonn as an údarú. I gcás ina mbaineann an fógra le hintinn soláthraí, atá ag oibriú i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát cheana féin, a chuid oibríochtaí a leathnú chuig Ballstáit bhreise, áireofar sa deimhniú faisnéis a bhaineann leis na coinníollacha údarúcháin ghinearálta is infheidhme sna Ballstáit bhreise.
7.A luaithe a dheimhneofar an fógra, féadfaidh an soláthraí na cearta a eascraíonn as an údarú ginearálta a fheidhmiú agus tús a chur leis an ngníomhaíocht, i gcás inar gá faoi réir na bhforálacha maidir le cearta úsáide faoin Rialachán seo.
8.Coinneoidh OLD bunachar sonraí de chuid an Aontais ar bun, a bheidh ar fáil go poiblí agus ina mbeidh na fógraí a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta. An fhaisnéis sa bhunachar sonraí faoi na fógraí uile a fhaightear, tabharfaidh na húdaráis dá dtugtar fógra í cothrom le dáta gach 2 mhí ar a laghad.
9.I gcás líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoina dtugtar fógra roimh [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ní bheidh gá le haon fhógra nua. Féadfaidh soláthraithe fógra a thabhairt don údarás rialála náisiúnta dá dtugtar fógra chun údarú ginearálta nua a fháil le haghaidh líonraí nó seirbhísí atá ann cheana faoin nós imeachta um an bPas Aonair. Nuair a bheidh líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nua á n‑imscaradh, beidh soláthraithe faoi réir an nós imeachta um an bPas Aonair maidir leis na líonraí nó na seirbhísí nua sin.
Airteagal 11
Treoirlínte agus Cúnamh frithpháirteach
1.Faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla eile, lena n‑áirítear pointí teagmhála arna n‑ainmniú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, treoirlínte a fhoilsiú chun a áirithiú go gcuirfear na coinníollacha uile a liostaítear in Airteagal 9(4) i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus go mbeidh siad inrochtana ag soláthraithe trí leathanach gréasáin OLD.
2.Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair náisiúnta a mbeidh sé de chúram air cumarsáid a dhéanamh le OLD agus faisnéis atá cothrom le dáta a choinneáil faoin reachtaíocht agus faoi na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, go háirithe an reachtaíocht agus na nósanna imeachta sin a bhaineann le coinníollacha údarúcháin ghinearálta, lena n‑áirítear na coinníollacha maidir le cibearshlándáil, rochtain ar shonraí agus cosaint sonraí agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
3.Na nósanna imeachta a bhaineann le fógra a thabhairt, deimhniú maidir le tús a chur le gníomhaíochtaí agus cúnamh frithpháirteach le forfheidhmiú agus na socruithe maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta agus OLD i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/903, féadfaidh an Coimisiún iad a shonrú a thuilleadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
4.Gan dochar do chumhachtaí forfheidhmithe na mBallstát a bhaineann leis an dlí is infheidhme ina ndlínse, faoin gcóras um an bPas Aonair, beidh sé de chumhacht ag údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit dá dtugtar fógra pionóis a fhorchur i leith sárú ar na coinníollacha údarúcháin. I gcás sárú tromchúiseach, áireofar ar bhearta féideartha, i gcás inar gá tar éis dul i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát dá ndéantar difear, tarraingt siar an chirt chun oibriú sa Bhallstát nó sna Ballstáit a chumhdaítear leis an bPas Aonair.
5.I gcás inarb é conclúid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina soláthraítear na líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí go bhféadfadh tionchar diúltach tromchúiseach a bheith ag an sárú ar na coinníollacha údarúcháin ina chríoch ar fhorais na slándála náisiúnta nó leas an phobail, beidh sé de cheart aige pionóis a fhorchur laistigh dá dhlínse, agus i gcás inarb iomchuí, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha an Bhallstáit dá dtugtar fógra.
Airteagal 12
Muirir riaracháin
1.I gcás ina bhforchuireann na Ballstáit muirir riaracháin ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta nó ar deonaíodh ceart úsáide dóibh, maidir leis na muirir sin:
(a)san iomlán, ní chumhdófar leis na muirir sin ach na costais riaracháin a thabhaítear i mbainistiú, i rialú agus i bhfeidhmiú an chórais údaraithe ghinearálta agus i bhfeidhmiú na gceart úsáide agus na n‑oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagail 67, 68(1), 69 agus 77, a bhféadfar a bheith ar áireamh ann costais do chomhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís sa mhargadh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú eile sa mhargadh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, obair lena ngabhann cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh;
(b)forchuirfear iad ar na gnóthais aonair ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach.
2.Gnóthais a bhfuil a láimhdeachas faoi bhun tairseach áirithe nó nach mbaineann a ngníomhaíochtaí sciar íosta den mhargadh amach nó a bhfuil raon feidhme críochach an-teoranta acu, ní bheidh siad faoi réir muirir riaracháin.
3.I gcás ina bhforchuirfear muirir riaracháin, foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile forléargas bliantúil ar a gcostais riaracháin agus ar shuim iomlán na muirear a bailíodh. Déanfar coigeartuithe iomchuí i gcás ina mbeidh difríocht idir suim iomlán na muirear agus suim iomlán na gcostas riaracháin.
4.CUID IV - ACMHAINNÍ (SPEICTREAM RAIDIÓ AGUS UIMHRIÚ)
4.1.TEIDEAL I: SPEICTREAM RAIDIÓ
4.1.1.CAIBIDIL I: Prionsabail agus cuspóirí
Roinn 1: Rialacha idirnáisiúnta maidir le húsáid agus bainistiú speictrim raidió
Airteagal 13
Pleanáil agus bainistiú straitéiseach an speictrim raidió
1.Bainisteoidh na Ballstáit agus an Coimisiún speictream raidió sa mhargadh inmheánach ar bhealach comhordaithe, agus a luach mar acmhainn choiteann Eorpach á chur san áireamh, faoi inniúlacht chomhroinnte d’fhonn fás eacnamaíoch a chothú, luachanna agus slándáil an Aontais a chosaint, agus na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 á saothrú, go háirithe an margadh aonair don chumarsáid leictreonach agus an tslándáil agus an cheannasacht dhigiteach á saothrú chomh maith.
2.Oibreoidh an Coimisiún, le cúnamh ó CBSR, agus na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le chéile i bpleanáil straitéiseach speictrim raidió agus i gcomhordú cineálacha cur chuige maidir le beartais speictrim raidió.
3.Bainisteoidh na húdaráis inniúla náisiúnta speictream raidió go héifeachtach agus go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (‘ITU’) agus le comhaontuithe eile arna nglacadh faoi chuimsiú ITU is infheidhme maidir le speictream raidió. Déanfaidh siad gach iarracht deireadh a chur le haon fhoinse fhéideartha nó iarbhír de thrasnaíocht dhíobhálach trasteorann nó náisiúnta agus déanfaidh siad bearta a bhaineann leis an speictream raidió chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí slándála maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar.
4.I gcás ina dtugann an Rialachán seo de chumhacht don Choimisiún speictream raidió a bhainistiú, beidh sé faoi réir na bprionsabal céanna leis na húdaráis inniúla agus urramóidh sé na hoibleagáidí céanna leo, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo nó i ndlí eile de chuid an Aontais.
Airteagal 14
Trasnaíocht dhíobhálach
1.Beidh sé de cheart ag sealbhóirí ceart úsáide do speictream raidió a minicíochtaí a úsáid saor ó thrasnaíocht dhíobhálach, faoi réir na bPleananna um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta.
2.Oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le chéile, agus, i gcás inarb iomchuí, trí CBSR, i gcomhordú trasteorann úsáid an speictrim raidió. Déanfaidh siad gach iarracht aon fhadhb nó díospóid a réiteach i ndáil le comhordú trasteorann nó trasnaíocht dhíobhálach trasteorann a chuireann cosc ar úsáid an speictrim raidió i gcríoch an Aontais.
3.I gcás comhordú trasteorann nó trasnaíocht dhíobhálach trasteorann idir na Ballstáit atá fós gan réiteach, féadfaidh aon údarás inniúil náisiúnta nó aon sealbhóir cirt úsáide do speictream raidió a iarraidh ar CBSR a chuidiú a úsáid chun an tsaincheist a réiteach. Féadfaidh CBSR tuairim a eisiúint ina molfar réiteach comhordaithe. I gcás ina n‑iarrfaidh údarás inniúil é, eiseoidh CBSR tuairim den sórt sin.
4.I gcás nach réiteofar an tsaincheist trasteorann idir na Ballstáit laistigh de 12 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta ó aon Bhallstát nó d’aon sealbhóir cirt úsáide do speictream raidió dá ndéantar difear, nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme chun an tsaincheist trasteorann a réiteach, agus aon tuairim ó CBSR de bhun mhír 3 á cur san áireamh.
5.I gcás ina mbaineann saincheist trasteorann le tríú tír, lena n‑áirítear tír is iarrthóir agus stát aontach, oibreoidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta laistigh de RSPG, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil náisiúnta ó Bhallstát dá ndéantar difear, i gcomhar le chéile chun tacaíocht dhlíthiúil, pholaitiúil agus theicniúil a sholáthar chun an tsaincheist sin a réiteach, chun gur féidir leis na Ballstáit lena mbaineann a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh agus a gcearta a fheidhmiú maidir le speictream raidió a úsáid faoi dhlí an Aontais.
6.I gcás nach réiteofar an tsaincheist trasteorann a bhaineann le tríú tír laistigh de 12 mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta ón mBallstát dá ndéantar difear agus tar éis dó dul i gcomhairle le CBSR, cinneadh a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme chun an cúnamh nó an rannchuidiú atá le soláthar ag na Ballstáit a shainiú, le tacaíocht ón gCoimisiún, chun an tsaincheist sin a réiteach, gan beann ar cé acu a dhéanann an trasnaíocht dhíobhálach difear dóibh nó nach ndéanann.
7.I gcás nach féidir an tsaincheist trasteorann le tríú tír a réiteach leis an gcúnamh nó leis an rannchuidiú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Chomhairle cuimhneamh ar bhearta sriantacha a ghlacadh faoi Airteagal 29 CAE, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.
8.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4) le cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 199(2) (‘An Coiste um an Speictream Raidió’).
Roinn 2: Prionsabail
Airteagal 15
Prionsabal maidir le húsáid chomhroinnte an speictrim raidió
1.Gan dochar don eisceacht dá bhforáiltear sa dara fomhír, déanfaidh soláthraithe na seirbhíse céanna (comhroinnt inseirbhíse) nó soláthraithe seirbhísí difriúla (comhroinnt inseirbhíse) speictream raidió faoi údarú ginearálta agus cearta úsáide aonair a chomhroinnt, faoi réir chomhlíonadh dhlí na hiomaíochta.
Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a shrianadh nuair is gá sin ar fhorais a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)iomaíocht agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh a choimirciú;
(b)indéantacht theicniúil nó eacnamaíoch;
(c)i gcás ina bhfuil cearta eisiacha maidir le húsáid speictrim raidió riachtanach chun sábháilteacht phoiblí, slándáil náisiúnta, cosaint nó cosaint seirbhísí fíor-riachtanacha a choimirciú;
(d)trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;
(e)comhordú trasteorann.
2.Áiritheoidh údaráis inniúla náisiúnta go n‑úsáidfear an speictream raidió a shanntar go héifeachtúil. Chun na críche sin, is féidir leo é a chur de cheangal ar shealbhóir na gceart speictrim raidió, lena n‑áirítear na cearta sin maidir le cosaint agus slándáil, aon sciar den speictream raidió nach n‑úsáidtear laistigh de limistéar geografach nó tréimhse ar leith a chomhroinnt, ar choinníoll nach gcuirfidh úsáid chomhroinnte an speictrim raidió isteach ar úsáid an speictrim raidió ag an sealbhóir bunaidh, nach ndéanfaidh sí an úsáid sin a dhíghrádú ná nach gcuirfidh sí teorainn léi ar shlí eile agus go mbeidh an úsáid chomhroinnte i gcomhréir le dlí na hiomaíochta.
Airteagal 16
Prionsabail na neodrachta ó thaobh na teicneolaíochta agus na seirbhíse de
1.Féadfar aon chineál teicneolaíochta a úsáid chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar laistigh den speictream raidió ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa Phlean um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais.
Ní fhéadfaidh údaráis inniúla náisiúnta an ceart sin a shrianadh ach amháin nuair is gá sin agus nuair atá sé comhréireach ar na forais seo a leanas:
(a)trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;
(b)an tsláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha atá i mbaol, agus Moladh 1999/519/CE á chur san áireamh;
(c)cáilíocht theicniúil seirbhíse a áirithiú;
(d)méadú ar chomhroinnt speictrim raidió a áirithiú;
(e)úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú;
(f)comhlíonadh na gcuspóirí i gcomhréir le mír 2 a áirithiú.
3.Féadfar aon chineál seirbhíse cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa speictream raidió ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa Phlean um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais.
Ní fhéadfaidh údaráis inniúla náisiúnta an ceart sin a shrianadh ach amháin chun ceanglas faoi Rialacháin Raidió an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU) a chomhlíonadh bunaithe ar chritéir chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Ní bheidh sé de cheart ag údarás inniúil náisiúnta a iarraidh go soláthrófar seirbhís ar leith i mbanda sonrach ach amháin i gcás ina mbeidh údar leis ar na forais seo a leanas:
(a)sábháilteacht beatha a chosaint;
(b)comhtháthú sóisialta, réigiúnach nó críochach a chur chun cinn;
(c)úsáid neamhéifeachtúil speictrim raidió a sheachaint;
(d)éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán a chur chun cinn, mar shampla seirbhísí craolacháin raidió agus teilifíse a sholáthar;
(e)an gá atá ann sábháilteacht phoiblí, slándáil náisiúnta, cosaint, nó seirbhísí fíor-riachtanacha a choimirciú.
Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta soláthar aon seirbhíse eile i mbanda sonrach a thoirmeasc, ach amháin i gcás ina mbeidh údar leis mar gheall ar an ngá atá le sábháilteacht beatha a chosaint.
4.1.2.CAIBIDIL II: Leithdháileadh
Roinn 1: Straitéis um an speictream raidió agus treochláir maidir lena leithdháileadh
Airteagal 17
Straitéis agus treochláir an Aontais um an speictream raidió
1.Tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus le CBSR, bunóidh an Coimisiún straitéis réamhbhreathnaitheach de chuid an Aontais um an speictream raidió agus tabharfaidh sé cothrom le dáta í tar éis gach Comhdháil Radachumarsáide Dhomhanda, i gcás inar gá.
2.Le straitéis an Aontais um an speictream raidió, treorófar pleanáil, nuálaíocht agus úsáid éifeachtúil an speictrim raidió ar fud an Aontais. Sainaithneofar riachtanais speictrim raidió léi agus áiritheofar an infhaighteacht agus, i gcás inarb ábhartha, cosnófar an speictream raidió is gá chun cuspóirí réimsí beartais difriúla de chuid an Aontais a bhaineann le húsáid an speictrim raidió a chomhlíonadh, lena n‑áirítear cosaint agus slándáil, le haghaidh cumarsáid chriticiúil agus chun críoch eile, lena n‑áirítear braiteacht. Maidir le hinfhaighteacht an speictrim raidió chun sábháilteacht phoiblí, slándáil náisiúnta, cosaint nó seirbhísí fíor-riachtanacha a choimirciú faoi choinníollacha comhchuibhithe, cuirfear an infhaighteacht sin san áireamh i straitéis an Aontais um an speictream raidió agus déanfar léiriú leormhaith uirthi sna pleananna um leithdháileadh minicíochtaí náisiúnta.
3.Ar bhonn straitéis an Aontais um an speictream raidió, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, treochláir an Aontais um an speictream raidió a ghlacadh.
Le gach treochlár de chuid an Aontais um an speictream raidió, sainaithneofar riachtanais speictrim raidió a bhaineann le teicneolaíocht nó seirbhís shonrach speictrim raidió agus leagfar síos amlínte chun úsáid an speictrim raidió a chomhchuibhiú go teicniúil de bhun Chinneadh Uimh. 676/2002/CE agus, i gcás inarb ábhartha, sprioc-amanna le haghaidh úsáid an speictrim raidió sin a údarú de bhun an Rialacháin seo, ar sprioc‑amanna iad lena bhféadfaí maolú ar an sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 18(1). Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht maolú ar sprioc-am Airteagal 18(1) de bhun Airteagal 18(2) agus (3).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4) le cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 199(2). Déanfaidh CBSR faireachán ar fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus sochaíocha a bhaineann le húsáid speictrim raidió, agus molfaidh sé, i gcás inar gá, aon treochlár de chuid an Aontais um an speictream raidió a thabhairt cothrom le dáta.
4.Laistigh de 9 mí ó ghlacadh threochláir an Aontais um an speictream raidió, cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta a dtreochláir náisiúnta um an speictream raidió faoi bhráid an Choimisiúin agus CBSR, ina léireofar, i gcás inarb ábhartha, na bearta náisiúnta is gá chun treochlár de chuid an Aontais um an speictream raidió agus na hamlínte a ghabhann leo a chur chun feidhme. Foilseoidh údaráis inniúla náisiúnta na treochláir náisiúnta um an speictream raidió agus tabharfaidh siad cothrom le dáta go tráthrialta iad.
5.Tuairisceoidh údaráis inniúla náisiúnta don Choimisiún agus do CBSR go tráthrialta maidir le cur chun feidhme a dtreochlár náisiúnta um an speictream raidió. Oibreoidh an Coimisiún agus údaráis inniúla náisiúnta laistigh de CBSR i gcomhar le chéile chun aon easnamh a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, ar easnaimh iad atá i réimsí ina measann an Coimisiún nó CBSR gur neamhleor an dul chun cinn i dtreo ceann amháin nó níos mó de chuspóirí threochlár an Aontais um an speictream raidió.
Airteagal 18
Uainiú comhordaithe do shannuithe
1.I gcás inar comhchuibhíodh úsáid an speictrim raidió i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE i gcás líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang, údaróidh na húdaráis inniúla náisiúnta an úsáid sin laistigh de 24 mhí ó dháta glactha an bhirt sin, nó a luaithe is féidir tar éis deireadh a bheith curtha le haon chinneadh maidir le húsáid mhalartach a cheadú ar bhonn eisceachtúil de bhun mhír 5 den Airteagal seo.
2.Féadfar síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar síos i mír 1 i gcás banda shonraigh a mhéid is gá mar gheall ar cheann de na himthosca seo a leanas:
(a)srian ar úsáid an bhanda sin bunaithe ar chuspóir an leasa ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagal 16(2), an dara fomhír, pointe (a) nó (d);
(b)saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaobh comhordú trasteorann arb é a tháinig astu go bhfuil trasnaíocht dhíobhálach ar bun ag tríú tíortha, ar choinníoll gur iarr an Ballstát dá ndéantar difear cúnamh ar an Aontas de bhun Airteagal 14(5), i gcás inarb iomchuí;
(c)an gá atá le slándáil agus cosaint náisiúnta a choimirciú;
(d)force majeure.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann athbhreithniú ar an síneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gach 2 bhliain ar a laghad agus arna iarraidh sin d’úsáideoir ionchasach speictrim raidió nó don Choimisiún.
3.Féadfar síneadh a chur leis an sprioc-am a leagtar síos i mír 1 i gcás banda sonrach a mhéid is gá agus ar feadh tréimhse suas le 24 mhí sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaobh comhordú trasteorann arb é a tháinig astu go bhfuil trasnaíocht dhíobhálach ar bun ag na Ballstáit, ar choinníoll go nglacann an Ballstát dá ndéantar difear gach beart is gá in am trátha de bhun Airteagal 14(3) agus (4);
(b)go gcaithfear ascnamh teicniúil a áirithiú d’úsáideoirí atá ar an mbanda sin cheana, chomh maith leis an gcastacht a bhaineann leis sin.
4.I gcás síneadh faoi mhíreanna 2 nó 3, cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann na húdaráis inniúla náisiúnta eile agus an Coimisiún ar an eolas go tráthúil, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin.
5.D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta cead a thabhairt go mbainfear úsáid mhalartach as iomlán nó as cuid de bhanda speictrim raidió comhchuibhithe sna cásanna seo a leanas:
(a)léiríonn comhairliúchán poiblí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 184 agus measúnú réamhbhreathnaitheach ar éileamh an mhargaidh, i gcomhréir le hAirteagal 32, nach mbeidh éileamh mór ar úsáid chomhchuibhithe an bhanda speictrim raidió sna blianta beaga atá amach romhainn;
(b)ní chuirtear cosc ná bac ar infhaighteacht nó úsáid banda den sórt sin i mBallstáit eile leis an úsáid mhalartach sin.
Cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta an Coimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta eile ar an eolas, trí OLD, faoina chinneadh, in éineacht leis na cúiseanna atá leis, agus déanfaidh sé athbhreithniú go tráthrialta air.
6.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, dátaí coiteanna a chinneadh maidir le húdarú a thabhairt go mbainfear úsáid as speictream raidió comhchuibhithe sonrach i gcomhréir le mír 1 agus de mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Roinn 2: Achainí ar leithdháileadh/comhchuibhiú
Airteagal 19
Iarraidh ar speictream raidió a chomhchuibhiú
1.Féadfaidh aon pháirtí leasmhar iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun cuimhneamh ar na coinníollacha maidir le hinfhaighteacht agus/nó úsáid éifeachtúil banda minicíochta shonraigh a chomhchuibhiú de bhun Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE.
2.Ar iarraidh den sórt sin a fháil, eagróidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí agus cuirfidh sé an iarraidh sin faoi bhráid CBSR le haghaidh tuarascála nó tuairime, nó faoi bhráid an Choiste um an Speictream Raidió, nó faoi bhráid CBSR agus an Choiste um an Speictream Raidió araon. I gcás ina dtabharfar aghaidh uirthi, glacfaidh an Coiste um an Speictream Raidió tuairim de bhun Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE.
Tabharfar freagra réasúnaithe ar an iarraidh sin laistigh de sprioc-am réasúnta.
3.Foilseoidh an Coimisiún an iarraidh agus an fhreagairt.
4.1.3.CAIBIDIL III: Sannadh
Roinn 1: Prionsabail
Airteagal 20
Údarú ginearálta na húsáide speictrim raidió
1.Úsáidfear speictream raidió faoi údarú ginearálta faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha i mír 2 den Airteagal seo, ach amháin má tá gá le ceart úsáide aonair i gcomhréir le hAirteagal 21.
2.Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas amháin a bheidh gnóthais a údaraítear chun speictream raidió a úsáid bunaithe ar údarú ginearálta:
(a)seirbhís a sholáthar nó cineál teicneolaíochta a úsáid má fhorchuirtear srian de bhun an dara fomhír d’Airteagal 16(1) nó de bhun an dara fomhír d’Airteagal 16(2) lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, ceanglais maidir le cumhdach agus cáilíocht seirbhíse;
(b)speictream raidió a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(c)coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla is gá chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha a chur i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE, i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin difriúil ó na coinníollacha sin a ghabhann leis an úsáid speictrim raidió faoin údarú ginearálta;
(d)rialacha cibearshlándála a chomhlíonadh, lena n‑áirítear ceanglais maidir leis an slabhra soláthair TFC de bhun an Ghnímh um Chibearshlándáil atá le teacht in ionad Rialachán (AE) 2019/881.
Airteagal 21
Cearta úsáide aonair do speictream raidió
1.Ní fhéadfaidh údaráis inniúla náisiúnta úsáid speictrim raidió a chur faoi réir cearta aonair ach amháin i gcás inar gá chun úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a uasmhéadú i bhfianaise an éilimh agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)saintréithe sonracha an speictrim raidió lena mbaineann;
(b)an gá le trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;
(c)coinníollacha iontaofa a fhorbairt do chomhroinnt speictrim raidió i gcás inarb iomchuí;
(d)an gá le cáilíocht theicniúil na cumarsáide nó na seirbhíse a áirithiú;
(e)cuspóirí leasa ghinearálta, arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;
(f)an gá le húsáid éifeachtúil speictrim raidió a chosaint.
2.Gnóthais a bhfuil ceart úsáide aonair do speictream raidió acu, ní fhéadfaidh siad, de bhreis ar na coinníollacha in Airteagal 20(2), a bheith faoi réir coinníollacha, ach amháin i gcás inar coinníollacha iad atá bunaithe ag an údarás inniúil náisiúnta sula sanntar an ceart sin nó sula n‑athnuafar é, agus inar coinníollacha iad a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a)tréimhse ama agus uasré i gcomhréir le hAirteagal 24, faoi réir aon athrú sa Phlean um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta;
(b)cearta a aistriú nó a léasú i gcomhréir le hAirteagal 26;
(c)táillí le haghaidh cearta úsáide a íoc i gcomhréir le hAirteagal 29;
(d)aon ghealltanas, a rinneadh faoi chuimsiú údarú nó próiseas athnuachana údaraithe a chomhlíonadh sula ndeonaítear an t‑údarú nó, i gcás inarb infheidhme, sula dtugtar an cuireadh chun iarratas a dhéanamh ar chearta úsáide;
(e)rochtain ar speictream raidió a chomhthiomsú nó a cheadú d’úsáideoirí eile i réigiúin shonracha nó ar an leibhéal náisiúnta nó speictream raidió a chomhroinnt i gcomhréir le hAirteagal 27;
(f)bandaí speictrim raidió a úsáid i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha;
(g)coinníollacha a bhaineann go sonrach le húsáid thurgnamhach bandaí speictrim raidió;
(h)bonneagar éighníomhach nó gníomhach a bhraitheann ar speictream raidió a chomhroinnt;
(i)comhaontuithe rochtana fánaíochta trádála;
(j)nó bonneagar le haghaidh soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a leathadh amach go comhpháirteach.
Ní chuirfidh údaráis inniúla coinníollacha faoin gcéad fhomhír, pointí (e), (h), (i) nó (j) den mhír seo i gceangal mura mbeidh údar leis de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32.
3.Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh siad ar an eolas iad, ar bhealach tráthúil trédhearcach, faoi na coinníollacha a bheidh le gabháil le cearta úsáide aonair sula bhforchuirfear iad. Leagfaidh siad síos na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin roimh ré agus tarchuirfidh siad iad chuig na páirtithe leasmhara ar bhealach trédhearcach.
4.Féadfaidh an t‑údarás inniúil cearta aonair a chomhcheangal le húdarú ginearálta le haghaidh úsáid speictrim raidió, agus aon éifeacht is dócha a bheith aige ar iomaíocht, ar nuálaíocht agus ar iontráil sa mhargadh á cur san áireamh.
5. Baileoidh CBSR dea-chleachtais maidir leis an rogha idir údaruithe ginearálta agus cearta aonair.
Roinn 2: Comhchuibhiú
Airteagal 22
Coinníollacha údarúcháin coiteanna maidir le húsáid speictrim raidió
1.Maidir le húsáideoirí ionchasacha speictrim raidió in dhá Bhallstát nó i roinnt Ballstát, i gcás líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí agus neamhphoiblí, féadfaidh siad a iarraidh ar údaráis inniúla náisiúnta ó na Ballstáit lena mbaineann coinníollacha údarúcháin coiteanna a bhunú go comhpháirteach, le cúnamh ó CBSR, chun an costas a bhaineann le himscaradh nó an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta an Coimisiún ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.
2.Gan dochar d’Airteagal 39 den Rialachán seo, i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó ar a laghad dhá údarás inniúla náisiúnta lena mbaineann iarraidh réasúnaithe isteach, gan beann ar cé acu is soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a chuireann an iarraidh isteach nó nach ea, déanfaidh CBSR, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, togra a fhorbairt le haghaidh coinníollacha údarúcháin coiteanna, agus san áireamh leis sin, a mhéid a bhaineann leis an mbealach is fearr chun speictream raidió a chomhroinnt idir líonraí poiblí agus príobháideacha, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta. Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, agus togra CBSR á chur san áireamh aige agus, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39(4) freisin, coinníollacha údarúcháin ceangailteacha coiteanna a ghlacadh sna Ballstáit uile agus lena leagfar síos formáid choiteann a bheidh le húsáid.
3.Arna iarraidh sin do dhá údarás inniúla náisiúnta nó níos mó, nó don Choimisiún, tabharfaidh CBSR aghaidh ar an deis agus ar na módúlachtaí a bhaineann le cuid den speictream raidió a údarú ar leibhéal an Aontais agus le moladh a thabhairt faoin nós imeachta iomchuí um údarú agus na coinníollacha dámhachtana iomchuí chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda ardcháilíochta gan sreang (‘seirbhísí leathanbhanda gan sreang’) ar fud an Aontais, lena n‑áirítear seirbhísí cumarsáide satailíte Díreach go Gaireas. Tar éis dó dul i gcomhairle le CBSR, féadfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí bhíthin gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 198, lena sainítear na próisis agus na coinníollacha dámhachtana maidir le húsáid speictrim raidió a údarú i mbanda speictrim raidió comhchuibhithe ar leith, nó i gcodanna de, ar leibhéal an Aontais.
4.Agus próiseas an údaraithe á chomhlíonadh aige, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a lorg ó CBSR, ó OLD, ón gCoiste Cumarsáide nó ó shaineolaithe seachtracha.
5.I gcás inar bunaíodh na coinníollacha údarúcháin coiteanna de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraí a leagan síos maidir le nós imeachta ionaid ilfhreastail lena gceadaítear do ghnóthas iarrataí ar chearta úsáide do speictream raidió a chomhdú ag OLD i níos mó ná aon Bhallstát amháin, agus na socruithe nós imeachta, lena n‑áirítear sprioc-amanna riaracháin, a shonrú.
6.Deonóidh na húdaráis inniúla náisiúnta na cearta agus na húdaruithe laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos le hAirteagal 30(8).
7.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Airteagal 23
Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió
Ní fhorchuirfidh údaráis inniúla náisiúnta aon choinníoll breise, aon chritéar breise ná aon nós imeachta breise i gcás inar roghnaíodh sealbhóirí ceart úsáide do speictream raidió comhchuibhithe faoi nós imeachta roghnúcháin coiteann ar leibhéal an Aontais nó i gcás ina mbeidh feidhm ag coinníollacha údarúcháin comhchuibhithe an Aontais.
Roinn 3: Rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir le coinníollacha údarúcháin
Airteagal 24
Fad na gceart
1.I bprionsabal, deonófar cearta úsáide do speictream raidió ar feadh ré neamhtheoranta. Cearta úsáide aonair a dheonaítear ar feadh tréimhse neamhtheoranta do speictream raidió a úsáidtear le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang, beidh siad faoi réir athbhreithniú go tráthrialta ag na húdaráis inniúla náisiúnta, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le cumhdach agus cáilíocht seirbhíse. Ní dhéanfar na hathbhreithnithe sin tráth is túisce ná gach 20 bliain tar éis don cheart úsáide aonair sin do speictream raidió a bheith deonaithe. Tabharfar fógra faoi athbhreithnithe tréimhsiúla faoi nós imeachta Airteagal 31.
2.Cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonaítear ar feadh tréimhse neamhtheoranta, féadfar iad a chúlghairm tráth ar bith ar aon cheann de na cúiseanna dá bhforáiltear in Airteagal 25(2), agus le fógra 5 bliana sna cásanna uile eile. Mar eisceacht, cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe le haghaidh seirbhísí leathanbhanda gan sreang a deonaíodh ar feadh ré neamhtheoranta, i gcás ina gcúlghairtear iad laistigh den chéad 40 bliain tar éis a n‑eisiúna, beidh feidhm ag Airteagal 195.
3.Mar eisceacht ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfar cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú ar feadh tréimhse theoranta a mheastar a bheith iomchuí i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear i gcomhréir le hAirteagal 30(4), i gcás inar gá iomaíocht a chur chun cinn, nó aon saobhadh iomaíochta a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 32.
I gcás ina ndeonaítear cearta úsáide aonair do speictream raidió ar feadh tréimhse theoranta, socróidh an t‑údarás inniúil an ré uasta roimh ré, gan dochar d’aon athrú ina dhiaidh sin ar an bPlean um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta, agus sonróidh sé an ré sin sna cinntí maidir le cearta aonair a dheonú.
4.I gcás ina gcuireann na húdaráis inniúla cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe faoi réir ré theoranta chun gur féidir é a úsáid le haghaidh seirbhísí leathanbhanda gan sreang, beidh an ceart ag sealbhóirí na gceart úsáide sin speictream raidió a úsáid ar feadh tréimhse 40 bliain ar a laghad.
I gcás ina ndeonaítear iad ar feadh tréimhse theoranta, beidh cearta úsáide aonair do speictream raidió faoi réir athnuachana i gcomhréir le hAirteagal 25.
5.I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta ré is giorra ná 40 bliain a fhorchur, i gcás speictream comhchuibhithe nó neamh-chomhchuibhithe, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)i limistéir theoranta gheografacha, i gcás nach maith nó nach ann in aon chor an rochtain ar líonraí ardluais;
(b)i gcás tionscadail shonracha ghearrthéarmacha;
(c)i gcás úsáid thurgnamhach trí oibleagáidí sonracha a fhorchur;
(d)i gcás úsáidí speictrim raidió is féidir a bheith ann i gcomhthráth le seirbhísí leathanbhanda gan sreang, i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus (2);
(e)i gcás úsáid mhalartach ar an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 18(5).
6.Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta ré na gceart úsáide a leagtar síos san Airteagal seo a choigeartú chun a áirithiú go rachaidh ré na gceart in éag go comhuaineach i mbanda amháin nó i roinnt bandaí, nó d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathnuachan i gcomhréir le hAirteagal 25, ar feadh tréimhse nach faide ná 2 bhliain sa chás deireanach sin, tréimhse is féidir a athnuachan aon uair amháin.
Airteagal 25
Athnuachan ceart úsáide aonair maidir le speictrim raidió comhchuibhithe
1.Aon cheart úsáide do speictream raidió comhchuibhithe atá faoi réir ré theoranta, déanfar é a athnuachan go huathoibríoch ar feadh ré chomhchosúil agus faoi choinníollacha comhchosúla arna iarraidh sin dá shealbhóir.
2.De mhaolú ar mhír 1, tar éis dó deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile a ndearcthaí a chur in iúl trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 184, féadfaidh an t‑údarás inniúil a chinneadh, 5 bliana ar a laghad roimh dhul in éag an chirt, gan an ceart úsáide a athnuachan go huathoibríoch agus ligean don cheart dul in éag agus nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach um údarú a eagrú chun cearta nua a dheonú, nó na cearta atá ann cheana a athnuachan faoi réir ré dhifriúil nó coinníollacha difriúla ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:
(a)comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 30(4), chomh maith le cuspóirí beartais phoiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, agus tábhacht na n‑infheistíochtaí atá ann cheana á cur san áireamh freisin;
(b)cur chun feidhme beart cur chun feidhme nua teicniúil arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;
(c)neamhchomhlíonadh tromchúiseach na gcoinníollacha, a ghabhann leis an gceart úsáide lena mbaineann, ag an sealbhóir;
(d)an gá le hiomaíocht a chur chun cinn, nó le haon saobhadh iomaíochta a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 32;
(e)an gá le húsáid speictrim raidió a dhéanamh níos éifeachtúla i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó forbairtí sa mhargadh;
(f)i gcás inar deonaíodh speictream raidió saor in aisce.
Nuair a mheasann an t‑údarás inniúil náisiúnta gan an ceart úsáide do speictream raidió comhchuibhithe a athnuachan ar na cúiseanna a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (d), ní rachaidh sé ar aghaidh le nós imeachta roghnúcháin nua ach amháin i gcás ina mbeidh fianaise ann go bhfuil éileamh inchreidte sa mhargadh ó ghnóthais seachas na gnóthais sin a bhfuil cearta úsáide do speictream raidió acu sa bhanda lena mbaineann agus i gcás ina mbeidh sé suite aige go bhfuil an líon bonneagar is féidir a chothú go heacnamaíoch sa mhargadh níos airde ná an líon oibreoirí atá ann faoi láthair.
3.Mura ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 5 bliana ar a dhéanaí roimh dhul in éag na gceart lena mbaineann, déanfar na cearta atá ann cheana a athnuachan go huathoibríoch de bhun mhír 1.
4.Beidh athbhreithniú ag gabháil leis an gcinneadh athnuachana agus déanfar é ar bhonn Airteagal 29 ar na táillí bliantúla agus aonuaire a bhaineann le húsáid speictrim raidió. Nuair a bheidh leibhéal na dtáillí á sainiú, cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh, i measc nithe eile, praghsanna stairiúla, tagarmharcanna idirnáisiúnta, éabhlóid an mheánioncaim in aghaidh MHz in aghaidh an naisc, agus an speictream raidió uile a úsáidtear don tseirbhís faoi seach á chur san áireamh, chomh maith le deischostas an speictrim raidió.
5.Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le cearta úsáide do speictream raidió comhchuibhithe a deonaíodh roimh [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus a théann in éag laistigh de thréimhse 7 mbliana ar a laghad tar éis an dáta sin.
Airteagal 26
Cearta úsáide aonair do speictream raidió a aistriú nó a léasú
1.Sealbhóirí ceart úsáide do speictream raidió seachas speictream raidió a shanntar don chraoladh lena ngabhann leas ginearálta nó cuspóir cultúrtha agus nach speictream é a deonaíodh saor in aisce, beidh an ceart acu a gcearta úsáide a aistriú nó a léasú i gcomhréir leis an Airteagal seo agus faoi réir chomhlíonadh dhlí na hiomaíochta.
2.Cuirfidh sealbhóir na gceart úsáide do speictream raidió in iúl don údarás inniúil náisiúnta go bhfuil sé beartaithe aige cearta úsáide do speictream raidió a aistriú nó a léasú, chomh maith le dáta éifeachtach a n‑aistrithe, agus cuirfidh an t‑údarás sin an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
Ó dháta an aistrithe nó an léasaithe, beidh an t‑aistrí nó an léasaí faoi cheangal ag na coinníollacha bunaidh a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió, lena n‑áirítear, mar shampla, coinníollacha dochta in aghaidh cnapaireacht speictrim agus coinníollacha chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim a áirithiú, mura gcinnfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta a mhalairt i gcomhréir le mír 3. I gcás léasú, beidh an sannaí bunaidh faoi cheangal ag na coinníollacha bunaidh in éineacht leis an léasóra. I gcás speictream raidió comhchuibhithe, comhlíonfaidh an t‑aistriú sin an úsáid chomhchuibhithe sin.
3.Ní dhiúltófar d’aistriú nó do léasú na gceart úsáide sin mura rud é go bhfuil riosca soiléir ann go mbeidh saobhadh iomaíochta ann de dheasca charnadh na gceart úsáide go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 32 nó go bhfuil amhrais thromchúiseacha ann go bhfuil an t‑úsáideoir nua in ann na coinníollacha bunaidh maidir leis an gceart úsáide a chomhlíonadh.
Agus comhthéacs agus imthosca aistriú an chirt úsáide do speictream raidió á gcur san áireamh, go háirithe cé acu atá nó nach bhfuil an t‑aistrí faoi rialú díreach nó indíreach, mar shampla trí chistiú mór, lena n‑áirítear fóirdheontais, ó rialtas tríú tír nó an bhfuil tionscadail nó cláir amach faoi stiúir an Stáit á saothrú aige, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla náisiúnta aistriú na gceart úsáide do speictream raidió a bhlocáil, rud atá riachtanach agus comhréireach ar mhaithe le haon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)athléimneacht;
(b)slándáil, lena n‑áirítear leanúnachas soláthair seirbhísí cumarsáide leictreonaí;
(c)cosaint;
(d)an t‑ord poiblí a choinneáil ar bun, a bhféadfadh tionchar mór a bheith ag suaitheadh nó mí‑úsáid ina leith i mBallstát nó san Aontas.
Aon mhuirear riaracháin a fhorchuirtear ar ghnóthais i ndáil le hiarratas a phróiseáil chun ceart úsáide do speictream raidió a aistriú, a chomhroinnt nó a léasú, beidh sé i gcomhréir le hAirteagal 12.
4.Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta measúnú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha chun cearta úsáide atá ann faoi láthair a dhéanamh inaistrithe agus inléasaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leasóidh siad, i gcás inar gá, i gcomhréir le hAirteagal 194 na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide atá ann cheana go tráthúil tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus áiritheoidh siad go bhféadfar na cearta úsáide do speictream raidió nó don speictream raidió ábhartha a dheighilt nó a dhí-chomhiomlánú a mhéid is féidir.
Airteagal 27
Úsáid chomhroinnte an speictrim raidió
1.I gcomhréir le hAirteagal 15, agus gan dochar do chumhdach ná d’oibleagáidí eile a fhorchuirtear ar shealbhóirí ceart úsáide aonair do radaimhinicíocht, agus d’oibleagáidí a ghabhtar de láimh i gcomhthéacs nós imeachta iomaíoch nó comparáideach, déanfaidh sealbhóirí ceart úsáide do speictream raidió bearta chun comhroinnt a gceart úsáide a eagrú, a cheadú agus a thairiscint, i gcás ina mbeidh an chomhroinnt sin indéanta go teicniúil agus faoi réir chomhlíonadh dhlí na hiomaíochta.
2.Aon tríú páirtí a mbeidh leas aige i gcuid den speictream raidió a úsáid i gcríoch shonrach nó ar feadh tréimhse shonrach, féadfaidh sé a spéis a chur in iúl don údarás inniúil náisiúnta.
Beidh sé de cheart ag sealbhóirí ceart úsáide do speictream raidió diúltú d’úsáid chomhroinnte an speictrim raidió i gcás ina léiríonn siad go bhfuil an speictream raidió á úsáid acu nó go bhfuil pleananna forbartha acu chun é a úsáid sna blianta beaga atá amach romhainn, ar bhealach a fhágann nach mbeidh an chomhroinnt indéanta go teicniúil. Tabharfaidh sealbhóirí ceart úsáide do speictream raidió gealltanas go gcloífidh siad leis na pleananna sin. Mura ngníomhaíonn sealbhóir an chirt úsáide i gcomhréir lena phlean, beidh feidhm ag Airteagal 196.
I gcás ina mbeidh measúnú á dhéanamh ar indéantacht úsáid chomhroinnte an speictrim raidió, cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta san áireamh na pleananna um imscaradh atá ag sealbhóirí na gceart úsáide do speictream raidió ar feadh ré iomlán a gcirt. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta nós imeachta Airteagal 188 i bhfeidhm mutatis mutandis. Féadfaidh siad úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a cheadú ar feadh ré theoranta nó foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil. Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla náisiúnta úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a bhlocáil ar na forais dá bhforáiltear in Airteagal 26(3).
3.Socrófar na coinníollacha maidir le húsáid chomhroinnte an speictrim raidió sa cheart úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 21.
Is de réir na gcoinníollacha sin a chinnfear an méid seo a leanas:
(a)an tosaíocht a bhaineann leis an úsáid, na rialacha maidir le cómhaireachtáil agus an cineál cosanta ar thrasnaíocht dhíobhálach idir an sealbhóir príomhúil agus an sealbhóir tánaisteach;
(b)an cineál úsáide a cheadaítear don úsáideoir nua i gcomparáid leis an úsáid bhunaidh a údaraíodh;
(c)cé acu is féidir nó nach féidir úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a fhorchur i gcás sárú oibleagáide a ghabhann leis an gceart úsáide, amhail oibleagáid maidir le cumhdach.
4.Aon oibleagáid a ghabhann leis an gceart úsáide do speictream raidió, féadfaidh an t‑úsáideoir bunaidh nó an t‑úsáideoir nua, nó iad araon, í a chomhlíonadh. Beidh an dá úsáideoir faoi cheangal ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa cheart úsáide lena rialaítear comhroinnt an speictrim raidió.
5.Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh CBSR, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le BEREC, treoraíocht chun rannchuidiú leis an Airteagal seo agus le hAirteagal 15 a chur chun feidhme go comhsheasmhach.
Airteagal 28
Bunachar sonraí
1.Bunóidh OLD bunachar sonraí dinimiciúil chun deiseanna úsáide speictrim raidió a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu chun úsáid chomhroinnte bandaí sonracha speictrim raidió a chur chun cinn agus a cheadú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht úsáide speictrim raidió, chun tacú le beartais an Aontais.
Beidh faisnéis sa bhunachar sonraí atá cothrom le dáta agus a bhailíonn agus a sholáthraíonn na Ballstáit agus sealbhóirí ceart úsáide speictrim raidió maidir le geoshuíomh na n‑úsáidí a bhaintear as speictream raidió cheana chun ligean d’úsáideoirí ionchasacha speictrim raidió rochtain a fháil ar an speictream raidió sin.
Beidh rochtain dhíreach ar an mbunachar sonraí ag aon úsáideoir ionchasach speictrim raidió.
2.Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le CBSR, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bandaí speictrim raidió a chumhdaítear leis an mbunachar sonraí a shainiú agus socruithe praiticiúla agus formáidí aonfhoirmeacha a fhorbairt maidir le bailiú agus soláthar na sonraí ag na húdaráis inniúla náisiúnta don Choimisiún.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in 199(4).
3.Áiritheofar le bunú agus úsáid an bhunachair sonraí go gcosnófar an príobháideachas chomh maith le rialacha rúndachta gnó, go háirithe faoi Airteagal 8 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, agus ceart na mBallstát faisnéis atá ábhartha don tslándáil náisiúnta a choinneáil siar. Déanfar, a mhéid is féidir, íoslaghdú ar an ualach riaracháin agus ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit cheana faoi dhlíthe eile de chuid an Aontais, go háirithe oibleagáidí maidir le faisnéis shonrach a sholáthar.
4.Is é OLD a riarfaidh an bunachar sonraí.
Airteagal 29
Ranníocaíochtaí ar chearta úsáide do speictream raidió
1.Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta íocaíocht a fhorchur ar chearta úsáide do speictream raidió i bhfoirm táille aonuaire nó táille bhliantúil, nó meascán díobh sin, arna cinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.Maidir le táillí bliantúla agus aonuaire nach mbaineann le nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch, tabharfar údar oibiachtúil leo, beidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach i ndáil leis an gcríoch a bheartaítear dóibh, áiritheofar leo go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as speictream raidió agus cuirfear cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo san áireamh leo.Socrófar na táillí ar leibhéal a chumhdóidh ar a laghad, san iomlán, na costais riaracháin arna dtabhú ag údaráis inniúla náisiúnta i mbainistiú, rialú agus forfheidhmiú na rialacha maidir leis an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 12(1), pointe (a).
Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún, agus tuairimí BEREC agus CBSR á gcur san áireamh aige, moladh maidir le modheolaíocht choiteann chun táillí bliantúla a shainiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena bhféadfar saintréithe difriúla an speictrim raidió a chur san áireamh, amhail acmhainneacht banda speictrim raidió agus a ghanntanas, agus an tseirbhís a bheartaítear a sholáthar.
3.Táillí aonuaire i nós imeachta roghnúcháin comparáideach, más ann, nó praghsanna forchoimeádta i nós imeachta roghnúcháin iomaíoch, socrófar iad ar leibhéal lena n‑áiritheofar go sannfar agus go n‑úsáidfear speictream raidió ar bhealach éifeachtúil, agus go ndéanfar infheistíochtaí agus imscaradh líonraí agus seirbhísí go héifeachtúil chomh maith.
Is é aon phraghas forchoimeádta a shocrófar mar íocaíocht íosta chun an ceart úsáide do speictream raidió a fháil.
Sula bhforchuirfear praghas forchoimeádta, nó sula saineofar a leibhéal, cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta na costais atá i gceist le coinníollacha a ghabhann leis na cearta sin san áireamh.
Faoin [12 mhí tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC agus le CBSR, moladh maidir le modheolaíocht choiteann chun praghas forchoimeádta a shainiú, agus deischostas an speictrim raidió agus saintréithe an bhanda, inter alia, á gcur san áireamh.
4.Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na moltaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo san áireamh. Mura leantar ceachtar de na moltaí agus má leanann diallais ar aghaidh gan údair oibiachtúla leo a thabhairt, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe a áirithiú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
5.Ní chuirfear aon íocaíocht táillí i bhfeidhm ach amháin i gcás ina mbeidh speictream raidió ar fáil le húsáid i ndáiríre agus tabharfar an deis na táillí sin a íoc i dtráthchodanna bliantúla.
6.Déanfar táillí bliantúla nó aonuaire a aisíoc, arna iarraidh sin, in aghaidh chomhlíonadh na ngealltanas réamhchinntithe ag sealbhóir an chirt úsáide do speictream raidió. Beidh deis agus ráta na haisíocaíochta sin trédhearcach, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach agus fógrófar iad roimh aon nós imeachta roghnúcháin nó aon sannadh speictrim, nó aon phróiseas athnuachana nó athbhreithnithe.
Roinn 4: Nósanna imeachta um dheonú agus roghnú
Airteagal 30
Cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú agus nós imeachta roghnúcháin
1.Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú faoi Airteagal 21 arna iarraidh sin agus tar éis nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha, arna leagan síos roimh ré, d’aon ghnóthas ar choinníoll go mbeidh sé in ann na coinníollacha a ghabhann leis an gceart sin a chomhlíonadh. Soláthróidh iarratasóirí an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil ar a gcumas na coinníollacha a ghabhann leis an gceart úsáide do speictream raidió a chomhlíonadh.
2.Déanfaidh údaráis inniúla náisiúnta measúnú ar iarratais ar chearta úsáide aonair do speictream raidió de bhun critéir incháilitheachta atá oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach arna leagan amach roimh ré agus ar léiriú iad ar na ceanglais a bheidh ag gabháil leis na cearta sin. Ní dhéanfaidh siad idirdhealú ar oibreoirí saoráidí gaolmhara ná ar oibreoirí líonraí mórdhíola agus iarratas á dhéanamh acu ar chearta aonair chun speictream raidió a úsáid chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, agus sonróidh siad conas a fhéadfaidh na hoibreoirí sin oibleagáidí maidir le cumhdach, cáilíocht nó oibleagáidí eile a chomhlíonadh.
3.D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh feidhm a bheith ag critéir agus nósanna imeachta sonracha, lena n‑áirítear eisceacht ar an gceanglas maidir le nósanna imeachta oscailte, i gcás inar gá cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú do sholáthraithe seirbhísí inneachair craoltóireachta raidió nó teilifíse chun cuspóir leasa ghinearálta a bhaint amach mar a leagtar síos faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.
4.I gcás ina mbeidh údar leis, féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta teorainn a chur leis an líon ceart úsáide aonair do speictream raidió. I gcás den sórt sin, saineoidh sé an nós imeachta roghnúcháin a roghnaíodh agus tabharfaidh sé cúiseanna leis sin agus leis na cuspóirí a shaothraítear leis, agus luafaidh sé toradh aon mheasúnaithe ghaolmhair ar staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh.
5.Tabharfaidh údaráis inniúla náisiúnta an deis do na páirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a ndearcthaí a chur in iúl maidir le haon ghné den nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, go háirithe maidir le haon teorainn, nós imeachta roghnúcháin agus critéar roghnúcháin, laistigh de thréimhse réasúnta nach giorra ná 30 lá agus cuirfidh siad dearcthaí na bpáirtithe leasmhara san áireamh.
6.I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an údarás inniúil náisiúnta teorainn a chur leis an líon ceart úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang, tabharfaidh sé fógra faoi dhréachtbheart críochnaitheach i gcomhréir le hAirteagal 31 agus ní rachaidh sé ar aghaidh leis an roghnú sula dtabharfaidh sé nós imeachta an Aontais maidir leis an margadh aonair do speictream raidió i gcrích.
7.Foilseoidh údaráis inniúla náisiúnta aon chinneadh maidir leis an nós imeachta roghnúcháin agus na rialacha gaolmhara, lena n‑áirítear na critéir roghnúcháin agus na coinníollacha a bheidh le gabháil leis na cearta úsáide do speictream raidió, agus luafaidh siad go soiléir na cúiseanna atá leis sin agus iarrfaidh siad iarratais ar chearta úsáide.
8.Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na cinntí maidir le deonú na gceart úsáide aonair do speictream raidió a ghlacadh, a chur in iúl agus a phoibliú a luaithe is féidir tar éis dóibh an t‑iarratas iomlán a fháil agus laistigh de 6 seachtaine i gcás speictream raidió ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí i bPleananna um Leithdháileadh Minicíochtaí Náisiúnta, agus is féidir síneadh suas le 8 mí a chur leis na cearta sin i gcás nós imeachta roghnúcháin, faoi réir aon tráthchlár sonrach a bhunaítear de bhun Airteagal 17.
Beidh an teorainn ama sin gan dochar d’aon chomhaontú idirnáisiúnta is infheidhme a bhaineann le húsáid speictrim raidió nó suíomhanna fithiseacha.
9.Déanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta athbhreithniú, de réir mar is iomchuí, ar aon teorannú ag eatraimh thráthrialta nó arna iarraidh sin do na gnóthais dá ndéantar difear ar bhealach réasúnach. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúla gur féidir tuilleadh ceart úsáide do speictream raidió nó teaglaim d’údarú ginearálta agus ceart úsáide aonair a dheonú, foilseoidh sé an chonclúid sin agus cuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun na cearta sin a dheonú.
10.Baileoidh CBSR dea-chleachtais maidir le próisis um údarú agus coinníollacha dámhachtana gaolmhara, amhail maidir le ceantanna ar son na hinfheistíochta a dhearadh, agus oibleagáidí maidir le cumhdach. Féadfaidh an Coimisiún na gnéithe agus na coinníollacha roghnúcháin is iomchuí ar son na hinfheistíochta a mholadh le haghaidh na bpróiseas um údarú úsáide an speictrim raidió chomhchuibhithe i mbanda amháin nó i roinnt bandaí d’fhonn cuspóirí Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, lena n‑áirítear aon leasú air.
11.Cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta na moltaí dá dtagraítear i mír 10 san áireamh agus tabharfaidh siad údar don Choimisiún le haon diallas den sórt sin. I gcás ina gcuirfear na próisis um údarú agus na coinníollacha roghnúcháin ar son na hinfheistíochta chun feidhme go neamhréireach de dheasca an diallais sin, agus go leanann an neamhréir sin ar feadh 2 bhliain ar a laghad tar éis moladh a ghlacadh agus go bhfuil an riosca ann go gcruthófar bacainní ar an margadh inmheánach mar gheall ar leibhéil neamhréireacha i leith imscaradh na líonraí ardcháilíochta gan sreang, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe iad.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
12.Tá an tAirteagal seo gan dochar d’aistriú ceart úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 26.
Airteagal 31
Nós imeachta an Aontais maidir leis an margadh aonair do speictream raidió
1.I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an údarás inniúil náisiúnta tabhairt faoi nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 30(6), nó cearta úsáide do speictream raidió comhchuibhithe le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a leasú nó a athnuachan faoi choinníollacha difriúla, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann leis an ré, foilseoidh sé a dhréachtbheart críochnaitheach agus cuirfidh sé in iúl é don Choimisiún, do CBSR, do BEREC agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile, an tráth céanna, agus luafaidh sé na cúiseanna leis an mbeart agus míneoidh sé:
(a)an chaoi a gcuirfidh an dréachtbheart forbairt an mhargaidh inmheánaigh chun cinn, an chaoi a gcuirfidh sé soláthar seirbhísí trasteorann chun cinn, an chaoi a gcuirfidh sé an t‑iomaíochas chun cinn agus an chaoi a mbeidh an tairbhe is mó is féidir le baint ag tomhaltóirí dá bharr, agus an chaoi a mbainfidh sé amach, i gcoitinne, na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus 13, agus chomh maith céanna i gCinneadh Uimh. 676/2002/CE;
(b)an chaoi a n‑áiritheoidh sé go mbainfear úsáid éifeachtach agus éifeachtúil as speictream raidió;
(c)an chaoi a n‑áiritheoidh sé coinníollacha seasmhacha agus intuartha d’úsáideoirí speictrim raidió atá anois ann agus d’úsáideoirí ionchasacha agus líonraí á n‑imscaradh acu chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a bhíonn ag brath ar speictream raidió.
I gcás inarb infheidhme, míneoidh an t‑údarás inniúil freisin na cúiseanna atá leis an méid seo a leanas a mholadh:
(a)aon bheart múnlaithe margaidh faoi Airteagal 32(2), agus toradh na hanailíse a rinneadh san áireamh;
(b)ré theoranta an chirt úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 24(3).
2.Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta, CBSR, BEREC agus an Coimisiún barúil a thabhairt faoin dréachtbheart laistigh de thréimhse 30 lá oibre, ar tréimhse í nach gcuirfear síneadh léi.
3.Ní ghlacfar an dréachtbheart críochnaitheach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar feadh 60 lá oibre eile i gcás ina mbeidh fógra tugtha ag an gCoimisiún don údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an t‑údar a thugtar le fad na ré nó le comhréireacht na ndréachtbheart múnlaithe margaidh nó lena gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais agus go háirithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, ina údar forchoimeádais dar leis. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún CBSR, BEREC agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas faoina fhorchoimeádais agus cuirfidh siad na forchoimeádais ar fáil don phobal an tráth céanna.
4.Laistigh de 30 lá oibre ón bhfógra um fhorchoimeádais an Choimisiúin, eiseoidh CBSR agus BEREC a dtuairimí maidir le forchoimeádais an Choimisiúin ina léireofar cé acu a mheasann nó nach measann siad gur cheart an dréachtbheart a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, soláthróidh siad tograí sonracha chun na críche sin. Luafar sna tuairimí sin cúiseanna agus cuirfear iad ar fáil don phobal.
5.I gcás ina mbeidh forchoimeádas an Choimisiúin ag RSPG nó BEREC, go páirteach nó ina iomláine, oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann agus leis an gCoimisiún chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint.
6.Laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra faoina fhorchoimeádais, féadfaidh an Coimisiún ceann de na cinntí seo a leanas a dhéanamh:
(a)cinneadh lena gcuirtear de cheangal ar an údarás inniúil a thugann fógra an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar;
(b)cinneadh lena gcuirtear deireadh leis na forchoimeádais dá chuid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin.
Cuirfidh an Coimisiún tuairimí CBSR, BEREC agus na n‑údarás inniúil náisiúnta eile san áireamh sula ndéanfaidh sé cinneadh faoin mír seo.
Beidh anailís mhionsonraithe oibiachtúil ag gabháil leis an gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ar na cúiseanna nár cheart an dréachtbheart múnlaithe margaidh nó an ré theoranta a ghlacadh nó lena dtabharfar míniú ar an gcaoi ar cheart iad a leasú.
7.I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún lena gcuirtear de cheangal ar an údarás a thugann fógra an dréachtbheart a tharraingt siar, ní ghlacfaidh an t‑údarás lena mbaineann beart den sórt sin. Tar éis dó comhairliúchán poiblí a ghabháil de láimh, i gcomhréir le hAirteagal 184, tabharfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta fógra faoi dhréachtbheart nua do CBSR, do BEREC, d’údaráis inniúla náisiúnta eile agus don Choimisiún laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún.
8.Ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le mír 3 den Airteagal seo agus i gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh lena n‑iarrtar tarraingt siar, cuirfidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann barúlacha údarás inniúil eile, CBSR, BEREC agus an Choimisiúin san áireamh agus féadfaidh sé an beart a thiocfaidh as sin a ghlacadh. Nuair a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann an beart, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é gan mhoill. Na bearta críochnaitheacha uile a ghlactar agus atá faoi mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an t‑údarás inniúil iad in iúl don Choimisiún do CBSR, do BEREC agus d’údaráis inniúla náisiúnta eile.
9.Coimeádfaidh OLD taifead ar imeachtaí a bhaineann le margadh aonair speictrim raidió an Aontais faoin Airteagal seo.
Airteagal 32
Iomaíocht
1.Déanfar cearta úsáide do speictream raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a dheonú, a leasú nó a athnuachan ar bhealach a chuirfidh iomaíocht éifeachtach chun cinn agus a sheachnóidh saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla náisiúnta, atá freagrach as speictream raidió a bhainistiú, cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan i ndáil le speictream raidió comhchuibhithe le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang, tarchuirfidh siad chuig an údarás rialála náisiúnta an cinneadh maidir le haon bheart a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don iomaíocht, amhail:
(a)teorainn a chur le méid na mbandaí speictrim raidió a ndéantar cearta úsáide a dheonú ina leith d’aon ghnóthas, nó, nuair a bhíonn údar maith leis, coinníollacha a cheangal leis na cearta úsáide sin, amhail soláthar rochtana mórdhíola nó fánaíocht náisiúnta nó réigiúnach i mbandaí áirithe nó i ngrúpaí bandaí áirithe a bhfuil saintréithe cosúla acu;
(b)cuid ar leith de bhanda speictrim raidió nó de ghrúpa bandaí a fhorchoimeád lena sannadh d’iontrálaithe nua, i gcás inarb iomchuí agus má bhíonn údar maith leis, maidir le cás sonrach sa mhargadh náisiúnta;
(c)diúltú cearta úsáide nua do speictream raidió a dheonú nó diúltú úsáidí nua speictrim raidió a cheadú i mbandaí áirithe, nó coinníollacha a cheangal le deonú ceart úsáide nua do speictream raidió nó le húdarú úsáidí nua speictrim raidió, chun saobhadh iomaíochta trí bhíthin aon sannadh, aistriú nó carnadh ceart úsáide a sheachaint;
(d)coinníollacha a áireamh lena dtoirmisctear nó lena bhforchuirtear coinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió a aistriú, ar cearta iad nach bhfuil faoi réir rialú cumaisc an Aontais nó rialú cumaisc náisiúnta, nuair is dócha go ndéanfar dochar suntasach don iomaíocht de bharr na n‑aistrithe sin;
(e)na cearta úsáide do speictream raidió atá ann cheana a leasú i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás inar gá sin chun saobhadh iomaíochta trí aon aistriú nó carnadh ceart úsáidea leigheas ex post.
Ní mholfaidh údaráis rialála náisiúnta bearta den sórt sin ach amháin ar bhonn anailís mhargaidh a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 73(2), agus go háirithe measúnú réamhbhreathnaitheach ar dhálaí iomaíochais sa mhargadh agus measúnú ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag bearta den sórt sin ar iomaíocht éifeachtach a choinneáil ar bun nó a bhaint amach, agus ar infheistíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.
3.Agus na bearta iomchuí faoi mhír 2 á roghnú acu, urramóidh údaráis rialála náisiúnta an chomhréireacht agus forchuirfidh siad an beart is lú cunórtas atá in ann iomaíocht a áirithiú ar an leibhéal miondíola:
(a)sula bhforchuirfear bearta a dhéanann difear do struchtúr an mhargaidh, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta measúnú ar an líon bonneagar is féidir a chothú go heacnamaíoch sa mhargadh maidir le saintréithe an speictrim arna dhámhachtain agus na ceanglais infheistíochta ghaolmhara is gá chun cáilíocht na seirbhíse ar a bhfuiltear ag díriú a bhaint amach.;
(b)sula bhforchuirfear aon oibleagáid maidir le rochtain mhórdhíola, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athbhreithniú ar na margaí ábhartha, ar bhonn réamhbhreathnaitheach, agus déanfaidh siad measúnú ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh margaí miondíola iomaíoch go héifeachtach in éagmais idirghabháil mhórdhíola.
Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a fhorbairt maidir leis an mír seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.
4.Beidh na bearta atá beartaithe faoi mhír 2 ina gcuid de dhréachtbheart arna chur isteach ag údarás inniúil de réir nós imeachta faoi Airteagal 31.
5.Agus mír 2 á cur i bhfeidhm acu, comhlíonfaidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 184, 194 agus 195.
Roinn 7: Imscaradh agus Úsáid Trealaimh Líonra gan Sreang
Airteagal 33
Rochtain ar líonraí achair logánta raidió
1.Déanfaidh na húdaráis inniúla soláthar rochtana trí RLANanna ar líonra cumarsáide leictreonaí poiblí, chomh maith le húsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe a cheadú don soláthar sin, faoi réir na gcoinníollacha údaraithe ginearálta is infheidhme a bhaineann le húsáid speictrim raidió dá dtagraítear in Airteagal 20(2), agus faoina réir sin amháin.
I gcás nach cuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch é an soláthar sin nó gur soláthar é is coimhdeach le gníomhaíocht eacnamaíoch nó le seirbhís phoiblí nach mbraitheann ar iompar comharthaí ar na líonraí sin, ní bheidh aon ghnóthas, údarás poiblí ná úsáideoir deiridh a sholáthraíonn an rochtain sin faoi réir aon údaraithe ghinearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar de bhun Airteagal 9, ná faoi réir oibleagáidí a bhaineann le cearta úsáideoirí deiridh de bhun Theideal III de Chuid VI, ná faoi réir oibleagáidí chun a líonraí a idirnascadh de bhun Airteagal 65(1).
2.Beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le dliteanas sholáthraithe na rochtana sin trí Líonraí Achair Logánta Gan Sreang (RLANanna).
3.Tá sé de cheart ag soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí rochtain ar a líonraí a cheadú do sholáthraithe eile líonraí agus seirbhísí den sórt sin nó don phobal trí RLANanna, faoi réir na gcoinníollacha údarúcháin ghinearálta is infheidhme a chomhlíonadh chomh maith le comhaontú ón úsáideoir deiridh roimh ré, i gcás ina bhfuil RLAN lonnaithe in áitreabh an úsáideora deiridh.
4.I gcomhréir le hAirteagal 93, soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, ní chuirfidh siad srian ná cosc go haontaobhach ar úsáideoirí deiridh an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)rochtain a fháil ar RLANanna dá rogha atá á gcur ar fáil ag tríú páirtithe;
(b)rochtain ar líonraí na soláthraithe sin a cheadú ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta d’úsáideoirí deiridh eile trí RLANanna, lena n‑áirítear ar bhonn tionscnaimh ó thríú páirtithe a dhéanann RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal.
5.Féadfaidh úsáideoirí deiridh rochtain ar a RLANanna a cheadú, d’úsáideoirí deiridh eile, bíodh an rochtain sin cómhalartach nó ar shlí éigin eile, lena n‑áirítear ar bhonn tionscnaimh ó thríú páirtithe a dhéanann RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal.
6.Ní chuirfear aon srian míchuí i bhfeidhm maidir le rochtain ar RLANanna a sholáthar don phobal:
(a)do chomhlachtaí san earnáil phoiblí nó i spásanna poiblí atá gar d’áitribh ina bhfuil comhlachtaí san earnáil phoiblí, más seirbhís í atá coimhdeach leis na seirbhísí poiblí a sholáthraítear sna háitribh sin;
(b)do thionscnaimh ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó ó chomhlachtaí san earnáil phoiblí chun RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, na RLANanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu i gcomhréir le pointe (a).
Airteagal 34
Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu
1.Ní chuirfear srian míchuí le himscaradh na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu agus beidh siad faoi réir rialacha a bheidh comhsheasmhach go náisiúnta. Foilseofar na rialacha sin sula gcuirfear i bhfeidhm iad.
Go háirithe, maidir le imscaradh na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu agus a chomhlíonann na saintréithe a leagtar síos de bhun mhír 4, beidh sé díolmhaithe ó aon chead pleanála baile aonair agus ó réamhcheadanna aonair eile.
De mhaolú ar an dara fomhír, maidir le himscaradh na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil nó nádúrtha ag baint leo a chosnaítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó, i gcás inar gá, ar chúiseanna sábháilteachta poiblí, d’fhéadfadh an t‑imscaradh sin a bheith faoi réir ceada. Beidh feidhm ag Airteagail 7, 8 agus 9 de Rialachán (AE) 2024/1309 maidir le deonú na gceadanna sin.
2.Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na saintréithe fisiciúla agus teicniúla amhail uasmhéid, meáchan, agus i gcás inarb iomchuí, cumhacht astaíochta pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme sin chun oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch agus do na riachtanais a bhaineann le líonraí a imscaradh.
3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE agus don chóras údaraithe is infheidhme maidir le húsáid an speictrim raidió is ábhartha.
4.Faoi réir Rialachán (AE) 2024/1309, i gcás inarb ábhartha, beidh an ceart ag oibreoirí rochtain a fháil ar aon bhonneagar fisiceach a ndéanann na húdaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a rialú atá oiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta de chun pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a óstáil nó atá riachtanach chun pointí rochtana den chineál sin a nascadh le croí-líonra, lena n‑áirítear troscán sráide amhail cuaillí solais, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin meitreo. Déanfar na hiarrataí réasúnta uile ar rochtain a dheonú ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, réasúnta, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, a bheidh ar fáil go poiblí ag pointe faisnéise aonair.
5.Gan dochar d’aon chomhaontú tráchtála, ní bheidh imscaradh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu faoi réir aon táille nó aon mhuirear seachas an muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 12.
Airteagal 35
Rialacháin theicniúla maidir le réimsí leictreamaighnéadacha
Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 maidir le haon dréachtbheart arna nglacadh ag údaráis inniúla lena bhforchuirfí ceanglais éagsúla ar imscaradh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu maidir le réimsí leictreamaighnéadacha seachas na cinn dá dtagraítear i Moladh 1999/519/CE nó moltaí comharbasacha a chuirtear ina ionad.
4.2.TEIDEAL II: ÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AG SATAILÍT
Airteagal 36
An comhthéacs idirnáisiúnta agus an margadh aonair
Maidir le húsáid an speictrim raidió chun líonraí satailíte nó seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar i gcomhréir le hoibleagáidí agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n‑áirítear na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 218 CFAE, ní bhainisteoidh an Coimisiún an úsáid sin ach amháin ar bhealach lena léireofar go hiomlán a ghné idirnáisiúnta agus a thábhacht straitéiseach don Aontas agus do na Ballstáit, agus chun tacú leis an gcuspóir margadh aonair a fhorbairt le haghaidh seirbhísí cumarsáide satailíte.
Airteagal 37
Córais satailíte a chomhdú agus a chomhordú le ITU
1.Arna iarraidh sin d’úsáideoir ionchasach speictrim raidió, cuirfidh údarás inniúil speictrim raidió an Coimisiún agus údaráis inniúla náisiúnta eile laistigh de CBSR ar an eolas faoi aon iarraidh córas satailíte a chomhdú, a chomhordú nó a chlárú le ITU, ar córas é lena mbeartaítear níos mó ná Ballstát amháin nó stáisiún talún satailíte amháin a chumhdach agus, i gcás inarb infheidhme, a chomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer. Cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann in iúl cé acu atá nó nach bhfuil tacaíocht ó údaráis inniúla náisiúnta eile agus ón Aontas ag teastáil uaidh chun an comhordú le ITU a dhéanamh, chun leas agus beartais na mBallstát agus an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn. Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún barúil a thabhairt ar an iarraidh. Cé go seachnóidh sé moilleanna neamhriachtanacha sa phróiseas um chomhdú, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go dtabharfar aird chuí ar bharúlacha den sórt sin.
2.Ar iarraidh a fháil ar mhinicíochtaí nó ar shuíomh fithiseach do chóras satailíte nó do stáisiún talún satailíte a chomhordú faoi rialacha ITU agus, i gcás inarb infheidhme, a chomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer, faoi rialacha ITU, cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann an Coimisiún agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas faoi sin trí CBSR láithreach.
3.I gcás ina bhfaighidh dhá údarás inniúla náisiúnta nó níos mó iarrataí a bhaineann leis an mbanda minicíochta céanna nó leis an suíomh fithiseach céanna, comhordóidh CBSR, le tacaíocht ó OLD, seasamh de chuid an Aontais chun freagairt thráthúil chomhsheasmhach ón Aontas a thabhairt do ITU.
Airteagal 38
Údarú ginearálta ar leibhéal an Aontais le haghaidh soláthar líonraí satailíte agus seirbhísí cumarsáide satailíte
1.Áireofar san údarú Aontais de bhun Airteagal 39 údarú ginearálta le haghaidh soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a bhunaítear faoin Airteagal seo.
2.Mar eisceacht ar Airteagal 9, i gcás soláthar líonraí satailíte, lena n‑áirítear stáisiúin talúnsatailíte agus, i gcás inarb infheidhme, comhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer agus soláthar seirbhísí cumarsáide satailíte san Aontas nó i roinnt Ballstát ní fhéadfar an soláthar sin a chur faoi réir coinníollacha ach amháin na coinníollacha a shonraítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
Cuirfidh soláthraithe fógra faoi bhráid an Choimisiúin agus ní bheidh orthu aon chinneadh ná údarú sainráite ná aon ghníomh riaracháin eile a fháil ó údaráis inniúla eile. Tabharfaidh OLD cúnamh don Choimisiún agus na fógraí á láimhseáil aige.
3.Féadfaidh an Coimisiún, agus aon tuairim ó CBSR á cur san áireamh aige, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha a ghabhann leis an údarú ginearálta le haghaidh soláthar líonraí satailíte nó seirbhísí cumarsáide satailíte a shonrú, laistigh de na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 9(4). Beidh an méid seo a leanas sna coinníollacha, ach gan bheith teoranta dó:
(a)bunaíocht san Aontas;
(b)muirir riaracháin a íoc i gcomhréir le hAirteagal 12 mutatis mutandis;
(c)sláine, slándáil agus athléimneacht na líonraí satailíte agus na seirbhísí cumarsáide satailíte a choinneáil ar bun;
(d)buanrialú ar tharchur na stáisiún raidió uile a choinneáil ar bun, lena n‑áirítear stáisiúin talún satailíte agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer, a úsáideann an speictream raidió a údaraítear faoin údarú Aontais, fiú i gcás ina bhfuil siad faoi úinéireacht tríú páirtithe nó páirtithe nach bhfuil lonnaithe laistigh den Aontas, nó suiteáilte nó á n‑oibriú ag na páirtithe sin;
(e)oibleagáidí maidir le coinneáil sonraí nó idircheapadh dleathach. Leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre, leagfar síos critéir oibiachtúla chun na hoibleagáidí maidir le coinneáil sonraí agus idircheapadh dleathach a ainmniú, ar critéir iad a leagfar síos mar choinníoll maidir leis an údarú satailíte ón Aontas.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
4.Leis an údarú ginearálta ón Aontas, tabharfar do na gnóthais na cearta íosta a eascraíonn as an údarú ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 9 sna Ballstáit uile.
5.Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 194 agus 195 maidir le muirir riaracháin agus maidir le cearta agus oibleagáidí faoi údarú ginearálta a leasú, a shrianadh agus a tharraingt siar.
Airteagal 39
Údarú Aontais le haghaidh úsáid speictrim satailíte raidió
1.Beidh úsáid an speictrim raidió chun seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar san Aontas nó i níos mó ná Ballstát amháin faoi réir údarú Aontais, arna dheonú ag an gCoimisiún.
2.Déanfaidh an Coimisiún, agus aon tuairim ó CBSR á cur san áireamh aige, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an Tábla Eorpach um Leithdháileadh Minicíochtaí Satailíte a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta, ina sainaithneofar bandaí speictrim raidió atá ar fáil do sheirbhísí cumarsáide satailíte san Aontas. Déanfaidh an Coimisiún an speictream raidió atá ar fáil do sheirbhísí cumarsáide satailíte a chomhchuibhiú de bhun Chinneadh Uimh. 676/2002/CE agus údaróidh sé úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe le haghaidh seirbhísí cumarsáide satailíte. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhféadfar rochtain a fháil ar bhandaí speictrim raidió satailíte áirithe faoi údarú ginearálta. I gcás den sórt sin, bunóidh sé na coinníollacha údarúcháin chun speictream raidió a úsáid sna bandaí sin, lena n‑áirítear aon táille is infheidhme.
3.I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’údarás inniúil nó d’iarratasóir, teorainn a chur leis an líon údaruithe Aontais i mbanda speictrim raidió ar leith de dheasca ghanntanas an speictrim raidió, nó ar chúiseanna leasa ghinearálta, tabharfaidh sé deis do pháirtithe leasmhara a ndearcthaí a chur in iúl i gcomhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 184. Ar bhonn thoradh an chomhairliúcháin, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun teorainn a chur leis an líon údaruithe.
4.Trí ghníomhartha cur chun feidhme, atá le glacadh faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus saintréithe na mbandaí speictrim lena mbaineann agus aon tuairim ó CBSR á gcur san áireamh, sonróidh an Coimisiún na coinníollacha maidir le húdarú agus úsáid na mbandaí speictrim difriúla, lena n‑áiritheofar go mbeidh oibreoirí údaraithe faoi réir na gceanglas seo a leanas:
(a)beidh siad bunaithe san Aontas;
(b)comhlíonfaidh siad Rialacháin Raidió ITU tríd an méid seo a leanas a áirithiú:
(I)cur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um chomhordú agus um fhógra a thabhairt atá sna Rialacháin Raidió lena n‑áirítear an iontráil sa Mháistirchlár Minicíochtaí Idirnáisiúnta (MIFR) de chuid ITU agus stádas agus dátaí cosanta ITU á n‑urramú agus é á dhéanamh de mheon macánta;
(II)comhlíonadh na gcomhaontuithe comhordúcháin ábhartha idirnáisiúnta;
(III)nach gcruthófar aon trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí nó ar chórais satailíte eile ná ar aon stáisiún a oibrítear i gcomhréir le Rialacháin Raidió ITU;
(IV)oibriú ar bhonn neamhthrasnaíochta agus neamhchosanta i gcás nár tugadh fógra faoin gcomhdú agus nár taifeadadh é in MIFR go fóill nó i gcás go n‑oibrítear é faoi Rialachán Raidió Uimh. 4.4 de chuid ITU;
(c)déanfaidh siad comhordú le haon chóras satailíte atá údaraithe san Aontas;
(d)úsáidfidh siad speictream raidió chun seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar i gcomhréir le Rialacháin Raidió ITU, lena n‑áirítear trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le haon ghníomh um chomhchuibhiú teicniúil arna ghlacadh de bhun Chinneadh Uimh. 626/2002/CE;
(e)i gcás comhdú ITU arna dhéanamh ag tríú tír, léireoidh siad go ndéantar foráil le dlínse na tíre sin maidir le trasnaíocht dhíobhálach a réiteach go héifeachtach agus go gcuirtear chun feidhme uirlisí ar mhaithe le cuntasacht láithreach i gcás úsáid neamhdhleathach;
(f)íocaíocht táillí speictrim raidió atá le cinneadh ar bhonn modheolaíocht arna leagan síos ag an gCoimisiún, trí ghníomh tarmligthe, i gcomhréir le critéir Airteagal 29(2), an chéad fhomhír;
(g)aon choinníoll breise oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach is gá chun beartais an Aontais a chosaint, ar beartais iad a bhraitheann ar líonraí satailíte nó ar sheirbhísí cumarsáide satailíte, lena n‑áirítear coinníollacha is infheidhme maidir le húsáid thurgnamhach a bhaint as speictream.
5.Faoin [36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún údaruithe ón Aontas in ionad na n‑údaruithe náisiúnta a bheidh bailí an [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] maidir le húsáid speictrim raidió.
6.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Airteagal 40
An nós imeachta um údarú Aontais a dheonú
1.Cuirfidh aon ghnóthas iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ar iarratas é ar údarú Aontais chun speictream raidió a úsáid chun seirbhísí cumarsáide satailíte agus líonraí satailíte a sholáthar. Foilseoidh an Coimisiún iarratais den sórt sin nuair a gheobhaidh sé iad.
Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, tabharfaidh OLD agus meitheal bhuan CBSR um údaruithe satailíte cúnamh don Choimisiún. Beidh an grúpa sin comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit a bhfuil saineolas ar chumarsáid satailíte acu.
2.San iarratas, sonrófar riachtanais speictrim raidió agus beidh faisnéis ann is gá chun an gnóthas a shainaithint, tuairisc gairid ar an tseirbhís cumarsáide satailíte agus faisnéis is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 39.
3.Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh le cúnamh ó mheitheal CBSR um údaruithe satailíte agus ó OLD. Cuirfidh CBSR tuairim faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.
4.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndeonaítear an t‑údarú Aontais i gcás ina gcomhlíonann an t‑iarratasóir na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 39 nó lena ndiúltaítear an t‑údarú Aontais a dheonú sna cásanna eile uile.
I gcás inar gá, féadfaidh CBSR cur isteach a thuairime a chur siar agus a iarraidh ar an gCoimisiún bearta iomchuí a dhéanamh chun na coinníollacha teicniúla maidir le húsáid an speictrim raidió de bhun Chinneadh Uimh. 626/2002/CE nó coinníollacha eile na n‑údaruithe Aontais a chomhchuibhiú.
5.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 39(3), cinneadh sealbhóirí cirt a roghnú i nós imeachta roghnúcháin, déanfaidh sé nós imeachta den sórt sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, mura bhforáiltear maidir le nós imeachta sonrach i ndlí an Aontais.
6.Glacfaidh an Coimisiún faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos na mionsonraí agus na hamlínte is infheidhme maidir leis an nós imeachta chun údarú AE a dheonú.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Airteagal 41
Éifeacht an údaraithe Aontais
1.De mhaolú ar Airteagal 9, leis an údarú Aontais, tabharfar dá shealbhóir an ceart chun líonraí satailíte nó seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar agus an ceart úsáide do speictream raidió ar fud an Aontais nó sna Ballstáit shonracha a shainítear san údarú. Ní bheidh gá le haon údarú náisiúnta chun líonraí satailíte nó seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar nó chun speictream raidió a úsáid chun na líonraí nó seirbhísí sin a sholáthar in aon Bhallstát.
2.Leis an údarú Aontais, tabharfar na cearta agus na hoibleagáidí céanna i ngach Ballstát ar bhealach comhchosúil le húdarú arna dheonú ag an mBallstát sin chun seirbhísí cumarsáide satailíte nó líonraí satailíte a sholáthar nó chun speictream raidió a úsáid.
3.Leis an údarú Aontais, ní scaoilfear a shealbhóir ó oibleagáidí maidir le comhordú, lena n‑áirítear oibleagáidí maidir le comhroinnt speictrim raidió, i ndáil le líonraí satailíte nó seirbhísí cumarsáide satailíte atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, a eascraíonn as Rialacháin Raidió ITU.
4.Déanfaidh sealbhóir an údaraithe Aontais an méid seo a leanas:
(a)i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanas a thug siad ina n‑iarratas nó le linn an nós imeachta roghnúcháin a urramú, gan beann ar cé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an t‑éileamh comhcheangailte ar speictream raidió an méid atá ar fáil;
(b)a gcearta úsáide a úsáid ar bhealach atá i gcomhréir le beartais an Aontais a bhraitheann ar speictream, go háirithe gan aon rud a dhéanamh a bheadh ina údar trasnaíochta díobhálaí ar aon chóras satailíte a mhaoinítear faoi chláir an Aontais, agus rochtain a dheonú ar speictream raidió a chuimsítear faoina gcearta arna iarraidh sin d’údaráis inniúla tráth géarchéimeanna;
(c)tuarascáil bhliantúil a sholáthar don Choimisiún ina dtabharfar tuairisc mhionsonraithe ar stádas forbartha a líonra satailíte agus/nó a seirbhíse cumarsáide satailíte.
Airteagal 42
Ré an údaraithe Aontais agus é a athnuachan
1.Is é an Coimisiún a chinnfidh ré an údaraithe Aontais. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 24 maidir leis na cearta a dheonaítear faoi údarú Aontais.
Mar eisceacht ar Airteagal 24(5), i gcás ina mbeidh údar leis, féadfaidh an Coimisiún ré an údaraithe Aontais a ghiorrú sna cásanna seo a leanas:
(a)i gcás tionscadail shonracha ghearrthéarmacha;
(b)le haghaidh úsáid thurgnamhach infhithise;
(c)chun oibleagáidí an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis na Ballstáit a chomhlíonadh.
2.I gcás iarraidh ar an gceart úsáide a athnuachan, cuirfidh CBSR tuairim faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ón gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún an t‑údarú Aontais a athnuachan, agus aon tuairim ó CBSR á cur san áireamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25 maidir le hathnuachan na gceart a dheonaítear faoi údarú Aontais.
3.Airteagail 194 agus 195 maidir le cearta úsáide a leasú, a shrianadh agus a tharraingt siar, tá feidhm mutatis mutandis acu maidir le cearta úsáide speictrim raidió.
Airteagal 43
Maoirseacht agus leigheasanna
1.Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta atá ag comhoibriú laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 199(1) agus CBSR faireachán ar chomhlíonadh choinníollacha Airteagail 38 agus 39 ag na líonraí satailíte agus na seirbhísí cumarsáide satailíte a oibríonn faoi údarú Aontais, chomh maith comhlíonadh dhlí an Aontais agus Rialacháin Raidió ITU is infheidhme, agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhchomhlíonadh.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe mionsonraithe a ghlacadh chun faireachán comhordaithe a dhéanamh ar údaruithe Aontais agus chun iad a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear coinníollacha maidir le húdaruithe a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhealach comhordaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(3).
2.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar aon sárú sonrach líomhnaithe ar choinníoll a ghabhann le húdarú Aontais nó ar aon fhoráil den Teideal seo. Tabharfaidh CBSR, le tacaíocht ó OLD, cúnamh don Choimisiún chun scrúdú a dhéanamh air sin.
I gcás ina mainníonn sealbhóir údaraithe Aontais aon choinníoll maidir le húdarú nó aon fhoráil den Rialachán seo a chomhlíonadh dar le húdarás inniúil náisiúnta, tarraingeoidh sé aird an Choimisiúin agus CBSR air.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil aon choinníoll a leagtar síos in Airteagail 38 nó 39 á chomhlíonadh ag sealbhóir údaraithe Aontais, cuirfidh sé a thorthaí in iúl don oibreoir sin.
3.I gcás sárú ar aon choinníoll údarúcháin nó ar aon fhoráil den Teideal seo, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta ceartaitheacha iomchuí agus comhréireacha, lena gcuimsítear:
(a)toirmeasc (sealadach nó buan) ar úsáid bandaí áirithe speictrim raidió i gcás stáisiúin talún satailíte agus, i gcás inarb infheidhme, a gcomhpháirteanna comhlántacha talún agus san aer san Aontas, gan dochar do smachtbhannaí sibhialta agus coiriúla faoin dlí náisiúnta;
(b)údarú Aontais a chur ar fionraí nó a tharraingt siar.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nó pionóis thréimhsiúla a fhorchur ar shealbhóir údaraithe Aontais i leith sáruithe ar choinníollacha údarúcháin nó ar fhorálacha an Teidil seo, ar fíneálacha nó pionóis iad a shocrófar agus tromchúis agus ré an tsáraithe á gcur san áireamh agus nach rachaidh thar 5 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin. Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais de réir bhrí Airteagal 229 CFAE chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lena socraíonn an Coimisiún fíneáil nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla; féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú nó a mhéadú.
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Airteagal seo.
4.D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás nár íocadh táillí speictrim raidió, beidh feidhm mutatis mutandis ag neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha faoi nós imeachta Airteagal 38(3) i gcomhréir le hAirteagal 196.
Airteagal 44
Forfheidhmiú
1.Aon bheart a chinnfidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 43, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta é a fhorfheidhmiú a mhéid is féidir agus laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCoimisiún. Go heisceachtúil, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm a bhirt ar a chríoch náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse in-athnuaite suas le 6 mhí i gcás inar dócha go gcuirfidh an beart sin isteach go mór ar an nascacht ar a chríoch. Cuirfidh an Coimisiún teorainn le ré na heisceachta sin a mhéid is féidir, i gcás inarb infheidhme trí úsáideoirí deiridh a dhreasú chun aistriú chuig líonraí satailíte malartacha nó seirbhísí cumarsáide satailíte malartacha.
2.Beidh aon bheart de chuid an Choimisiúin ar feitheamh go dtí go mbeidh toradh ar aon achomharc breithiúnach nó ar aon achomharc eile in aghaidh an chinnidh ón gCoimisiún nó in aghaidh beart forfheidhmiúcháin náisiúnta mura ndeonófar bearta eatramhacha atá iomchuí chun an trasnaíocht sin a mhaolú go leormhaith nó deireadh a chur léi de bhun mhír 3.
3.I gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun trasnaíocht dhíobhálach ar a chríoch a sheachaint, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, bearta eatramhacha iomchuí a dhéanamh, lena n‑áirítear cur i bhfeidhm an údaraithe Aontais ar a chríoch a chur ar fionraí. Agus é sin á dhéanamh aige ar a thionscnamh féin, cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta an Coimisiún agus CBSR ar an eolas faoi na cúiseanna lena ghníomhaíocht laistigh de 5 lá oibre. Cuirfidh an Coimisiún CBSR agus na húdaráis inniúla náisiúnta eile ar an eolas. Cuirfidh an Coimisiún tús leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 43 láithreach.
Airteagal 45
Comhordú idir úsáid satailíte agus úsáid trastíre speictrim raidió
1.Ní bheifear in ann úsáid chomhroinnte idir córais trastíre agus córais satailíte a bhaint as speictream raidió ach amháin le comhaontú, agus faoi fhreagracht, shealbhóir príomhúil an chirt úsáide trastíre i gcás ina mbeidh an príomhshealbhóir sin i láthair, agus beidh sé d’aidhm ag an úsáid chomhroinnte úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú, trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí trastíre a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a chosc agus cosaint leormhaith a dhéanamh ar na seirbhísí sin agus ar na feidhmeanna leathanbhanda eile gan sreang atá ann cheana, trí leanúnachas neamhiallaithe na hoibríochta atá ann faoi láthair a choimirciú chomh maith le héabhlóid agus le forbairt thodhchaíoch na seirbhísí agus na bhfeidhmeanna raidió ábhartha uile a úsáideann na bandaí sin agus bandaí cóngaracha faoi láthair.
2.Nuair a iarrtar air úsáid an speictrim raidió a chomhordú idir feidhmeanna trastíre agus spáis faoi rialacha ITU i ndáil le speictream raidió comhchuibhithe, cuirfidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann an iarraidh sin in iúl don Choimisiún lena tarchur láithreach chuig comhaltaí an Choiste um an Speictream Raidió.
3.Glacfaidh an Coiste tuairim, ina molfar an fhreagairt atá le tabhairt ar an iarraidh ó ITU ar chomhordú, agus aon sainiúlacht a bhaineann le húsáid an speictrim raidió sin i ngach Ballstát á cur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca le coinníollacha comhordaithe maidir le cómhaireachtáil san Aontas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
4.I gcás inar gá chun a áirithiú go dtabharfar cosaint chomhordaithe do na cearta arna ndeonú ag na Ballstáit le haghaidh úsáid trastíre an speictrim raidió chomhchuibhithe nó go ndeonófar cearta ar bhealach comhordaithe chun speictream raidió den sórt sin a úsáid chun seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar ar bhonn comhroinnte le seirbhísí leathanbhanda gan sreang, féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo agus maidir le comhroinnt chomhordaithe an speictrim raidió idir úsáidí trastíre agus úsáidí satailíte.
4.3.TEIDEAL III: ACMHAINNÍ UIMHRITHE
Airteagal 46
Acmhainní uimhrithe a phleanáil agus a bhainistiú go straitéiseach
1.Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún acmhainní uimhrithe sa mhargadh inmheánach a bhainistiú ar bhealach comhordaithe mar chomhacmhainn de chuid an Aontais faoi inniúlacht chomhroinnte d’fhonn fás eacnamaíoch a chothú trí nuálaíocht a chumasú chomh maith le soláthar comhsheasmhach na seirbhísí cumarsáide leictreonaí uimhirbhunaithe san Aontas, luachanna agus slándáil an Aontais a chosaint, agus na cuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 3 á saothrú.
2.Oibreoidh an Coimisiún, le cúnamh ó OLD, agus údaráis rialála náisiúnta i gcomhar le chéile chun acmhainní uimhrithe a phleanáil go straitéiseach san Aontas agus chun úsáid fhéideartha na n‑acmhainní uimhrithe le haghaidh seirbhísí trasteorann nó uile-Eorpacha a shainaithint.
3.Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim BEREC á cur san áireamh agus tar éis dó deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile a gcuid dearcthaí a chur in iúl, straitéis réamhbhreathnaitheach um uimhriú de chuid an Aontais a leagan síos maidir le bainistiú comhsheasmhach na n‑acmhainní uimhrithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais.
4.Ar bhonn straitéis an Aontais um uimhriú dá dtagraítear i mír 3, bunóidh an Coimisiún, le cúnamh ó OLD, plean uimhrithe an Aontais lena ndéantar foráil maidir leis na hacmhainní uimhrithe a úsáidfidh na seirbhísí comhfhreagracha trasteorann nó uile-Eorpacha san Aontas.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, plean uimhrithe an Aontais a ghlacadh, chomh maith le módúlachtaí a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar raonta uimhrithe ITU le haghaidh phlean uimhrithe an Aontais, agus na coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an gceart úsáide d’acmhainní uimhrithe ó phlean uimhrithe an Aontais, lena n‑áirítear na táillí ar chearta úsáide acmhainní den sórt sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(3).
Airteagal 47
Acmhainní uimhrithe uile-Eorpacha
1.Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun uimhreacha nó raonta uimhrithe sonracha a chomhchuibhiú nó chun iarratas a dhéanamh ar raonta uimhrithe chuig ITU chun a áirithiú go mbeidh acmhainní uimhrithe ar fáil do sheirbhísí trasteorann nó uile-Eorpacha, i gcomhréir le plean uimhrithe an Aontais, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 46(4).
2.Tacóidh na Ballstáit le comhchuibhiú uimhreacha nó raonta uimhrithe sonracha laistigh den Aontas agus leis an iarratas ar acmhainní uimhrithe uile-Eorpacha chuig ITU i gcás ina gcuirfear margadh aonair don chumarsáid leictreonach nó forbairt seirbhísí uile-Eorpacha chun cinn leis.
3.Bainisteoidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhar le OLD, leithdháileadh na n‑uimhreacha nó na raonta uimhreacha ó na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha agus forfheidhmeoidh siad na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide aonair ó na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha.
4.Déanfaidh OLD bunachar sonraí de na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na húdaráis rialála náisiúnta go tráthúil faoi leithdháileadh na n‑uimhreacha agus faoi thairbhithe na n‑uimhreacha. Laistigh de 6 mhí tar éis do phlean uimhrithe an Aontais a bheith glactha, cuirfidh OLD an nós imeachta agus an córas ar bun chun faisnéis a sholáthar faoin mír seo agus faoi Airteagal 48(4), an ceathrú fomhír.
Airteagal 48
Acmhainní uimhrithe náisiúnta
1.Is iad údaráis rialála náisiúnta a rialóidh deonú na gceart úsáide do na hacmhainní uimhrithe náisiúnta uile agus bainistiú na bpleananna uimhrithe náisiúnta agus soláthróidh siad acmhainní uimhrithe leordhóthanacha chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bheidh ar fáil go poiblí a sholáthar. Bunóidh údaráis rialála náisiúnta nósanna imeachta oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha chun cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe náisiúnta a dheonú.
2.Arna iarraidh sin, déanfaidh údaráis rialála cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe, ó na pleananna uimhrithe náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí sonracha, a dheonú do ghnóthais eile seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ar choinníoll go gcuirtear ar fáil acmhainní uimhrithe leordhóthanacha chun éileamh atá ann faoi láthair agus éileamh sa todhchaí is intuartha a shásamh. Léireoidh na gnóthais sin a gcumas na hacmhainní uimhrithe a bhainistiú agus aon cheanglas ábhartha a leagtar amach de bhun Airteagal 49 a chomhlíonadh. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú tuilleadh cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe do na gnóthais sin a chur ar fionraí i gcás ina léirítear go bhfuil baol ann go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.
Chun rannchuidiú leis an mír seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, coinneoidh BEREC treoirlínte maidir le critéir choiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas acmhainní uimhrithe a bhainistiú agus maidir leis an riosca go n‑ídeofar acmhainní uimhrithe, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún.
3.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na pleananna agus nósanna imeachta uimhrithe náisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n‑áirithítear cóir chomhionann do gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus do na gnóthais sin is incháilithe i gcomhréir le mír 2. Ní dhéanfaidh gnóthais ar deonaíodh an ceart úsáide d’acmhainní uimhrithe orthu idirdhealú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile maidir leis na hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun rochtain a thabhairt ar a seirbhísí.
4.Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta raon uimhreacha neamh-gheografacha a chur ar fáil a fhéadfar a úsáid chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthair seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, ar fud chríoch an Aontais, gan dochar do Rialachán (AE) 2022/612 agus d’Airteagal 52(2) den Rialachán seo. I gcás inar deonaíodh cearta úsáide, i dtaca le hacmhainní uimhrithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, do ghnóthais seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na seirbhísí sonracha ar ina leith a deonaíodh na cearta úsáide.
Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta a áirithiú nach mbeidh na coinníollacha, a liostaítear in Airteagal 50 a ghabhann leis seo, don cheart úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar lasmuigh de Bhallstát an chóid tíre, mar aon le forfheidhmiú na gcoinníollacha sin, go mbeidh sin chomh dian céanna leis na coinníollacha gona bhforfheidhmiú is infheidhme do sheirbhísí a chuirtear ar fáil laistigh den Bhallstát an chóid tíre, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcomhréir le hAirteagal 49(6), a áirithiú freisin go gcomhlíonann soláthraithe atá ag úsáid acmhainní uimhrithe a gcóid tíre i mBallstát eile rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha náisiúnta eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin in bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n‑úsáid. Tá an oibleagáid seo gan dochar do chumhachtaí forfheidhmiúcháin údaráis inniúla na mBallstát sin.
Cabhróidh OLD leis na húdaráis rialála náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar mhaithe leis an mbainistiú éifeachtúil acmhainní uimhrithe a áirithiú lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais.
Chun go bhféadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na míre seo, déanfaidh BEREC, agus cúnamh á thabhairt ag OLD dó, bunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhrithe lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais a choinneáil ar bun. Chun na críche sin, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile an fhaisnéis ábhartha chuig OLD go tréimhsiúil.
5.Foilseoidh údaráis rialála náisiúnta na pleananna uimhrithe náisiúnta, mar aon leis an ábhar breise ar fad a chuirfear leo nó gach leasú a dhéanfar orthu dá éis sin, faoi réir teorainneacha arna bhforchur ar fhorais slándála náisiúnta agus ar na forais sin amháin.
6.Den chéad uair faoin [12 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] agus gach 2 bhliain dá éis sin, eiseoidh BEREC tuarascáil maidir leis na cleachtais náisiúnta i dtaca le deonú na gceart úsáide d’acmhainní uimhrithe náisiúnta agus uile-Eorpacha, ag díriú ar chleachtais éagsúla laistigh den Aontas.
Airteagal 49
Nós imeachta maidir le cearta úsáide a dheonú i dtaca le hacmhainní uimhrithe
1.I gcás inar gá cearta úsáide aonair d’acmhainní uimhrithe a dheonú, deonóidh na húdaráis rialála náisiúnta na cearta sin, arna iarraidh sin, d’aon ghnóthas chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar arna gcumhdach ag údarú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 181(3), pointe (c), agus faoi réir aon riail eile a áirithíonn úsáid éifeachtúil na n‑acmhainní uimhrithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.Deonófar na cearta úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe trí nósanna imeachta oscailte, oibiachtúla, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha.
Agus cearta úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe á ndeonú acu, sonróidh na húdaráis rialála náisiúnta cé acu is féidir nó nach féidir le sealbhóir na gceart na cearta sin a aistriú, agus sonróidh siad na coinníollacha faoinar féidir sin a dhéanamh.
I gcás ina ndeonaíonn údaráis rialála náisiúnta eile cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe ar feadh tréimhse theorannta, beidh fad na tréimhse sin iomchuí don tseirbhís lena mbaineann i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú, agus aird iomchuí á tabhairt ar an ngá atá le tréimhse iomchuí le haghaidh amúchadh infheistíochta.
3.Glacfaidh údaráis rialála náisiúnta cinntí maidir le cearta úsáide a dheonú d’acmhainní uimhrithe chomh luath agus is féidir tar éis dóibh an t‑iarratas iomlán a fháil, laistigh de 3 seachtaine i gcás acmhainní uimhrithe ar leithdháileadh iad chun críoch sonrach laistigh den phlean uimhrithe náisiúnta. Cuirfear cinntí den sórt sin ar fáil don phobal.
4.I gcás inar chinn na húdaráis rialála náisiúnta, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 186, go bhfuil cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe a bhfuil luach eacnamaíoch thar na bearta acu le deonú trí nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó comparáideacha, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta síneadh suas le 3 seachtaine a chur leis an tréimhse 3 seachtaine dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
5.Ní chuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta teorainn leis an líon ceart úsáide aonair atá le deonú seachas i gcás ina bhfuil gá leis sin chun úsáid éifeachtúil acmhainní uimhrithe a áirithiú.
6.I gcás ina n‑áirítear le cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe a n‑úsáid seach-chríochach laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 48(4), cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha sonracha i gceangal leis an gceart úsáide chun comhlíonadh na rialacha náisiúnta um chosaint tomhaltóirí agus dlí náisiúnta ábhartha ar fad a bhaineann le hacmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin ina bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n‑úsáid a áirithiú.
Arna iarraidh sin d’údarás rialála náisiúnta de chuid Ballstáit ina mbaintear úsáid as na hacmhainní uimhrithe, a léiríonn sárú ar rialacha um chosaint tomhaltóirí ábhartha nó dlíthe náisiúnta an Bhallstáit sin a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit inar deonaíodh na cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe na coinníollacha a ghabhann leis a fhorfheidhmiú faoin gcéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 199, lena n‑áirítear, i gcásanna tromchúiseacha, trí na cearta úsáide seach-chríochaí do na hacmhainní uimhrithe a deonaíodh don ghnóthas lena mbaineann a tharraingt siar.
Déanfaidh OLD an malartú faisnéise idir údaráis náisiúnta rialála na mBallstát éagsúil lena mbaineann a éascú agus a chomhordú agus áiritheoidh sé go ndéanfar an obair eatarthu a chomhordú mar is iomchuí.
7.Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás ina ndeonaíonn na húdaráis rialála náisiúnta cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe do ghnóthais seachas do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le hAirteagal 48(2).
Airteagal 50
Coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe
I gcás ina gcuirfidh údaráis rialála náisiúnta coinníollacha ag gabháil leis an gceart úsáide d’acmhainní uimhrithe, beidh na coinníollacha sin teoranta don mhéid seo a leanas:
(a)ainmniú na seirbhíse a n‑úsáidfear an uimhir di, lena n‑áirítear aon cheanglas atá nasctha le soláthar na seirbhíse sin agus, chun amhras a sheachaint, prionsabail tharaife agus uasphraghasanna ar féidir feidhm a bheith acu sa raon áirithe uimhreacha chun cosaint do thomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (f);
(b)úsáid éifeachtach agus éifeachtúil acmhainní uimhrithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(c)ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(d)uasré i gcomhréir le hAirteagal 49, faoi réir aon athraithe sa phlean uimhrithe náisiúnta;
(e)aistriú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt, agus coinníollacha an aistrithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear go mbeadh pé coinníollacha a ghabhann le ceart úsáide uimhreach ina gceangal freisin ar na gnóthais sin chuig a n‑aistrítear na cearta;
(f)táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 51;
(g)aon ghealltanas a thug an gnóthas atá ag fáil an chirt úsáide, le linn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach;
(h)na hoibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid uimhreacha;
(i)na hoibleagáidí maidir le húsáid sheach-chríochach uimhreacha laistigh den Aontas chun comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le huimhreacha a áirithiú i mBallstáit eile seachas an Ballstát sin lena mbaineann an cód tíre;
(j)rochtain úsáideoirí deiridh ar uimhreacha ón bplean uimhrithe náisiúnta a chumasú, Uimhreacha Saorghlao Idirnáisiúnta Uilíocha, pleananna uimhrithe na mBallstát eile agus uimhreacha ó na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha.
Airteagal 51
Táillí le haghaidh cearta úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta táillí a fhorchur ar na cearta úsáide d’acmhainní uimhrithe a léiríonn an gá le háirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní sin. Beidh údar oibiachtúil leis na táillí sin agus beidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach i ndáil leis an gcríoch a bheartaítear dóibh, agus cuirfear san áireamh iontu na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 52
Rochtain ar uimhreacha agus ar sheirbhísí
1.I gcás ina mbeidh sé indéanta go heacnamaíoch, ach amháin i gcás inar roghnaigh páirtí is faighteoir ar chúiseanna tráchtála teorainn a chur le rochtain páirtithe tionscnaimh atá lonnaithe i limistéir gheografacha shonracha, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí uimhirbhunaithe na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbeidh na páirtithe tionscnaimh in ann rochtain a fháil ar na nithe uile seo a leanas:
(a)uimhreacha agus seirbhísí neamhgheografacha a úsáideann uimhreacha den sórt sin laistigh den Aontas;
(b)gach uimhir a chuirtear ar fáil san Aontas, gan beann ar an teicneolaíocht agus ar na gairis a úsáideann an t‑oibreoir, lena n‑áirítear iad siúd atá i bpleananna uimhrithe náisiúnta na mBallstát agus Uimhreacha Saorghlao Idirnáisiúnta Uilíocha;
(c)na huimhreacha ó na hacmhainní uimhrithe uile-Eorpacha.
2.Beidh an chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta é a chur de cheangal ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí bearta coisctheacha a ghlacadh trí rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí a bhlocáil i gcás ina mbeidh údar leis sin ar chúiseanna calaoise nó mí-úsáide, agus i gcásanna den sórt sin, é a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ioncaim ábhartha ó idirnascadh nó ó sheirbhísí eile a choinneáil siar.
5.CUID V – AISTRIÚ CHUIG SNÁITHÍN OPTÚIL, FEIDHMIÚ MARGAÍ AGUS IOMAÍOCHT
5.1.TEIDEAL I: AISTRIÚ CHUIG LÍONRAÍ SNÁITHÍN OPTÚIL
Airteagal 53
Raon feidhme an Teidil seo
Beidh feidhm ag an Teideal seo sna Ballstáit ina mbeidh líonraí copair fós i mbun seirbhíse tar éis an 30 Meitheamh 2029.
Airteagal 54
Sainordú maidir leis an múchadh copair
1.Roimh an 31 Nollaig 2035, tabharfaidh na Ballstáit sainordú maidir leis an múchadh copair i limistéir an mhúchta copair (limistéir MC) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 57(1).
2.Faoin 31 Nollaig 2035, tabharfaidh na Ballstáit sainordú maidir leis an múchadh copair sna limistéir MC uile.
3.Mar eisceacht ar mhír 2, i limistéir MC, nach bhfuil sé inmharthana ar bhonn eacnamaíoch snáithín optúil a imscaradh iontu agus nach bhfuil aon réiteach nascachta leormhaith ar fáil atá in ann dul in ionad seirbhísí coparbhunaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan sainordú a thabhairt maidir leis an múchadh copair.
4.Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, tabharfaidh na Ballstáit sainordú maidir leis an múchadh copair trí ghníomh dlí ceangailteach a ghlacadh. Le gach gníomh dlí den sórt sin, socrófar dáta tosaigh don mhúchadh copair, dáta nach déanaí ná bhliain amháin tar éis a ghlactha agus ceanglófar leis go dtabharfar an múchadh copair i gcrích laistigh de 3 bliana ón dáta tosaigh sin. I gcás sainorduithe de bhun mhír 1, glacfar an gníomh dlí laistigh de 6 mhí tar éis don liosta dá dtagraítear in Airteagal 58(3) a bheith foilsithe. I gcás sainorduithe de bhun mhír 2, glacfar an gníomh dlí faoin 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí.
Airteagal 55
Limistéir an mhúchta copair
1.Eagrófar an múchadh copair i limistéir MC lena gcumhdófar na limistéir gheografacha uile ina bhfuil líonraí copair i mbun seirbhíse.
2.Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta limistéir MC a theorannú, agus na critéir a leagtar amach sa treoraíocht ón gCoimisiún á gcur san áireamh.
3.Faoin 31 Bealtaine 2028, foilseoidh údaráis rialála náisiúnta an liosta de limistéir MC.
4.Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athbhreithniú ar liosta na limistéar MC agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad cothrom le dáta é chun tacú le múchadh copair tráthúil agus ordúil. Foilseofar aon liosta nuashonraithe gan moill mhíchuí.
Airteagal 56
Plean um aistriú náisiúnta chuig snáithín optúil
1.Faoin 31 Deireadh Fómhair 2029, ullmhóidh gach Ballstát plean um aistriú chuig snáithín optúil agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi.
2.Leagfar amach sa phlean um aistriú chuig snáithín optúil straitéis an Bhallstáit um an aistriú náisiúnta chuig líonraí snáithín optúil, go háirithe maidir leis an ascnamh ó líonraí copair go líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)faisnéis faoi chumhdach na líonraí copair agus snáithín optúil;
(b)tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm nó atá beartaithe chun imscaradh snáithín optúil a chothú chomh maith leis an aistriú chuig líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile;
(c)liosta de limistéir MC lena léirítear, i gcás gach limistéar, cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha inbhuanaitheachta a leagtar amach in Airteagal 57(1), in éineacht le garspriocanna comhfhreagracha an ascnaimh agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta cumasúcháin.
3.Faoin 30 Meitheamh 2034, déanfaidh na Ballstáit a bplean um aistriú chuig snáithín optúil a thabhairt cothrom le dáta agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoin bplean nuashonraithe.
4.Tuairisceofar sa phlean nuashonraithe um aistriú chuig snáithín optúil an dul chun cinn maidir leis an bplean tosaigh a chur chun feidhme. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)faisnéis faoi stádas an mhúchta copair i ngach limistéar MC;
(b)liosta de limistéir MC nach bhfuil sé inmharthana ar bhonn eacnamaíoch snáithín optúil a imscaradh iontu ach nach dtabharfar an t‑imscaradh sin i gcrích iontu go dtí tar éis an 31 Nollaig 2035, in éineacht le faisnéis faoi infhaighteacht na réiteach nascachta leormhaith atá in ann dul in ionad seirbhísí coparbhunaithe;
(c)liosta de limistéir MC nach bhfuil sé inmharthana ar bhonn eacnamaíoch snáithín optúil a imscaradh iontu.
5.Féadfaidh an Coimisiún barúil a thabhairt faoin bplean tosaigh um aistriú chuig snáithín optúil agus faoin bplean nuashonraithe laistigh de mhí amháin tar éis dó é a fháil. Cuirfidh na Ballstáit na barúlacha sin san áireamh.
Airteagal 57
Coinníollacha maidir leis an inbhuanaitheacht
1.Chun críocha an Teidil seo, is iad na ceanglais seo a leanas a bheidh sna coinníollacha maidir leis an inbhuanaitheacht:
(a)tá 95 % ar a laghad de na háitribh laistigh de limistéar MC in-nasctha le líonra snáithín optúil, de réir bhrí Airteagal 2(3);
(b)tá seirbhísí nascachta miondíola inacmhainne lena mbaineann cáilíocht inchomparáide ar fáil d’úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar sheirbhísí coparbhunaithe.
2.Sonróidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le himthosca náisiúnta, paraiméadair agus critéir oibiachtúla thrédhearcacha maidir leis an inacmhainneacht.
Airteagal 58
Measúnú a dhéanamh ar choinníollacha maidir leis an inbhuanaitheacht
1.Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta measúnú, i gcás gach limistéar MC, ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an inbhuanaitheacht a leagtar amach in Airteagal 57(1).
2.Don mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta san áireamh sonraí a bhailítear de bhun Airteagal 183.
3.Faoin 30 Meitheamh 2029, foilseoidh údaráis rialála náisiúnta liosta de limistéir MC ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an inbhuanaitheacht. Ina dhiaidh sin, ar feadh tréimhse 5 bliana, foilseoidh údaráis rialála náisiúnta, gach 12 mhí ar a laghad, liosta de limistéir MC a chomhlíonann na coinníollacha sin dá éis sin.
Airteagal 59
Coimircí
1.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear úsáideoirí deiridh, a ndéanann an múchadh copair difear dóibh, ar an eolas go soiléir, ar bhealach tráthúil agus inrochtana, faoin méid seo a leanas:
(a)an t‑uainiú a mheastar a bheidh i gceist leis an múchadh copair;
(b)aon athrú is gá a dhéanamh ar a seirbhís nascachta nó ar a dtrealamh teirminéil;
(c)seirbhísí nascachta malartacha atá ar fáil dóibh.
2.Áiritheoidh na Ballstáit leanúnachas na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thacaíonn le seirbhísí coparbhunaithe fíor-riachtanacha. Déanfaidh oibreoirí na bearta teicniúla agus tráchtála riachtanacha chun oibriú leanúnach na seirbhísí sin a áirithiú nó chun a n‑ascnamh chuig roghanna malartacha atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de a áirithiú.
3.Agus coinníollacha náisiúnta á gcur san áireamh, glacfaidh na Ballstáit coimircí de bhun Airteagal 88 agus Airteagal 90 chun leanúint de sheirbhísí leordhóthanacha inacmhainne rochtana idirlín agus cumarsáide gutha a áirithiú do thomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 88(2) agus d’úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 90(1) tar éis an mhúchta copair.
4.Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta measúnú ar an ngá le coimircí chun úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar sheirbhísí copair a chosaint, lena n‑áirítear bearta a bhaineann le próisis mhalartaithe agus le hinacmhainneacht seirbhísí nascachta malartacha, agus tabharfaidh siad comhairle do na Ballstáit dá réir sin.
5.Sula nglacfar gníomh dlí ceangailteach lena dtugtar sainordú maidir leis an múchadh copair de bhun Airteagal 54, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2035, glacfaidh na Ballstáit coimircí iomchuí chun úsáideoirí deiridh a bhraitheann ar sheirbhísí copair a chosaint.
Airteagal 60
Pleananna oibreoirí um an múchadh copair
1.Déanfaidh oibreoirí plean amháin nó níos mó a tharraingt suas um an múchadh copair le haghaidh na limistéar MC ina bhfuil sainordú tugtha maidir leis an múchadh copair. Beidh na nithe seo a leanas sa phlean: amlínte, bearta teicniúla, gníomhaíochtaí cumarsáide agus socruithe maidir le hascnamh cuardaitheoirí rochtana agus úsáideoirí deiridh.
2.Cuirfidh oibreoirí a bpleananna um an múchadh copair faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta laistigh de 6 mhí tar éis don ghníomh dlíthiúil ceangailteach a bheith glactha de bhun Airteagal 54(4).
3.Déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta measúnú ar na pleananna laistigh de 2 mhí ó fháil na bpleananna sin agus déanfaidh sé iad a fhormheas, nó a fhormheas agus iad faoi réir leasuithe.
4.Cuirfidh oibreoirí na pleananna um an múchadh copair arna bhformheas ag an údarás rialála náisiúnta chun feidhme, lena n‑áirítear aon leasú a iarrtar. Tuairisceoidh oibreoirí an dul chun cinn don údarás rialála náisiúnta ag eatraimh arna gcinneadh aige.
Airteagal 61
Maoirseacht agus forfheidhmiú
Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta maoirseacht ar chur chun feidhme an mhúchta copair i gcomhréir leis na pleananna um an múchadh copair formheasta agus beidh na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 196 acu.
5.2.TEIDEAL II: ROCHTAIN AR THALAMH
Airteagal 62
Táillí ar chearta chun saoráidí a shuiteáil
Féadfaidh údaráis inniúla táillí a fhorchur ar na cearta chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí, os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun, ar maoin í a úsáidtear chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara a sholáthar, ar choinníoll go bhfuil údar oibiachtúil leis na táillí sin agus go bhfuil siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach i ndáil leis an gcríoch a bheartaítear dóibh agus go gcuirtear san áireamh leo cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo.
Airteagal 63
Cearta slí
1.I gcás ina measfaidh údarás inniúil iarratas ar aon cheann de na cearta seo a leanas a dheonú, cuirfidh sé mír 2 i bhfeidhm:
(a)an ceart chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí, os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí a sholáthar;
(b)an ceart chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide a sholáthar nach líonraí don phobal iad.
2.Chun críocha mhír 1, déanfaidh an t‑údarás inniúil an méid seo a leanas:
(a)gníomhú ar bhonn nósanna imeachta simplí, éifeachtúla, trédhearcacha agus a bhfuil fáil poiblí orthu, arna gcur i bhfeidhm gan idirdhealú agus gan mhoill, agus ar aon chaoi, a chinneadh a dhéanamh laistigh de 6 mhí ón iarratas a fháil, ach amháin i gcás díshealbhú;
(b)prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a leanúint agus coinníollacha á gceangal acu leis na cearta sin.
Féadann na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a bheith éagsúil ag brath ar an bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar ag an iarratasóir nó nach bhfuil.
3.I gcás ina gcoimeádann údaráis phoiblí nó áitiúla úinéireacht nó rialú gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, beidh deighilt struchtúrach idir an fheidhm atá freagrach as na cearta dá dtagraítear i mír 1 a dheonú agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.
Airteagal 64
Comhshuíomh agus comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí
1.I gcás inar fheidhmigh oibreoir an ceart faoin dlí náisiúnta saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí, os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun, nó inar bhain sé leas as nós imeachta chun maoin a dhíshealbhú nó a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla comhshuíomh agus comhroinnt na n‑eilimintí líonra agus na saoráidí gaolmhara arna suiteáil ar an mbonn sin a fhorchur, chun inbhuanaitheacht comhshaoil na líonraí cumarsáide leictreonaí a chothú, chun an tsláinte phoiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint nó chun freastal ar an Rochtain ar líne ar Fhaisnéis agus ar Sheirbhísí Stáit pleanála baile agus tuaithe, chun inbhuanaitheacht comhshaoil na líonraí cumarsáide leictreonaí a chothú, chun an tsláinte phoiblí agus an tslándáil phoiblí a chosaint nó chun cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a bhaint amach.
2.Ní fhéadfar comhshuíomh nó comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí arna suiteáil agus comhroinnt maoine a fhorchur ach amháin tar éis tréimhse iomchuí de chomhairliúchán poiblí, tréimhse ina dtabharfar deis do gach páirtí leasmhar a thuairimí a chur in iúl, agus ach amháin sna limistéir ar leith ina meastar go bhfuil gá leis an gcomhroinnt sin chun na cuspóirí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a bhaint amach. Féadfaidh údaráis inniúla comhroinnt na saoráidí nó na maoine sin a fhorchur, lena n‑áirítear talamh, foirgnimh, bealaí isteach chuig foirgnimh, sreangú foirgneamh, crainn, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, dúnphoill agus caibinéid nó bearta a éascaíonn comhordú oibreacha poiblí. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstát údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile a ainmniú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas:
(a)chun gníomhú mar phointe faisnéise;
(b)rialacha a leagan síos maidir le cionroinnt na gcostas a bhaineann le comhroinnt saoráide nó maoine agus le comhordú oibreacha sibhialta, agus an treoraíocht ábhartha arna heisiúint ag BEREC nó ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1309, i measc nithe eile, á cur san áireamh.
3.Maidir leis na bearta a ghlacann údarás inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. I gcás inarb ábhartha, cuirfear na bearta sin i gcrích i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta.
5.3.TEIDEAL III: IDIRNASCADH
5.3.1.CAIBIDIL I: Forálacha ginearálta agus prionsabail
Airteagal 65
Creat ginearálta le haghaidh rochtana agus idirnascadh
1.Beidh sé de cheart ag gnóthais sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit dhifriúla caibidlíocht a dhéanamh eatarthu féin faoi chomhaontuithe maidir le socruithe teicniúla agus tráchtála le haghaidh rochtana nó idirnascadh, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní bheidh gá don ghnóthas a iarrann rochtain nó idirnascadh a bheith údaraithe le hoibriú sa Bhallstát ina n‑iarrtar an rochtain nó an t‑idirnascadh, más rud é nach soláthraíonn an gnóthas seirbhísí agus nach n‑oibríonn sé líonra sa Bhallstát sin.
2.Gan dochar d’Airteagal 115, ní chuirfear de cheangal ar ghnóthais, agus rochtain nó idirnascadh á ndeonú, téarmaí agus coinníollacha difriúla a thairiscint do ghnóthais dhifriúla le haghaidh seirbhísí coibhéiseacha nó bearta lena bhforchuirtear oibleagáidí nach mbaineann leis na seirbhísí rochtana agus idirnasctha iarbhír a sholáthraítear gan dochar do na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9.
Airteagal 66
Cearta agus oibleagáidí gnóthas
1.Beidh ceart ag oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, agus, arna iarraidh sin do ghnóthais eile arna n‑údarú amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 9, oibleagáid acu le caibidlíocht a dhéanamh eatarthu féin maidir le hidirnascadh chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar, chun soláthar agus idir-inoibritheacht seirbhísí a áirithiú ar fud an Aontais. Déanfaidh oibreoirí rochtain agus idirnascadh a thairiscint do ghnóthais eile faoi théarmaí agus coinníollacha i gcomhréir leis na hoibleagáidí arna bhforchur ag an údarás rialála náisiúnta de bhun Airteagal 68, 67 agus 77.
2.Gan dochar d’Airteagal 183, úsáidfidh na gnóthais a fhaigheann faisnéis ó ghnóthais eile roimh phróiseas caibidlíochta do shocruithe rochtana nó idirnaisc nó lena linn nó ina dhiaidh, an fhaisnéis sin chun na críche ar cuireadh ar fáil í, agus chuige sin amháin agus go dtabharfaidh siad urraim do rúndacht na faisnéise a tarchuireadh nó a coimeádadh. Ní chuirfidh gnóthais den sórt sin an fhaisnéis arna fáil ar aghaidh chuig aon pháirtí eile, lena n‑áirítear chuig ranna eile, chuig fochuideachtaí eile nó chuig páirtnéirí eile, a d’fhéadfadh buntáiste iomaíochta a bhaint as an bhfaisnéis sin.
3.Déanfar an chaibidlíocht trí idirghabhálaithe neodracha nuair is gá sin de bharr coinníollacha iomaíochta.
Airteagal 67
Córais rochtana coinníollaí agus saoráidí eile
1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid I d’Iarscríbhinn I maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió a chraoltar chuig lucht féachana agus lucht éisteachta san Aontas, beag beann ar na meáin tarchuir. Ar anailís mhargaidh a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a dhéanamh dóibh, féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha sin a chur i bhfeidhm maidir le saoráidí eile dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I.
2.Beidh na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo gan dochar do chumas na mBallstát oibleagáidí i ndáil leis an ngné láithritheach do EPGanna agus saoráidí liostála agus nascleanúna comhchosúla a fhorchur.
3.D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo, trí anailís mhargaidh a ghabháil de lámh i gcomhréir le hAirteagal 73(1) chun a chinneadh an ndéanfar na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar.
5.3.2. CAIBIDIL II: Rialacha siméadracha maidir le rochtain
Airteagal 68
Cumhachtaí agus freagrachtaí na n‑údarás náisiúnta rialála agus údarás inniúil eile maidir le rochtain agus idirnascadh
1.Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta nó, i gcás mhír 2, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo, údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, ag gníomhú dóibh agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 á saothrú, rochtain agus idirnascadh leordhóthanach a spreagadh agus, i gcás inarb iomchuí, a áirithiú, i gcomhréir leis an Rialachán seo, chomh maith le hidir-inoibritheacht na seirbhísí, agus a bhfreagracht á feidhmiú acu chun na nithe seo a leanas a chur chun cinn: éifeachtúlacht, iomaíocht inbhuanaithe, imscaradh na líonraí gigighiotáin, cumasóirí seirbhísí nuálacha, infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtúil agus soláthar inbhuanaithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí agus inneachair sochaí faisnéise agus chun an tairbhe is mó is féidir a thabhairt d’úsáideoirí deiridh.
Tabharfaidh siad treoir agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí na nósanna imeachta is infheidhme maidir le rochtain agus idirnascacht a fháil chun a áirithiú gur féidir le gnóthais, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonacha ag a bhfuil clúdach geografach teoranta, tairbhiú de na hoibleagáidí a fhorchuirtear.
2.Go háirithe, gan dochar do bhearta a fhéadfar a ghlacadh maidir le gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le hAirteagal 77, beidh údaráis rialála náisiúnta nó, i gcás phointí (b) agus (c) den fhomhír seo, na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile in ann na nithe seo a leanas a fhorchur:
(a)sa mhéid is gá chun nascacht ó cheann go ceann a áirithiú, oibleagáidí ar na gnóthais atá faoi réir údarú ginearálta a rialaíonn rochtain ar úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo an oibleagáid a líonraí a idirnascadh murab amhlaidh an cás cheana féin;
(b)i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus sa mhéid is gá, oibleagáidí ar na gnóthais sin atá faoi réir údarú ginearálta a rialaíonn rochtain ar úsáideoirí deiridh chun a seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach;
(c)i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus a bhfuil nascacht ó cheann go ceann idir úsáideoirí deiridh i mbaol toisc easpa idir-inoibritheachta a bheith ann idir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, agus a mhéid is gá chun nascacht ó cheann go ceann a áirithiú idir úsáideoirí deiridh, oibleagáidí ar sholáthraithe ábhartha seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bhaineann leibhéal suntasach cumhdaigh amach agus a bhfuil líon suntasach úsáideoirí acu, chun a seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach;
(d)sa mhéid is gá chun inrochtaineacht ar raidió digiteach agus ar sheirbhísí craoltóireachta teilifíse agus seirbhísí comhlántacha gaolmhara arna sonrú ag na Ballstáit a áirithiú d’úsáideoirí deiridh, oibleagáidí ar oibreoirí chun rochtain a sholáthar ar na saoráidí eile dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I maidir le téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
Ní fhorchuirfear na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(I)sa mhéid is gá chun idir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a áirithiú; féadfar a áireamh ann oibleagáidí comhréireacha maidir le soláthraithe na seirbhísí sin i dtaobh faisnéis ábhartha a fhoilsiú nó a cheadú do na húdaráis agus do sholáthraithe eile faisnéis ábhartha a úsáid, a mhodhnú agus athdháileadh, nó na caighdeáin nó na sonraíochtaí a liostaítear in Airteagal 187(1) nó aon chaighdeán Eorpaigh nó idirnáisiúnta ábhartha eile a úsáid agus a chur chun feidhme;
(II)más rud é, gur fhionn an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC agus tar éis dó aird a thabhairt ar thuairim BEREC, gur ann do bhagairt shuntasach ar an nascacht ó cheann go ceann idir úsáideoirí deiridh ar fud an Aontais nó i dtrí Bhallstát ar a laghad agus gur ghlac sé bearta cur chun feidhme lena sonraítear nádúr agus raon feidhme aon oibleagáidí a fhéadfar a fhorchur.
Glacfar na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (b), den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Airteagal 69
Bearta siméadracha
1.Gan dochar d’Airteagal 68(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, arna iarraidh sin go cuí-réasúnta, oibleagáidí a fhorchur maidir le rochtain a dheonú ar shreanga agus ar cháblaí agus ar shaoráidí gaolmhara laistigh d’fhoirgnimh nó chomh fada leis an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin de réir mar a chinnfidh an t‑údarás rialála náisiúnta, i gcás inar lasmuigh den fhoirgneamh a bhíonn an pointe sin suite. I gcás ina mbeidh bonn cirt leis ar an ábhar go mbeadh macasamhlú na n‑eilimintí líonra sin neamhéifeachtúil go heacnamaíoch nó dodhéanta go fisiciúil, is ceadmhach na hoibleagáidí sin a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó ar úinéirí na sreang agus na gcáblaí sin agus saoráidí gaolmhara, i gcás nach soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí iad na húinéirí sin. Féadfar a áireamh ar na coinníollacha rochtana a fhorchuirtear rialacha sonracha maidir le rochtain ar na heilimintí líonra sin agus ar shaoráidí gaolmhara agus ar sheirbhísí gaolmhara, maidir le trédhearcacht agus neamh-idirdhealú agus ar théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta.
2.I gcás ina mbaineann údarás rialála náisiúnta de thátal as nach bhféadfar, trí na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1, aghaidh a thabhairt go leormhaith ar bhacainní arda buana fisiceacha nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, ar bacainní iad is bonn le staid atá ann cheana sa mhargadh, nó ag teacht chun cinn agus lena gcuirtear teorainn mhór le torthaí iomaíocha d’úsáideoirí deiridh, féadfaidh sé na hoibleagáidí rochtana a fhorchur, thar an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ar théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, mura rud é go bhfágann imthosca sonracha a bhfuil údar maith leo go bhfuil gá le treoshuíomh dírithe ar chostas. Agus fad na hoibleagáide chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin á chinneadh, beidh lánaird ag an údarás rialála náisiúnta ar na treoirlínte ábhartha de chuid BEREC.
3.Ní fhorchuirfidh údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí i gcomhréir le mír 2 ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí i gcás ina gcinneann siad aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)tá na saintréithe a liostaítear in Airteagal 84(1) ag an soláthraí agus cuireann sé modh malartach inmharthana agus comhchosúil ar fáil chun teagmháil a dhéanamh le húsáideoirí deiridh trí rochtain ar líonra gigighiotáin a sholáthar d’aon ghnóthas, ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnta; féadfaidh údaráis rialála náisiúnta an díolúine sin a leathnú chun soláthraithe eile a chuimsiú ar soláthraithe iad a bhfuil rochtain ar líonra gigighiotáin á dtairiscint acu ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnta;
(b)i dtaca le forchur oibleagáidí, dhéanfadh sé sin dochar d’inmharthanacht eacnamaíoch nó airgeadais líonra nua arna imscaradh, go háirithe i gcás tionscadail bheaga áitiúla.
3.Beidh na hoibleagáidí agus na coinníollacha a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Airteagal seo oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Déanfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 85 agus 184. Na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile a d’fhorchuir na hoibleagáidí agus na coinníollacha sin, déanfaidh siad measúnú ar thorthaí na n‑oibleagáidí agus na gcoinníollacha sin laistigh de 5 bliana ó ghlacadh an bhirt roimhe sin arna ghlacadh i ndáil leis na gnóthais céanna agus déanfaidh siad a mheas an mbeadh sé oiriúnach iad a tharraingt siar nó iad a leasú i bhfianaise dálaí atá ag athrú. Cuirfidh na húdaráis sin toradh a measúnaithe in iúl i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 85 agus 184.
4.Chun críoch mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a thionscnamh féin, i gcás ina mbeidh údar leis sin chun cuspóirí beartais Airteagal 3 a bhaint amach, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
5.Faoin 31 Deireadh Fómhair 2029, déanfaidh BEREC measúnú ar éifeachtacht na dtreoirlínte i dtaca le cineálacha cur chuige coiteanna maidir leis an gcríochphointe líonra a shainaithint i dtoipeolaíochtaí líonra difriúla chun rannchuidiú le húdaráis rialála náisiúnta teacht ar shainiú comhsheasmhach ar shuíomh na gcríochphointí líonra.
Airteagal 70
Fánaíocht logánta
1.Gan dochar d’Airteagal 68(1) agus (2), maidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe chun iad a sholáthar, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla oibleagáidí a fhorchur ar na gnóthais sin i ndáil le comhroinnt bonneagair éighníomhaigh nó oibleagáidí chun comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a thabhairt i gcrích, sa dá chás, más gá go díreach chun na seirbhísí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a sholáthar ar bhonn áitiúil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar an gcoinníoll nach mbeidh aon bhealach inmharthana comhchosúil eile rochtana ar úsáideoirí deiridh ar fáil d'aon ghnóthas ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha. Ní féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí den chineál sin a fhorchur ach ar choinníoll go ndearnadh foráil go soiléir don fhéidearthacht sin tráth a raibh na cearta úsáide do speictream raidió á ndeonú, agus i gcás gurb é ba údar leis na hoibleagáidí, agus sa chás sin amháin, go bhfuil imscaradh an bhonneagair le haghaidh soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa limistéar atá faoi réir na n‑oibleagáidí sin buailte ag baic dhosháraithe eacnamaíocha nó fhisiciúla, rud a fhágann gur fíorbheag rochtain, más ann di ar chor ar bith, atá ag úsáideoirí deiridh ar líonraí nó ar sheirbhísí. Más amhlaidh atá, nuair nach leor rochtain agus comhroinnt an bhonneagair éighníomhaigh féin chun aghaidh a thabhairt ar an gcás, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur maidir le bonneagar gníomhach a chomhroinnt.
2.Tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta aird ar na nithe seo a leanas:
(a)an gá nascacht a uasmhéadú ar fud an Aontais, feadh na mórbhealaí iompair agus go háirithe i limistéir chríochacha, agus an fhéidearthacht rogha níos leithne agus cáilíocht seirbhíse níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh;
(b)úsáid éifeachtach speictrim raidió;
(c)an fhéidearthacht theicniúil nithe a chomhroinnt agus coinníollacha gaolmhara;
(d)staid iomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar chomh maith le hiomaíocht atá bunaithe ar sheirbhís;
(e)nuálaíocht theicneolaíoch;
(f)an gá sárthábhachtach go dtacófaí leis an dreasacht atá ann don óstach feidhmiú céimneach a dhéanamh ar an mbonneagar ar an gcéad dul síos.
3.I gcás réiteach díospóidí, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, inter alia, an oibleagáid a fhorchur ar thairbhí na hoibleagáide comhroinnte nó rochtana speictream raidió a chomhthiomsú nó a chomhroinnt le hóstach an bhonneagair sa limistéar ábhartha nó rochtain ar speictream raidió a cheadú d’úsáideoirí eile i réigiúin shonracha nó ar an leibhéal náisiúnta.
Airteagal 71
Bearta siméadracha maidir le haistriú chuig snáithín optúil
1.Soláthraí a bhfuil líonra snáithín optúil chomh fada leis an mbaile (FTTH) á imscaradh aige sa limistéar inar tugadh sainordú maidir leis an múchadh copair, forchuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta air an oibleagáid teaghlaigh in-nasctha lena líonra snáithín optúil a nascadh, arna iarraidh sin don úsáideoir. I gcás ina mbeidh níos mó ná soláthraí amháin sa limistéar, féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta gan oibleagáidí den sórt sin a fhorchur ach ar cheann amháin de na soláthraithe, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha, chomhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
2.San anailís mhargaidh arna déanamh de bhun Airteagal 73(1) i gcomhthéacs an mhúchta copair, saineoidh an t‑údarás rialála náisiúnta na coinníollacha maidir leis na hoibleagáidí rochtana, lena n‑áirítear ríomh an ghnóthaithe costas, de réir mar is gá.
3.I gcás ina mbaineann údarás rialála náisiúnta de thátal as gur mó na costais ná gnáth-tháille ceangail agus go bhféadfadh údar a bheith le táille nasctha bhreise, áiritheoidh sé go mbeidh an táille bhreise sin, nuair a sheasfaidh úsáideoirí deiridh í, cothrom agus réasúnach. Féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh leibhéal uasta na dtáillí ceangail a bheidh le híoc ag úsáideoirí deiridh a shocrú.
4.Sna limistéir inar tugadh sainordú maidir leis an múchadh copair, i gcás nach mór do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí sreangú agus cáblaí snáithín optúil nua agus saoráidí gaolmhara a chur in úsáid laistigh d’aonad ilteaghaise chun teaghlaigh a nascadh, ceadóidh úinéir nó riarthóir an aonaid ilteaghaise sin an cur in úsáid sin arna iarraidh sin d’aon chónaitheoir san aonad ilteaghaise.
5.Measfar go gcomhlíonfar an oibleagáid cead a thabhairt sreangú agus cáblaí snáithín optúil agus saoráidí gaolmhara a imscaradh laistigh d’aonad ilteaghaise a luaithe a bheidh an líonra imscartha ag soláthraí aonair líonraí cumarsáide leictreonaí. Forchuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta bearta faoi Airteagal 68(1) agus Airteagal 69 i gcás inar gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag soláthraithe eile líonraí cumarsáide leictreonaí ar an sreangú agus ar na cáblaí snáithín optúil nua agus ar na saoráidí gaolmhara.
6.Féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta iarraidh ar aon soláthraí eile líonraí cumarsáide leictreonaí dul ar aghaidh leis an imscaradh sin i gcás ina soláthróidh an soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí, a d’fhág go raibh an t‑aonad ilteaghaise in-nasctha, údar réasúnaithe lena gcruthaítear gur dodhéanta an oibleagáid sin a chomhlíonadh.
5.4.TEIDEAL IV: MARGAÍ AGUS IOMAÍOCHT
5.4.1.CAIBIDIL I Anailís mhargaidh agus cumhacht shuntasach sa mhargadh
Airteagal 72
Sainiú margaidh
1.I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag údaráis rialála náisiúnta margaí ábhartha is iomchuí d’imthosca náisiúnta a shainiú, déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. Nuair a bheidh margaí geografacha ábhartha laistigh dá gcríoch á sainiú acu, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta méid na hiomaíochta ó thaobh bonneagair de san áireamh.
Déanfaidh an Coimisiún anailís go tráthrialta ar na treochtaí foriomlána san Aontas, bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, agus déanfaidh sé measúnú, faoi threoir Airteagal 73(1)(a), (b) agus (c), ar cé acu is gá nó nach gá moladh a ghlacadh maidir le margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí (‘an Moladh maidir le margaí’). Féadfaidh an Coimisiún an Moladh maidir le margaí a ghlacadh, tar éis comhairliúchán poiblí, lena n‑áirítear le húdaráis rialála náisiúnta, agus tuairim BEREC á cur san áireamh.
Sainaithneofar leis an Moladh na margaí táirgí agus seirbhísí sin laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a bhféadfadh a saintréithe a bheith de chineál a dhéanfaidh forchur na n‑oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Rialachán seo a dhlisteanú, gan dochar do mhargaí a fhéadfar a shainiú i gcásanna sonracha faoi dhlí na hiomaíochta. Saineofar na margaí táirgí agus seirbhísí sin i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún an Moladh maidir leis na margaí a ghlacadh, déanfaidh sé athbhreithniú go tráthrialta air.
I gcás ina n‑áirítear margadh sa Mholadh maidir le margaí, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta athbhreithniú ar an margadh. Déanfar athbhreithniú ar na margaí ina bhforchuirtear rialáil ex ante gach 5 bliana chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 73(1) nó nach gcomhlíontar.
2.Ina theannta sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inarb ábhartha, torthaí anailíse an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 183(12) san áireamh.
Airteagal 73
An nós imeachta um anailís mhargaidh
1.Cinnfidh na húdaráis rialála náisiúnta an bhfuil margadh ábhartha a sainíodh i gcomhréir le hAirteagal 72 ina mhargadh den chineál a thabharfadh bonn cirt leis na hoibleagáidí rialála, a leagtar amach sa Rialachán seo, a fhorchur air. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta anailís, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le húdaráis iomaíochta náisiúnta.
Roimh an múchadh copair, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta athbhreithnithe ar mhargaí ábhartha lena gcumhdófar ar a laghad na limistéir dá ndéanann an múchadh copair difear.
Leanfaidh údaráis rialála náisiúnta na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 85 agus 184 nuair a bheidh anailísí margaidh á ndéanamh acu agus rachaidh siad ar aghaidh go tráthúil leis an bpróiseas, agus é á thabhairt chun críche laistigh de thréimhse bliana.
Féadfar margadh a bheith ina mhargadh den chineál chun bonn cirt a thabhairt le forchur na n‑oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Rialachán seo má chomhlíontar na critéir seo ar fad a leanas:
(a)gur ann do bhacainní struchtúracha, dlíthiúla nó rialála ar iontráil ann atá ard agus nach bhfuil neamhbhuan;
(b)gur ann do struchtúr margaidh nach gnách dó cur le hiomaíocht éifeachtach laistigh den tréimhse ama ábhartha, ag féachaint do chúrsaí iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar agus ar fhoinsí iomaíochta eile taobh thiar de na bacainní ar iontráil;
(c)nach leor dlí na hiomaíochta amháin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an teip/na teipeanna a sainaithníodh sa mhargadh.
Nuair a dhéanann údarás rialála náisiúnta anailís ar mhargadh atá san áireamh sa Mholadh, breithneoidh sé gur comhlíonadh pointí (a), (b) agus (c), mura gcinneann an t‑údarás rialála náisiúnta nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir sin sna himthosca sonracha náisiúnta.
2.I gcás ina ndéanann údarás rialála náisiúnta an anailís a cheanglaítear le mír 1, cuimhneoidh sé, ar bhealach réamhbhreathnaitheach, ar conas a d’fhorbródh na margaí in éagmais rialachán arna fhorchur ar bhonn an Airteagail seo. Cuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta na nithe uile seo a leanas san áireamh ina anailís:
(a)forbairtí margaidh a dhéanann dochar don dóchúlacht go mbogfaidh an margadh ábhartha i dtreo iomaíocht éifeachtúil;
(b)gach srian ábhartha ar iomaíocht, ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, gan beann ar cé acu a mheastar nó nach meastar foinsí na srianta sin a bheith ina líonraí cumarsáide leictreonaí, ina seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó ina gcineálacha eile seirbhísí nó feidhmchlár ar féidir iad a chur i gcomórtas le chéile ó thaobh an úsáideora deiridh de, agus gan beann ar na srianta sin a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha nó gan bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha;
(c)cineálacha eile rialála nó de bhearta arna bhforchur ar an margadh ábhartha nó ar an margadh miondíola gaolmhar nó ar na margaí miondíola gaolmhara agus a dhéanann difear dóibh ar feadh na tréimhse ábhartha, lena n‑áirítear, gan teorainn, oibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagail 64, 68 agus 69;
(d)rialáil arna forchur ar mhargaí ábhartha eile ar bhonn an Airteagail seo.
3.I gcás ina gcinnfidh údarás rialála náisiúnta nach bhféadfar margadh ábhartha a bheith amhlaidh chun forchur oibleagáidí rialála a dhlisteanú i gcomhréir leis an nós imeachta i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, nó i gcás nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ní dhéanfaidh sé aon oibleagáid rialála sonracha i gcomhréir le hAirteagal 77 a fhorchur agus tarraingeoidh sé siar aon oibleagáid a forchuireadh roimhe seo i gcomhréir le hAirteagal 77.
4.Cuimhneoidh údaráis rialála náisiúnta ar shainordú a thabhairt go mbeidh tréimhse fógra iomchuí ann maidir le deireadh a chur leis na leigheasanna, agus an gá á chur san áireamh le haistriú inbhuanaithe a áirithiú do thairbhithe na n‑oibleagáidí sin agus d’úsáideoirí deiridh, chomh maith le rogha an úsáideora deiridh agus nach leanfaidh an rialáil ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Agus an tréimhse fógra sin á socrú acu, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha sonracha agus tréimhsí fógra sonracha a chinneadh i ndáil le comhaontuithe rochtana atá ann cheana.
5.I gcás ina gcinneann údarás rialála náisiúnta go bhfuil údar leis na hoibleagáidí rialála a fhorchur i margadh ábhartha, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh sé aon ghnóthas a shainiú a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu ar bhonn aonair nó go comhpháirteach i ndáil leis an margadh ábhartha sin i gcomhréir le hAirteagal 76. Déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta oibleagáidí sonracha rialála iomchuí a fhorchur ar na gnóthais sin, i gcomhréir le hAirteagal 77 nó déanfaidh sé oibleagáidí den sórt sin a choimeád nó a leasú i gcás inarb ann dóibh cheana féin, má mheasann sé nach mbeadh an toradh a bheadh ann do na húsáideoirí deiridh iomaíoch ar bhealach éifeachtach d'uireasa na n‑oibleagáidí sin.
6.Beidh na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 85 agus 184. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta anailís ar an margadh ábhartha agus tabharfaidh siad fógra faoin dréachtbheart comhfhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 85 laistigh de 5 bliana ó ghlacadh beart roimhe sin i gcás inar shainigh an t‑údarás rialála náisiúnta an margadh ábhartha agus inar chinn sé cé na gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu.
Airteagal 74
Nós imeachta chun margaí trasnáisiúnta a shainaithint
1.Déanfaidh BEREC anailís ar mhargadh trasnáisiúnta féideartha i gcás ina gcuireann an Coimisiún nó ar a laghad dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann iarraidh réasúnaithe, ina mbeidh faisnéis thacaíochta, faoina bhráid. Tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus an anailís a rinne BEREC á cur san áireamh aige, féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena sainaithneofar margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.
2.I gcás na margaí trasnáisiúnta arna sainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis náisiúnta rialála lena mbaineann an anailís mhargaidh go comhpháirteach agus aird á tabhairt ar threoirlínte CSM agus, ar bhealach comhbheartaithe, déanfaidh siad cinneadh maidir le haon fhorchur, aon chothabháil, aon leasú nó aon tarraingt siar ar oibleagáidí rialála dá dtagraítear in Airteagal 73(4). Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann fógra i gcomhpháirt don Choimisiúin i ndáil lena ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáid rialála de bhun Airteagal 85.
3.Féadfaidh dhá údarás rialála náisiúnta nó níos mó fógra a thabhairt go comhpháirteach freisin faoina ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáid rialála in éagmais margaí trasnáisiúnta, i gcás ina measann siad go bhfuil na dálaí margaidh ina ndlínsí féin sách aonchineálach.
Airteagal 75
Nós imeachta chun éileamh trasnáisiúnta a shainaithint
Déanfaidh BEREC anailís ar éileamh trasnáisiúnta úsáideoirí deiridh do tháirgí agus do sheirbhísí a sholáthraítear laistigh den Aontas, i gcás ina bhfaigheann sé iarraidh réasúnaithe ina dtugtar fianaise tacaíochta ón gCoimisiún nó ó dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann ar a laghad ina léirítear go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Féadfaidh BEREC anailís den sórt sin a dhéanamh freisin i gcás ina bhfaigheann sé iarraidh réasúnaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh a chuireann dóthain fianaise tacaíochta ar fáil agus má mheasann sé go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Tá anailís BEREC gan dochar d'aon toradh margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 74(1) agus d'aon torthaí margaidh geografacha náisiúnta nó fo-náisiúnta arna gcur ar fáil ag údaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 72.
Airteagal 76
Gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
1.I gcás ina sainaithníonn údarás rialála náisiúnta go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag gnóthas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 73, beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo.
2.Measfar go bhfuil cumhacht shuntasach ag gnóthas sa mhargadh, leis féin nó i gcomhar le gnóthais eile, i gcás ina bhfuil staid aige atá coibhéiseach le ceannasacht, is é sin staid eacnamaíoch láidir a thugann an chumhacht dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid custaiméirí, agus ar deireadh, ar a chuid tomhaltóirí.
3.Go háirithe, nuair a bheidh údaráis rialála náisiúnta ag measúnú an bhfuil cumhacht cheannasach ag dhá ghnóthas nó níos mó i gcomhpháirt le chéile i margadh, feidhmeoidh na húdaráis i gcomhréir le dlí an Aontais agus tabharfaidh siad aird ar na treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh agus ar an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun fhomhír 5 den Airteagal seo.
4.I gcás ina mbíonn cumhacht sa mhargadh ag gnóthas i dtaca le margadh ar leith, féadfar é a ainmniú freisin ina ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i dtaca le margadh neasghaolmhar, nuair is naisc iad na naisc atá idir an dá mhargadh lenar féidir cumhacht mhargaidh an mhargaidh ar leith a ghiaráil sa margadh neasghaolmhar, agus cumhacht mhargaidh an ghnóthais a neartú dá réir sin. Dá réir sin, leigheasanna lena ndírítear ar ghiaráil den chineál sin a chosc, féadfar iad a chur i bhfeidhm sa margadh neasghaolmhar de bhun Airteagail 77 go 84.
5.Tar éis dul i gcomhairle le BEREC, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh agus maidir leis an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh (‘na treoirlínte CSM’), a bheidh i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí na hiomaíochta. Áireoidh sna treoirlínte CSM treoir do na húdaráis rialála náisiúnta maidir le coincheap na cumhachta suntasaí sa mhargadh a fheidhmiú i gcomhthéacs sonrach rialáil ex ante margaí cumarsáide leictreonaí, agus na trí chritéir dá dtagraítear in Airteagal 73(1) san áireamh.
5.4.2.CAIBIDIL II: Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
Airteagal 77
Oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar
1.Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu ar dhálaí iomaíocha margaidh shonraigh agus ar an ngá le hidirghabháil rialála, measfaidh údaráis rialála náisiúnta ar an gcéad ásc, i gcomhréir le hAirteagal 73(2), an tionchar ar dhinimic iomaíochta na rialachán atá ann cheana, gealltanas a d’fhéadfadh a bheith tairgthe nó leigheasanna a d’fhéadfadh a bheith forchurtha i gcomhthéacs imeachtaí faoin dlí iomaíochta náisiúnta nó faoi dhlí iomaíochta an Aontais nó faoi chomhaontuithe tráchtála.
2.I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, i gcás ina n‑ainmnítear gnóthas mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i margadh sonrach de thoradh anailís mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 73, roghnóidh údarás rialála náisiúnta an bealach is lú lena ndéanfar cur isteach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna féideartha a shainaithnítear san anailís mhargaidh. Sa mheasúnú sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta san áireamh na gealltanais atá á dtairiscint ag na hoibreoirí, arbh iad a ainmníodh mar oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu faoi Airteagal 83.
3.Na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad:
(a)bunaithe ar chineál na faidhbe arna sainaithint ag údarás rialála náisiúnta ina anailís mhargaidh, agus sainaithint an éilimh thrasnáisiúnta de bhun Airteagal 75 á cur san áireamh i gcás inarb iomchuí;
(b)comhréireach, ag féachaint do na costais agus na sochair;
(c)agus údar tugtha leo i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3;
(d)arna bhforchur tar éis comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 85 agus 184.
4.I gcás ina n‑ainmnítear gnóthas mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, oibleagáidí amhail oibleagáidí na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a fhorchur ag an gcéad chéim den mheasúnú.
I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nach leormhaith nó nach iomchuí na hoibleagáidí dá dtagraítear thuas, scrúdóidh sé cé acu a bheadh nó nach mbeadh forchur na n‑oibleagáidí sin i dteannta oibleagáidí arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 80, agus an méid sin amháin, ina mhodh comhréireach agus leormhaith chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a shaothrú.
Gan dochar d’Airteagal 80, i gcás ina measann siad go bhfuil gá le hoibleagáidí breise maidir le rochtain, forchuirfidh údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí lena ndeonaítear rochtain chomhchuibhithe a leagtar amach in Airteagal 81.
Ní fhéadfaidh údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí eile a fhorchur maidir le rochtain ar eilimintí líonra agus seirbhísí gníomhacha nó fíorúla sonracha, agus maidir le húsáid eilimintí líonra sonracha agus saoráidí gaolmhara, de bhun Airteagal 78, ach amháin i gcás ina dtugann siad údar réasúnaithe leis sin lena léirítear nach dtugtar aghaidh ar na fadhbanna iomaíochta a shainaithnítear ar an margadh lena mbaineann trí na hoibleagáidí sin a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 80 agus le hAirteagal 81.
I dteannta na n‑oibleagáidí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo, i gcás nach iomchuí na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 77 go hAirteagal 84, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta an oibleagáid maidir le deighilt cuntasaíochta, an oibleagáid maidir le rialú praghsanna agus oibleagáidí cuntasaíochta costála a fhorchur.
Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag na hoibleagáidí a fhorchuirtear. I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla chun cinn a bhfuil údar cuí leo, féadfar na hoibleagáidí a fhorchur in éineacht le dáta tosaithe nach ionann é agus an dáta dá bhforáiltear de ghnáth.
5.Tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi chinntí oibleagáidí ar ghnóthais a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 85.
6.I gcás forbairtí sa mhargadh, lena n‑áirítear comhaontuithe tráchtála, nó gealltanais, nach bhfágann gur gá an sainiú margaidh ná an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh a athrú ina leith agus nach dtugann údar le hanailís margaidh nua i gcomhréir le hAirteagal 73, déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta measúnú gan mhoill ar cé acu is gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus aon chinneadh a rinneadh roimhe a leasú, lena n‑áirítear trí oibleagáidí a tharraingt siar nó oibleagáidí nua a fhorchur, chun a áirithiú go leanfar de na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo a chomhlíonadh trí na hoibleagáidí sin. Ní fhorchuirfear na leasuithe sin nó go ndéanfar comhairliúchán i gcomhréir le hAirteagail 85 agus 184.
7.Forchuirfidh údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí gan dochar do cheachtar de na nithe seo a leanas:
(a)Airteagail 67, 68 agus 69;
(b)Airteagal 50, Airteagal 52, Airteagal 64 agus Airteagal 100 agus na forálacha ábhartha de Threoir 2002/58/CE ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais seachas na gnóthais sin a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu;
(c)an gá atá le gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh.
8.Chun rannchuidiú le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta a n‑oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur chun feidhme go comhsheasmhach.
Airteagal 78
Oibleagáidí rochtana ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus a n‑úsáid
1.Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 77, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthas chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus úsáid a bhaint astu, seachas na cinn a shainaithnítear in Airteagail 80 agus 81, i gcásanna ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn ar an leibhéal miondíola agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh. Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí inter alia:
(a)rochtain agus cead úsáide a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí fisiciúla sonracha den líonra agus ar shaoráidí gaolmhara, de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear rochtain dhíchuachta ar an lúb logánta agus ar an bhfo-lúb logánta;
(b)rochtain a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí agus ar sheirbhísí sonracha gníomhacha nó fíorúla an líonra;
(c)dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta le gnóthais atá ag iarraidh rochtana;
(d)gan rochtain ar shaoráidí a deonaíodh cheana a tharraingt siar;
(e)seirbhísí sonracha a sholáthar ar bhonn mórdhíola lena n‑athdhíol ag tríú páirtithe;
(f)rochtain oscailte a thabhairt ar chomhéadain theicniúla, ar phrótacail nó ar theicneolaíochtaí tábhachtacha eile atá bunriachtanach d’idir-inoibritheacht seirbhísí nó seirbhísí líonraí fíorúla;
(g)comhshuíomh nó foirmeacha eile de chomhroinnt saoráidí gaolmhara a sholáthar;
(h)seirbhísí sonracha a sholáthar, a bhfuil gá leo chun an idiroibritheacht a áirithiú idir seirbhísí ó cheann go ceann agus na húsáideoirí, nó fánaíocht ar líonraí móibíleacha;
(i)rochtain a sholáthar ar chórais tacaíochta oibriúcháin nó ar chórais bogearraí chomhchosúla, is gá chun iomaíocht chóir a áirithiú i soláthar seirbhísí;
(j)líonraí nó saoráidí líonraí a idirnascadh;
(k)rochtain ar sheirbhísí gaolmhara amhail céannacht, suíomh agus seirbhís láithreachta a sholáthar.
Beidh sé de chumhacht ag údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí sin a chur faoi réir coinníollacha lena gcumhdaítear cothroime, réasúntacht agus tráthúlacht.
2.I gcás ina mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta ag meas a iomchuí atá aon cheann de na sainoibleagáidí féideartha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe agus meas á dhéanamh acu, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ar cé acu a bhforchuirfear na hoibleagáidí sin agus ar an gcaoi a ndéanfar sin, déanfaidh siad anailís ar an méid seo, an leor bealaí eile rochtana ar ionchuir mhórdhíola, ar an margadh mórdhíola céanna nó ar mhargadh gaolmhar, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a sainaithníodh agus leas an úsáideora deiridh á saothrú. Áireofar sa mheasúnú sin tairiscintí ar rochtain tráchtála, rochtain rialáilte de bhun Airteagail 68 agus 69, nó rochtain rialáilte ar ann di cheana féin nó atá á beartú ar ionchuir eile mhórdhíola de bhun an Airteagail seo. Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta na fachtóirí seo a leanas san áireamh go háirithe:
(a)an inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch saoráidí atá in iomaíocht le chéile a úsáid nó a shuiteáil, i bhfianaise an ráta ag a bhfuil an margadh ag forbairt agus nádúr agus an cineál idirnascacht nó rochtain atá ann á gcur san áireamh, lena n‑áirítear inmharthanacht táirgí rochtana réamhtheachtacha eile, amhail rochtain ar dhuchtanna;
(b)an éabhlóid teicneolaíochta ionchasach a dhéanfaidh difear do dhearadh agus do bhainistiú an líonra;
(c)an gá leis an neodracht theicneolaíoch a áirithiú chun é a chur ar a gcumas do na páirtithe a líonraí féin a dhearadh agus a bhainistiú;
(d)an fhéidearthacht an rochtain atá tairgthe a sholáthar, i ndáil leis an toilleadh atá ar fáil;
(e)an infheistíocht thosaigh a rinne úinéir na saoráide, agus aon infheistíocht phoiblí a rinneadh agus na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht a dhéanamh, go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí i líonraí gigighiotáin agus na leibhéil rioscaí a bhaineann leo á gcur san áireamh;
(f)an gá atá leis an iomaíochas a chosaint go fadtéarmach, go háirithe i dtaca le hiomaíochas bonneagarbhunaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus múnlaí nuálacha gnó a thacaíonn leis an iomaíochas inbhuanaithe, amhail na múnlaí sin atá bunaithe ar an gcomhinfheistíocht i líonraí;
(g)nuair is iomchuí, aon cheart maoine intleachtúla ábhartha;
(h)soláthar seirbhísí uile-Eorpacha.
3.Agus oibleagáidí á bhforchur acu ar ghnóthas maidir le rochtain a thabhairt i gcomhréir leis an Airteagal seo, cumhachtóidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha teicniúla nó oibríochtúla a leagan síos agus a fhorchur ar an soláthraí nó ar thairbhithe na rochtana sin, nuair is gá sin chun gnáthoibriú an líonra a áirithiú. Na hoibleagáidí chun caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla sonracha a leanúint, comhlíonfaidh siad na caighdeáin agus na sonraíochtaí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 189.
Airteagal 79
Rialú praghsanna agus oibleagáidí cuntasaíochta costála
1.Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 77, oibleagáidí maidir le gnóthú costas agus rialú praghsanna a fhorchur, lena n‑áirítear oibleagáidí le haghaidh treoshuíomh costas do phraghsanna agus oibleagáidí a bhaineann le córais chuntasaíochta costála, chun cineálacha sonracha idirnaisc nó rochtain sholáthar, i staideanna ina léiríonn anailís mhargaidh go bhféadfaidh an gnóthas lena mbaineann praghsanna a choimeád ar leibhéal ró-ard, nó go bhféadfadh sé praghsanna a fháisceadh, chun aimhleasa na n‑úsáideoirí deiridh, toisc nach ann d'iomaíocht fhónta.
Agus cinneadh á dhéanamh acu cé acu a bheadh oibleagáidí maidir le rialú praghsanna iomchuí nó nach mbeadh, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta san áireamh an gá le hiomaíocht a chur chun cinn chomh maith le leasanna fadtéarmacha úsáideoirí deiridh a bhaineann le himscaradh agus glacadh líonraí gigighiotáin. Go háirithe, chun infheistíochtaí ón ngnóthas a spreagadh, lena n‑áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i líonraí gigighiotáin, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta an infheistíocht a rinne an gnóthas san áireamh, go háirithe i gcás ina ndearnadh infheistíochtaí nua. I gcás ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil oibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, ceadóidh siad don ghnóthas ráta réasúnach toraidh ar an gcaipitil leormhaith a caitheadh, agus aon riosca atá sonrach do thionscadal líonra infheistíochta nua áirithe á chur san áireamh.
Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta gan oibleagáidí a fhorchur nó a choimeád de bhun an Airteagail seo, i gcás ina suíonn siad go bhfuil srian inléirithe ar phraghas miondíola ann agus go n‑áirithítear go n‑áiritheofar rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe de bharr aon oibleagáidí arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 77, lena n‑áirítear, go háirithe, tástáil inmhacasamhlaithe eacnamaíche a fhorchuirtear.
I gcás ina measann údaráis rialála náisiúnta gurb iomchuí oibleagáidí rialú praghsanna a fhorchur ar rochtain ar na heilimintí líonra atá ann cheana, cuirfidh siad san áireamh freisin na tairbhí a ghabhann le praghsanna intuartha cobhsaí mórdhíola ó thaobh bealach isteach éifeachtach sa mhargadh agus dreasachtaí leordhóthanacha a áirithiú do gach gnóthas chun líonraí nua agus feabhsaithe a imscaradh.
2.Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear leas as aon sásra costais aisghnóthaithe nó as aon mhodheolaíocht phraghsála a shainordaítear chun imscaradh líonraí nua agus feabhsaithe, éifeachtúlacht agus iomaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint amach don úsáideoir deiridh. Maidir leis sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na praghsanna atá ar fáil i margaí iomaíocha inchomparáide a chur san áireamh freisin.
3.I gcás ina bhfuil oibleagáid ar ghnóthas maidir le treoshuíomh costas do phraghsanna, is ar an ngnóthas lena mbaineann a bheidh an dualgas a chruthú gurb as costais, lena n‑áirítear ráta réasúnach toraidh ar an infheistíocht, a thagann na muirir. Chun costas soláthar éifeachtúil seirbhísí a ríomh, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta feidhm a bhaint as modhanna cuntasaíochta costála atá neamhspleách ar na modhanna sin a d’úsáid an gnóthas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar ghnóthas dlisteanú iomlán a sholáthar dá phraghsanna agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, ceangal a éileamh go ndéanfaí praghsanna a mhodhnú.
4.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú, i gcás ina bhfuil cur chun feidhme córas cuntasaíochta costála sainordaithe chun tacú le rialú praghsanna, go gcuirfear ar fáil go poiblí tuairisc ar an gcóras cuntasaíochta um chostais, ina dtaispeánfar ar a laghad na príomhchatagóirí faoina n‑aicmítear costais agus na rialacha a úsáidtear chun na costais a leithdháileadh. Fíoróidh comhlacht neamhspleách cáilithe comhlíonadh an chórais cuntasaíochta costála agus foilseoidh sé ráiteas maidir le comhlíonadh go bliantúil.
Airteagal 80
Rochtain ar líonraí éighníomhacha
1.Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 77, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar snáithíní optúla dorcha agus ar innealtóireacht shibhialta agus úsáid a bhaint astu lena n‑áirítear ach gan a bheith teoranta dó sin, rochtain agus úsáid gan teorainn maidir le foirgnimh nó bealaí isteach i bhfoirgnimh, cáblaí i bhfoirgnimh lena n‑áirítear sreangú, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, cuaillí, crainn duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill iniúchta, dúnphoill agus caibinéid, i gcásanna ina gcinneann an t‑údarás rialála náisiúnta, tar éis an anailís mhargaidh a mheas, go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil aici bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh.
2.Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun rochtain a sholáthar i gcomhréir leis an Airteagal seo, gan beann ar na sócmhainní a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha nó gan a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha i gcomhréir leis an anailís mhargaidh, ar choinníoll go bhfuil gá leis an oibleagáid agus go bhfuil sí comhréireach chun cuspóirí Airteagal 3 a chomhlíonadh.
Airteagal 81
Táirgí rochtana comhchuibhithe
1.Gan dochar d’Airteagal 80, déanfaidh údarás rialála náisiúnta measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil údar le hoibleagáid a fhorchur táirgí rochtana comhchuibhithe de chuid an Aontais a thairiscint sula bhforchuirfear táirgí rochtana eile, agus an bhfuil sé comhréireach an oibleagáid sin a fhorchur ar oibreoir a ainmnítear mar oibreoir a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige ar mhargadh sonrach de thoradh anailís mhargaidh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 73.
2.Nuair a chinnfidh an t‑údarás rialála náisiúnta táirgí rochtana eile a fhorchur, míneoidh sé an fáth a bhfuil siad níos iomchuí ná na táirgí rochtana comhchuibhithe chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh.
3.Féadfar táirgí rochtana áitiúla a áireamh ar tháirgí comhchuibhithe an Aontais.
4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh laistigh de [6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ina leagfar amach na sonraíochtaí teicniúla, na heilimintí costais caighdeánacha, na modheolaíochtaí costais le haghaidh táirgí comhchuibhithe agus an tairiscint tagartha a bhaineann leis an táirge/na táirgí rochtana comhchuibhithe, agus tuairim BEREC á cur san áireamh aige. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
5.Comhlíonfaidh na táirgí rochtana comhchuibhithe na ceanglais shubstainteacha seo a leanas:
(a)an cumas é a thairiscint mar tháirge rochtana d’aon soláthraí líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá gníomhach san Aontas;
(b)uasleibhéal idir-inoibritheachta líonra agus seirbhíse agus bainistiú líonra neamh-idirdhealaitheach idir oibreoirí i gcomhréir le toipeolaíocht na líonraí;
(c)acmhainn freastal ar úsáideoirí deiridh ar bhonn iomaíoch;
(d)costéifeachtacht, agus aird a thabhairt ar an acmhainn é a chur chun feidhme ar líonraí atá ann cheana agus nua agus an acmhainn é a úsáid ag an am céanna le táirgí rochtana eile a fhéadfar a sholáthar ar an mbonneagar líonra céanna;
(e)éifeachtacht oibríochtúil, go háirithe i leith teorainn a chur, a mhéid is féidir, le bacainní cur chun feidhme agus le costais imscartha do sholáthraithe rochtana agus do chuardaitheoirí rochtana;
(f)go n‑urramófar na rialacha maidir le cosaint ar phríobháideachas, ar shonraí pearsanta, ar slándáil agus ar sláine líonraí agus an trédhearcacht i gcomhréir le dlí an Aontais.
6.I gcás ina mbeidh sé suite ag údarás rialála náisiúnta go gcuirfear an oibleagáid, maidir le táirgí rochtana comhchuibhithe den sórt sin a thairiscint, in ionad na n‑oibleagáidí rochtana mórdhíola a forchuireadh roimhe sin, bunóidh sé idirthréimhse iomchuí a mhairfidh 6 mhí ar a laghad sula n‑aisghairfear na bearta deireanacha sin.
Airteagal 82
Rátaí foirceanta
1.Agus tuairim BEREC á cur san áireamh, socróidh an Coimisiún, trí ghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo, uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna móibíleacha agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna fosaithe (dá ngairtear le chéile ‘na rátaí foirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna’), a fhorchuirtear ar aon soláthraí seirbhísí foirceanta guthghlaonna móibíleacha nó foirceanta guthghlaonna fosaithe, faoi seach, in aon Bhallstát. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe sin gach 5 bliana tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus measfaidh sé, gach ócáid den sórt sin, trí na critéir dá dtagraítear in Airteagal 73(1) a chur i bhfeidhm, cé acu an gá nó nach gá rátaí foirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna a shocrú fós. I gcás ina gcinneann an Coimisiún i gcomhréir leis an mír seo gan uasráta foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó uasráta foirceanta do ghuthghlaonna seasta a fhorchur, nó gan an dá cheann acu a fhorchur, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta anailís mhargaidh a dhéanamh ar mhargaí na seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna i gcomhréir le hAirteagal 73, lena meas an bhfuil sé riachtanach oibleagáidí rialála a fhorchur nó nach bhfuil. I gcás ina bhforchuireann údarás rialála náisiúnta, mar thoradh na hanailíse sin, rátaí foirceanta do ghuthghlaonna costasdírithe a fhorchur i margadh ábhartha, leanfaidh sé na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus beidh a dhréachtbheart faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 85 agus 184.
2.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán géar agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna cur i bhfeidhm na rátaí fhoirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a chur de cheangal, ag am ar bith, ar sholáthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna an ráta a ghearrann sé ar ghnóthais eile a leasú más rud é nach gcomhlíonann sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 83
Nós imeachta maidir le gealltanais
1.Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta oibreoirí ar an eolas faoin deis gealltanais a thairiscint chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta a sainaithníodh.
2.Gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, féadfaidh siad gealltanais a thairiscint don údarás rialála náisiúnta maidir le coinníollacha rochtana, comhinfheistíochta, nó maidir leis na coinníollacha rochtana agus comhinfheistíochta araon, a mbeidh feidhm acu maidir lena líonraí, inter alia, i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)socruithe comhoibritheacha atá ábhartha don mheasúnú ar oibleagáidí iomchuí agus comhréireacha de bhun Airteagal 77;
(b)comhinfheistíocht i líonraí gigighiotáin;
(c)rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ag tríú páirtithe le linn tréimhse a gcuirtear deighilt dheonach chun feidhme lena linn, lena n‑áirítear a sócmhainní líonra rochtana áitiúla nó cuid shubstaintiúil díobh a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil ar leithligh faoi úinéireacht dhifriúil, nó eintiteas gnó ar leithligh a bhunú, ag gnóthas comhtháite go hingearach, agus tar éis don chineál deighilte atá beartaithe a bheith curtha chun feidhme.
Beidh an tairiscint i ndáil le gealltanais sách mionsonraithe maidir le raon feidhme, ré agus uainiú agus módúlacht chur chun feidhme na ngealltanas, chun go mbeidh an t‑údarás rialála náisiúnta in ann a mheasúnú a ghabháil de láimh de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar na tréimhsí chun anailís mhargaidh a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 73(6).
3.Measfaidh údaráis rialála náisiúnta cé acu a bheadh nó nach mbeadh na gealltanais astu féin ina modh comhréireach leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta a sainaithníodh. D'fhonn aon ghealltanas arna dtairiscint ag gnóthas de bhun mhír 2 den Airteagal seo a mheasúnú, déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta, ach i gcás nach gcomhlíonann gealltanais den chineál sin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha nó critéir ábhartha, tástáil mhargaidh, go háirithe maidir leis an téarmaí a thairgtear, trí dhul i mbun comhairliúchán poiblí leis na páirtithe leasmhara go háirithe na tríú páirtithe sin a mbeidh tionchar díreach orthu. Féadfaidh comhinfheisteoirí nó cuardaitheoirí rochtana barúlacha a chur ar fáil maidir leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 77, a bheith á gcomhlíonadh leis na gealltanais arna dtairiscint, mar is infheidhme, agus féadfaidh siad athrú a mholadh.
4.Maidir leis na gealltanais atá á dtairiscint faoin Airteagal seo, beidh aird faoi leith á tabhairt ag an údarás rialála náisiúnta, agus na hoibleagáidí de bhun Airteagal 77(3) á measúnú aige:
(a)ar fhianaise maidir le cineál cothrom réasúnach na ngealltanas atá á dtairiscint;
(b)a oscailte atá na gealltanais a thugtar do na rannpháirtithe margaidh uile,
(c)rochtain a bheith ar fáil go tráthúil faoi choinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, sula seolfar seirbhísí miondíola gaolmhara;
(d)leordhóthanacht fhoriomlán na ngealltanas atá á dtairiscint iomaíocht inbhuanaithe a chumasú ar mhargaí iartheachtacha agus imscaradh agus cur in úsáid comhoibríoch líonraí gigighiotáin a éascú ar mhaithe le húsáideoirí deiridh.
Agus na barúlacha uile a chuirtear in iúl sa chomhairliúchán á gcur san áireamh agus a mhéid a gcuirtear seasamh na bpáirtithe leasmhara éagsúla in iúl leis na barúlacha sin, cuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta a réamhchonclúidí in iúl don ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige maidir le cé acu a gcomhlíontar na cuspóirí, na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, agus in Airteagal 77 leis na gealltanais sin nó nach gcomhlíontar, mar is infheidhme, agus faoi na coinníollacha a bhféadfaidh sé a mheas faoi na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach. Féadfaidh an gnóthas a thairiscint tosaigh a athbhreithniú chun réamhchonclúidí an údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh agus d'fhonn na critéir a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 77, mar is infheidhme, a chomhlíonadh.
5.Féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta cinneadh a eisiúint chun na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó go páirteach.
6.De mhaolú ar Airteagal 73(6), féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach ar feadh tréimhse shonrach, b'fhéidir an tréimhse iomlán a dtairgtear iad ina leith, agus i gcás na ngealltanas comhinfheistíochta a dhéantar ceangailteach, déanfaidh sé na gealltanais sin ceangailteach ar feadh íostréimhse seacht mbliana. I gcás ina ndéanann an t‑údarás rialála náisiúnta gealltanais ceangailteach de bhun an Airteagail seo, measfaidh sé iarmhairtí an chinnidh sin d'fhorbairt mhargaidh faoi Airteagal 77 agus a iomchuí atá aon oibleagáid atá forchurtha aige nó, d'uireasa aon ghealltanais, a bheadh beartaithe aige a fhorchur seachas sin de bhun Airteagal 77 go hAirteagal 81. Agus fógra á thabhairt aige faoi dhréachtbheart ábhartha faoi Airteagal 77 i gcomhréir le Airteagal 85, déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta an cinneadh maidir le gealltanais a chur leis an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi.
7.Áiritheoidh an t‑údarás rialála náisiúnta go gcomhlíonfar na gealltanais a ndearna sé ceangailteach iad i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus déanfaidh sé faireachán agus maoirseacht ar a gcomhlíonadh, ar an dóigh chéanna a ndéanann sé faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 77 agus áiritheoidh sé go ndéanfar sin agus breithneoidh sé ar cheart síneadh a chur leo nuair a bheidh an tréimhse ama inar ndearnadh na gealltanais ceangailteach nuair a théann an tréimhse tosach in éag. I gcás ina measann an t‑údarás rialála náisiúnta nár chomhlíon gnóthas na gealltanais a rinneadh iad ceangailteach i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh sé pionóis a fhorchur ar na gnóthais sin i gcomhréir le hAirteagal 196. Gan dochar don nós imeachta lena n‑áirithítear go gcomhlíonfar oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 196 féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta athmheasúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 77.
8.Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le gnóthais a d’fhéadfadh gealltanais a thairiscint chun na bearta rialála faoi Airteagal 69 a sheachaint.
Airteagal 84
Gnóthais mhórdhíola amháin
1.Déanfaidh údarás rialála náisiúnta a ainmníonn gnóthas mar ghnóthas atá in easnamh ó aon mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí i margadh geografach ábhartha a mheastar go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i gceann amháin nó i roinnt margaí mórdhíola i gcomhréir le hAirteagal 73 a mheas an bhfuil na tréithe seo a leanas ag an ngnóthas sin:
(a)maidir leis na cuideachtaí agus na haonaid ghnó uile laistigh den ghnóthas, na cuideachtaí uile atá faoi rialú an úinéara deiridh chéanna ach nach gá go bhfuil siad faoi lánúinéireacht an úinéara deiridh chéanna agus aon scairshealbhóir atá in ann rialú a fheidhmiú ar an ngnóthas, níl de ghníomhaíochtaí acu sin uile ach gníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus atá beartaithe don todhchaí, i margaí mórdhíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus, dá bhrí sin, níl gníomhaíochtaí acu in aon mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear d’úsáideoirí deiridh sa mhargadh geografach ábhartha nó in aon mhargadh eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht an ghnóthais ar an margadh mórdhíola ábhartha;
(b)níl sé de cheangal ar an ngnóthas déileáil le gnóthas aonair agus ar leithligh a oibríonn ar bhonn iartheachtach agus atá gníomhach sa mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear d’úsáideoirí deiridh sa mhargadh geografach ábhartha agus in aon mhargadh eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht an ghnóthais ar an margadh mórdhíola ábhartha, mar gheall ar chomhaontú eisiach nó ar chomhaontú arb ionann é de facto agus comhaontú eisiach.
2.I gcás ina gcinneann an t‑údarás rialála náisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh sé a fhorchur ar an ngnóthas sin ach ceann éigin de na hoibleagáidí de bhun Airteagal 78 agus neamh-idirdhealaithe nó i ndáil le praghsáil chóir agus réasúnta, i gcás ina bhfuil údar maith leis ar bhonn anailís mhargaidh lena n‑áirítear measúnú ionchasach ar an iompar is dócha a bheidh faoin ngnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.
3.Athbhreithneoidh an t‑údarás rialála náisiúnta oibleagáidí arna bhforchur ar an ngnóthas i gcomhréir leis an Airteagal seo aon tráth má chinneann sé nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh agus cuirfidh sé Airteagal 73 agus Airteagail 77 go 83 i bhfeidhm, mar is iomchuí. Cuirfidh an gnóthas an t‑údarás rialála náisiúnta ar an eolas gan moill míchuí faoi aon athrú dálaí is ábhartha do mhír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo.
4.Athbhreithneoidh an t‑údarás rialála náisiúnta freisin na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an ngnóthas i gcomhréir leis an Airteagal seo más rud é ar bhonn fhianaise na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá tairgthe ag an ngnóthas dá chustaiméirí iartheachtacha, go measann an t‑údarás gur tháinig fadhbanna iomaíochta chun cinn, nó ar dócha go dtiocfaidh a leithéidí chun cinn, atá chun dochair do na húsáideoirí deiridh a gceanglaítear forchur ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 77 go 81 ina leith, nó gur gá na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a leasú. Déanfar forchur oibleagáidí agus a n‑athbhreithniú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 85 agus 184.
5.4.3.CAIBIDIL III: Nósanna imeachta an mhargaidh inmheánaigh um rialáil mhargaidh
Airteagal 85
An margadh inmheánach a chomhdhlúthú i réimse na cumarsáide leictreonaí
1.Agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á ndéanamh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3.
2.Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i moltaí nó i dtreoirlínte a ghlactar de bhun Airteagal 186 ar chríochnú an chomhairliúcháin phoiblí, i gcás ina bhfuil rún ag údarás rialála náisiúnta beart a dhéanamh ar beart é:
(a)atá faoi raon feidhme Airteagail 68 agus 69 agus Airteagail 71 go 84;
(b)a mbeadh tionchar aige ar thrádáil idir na Ballstáit,
foilseoidh sé an dréachtbheart agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é, faoi bhráid BEREC, agus faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta i mBallstáit eile, an tráth céanna, luafar na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 184(4). Ní fhéadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus an Coimisiún barúlacha a thabhairt ar an dréachtbheart laistigh de 30 lá oibre. Ní chuirfear síneadh leis an tréimhse 30 lá oibre.
3.Ní ghlacfar an dréachtbheart dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go ceann 90 lá oibre eile i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas d’aidhm ag an mbeart sin:
(a)margadh ábhartha a shainiú agus measúnú a dhéanamh ar a shoghabháltacht i leith rialáil ex ante de bhun Airteagal 72;
(b)a chinneadh gnóthas a ainmniú nó gan a ainmniú, ina aonar nó i gcomhpháirt le gnóthais eile, mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, faoi Airteagal 73;
(c)oibleagáid ar ghnóthas a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar agus Airteagal 69(2) nó Airteagal 77 á chur i bhfeidhm, cé is moite d’oibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagail 80 agus 81,
agus chuir an Coimisiún in iúl don údarás rialála náisiúnta go measann sé go gcruthófaí bacainn ar an margadh inmheánach leis an dréachtbheart sin nó má tá amhras dáiríre air maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais agus go háirithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Ní chuirfear síneadh leis an tréimhse 90 lá oibre sin. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta ar an eolas faoina fhorchoimeádais agus cuirfidh siad na forchoimeádais ar fáil don phobal an tráth céanna.
4.Laistigh de 30 lá oibre ó thús na tréimhse 90 lá oibre dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh BEREC tuairim a eisiúint maidir le forchoimeádais an Choimisiúin dá dtagraítear sa mhír sin, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a choinneáil ar bun, a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin. Luafar sa tuairim sin cúiseanna agus cuirfear ar fáil don phobal í.
5.I gcás ina bhfuil, ina thuairim, an t‑amhras tromchúiseach céanna, go hiomlán nó go páirteach ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, oibreoidh BEREC i gcomhar leis an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann agus leis an gCoimisiún chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a aithint.
6.Laistigh den tréimhse 90 lá oibre dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún:
(a)cinneadh a dhéanamh lena gcuirtear de cheangal ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann gan an dréachtbheart a ghlacadh i gcás ina raibh forchoimeádais an Choimisiúin bunaithe ar mhír 3, pointí (a), (b) nó (c);
(b)cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 3;
(c)i gcás dréachtbhearta atá faoi Airteagal 69(2), cinneadh a dhéanamh lena gcuirtear de cheangal ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar.
Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim BEREC sula nglacfaidh sé an cinneadh.
Beidh anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (c), a mheasann an Coimisiún nach bhfuiltear chun an dréachtbheart a ghlacadh ag gabháil leis an gcinneadh, mar aon le tograí sonracha chun é a leasú.
7.I gcás ina mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6, pointe (c), den Airteagal seo lena gcuirtear de cheangal ar an údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar, ní ghlacfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta an beart sin. Tar éis dó comhairliúchán poiblí a ghabháil de láimh i gcomhréir le hAirteagal 186, tabharfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta fógra faoi dhréachtbheart nua laistigh de 18 mí ó dháta chinneadh an Choimisiúin.
8.Ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le mír 3 agus mír 6, pointí (a) agus (c), tabharfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta lena mbaineann lánaird ar bharúlacha ó údaráis rialála náisiúnta eile, ó BEREC agus ón gCoimisiún agus féadfaidh sé an dréachtbheart a thiocfaidh as sin a ghlacadh agus, i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é. Maidir leis na bearta críochnaitheacha ar fad arna nglacadh a thagann faoi mhír 2, cuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta na bearta sin in iúl don Choimisiún agus do BEREC.
Airteagal 86
Bearta sealadacha
1.I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta gur gá gníomhú go práinneach chun iomaíocht a choimirciú nó chun leasanna na n‑úsáideoirí a chosaint, de mhaolú ar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 85, féadfaidh sé bearta comhréireacha agus sealadacha a ghlacadh láithreach, a bheidh bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta eile agus do BEREC gan mhoill, agus beidh na cúiseanna iomlána ag gabháil leis na bearta sin.
2.Tar éis don tréimhse 18 mí dul in éag, tarraingeofar siar an beart sealadach nó cuirfear beart buan ina ionad faoi réir comhairliúcháin roimh ré ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 85 agus 184.
3.Ní ghlacfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta beart sealadach chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb iomaíochta chéanna ar glacadh beart sealadach ina leith cheana féin.
6.CUID VI - SEIRBHÍSÍ
6.1.TEIDEAL I: OIBLEAGÁID SEIRBHÍSE UILÍCHE
Airteagal 87
Seirbhís uilíoch
1.Beidh na tomhaltóirí uile san Aontas i dteideal rochtain a bheith acu ar sheirbhís leordhóthanach inacmhainne rochtana idirlín agus ar sheirbhísí cumarsáide gutha de réir na cáilíochta a shonraítear ina gcríocha, ag suíomh fosaithe.
2.Déanfaidh gach Ballstát, i bhfianaise an bhandaleithid íosta atá ag formhór na dtomhaltóirí ina gcríoch, agus treoirlínte BEREC dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo á gcur san áireamh, an tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín dá dtagraítear i mír 1 a shainiú d’fhonn an bandaleithead a áirithiú lena bhfuil gá le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí.
Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus na sonraí atá ar fáil ón gCoimisiún (Eurostat) á gcur san áireamh, treoirlínte a eisiúint chun tacú leis an sainiú ar sheirbhís leordhóthanach rochtana idirlín dá dtagraítear i mír 1 agus le sonrú an bhandaleithid atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí. Tabharfar na treoirlínte cothrom le dáta go tráthrialta leis an dul chun cinn teicniúil agus le hathruithe i bpatrúin úsáide na dtomhaltóirí a léiriú.
Airteagal 88
Seirbhís uilíoch inacmhainne a sholáthar
1.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla náisiúnta eile faireachán bliantúil ar éabhlóid agus ar leibhéal praghsanna miondíola na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 87(1) a bheith ar fáil sa mhargadh, go háirithe maidir le praghsanna náisiúnta agus ioncam náisiúnta tomhaltóirí.
2.I gcás ina suífidh na Ballstáit, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, nach bhfuil praghsanna miondíola do sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 87(1) inacmhainne, toisc go dtoirmisctear ar thomhaltóirí ar ioncam íseal nó le riachtanais shóisialta shainiúla rochtain a fháil ar na seirbhísí sin, déanfaidh siad bearta chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha inacmhainne do thomhaltóirí mar sin ag suíomh fosaithe ar a laghad.
3.I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit roghanna taraifí nó pacáistí a éileamh, tairgfidh na soláthraithe uile iad. Beidh na tairiscintí sin sorochtana do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go mbíonn na coinníollacha faoina soláthraíonn gnóthais roghanna taraifí nó pacáistí go hiomlán trédhearcach agus go bhfoilsítear iad agus go gcuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na héifeachtúlachta.
Beidh sé de cheart ag tomhaltóirí atá i dteideal na roghanna taraifí nó pacáistí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo conradh a thabhairt i gcrích le soláthraí seirbhísí leordhóthanacha rochtana idirlín agus cumarsáide gutha.
Nuair a iarrann tomhaltóir amhlaidh, beidh an conradh teoranta do sheirbhísí cumarsáide gutha.
4.Tabharfaidh na Ballstáit tacaíocht, de réir mar is iomchuí, do thomhaltóirí faoi mhíchumas agus glacfaidh siad bearta sonracha eile nuair is iomchuí, d'fhonn a áirithiú go mbeidh trealamh teirminéil gaolmhar agus trealamh agus seirbhísí sonrach a chuireann feabhas ar rochtain choibhéiseach, lena n‑áirítear seirbhísí comhrá iomláin nó seirbhísí athsheachadta, ar fáil agus inacmhainne.
5.Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcur chuige is éifeachtúla agus is iomchuí maidir leis na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta á n‑urramú acu agus comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach á háirithiú acu, lena n‑áirítear rialacha iomaíochta.
Airteagal 89
Seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín, bandaleithead riachtanach, critéir agus modheolaíocht maidir leis an inacmhainneacht a shainiú
Féadfaidh an Coimisiún, agus dul chun cinn teicneolaíoch agus athruithe ar phatrúin úsáide tomhaltóirí á gcur san áireamh aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an mhodheolaíocht a chinneadh maidir leis an tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín a shainiú, lena n‑áirítear an bandaleithead atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí dá dtagraítear in Airteagal 87 i bhfianaise dálaí náisiúnta. Áireofar sna gníomhartha cur chun feidhme freisin critéir agus modheolaíocht a bheidh le breithniú ag na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhar le húdaráis inniúla eile chun a shuí cé acu atá nó nach bhfuil praghsanna miondíola na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 87(1) ina bpraghsanna inacmhainne do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta dá dtagraítear in Airteagal 88 acu.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Airteagal 90
Infhaighteacht seirbhíse uilíche
1.I gcás ina gcinnfidh Ballstát, agus torthaí an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 183 á gcur san áireamh, chomh maith le haon fhianaise bhreise i gcás inar gá, nach féidir a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 87(2) agus seirbhísí cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe faoi ghnáth-imthosca tráchtála sa chríoch náisiúnta nó i gcodanna difriúla di, úsáidfidh na Ballstáit uirlisí beartais phoiblí agus, i gcás nár soláthraíodh an éifeacht inmhianaithe le huirlisí beartais phoiblí eile, féadfaidh siad oibleagáidí seirbhíse uilíche a fhorchur chun a áirithiú go bhfreastalófar ar na hiarrataí réasúnta uile ó thomhaltóirí, micrifhiontair, fiontair bheaga agus eagraíochtaí neamhbhrabúis chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin sna codanna ábhartha dá gcríoch.
2.I gcás nár soláthraíodh an éifeacht inmhianaithe le bearta ná uirlisí beartais phoiblí eile agus ina gcinneann na Ballstáit na hoibleagáidí seirbhíse uilíche dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur, féadfaidh siad soláthar na n‑oibleagáidí sin a chur de chúram ar ghnóthas amháin nó níos mó ar fud na críche náisiúnta, nó chun codanna sonracha den chríoch náisiúnta a chumhdach.
Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcur chuige is éifeachtúla agus is iomchuí maidir leis na bearta dá dtagraítear sa mhír seo, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta á n‑urramú acu, agus comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach á háirithiú, lena n‑áirítear rialacha iomaíochta.
Airteagal 91
Rialú caiteachais agus saoráidí agus seirbhísí breise
1.Bunóidh soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín agus seirbhíse cumarsáide gutha agus saoráidí agus seirbhísí siúd á soláthar acu sa bhreis orthu dá dtagraítear in Airteagail 87, i gcomhréir le hAirteagail 87, 88 agus 90 téarmaí agus coinníollacha ar bhealach nach mbeidh ar an úsáideoir deiridh incháilithe íoc as saoráidí nó seirbhísí nach bhfuil gá leo ná nach n‑éilítear don tseirbhís a iarradh.
2.Soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha dá dtagraítear in Airteagal 87 a sholáthraíonn seirbhísí de bhun Airteagal 88, tairgfidh siad na saoráidí agus na seirbhísí sonracha seo a leanas do thomhaltóirí a thairbhíonn de bhearta de bhun Airteagal 88, de réir mar is infheidhme, sa chaoi gur féidir le tomhaltóirí faireachán a dhéanamh ar chaiteachas agus é a rialú:
(a)urchosc roghnach ar ghlaonna amach nó SMS nó MMS préimhe, nó i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cineálacha eile d'fheidhmchláir chomhchosúla;
(b)córais réamhíocaíochta;
(c)íocaíocht chéimnithe táillí ceangail;
(d)bearta comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus foilsithe, lena n‑áirithítear go dtabharfar rabhadh cuí maidir le haon bhriseadh ar an tseirbhís nó dínascadh léi mar iarmhairt, chun neamhíoc billí arna n‑eisiúint ag soláthraithe a chumhdach agus bearta chun dínascadh seirbhísí gan údar a sheachaint, lena n‑áirítear sásra iomchuí chun a sheiceáil an inspéise úsáid na seirbhíse fós;
(e)comhairle taraife;
(f)rialú costais, lena n‑áirítear foláirimh saor in aisce do thomhaltóirí i gcás patrúin tomhaltais neamhghnácha nó iomarcacha;
(g)saoráid díghníomhachtaithe billeála tríú páirtí.
Airteagal 92
Forálacha idirthréimhseacha maidir le gnóthais a ainmniú faoi Threoir (AE) 2018/1972 agus athbhreithniú ar sheirbhís uilíoch
1.Gnóthais a ainmníodh roimh [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun roghanna taraifí nó pacáistí sonracha a sholáthar nó chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe faoi Threoir (AE) 2018/1972, coinneoidh siad a stádas go dtí go rachaidh na hainmniúcháin sin in éag.
2.Déanfaidh BEREC faireachán ar an infhaighteacht agus ar an inacmhainneacht maidir le rochtain leordhóthanach idirlín agus cumarsáid ghutha i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíocha a agus foilseoidh sé, faoin 30 Meitheamh 2033, tuairim maidir leis na forbairtí sin agus maidir lena dtionchar ar chur i bhfeidhm na hinfhaighteachta agus na hinacmhainneachta.
3.Faoin 30 Meitheamh 2034, déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim BEREC á cur san áireamh aige, athbhreithniú ar raon feidhme na seirbhíse uilíche inacmhainne in Airteagal 88 agus ar infhaighteacht na seirbhíse uilíche in Airteagal 90, go háirithe d’fhonn a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go ndéanfaí an raon feidhme a athrú nó a athshainiú.
Déanfar an t‑athbhreithniú i bhfianaise forbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, lena n‑áirítear an t‑aistriú chuig snáithín optúil agus aird á tabhairt, inter alia, ar na teicneolaíochtaí atá i réim agus atá in úsáid ag tromlach na dtomhaltóirí. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe.
6.2.TEIDEAL II: ROCHTAIN OSCAILTE IDIRLÍN
Airteagal 93
Rochtain oscailte idirlín a choimirciú
1.Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t‑ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a fheidhmiú agus a úsáid, agus an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid, beag beann ar shuíomh an úsáideora dheiridh nó an tsoláthraí, ar shuíomh, ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchláir nó na seirbhíse, trína seirbhís rochtana idirlín. Tá an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta, a chomhlíonann dlí an Aontais, a bhaineann le dlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí.
2.Ní chuirfear teorainn ar fheidhmiú chearta úsáideoirí deiridh a leagtar síos i mír 1 le comhaontuithe idir soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus úsáideoirí deiridh a bhaineann le coinníollacha tráchtála agus teicniúla agus le saintréithe seirbhísí rochtana idirlín amhail praghas, toirteanna sonraí nó luas sonraí, agus aon chleachtas tráchtála arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín.
3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín cóir chomhionann ar an trácht ar fad, agus seirbhísí rochtana idirlín á soláthar, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, agus beag beann ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, ar na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó ar an trealamh teirminéil a úsáideadh.
Ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín bearta um bhainistiú tráchta réasúnta a chur chun feidhme. D’fhonn a mheas go bhfuil siad réasúnta, beidh bearta den sórt sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní bheidh siad bunaithe ar chúinsí tráchtála ach ar cheanglais cháilíochta seirbhíse chatagóirí sonracha tráchta atá éagsúil go hoibiachtúil. Le bearta den sórt sin, ní chumhdófar faireachán ar an ábhar sonrach agus ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá.
Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín bearta bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná na bearta a leagtar amach sa dara fomhír, agus go háirithe ní dhéanfaidh siad ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó cineálacha sonracha díobh sin, a bhlocáil, a mhoilliú, a athrú, cur isteach air nó orthu, a shrianadh, a dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ach amháin go feadh an méid is gá, agus do thréimhse nach faide ná mar is gá, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar faoina réir atá soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, nó bearta a chomhlíonann dlí an Aontais lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh, lena n‑áirítear orduithe ó chúirteanna nó ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha;
(b)sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear tríd an líonra sin, agus trealamh teirminéil na n‑úsáideoirí deiridh a chaomhnú;
(c)plódú líonra atá ag bagairt a chosc agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí a éiríonn as plódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra, ar choinníoll go gcuirtear cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta.
4.Ní fhéadfaidh próiseáil sonraí pearsanta bheith mar chuid d’aon beart bainistithe tráchta ach amháin má tá próiseáil den sórt sin riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach. Déanfar próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Comhlíonfaidh bearta bainistithe tráchta Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freisin.
5.Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, beidh an tsaoirse acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana idirlín atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí le haghaidh leibhéal sonrach cáilíochta a bhaint amach. Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, ní fhéadfaidh siad seirbhísí den sórt sin a thairiscint nó a éascú ach amháin i gcás ina bhfuil dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhís rochtana idirlín a sholáthraítear. Ní bheidh seirbhísí den sórt sin inúsáidte ná ní thairgfear iad in ionad seirbhísí rochtana idirlín, agus ní dhéanfar dochar leo d’infhaighteacht seirbhísí rochtana idirlín ná dá gcaighdeán ginearálta d’úsáideoirí deiridh.
6.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtabharfar tuairisc mhionsonraithe ar na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le seirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín a thairiscint, ar seirbhísí iad atá barrfheabhsaithe d’inneachar sonrach, d’fheidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó do mheascán díobh sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Airteagal 94
Rochtain oscailte idirlín a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú
1.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh Airteagal 93 agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar é, agus déanfaidh siad fáil leanúnach ar sheirbhísí rochtana idirlín neamh-idirdhealaitheacha a chur chun cinn ar leibhéil cháilíochta a léiríonn an dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta. Chun na gcríoch sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais maidir le saintréithe teicniúla agus íoscheanglais maidir le cáilíocht na seirbhíse agus bearta eile is iomchuí agus is gá a fhorchur ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín.
2.Soláthróidh soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana idirlíon, gach 2 bhliain, d’údaráis rialála náisiúnta, faisnéis atá ábhartha do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 93, go háirithe faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus trácht a líonra a bhainistiú, chomh maith le údair le haon bheart bainistithe tráchta a chuirtear i bhfeidhm.
3.Comhroinnfidh údaráis rialála náisiúnta nuashonruithe le BEREC maidir lena bpríomhchleachtais agus maidir le torthaí náisiúnta a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2. Bunaithe ar an bhfaisnéis ó na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh BEREC, faoi 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 2 bhliain dá éis sin, tuarascáil a fhoilsiú maidir leis na príomhchleachtais agus na príomhthorthaí a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon san Aontas.
4.Faoin [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, teimpléad coiteann a fhoilsiú a bheidh le húsáid chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 a bhailiú.
5.Tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, eiseoidh BEREC treoirlínte maidir le cur chun feidhme oibleagáidí na n‑údarás rialála náisiúnta faoin Airteagal seo. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe sna treoirlínte freisin maidir leis na paraiméadair ábhartha i leith cáilíocht seirbhíse le haghaidh seirbhísí rochtana idirlín, lena n‑áirítear paraiméadair i leith an tsásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 97(4), an dara fomhír, paraiméadair atá ábhartha d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na modhanna tomhais is infheidhme, inneachar agus formáid na faisnéise, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III agus inneachar agus formáid an fhoilsithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV, agus sásraí deimhniúcháin cáilíochta. Áireofar paraiméadair le haghaidh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí sna paraiméadair ábhartha d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas freisin.
Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta treoirlínte BEREC san áireamh agus na hoibleagáidí maidir le cáilíocht seirbhíse á bhforfheidhmiú acu.
6.3.TEIDEAL III: CEARTA AN ÚSÁIDEORA DEIRIDH
6.3.1.CAIBIDIL I Cearta Tomhaltóirí
Airteagal 95
Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí
1.Sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal ag conradh nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, agus sa bhreis ar cheanglais de bhun Threoir 2011/83/AE, déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a sholáthar, a mhéid a bhaineann an fhaisnéis sin le seirbhís a sholáthraíonn siad.
Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar bhealach soiléir cuimsitheach ar mheán buanfasach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2011/83/AE nó, i gcás nach mbíonn a leithéid indéanta, i ndoiciméad ar furasta é a íoslódáil a chuirfidh an soláthraí ar fáil. Déanfaidh an soláthraí aird an tomhaltóra a tharraingt, go sainráite, ar infhaighteacht an doiciméid sin agus ar a thábhachtaí atá sé é a íoslódáil chun críoch doiciméadúcháin, mar phointe tagartha amach anseo, agus chun go n‑atáirgfear gan athrú é.
Soláthrófar an fhaisnéis, arna iarraidh sin, i bhformáid inrochtana d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
2.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí achoimre bheacht sholéite den chonradh a sholáthar do thomhaltóirí. Sainaithneofar san achoimre sin príomheilimintí na gceanglas faisnéise i gcomhréir le mír 1. Beidh sna príomheilimintí sin:
(a)ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil, faisnéis teagmhála le haghaidh gearán;
(b)na príomhghnéithe de gach seirbhís a sholáthraítear;
(c)na praghsanna faoi seach chun an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus maidir le haon mhuirear athfhillteach nó a bhaineann le tomhaltas, i gcás ina soláthraítear an tseirbhís ar íocaíocht dhíreach airgeadaíochta;
(d)ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh;
(e)a mhéid atá na táirgí agus na seirbhísí ceaptha d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;
(f)maidir le seirbhísí rochtana idirlín, achoimre ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun pointí (d) agus (e) Roinn 5 de Iarscríbhinn III.
D’fhéadfadh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú a bheidh le húsáid ag soláthraithe chun a n‑oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Déanfaidh soláthraithe atá faoi réir na n‑oibleagáidí faoi mhír 1 an teimpléad sin le haghaidh achoimre den chonradh a líonadh isteach go cuí leis an bhfaisnéis lena bhfuil gá agus an achoimre den chonradh a sholáthar saor in aisce do thomhaltóirí, sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, lena n‑áirítear cianchonarthaí. Más rud é, ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla, nach féidir an achoimre den chonradh a sholáthar an tráth sin, soláthrófar í gan moill mhíchuí dá éis sin agus sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag conradh nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach.
3.Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ina cuid dhílis den chonradh agus ní dhéanfar í a athrú ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe conarthacha sin go sainráite.
4.I gcás inar chomhlíon an soláthraí na ceanglais faisnéise i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais faisnéise in Airteagal 5(1)(a) nó Airteagal 6(1)(a), Airteagal 5(1)(b) nó Airteagal 6(1)(b) agus 6(1)(c), Airteagal 5(1)(c) nó Airteagal 6(1)(e), Airteagal 5(1)f, Airteagal 6(1)(o) agus 6(1)(p) agus sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) de Threoir 2011/83/AE.
5.I gcás ina ndéantar seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a bhilleáil ar bhonn ama nó ar bhonn thoirt an tomhaltais, tairgfidh a soláthraithe na seirbhísí sin do thomhaltóirí saoráid lena mbeidh siad in ann faireachán agus rialú a dhéanamh ar úsáid agus ar chostas an dá sheirbhís sin. Áireofar sa tsaoráid sin rochtain ar fhaisnéis thráthúil ar leibhéil tomhaltais na seirbhísí atá san áireamh i bplean taraife. Go háirithe, tabharfaidh soláthraithe fógra do thomhaltóirí sula sroichfear aon teorainn tomhaltais ina bplean taraife agus nuair a bheidh seirbhís ina bplean taraife tomhailte go hiomlán.
6.Tairgfidh soláthraithe an bunleibhéal de bhillí mionsonraithe, i gcás inarb infheidhme, do thomhaltóirí saor in aisce chun go mbeidh na tomhaltóirí in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)na muirir a tabhaíodh, in úsáid seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, a fhíorú agus a rialú;
(b)faireachán leormhaith a dhéanamh ar a n‑úsáid agus a gcaiteachas agus leis sin leibhéal réasúnach rialaithe a choinneáil ar a mbillí.
I dtaca le huimhreacha ardráta, luafar go sainráite ar bhillí miondealaithe den sórt sin céannacht an tsoláthróra agus fad na seirbhísí sin a ngearrtar táille ina leith murab é go n‑iarrann an tomhaltóir nach ndéanfaí amhlaidh.
Ní gá glaonna atá saor in aise do na húsáideoirí deiridh atá ag glaoch, lena n‑áirítear glaonna chuig línte cabhrach, ní gá iad a shainaithint i mbille mionsonraithe an tomhaltóra atá ag glaoch.
Beidh sé de cheart ag tomhaltóirí billí neamh-mhionsonraithe a fháil. Déanfar cearta tomhaltóirí a fhaigheann billí mionsonraithe a réiteach leis an gceart chun príobháideachais atá ag tomhaltóirí is glaoiteoir agus ag tomhaltóirí ar glaodh orthu, lena n‑áirítear trí áirithiú go bhfuil modhanna cumarsáide nó íocaíochtaí malartacha leordhóthanacha chun príobháideachas a fheabhsú ar fáil do thomhaltóirí den sórt sin.
7.Ní choinneoidh na Ballstáit forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad a imíonn ón Airteagal seo, lena n‑áirítear forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna chun leibhéal cosanta difriúil a áirithiú. Tá an méid sin gan dochar do cheart na mBallstát forálacha maidir le saoráidí breise a choinneáil faoi Threoir (AE) 2018/1972.
Airteagal 96
Trédhearcacht
1.I gcás ina gcuireann soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí soláthar na seirbhísí sin do thomhaltóirí faoi réir téarmaí agus coinníollacha, foilseoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo ar bhealach soiléir, cuimsitheach, meaisín-inléite agus i bhformáid inrochtana d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
2.Ní choinneoidh na Ballstáit forálacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad a imíonn ón Airteagal seo, lena n‑áirítear forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna chun leibhéal cosanta difriúil a áirithiú.
Airteagal 97
Ré agus foirceannadh conartha
1.Ní bheidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun conradh a fhoirceannadh ina ndídhreasú chun soláthraí seirbhíse a athrú. Maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir agus seachas seirbhísí tarchuir a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, ní thabharfar sainordú maidir le tréimhse gealltanais níos faide ná 24 mhí sna conarthaí sin. Tá an méid sin gan dochar do cheart na mBallstát forálacha a choinneáil lena dtugtar sainordú maidir le huastréimhsí gealltanais níos giorra le haghaidh conarthaí.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le ré conartha tráthchoda i gcás inar aontaigh an tomhaltóir i gconradh ar leithligh go ndéanfaí íocaíochtaí tráthchodanna go heisiach chun nasc fisiceach a dhéanamh go háirithe le líonraí gigighiotáin. Ní áireofar, i gconradh tráthchoda le haghaidh nasc fisiceach a dhéanamh, trealamh teirminéil, amhail ródaire nó móideim, agus ní chuirfear cosc ar na tomhaltóirí a gcearta faoi mhíreanna 2 agus 6 a fheidhmiú.
2.I gcás ina bhforálfar le conradh nó leis an dlí náisiúnta go ndéanfar conradh a fhadú go huathoibríoch, i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, mar aon le seirbhísí eile tarchuir a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, tá tomhaltóirí i dteideal, tar éis an fhadaithe sin, an conradh a fhoirceannadh am ar bith má thugann siad fógra darb uasfhad aon mhí amháin, agus gan aon chostas a thabhú seachas na muirir as an tseirbhís a fháil le linn na tréimhse fógra. Sula bhfadaítear an conradh go huathoibríoch, cuirfidh na soláthraithe na tomhaltóirí ar an eolas, ar bhealach tráthúil, feiceálach agus ar mheán buanfasach, faoi dheireadh an ghealltanais chonarthaigh agus faoin modh ar féidir an conradh a fhoirceannadh. Ina theannta sin, agus an tráth céanna, déanfaidh na soláthraithe comhairle maidir leis an taraif is fearr a thabhairt don tomhaltóir i dtaca lena gcuid seirbhísí.
3.Beidh sé de cheart ag tomhaltóirí a gconradh a fhoirceannadh gan aon chostas breise a tharraingt orthu féin ach a bhfaighe siad fógra faoi aon athrú ar choinníollacha an chonartha arna moladh ag soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, ach amháin i gcás gur chun leas eisiach an tomhaltóra na hathruithe sin, gur de chineál riaracháin amháin iad agus nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an tomhaltóir nó gurb de bhun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a fhorchuirtear iad.
Tabharfaidh na soláthraithe fógra do thomhaltóirí, mí amháin roimh ré ar a laghad, faoi aon athrú ar na coinníollacha conarthacha agus cuirfidh siad ar an eolas iad go comhuaineach faoina gceart an conradh a fhoirceannadh gan tuilleadh costas a thabhú mura nglacann siad leis na coinníollacha nua. An ceart chun an conradh a fhoirceannadh, féadfar sin a fheidhmiú laistigh d’aon mhí amháin tar éis fógra a fháil. Tabharfar an fógra ar bhealach soiléir sothuigthe ar mheán marthanach.
4.Aon neamhréir shuntasach, a leanann ar aghaidh nó a tharlaíonn go minic, idir feidhmíocht iarbhír seirbhíse cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhís rochtana idirlín nó seachas seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, agus an fheidhmíocht a léirítear sa chonradh, measfar gur bonn sin chun na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a ghníomhachtú, lena n‑áirítear an ceart chun an conradh a fhoirceannadh saor ó chostas.
Maidir le seirbhís rochtana idirlín, i dtaca le haon neamhréireacht mhór, atá leanúnach nó a athfhilleann go tráthrialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana idirlín maidir le luas nó le paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus feidhmíocht na seirbhíse rochtana idirlín arna cur in iúl ag an soláthraí seirbhísí rochtana idirlín i gcomhréir le pointí (a) go (d) de Chuid 5 d’Iarscríbhinn III, i gcás ina suífidh an sásra faireacháin arna sonrú i dTreoirlínte BEREC dá dtagraítear in Airteagal 94(5) agus arna deimhniú ag údarás náisiúnta rialála, na fíricí ábhartha, measfar í a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a ghníomhachtú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
5.I gcás ina mbíonn sé de cheart ag tomhaltóir conradh a fhoirceannadh le seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir roimh dheireadh na tréimhse comhaontaithe conartha de bhun an Rialacháin seo, nó de bhun fhorálacha eile i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, ní dhlífear aon chúiteamh ar an tomhaltóir seachas i dtaca le trealamh teirminéil a fuair fóirdheontas agus a coinníodh.
I gcás ina roghnaíonn an tomhaltóir trealamh teirminéil a choinneáil, atá cuachta ag an am a dtugtar an conradh i gcrích, ní rachaidh aon chúiteamh a dhlitear thar a luach pro rata temporis mar a comhaontaíodh sin an t‑am ar tugadh an conradh i gcrích nó thar luach a bhfuil fanta den táille seirbhíse go dtí deireadh an chonartha, cibé acu sin is lú.
Aon choinníoll maidir le trealamh teirminéil a úsáid ar líonraí eile, cuirfidh an soláthraí deireadh leis saor in aisce an tráth a n‑íocfar an cúiteamh ar a dhéanaí.
6.Ní choinneoidh na Ballstáit forálacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad a imíonn ón Airteagal seo, lena n‑áirítear forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna chun leibhéal cosanta difriúil a áirithiú. Tá an méid sin gan dochar do cheart na mBallstát na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil.
Airteagal 98
Tairiscintí cuachta
1.I gcás ina mbíonn i gcuach seirbhísí nó i gcuach seirbhísí móide trealamh teirminéil arna dtairiscint don tomhaltóir ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, beidh feidhm ag Airteagal 95(2), Airteagal 96(1), Airteagal 97 agus Airteagal 100(1) i leith na cuaiche lena n‑áirítear, mutatis mutandis, i leith na n‑eilimintí sin nach gcuimsítear thairis sin sna forálacha sin.
2.I gcás ina bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir, faoi dhlí an Aontais, nó faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, aon eilimint den chuach sin dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, sula dté in éag téarma an chonartha a comhaontaíodh de dheasca easpa comhréireachta leis an gconradh nó easpa soláthair, beidh sé de cheart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i ndáil le gach eilimint den chuach.
3.Aon síntiús le seirbhísí breise nó le trealamh teirminéil a sholáthraíonn nó a dháileann an soláthraí céanna seirbhísí rochtana idirlín, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil don phobal, ní fhadófar, leis an síntiús sin, ré bunaidh an chonartha a gcuirtear na seirbhísí nó an trealamh teirminéil sin leis, mura rud é go gcomhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite nuair a ghlacann sé síntiús leis na seirbhísí breise nó leis an trealamh breise teirminéil.
4.Ní choinneoidh na Ballstáit forálacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad a imíonn ón Airteagal seo, lena n‑áirítear forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna chun leibhéal cosanta difriúil a áirithiú.
Airteagal 99
Cearta do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide nó eagraíochtaí seachbhrabúsacha
Beidh feidhm ag Airteagal 95, Airteagal 97(1), Airteagal 98(1) agus Airteagal 98(3) freisin maidir le húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair nó eagraíochtaí seachbhrabúsacha iad, mura rud é gur aontaigh siad go sainráite na cearta uile nó codanna de na cearta a leagtar síos sna forálacha sin a tharscaoileadh. Beidh feidhm ag Airteagal 97(2), Airteagal 97(3) agus Airteagal 97(5) freisin maidir le húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide nó eagraíochtaí seachbhrabúsacha iad, mura rud é gur aontaigh siad go sainráite na cearta uile nó cuid de na cearta a leagtar síos sna forálacha sin a tharscaoileadh.
6.3.2.CAIBIDIL II: Cearta úsáideoirí deiridh
Airteagal 100
An soláthraí a mhalartú agus inaistritheacht uimhreacha
1.I gcás malartú idir soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, tabharfaidh an soláthraí lena mbaineann eolas leordhóthanach don úsáideoir deiridh sula ndéanfar malartú agus lena linn, agus déanfaidh sé leanúnachas na seirbhíse rochtana idirlín a áirithiú, mura rud é nach mbeidh sé sin indéanta go teicniúil. Áiritheoidh an soláthraí fála go ngníomhachtófar an tseirbhís rochtana idirlín a luaithe is féidir ar an dáta, agus laistigh den achar ama a chomhaontaítear go sainráite leis an úsáideoir deiridh. Leanfaidh an soláthraí aistritheach dá seirbhís rochtana idirlín a chur ar fáil ar na téarmaí céanna go dtí go ngníomhachtaíonn an soláthraí fála a sheirbhís rochtana idirlín. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an aistrithe níos faide ná aon lá oibre amháin.
Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go mbeidh an próiseas malartaithe éifeachtúil agus simplí don úsáideoir deiridh.
2.Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh a bhfuil uimhreacha acu ón bplean uimhriúcháin náisiúnta a n‑uimhreacha a choinneáil, arna iarraidh sin, go neamhspleách ar an ngnóthas a sholáthraíonn an tseirbhís. Beidh feidhm ag an gceart sin:
(a)i gcás uimhreacha geografacha, ag suíomh ar leith;
(b)i gcás uimhreacha neamhgheografacha, ag aon suíomh.
Níl feidhm ag an gceart a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le haistriú uimhreacha idir líonraí a sholáthraíonn seirbhísí ag suíomh fosaithe agus líonraí móibíleacha.
3.I gcás ina ndéanfaidh an t‑úsáideoir deiridh conradh a fhoirceannadh beidh sé de cheart ag an t‑úsáideoir deiridh uimhir a aistriú ón bplean uimhriúcháin náisiúnta chuig an soláthraí céanna nó chuig soláthraí eile go ceann tréimhse aon mhí ar a laghad tar éis dháta an fhoirceanta, mura rud é go dtréigfidh an t‑úsáideoir deiridh an ceart sin.
4.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfuil praghsáil i measc na soláthraithe a bhaineann le soláthar na hinaistritheachta uimhreacha dírithe ar chostas, agus nach ngearrfar aon táille go díreach ar na húsáideoirí deiridh.
5.Maidir le haistriú uimhreacha agus a ngníomhachtú ina dhiaidh sin, déanfar sin laistigh den tréimhse is giorra is féidir ar an dáta a chomhaontaítear go sainráite leis an úsáideoir deiridh. I gcás ar bith maidir le húsáideoirí deiridh a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu maidir le huimhir a aistriú go soláthraí nua, déanfar an uimhir sin a ghníomhachtú laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis an dáta a chomhaontaítear leis an úsáideoir deiridh. I gcás ina dteipeann ar an bpróiseas aistrithe, déanfaidh an soláthraí aistritheach uimhir agus seirbhísí gaolmhara an úsáideora deiridh a ghníomhachtú an athuair nó go n‑éirí leis an aistriú. Leanfaidh an soláthraí aistritheach dá sheirbhísí a chur ar fáil ar na téarmaí agus coinníollacha céanna go dtí go ngníomhachtaítear seirbhísí an tsoláthraí fála. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an mhalartaithe agus an aistrithe, i gcás ar bith, níos faide ná aon lá oibre amháin. Áiritheoidh oibreoirí a bhfuil a gcuid líonraí rochtana á n‑úsáid ag an soláthraí aistritheach nó ag an soláthraí fála, nó ag an mbeirt acu, nach gcaillfear an tseirbhís ar bhealach a chuirfeadh moill ar phróiseas an mhalartaithe agus an aistrithe.
6.Is é an soláthraí faighte a bheidh i gceannas ar phróisis an mhalartaithe agus an aistrithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 5 agus comhoibreoidh an soláthraí faighte agus an soláthraí aistrithe le chéile de mheon macánta. Ní chuirfidh siad moill ar phróiseas an mhalartaithe ná ar phróiseas an aistrithe ná ní mhí-úsáidfidh siad na próisis sin ná ní aistreoidh siad uimhreacha ná ní mhalartóidh siad úsáideoirí deiridh gan toiliú sainráite na n‑úsáideoirí deiridh a fháil. Déanfar conarthaí na n‑úsáideoirí deiridh leis an soláthraí aistritheach a fhoirceannadh go huathoibríoch nuair a bheidh próiseas an mhalartaithe tugtha i gcrích.
Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a ghlacadh ina sonrófar mionsonraí na bpróiseas malartaithe agus aistrithe, agus an indéantacht theicniúil agus an gá atá le leanúnachas seirbhíse a choinneáil ar bun do na húsáideoirí deiridh á gcur san áireamh. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe sna treoirlínte freisin ar phróiseas cúitimh na n‑úsáideoirí deiridh atá ag a soláthraithe i gcás moilleanna ar phróisis aistrithe agus malartaithe, ina mbaintear mí-úsáid as na próisis sin, ina gcailltear coinní seirbhíse agus suiteála nó i gcás ina mainníonn an soláthraí na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta mionsonraí na bpróiseas malartaithe agus aistrithe a leagan síos agus treoirlínte BEREC á gcur san áireamh acu. Áireofar ar an méid sin, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ceanglas go dtabharfar an t‑aistriú chun críche trí sholáthar thar an líonra, mura rud é go n‑iarrfaidh úsáideoir deiridh a mhalairt.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta bearta iomchuí freisin lena n‑áiritheofar go gcuirtear úsáideoirí deiridh ar an eolas agus go ndéantar iad a chosaint, ar bhonn leordhóthanach, le linn phróisis an mhalartaithe agus an aistrithe agus nach ndéantar iad a mhalartú chuig soláthraí eile gan toiliú uathu.
Déanfaidh soláthraithe aistritheacha, arna iarraidh sin, aon chreidmheas atá fágtha a aisíoc leis na tomhaltóirí trí sheirbhísí réamhíoctha a úsáid. Ní fhéadfaidh an aisíocaíocht a bheith faoi réir táille ach amháin i gcás ina bhforáiltear sin sa chonradh. Beidh aon táille den sórt sin i gcomhréir agus ar cóimhéid leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an soláthraí aistritheach tríd an aisíocaíocht a thairiscint.
7.Ní choinneoidh na Ballstáit forálacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad a imíonn ón Airteagal seo, lena n‑áirítear forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna chun leibhéal cosanta difriúil a áirithiú. Tá an méid sin gan dochar do cheart na mBallstát rialacha a ghlacadh nó a choinneáil maidir le cúiteamh na n‑úsáideoirí deiridh ag a soláthraithe i gcás ina mainníonn soláthraí na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh, agus i gcás moilleanna ar phróisis aistrithe agus malartaithe chomh maith, nó cásanna ina mbaintear mí-úsáid as na próisis sin, agus ina gcailltear coinní seirbhíse agus suiteála.
Airteagal 101
Micrifhiontair áirithe a dhíolmhú
Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo, cé is moite d’Airteagal 102, maidir le micrifhiontair a chuireann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ar fáil ach amháin, má chuireann siad seirbhísí cumarsáide leictreonacha eile ar fáil.
Sula dtabharfar conradh i gcrích, cuirfidh micrifhiontar a thairbhíonn de dhíolúine den sórt sin úsáideoirí deiridh ar an eolas faoin díolúine faoin gcéad mhír.
Airteagal 102
Neamh-idirdhealú
Ní dhéanfaidh soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí aon cheanglas ná aon choinníoll ginearálta difriúil maidir le rochtain ar líonraí nó ar sheirbhísí nó maidir lena n‑úsáid a chur i bhfeidhm d’úsáideoirí deiridh, ach amháin má tá údar leis laistigh de theorainneacha dhlí an Aontais.
6.3.3.CAIBIDIL III: Saoráidí agus feidhmiúlachtaí d’úsáideoirí deiridh
Airteagal 103
Úsáideoirí deiridh a chosaint ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha
1.Rachaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta chun bearta éifeachtacha a shainaithint chun cosc a chur ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéantar trí úsáid a bhaint as na seirbhísí sin, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann difear d’úsáideoirí deiridh, agus comhlíonadh iomlán reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta á áirithiú an tráth céanna.
2.Baileoidh OLD faisnéis ó údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara ábhartha Eorpacha agus domhanda, lena n‑áirítear EUROPOL agus ENISA, maidir leis na gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéantar trí úsáid a bhaint as na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí sin ar de chineál trasteorann iad.
3.Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus le ENISA, eiseoidh BEREC treoirlínte maidir le bearta teicniúla agus dlíthiúla a d’fhéadfadh úsáideoirí deiridh a chosaint go héifeachtach ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha san Aontas, go háirithe bearta a bhraitheann ar chumhachtú údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil uimhreacha agus seirbhísí a bhlocáil de bhun Airteagal 52(2). Glacfar na chéad treoirlínte BEREC den sórt sin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh BEREC na treoirlínte cothrom le dáta nuair is gá, ach ar a laghad gach 2 bhliain tar éis a nglactha.
4.Glacfaidh údaráis inniúla náisiúnta bearta lena gcoiscfear gníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéantar trí úsáid a bhaint as na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, trí na treoirlínte arna n‑eisiúint faoi mhír 3 a chur san áireamh.
5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 198 lena bhforlíontar mír 3 den Airteagal seo maidir leis na bearta is gá chun éifeachtacht, comhordú agus comhlántacht na mbeart coiscthe calaoise laistigh den Aontas a áirithiú.
Airteagal 104
Beolínte maidir le leanaí atá ar iarraidh agus agus uimhir chabhrach do leanaí
1.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe go mbeidh rochtain saor in aisce ag úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, ar an tseirbhís a oibríonn beolíne chun cásanna leanaí atá ar iarraidh a thuairisciú. Agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, beidh rochtain saor in aisce ag úsáideoirí deiridh ar sheirbhís na tíre a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi. Beidh an bheolíne ar fáil ag an uimhir ‘116000’.
2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go leithdháilfidh an t‑údarás nó an gnóthas dár sannadh an uimhir ‘116000’ na hacmhainní riachtanacha chun an bheolíne a oibriú.
3.Nuair is iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dtabharfar go leor faisnéise d’úsáideoirí deiridh faoi na huimhreacha ‘116000’ agus ‘116111’ a bheith ann agus faoi úsáid na seirbhísí a sholáthraítear faoi na huimhreacha sin.
Airteagal 105
Faisnéis ar mhaithe le leas an phobail a dháileadh
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, faisnéis ar mhaithe le leas an phobail a dháileadh saor in aisce d'úsáideoirí deiridh atá ann cheana agus atá nua, i gcás inarb iomchuí, trí na modhanna a úsáideann siad de ghnáth ina gcumarsáid le húsáideoirí deiridh. Soláthróidh na húdaráis phoiblí ábhartha faisnéis ar mhaithe le leas an phobail i bhformáid chaighdeánaithe agus cumhdófar inti na topaicí seo a leanas ar a laghad:
(a)úsáidí seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun inneachar díobhálach a scaipeadh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’urramú na gceart agus na saoirsí atá ag daoine eile an chirt go gcosnófaí sonraí pearsanta, cóipcheart agus cearta gaolmhara;
(b)na modhanna cosanta ar rioscaí do shlándáil phearsanta, do phríobháideachas agus do shonraí pearsanta agus seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí á n‑úsáid, lena n‑áirítear cosaint ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha a dhéantar trí úsáid a bhaint as na seirbhísí sin.
Airteagal 106
Cumarsáid éigeandála agus an uimhir éigeandála aonair Eorpach
1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí rochtain ar sheirbhísí éigeandála a sholáthar d’úsáideoirí deiridh trí chumarsáid éigeandála, a dtugtar sainordú ina leith ag an mBallstát. Soláthrófar an chumarsáid éigeandála sin saor in aisce agus gan an riachtanas aon mhodh íocaíochta a úsáid, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ agus aon uimhir náisiúnta éigeandála a shonraíonn na Ballstáit.
Áiritheoidh soláthraithe cumarsáide éigeandála gur féidir le PFSPanna úsáideoirí deiridh a thionscnaíonn an chumarsáid éigeandála a ghlao ar ais, nó cumarsáid idirphearsanta a thionscnamh trí úsáid a bhaint as an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta chéanna leis an tseirbhís ar a ndearnadh teagmháil leo, saor in aisce, agus i gcás nach bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch, ar phraghas miondíola nach mó ná praghas miondíola intíre an tsoláthraí a fhreastalaíonn ar an PFSP.
Féadfaidh na Ballstáit sainordú a thabhairt maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála ó sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ar choinníoll go bhfágann an córas náisiúnta PFSP gur féidir ródú chuig an PFSP is iomchuí agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fháil.
Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil go poiblí ach a chumasaíonn glaonna chuig líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, áiritheoidh siad rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí úsáid a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ nuair nach bhfuil rochtain mhalartach éasca ar sheirbhísí éigeandála ar fáil.
2.Tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis ghlacadh an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 8, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húsáideoirí deiridh cumarsáid éigeandála a thionscnamh trí bhíthin feidhmchlár móibíleach in éineacht le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití arna n‑eisiúint faoi Rialachán (AE) 910/2014.
3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta dá dtagraítear i mír 1 na bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun cumarsáid éigeandála éifeachtach a áirithiú, dá n‑úsáideoirí deiridh agus iad ag taisteal laistigh den Aontas.
4.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta agus córais náisiúnta PFSP go ndéanfar cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú chuig an PFSP is iomchuí gan mhoill. Áiritheoidh eagraíochtaí náisiúnta PFSP go bhfreagrófar agus go láimhseálfar go hiomchuí an chumarsáid éigeandála uile, lena n‑áirítear nuair a úsáidfear an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’.
5.Áiritheoidh soláthraithe dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála agus go mbeidh an rochtain sin coibhéiseach leis an rochtain atá ag úsáideoirí deiridh eile, lena n‑áirítear trí Threoir (AE) 2019/882 a chomhlíonadh.
Agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála á sainordú acu trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, áiritheoidh na Ballstáit, faoi réir na féidearthachta teicniúla, go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil seo a leanas:
(a)go gcumasóidh cumarsáid éigeandála cumarsáid idirghníomhach dhá threo idir an t‑úsáideoir deiridh faoi mhíchumas agus an PFSP;
(b)go mbeidh cumarsáid éigeandála ar fáil ar bhealach rianúil, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas atá ag taisteal laistigh den Aontas;
(c)go soláthrófar cumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas saor in aisce;
(d)go ndéanfar cumarsáid éigeandála a ródú gan mhoill chuig an PFSP is iomchuí atá cáilithe agus feistithe chun cumarsáid éigeandála ó úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a fhreagairt agus a phróiseáil go hiomchuí;
(e)go n‑áiritheofar leibhéil choibhéise cruinnis agus iontaofachta faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora do chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas mar atá do ghlaonna éigeandála ó úsáideoirí deiridh eile;
(f)go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta an leibhéal céanna feasachta, ar a laghad, faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a bhaint amach agus a bhaineann úsáideoirí deiridh eile faoi ghlaonna éigeandála ar ‘112’ amach, trí na modhanna rochtana a dhearadh nó trí bhearta múscailte feasachta.
6.Áiritheoidh na soláthraithe cumarsáide éigeandála go gcuirtear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil don PFSP is iomchuí gan mhoill tar éis do chumarsáid éigeandála a bheith curtha ar bun. Áireofar leis sin faisnéis líonrabhunaithe faoin suíomh agus, i gcás ina gcuireann an gaireas trealaimh raidió ar fáil í lena tarchur, faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe. Déanfaidh soláthraithe cumarsáide éigeandála a áirithiú go bhfuil bunú agus tarchur na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora saor in aisce don úsáideoir deiridh agus don PFSP maidir le gach cumarsáid éigeandála chuig an uimhir éigeandála Eorpach ‘112’. Áiritheoidh eagraíochtaí PFSP go bhfuil na bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fháil agus a phróiseáil. Féadfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí sin a leathnú chun gach cumarsáid éigeandála chuig uimhreacha éigeandála náisiúnta a chlúdach.
7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar úsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta, agus úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, a chur ar an eolas a ndóthain faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’, faoi na modhanna rochtana d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas chomh maith. Soláthrófar an fhaisnéis sin i bhformáidí inrochtana, lena dtabharfar aghaidh ar chineálacha difriúla míchumas, i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882. Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíocht na mBallstát agus comhlánóidh siad í.
8.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 198 lena bhforlíontar míreanna 1, 2, 3, 5 agus 6 den Airteagal seo trí na bearta is gá a leagan síos chun cumarsáid éigeandála éifeachtach a áirithiú san Aontas maidir le sonraíochtaí teicniúla chun go bhféadfar cumarsáid éigeandála a thionscnamh trí fheidhmchlár móibíleach in éineacht le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, critéir chomhchuibhithe Eorpacha maidir le suíomh an ghlaoiteora, rochtain choibhéiseach d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PFSP is iomchuí.
9.Tuairisceoidh na Ballstáit do OLD na huimhreacha E.164 chun teagmháil a dhéanamh le córais PFSP an Bhallstáit. Déanfaidh BEREC, le cúnamh ó OLD, bunachar sonraí a bhunú agus a choinneáil ar bun de na huimhreacha sin a úsáidfidh córais PFSP an Bhallstáit sin chun teagmháil a dhéanamh le chéile ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.
Airteagal 107
Rabhaidh phoiblí a tharchur
1.Tarchuirfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe móibíleacha rabhaidh phoiblí chuig na húsáideoirí deiridh lena mbaineann, tríd an teicneolaíocht a bhfuil sainordú tugtha ina leith ag na Ballstáit ina soláthraíonn siad an tseirbhís, sna limistéir gheografacha a bhféadfadh garéigeandálaí agus garthubaistí móra nó éigeandálaí agus tubaistí móra atá ag teacht chun cinn difear a dhéanamh dóibh le linn na tréimhse rabhaidh, de réir mar a chinnfidh na húdaráis inniúla.
2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos forálacha teicniúla a bhaineann le rabhaidh phoiblí a tharchur trí bhíthin feidhmchlár móibíleach in éineacht le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití arna n‑eisiúint faoi Rialachán (AE) 910/2014 chuig na húsáideoirí deiridh uile lena mbaineann, lena n‑áirítear úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(3).
3.Áiritheoidh na Ballstáit, bliain amháin tar éis an chéad ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh faoi mhír 3 den Airteagal seo, go dtarchuirfear rabhaidh phoiblí chuig na húsáideoirí deiridh uile lena mbaineann trí bhíthin feidhmchlár móibíleach freisin in éineacht le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití arna n‑eisiúint de bhun Rialachán (AE) 910/2014.
Airteagal 108
Aitheantas glaoiteora, líne nasctha agus aitheantas tionscnaimh a léiriú agus a shrianadh
1.Soláthróidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí nó seirbhísí rochtana idirlín aitheantas glaoiteora nó tionscnaimh.
Áiritheoidh siad go mbeidh an páirtí tionscnóra in ann, trí úsáid a bhaint as modh simplí agus saor in aisce, léiriú an aitheantais glaoiteora nó tionscnaimh a chosc ag pointe foirceanta a gcumarsáide gutha in aghaidh na cumarsáide.
2.Áiritheoidh an líonra nó an soláthraí seirbhíse go bhfuil an páirtí is faighteoir in ann, trí úsáid a bhaint as modh simplí agus saor in aisce chun úsáid réasúnach a bhaint as an bhfeidhm sin, cosc a chur ar léiriú an aitheantais glaoiteora nó tionscnaimh glaonna isteach.
3.Sula mbunófar an chumarsáid ghutha agus sula léireofar an t‑aitheantas glaoiteora nó tionscnaimh, áiritheoidh an soláthraí seirbhíse go mbeidh an páirtí is faighteoir in ann, trí úsáid a bhaint as modh simplí agus saor in aisce, diúltú do chumarsáid ghutha isteach i gcás inar bhain an páirtí tionscnóra úsáid as a cheart dá bhforáiltear i mír 1.
4.I gcás ina dtairgfear léiriú aitheantas na líne nasctha, áiritheoidh an soláthraí seirbhíse go bhfuil an páirtí is faighteoir in ann, trí úsáid a bhaint as modh simplí agus saor in aisce, cosc a chur ar léiriú aitheantas na líne nasctha lena bhfuil an t‑úsáideoir deiridh is glaoiteoir nasctha.
5.Beidh feidhm freisin ag fomhír 1 de mhír 1 maidir le cumarsáid ghutha de thionscnamh an Aontais chuig tríú tíortha. Beidh feidhm ag fomhír 2 de mhír 1 agus míreanna 2, 3 agus 4 freisin maidir le cumarsáid ghutha isteach de thionscnamh tríú tíortha.
6.I gcás ina dtaispeánfar aitheantas glaoiteora nó na líne nasctha nó aitheantas tionscnaimh, cuirfidh soláthraithe na seirbhísí rochtana idirlín nó cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí an pobal ar an eolas faoi sin agus faoi na cearta a leagtar amach i bhfomhír 2 de mhír 1 agus i míreanna 2 go 4 den Airteagal seo agus faoi na heisceachtaí faoi Airteagal 109.
Airteagal 109
Eisceachtaí maidir le cumarsáid mhailíseach nó núise agus cumarsáid éigeandála a rianú
1.Maidir le ceart an ghlaoiteora nó an pháirtí tionscnóra gan an t‑aitheantas glaoiteora nó an t‑aitheantas tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 108(2) a thaispeáint, féadfaidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí an ceart sin a shárú, ar bhonn sealadach, chun é a chur ar a gcumas do d’údaráis inniúla nó d’úsáideoir deiridh cumarsáid mhailíseach nó núise a rianú agus gearán déanta leis na húdaráis.
2.Sáróidh na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 108(1) cosc an aitheantais glaoiteora nó tionscnaimh agus próiseálfaidh siad sonraí suímh an pháirtí tionscnóra chun faisnéis den sórt sin a sholáthar don PFSP is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 106(6).
Airteagal 110
Córais uathoibríocha chun glaonna a chur ar aghaidh agus córais glaoite uathoibrithe
1.Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí bearta úrscothacha a imscaradh chun, arna iarraidh seo don úsáideoir deiridh ar glaodh air, teorainn a chur le glacadh glaonna mailíseacha nó núise trí na deiseanna seo a leanas a sholáthar, saor in aisce:
(a)i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, glaonna isteach ó uimhreacha sonracha nó ó fhoinsí anaithnide a bhlocáil;
(b)tríú páirtí a chosc ar ghlaonna a chur ar aghaidh go huathoibríoch chuig trealamh teirminéil an úsáideora deiridh.
2.Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a thairgeann córais glaoite uathoibrithe cosc ar an gceart go léireofar an t‑aitheantas glaoiteora nó tionscnaimh don líne ar glaodh air nó don pháirtí is faighteoir agus léireoidh siad an chéannacht nó an uimhir ar ar féidir dul i dteagmháil leis.
Airteagal 111
Rochtain agus rogha choibhéiseach d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas
1.Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí an méid seo a leanas d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas:
(a)go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear an fhaisnéis chonarthach ghaolmhar a sholáthraítear de bhun Airteagal 95, rochtain a bheidh coibhéiseach leis an rochtain a n‑úsáidfidh formhór na n‑úsáideoirí deiridh;
(b)go dtairbheoidh den rogha gnóthas agus seirbhísí atá ar fáil d’fhormhór na n‑úsáideoirí deiridh.
Sonróidh na húdaráis inniúla ceanglais chuige sin a bheidh le comhlíonadh ag soláthraithe.
2.Trí na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh, spreagfaidh na húdaráis inniúla na caighdeáin nó na sonraíochtaí ábhartha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 187 a bheith á gcomhlíonadh.
Airteagal 112
Idir-inoibritheacht glacadóirí raidió cairr agus raidió tomhaltóirí agus an trealaimh teilifíse digití do thomhaltóirí
1.Beidh glacadóirí raidió cairr agus trealamh teilifíse digití do thomhaltóirí idir-inoibritheach i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
2.I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun idir-inoibritheacht glacadóirí eile raidió do thomhaltóirí a áirithiú, ní chuirfear na bearta sin i bhfeidhm maidir le táirgí nach bhfuil sa ghlacadóir raidió iontu ach rud coimhdeach, amhail fóin chliste, agus maidir le trealamh a úsáideann lucht amaitéarach raidió.
3.Áiritheoidh na soláthraithe seirbhísí teilifíse digití, i gcás inarb iomchuí, go mbíonn an trealamh teilifíse digití a sholáthraíonn siad dá gcuid úsáideoirí deiridh inoibritheach ionas go mbíonn, nuair is indéanta sin go teicniúil, an trealamh teilifíse digití in-athúsáidte ag soláthraithe eile seirbhísí teilifíse digití.
Gan dochar d'Airteagal 5(2) de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nuair a chuirtear deireadh lena gconradh, go mbeidh an deis ag na húsáideoirí deiridh an trealamh teilifíse digití a thabhairt ar ais ag baint úsáid as nós imeachta éasca atá saor in aisce, murab é go dtaispeánann an soláthraí go bhfuil sé idir-inoibritheach go hiomlán leis na seirbhísí teilifíse digití atá ag soláthraithe eile, lena n‑áirítear na cinn ar athraigh an t‑úsáideoir deiridh chucu.
Trealamh teilifíse digití atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas idir-inoibritheachta a leagtar amach sa dara fomhír a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna díobh.
4.Ní choinneoidh na Ballstáit forálacha maidir le cosaint úsáideoirí deiridh ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad a imíonn ón Airteagal seo, lena n‑áirítear forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna chun leibhéal cosanta difriúil a áirithiú.
Airteagal 113
Oibleagáidí tarchurtha
1.Oibleagáidí réasúnta ‘tarchurtha’ chun cainéil chraoltóireachta shonracha raidió agus teilifíse agus seirbhísí comhlántacha gaolmhara a tharchur, go háirithe seirbhísí inrochtaineachta chun go mbeidh rochtain iomchuí ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus sonraí a thacaíonn le seirbhísí teilifíse nasctha agus eolairí leictreonacha clár, féadfaidh na Ballstáit iad a fhorchur ar ghnóthais atá faoina ndlínse a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun cainéil chraoltóireachta raidió agus teilifíse a leithdháileadh ar an bpobal, i gcás ina mbaineann líon mór úsáideoirí deiridh úsáid as líonraí agus as seirbhísí den chineál sin mar mhodh príomha chun cainéil chraoltóireachta raidió agus teilifíse a fháil. Ní fhorchuirfear oibleagáidí mar sin ach sa chás ina mbeidh gá leo chun cuspóirí leasa ghinearálta a chomhlíonadh, arna sainmhíniú go soiléir ag gach Ballstát, agus beidh siad comhréireach agus trédhearcach.
2.Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina dtiocfaidh athrú ábhartha ar dhálaí an mhargaidh náisiúnta nó i gcás ina dtiocfaidh athrú ar na cuspóirí leasa ghinearálta dá dtagraítear i mír 1.
3.Ní dhéanfaidh mír 1 den Airteagal seo ná Airteagal 65(2) dochar do chumas na mBallstát cúiteamh cuí a chinneadh, más ann dó, maidir le bearta a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus é á áirithiú, i ndálaí comhchosúla, nach ndéantar idirdhealú chóir a thugtar ar sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí. I gcás ina ndéantar foráil maidir le cúiteamh, déanfaidh na Ballstáit an oibleagáid maidir le cúiteamh, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, na critéir maidir le cúiteamh den sórt sin a ríomh a leagan amach go soiléir sa dlí náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealach comhréireach trédhearcach.
Airteagal 114
Iarscríbhinní IV, V agus VI a oiriúnú
Cumhachtaítear an Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 198 lena leasaítear Iarscríbhinní IV, V, agus VI chun na forbairtí teicneolaíocha agus sóisialta nó athruithe in éileamh an mhargaidh a chur san áireamh.
7.CUID VII - RIALACHAS
7.1.TEIDEAL I: ÚDARÁIS RIALÁLA NÁISIÚNTA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA EILE
Airteagal 115
Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile
1.Laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, beidh na húdaráis rialála náisiúnta freagrach as na cúraimí seo a leanas ar a laghad:
(a)an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus nós imeachta um an bPas Aonair a láimhseáil faoi chóras an údaraithe ghinearálta;
(b)rialáil margaidh a chur chun feidhme, lena n‑áirítear ceanglais rochtana agus idirnaisc a fhorchur;
(c)bailiú sonraí, lena n‑áirítear maidir le hathléimneacht agus inbhuanaitheacht, a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó údaráis rialála náisiúnta chun a gcúraimí a dhéanamh;
(d)na bearta a chur chun feidhme maidir leis an aistriú chuig snáithín optúil, lena n‑áirítear limistéir an mhúchta copair a shainiú, measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar phleananna um an múchadh copair arna gcur isteach ag oibreoirí líonra;
(e)a áirithiú go réiteofar díospóidí idir gnóthais;
(f)an t‑idir-réiteach deonach maidir le comhar éiceachórais a thairiscint;
(g)bainistiú speictrim raidió agus údarú a dhéanamh, nó i gcás ina sanntar na cúraimí sin d’údaráis inniúla eile, cinntí a ghlacadh maidir le múnlú an mhargaidh agus eilimintí iomaíochais de na próisis a bhaineann le cearta úsáide speictrim raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí;
(h)rannchuidiú le cearta úsáideoirí deiridh a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí, i gcomhordú le húdaráis inniúla eile i gcás inarb ábhartha;
(i)rochtain oscailte ar an idirlíon a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú;
(j)faireachán a dhéanamh ar éabhlóid agus ar leibhéal phraghsanna miondíola na seirbhísí;
(k)inaistritheacht uimhreacha a áirithiú;
(l)acmhainní uimhriúcháin a dheonú agus pleananna uimhriúcháin a bhainistiú;
(m)tacaíocht a sholáthar maidir le hullmhacht agus athléimneacht;
(n)aon chúram eile a fheidhmiú arna fhorchoimeád d’údaráis rialála náisiúnta leis an Rialachán seo nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
2.Tacóidh údaráis rialála náisiúnta go gníomhach le spriocanna BEREC maidir le comhordú agus comhsheasmhacht rialála níos fearr a chur chun cinn.
3.Foilseoidh na Ballstáit ainmneacha na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil eile agus a gcúraimí féin faoin Rialachán seo i bhfoirm shorochtana.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta uile agus d'údaráis inniúla eile a sanntar cúraimí dóibh faoin Rialachán seo, chomh maith le freagrachtaí na n‑údarás sin faoi seach, agus aon athrú a dhéanfaí orthu.
Airteagal 116
Neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile
1.Beidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile dá dtagraítear in Airteagal 115 leithleach go dlíthiúil ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn líonraí, trealamh nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus feidhmeoidh siad go neamhspleách ar aon duine den sórt sin. Na Ballstáit a choimeádann úinéireacht nó ceannas ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, áiritheoidh siad deighilt struchtúrach éifeachtach idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le ceannas.
2.Feidhmeoidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Beidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha ag údaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh.
Airteagal 117
Comhaltaí de chuid na n‑údarás rialála náisiúnta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost
1.Maidir le ceannaire údaráis rialála náisiúnta, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin laistigh d’údarás rialála náisiúnta nó a n‑ionadaithe, ceapfar iad ar feadh tréimhse oifige 3 bliana ar a laghad as measc grúpa daoine a bhfuil seasamh aitheanta agus taithí phroifisiúnta acu, agus déanfar an ceapachán sin ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais agus taithí agus i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach.
2.Ní dhífhostófar an ceannaire ar údarás rialála náisiúnta, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin laistigh d'údarás rialála náisiúnta, nó, a n‑ionadaithe, ach amháin i gcás nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha sin atá riachtanach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ar dualgais iad a leagtar síos sa dlí náisiúnta sula gceapfar iad.
3.I gcás ina ndéanfar cinneadh ceannaire an údaráis rialála náisiúnta lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin, a bhriseadh as a bpost, poibleofar an cinneadh sin tráth a bhristear as a bpost iad. Ceannaire an údaráis rialála náisiúnta sin, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin, ar briseadh é nó iad as a bpost, gheobhaidh siad ráiteas ar na cúiseanna. I gcás nach bhfoilseofar an ráiteas ar chúiseanna, foilseofar é arna iarraidh don duine sin. Beidh an cinneadh sin faoi réir a athbhreithnithe ag cúirt, ar fhíorais agus an dlí chomh maith.
Airteagal 118
Neamhspleáchas polaitiúil agus cuntasacht na n‑údarás rialála náisiúnta
1.Gan dochar d'Airteagal 122(9), gníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta go neamhspleách agus go hoibiachtúil, lena n‑áirítear agus nósanna imeachta inmheánacha á bhforbairt agus an fhoireann á heagrú, agus gníomhóidh siad go trédhearcach agus go cuntasach i gcomhréir le dlí an Aontais, agus ní dhéanfaidh siad treoracha a lorg nó a ghlacadh ó aon chomhlacht eile maidir le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme. Ní chuirfear cosc leis sin ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Is ag comhlachtaí achomhairc arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 197 a bheidh an chumhacht cinntí ó na húdaráis rialála náisiúnta a chur ar fhionraí nó a aisiompú, agus ag na comhlachtaí sin amháin.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascáil bhliantúil, faoi staid an mhargaidh cumarsáide leictreonaí ar a laghad, faoi na cinntí a eisíonn siad, faoina n‑acmhainní daonna agus airgeadais agus faoin leithdháileadh orthu sin, agus faoi phleananna amach anseo. Cuirfear a dtuarascálacha ar fáil go poiblí.
Airteagal 119
Inniúlacht rialála na n‑údarás rialála náisiúnta
1.Beidh buiséid bhliantúla ar leithligh ag údaráis rialála náisiúnta agus beidh neamhspleáchas acu i gcur chun feidhme an bhuiséid leithdháilte. Cuirfear na buiséid sin in iúl don phobal.
2.Beidh acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha ag údaráis rialála náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh in obair BEREC agus chun rannchuidiú leis an obair sin. Ní chuirfidh neamhspleáchas airgeadais cosc ar an maoirseacht ná ar an rialú i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Aon rialú ar bhuiséad na n‑údarás rialála náisiúnta, feidhmeofar ar bhealach trédhearcach é agus cuirfear in iúl don phobal é.
Airteagal 120
Comhar le húdaráis náisiúnta agus le BEREC
1.Sna Ballstáit ina bhfuil níos mó ná údarás náisiúnta amháin nó údarás inniúil amháin atá freagrach, comhoibreoidh agus comhordóidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile le chéile, de réir mar is gá.
Soláthróidh na húdaráis sin an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm dá chéile.
Maidir leis an bhfaisnéis a mhalartófar, áiritheoidh an t‑údarás is faighteoir an leibhéal céanna rúndachta agus áirithíonn an t‑údarás tionscnaimh.
2.Rachaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla ón mBallstát céanna nó ó Bhallstáit éagsúla, i gcás inar gá, i mbun socruithe comhair le chéile chun comhar rialála a chothú.
3.I gcás ina sannfaidh na Ballstáit inniúlachtaí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais d’údaráis inniúla eile, gníomhóidh údaráis rialála náisiúnta mar chomhordaitheoirí náisiúnta, agus áiritheoidh go gcuirfear dearcthaí na n‑údarás inniúil san áireamh go hiomlán i bpléití agus aschuir uile BEREC.
Go háirithe, soláthróidh údaráis rialála náisiúnta teagmhálacha ábhartha do OLD laistigh d’údaráis inniúla náisiúnta chun go mbeidh sé in ann a chúraimí faoi Airteagail 146 agus 147 a chur chun feidhme.
7.2.TEIDEAL II: CÚRAIMÍ AGUS EAGAR BEREC
Airteagal 121
Cuspóirí BEREC
1.Bunaítear leis seo Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (‘BEREC’) agus tá na freagrachtaí aige atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ní bheidh aon phearsantacht dhlítheanach ag BEREC agus gníomhóidh sé faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus Rialacháin (AE) 2022/612 agus (AE) 2015/2120.
Tiocfaidh BEREC in ionad Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (‘BEREC’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1971, agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.
2.Saothróidh BEREC na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag BEREC cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála an Aontais do chumarsáid leictreonach a áirithiú laistigh den raon feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.Cuirfidh BEREC a chúraimí i gcrích go neamhspleách, go neamhchlaonta, go trédhearcach agus ar bhealach tráthúil.
4.Bainfidh BEREC leas as an saineolas atá ar fáil sna húdaráis rialála náisiúnta agus in OLD.
Airteagal 122
Cúraimí ginearálta BEREC
1.Is iad seo a leanas na cúraimí ginearálta rialála agus comhairleacha a fhéadfaidh BEREC a fheidhmiú:
(a)cúnamh agus comhairle a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, agus dul i gcomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta agus leis an gCoimisiún, arna iarraidh sin nó ar a thionscnamh féin, i ndáil le haon ábhar teicniúil maidir le cumarsáid leictreonach a chuimsítear faoi réim a inniúlachta;
(b)tuairimí, treoirlínte agus tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 124, 125 agus 126 a eisiúint, chomh maith le moltaí agus comhsheasaimh, agus dea-chleachtais rialála atá dírithe ar na húdaráis rialála náisiúnta a scaipeadh chun cur chun feidhme comhsheasmhach agus ceart an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a spreagadh.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar BEREC tuairimí, treoirlínte agus tuarascálacha a eisiúint, fiú mura liostaítear go sainráite iad in Airteagail 124, 125 agus 126.
2.Déanfaidh BEREC meastóireacht ar an ngá atá le nuálaíocht rialála agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí idir údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile chun gur féidir cumarsáid leictreonach nuálach nua a fhorbairt.
3.Maidir le hábhair a bhaineann leis an speictream raidió, glacfaidh BEREC páirt i nós imeachta an Aontais maidir leis an margadh aonair do speictream raidió.
4.Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le BEREC agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar chumaisc ina bhfuil gné an Aontais in earnáil na cumarsáide leictreonaí.
5.Cuirfidh BEREC comhar éifeachtach chun cinn i measc soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus gnóthais atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha, i gcomhréir le hAirteagal 191(2).
6.Déanfaidh BEREC cúraimí eile a shanntar dó leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe le Rialachán (AE) 2022/612 agus le Rialachán (AE) 2015/2120.
7.Poibleoidh BEREC a chúraimí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta nuair a shanntar cúraimí nua do BEREC.
8.Foilseoidh BEREC a chuid tuairimí críochnaitheacha, treoirlínte, tuarascálacha, moltaí, comhsheasaimh agus dea-chleachtais uile, agus aon staidéar a dhéantar a choimisiúnú, chomh maith leis na dréachtdoiciméid ábhartha chun críche na gcomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 10.
9.Gan dochar do chomhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais agus gníomhartha eile arna nglacadh ag an gCoimisiún, tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta agus an Coimisiún lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtas arna ghlacadh ag BEREC i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus é d’aidhm acu cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú laistigh den raon feidhme dá dtagraítear in Airteagal 121.
I gcás ina n‑imíonn údarás rialála náisiúnta ó na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 125, soláthróidh sé na cúiseanna leis sin.
10.Rachaidh BEREC, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta, ag féachaint do chastacht an ábhair. Beidh na comhairliúcháin sin ar siúl a luaithe is féidir sa phróiseas cinnteoireachta. Ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná 30 lá, ach amháin in imthosca eisceachtúla. Gan dochar d’Airteagal 169, cuirfidh BEREC torthaí na gcomhairliúchán poiblí ar fáil don phobal.
11.I gcás inarb iomchuí, déanfaidh BEREC comhairliúchán agus comhoibriú le húdaráis ábhartha náisiúnta, amhail iad siúd atá inniúil i réimsí an iomaíochais, na cosanta tomhaltóirí, an na cibearshlándála agus na cosanta sonraí.
12.I gcás inarb iomchuí, oibreoidh BEREC i gcomhar le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais chomh maith le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 166(1).
Airteagal 123
Anailís agus faireachán ar fhaisnéis agus í a bhailiú
1.Déanfaidh BEREC anailís ar mhargaí trasnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann, dá dtagraítear in Airteagal 74 agus ar éileamh trasnáisiúnta úsáideoirí deiridh, dá dtagraítear in Airteagal 75.
2.Rud a chuirfidh BEREC chun cinn, sin é go ndéanfaidh údaráis inniúla náisiúnta agus údaráis inniúla eile an bailiú sonraí a nuachóiriú, a chomhordú agus a chaighdeánú. Cuirfidh BEREC na sonraí sin ar fáil don phobal i bhformáid oscailte, in-athúsáidte agus meaisín-inléite ar a shuíomh gréasáin agus ar Thairseach Dhigiteach an Aontais.
3.Déanfaidh BEREC bunachair sonraí a bhunú agus a choinneáil ar bun ina mbeidh na nithe seo a leanas:
(a)na fógraí arna dtarchur chuig na húdaráis inniúla ag soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá faoi réir údarú ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 10(8) den Rialachán seo;
(b)na hacmhainní uimhriúcháin lena mbaineann ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 48(4), an ceathrú fomhír;
(c)uimhreacha E.164 PFSPanna na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 106(9);
(d)na bunachair sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/618.
Airteagal 124
Tuairimí BEREC
1.Eiseoidh BEREC tuairimí neamhcheangailteacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2022/612, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)an straitéis réamhbhreathnaitheach um uimhriú don Aontas maidir le bainistiú comhsheasmhach na n‑acmhainní uimhrithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 46(3);
(b)nascacht ceann go ceann idir úsáideoirí deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 68(2), an dara fomhír, pointe (ii);
(c)margaí atá soghabhálach i leith rialáil ex ante, i gcomhréir le hAirteagal 72(1);
(d)na sonraíochtaí teicniúla, na heilimintí costais caighdeánacha, na modheolaíochtaí costais agus an tairiscint tagartha a bhaineann leis an táirge rochtana nó na táirgí rochtana de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 81;
(e)uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a shocrú, i gcomhréir le hAirteagal 82;
(f)dréachtbhearta náisiúnta a bhaineann le nósanna imeachta an mhargaidh inmheánaigh um rialáil mhargaidh, i gcomhréir le hAirteagal 85;
(g)forbairtí margaidh agus teicneolaíocha agus a dtionchar ar infhaighteacht agus inacmhainneacht na rochtana leordhóthanaí idirlín agus cumarsáide gutha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 92(2);
(h)dréachtchinntí agus dréachtmholtaí maidir leis an gcomhchuibhiú, i gcomhréir le hAirteagal 186;
(i)díospóidí trasteorann a réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 190;
(j)eilimintí an cháis a cuireadh isteach le haghaidh nós imeachta um idir-réiteach deonach, i gcomhréir le hAirteagal 192(2).
2.Maidir le hábhair a bhaineann le speictream raidió, eiseoidh BEREC na tuairimí seo a leanas:
(a)maidir le modheolaíochtaí coiteanna chun táillí bliantúla speictrim raidió agus praghsanna forchoimeádta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 29;
(b)i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le nós imeachta an Aontais maidir leis an margadh aonair do speictream raidió dá dtagraítear in Airteagal 31.
Airteagal 125
Treoirlínte BEREC
Eiseoidh BEREC treoirlínte maidir le cur chun feidhme chreat rialála an Aontais do chumarsáid leictreonach, go háirithe treoirlínte dá dtagraítear sa Rialachán seo, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)teimpléad coiteann chun faisnéis a bhailiú maidir le hailtireacht, acmhainneacht, cumais agus úsáid na líonraí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir le hAirteagal 7(4);
(b)na coinníollacha údarúcháin ghinearálta faoin nós imeachta um an bPas Aonair, chun a áirithiú go gcuirfear na coinníollacha uile a liostaítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach, i gcomhréir le hAirteagal 11(1);
(c)an teimpléad um fhógra a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 10(3);
(d)bearta múnlaithe margaidh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcomhréir le hAirteagal 32(3);
(e)critéir choiteanna maidir le measúnú a dhéanamh ar an gcumas acmhainní uimhriúcháin a bhainistiú agus ar an riosca atá ann na hacmhainní uimhriúcháin sin a ídiú, i gcomhréir le hAirteagal 48(2);
(f)seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín a shainiú agus bandaleithead atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch sa tsochaí a shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 87(2);
(g)critéir ábhartha chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 69(2) a chothú;
(h)cur chuige coiteann i leith críochphointe líonra a shainaithint i dtoipeolaíochtaí líonra éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 69(6);
(i)teimpléad coiteann atá le húsáid chun faisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 94(4) a bhailiú;
(j)cur chun feidhme oibleagáidí na n‑údarás rialála náisiúnta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 94(5), ina dtabharfar tuairisc mhionsonraithe freisin ar na paraiméadair ábhartha i leith cáilíocht seirbhíse le haghaidh seirbhísí rochtana idirlín, lena n‑áirítear paraiméadair i leith an tsásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 97(4), an dara fomhír, paraiméadair atá ábhartha d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na modhanna tomhais is infheidhme, inneachar agus formáid na faisnéise, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, agus inneachar agus formáid an fhoilsithe, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sásraí deimhniúcháin cáilíochta;
(k)mionsonraí na bpróiseas malartaithe agus aistrithe a shonrú, i gcomhréir le hAirteagal 100(6) den Rialachán seo;
(l)bearta teicniúla agus dlíthiúla a d’fhéadfadh úsáideoirí deiridh a chosaint go héifeachtach ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha, i gcomhréir le hAirteagal 103(3);
(m)na hiarrataí ar fhaisnéis agus ar thuairisciú, mar a shonraítear in Airteagal 181(1), (3) agus (7) maidir le topaicí ábhartha, a chomhchuibhiú, lena n‑áirítear raon feidhme, uainiú, minicíocht, formáid agus nósanna imeachta um bailiú faisnéise, i gcomhréir le hAirteagal 182(1);
(n)cur chun feidhme comhsheasmhach na n‑oibleagáidí maidir le suirbhéanna agus réamhaisnéisí geografacha, i gcomhréir le hAirteagal 183;
(o)comhar san éiceachóras a éascú maidir le hábhair theicniúla agus tráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí sochaí faisnéise agus táirgí agus seirbhísí nuálacha, i gcomhréir le hAirteagal 191(1);
(p)féadfar treoirlínte eile a eisiúint d’fhonn a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an creat rialála do chumarsáid leictreonach a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go ndéanfaidh siad cinntí comhsheasmhacha rialála, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, go háirithe maidir le saincheisteanna rialála a dhéanann difear do líon mór Ballstát nó a bhfuil eilimint trasteorann ag baint leo;
(q)aon treoirlíne i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2022/612 agus (AE) 2015/2120, de réir mar is ábhartha.
Airteagal 126
Tuarascálacha BEREC
Eiseoidh BEREC tuarascálacha ar ábhair theicniúla a chuimsítear faoi réim a inniúlachta, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)an Plean, lena n‑áirítear measúnú cuimsitheach ar ailtireacht, acmhainneachtaí, cumais agus úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí na soláthraithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1), tacar moltaí oibríochtúla agus cleachtas bainistithe géarchéime, i gcomhréir le hAirteagal 6;
(b)na cleachtais náisiúnta maidir le deonú na gceart úsáide d’acmhainní uimhrithe náisiúnta agus uile-Eorpacha, ag díriú ar chleachtais éagsúla laistigh den Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 48(6);
(c)na príomhchleachtais agus na príomhthorthaí a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 94(3);
(d)éifeachtaí chur i bhfeidhm na dtreoirlínte ar chomhar éifeachtach san éiceachóras, agus ar fheidhmiú na saoráide um idir-réiteach deonach, i gcomhréir le hAirteagal 193(1);
(e)cur chun feidhme agus feidhmiú ar bhonn náisiúnta an údaraithe ghinearálta, agus a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 204(4);
agus aon tuarascáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/612.
Airteagal 127
Comhdhéanamh Bhord Rialálaithe BEREC
1.Ar an mBord Rialálaithe, beidh comhalta amháin ó gach Ballstát. Beidh cearta vótála ag gach comhalta acu sin.
Is é an t‑údarás rialála náisiúnta, ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar oibriú laethúil na margaí le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin Rialachán seo, a cheapfaidh gach comhalta. Ceannaire ar an údarás rialála náisiúnta sin, nó comhalta ar chomhlacht coláisteach an údaráis rialála náisiúnta sin, nó duine atá ag ionadaíocht do cheachtar acu sin, a bheidh sa chomhalta a cheapfar.
2.Ceapfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta comhalta malartach do gach comhalta ar an mBord Rialálaithe. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé as láthair. Ceannaire ar an údarás rialála náisiúnta sin, nó comhalta ar chomhlacht coláisteach an údaráis rialála náisiúnta sin, duine atá ag ionadaíocht do cheachtar acu sin, nó ball foirne an údaráis rialála náisiúnta nó ceachtar acu sin a bheidh sa chomhalta malartach a cheapfar.
3.Ceapfar comhaltaí an Bhoird Rialálaithe, agus a gcomhaltaí malartacha sin, ar bhonn a gcuid eolais i réimse na cumarsáide leictreonaí, agus scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Chun leanúnachas obair an Bhoird Rialálaithe a áirithiú, déanfaidh gach údarás rialála náisiúnta ceapacháin iarrachtaí ráta athraithe a gcomhaltaí a theorannú agus, i gcás inar féidir, ráta athraithe a gcomhaltaí malartacha a theorannú chomh maith, agus beidh sé mar aidhm aige ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach.
4.Beidh an Coimisiún rannpháirteach i bplé uile an Bhoird Rialálaithe cé nach mbeidh ceart vótála aige agus déanfar ionadaíocht dó ar ardleibhéal iomchuí.
5.Poibleofar liosta atá cothrom le dáta de chomhaltaí an Bhoird Rialálaithe, agus na comhaltaí malartacha, mar aon lena ndearbhuithe maidir le leasanna.
Airteagal 128
Neamhspleáchas Bhord Rialálaithe BEREC
1.Gníomhóidh an Bord Rialálaithe go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais, gan beann ar aon leas náisiúnta nó pearsanta ar leith.
2.Gan dochar do chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 120(1), ní iarrfaidh agus ní ghlacfaidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus a gcomhaltaí malartacha treoracha aon rialtais, aon institiúide, aon duine ná aon chomhlachta.
Airteagal 129
Feidhmeanna Bhord Rialálaithe BEREC
1.Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Rialálaithe:
(a)cúraimí BEREC a leagtar amach in Airteagail 122 go 126 a chomhlíonadh, is iad sin, na tuairimí, na treoracha, na tuarascálacha, na moltaí agus na comhsheasaimh a ghlacadh agus na dea-chleachtais a scaipeadh dá dtagraítear sna hAirteagail sin, agus é ag dul i muinín, ag déanamh amhlaidh, ar an obair ullmhúcháin a rinne na meithleacha;
(b) cinntí riaracháin a dhéanamh maidir le heagrú inmheánach obair BEREC gan dochar do na cinntí riaracháin a bhaineann le heagar OLD;
(c)clár oibre débhliantúil BEREC dá dtagraítear in Airteagal 141 a ghlacadh;
(d)tuarascáil dhébhliantúil BEREC maidir lena ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 142 a ghlacadh;
(e)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa, dá dtagraítear in Airteagal 173(5), mar aon le coinbhleachtaí leasa i dtaca le comhaltaí na meithleacha, a chosc agus a bhainistiú;
(f)i gcomhréir le hAirteagal 167, na rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid arna sealbhú ag BEREC;
(g)na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 168(1) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;
(h)a rialacha nós imeachta a ghlacadh, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, agus na rialacha sin a phoibliú freisin;
(i)a údarú, i gcomhar leis an Stiúrthóir OLD, agus i gcomhréir le hAirteagal 166(1), go dtabharfaí chun críche socruithe oibre le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí, agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais mar aon le húdaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(j)meithleacha a bhunú, i gcomhar le OLD, agus a gCathaoirligh a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 140;
(k)treoraíocht a sholáthar do Stiúrthóir OLD maidir le cúraimí OLD a dhéanamh i ndáil le cúraimí BEREC.
2.Déanfaidh Bord Rialálaithe BEREC athbhreithniú ar a rialacha nós imeachta faoin [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Airteagal 130
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an Bhord Rialálaithe BEREC
1.Ceapfaidh Bord Rialálaithe BEREC, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, Cathaoirleach amháin agus Leas-Chathaoirleach amháin, ar a laghad, as líon a chomhaltaí.
2.Rachaidh an Leas-Cathaoirleach i mbun dhualgais an Chathaoirligh go huathoibríoch i gcás nach bhfuil an Cathaoirleach in ann na dualgais sin a chomhlíonadh.
3.Bliain amháin a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Déanfar foráil sna rialacha nós imeachta maidir leis an oiread leanúnachais agus is féidir a bheith ann ó thaobh cheannaire an Bhoird de.
4.Ní iarrfaidh Cathaoirleach Bhord Rialálaithe BEREC ordú ar aon rialtas, aon institiúid, aon duine ná aon chomhlacht ná ní ghlacfaidh sé ordú uathu.
5.Tabharfaidh an Cathaoirleach tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le comhlíonadh chúraimí BEREC nuair a iarrfar sin air.
7.3.TEIDEAL III: CÚRAIMÍ AGUS EAGAR CBSR
Airteagal 131
Bunú agus cuspóirí CBSR
1.Bunaítear leis seo an Comhlacht um Beartas Speictrim Raidió (‘CBSR’) gan pearsantacht dhlítheanach agus na freagrachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo aige.
2.Tiocfaidh CBSR in ionad an Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió (‘RSPG’), a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019, agus tógfaidh sé cúraimí an Ghrúpa sin air láimh.
3.Saothróidh CBSR na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag CBSR a áirithiú go gcuirfear an creat rialála um speictream chun feidhme go comhsheasmhach agus tacú le beartas speictrim raidió ar leibhéal an Aontais a fhorbairt.
4.Cuirfidh CBSR a chúraimí i gcrích go neamhspleách, go neamhchlaonta, go trédhearcach agus ar bhealach tráthúil.
5.Bainfidh CBSR leas as an saineolas atá ar fáil sna húdaráis inniúla náisiúnta agus in OLD.
Airteagal 132
Cúraimí CBSR mar thaca leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais
1.Tabharfaidh CBSR cúnamh agus comhairle don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
(a)maidir le saincheisteanna straitéiseacha a bhaineann le beartais speictrim raidió san Aontas;
(b)i dtaca le cur chuige maidir le beartais speictrim raidió a chomhordú san Aontas;
(c)trí thuairimí a eisiúint i ndáil le moltaí ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na bhforálacha den chreat rialála do chumarsáid leictreonach i réimse an speictrim raidió, gan dochar do ról BEREC;
(d)maidir le comhordú agus comhar idir an Coimisiún, na Ballstáit agus údaráis inniúla ábhartha i ndáil le reachtaíocht, cláir agus beartais an Aontais atá ann cheana maidir leis an speictream raidió a chur chun feidhme;
(e)i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchuibhithe i ndáil le hinfhaighteacht agus úsáid éifeachtúil an speictrim raidió, ar coinníollacha iad atá riachtanach do bhunú agus d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
2.Tabharfaidh CBSR cúnamh don Choimisiún chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)straitéis an Aontais um an speictream raidió a fhorbairt de bhun Airteagal 17 agus faireachán á dhéanamh ar fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus sochaíocha chun moltaí a thabhairt maidir le nuashonruithe ar aon treochlár de chuid an Aontais um an speictream raidió de bhun Airteagal 17(3).
(b)i gcásanna iarrata ó pháirtí leasmhar ar leithdháileadh speictrim raidió, i gcás ina ndéanann an t‑ábhar difear don bheartas speictrim raidió, i gcomhréir le hAirteagal 19;
(c)coinníollacha údarúcháin coiteanna ábhartha a bhunú agus, i gcás inarb ábhartha, an nós imeachta iomchuí um údarú agus na coinníollacha dámhachtana a mholadh, i gcomhréir le hAirteagal 22;
(d)modheolaíochtaí coiteanna a mholadh chun táillí bliantúla agus praghsanna forchoimeádta a shainiú faoi Airteagal 29;
(e)gnéithe coiteanna de phróisis um údarú chomh maith le coinníollacha roghnúcháin ar son na hinfheistíochta a fhorbairt maidir le húsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe a údarú i gcomhréir le hAirteagal 30(10);
(f)i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha a ghabhann leis an údarú ginearálta a shonrú i gcomhréir le hAirteagal 38(3);
(g)an Tábla Eorpach um Leithdháileadh Minicíochtaí Satailíte a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 39(2);
(h)coinníollacha a shainiú maidir le húdarú agus úsáid i gcás bandaí speictrim difriúla i gcomhréir le hAirteagal 39(4);
(i)measúnú á dhéanamh ar iarratais ar údaruithe Aontais i gcomhréir le hAirteagal 40;
(j)comhroinnt chomhordaithe an speictrim raidió idir úsáidí trastíre agus satailíte a mholadh i gcomhréir le hAirteagal 45(4).
3.Tabharfaidh CBSR cúnamh don Choimisiún freisin ina chuid oibre ullmhúcháin ar thograí chun na Comhairle le haghaidh cinntí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE lena mbunaítear na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil in ábhair speictrim raidió.
4.I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar CBSR tuairimí nó tuarascálacha a eisiúint fiú mura liostaítear go sainráite iad san Airteagal seo.
5.Rachaidh CBSR, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta, ag féachaint do chastacht an ábhair. Beidh na comhairliúcháin sin ar siúl a luaithe is féidir sa phróiseas cinnteoireachta. Ní bheidh an tréimhse comhairliúcháin níos giorra ná 45 lá, ach amháin in imthosca eisceachtúla. Gan dochar d’Airteagal 169, cuirfidh CBSR torthaí na gcomhairliúchán poiblí ar fáil don phobal.
6.Tabharfaidh CBSR cúnamh agus comhairle don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin dóibh i dtaca le cuir chuige maidir le beartais speictrim raidió a phleanáil agus a chomhordú go straitéiseach san Aontas.
Airteagal 133
Cúraimí CBSR mar thaca le húdaráis inniúla náisiúnta
1.Tabharfaidh CBSR cúnamh d’údaráis inniúla náisiúnta ina gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún mar thaca le cuir chuige maidir le beartais speictrim raidió a phleanáil agus a chomhordú go straitéiseach san Aontas, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)dea-chleachtais a fhorbairt maidir le hábhair a bhaineann le speictream raidió, d’fhonn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí dhea-chleachtais a bhailiú maidir leis an méid seo a leanas:
(I)an córas údaraithe is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 21(5);
(II)próisis um údarú speictrim raidió agus coinníollacha roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 30(10).
(b)comhordú idir na Ballstáit a éascú d’fhonn dlí an Aontais a chur chun feidhme agus rannchuidiú le margadh aonair a fhorbairt do chumarsáid leictreonach, lena n‑áirítear tríd an gcomhroinnt faisnéise, an comhar agus an phiarfhoghlaim idir na Ballstáit a fheabhsú;
(c)comhordú a dhéanamh ar chuir chuige na mBallstát maidir leis na cearta úsáide do speictream raidió a fheidhmiú agus tuarascálacha agus tuairimí a fhoilsiú maidir le hábhair a bhaineann le speictream raidió;
(d)i gcás inarb ábhartha, cruinnithe a eagrú chun go mbeidh údaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, in ann dearcthaí agus taithí a bhaineann leis na próisis um údarú agus le coinníollacha na húsáide speictrim raidió a phlé agus a mhalartú;
(e)pléití tráthrialta a eagrú leis an gCoimisiún maidir le saincheisteanna straitéiseacha difriúla a bhaineann le speictream raidió;
(f)ceardlanna agus éisteachtaí a eagrú le hionadaithe ó pháirtithe leasmhara agus ón saol acadúil maidir le forbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus sochaíocha a bhaineann le speictream raidió.
2.Tabharfaidh CBSR cúnamh d’údaráis inniúla agus don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
(a)a chuidiú a sholáthar chun aon díospóid maidir le comhordú trasteorann nó trasnaíocht dhíobhálach trasteorann idir na Ballstáit nó le tríú tíortha a réiteach, agus tuairimí ábhartha a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 14;
(b)faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreochlár náisiúnta um an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 17(5);
(c)comhroinnt speictrim a chur chun feidhme trí threoirlínte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(5);
(d)bandaí speictrim raidió a bheidh le cumhdach ag bunachair sonraí, agus socrú praiticiúil na mbunachar sonraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 28(2) a shainaithint;
(e)i ndáil le comhdaithe a dhéanamh le ITU agus córais satailíte a chomhordú leis i gcomhréir le hAirteagal 37;
(f)faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht na gcóras satailíte a oibríonn faoi údarú Aontais, agus scrúdú a dhéanamh ar sháruithe air agus freagairt iomchuí a thabhairt orthu i gcomhréir le hAirteagal 43, lena n‑áirítear trí thuairimí ábhartha a eisiúint;
(g)faisnéis a chomhroinnt faoi ghníomhaíochtaí práinneacha i gcomhréir le hAirteagal 44(3).
3.Glacfaidh CBSR i nós imeachta an Aontais maidir leis an margadh aonair do speictream raidió faoi Airteagal 31 agus soláthróidh sé barúlacha agus tuairimí, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Rialachán seo.
Airteagal 134
Comhdhéanamh Bhord CBSR
1.Comhalta amháin ó gach Ballstát ó údaráis atá freagrach as an mbeartas speictrim raidió a bheidh ar Bhord CBSR. Beidh cearta vótála ag gach comhalta acu sin.
2.Beidh an comhalta den Bhord a cheapfaidh gach Ballstát ina ionadaí ardleibhéil a mbeidh freagracht fhoriomlán air as an mbeartas speictrim raidió straitéiseach.
3.Glacfaidh an Coimisiún páirt i gcruinnithe uile Bhord CBSR gan cearta vótála agus déanfar ionadaíocht air ar ardleibhéal iomchuí.
4.Ceapfaidh gach comhalta de Bhord CBSR chomh maith leis an gCoimisiún ionadaí malartach a thiocfaidh in ionad an chomhalta nuair a bheidh sé as láthair.
5.Beidh liosta ar a mbeidh ainmneacha agus cleamhnacht ionadaithe chomhaltaí Bhord CBSR ar fáil go poiblí chomh maith lena gcomhaltaí malartacha ar shuíomh gréasáin CBSR.
Airteagal 135
Feidhmeanna Bhord CBSR
1.Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag Bord CBSR:
(a)cúraimí CBSR a leagtar amach in Airteagail 132 agus 133 a chomhlíonadh, mar atá, na tuairimí agus na tuarascálacha a ghlacadh, agus dea-chleachtais a scaipeadh, ag brath, ar an gcaoi sin, ar an obair ullmhúcháin a dhéanann na meithleacha;
(b)cinntí riaracháin a dhéanamh maidir le heagrú inmheánach obair CBSR, gan dochar do na cinntí riaracháin a bhaineann le heagar OLD;
(c)clár oibre débhliantúil an CBSR dá dtagraítear in Airteagal 141 a ghlacadh;
(d)tuarascáil dhébhliantúil an CBSR maidir lena ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 142 a ghlacadh;
(e)rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa, dá dtagraítear in Airteagal 173(5), mar aon le coinbhleachtaí leasa i dtaca le comhaltaí na meithleacha, a chosc agus a bhainistiú;
(f)i gcomhréir le hAirteagal 167, na rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid arna sealbhú ag CBSR;
(g)na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 168(1) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta bunaithe ar anailís ar na riachtanais;
(h)a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a phoibliú trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí;
(i)a údarú, i gcomhar leis an Stiúrthóir OLD, agus i gcomhréir le hAirteagal 166(1), go dtabharfaí chun críche socruithe oibre le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí, agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais mar aon le húdaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(j)meithleacha a bhunú, i gcomhar le OLD, agus a gCathaoirligh a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 140;
(k)treoraíocht a sholáthar do Stiúrthóir OLD maidir le cúraimí OLD a dhéanamh i ndáil le cúraimí CBSR.
2.Déanfaidh Bord CBSR athbhreithniú ar a rialacha nós imeachta faoin [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Airteagal 136
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh Bhord CBSR
1.Ceapfaidh Bord CBSR, ag gníomhú dó trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, Cathaoirleach amháin agus Leas-Chathaoirleach amháin as líon a chomhaltaí.
2.Rachaidh an Leas-Cathaoirleach i mbun dhualgais an Chathaoirligh go huathoibríoch i gcás nach bhfuil an Cathaoirleach in ann na dualgais sin a chomhlíonadh.
3.Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Déanfar foráil sna rialacha nós imeachta maidir leis an oiread leanúnachais agus is féidir a bheith ann ó thaobh cheannaire an Bhoird de.
4.Tabharfaidh an Cathaoirleach tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le comhlíonadh chúraimí CBSR nuair a iarrfar sin air.
7.4.TEIDEAL IV: FORÁLACHA COITEANNA AGUS COMHAR IDIR BEREC AGUS CBSR
Airteagal 137
Struchtúr eagrúcháin BEREC agus CBSR
Is éard a bheidh in BEREC agus in CBSR:
(a)Bord;
(b)meithleacha.
Airteagal 138
Cruinnithe Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR
1.Is iad Cathaoirligh Bhord BEREC agus Bhord CBSR a thionólfaidh cruinnithe Bhord Rialálaithe BEREC agus cruinnithe Bhord CBSR, faoi seach, agus socróidh siad cláir oibre na gcruinnithe sin, ar cláir oibre iad a bheidh ar fáil go poiblí.
2.Ba cheart don Bhord Rialálaithe BEREC agus do Bhord CBSR dhá ghnáthchruinniú ar a laghad a thionól in aghaidh na bliana.
Tionólfar cruinnithe urghnácha ar thionscnamh an Chathaoirligh arna iarraidh sin ag triúr comhaltaí dá chuid nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.
3.Glacfaidh Stiúrthóir OLD páirt sa phlé uile cé nach mbeidh ceart vótála aige nó aici.
4.Féadfaidh Cathaoirligh Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR, faoi seach, cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise dóibh, páirt a ghlacadh ina gcruinnithe mar bhreathnóir.
5.Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh a gcomhairleoirí nó saineolaithe eile cúnamh a thabhairt do chomhaltaí agus do chomhaltaí malartacha Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR, faoi seach, ag na cruinnithe.
6.I gcásanna iomchuí dar le Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR, faoi seach, féadfaidh siad cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ábhartha ón tionscal chuig a gcruinnithe féin, chun seasaimh a chur i láthair agus chuige sin amháin.
7.Féadfaidh an Coimisiún iarraidh go gcuirfear srian ar rannpháirtíocht i bpléití a bhaineann le hábhair íogaire agus rúnda ina bhfuil gné láidir Aontais dar leis an gCoimisiún. Féadfaidh an Cathaoirleach, i gcomhaontú le Stiúrthóir OLD, iarraidh go gcuirfear srian ar an rannpháirtíocht i bpléití a bhaineann le hathléimneacht nó le slándáil agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.
8.Is é OLD a sholáthróidh an rúnaíocht do Bhord Rialálaithe BEREC agus do Bhord CBSR.
Airteagal 139
Rialacha vótála
1.Déanfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR cinntí trí thromlach simplí a gcomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sin sa Rialachán seo.
Beidh cinntí Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR ar fáil go poiblí agus léireofar iontu aon fhorchoimeádas atá ag aon chomhalta arna iarraidh sin dó.
2.Beidh vóta amháin ag gach comhalta de Bhord Rialálaithe BEREC agus de Bhord CBSR. I gcás ina bhfuil comhalta as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal ceart vótála an chomhalta áirithe sin a fheidhmiú.
Má bhíonn comhalta agus comhalta malartach araon as láthair, féadfar an ceart vótála a tharmligean chuig comhalta eile, de réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta faoi seach.
Féadfaidh an Cathaoirleach a chearta vótála a tharmligean i gcás ar bith. Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil murar rud é gur tarmligeadh sé nó sí an ceart vótála.
3.I rialacha nós imeachta Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR faoi seach leagfar amach, go mionsonraithe, na socruithe lena rialaítear vótáil, lena n‑áirítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin gníomhú thar ceann comhalta eile, an córam, agus na spriocdhátaí maidir le fógra a thabhairt faoi chruinnithe. Ina theannta sin, áiritheofar leis na rialacha nós imeachta go ndéanfar cláir oibre iomlána agus dréacht-tograí a sholáthar do chomhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR luath go leor roimh gach cruinniú chun deis a thabhairt dóibh leasuithe a mholadh roimh an vótáil. Féadfar a leagan amach sna rialacha nós imeachta, inter alia, nós imeachta um vótáil ar ábhair phráinneacha, nós imeachta i scríbhinn, agus socruithe praiticiúla eile maidir le feidhmiú Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR.
Airteagal 140
Meithleacha
1.I gcás ina mbeidh údar leis, féadfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR meithleacha a bhunú, tar éis dóibh dul i gcomhairle le OLD, chun a gcláir oibre a chur chun feidhme.
2.Ceapfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR Cathaoirligh a meithleacha féin, a dhéanfaidh ionadaíocht, a mhéid is féidir, ar údaráis rialála náisiúnta dhifriúla, ar chomhaltaí CBSR agus OLD.
3.Féadfaidh saineolaithe ó na húdaráis rialála náisiúnta uile a bheith rannpháirteach i meithleacha BEREC. Beidh cead ag comhaltaí uile CBSR páirt a ghlacadh i meithleacha CBSR. Beidh saineolaithe ó OLD agus ón gCoimisiún i dteideal páirt a ghlacadh sna meithleacha uile. Rannchuideoidh foireann OLD le hobair rialála na meithleacha freisin, agus soláthróidh siad tacaíocht riaracháin dóibh.
4.De mhaolú ar mhír 3:
(a)ní ghlacfaidh na saineolaithe ón gCoimisiún agus ón údarás rialála náisiúnta lena mbaineann páirt i meithleacha BEREC a chuirfear ar bun chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 124(1), pointe (f), a dhéanamh;
(b)ní ghlacfaidh na saineolaithe ón gCoimisiún ná ón údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann páirt i meithleacha CBSR ná BEREC a chuirfear ar bun chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 133(3) agus Airteagal 124(2), pointe (b), faoi seach a dhéanamh;
(c)ní ghlacfaidh ach saineolaithe ó údaráis na mBallstát, ón gCoimisiún agus ó OLD páirt i meitheal CBSR a chuirfear ar bun chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 132(3) a dhéanamh.
5.I meithleacha BEREC a chuirtear ar bun chun cúraimí a dhéanamh, ar cúraimí iad a bhaineann le hinniúlachtaí a shanntar ar an leibhéal náisiúnta d’údaráis inniúla eile, tabharfar cuireadh do na saineolaithe ó údaráis inniúla eile dá dtugtar fógra de bhun Airteagal 115(3) páirt a ghlacadh agus cuirfear a ndearcthaí san áireamh. Mura mbeidh saineolaithe ó údaráis inniúla eile in ann freastal ar na cruinnithe sin, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta gur cuireadh dearcthaí na n‑údarás inniúil eile sin san áireamh.
Féadfaidh a gCathaoirligh féin ar Bhord Rialálaithe BEREC agus ar Bhord CBSR nó Cathaoirligh na meithleacha cuireadh a thabhairt do shaineolaithe aonair, atá aitheanta mar shaineolaithe atá inniúil sa réimse ábhartha, páirt a ghlacadh i gcruinnithe na meithleacha, i gcás inar gá, ar bhonn cás ar chás.
6.Déanfar na meithleacha a dhíscaoileadh de ghnáth a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.
7.Glacfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR faoi seach rialacha nós imeachta lena leagfar síos na socruithe praiticiúla maidir le hoibriú na meithleacha.
Airteagal 141
Clár oibre
1.Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún, chomh maith le páirtithe leasmhara eile i gcomhréir le hAirteagal 122(10) agus le hAirteagal 132(5) faoi seach, glacfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR a gclár oibre débhliantúil féin faoin 31 Nollaig den bhliain roimh an timthriall débhliantúil.
2.Tarchuirfidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR a gclár oibre féin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a luaithe a ghlacfar é.
Airteagal 142
Tuarascáil dhébhliantúil ar ghníomhaíochtaí
Glacfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR a dtuarascáil dhébhliantúil féin ar a ngníomhaíochtaí féin. Déanfaidh an Bord Rialálaithe BEREC an tuarascáil dhébhliantúil ar ghníomhaíochtaí a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh gach dara bliain.
Airteagal 143
Comhar idir BEREC agus CBSR
1.Oibreoidh BEREC agus CBSR i gcomhar le chéile ar bhonn leanúnach córasach maidir le hábhair lena mbaineann ábharthacht fhrithpháirteach, go háirithe i gcás ina dtrasnaíonn rialáil na cumarsáide leictreonaí agus an beartas speictrim raidió a chéile. Chuige sin, bunóidh BEREC agus CBSR meithleacha comhpháirteacha i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh siad malartuithe faisnéise agus saineolais tráthrialta, agus comhordóidh siad a gcláir oibre féin chun comhsheasmhacht na rialála a chur chun cinn chomh maith le cur chun feidhme éifeachtach na mbeartas.
2.Tiocfaidh Cathaoirleach Bhord Rialálaithe BEREC agus Cathaoirleach Bhord CBSR le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad chun saincheisteanna leasa choitinn, dá bhfuil dlúthchomhar córasach idir BEREC agus CBSR riachtanach, a shainaithint. Cuirfidh na Cathaoirligh tograí faoi bhráid a mbord féin le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghlacadh, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, sásraí comhair struchtúrtha. Cuirfear na saincheisteanna sin san áireamh agus cláir oibre dhébhliantúla BEREC agus CBSR á n‑ullmhú.
3.I gcás inar gá, tionólfar cruinnithe comhpháirteacha Bhord Rialálaithe BEREC agus Bhord CBSR chun aghaidh a thabhairt ar ábhair atá ábhartha don dá chomhlacht agus chun cuir chuige chomhsheasmhacha agus chomhleanúnacha a áirithiú maidir le rialáil agus le beartais.
7.5.TEIDEAL V: AN OIFIG UM LÍONRAÍ DIGITEACHA
7.5.1.CAIBIDIL I: Cúraimí agus eagar OLD
Airteagal 144
Bunú
Tiocfaidh OLD in ionad Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (‘Oifig BEREC’), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1971, agus tiocfaidh sé i gcomharbas uirthi.
Airteagal 145
Sainordú ginearálta OLD
1.Gníomhóidh OLD faoi raon feidhme an Rialacháin seo chun tacú le forbairt an mhargaidh aonair don chumarsáid leictreonach.
2.Agus a shainordú á chomhlíonadh aige, tabharfaidh OLD tacaíocht agus cúnamh do BEREC i bhfeidhmiú a chúraimí faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear trí shaineolas teicniúil, acmhainneacht anailíseach, tacaíocht chomhordúcháin agus cúnamh oibríochtúil a sholáthar, gan dochar do neamhspleáchas BEREC ná dá chumhachtaí cinnteoireachta. Tabharfaidh OLD tacaíocht agus cúnamh do CBSR go gníomhach i bhfeidhmiú a chúraimí freisin, go háirithe trí dhlúth-chomhordú a áirithiú idir beartais um chumarsáid leictreonach agus speictream raidió agus a rialáil, agus trí chomhar struchtúrtha a éascú i gcás ina dtagann saincheisteanna chun cinn lena mbaineann ábharthacht choiteann.
3.Déanfaidh OLD aon chúraim eile a thugtar dó leis an Rialachán seo nó le gníomhartha eile de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil na cúraimí sin comhoiriúnach lena shainordú agus go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
Airteagal 146
Cúraimí OLD
1.Beidh na cúraimí seo a leanas ar OLD:
(a)seirbhísí tacaíochta saineolaí, gairmiúla, riaracháin agus lóistíochta a sholáthar do BEREC chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí uile na meithleacha agus trí rannchuidiú leo, i gcomhréir le hAirteagal 140;
(b)sonraí agus faisnéis a bhailiú ó údaráis rialála náisiúnta agus ó údaráis inniúla eile, agus faisnéis a mhalartú agus a tharchur i ndáil leis na cúraimí a shanntar do BEREC de bhun Airteagal 103(2) agus Airteagail 122 go 126;
(c)dréacht-tuarascálacha tráthrialta a chur ar fáil, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (b), maidir le gnéithe sonracha de na forbairtí ar mhargadh cumarsáide leictreonaí an Aontais amhail tuarascálacha ar fhánaíocht agus ar thagarmharcáil a chuirfear faoi bhráid BEREC;
(d)dea-chleachtais rialála a scaipeadh i measc údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, i gcomhréir le hAirteagal 122(1), pointe (b);
(e)cúnamh a thabhairt do BEREC clárlanna agus bunachair sonraí a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 123(3) agus córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 172;
(f)bunachar sonraí maidir le hacmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha a bhunú agus a bhainistiú, i gcomhréir le hAirteagal 47(4);
(g)cúnamh a thabhairt do BEREC agus é i mbun comhairliúcháin phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 122(10);
(h)cabhrú chun an obair a ullmhú agus tacaíocht eile riaracháin agus tacaíocht a bhaineann le hábhar chun dea-fheidhmiú Bhord Rialálaithe BEREC a áirithiú;
(i)cúnamh a thabhairt maidir le meithleacha a chur ar bun, arna iarraidh sin ag an mBord Rialálaithe BEREC, rannchuidiú leis an obair rialála agus tacaíocht riaracháin a sholáthar chun dea-fheidhmiú na ngrúpaí sin a áirithiú;
(j)an Plean a ullmhú, i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7;
(k)fógraí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a tharchur chuig údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile chun an nós imeachta um an bPas Aonair a éascú i gcomhréir le hAirteagal 10(4);
(l)bunachar sonraí de chuid an Aontais a choinneáil ar bun, a bheidh ar fáil go poiblí agus ina mbeidh na fógraí a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 10(8);
(m)cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le pleanáil straitéiseach na n‑acmhainní uimhriúcháin san Aontas agus maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as acmhainní uimhrithe le haghaidh seirbhísí trasteorann nó uile-Eorpacha a shainaithint, agus maidir le plean uimhrithe de chuid an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 46(2) agus (4);
(n)dul i gcomhar le húdaráis rialála náisiúnta maidir le leithdháileadh na n‑uimhreacha agus bainistiú na n‑acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha, i gcomhréir le hAirteagal 47(3);
(o)an nós imeachta agus an córas a chur ar bun chun faisnéis a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 47(4);
(p)cúnamh a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta gníomhaíochtaí maidir le hacmhainní uimhriúcháin lena mbaineann ceart úsáide seach-chríochaí a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 48(4);
(q)cúnamh a thabhairt do BEREC na teimpléid chomhchuibhithe a ullmhú, i gcomhréir le hAirteagal 182;
(r)cúraimí eile a shanntar dó faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais a dhéanamh.
2.Faoin [2 bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm] agus gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh OLD tuarascáil maidir leis an dul chun cinn i dtreo an mhargaidh aonair do chumarsáid leictreonach, ina dtabharfar tuairisc go háirithe ar staid an mhargaidh, ar struchtúr an mhargaidh, agus ar thionchar na mbeart arna gcur chun feidhme faoin Rialachán seo ar an margadh inmheánach, lena n‑áirítear na héifeachtaí ex post a bhaineann le cumaisc ar an margadh. Sula bhfoilseofar í, cuirfear dréacht-tuarascáil faoi bhráid BEREC agus CBSR lena formheas. Foilseofar na tuarascálacha sin.
Airteagal 147
Cúraimí OLD mar thaca le CBSR
Beidh na cúraimí seo a leanas ar OLD:
(a)seirbhísí tacaíochta saineolaí, gairmiúla, riaracháin agus lóistíochta a sholáthar do CBSR chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n‑áirítear trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí uile na meithleacha agus trí rannchuidiú leo, i gcomhréir le hAirteagal 140;
(b)sonraí agus faisnéis a bhailiú ó údaráis inniúla náisiúnta, agus faisnéis a mhalartú agus a tharchur i ndáil leis na cúraimí a shanntar do CBSR de bhun Airteagail 132 agus 133;
(c)cúnamh a thabhairt do CBSR agus é i mbun comhairliúcháin phoiblí, i gcomhréir le hAirteagal 132(5);
(d)cabhrú chun an obair a ullmhú agus tacaíocht eile riaracháin agus tacaíocht a bhaineann le hábhar chun dea-fheidhmiú Bhord CBSR a áirithiú;
(e)cúnamh a thabhairt maidir le meithleacha a chur ar bun, arna iarraidh sin ag Bord CBSR, rannchuidiú leis an obair rialála agus tacaíocht riaracháin a sholáthar chun dea-fheidhmiú na ngrúpaí sin a áirithiú;
(f)cúnamh a thabhairt don Choimisiún arna iarraidh sin dó agus an próiseas údaraithe á dhéanamh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 22(4);
(g)gníomhú mar phointe teagmhála aonair maidir le hiarratais agus fógraí a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 22(5);
(h)bunachair sonraí dhinimiciúla a bhunú agus a riar chun deiseanna úsáide speictrim raidió a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 28;
(i)taifead a choimeád ar imeachtaí a bhaineann le margadh aonair speictrim raidió an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 31(9);
(j)tacaíocht a sholáthar do CBSR chun seasamh an Aontais a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 37(3);
(k)cúnamh a thabhairt don Choimisiún na fógraí a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 38(2), an dara fomhír;
(l)cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do CBSR sa phróiseas chun an t‑údarú Aontais a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 40 agus, arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn VI;
(m)tacú le CBSR cúnamh a thabhairt don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar choinníollacha i gcomhréir le hAirteagal 43(2).
Airteagal 148
Pearsantacht dhlítheanach OLD
1.Is comhlacht de chuid an Aontais a bheidh in OLD. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
2.I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag OLD an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina ndlíthe. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3.Déanfaidh a Stiúrthóir ionadaíocht thar ceann OLD.
4.Is é OLD, agus OLD amháin, a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na cumhachtaí a shannfar dó.
5.Is i Ríge a bheidh suíomh OLD.
Airteagal 149
Struchtúr eagrúcháin OLD
Is éard a bheidh in OLD:
(a)Bord Bainistíochta;
(b)Stiúrthóir.
Airteagal 150
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta
1.Beidh ar an mBord Bainistíochta na daoine a cheapfar mar chomhaltaí de Bhord Rialálaithe BEREC, Cathaoirleach Bhord CBSR agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Beidh cearta vótála ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.
Féadfaidh gach údarás rialála náisiúnta ceapacháin, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 127(1), duine seachas comhalta de chuid Bhord Rialálaithe BEREC a cheapadh mar chomhalta den Bhord Bainistíochta. Ceannaire an údaráis rialála náisiúnta sin, comhalta ar chomhlacht coláisteach an údaráis rialála náisiúnta sin, nó duine a dhéanann ionadaíocht do cheachtar acu sin, a bheidh sa duine sin.
2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh na comhaltaí malartacha ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé as láthair.
Is iad na daoine a ceapadh mar chomhaltaí malartacha do chomhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC a bheith ina gcomhaltaí malartacha ar an mBord Bainistíochta. Beidh comhalta malartach ag ionadaí an Choimisiúin freisin. Beidh comhalta malartach Chathaoirleach Bhord CBSR ina Leas-Chathaoirleach ar Bhord CBSR.
Féadfaidh gach údarás rialála náisiúnta ceapacháin, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 127(1), duine seachas comhalta malartach an chomhalta de chuid Bhord Rialálaithe BEREC a cheapadh mar chomhalta malartach ar an mBord Bainistíochta. Ceannaire an údaráis rialála náisiúnta, comhalta ar chomhlacht coláisteach an údaráis rialála náisiúnta sin, duine a dhéanann ionadaíocht ar cheachtar acu sin nó ball foirne de chuid an údaráis rialála náisiúnta, nó ceachtar acu sin a bheidh sa duine sin.
3.Ní iarrfaidh comhaltaí an Bhoird Rialálaithe nó a gcomhaltaí malartacha treoracha ó aon rialtas, ó aon institiúid, ó aon duine ná ó aon chomhlacht agus ní ghlacfaidh siad treoracha aon cheann acu sin.
4.Poibleofar liosta cothrom le dáta de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta, agus a gcomhaltaí malartacha, mar aon lena dearbhuithe maidir le leasanna.
Airteagal 151
Feidhmeanna riaracháin an Bhoird Bainistíochta
1.Beidh na feidhmeanna riaracháin seo a leanas ag an mBord Bainistíochta:
(a)áirithiú go bhfeidhmeoidh OLD na cúraimí uile a shanntar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo, tríd an riachtanas le tacaíocht chuí a áirithiú do CBSR a chur san áireamh agus a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 146 agus 147;
(b)treonna ginearálta a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí OLD agus doiciméad clársceidealaithe aonair OLD a ghlacadh, ar bhonn bliantúil, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, agus tuairim BEREC agus CBSR á cur san áireamh agus tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún agus i gcomhréir le hAirteagal 157;
(c)buiséad bliantúil OLD a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith bhuiséad OLD de bhun Chaibidil II den Teideal seo;
(d)measúnú ar an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí OLD dá dtagraítear in Airteagal 161a ghlacadh, a phoibliú agus dul ar aghaidh leis an measúnú sin freisin, agus an tuarascáil agus an measúnú araon a chur faoi bhráid, faoin 1 Iúil gach bliain, Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiún agus na Cúirte Iniúchóirí;
(e)na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le OLD, a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163;
(f)straitéis frithchalaoise a ghlacadh atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;
(g)a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar thorthaí agus ar mholtaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachta agus as meastóireachtaí, bíodh siad inmheánach nó seachtrach, agus as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifige an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh;
(h)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 173(5);
(i)na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 168(2) a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;
(j)bearta praiticiúla a ghlacadh maidir leis an gceart rochtana ar dhoiciméid OLD, i gcomhréir le hAirteagal 167;
(k)a rialacha nós imeachta a ghlacadh;
(l)tabhairt i gcrích na socruithe oibre a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 166;
(m)rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;
(n)gan dochar don chinneadh dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, na cumhachtaí a tugadh don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don Údarás atá Cumhachtaithe Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (‘cumhachtaí an údaráis ceapacháin’), na cumhachtaí sin a fheidhmiú i leith bhaill foirne na OLD;
(o)an Stiúrthóir a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena dtéarma oifige nó iad a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 156;
(p)Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas;
(q)gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha OLD agus, i gcás inar gá, maidir le modhnú na struchtúr sin, agus riachtanais ghníomhaíochtaí OLD á gcur san áireamh chomh maith le haird a thabhairt ar bhainistiú buiséadach fónta.
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (p), féadfaidh OLD an tOifigeach Cuntasaíochta céanna a cheapadh agus atá ag comhlacht nó institiúid eile de chuid an Aontais. Féadfaidh OLD agus an Coimisiún, go háirithe, aontú go ngníomhóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar Oifigeach Cuntasaíochta OLD freisin.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhísigh eile, lena ndéanfar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir agus lena sonrófar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
Más rud é gur gá sin de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir sin, a chur ar fionraí go sealadach agus na cumhachtaí sin a fheidhmiú é féin, nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir.
3.Bunóidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Airteagal 152
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
1.Is iad na daoine a ceapadh mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh an Bhoird Bainistíochta a cheapfar mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh Bhord Rialálaithe BEREC. Bainfidh an téarma céanna oifige leis an dá phost.
De mhaolú ón gcéad fhomhír, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, comhaltaí eile den Bhord Bainistíochta a thoghadh mar Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirligh as measc na gcomhaltaí sin aige a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit. Beidh an téarma oifige céanna acu agus atá ag Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh Bhord Rialálaithe BEREC.
2.I gcomhréir leis na rialacha nós imeachta, glacfaidh duine de na Leas-Chathaoirligh dualgais an Chathaoirligh ar láimh i gcás nach mbeidh an Cathaoirleach in ann na dualgais sin a chomhlíonadh.
3.Tabharfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le comhlíonadh chúraimí OLD nuair a iarrfar sin air.
Airteagal 153
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta
1.Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a thionól.
2.Glacfaidh Stiúrthóir OLD páirt sa phlé uile, seachas an plé a bhainfidh le hAirteagal 156, cé nach mbeidh ceart vótála aige.
3.Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, ar thionscnamh an Chathaoirligh, tionólfar cruinnithe urghnácha, ar iarraidh ón gCoimisiún, nó ar iarraidh ó thriúr comhaltaí, ar a laghad, de chuid an Bhoird.
4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a d’fhéadfadh sé gur díol suime a thuairimí nó a tuairimí freastal ar chruinnithe an bhoird mar bhreathnóir.
5.Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus comhaltaí malartacha ag na cruinnithe.
6.Cuirfidh OLD an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.
Airteagal 154
Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta
1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí trí thromlach glan dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sin sa Rialachán seo.
2.I gcás ina vótálfaidh an Bord Bainistíochta ar ábhair a bhaineann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 agus Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, beidh an cinneadh faoi réir vóta dearfach ó ionadaí an Choimisiúin ar an mBord Bainistíochta.
3.Beidh vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina mbeidh comhalta a bhfuil ceart vótála aige as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.
4.Féadfaidh an Cathaoirleach a chearta vótála a tharmligean i gcás ar bith. Glacfaidh siad páirt sa vótáil ach amháin má tá an ceart vótála tarmligthe acu.
5.Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.
Airteagal 155
Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra
1.Is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil OLD agus beidh sé i gceannas ar bhainistiú riaracháin OLD. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Bainistíochta.
2.Ullmhóidh an Stiúrthóir cruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus tabharfaidh sé cúnamh do Chathaoirleach Bhord Rialálaithe BEREC agus do Chathaoirleach Bhord CBSR, agus cruinnithe a gcomhlachtaí féin á n‑ullmhú aige.
3.Beidh an Stiúrthóir neamhspleách i bhfeidhmiú a dhualgas agus ní iarrfaidh sé ordú ar aon rialtas, aon institiúid, aon duine ná aon chomhlacht ná ní ghlacfaidh sé ordú uathu.
4.Tabharfaidh an Stiúrthóir tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le comhlíonadh a gcuid cúraimí nuair a iarrfar sin air.
5.Beidh an Stiúrthóir freagrach as cúraimí OLD a chur chun feidhme agus as an treoraíocht a chuirtear ar fáil ó Bhord Rialálaithe BEREC, ó Bhord CBSR agus ón mBord Bainistíochta a leanúint. Beidh an Stiúrthóir freagrach go háirithe as na nithe seo a leanas:
(a)riarachán OLD ó lá go lá;
(b)obair an Bhoird Bainistíochta a ullmhú agus páirt a ghlacadh in obair an Bhoird Bainistíochta gan an ceart vótála a bheith aige;
(c)cinntí riaracháin arna nglacadh ag Bord Rialálaithe BEREC, ag Bord CBSR agus ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;
(d)an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 157 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh tar éis dul dó i gcomhairle leis an gCoimisiún 4 seachtaine ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha den Bhord Bainistíochta;
(e)cúnamh a thabhairt do Bhord Rialálaithe BEREC agus do Bhord CBSR a dtuarascálacha ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 142 a ullmhú;
(f)cúnamh a thabhairt do Bhord Rialálaithe BEREC agus do Bhord CBSR a gcláir oibre féin a ullmhú, dá dtagraítear in Airteagal 141;
(g)an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme, agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;
(h)an dréacht-tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí OLD dá dtagraítear in Airteagal 161 a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;
(i)plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus ar imscrúduithe de chuid OLAF, mar aon le tuairisc ar dhul chun cinn a thabhairt don Bhord Bainistíochta uair sa bhliain ar a laghad;
(j)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta riaracháin a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear pionóis airgeadais;
(k)straitéis frithchalaoise le haghaidh OLD a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;
(l)dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le OLD a ullmhú;
(m)dréachtmheastacháin ioncaim agus caiteachais OLD a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 158;
(n)údarú a dhéanamh, i gcomhar le Bord Rialálaithe BEREC, nó le Bord CBSR i gcás inarb ábhartha, go dtabharfaí chun críche socruithe oibre le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais agus le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 166.
6.Déanfaidh an Stiúrthóir, faoi mhaoirsiú an Bhoird Bainistíochta, na bearta is gá chun feidhmiú OLD a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe i ndáil le treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú.
7.Faoi réir réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ó na Ballstáit lena mbaineann, cinnfidh an Stiúrthóir an gá ball foirne amháin, nó níos mó, a lonnú i mBallstát amháin, nó níos mó, chun cúraimí OLD a dhéanamh i mbealach éifeachtúil agus éifeachtach. Leis an gcinneadh sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus a sheachnóidh feidhmeanna riaracháin OLD a dhéanamh faoi dhó. Sula ndéanfar cinneadh den chineál sin, déanfar a thionchar i dtaca le leithdháileadh foirne agus buiséid a leagan amach sa doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 157.
Airteagal 156
An Stiúrthóir a cheapadh
1.Beidh an Stiúrthóir fostaithe mar ghníomhaire sealadach de chuid OLD i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (a), de Choinníollacha Fostaíochta na Seirbhíseach Eile.
2.Roghnóidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach, ar bhonn tuillteanais, scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha agus na scileanna agus an taithí atá ábhartha maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Beidh an ceapachán faoi réir tuairim dhearfach ó ionadaí CBSR ar an mBord Bainistíochta.
3.Maidir leis an liosta iarrthóirí ní mholfaidh an t‑aon Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an liosta sin as a stuaim féin. Leagfar amach go mionsonrach i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta na socruithe lena rialaítear an nós imeachta chun an líon iarrthóirí incháilithe a ghearrliostú agus nós imeachta vótála.
4.Sula ndéanfar an ceapachán, tabharfar éisteacht os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta.
5.Chun an conradh a thabhairt chun críche leis an Stiúrthóir, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do OLD.
6.5 bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra. In am trátha, roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra agus ar chúraimí agus dúshláin OLD. Cuirfear an measúnú sin faoi bhráid an Choimisiúin.
7.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 6 á chur san áireamh, faoi réir tuairim dhearfach ó Bhord CBSR, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana. Ní bheidh Stiúrthóir a bhfuil síneadh curtha lena théarma nó lena téarma oifige rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.
8.Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin tar éis cinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún nó ar a laghad dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus faoi réir tuairim dhearfach ó Bhord CBSR. Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra ar bhonn vótáil tromlaigh dhá thrian de na comhaltaí.
7.5.2.CAIBIDIL II: Buiséad agus clársceidealú OLD
Airteagal 157
Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
1.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil (‘doiciméad aonair clársceidealaithe’) i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, treoirlínte a shocróidh an Coimisiún á gcur san áireamh.
Faoin 31 Eanáir gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad aonair clársceidealaithe agus seolfaidh sé chuig an gCoimisiún é, chun a thuairim a lorg ina leith. Cuirfear an dréachtdoiciméad aonair clársceidealaithe freisin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad aonair clársceidealaithe ina dhiaidh sin, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh aige. Cuirfidh sé an doiciméad aonair clársceidealaithe, chomh maith le haon nuashonrú den doiciméad faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin é.
Measfar an doiciméad aonair clársceidealaithe a bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh bhuiséad ghinearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, i gcás inar gá sin.
2.Cuimseofar sa doiciméad clársceidealaithe bliantúil cuspóirí sonracha agus torthaí a mheastar a bheidh ann, lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 164. Beidh an doiciméad clársceidealaithe bliantúil i gcomhréir le clár oibre BEREC agus CBSR dá dtagraítear in Airteagal 141 agus le doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil OLD dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Sonrófar go soiléir na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh ann nó a scriosadh ann, i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.
3.Leasóidh an Bord Bainistíochta, i gcás inar gá, an doiciméad clársceidealaithe bliantúil tar éis dó cláir oibre BEREC agus CBSR dá dtagraítear in Airteagal 141 a ghlacadh agus i gcás ina sannfar cúram nua do BEREC, CBSR nó OLD.
Glacfar le haon leasú mór ar an doiciméad clársceidealaithe bliantúil leis an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an doiciméad clársceidealaithe bliantúil tosaigh a ghlacadh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstainteacha a dhéanamh ar an doiciméad clársceidealaithe bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir.
4.Leagfar amach sa doiciméad clársceidealaithe ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n‑áirítear cuspóirí, torthaí a mheastar a bheidh ann agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní ann freisin, lena n‑áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.
Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 179.
5.I ndoiciméad aonair clársceidealaithe OLD, áireofar cur chun feidhme straitéisí BEREC agus CBSR le haghaidh caidreamh le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha inniúla de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla ó thríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 166(3), na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú ar na hacmhainní comhlacha.
Airteagal 158
Bunú an bhuiséid
1.Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas (‘an dréachtmheastachán’) OLD don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n‑áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bhainistíochta é.
Beidh an fhaisnéis sa dréachtmheastachán comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa dréachtdoiciméad aonair clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 157(1).
2.Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus seolfaidh sé é chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.
3.Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (‘an t‑údarás buiséadach’) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.
4.Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagail 313 agus 314 de CFAE.
5.Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht a dhéanfar le OLD
6.Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta OLD.
7.Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad OLD. Measfar an buiséad a bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir sin.
8.I dtaca le haon tionscadal tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad OLD, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715.
Airteagal 159
Struchtúr an bhuiséid
1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus caiteachas uile OLD gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad OLD iad.
2.Beidh buiséad OLD comhordaithe ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.
3.Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ioncam OLD comhdhéanta d’aon mheascán de na nithe seo a leanas:
(a)ranníocaíocht ón Aontas;
(b)aon táille a íocfaidh gnóthais as údaruithe satailíte ón Aontas a fháil agus a choinneáil, ar táillí iad a leagfar amach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 39(4), táillí ar chearta úsáide d’acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha a leagfar amach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 46(4), muirir ar fhoilseacháin agus aon seirbhís eile a sholáthraíonn OLD;
(c)aon ranníocaíocht airgeadais chomhchineáil nó dheonach ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha nó ó údaráis rialála tríú tíortha atá inniúil i réimse na cumarsáide leictreonaí i dtríú tíortha agus atá rannpháirteach in obair OLD, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 166.
4.Ní chuirfidh an t‑ioncam a gheobhaidh OLD a neodracht, a neamhspleáchas ná a oibiachtúlacht i mbaol.
5.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú go tráthrialta ar leibhéal na dtáillí dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), ar bhonn meastóireachta agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé modheolaíocht nó leibhéal na dtáillí sin agus an chaoi a n‑íocfar iad a oiriúnú.
6.Déanfaidh an t‑údarás buiséadach athscrúdú, nuair is gá, ar leibhéal ranníocaíochta an Aontais ar bhonn meastóireacht ar riachtanais, agus leibhéal na dtáillí á chur san áireamh.
7.Cuirfear pá foirne, costais riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas OLD.
Airteagal 160
An buiséad a chur chun feidhme
1.Is é an Stiúrthóir a chuirfidh buiséad OLD chun feidhme.
2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Airteagal 161
Tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta
Glacfaidh an Bord Bainistíochta tuarascála bliantúla comhdhlúite gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, ag tabhairt san áireamh na treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún.
Airteagal 162
Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh
1.Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta OLD na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais faoi bhráid oifigigh cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta, an bhliain airgeadais dár gcionn.
2.Cuirfidh OLD an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 31 Márta, an bhliain airgeadais dár gcionn.
3.Nuair a gheobhaidh siad na barúlacha ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha OLD, ullmhóidh oifigeach cuntasaíochta OLD cuntais chríochnaitheacha OLD a bhfuil siad freagrach astu. Cuirfidh an Stiúrthóir na cuntais chríochnaitheacha faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta chun tuairim a fháil.
4.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha OLD.
5.Déanfaidh an Stiúrthóir na cuntais chríochnaitheacha sin, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais.
6.Foilseoidh OLD na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain, an bhliain dár gcionn.
7.Cuirfidh an Stiúrthóir freagra faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair, an bhliain sin tar éis na bliana airgeadais atá i gceist. Cuirfidh an Stiúrthóir an freagra sin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta freisin.
8.Cuirfidh an Stiúrthóir aon fhaisnéis is gá chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais i gceist go réidh, i gcomhréir le hAirteagal 267(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna hiarraidh sin di.
9.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a dheonú don Stiúrthóir roimh an 15 Bealtaine, an bhliain N + 2, i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N.
Airteagal 163
Rialacha airgeadais
Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le OLD a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní bheidh siad éagsúil ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura mbeidh gá leis an éagsúlacht sin chun go bhfeidhmeoidh OLD mar is ceart agus mura dtabharfaidh an Coimisiún toiliú roimh ré.
Airteagal 164
Foireann OLD
1.Beidh feidhm maidir le foireann OLD ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
2.I gcomhréir le prionsabal an bhainistithe acmhainní daonna de réir gníomhaíochtaí, beidh an fhoireann is gá ag OLD chun dualgais na hoifige a chur i gcrích.
3.Molfar an líon foirne agus na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 157(2) agus (4) agus Airteagal 158(1), lena gcuirfear san áireamh Airteagail 146 agus 147, agus gach cúraim eile a shanntar do OLD leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, mar aon leis an ngá atá le comhlíonadh na rialachán is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí díláraithe uile an Aontais.
4.Féadfaidh OLD leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe aici. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.
5.Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do OLD.
7.5.3.CAIBIDIL III: Forálacha ginearálta
Airteagal 165
Pribhléidí agus díolúintí
Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le OLD agus maidir lena foireann.
Airteagal 166
Comhar le comhlachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
1.A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach agus chun a gcúraimí a chur i gcrích, agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais, féadfaidh BEREC, CBSR agus OLD oibriú i gcomhar le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Chuige sin, féadfaidh BEREC, CBSR agus OLD socruithe oibre a bhunú, tar éis dóibh réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún. Ní chruthófar oibleagáidí dlí de bharr na socruithe sin.
2.Beidh an Bord Rialálaithe BEREC, an Bord CBSR, na meithleacha agus an Bord Bainistíochta oscailte do rannpháirtíocht údarás tríú tíortha a bhfuil an phríomhfhreagracht orthu i réimse na cumarsáide leictreonaí nó an bheartais speictrim raidió, i gcásanna ina bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta ag na tríú tíortha sin leis an Aontas.
Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, forbrófar socruithe oibre lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta údaráis na dtríú tíortha sin lena mbaineann gan ceart vótála a bheith acu in obair BEREC, an CBSR agus na OLD, lena n‑áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht i dtionscnaimh a chuireann BEREC agus an CBSR i gcrích, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne OLD. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne ar aon nós.
3.Mar chuid den chlár oibre débhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 141, glacfaidh Bord Rialálaithe BEREC agus Bord CBSR, faoi seach, straitéis BEREC agus CBSR um chaidreamh le comhlachtaí inniúla, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha de chuid an Aontais, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le hábhair a bhfuil BEREC agus CBSR, faoi seach, inniúil ina leith. Tabharfaidh an Coimisiún, BEREC, CBSR agus OLD socrú oibre iomchuí i gcrích chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh BEREC, CBSR agus OLD laistigh dá sainordú agus den chreat institiúideach atá ann cheana.
Airteagal 167
Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí
1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid i seilbh BEREC, CBSR agus OLD.
2.Déanfaidh Bord Bainistíochta OLD nuashonrú, i gcás inar gá, ar na rialacha mionsonraithe a glacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm maidir leis na doiciméid atá i seilbh BEREC, CBSR agus OLD. Beidh OLD freagrach as iarrataí ar rochtain ar na doiciméid sin a phróiseáil.
3.Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag OLD faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.
Airteagal 168
Trédhearcacht agus cumarsáid
1.Féadfaidh BEREC agus CBSR, le tacaíocht ó OLD, dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a dtionscnamh féin laistigh dá réimse inniúlachta i gcomhréir le pleananna ábhartha um chumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag Bord Rialálaithe BEREC agus ag Bord CBSR. Ní dhéanfaidh leithdháileadh na n‑acmhainní do thacaíocht den sórt sin le haghaidh gníomhaíochtaí cumarsáide laistigh de bhuiséad OLD dochar d’fheidhmiú éifeachtach chúraimí BEREC dá dtagraítear in Airteagail 122 go 126 ná cúraimí CBSR dá dtagraítear in Airteagail 132 agus 133, ná cúraimí OLD dá dtagraítear in Airteagail 146 agus 147.
2.Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide de chuid OLD a chur i gcrích i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.
Airteagal 169
Rúndacht
1.Gan dochar d’Airteagal 167(1) agus Airteagal 171(2), ní sceithfidh CBSR ná OLD le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil acu ná arna tabhairt dóibh a bhfuil iarraidh réasúnaithe déileáil go rúnda ina leith déanta, go hiomlán nó go páirteach.
2.Comhaltaí agus rannpháirtithe eile i gcruinnithe Bhord Rialálaithe BEREC, Bord CBSR, an Bord Bainistíochta agus na meithleacha, an Stiúrthóir, saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag OLD, comhlíonfaidh siad na ceanglais rúndachta.
3.Leagfaidh Bord Rialálaithe BEREC, Bord CBSR agus an Bord Bainistíochta síos na socruithe praiticiúla d’fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus 2 a chur chun feidhme.
Airteagal 170
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint
Glacfaidh BEREC, CBSR agus OLD a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, inter alia, na forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. De rogha air sin, féadfaidh BEREC, CBSR nó OLD cinneadh a ghlacadh lena gcuirtear rialacha an Choimisiúin i bhfeidhm mutatis mutandis.
Airteagal 171
Malartú faisnéise
1.Tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó BEREC, ó CBSR nó ó OLD, cuirfidh an Coimisiún agus na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile ar fáil do BEREC, do CBSR nó do OLD go pras beacht an fhaisnéis uile is gá chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis ábhartha agus go bhfuil an iarraidh ar fhaisnéis riachtanach don chineál cúraim atá i gceist.
Féadfaidh BEREC, CBSR nó OLD iarraidh freisin go soláthrófaí an fhaisnéis sin ag eatraimh thráthrialta agus i bhformáidí sonraithe. Más féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna tuairiscithe.
2.Arna iarraidh sin don Choimisiún, do Bhallstát nó d’údarás rialála náisiúnta nó d’údarás inniúil eile, soláthróidh BEREC, CBSR nó OLD, ar bhealach tráthúil cruinn, aon fhaisnéis atá riachtanach chun é a chur ar a chumas don Choimisiún, don Bhallstát, don údarás rialála náisiúnta nó d’údarás inniúil eile a gcúraimí a dhéanamh, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis. Áiritheoidh an Coimisiún, Ballstát, an t‑údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile rúndacht i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n‑áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, maidir le faisnéis atá ina faisnéis rúnda dar le BEREC, CBSR nó OLD. Ní chuirfear bac de bharr rúndacht gnó ar fhaisnéis a roinnt go pras.
3.Sula n‑iarrfaidh BEREC, CBSR nó OLD faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo agus chun dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, cuirfidh sé san áireamh aon fhaisnéis ábhartha atá ar fáil don phobal cheana.
4.I gcás nach gcuirfidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile nó an Ballstát faisnéis ar fáil go tráthúil, féadfaidh BEREC, CBSR, nó OLD iarraidh réasúnaithe a dhíriú ar údaráis rialála náisiúnta eile agus údaráis inniúla eile de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, nó go díreach chuig na gnóthais ábhartha a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara. Tabharfaidh BEREC, CBSR nó OLD fógra do na húdaráis rialála náisiúnta nó d’údaráis inniúla eile ar theip orthu an fhaisnéis a sholáthar maidir le hiarrataí i gcomhréir leis an gcéad mhír.
Arna iarraidh sin do BEREC, do CBSR nó do OLD, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile cúnamh do BEREC nó do CBSR chun an fhaisnéis a bhailiú.
5.Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis inniúla eile a chur de cheangal ar údaráis náisiúnta eile atá freagrach nó ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara, nó seirbhísí gaolmhara, an fhaisnéis uile is gá a chur isteach chun na cúraimí atá orthu dá dtagraítear san Airteagal seo a chur i gcrích.
Maidir le húdaráis náisiúnta fhreagracha eile nó gnóthais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad faisnéis ar fáil go pras arna iarraidh sin orthu agus i gcomhréir leis na hamscálaí agus leis an leibhéal sonraí is gá.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis rialála náisiúnta agus do na húdaráis inniúla eile iarrataí den chineál sin ar fhaisnéis a fhorfheidhmiú trí phionóis a ghearradh a bheidh iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 172
Córas faisnéise agus cumarsáide
1.Déanfaidh OLD córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a bhainistiú a mbeidh ar a laghad na feidhmeanna seo a leanas aige:
(a)ardán coiteann chun faisnéis a mhalartú, lena soláthrófar an fhaisnéis atá riachtanach do BEREC, do CBSR, don Choimisiún agus d’údaráis rialála náisiúnta agus do na húdaráis inniúla atá freagrach as speictream raidió chun creat rialála an Aontais do chumarsáid leictreonach a chur chun feidhme go comhsheasmhach;
(b)comhéadan tiomnaithe le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis agus fógra a thabhairt faoi na hiarrataí sin dá dtagraítear in Airteagal 171, chun go mbeidh rochtain orthu ag BEREC, CBSR, OLD, an Coimisiún agus údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla atá freagrach as speictream raidió;
(c)ardán chun an gá atá le comhordú idir údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla atá freagrach as speictream raidió a shainaithint go luath.
2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta na sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla chun críche an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 a bhunú. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcomhlíonfaidh an córas na dlíthe maidir le cearta maoine intleachtúla agus de réir an leibhéil rúndachta a cheanglaítear.
Airteagal 173
Dearbhuithe maidir le leasanna
1.Maidir le comhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC, Bhord CBSR agus Bhord Bainistíochta OLD, an Stiúrthóir, saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag OLD, déanfaidh gach duine acu dearbhú i scríbhinn ina léirítear a dtiomantas agus ina léirítear nach ann nó gurb ann d’aon leasanna díreach nó indíreach a bhféadfaí a mheas ina thaobh go mbainfeadh sé dá neamhspleáchas.
2.Nuair a bheidh a gcúraimí á nglacadh chucu féin ag daoine, beidh orthu dearbhú den chineál sin a dhéanamh agus beidh na dearbhuithe sin beacht iomlán, agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina mbeadh baol ann go bhféadfaí a mheas go mbeadh aon leas díreach nó indíreach ann a bheadh dochrach do neamhspleáchas an duine a dhéanfaidh an dearbhú.
3.Cuirfear ar fáil don phobal na dearbhuithe a dhéanfaidh comhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC, Bord CBSR, comhaltaí Bhord Bainistíochta OLD agus an Stiúrthóir.
4.Maidir le comhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC, Bhord CBSR, Bhord Bainistíochta OLD agus na meithleacha, agus rannpháirtithe eile ina gcruinnithe, an Stiúrthóir, saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag OLD, déanfaidh gach duine acu dearbhú iomlán ag tús gach cruinnithe ar a dhéanaí, ar dearbhú é ina léireofar aon leas a d’fhéadfaí a mheas go mbainfeadh sé dá neamhspleáchas i ndáil leis na hítimí atá ar an gclár oibre agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ó vótáil ar na pointí sin.
5.Leagfaidh Bord Rialálaithe BEREC, Bord CBSR agus Bord Bainistíochta OLD síos na rialacha chun coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú agus, go háirithe, maidir leis na socruithe praiticiúla chun míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 174
Calaois a chomhrac
1.Faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], aontóidh OLD do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile OLD agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aige.
2.Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí de dheontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ó OLD.
3.Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoiníonn OLD.
4.Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh i gcomhaontuithe oibre le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais forálacha a thugann de chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí féin.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú agus a ionchúiseamh amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371.
Airteagal 175
Dliteanas
1.Beidh dliteanas conarthach OLD faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.
2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (An Chúirt Bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag OLD.
3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh OLD, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a bhaill foirne féin ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.
4.Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.
5.Beidh dliteanas pearsanta na mball foirne i leith OLD faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.
Airteagal 176
Imscrúduithe riaracháin
Beidh gníomhaíochtaí BEREC, CBSR agus OLD faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.
Airteagal 177
Socruithe teanga
1.Beidh feidhm maidir le OLD i Rialachán Uimh. 1.
2.Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle, a sholáthróidh aistriúchán agus gach seirbhís teanga eile a theastóidh ó OLD, seachas ateangaireacht.
Airteagal 178
Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin
1.Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht Tacaíochta do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach agus Rialtas Phoblacht na Laitvia an 21 Nollaig 2020 tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.
2.Cuirfidh an Ballstát óstach na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh OLD go rianúil éifeachtúil, lena n‑áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti agus naisc iomchuí iompair.
Airteagal 179
Meastóireacht
1.Faoin [60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht BEREC, CBSR agus OLD i ndáil lena gcuspóirí, lena sainordú, lena gcúraimí agus lena suíomh. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann struchtúr nó sainordú BEREC, CBSR agus OLD a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin.
2.I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le BEREC, le CBSR nó le OLD a choinneáil ar bun ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú agus dá chúraimí sannta, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú nó a aisghairm dá réir.
3.Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta agus cuirfear na torthaí sin ar fáil don phobal.
Airteagal 180
Forálacha idirthréimhseacha maidir le BEREC, comharbas CBSR ar RSPG agus comharbas OLD ar Oifig BEREC
1.Tiocfaidh an OLD i gcomharbas ar an Oifig BEREC a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1971 i ndáil le gach úinéireacht, comhaontú, oibleagáid dhlíthiúil, conradh fostaíochta, ceangaltas airgeadais agus dliteanas.
2.Go háirithe, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta ná d’oibleagáidí bhaill foirne Oifige BEREC.
3.Ón [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhóidh an Stiúrthóir arna cheapadh ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1971 mar Stiúrthóir agus na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo aige. Ní athrófar coinníollacha eile chonradh an Stiúrthóra.
4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh téarma oifige an Stiúrthóra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a athnuachan ar feadh tréimhse bhreise. Beidh feidhm ag Airteagal 156(6) agus (7) mutatis mutandis. Ní bheidh téarma carnach oifige an Stiúrthóra níos mó ná 10 mbliana ag an Stiúrthóir.
5.Beidh Bord Rialálaithe BEREC agus an Bord Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagail 127 agus 150 den Rialachán seo comhdhéanta de chomhaltaí Bhord Rialálaithe BEREC agus an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1971, go dtí go gceapfar ionadaithe nua, cé is moite de Chathaoirleach RSPG dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a bheidh ina chomhalta de Bhord Bainistíochta OLD ón [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
6.Maidir le Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh Bhord Rialálaithe BEREC agus an Boird Bainistíochta OLD, a ceapadh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 2018/1971, fanfaidh siad in oifig mar Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh Bhord Rialálaithe BEREC dá dtagraítear in Airteagal 130 den Rialachán seo, agus mar Chathaoirligh agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 152 den Rialachán seo go mbeidh a dtéarma bliana istigh.
7.Is iad comhaltaí RSPG dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 a bheidh ar Bhord CBSR dá dtagraítear in Airteagal 134 den Rialachán seo, go dtí go gceapfar ionadaithe nua.
8.Fanfaidh Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh RSPG, atá in oifig an [dáta an iarratais], in oifig mar Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach Bhord CBSR go dtí deireadh a dtéarma oifige.
9.Leanfaidh socruithe oibre arna bhforbairt faoi Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/1971 de bheith bailí i gcás BEREC agus OLD. Beidh comhaltaí RSPG nach bhfuil cearta vótála acu ina rannpháirtithe in CBSR gan cearta vótála ar choinníoll go ndéanfar socruithe oibre a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 166(2), an dara fomhír, den Rialachán seo.
8.CUID VIII - FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
8.1.TEIDEAL I: FAISNÉIS, SUIRBHÉANNA AGUS AN SÁSRA COMHAIRLIÚCHÁIN A SHOLÁTHAR
Airteagal 181
Faisnéis a sholáthar
1.Gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara, nó seirbhísí gaolmhara, soláthróidh siad an fhaisnéis uile, lena n‑áirítear faisnéis airgeadais, atá riachtanach d’údaráis rialála náisiúnta, d’údaráis inniúla eile, do BEREC agus do CBSR chun a gcúraimí a dhéanamh agus chun comhréireacht le forálacha an Rialacháin seo, nó le cinntí nó tuairimí arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, a áirithiú. I gcás nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear chun a gcúraimí rialála a dhéanamh faoi dhlí an Aontais, beidh sé de cheart ag údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile agus BEREC agus CBSR an fhaisnéis sin a iarraidh ar ghnóthais ábhartha eile atá gníomhach sna hearnálacha cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha, agus ar na pointí faisnéise aonair arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2024/1309.
2.Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú na gcúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo agus beidh sí réasúnaithe. I gcás ina gceanglóidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile ar ghnóthais faisnéis a sholáthar dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis sin na gnóthais ar an eolas maidir leis an gcuspóir sonrach a n‑úsáidfear an fhaisnéis lena aghaidh. Soláthróidh gnóthais an fhaisnéis a iarrtar go pras agus in aon chuma laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos.
3.Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta é chur de cheangal ar ghnóthais faisnéis a sholáthar faoin údarú ginearálta agus faoin údarú Aontais le haghaidh úsáid speictrim trí chumarsáid satailíte, na cearta úsáide nó na hoibleagáidí sonracha, ar faisnéis í atá comhréireach agus lena bhfuil údar oibiachtúil go háirithe chun na gcríoch seo a leanas:
(a)fíorú, go córasach nó ar bhonn cás ar chás, go bhfuil coinníollacha nó oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 9(4), 20, 21, 29, 38, 39, 49, 50, 51, 67, 68(1), 69 agus 77 á gcomhlíonadh;
(b)fíorú, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó oibleagáidí agus coinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió nó d’acmhainní uimhriúcháin á gcomhlíonadh i gcás ina bhfuarthas gearán nó i gcás ina bhfuil cúiseanna eile ag an údarás inniúil lena chreidiúint nach bhfuil coinníoll á chomhlíonadh nó i gcás imscrúdú ag an údarás inniúil ar a thionscnamh féin;
(c)nósanna imeachta a chur i gcrích maidir le hiarrataí ar chearta úsáide a dheonú, agus chun na hiarrataí sin a mheasúnú;
(d)forléargais chomparáideacha ar chaighdeán agus ar chostas seirbhísí a fhoilsiú chun leasa tomhaltóirí;
(e)staidreamh, tuarascálacha nó staidéar, arna sainiú go soiléir a chomhthiomsú;
(f)anailísí margaidh a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear sonraí ar na margaí iartheachtacha nó miondíola atá bainteach leis na margaí atá faoi réir na hanailíse margaidh, nó a bhfuil gaol acu leo, agus sonraí cuntasaíochta ar na margaí miondíola ó na gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu;
(g)úsáid éifeachtúil a chosaint agus bainistiú éifeachtach a áirithiú maidir le speictream raidió agus acmhainní uimhriúcháin;
(h)meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar sheirbhísí mórdhíola a chuirtear ar fáil d’iomaitheoirí, chomh maith le faisnéis maidir le líonraí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara, atá dí‑chomhiomlánaithe ar an leibhéal áitiúil agus sách mionsonraithe i dtéarmaí chumhdach na críche, maidir le nascacht atá ar fáil d’úsáideoirí deiridh nó chun suirbhéanna geografacha a dhéanamh de bhun Airteagal 183;
(i)freagairt d’iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis ó BEREC nó ó CBSR.
(j)Ní theastóidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) agus pointí (d) go (i), sula bhfaightear rochtain ar an margadh, ná mar réamhchoinníoll leis an rochtain sin.
4.Féadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta ina soláthraítear líonraí agus seirbhísí iarraidh ar an údarás inniúil, arna ainmniú de bhun an Ghnímh um Chibearshlándáil atá le teacht in ionad Rialachán (AE) 2019/881, fíorú go bhfuil na ceanglais maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC á gcomhlíonadh agus na torthaí a chomhroinnt nuair is gá an fíorú sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh choinníollacha údarúcháin ghinearálta de bhun Airteagal 9(4), pointe (d) agus Airteagal 20.
5.Maidir leis na cearta úsáide do speictream raidió, déanfar tagairt san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 go háirithe d'úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió chomh maith leis na hoibleagáidí maidir le haon chumhdach agus le haon chaighdeán seirbhíse a ghabhann le cearta úsáide do speictream raidió agus le fíorú na gceart sin a bheith á gcomhlíonadh.
6.Ní dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta ná údaráis inniúla eile dúbláil ar iarrataí ar fhaisnéis atá déanta ag BEREC nó CBSR cheana féin de bhun mhír 1 nó mhír 3 den Airteagal seo i gcás inar chuir BEREC nó CBSR an fhaisnéis a fuarthas ar fáil do na húdaráis sin.
7.Ní chuirfidh údaráis rialála náisiúnta de cheangal ar sholáthraithe tuairisciú ar an údarú ginearálta, ar na cearta úsáide ná ar na hoibleagáidí sonracha níos minice ná uair amháin sa bhliain.
Airteagal 182
Iarrataí comhchuibhithe ar fhaisnéis agus ar thuairisciú
1.Chun iarrataí ar fhaisnéis agus ar thuairisciú chuig gnóthais a chomhchuibhiú faoi Airteagal 181(1), (3) agus (7), agus i gcomhréir le hAirteagal 3(2), pointe (c) agus Airteagal 202, faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le topaicí ábhartha, lena n‑áirítear maidir le raon feidhme, uainiú, minicíocht agus formáid na n‑iarrataí ar fhaisnéis agus ar thuairisciú agus na nósanna imeachta um bailiú faisnéise. Beidh teimpléid le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis agus ar thuairisciú sna treoirlínte freisin.
2.I gcás inarb infheidhme, forbróidh CBSR teimpléid le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis. Déanfar faisnéis a iarraidh agus a chur isteach i gcomhréir leis na teimpléid a fhorbraítear.
3.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na modheolaíochtaí maidir le bailiú faisnéise ag údaráis rialála náisiúnta a chomhchuibhiú.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
4.I gcás ina mbailítear faisnéis maidir le hinbhuanaitheacht dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (g), gheobhaidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile rochtain ar dtús ar an bhfaisnéis arna soláthar ag gnóthais de bhun reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. Má bhaineann údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile de thátal as nach leor an fhaisnéis sin chun na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a thabhairt i gcrích, féadfaidh BEREC na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta trí fhoráil a dhéanamh maidir le bailiú na sonraí breise lena bhfuil gá.
5.Soláthróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, an fhaisnéis ar fad don Choimisiún atá de dhíth uaidh chun a chuid cúraimí a chur i gcrích faoi CFAE. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le feidhmiú na gcúraimí sin. I gcás ina dtagróidh an fhaisnéis d’fhaisnéis arna soláthar ag na gnóthais cheana féin, ar iarraidh ón údarás, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin. A mhéid is gá, agus mura bhfuil iarraidh shoiléir réasúnaithe ina choinne sin curtha isteach ag an údarás a sholáthraíonn an fhaisnéis, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna soláthar ar fáil d’údarás eile den sórt sin i mBallstát eile.
6.Faoi réir cheanglais mhír 7, déanfar an fhaisnéis arna cur faoi bhráid údarás amháin a chur ar fáil d’údarás eile den sórt sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát difriúil, do BEREC agus do CBSR, tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil, i gcás inar gá sin chun go mbeidh ceachtar údarás, nó BEREC nó CBSR, a gcuid freagrachtaí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh.
7.I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile gur faisnéis rúnda atá i gceist le faisnéis arna bailiú de bhun Airteagail 181(1) agus (3) i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht faisnéise, lena n‑áirítear faisnéis a bailíodh i gcomhthéacs suirbhé geografaigh faoi Airteagal 183, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann an rúndacht sin a chosaint. Ní chuirfear cosc ar an gCoimisiún, ar BEREC ná ar aon údarás inniúil eile lena mbaineann faisnéis a chomhroinnt eatarthu go tráthúil chun athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
8.Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar fhaisnéis agus faoi réir dhlí an Aontais agus faoi réir na rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó agus cosaint sonraí pearsanta, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faisnéis a fhoilsiú a rannchuideodh le margadh oscailte agus iomaíoch.
9.Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na téarmaí a bhaineann le rochtain phoiblí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7, lena n‑áirítear na nósanna imeachta maidir leis an rochtain sin a fháil.
Airteagal 183
Suirbhéanna geografacha ar chur in úsáid líonraí
1.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile suirbhé geografach ar raon na líonraí cumarsáide leictreonaí atá in ann seirbhísí leathanbhanda (‘líonraí leathanbhanda’) a sholáthar faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é gach 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin.
2.Beidh sa suirbhé geografach suirbhé ar an raon geografach infhaighteachta atá ann faoi láthair (áitribh in-nasctha), ar an ullmhacht (áitribh nasctha) agus ar an nglacadh (áitribh ghníomhachtaithe, áit a bhfuil an tseirbhís beo agus feidhmiúil) a bhaineann le gach líonra cumarsáide leictreonaí, i gcás inarb ábhartha, agus idirdhealú á dhéanamh idir deighleoga cónaithe, gnó agus poiblí, laistigh dá gcríoch, mar a cheanglaítear le haghaidh chúraimí na n‑údarás rialála náisiúnta nó na n‑údarás inniúil eile faoin Rialachán seo. Rannchuideoidh an suirbhé geografach le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair freisin, má chomhlíontar na ceanglais ábhartha.
3.Beidh sa suirbhé geografach réamhaisnéis le haghaidh tréimhse arna cinneadh ag an údarás ábhartha maidir le raon na líonraí leathanbhanda laistigh dá chríoch, lena n‑áirítear ar a laghad na háitribh in-nasctha agus, i gcás inarb ábhartha, na háitribh atá nasctha le líonraí gigighiotáin. Rannchuideoidh an suirbhé geografach leis an mapáil is gá chun rialacha maidir leis an Státchabhair a chur i bhfeidhm, má chomhlíontar na ceanglais ábhartha.
4.Beidh sa réamhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 an fhaisnéis ábhartha uile, lena n‑áirítear faisnéis maidir le himscaradh líonraí atá beartaithe ag aon ghnóthas nó údarás poiblí, líonraí gigighiotáin ar a laghad. Chuige sin, iarrfaidh na húdaráis rialála nó na húdaráis inniúla eile ar ghnóthais agus ar údaráis phoiblí faisnéis den sórt sin a sholáthar a mhéid is in-fhála sin agus is féidir a chur ar fáil ar bheagán dua.
5.Déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta cinneadh, i dtaca leis na cúraimí a shanntar dó go sonrach faoin Rialachán seo, maidir lena mhéid is iomchuí brath ar iomlán na faisnéise sin nó ar chuid di, arna bailiú mar chuid den réamhaisnéis sin.
6.I gcás nach é an t‑údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an suirbhé geografach, déanfar é i ndlúthchomhar leis an údarás sin a mhéid is ábhartha chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh. Beidh leibhéal iomchuí sonraí áitiúla san fhaisnéis a bhaileofar sa suirbhé geografach, agus leibhéal sheoltaí na n‑áitreabh san áireamh i gcás inar gá, agus beidh dóthain faisnéise ann maidir le cáilíocht na seirbhíse lena n‑áirítear ar a laghad luasanna íoslódála agus uaslódála, an meán tarchuir (gan sreang nó meán sreanglíne) agus an teicneolaíocht a úsáidtear, agus déileálfar léi i gcomhréir le hAirteagal 182(6).
7.Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile limistéar a bhfuil teorainneacha críochacha soiléire aige a ainmniú, i gcás ina gcinntear, ar feadh na tréimhse réamhaisnéise ábhartha, ar bhonn na faisnéise a bhailítear agus aon réamhaisnéis a ullmhaítear de bhun mhír 1, nach bhfuil líonra gigighiotáin imscartha ag aon ghnóthas ná ag aon údarás poiblí, nó nach bhfuil sé beartaithe acu líonra gigighiotáin a imscaradh, nó an líonra cumarsáide leictreonaí atá acu cheana a uasghrádú go mór go líonra gigighiotáin. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile na limistéir ainmnithe a fhoilsiú.
8.Laistigh de limistéar ainmnithe, féadfaidh na húdaráis ábhartha cuireadh a thabhairt do ghnóthais agus d'údaráis phoiblí a n‑intinn a nochtadh maidir le líonraí gigighiotáin a imscaradh le linn thréimhse na réamhaisnéise ábhartha. I gcás inarb é an toradh a bheidh ar an gcuireadh sin go ndearbhóidh gnóthas nó údarás poiblí a intinn déanamh amhlaidh, féadfaidh an t‑údarás ábhartha é a chur de cheangal ar ghnóthais eile agus ar údaráis phoiblí eile a dhearbhú go bhfuil sé ar intinn acu líonraí gigighiotáin a imscaradh. Saineoidh an t‑údarás ábhartha an fhaisnéis a bheidh le cur sna haighneachtaí sin, chun leibhéal mionsonraí a áirithiú atá ar a laghad cosúil leis an leibhéal mionsonraí arna chur san áireamh i réamhaisnéis ar bith de bhun mhír 1.
9.Baileoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile sonraí i gcomhréir le nós imeachta éifeachtúil, uathoibrithe i gcás inar féidir, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, sa chaoi nach n‑eisiafar aon ghnóthas a priori.
10.Maidir leis na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, a bhíonn freagrach as dáileadh cistí poiblí chun líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh, as dearadh pleananna leathanbhanda náisiúnta, as sainiú oibleagáidí maidir le cumhdach a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió agus as fíorú inrochtaineachta seirbhísí a thagann faoi raon na hoibleagáide seirbhíse uilíche ina gcríocha, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis sin torthaí na suirbhéanna geografacha agus na limistéar ainmnithe arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 san áireamh. Chun na cistí poiblí a leithdháileadh chun líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh, cuirfear san áireamh torthaí na suirbhéanna geografacha agus aon cheann de na limistéir ainmnithe de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3, a mhéid atá siad ábhartha agus iomchuí chun oibleagáidí a eascraíonn as cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh. Déanfaidh na húdaráis atá i mbun na suirbhéanna geografacha na torthaí sin a sholáthar faoi réir an leibhéal céanna rúndachta gnó agus a fhaigheann an t‑údarás tionscnaimh a bheith á áirithiú ag an údarás is faighteoir, agus na páirtithe a thug an fhaisnéis a chur ar an eolas. Cuirfear na torthaí sin ar fáil do BEREC agus don Choimisiún arna iarraidh sin dóibh agus faoi na coinníollacha céanna.
11.Más amhlaidh nach mbíonn an fhaisnéis ábhartha le fáil ar an margadh, déanfaidh na húdaráis inniúla sonraí ó na suirbhéanna geografacha, nach bhfuil faoi réir rúndacht tráchtála, a chur ar fáil go díreach i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1024 ionas gur féidir iad a athúsáid. Ina theannta sin, i gcás nach mbíonn a leithéidí le fáil ar an margadh, cuirfidh siad ar fáil uirlisí faisnéise ionas gur féidir le húsáideoirí deiridh infhaighteacht nascachta a chinneadh i limistéir éagsúla, le dóthain mionsonraí a chuideoidh leo cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoir nó soláthraí seirbhíse.
12.Déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta anailís ar thorthaí na faisnéise a bhailítear i gcomhthéacs suirbhé gheografaigh faoin Airteagal seo agus déanfaidh cinneadh an gá athbhreithniú margaidh a dhéanamh de réir bhrí Airteagail 72 agus73. Cuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta torthaí na hanailíse sin ar fáil go poiblí i bhfoirm tuarascála.
13.Le linn thréimhse an aistrithe chuig snáithín optúil, áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 12 den Airteagal seo anailís ar an bhfaisnéis a bhaineann le suirbhéanna geografacha chomh maith leis an anailís ar fhaisnéis, arna bailiú de bhun Airteagal 181 nó foinsí eile atá ar fáil, maidir le praghsanna agus cáilíocht na seirbhísí atá ar fáil thar líonraí copair agus snáithín optúil. Úsáidfear an tuarascáil chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 57. Foilseofar an chéad tuarascáil tráth nach déanaí ná [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Airteagal 184
Sásra comhairliúcháin agus trédhearcachta
1.Seachas cásanna a thagann faoi raon Airteagail 86, 188 nó 189, i gcás ina bhfuil rún ag údaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile bearta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó ina bhfuil rún acu foráil a dhéanamh maidir le srianta i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus (2), a mbeadh tionchar mór acu ar an margadh ábhartha, tabharfaidh siad an deis do pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt faoin dréachtbheart laistigh de thréimhse réasúnta, ag féachaint do chastacht an ábhair, agus ní bheidh an tréimhse sin níos giorra, ar aon chaoi, ná 30 lá.
2.Chun críocha Airteagal 31 den Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún, CBSR, BEREC agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas tráth a fhoilsithe faoi aon dréachtbheart atá faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin chomparáidigh nó iomaíoch de bhun Airteagal 30(4) den Rialachán seo agus a bhaineann le húsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe chun gur féidir é a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang.
3.Foilseoidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile a nósanna imeachta comhairliúcháin náisiúnta trí phointe faisnéise aonair trínar féidir rochtain a fháil ar na comhairliúcháin uile atá ann faoi láthair.
4.Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile torthaí an nós imeachta comhairliúcháin ar fáil go poiblí, ach amháin i gcás faisnéis rúnda i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála.
Airteagal 185
Comhairliúchán le páirtithe leasmhara
1.Déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcomhar, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuairimí na n‑úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, agus úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na monaróirí, agus na ngnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le cearta na n‑úsáideoirí deiridh agus na dtomhaltóirí a chur san áireamh, lena n‑áirítear an rochtain agus an rogha chomhionann d'úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, go háirithe i gcás ina mbeadh tionchar mór acu ar an margadh.
2.Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhar, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, sásra comhairliúcháin, a bheidh in-rochtana ag úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar leasanna tomhaltóirí sa chumarsáid leictreonach ina gcinntí a bhaineann le cearta tomhaltóirí agus le cearta úsáideoirí deiridh maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.
3.Féadfaidh páirtithe leasmhara sásraí a fhorbairt, le treoir ó na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, ar sásraí iad a bhaineann le tomhaltóirí, grúpaí úsáideoirí agus soláthraithe seirbhíse, chun caighdeán ginearálta an tsoláthair seirbhíse a fheabhsú trí, inter alia, cóid iompair agus caighdeáin oibríochta a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu.
4.Gan dochar do rialacha náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcuirtear cuspóirí maidir le beartais chultúrtha agus beartais meán chun cinn, amhail éagsúlacht chultúrtha, éagsúlacht teanga agus iolrachas na meán, féadfaidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, comhar a chur chun cinn idir gnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bhfuil suim acu inneachar dlíthiúil a chur chun cinn i líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Féadfar go mbeidh comhordú na faisnéise leasa phoiblí atá le soláthar de bhun Airteagal 105 san áireamh sa chomhar sin.
8.2.TEIDEAL II: NÓSANNA IMEACHTA UM CHOMHCHUIBHIÚ
Airteagal 186
Nósanna imeachta um chomhchuibhiú
1.I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhféadfadh sé go gcruthódh éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile na gcúraimí rialála a shonraítear sa Rialachán seo bacainn ar an margadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, nó tuairim CBSR, i gcás inarb ábhartha, moltaí nó, de bhun mhír 3 den Airteagal seo, cinntí a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú, chun cur leis na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.
2.Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na moltaí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh agus a gcúraimí á ndéanamh acu. I gcás ina gcinnfidh an t‑údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile gan moladh a leanúint, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena sheasamh.
3.Ní chuirfear ach sainaithint cur chuige comhchuibhithe nó comhordaithe san áireamh sna cinntí arna nglacadh de bhun mhír 1 chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:
(a)cur chun feidhme neamhréireach na gcur chuige rialála ginearálta ag údaráis rialála náisiúnta maidir le rialáil margaí cumarsáide leictreonaí i gcur i bhfeidhm Airteagail 72 agus 73, i gcás ina gcruthaíonn sé bacainn ar an margadh inmheánach; ní dhéanfar tagairt sna cinntí sin d’fhógraí sonracha arna n‑eisiúint ag na húdaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 85; i gcás den sórt sin, ní mholfaidh an Coimisiún dréachtchinneadh ach amháin:
(I)tar éis 2 bhliain ar a laghad ó ghlacadh moladh ón gCoimisiún maidir leis an gceist chéanna;
(II)agus aird á tabhairt ar aon tuairim ó BEREC faoin gcás maidir le cinneadh den sórt sin a ghlacadh, tuairim a chuirfidh BEREC ar fáil laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún;
(b)uimhriú, lena n‑airítear raonta uimhreacha, inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí, córais aistrithe uimhriúcháin agus seoltaí, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála.
4.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
5.Féadfaidh BEREC, ar a thionscnamh féin, comhairle a chur ar an gCoimisiún i dtaobh ar cheart nó nár cheart beart a ghlacadh de bhun mhír 1.
6.I gcás nach mbeidh moladh nó cinneadh glactha ag an gCoimisiún laistigh 1 bhliain ón dáta a nglacfaidh BEREC tuairim ina léirítear éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála a shonraítear sa Rialachán seo ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag na húdaráis inniúla, a chruthódh bacainn ar an margadh inmheánach, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.
I gcás ina mbeidh moladh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ach go leanfaidh an cur chun feidhme neamhréireach lena gcruthaítear bacainní ar an margadh inmheánach ar aghaidh fós ar feadh 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, cinneadh a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
Mura mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún bliain eile tar éis aon mholta a ghlactar de bhun an dara mír 1, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.
Airteagal 187
Caighdeánú
1.Déanfaidh an Coimisiún liosta de chaighdeáin nó sonraíochtaí neamhéigeantacha teicniúla a ullmhú agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar bhonn chun soláthar comhchuibhithe a spreagadh do líonraí cumarsáide leictreonaí, do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus do shaoráidí gaolmhara agus do sheirbhísí gaolmhara. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le Treoir (AE) 2015/1535, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin a dhréachtú.
2.Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na gcaighdeán nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1 chun seirbhísí, comhéadain theicniúla nó feidhmeanna líonra a sholáthar, a mhéid a bhfuil géarghá leis chun idir-inoibritheacht seirbhísí, nascacht ceann go ceann agus éascú malartaithe soláthraí agus inaistritheachta uimhreacha agus aitheantóirí a áirithiú, agus feabhas a chur ar shaoirse rogha do thomhaltóirí.
3.Fad is nár foilsíodh na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla i gcomhréir le mír 1, spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na gcaighdeán nó na sonraíochtaí teicniúla arna nglacadh ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. In éagmais na gcaighdeán nó na sonraíochtaí sin, spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta nó moltaí arna nglacadh ag ITU, ag Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide, ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán agus ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil.
4.I gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit spreagadh do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a úsáid, nó na codanna ábhartha díobh a úsáid, mar bhonn do na caighdeáin a fhorbraíonn siad, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin, nó na codanna ábhartha díobh, neamhéifeachtach. Caighdeán nó sonraíochtaí teicniúla ar bith dá dtagraítear i mír 1 nó dá dtagraítear sa mhír seo, ní choiscfidh sé rochtain de réir mar a éileofaí faoin Rialachán seo, nuair is indéanta sin.
5.I gcás nár cuireadh na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme go hiomchuí ionas nach féidir inoibritheacht seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó ná sin a áirithiú, féadfar cur chun feidhme na gcaighdeán nó na sonraíochtaí sin a dhéanamh éigeantach faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 6, a mhéid atá sé fíor-riachtanach chun an idir-inoibritheacht sin a áirithiú agus chun feabhas a chur ar shaoirse rogha d’úsáideoirí.
6.I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún cur chun feidhme caighdeán nó sonraíochtaí teicniúla áirithe a dhéanamh éigeantach, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus iarrfaidh sé ar na páirtithe uile lena mbaineann a mbarúlacha a thabhairt go poiblí. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur chun feidhme na gcaighdeán ábhartha nó sonraíochtaí teicniúla éigeantach trí thagairt a dhéanamh dóibh mar chaighdeáin éigeantacha nó mar shonraíochtaí teicniúla éigeantacha i liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí teicniúla arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
7.I gcás ina measann an Coimisiún nach rannchuidíonn na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1 le soláthar comhchuibhithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thuilleadh, nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh do riachtanais na dtomhaltóirí, nó go gcuireann siad bac ar fhorbairtí teicneolaíochta, déanfaidh an Coimisiún na caighdeáin nó na sonraíochtaí sin a bhaint de liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1.
8.I gcás ina measann an Coimisiún nach rannchuidíonn na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 6 le soláthar comhchuibhithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thuilleadh, nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh do riachtanais na dtomhaltóirí, nó go gcuireann siad bac ar fhorbairtí teicneolaíochta, d’fhéadfadh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin nó na sonraíochtaí sin a bhaint de liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
9.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 6 agus 8 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 199(4).
10.Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon cheann de na ceanglais fhíor-riachtanacha, na sonraíochtaí comhéadain ná na caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil feidhm ag Treoir 2014/53/AE maidir leo.
8.3.TEIDEAL III: RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ
Airteagal 188
Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt
1.An t‑údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile atá freagrach as cur i bhfeidhm Airteagail 95, 96, 97, 98 agus 100 den Rialachán seo, nó comhlacht neamhspleách amháin ar a laghad ag a bhfuil saineolas cruthaithe maidir lena gcur i bhfeidhm, liostófar é mar eintiteas um réiteach malartach díospóidí i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE d’fhonn díospóidí idir soláthraithe agus tomhaltóirí a réiteach, agus, i gcás inarb infheidhme agus laistigh de shainordú an chomhlachta ábhartha, micrifhiontair agus fiontair bheaga, a thagann chun cinn faoin Rialachán seo agus a bhaineann le comhlíonadh conarthaí.
2.Gan dochar do Threoir 2013/11/AE, i gcás ina mbainfidh na díospóidí sin le páirtithe i mBallstáit éagsúla, déanfaidh na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear i mír 1 a gcuid iarrachtaí a chomhordú d'fhonn an díospóid a réiteach.
3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nósanna imeachta trédhearcacha, simplí agus éifeachtúla i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó úsáideoirí deiridh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 93 agus ar ghearáin ó thomhaltóirí, ó micrifhiontair agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha a bhaineann leis na cearta a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn III.
Airteagal 189
Réiteach díospóidí idir gnóthais
1.I gcás ina dtarlaíonn díospóid maidir le hoibleagáidí atá ann cheana faoin Rialachán seo idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí i mBallstát, nó idir na gnóthais sin agus gnóthais eile sa Bhallstát a thairbhíonn d’oibleagáidí rochtana nó idirnaisc, nó idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát agus soláthraithe saoráidí gaolmhara, eiseoidh an t‑údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, arna iarraidh sin ag ceachtar páirtí, cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach sa tréimhse ama is giorra is féidir, ar bhonn nósanna imeachta atá soiléir éifeachtúil, laistigh de 4 mhí in aon chás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Comhoibreoidh na páirtithe uile go hiomlán leis an údarás rialála náisiúnta.
2.Agus díospóid á réiteach, glacfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta cinntí arb é is aidhm do na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Maidir le haon oibleagáidí a fhorchuireann an t‑údarás rialála náisiúnta ar ghnóthas díospóid á réiteach, comhlíonfaidh na hoibleagáidí sin an Rialachán seo.
3.Cuirfear cinneadh an údaráis rialála náisiúnta ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht gnó. Tabharfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta ráiteas iomlán do na páirtithe lena mbaineann maidir leis na cúiseanna ar ar bunaíodh an cinneadh.
4.Ní chuirfear bac ar cheachtar páirtí leis an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 cás a thabhairt os comhair na gcúirteanna.
Airteagal 190
Réiteach díospóidí trasteorann
1.I gcás ina dtagann díospóid chun cinn faoin Rialachán seo idir gnóthais i mBallstáit éagsúla, beidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le díospóidí a bhaineann le comhordú speictrim raidió a chumhdaítear le hAirteagal 14.
2.Féadfaidh aon pháirtí an díospóid a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta nó na n‑údarás lena mbaineann. I gcás ina ndéanann an díospóid difear don trádáil idir na Ballstáit, déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis rialála náisiúnta fógra a chur chuig BEREC chun go ndéanfar an díospóid a réiteach go comhsheasmhach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.
3.I gcás inar tugadh fógra den cineál sin, eiseoidh BEREC tuairim ina n‑iarrfar ar an údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis lena mbaineann gníomh ar leith a dhéanamh chun an díospóid a réiteach, nó ina molfar gan gníomh a ghlacadh, agus eiseofar an tuairim sin laistigh den achar ama is lú is féidir agus laistigh de 4 mhí in aon chás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
4.Fanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis rialála náisiúnta le tuairim BEREC sula nglacfaidh siad aon ghníomh chun an díospóid a réiteach. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil géarghá le dul i mbun gnímh chun iomaíocht a chaomhnú nó chun cearta na n‑úsáideoirí deiridh a chosaint, féadfaidh aon cheann de na húdaráis rialála náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin ag na páirtithe nó ar a thionscnamh féin, bearta idirthréimhseacha a ghlacadh.
5.Maidir le haon oibleagáid a fhorchuireann an t‑údarás rialála náisiúnta ar ghnóthas mar chuid de réiteach na díospóide, comhlíonfaidh na hoibleagáidí sin an Rialachán seo, tabharfar aird leo ar an tuairim arna glacadh ag BEREC agus glacfar iad laistigh de mhí amháin ón tuairim sin a fháil.
6.Ní chuirfear bac ar cheachtar páirtí leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 gníomh a thabhairt os comhair na gcúirteanna.
8.4.TEIDEAL IV: COMHAR SAN ÉICEACHÓRAS
Airteagal 191
Treoraíocht chun comhar san éiceachóras a éascú
1.Faoin [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh BEREC, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a fhoilsiú chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus do ghnóthais eile atá gníomhach sna hearnálacha cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha, maidir le cleachtais tionscail a chur i bhfeidhm agus comhar a éascú i leith ábhair theicniúla agus thráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí sochaí faisnéise ar bhealach atá éifeachtúil, inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus iontaofa, agus a bhaineann le soláthar táirgí agus seirbhísí nuálacha, chun tairbhe na n‑úsáideoirí deiridh. Le treoirlínte den sórt sin, cumhdófar ábhair nach bhfuil faoi raon feidhme na n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a bhfuil tionchar acu ar sholáthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó ar sheirbhísí sochaí faisnéise.
2.Le tacaíocht ó OLD, cuirfidh BEREC comhar éifeachtach chun cinn i measc soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus gnóthas atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha, á áirithiú go bhfuil an comhar sin i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1. Éascóidh BEREC cur i bhfeidhm comhleanúnach na dtreoirlínte sin, spreagfaidh sé forbairt na gcleachtas comhpháirteach teicniúil agus tráchtála, agus déanfaidh sé faireachán ar a n‑éifeachtaí ar sholáthar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus na seirbhísí sochaí faisnéise ar bhealach a bheidh éifeachtúil, inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus iontaofa.
Airteagal 192
Saoráid um idir-réiteach deonach
1.Arna iarraidh sin do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó do ghnóthais eile atá gníomhach in earnálacha na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta cruinniú idir-réitigh ar fáil idir dhá sholáthraí líonraí cumarsáide leictreonaí nó idir soláthraí den sórt sin agus gnóthas eile atá gníomhach in earnálacha na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha dlúthbhainteacha maidir le socruithe teicniúla agus tráchtála atá faoi réir na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 191(1). Is é údarás rialála náisiúnta an pháirtí a thaisceann an iarraidh ar idir-réiteach a thionólfaidh an cruinniú idir-réitigh mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.
2.Laistigh de 1 sheachtain amháin tar éis na hiarrata ar idir-réiteach deonach, cuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta BEREC ar an eolas faoi eilimintí an cháis. Laistigh de 2 mhí tar éis na hiarrata, eiseoidh BEREC tuairim maidir le heilimintí an cháis agus roghanna le haghaidh comhar éifeachtach i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 191.
3.I gcomhar le BEREC, déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo cruinniú na bpáirtithe a thionól tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis don iarraidh ar an tsaoráid um idir-réiteach deonach a bheith curtha isteach. Tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an chruinnithe, agus tuairim BEREC á cur san áireamh, soláthróidh an t‑údarás rialála náisiúnta cuntas i scríbhinn ar an gcruinniú, lena n‑áirítear an fhaisnéis seo a leanas:
(a)dearcthaí na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an gcás;
(b) na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann;
(c)eilimintí den chomhaontú, i gcás inarb infheidhme agus má bhí an dá pháirtí i láthair ag an gcruinniú;
(d)roghanna a mhol an t‑údarás rialála náisiúnta le haghaidh comhar éifeachtach, más rud é go raibh an dá pháirtí i láthair ag an gcruinniú agus murar thángthas ar chomhaontú.
Airteagal 193
Tuairisciú agus athbhreithniú ar fheidhmiú an chomhair san éiceachóras
Faoin [24 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin], foilseoidh BEREC tuarascáil maidir le héifeachtaí chur i bhfeidhm na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 191(1) ar chomhar éifeachtach san éiceachóras agus ar fheidhmiú na saoráide um idir-réiteach deonach dá dtagraítear in Airteagal 192.
Faoin [36 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus tuarascáil BEREC dá dtagraítear i mír 1 á cur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an chomhair san éiceachóras.
8.5.TEIDEAL V: COMHLÍONADH AGUS CEART CHUN ACHOMHAIRC
Airteagal 194
Leasú ar chearta agus oibleagáidí faoi údarú ginearálta agus údaruithe aonair le haghaidh acmhainní ganna
1.Maidir leis na cearta, na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le húdaraithe ginearálta agus cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhriúcháin nó cearta chun saoráidí a shuiteáil, ní fhéadfaí iad a leasú ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo agus ina ndéanfar an leasú ar bhealach comhréireach, agus na coinníollacha sainiúla is infheidhme do chearta úsáide inaistrithe do speictream raidió nó d'acmhainní uimhriúcháin á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.
2.Ach amháin i gcás inar mionleasuithe iad na leasuithe atá beartaithe agus inar comhaontaíodh iad le sealbhóir na gceart nó le sealbhóir an údaraithe ghinearálta, cuirfear an intinn na leasuithe sin a dhéanamh in iúl sách luath roimh ré. Tabharfar tréimhse leordhóthanach do shealbhóirí na gceart nó an údaraithe ghinearálta agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n‑áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a ndearcthaí a chur in iúl maidir leis na leasuithe atá beartaithe. Ní bheidh an tréimhse sin níos gairide ná 4 seachtaine ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Foilseoidh na húdaráis inniúla náisiúnta na leasuithe, mar aon leis na cúiseanna atá leo.
Airteagal 195
Cearta a shrianadh nó a tharraingt siar
1.Gan dochar d’Airteagal 196(10) agus (11), ní shrianfaidh ná ní tharraingeoidh údaráis inniúla cearta úsáide siar ar cearta úsáide do speictream raidió nó d’acmhainní uimhriúcháin iad a deonaíodh go ceann tréimhse chinnte roimh dhul in éag na tréimhse dár deonaíodh iad, ach amháin i gcás ina mbeidh údar leis de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagail 20, 21 nó 50, agus leis na forálacha náisiúnta ábhartha maidir le cúiteamh i leith cearta a tharraingítear siar.
2.Féadfaidh údaráis inniúla cearta úsáide do speictream raidió a shrianadh nó a tharraingt siar, seachas na cearta úsáide sin a dheonaítear go ceann tréimhse éiginnte, i gcás inar gá sin chun úsáid éifeachtúil agus éifeachtach an speictrim raidió a áirithiú, nó chun cur chun feidhme na mbeart um chomhchuibhiú teicniúil arna nglacadh faoi Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a áirithiú. Beidh aon chinneadh den sórt sin bunaithe ar nósanna imeachta a bhunaítear agus shainítear go soiléir roimh ré faoin dlí náisiúnta, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe. I gcás inar sannadh cearta úsáide ar feadh ré shonrach, mura bhforáiltear a mhalairt tráth a deonaíodh an ceart, beidh sé de cheart ag sealbhóirí na gceart cúiteamh iomchuí a fháil i leith costas díreach ascnamh nó ath-leithdháileadh an speictrim raidió i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3.Maidir le modhnú ar úsáid speictrim raidió mar gheall ar chur i bhfeidhm Airteagal 16(1) nó (2), ní údar maith a bheidh ann chun an ceart úsáide do speictream raidió a tharraingt siar.
4.Beidh aon intinn chun cearta faoin údarú ginearálta nó cearta úsáide aonair do speictream raidió nó d'acmhainní uimhriúcháin a shrianadh nó a tharraingt siar gan toiliú ó shealbhóir na gceart faoi réir comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 185.
Airteagal 196
Comhlíonadh choinníollacha an údaraithe ghinearálta agus na n‑oibleagáidí agus na gcoinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió, d’acmhainní uimhriúcháin, oibleagáidí agus bearta sonracha maidir le neamhchomhlíonadh
1.Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh choinníollacha an údaraithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 9(4), na n‑oibleagáidí agus na gcoinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió dá dtagraítear in Airteagail 20, 21, 22, 24, 25, 26, 27, 29, 33 agus 34, d’acmhainní uimhriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 46, 49 agus 50, agus na n‑oibleagáidí sonracha dá dtagraítear i gCuid V.
2.Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile a cheangal ar ghnóthais a thagann faoi réir údaraithe ghinearálta nó a thairbhíonn de chearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhriúcháin an fhaisnéis ar fad is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar coinníollacha an údaraithe ghinearálta ná oibleagáidí agus coinníollacha na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhriúcháin, nó na n‑oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear i gCuid V, i gcomhréir le hAirteagal 181.
3.I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas ceann amháin nó níos mó de choinníollacha údaraithe ghinearálta ná oibleagáidí agus coinníollacha na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhriúcháin, nó na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in gCuid V, tabharfaidh an t‑údarás sin fógra don ghnóthas faoin méid sin agus tabharfaidh sé deis don ghnóthas a dhearcadh a chur in iúl, laistigh de theorainn ama réasúnta.
4.Beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil a cheangal go gcuirfear stop leis an sárú dá dtagraítear i mír 3 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus déanfaidh an t‑údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú.
I dtaca leis sin, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a fhorchur:
(a)i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais athchomhairleacha a bhféadfadh a bheith ar áireamh iontu pionóis thréimhsiúla a bhfuil tionchar cúlghabhálach acu;
(b)orduithe chun soláthar seirbhíse nó soláthar birt seirbhísí a stopadh nó a mhoilliú, más soláthar é a dhéanfadh dochar mór don iomaíocht dá leanfaí leis, go dtí go gcomhlíonfar na hoibleagáidí rochtana arna bhforchur tar éis anailís sa mhargadh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 73.
Cuirfidh na húdaráis inniúla na bearta agus na cúiseanna atá mar bhunús leo in iúl don ghnóthas ábhartha gan mhoill agus tabharfar tréimhse réasúnta don ghnóthas chun na bearta a chomhlíonadh.
5.Déanfaidh na Ballstáit pionóis, lena n‑áirítear, i gcás inar gá, fíneálacha agus pionóis thréimhsiúla a leagan síos maidir le sáruithe ar fhorálacha den Rialachán seo nó maidir le haon chinneadh ceangailteach a ghlacfaidh an Coimisiún, na húdarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile de bhun an Rialacháin seo, agus glacfaidh na Ballstáit na bearta ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfear na pionóis agus na fíneálacha sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
6.D’ainneoin mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht don údarás inniúil pionóis airgeadais a fhorchur, i gcás inarb iomchuí, ar ghnóthais as teip faisnéis a sholáthar, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 181(3), an chéad fhomhír, pointí (a) nó (b), agus oibleagáidí trédhearcachta, laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an údarás inniúil.
7.Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 183(8) ach amháin i gcás inar gcuireadh gnóthas nó údarás poiblí faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán ar fáil go feasach nó de thoradh mórfhaillí.
8.Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na bhfíneálacha nó na bpionós tréimhsiúil a bheidh le forchur ar ghnóthas nó ar údarás poiblí as ucht faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán a chur ar fáil go feasach nó de thoradh mórfhaillí i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 183(8), tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ar aird, inter alia cibé acu a d'imir nó nár imir iompraíocht an ghnóthais nó an údaráis phoiblí tionchar diúltach ar an iomaíocht agus, go háirithe, cibé acu a rinne nó nach ndearna siad líonra a imscaradh, a uasghrádú nó síneadh a chur air, nó cibé nach ndearna siad líonra a imscaradh, ainneoin gurb é a mhalairt a luaigh siad san fhaisnéis a thug siad i dtús aimsire nó in aon uasdátú ar an bhfaisnéis sin, agus gur mhainnigh siad dlisteanú oibiachtúil a thabhairt maidir leis an athrú sin ar an méid a bhí beartaithe.
9.I gcás ina bhfuil sárú tromchúiseach nó sáruithe leanúnacha á ndéanamh ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta, nó oibleagáidí agus coinníollacha na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhriúcháin, nó na n‑oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear i gCuid V, i gcás inar theip ar bhearta arb é is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, chumhachtaigh na Ballstáit na húdaráis inniúla cosc a chur ar ghnóthas leanúint le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar nó na cearta úsáide sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Féadfar na pionóis sin a chur i bhfeidhm chun tréimhse aon sáraithe a chumhdach, fiú má chuirtear an sárú ina cheart ina dhiaidh sin.
10.Arna iarraidh sin don údarás inniúil arna ainmniú de bhun an Ghnímh um Chibearshlándáil atá le teacht in ionad Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tar éis bearta feabhais maidir le neamhchomhlíonadh faoin nGníomh um Chibearshlándáil a bheith ídithe, déanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta ina soláthraítear líonraí agus seirbhísí an ceart chun líonraí agus seirbhísí a sholáthar faoi údarú ginearálta nó cearta úsáide aonair speictrim raidió a tharraingt siar de bhun Airteagal 9(4), pointe (d) agus Airteagal 20 i gcásanna nach bhfuil ceanglais maidir le slándáil an tslabhra soláthair TFC faoin nGníomh um Chibearshlándáil á gcomhlíonadh ag an soláthraí.
11.D'ainneoin mhíreanna 3, 4 agus 9 den Airteagal seo, agus gan dochar d’Airteagal 39 maidir le húdarú Aontais le haghaidh úsáid speictrim raidió satailíte, féadfaidh an t‑údarás inniúil bearta idirthréimhseacha práinneacha a dhéanamh chun an cor a leigheas sula dtagann sé ar chinneadh críochnaitheach, i gcás ina bhfuil fianaise aige ar shárú choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó oibleagáidí agus coinníollacha na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhriúcháin nó na n‑oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear i gCuid V ar sárú é ar bagairt láithreach agus thromchúiseach é ar shábháilteacht phoiblí, ar shlándáil phoiblí nó ar shláinte phoiblí nó lena gcruthófar fadhbanna tromchúiseacha eacnamaíochta nó oibríochta do sholáthraithe eile nó úsáideoirí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó d'úsáideoirí an speictrim raidió. Tabharfaidh an t‑údarás inniúla an deis don ghnóthas ábhartha ina dhiaidh sin chun a dhearcadh a léiriú agus chun aon leigheas a mholadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t‑údarás inniúil na bearta idirthréimhseacha a dheimhniú, a mbeidh feidhm leo ar feadh uastréimhse 3 mhí, ach a bhféadfar síneadh a chur leo ar feadh tréimhse bhreise suas go dtí 3 mhí i gcás nár críochnaíodh na nósanna imeachta um fhorghníomhú.
Airteagal 197
Ceart achomhairc
1.Aon úsáideoir nó aon ghnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara agus a bhfuil tionchar ag an gcinneadh ón údarás inniúil orthu, beidh sé de chearta acu achomharc in aghaidh an chinnidh sin chuig comhlacht achomhairc atá neamhspleách go hiomlán ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a bhféadfadh a measúnú neamhspleách ar na ceisteanna a chuirfear os a chomhair a chur i mbaol. Beidh an saineolas iomchuí ag an gcomhlacht sin, a bhféadfaidh cúirt a bheith i gceist leis, chun é a chur ar a chumas dó a fheidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach.
2.Go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc, seasfaidh an cinneadh ón údarás inniúil, ach amháin má cheadaítear bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3.I gcás nach de chineál breithiúnach é an comhlacht achomhairc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé réasúnuithe i scríbhinn dá gcinntí i gcónaí. Thairis sin, i gcás den sórt sin, beidh a chinneadh faoi réir athbhreithnithe ag cúirt nó ag binse de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an sásra achomhairc éifeachtach.
8.6.TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 198
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(3), Airteagal 39(4), pointe (f), Airteagal 82(1), Airteagal 103(5), Airteagal 106(8) agus Airteagal 114 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann ré comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 22(3), Airteagal 82(1), Airteagal 103(5), Airteagal 106(8) agus Airteagal 114 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22(3), Airteagal 82(1), Airteagal 103(5), Airteagal 106(8) agus Airteagal 114 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 199
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh an Coiste Cumarsáide, a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/1972, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14(8), Airteagal 17(3) agus Airteagal 45(3) den Rialachán seo, tabharfaidh an Coiste um an Speictream Raidió, a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 200
Malartú faisnéise
1.Soláthróidh an Coimisiún don Choiste Cumarsáide gach faisnéis iomchuí maidir le toradh na gcomhairliúchán rialta le hionadaithe oibreoirí na líonraí, le soláthraithe seirbhíse, le húsáideoirí, le tomhaltóirí, le monaróirí agus ceardchumainn, chomh maith le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
2.Agus beartas cumarsáide leictreonaí an Aontais á chur san áireamh, déanfaidh an Coiste Cumarsáide malartú faisnéise a chothú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoin staid ina bhfuil agus ar an bhforbairt ar ghníomhaíochtaí rialála maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
Airteagal 201
Foilsiú faisnéise
1.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear ar fáil go poiblí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh siad fógra a fhoilsiú ina n‑iris oifigiúil náisiúnta ina ndéanfar cur síos conas a fhoilsítear an fhaisnéis agus cá bhfoilsítear í. Foilseofar an chéad fhógra den sórt sin roimh [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus foilseofar fógra dá éis sin i gcás ina mbeidh aon athrú ar an bhfaisnéis atá ann.
2.Cuirfidh na Ballstáit cóip de na fógraí sin uile faoi bhráid an Choimisiúin tráth a bhfoilsithe. Dáilfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide de réir mar is iomchuí.
3.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear agus go gcoinnítear cothrom le dáta ar bhealach iomchuí gach faisnéis ábhartha maidir le cearta, coinníollacha, nósanna imeachta, táillí, muirir agus cinntí a bhaineann le húdaruithe ginearálta, le cearta úsáide agus le chearta saoráidí a shuiteáil chun go mbeidh rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin.
4.I gcás ina gcoinnítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar leibhéil éagsúla rialtais, go háirithe faisnéis maidir le nósanna imeachta agus coinníollacha i leith cearta saoráidí a shuiteáil, déanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta gach dícheall réasúnach, agus ag féachaint do na costais, chun forléargas atá acrach don úsáideoir den fhaisnéis uile sin, lena n‑áirítear faisnéis ar leibhéil ábhartha rialtais agus na húdaráis atá freagrach chun iarratais ar chearta chun saoráidí a shuiteáil a éascú.
5.Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar ghnóthais faoin Rialachán seo agus go ndéantar na margaí do tháirgí agus seirbhísí sonracha agus na margaí geografacha a shainaithint. Faoi réir an ghá le rúndacht tráchtála a chosaint, áiritheoidh siad go gcuirfear faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil go poiblí, ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin.
6.Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a chuireann siad ar fáil go poiblí de bhun mhír 5 a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm a mbeidh rochtain éasca uirthi agus dáilfidh sé an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.
Airteagal 202
Úsáid na dTiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa
Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, chomh maith le BEREC, CBSR, OLD agus an Coimisiún, Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, mar a bhunaítear le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [XXX], a chumasú agus a úsáid.
Airteagal 203
Fógra agus faireachán
Tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu chun críocha an Rialacháin seo, agus faoi na hoibleagáidí a forchuireadh orthu faoin Rialachán seo. Tabharfar fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú a dhéanfaidh difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais nó ar na gnóthais a ndéanann an Rialachán seo difear dóibh.
Airteagal 204
Nósanna imeachta athbhreithniúcháin
1.Faoin [60 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin seo agus tuairisceoidh sé don Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.Measfar sna hathbhreithnithe sin, go háirithe, na himpleachtaí a bheidh ag Airteagail 69 agus 83 don mhargadh agus cé acu is leor nó nach leor na cumhachtaí ex ante agus na cumhachtaí idirghabhála eile dar bun an Rialachán seo chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go mbeidh leas le fáil anois agus feasta as an iomaíocht i margaí na cumarsáide leictreonaí ag na húsáideoirí deiridh.
3.Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit, a sholáthrófar gan moill mhíchuí.
4.Foilseoidh BEREC, faoin [36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú náisiúnta an údaraithe ghinearálta, agus ar a thionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
5.Féadfaidh an Coimisiún, agus tuarascáil BEREC á cur san áireamh aige, togra reachtach a thíolacadh chun na forálacha sin a leasú i gcás inar gá sin dar leis chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.
Airteagal 205
Forálacha idirthréimhseacha maidir le teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh
Leanfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún d’fheidhm a bheith aige, mutatis mutandis, chun teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú, ar teimpléad é a bheidh le húsáid ag soláthraithe seirbhíse rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí chun a n‑oibleagáidí faoi Airteagal 95(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh, go dtí an lá a chuirfear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal sin i bhfeidhm.
Airteagal 206
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120
Leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an Teidil:
‘Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas’
(b)in Airteagal 1, scriostar míreanna 1 agus 2;
(c)in Airteagal 2, scriostar pointí (1) agus (2);
(d)scriostar Airteagail 3, 4, 5 agus 9;
(e)in Airteagal 6, scriostar an chéad fhomhír;
(f)Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a)i mír 2, scriostar pointí (a), (b), (c) agus (d);
(b)scriostar míreanna 3 agus 4.
Airteagal 207
Leasuithe ar Threoir 2002/58/CE
Scriostar Airteagail 7, 8, 10, 11 agus 12 de Threoir 2002/58/CE.
Léifear tagairtí d’Airteagal 8 de Threoir 2002/58/CE mar thagairtí d’Airteagal 109 den Rialachán seo.
Airteagal 208
Leasú ar Chinneadh Uimh. 676/2002/CE
In Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘2a. Chun bearta cur chun feidhme teicniúla dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt, ar bearta iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil nó do cheannasacht theicneolaíoch an Aontais nó a Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar na Ballstáit comhsheasaimh a bhunú ar a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide.
Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3).’
Airteagal 209
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1971, Treoir (AE) 2018/1972 agus Cinneadh Uimh. 243/2012/AE le héifeacht ón [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) 2018/1971, do Threoir (AE) 2018/1972 agus do Chinneadh Uimh. 243/2012/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 210
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú lá] tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.Beidh feidhm aige ón [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.De mhaolú ar mhír 2:
(a)Beidh feidhm ag Airteagail 38, 39 agus 40 ón [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Leanfaidh údaráis inniúla náisiúnta ag a bhfuil inniúlachtaí údarúcháin ghinearálta arna sannadh faoi Threoir (AE) 2018/1972 dá bhfeidhmeanna a fheidhmiú go dtí [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí.
Leanfaidh gnóthais atá údaraithe chun cumarsáid satailíte a sholáthar de bhun Threoir (AE) 2018/1972 de na cearta a bheith acu agus beidh siad faoi réir na gcoinníollacha agus na n‑oibleagáidí faoi seach go dtí [36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];
(b)Beidh feidhm ag Airteagal 115(1), pointe (a), ón [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Féadfaidh údaráis inniúla seachas údaráis rialála náisiúnta ag a bhfuil inniúlachtaí údarúcháin ghinearálta arna sannadh faoi Threoir (AE) 2018/1972 leanúint dá bhfeidhmeanna a fheidhmiú go dtí [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
3
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
3
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann
3
1.3.
Cuspóirí
3
1.3.1.
Cuspóirí ginearálta
3
1.3.2.
Cuspóirí sonracha
3
1.3.3.
An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
3
1.3.4.
Táscairí feidhmíochta
3
1.4.
Baineann an togra/tionscnamh le:
4
1.5.
Foras an togra/tionscnaimh
4
1.5.1.
Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
4
1.5.2.
Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
4
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
4
1.5.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
5
1.5.5.
Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
5
1.6.
Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
6
1.7.
Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
6
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
8
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
8
2.2.
Córais bainistíochta agus rialaithe
8
2.2.1.
An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
8
2.2.2.
Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
8
2.2.3.
Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
8
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
9
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
10
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
10
3.2.
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
12
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
12
3.2.1.1.
Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
12
3.2.1.2.
Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha
17
3.2.2.
An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
22
3.2.3.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
24
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
24
3.2.3.2. Leithreasuithe ó ioncaim shannta sheachtracha
24
3.2.3.3.
Iomlán na leithreasuithe
24
3.2.4.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
25
3.2.4.1.
Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
25
3.2.4.2.
Nithe arna maoiniú ó ioncaim shannta sheachtracha
26
3.2.4.3.
Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach
26
3.2.5.
Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
28
3.2.6.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
28
3.2.7.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
28
3.3.
An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
29
4.
Gnéithe digiteacha
29
4.1.
Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
30
4.2.
Sonraí
30
4.3.
Réitigh dhigiteacha
31
4.4.
Measúnú idir-inoibritheachta
31
4.5.
Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
32
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomh um Líonraí Digiteacha (GLD)
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Baineann an togra le réimsí beartais atá nasctha le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a fhorbairt, agus béim á leagan ar aistriú rianúil agus tráthúil a áirithiú chuig líonraí digiteacha ar ardchaighdeán, agus atá athléimneach agus dírithe ar an todhchaí. Is é is aidhm dó na coinníollacha rialála a leagan síos ar mhaithe le Margadh Aonair sa nascacht, lena ndreasaítear infheistíocht i líonraí fosaithe, móibíleacha agus satailíte (lena n‑áirítear snáithín optúil, 5G ar ardchaighdeán, 6G na todhchaí agus ardchórais cumarsáide satailíte soghluaiste), agus lena dtacaítear leis na riachtanais ó thaobh na nascachta de a eascraíonn as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), cumarsáid chandamach agus néalseirbhísí ardfhorbartha. Tríd an gcreat atá ann faoi láthair a nuachóiriú, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh infheistíocht éifeachtúil a éascú, iomaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus spleáchais theicneolaíocha a laghdú, agus ar an gcaoi sin tacú le hiomaíochas agus athléimneacht fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh.
Tá sé d’aidhm ag an togra deireadh a chur le bacainní atá fós ar sholáthar trasteorann na seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus intuarthacht na rialála ó Bhallstát go chéile. Chuige sin, beartaítear leis coigeartuithe a dhéanamh ar inniúlachtaí rialála agus ar struchtúir rialachais, lena n‑áirítear comhchuibhiú feabhsaithe ar choinníollacha údarúcháin speictrim agus rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí. Leis na bearta sin, beartaítear feidhmiú an Mhargaidh Aonair a neartú, barainneacht scála a éascú do sholáthraithe, agus a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí agus gnólachtaí ar fud an Aontais tairbhiú de seirbhísí nascachta ar ardchaighdeán.
Thairis sin, rannchuidíonn an tionscnamh le beartais an Aontais a bhaineann le slándáil, athléimneacht agus ullmhacht. Bonneagar criticiúil is ea líonraí cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear córais atá bunaithe ar shatailítí, agus tá sé fíor-riachtanach d’fheidhmiú an gheilleagair, na seirbhísí poiblí agus na sochaí i gcoitinne. Dá bhrí sin, tá bearta sa togra chun tacú le hardlíonraí neamh-thrastíre a fhorbairt agus a chomhtháthú, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ó thaobh na trasnaíochta de agus chun iontaofacht agus slándáil na nascachta a fheabhsú ar fud na réigiún uile. Trí athléimneacht dhigiteach na hEorpa a neartú, cumais láidre chumarsáide a áirithiú agus tacú le huathriail straitéiseach i bpríomhréimsí teicneolaíochta, freagraíonn an tionscnamh do na tosaíochtaí a leagadh amach i dtuarascálacha ardleibhéil le déanaí agus rannchuidíonn sé le cuspóirí ullmhachta agus slándála níos leithne an Aontais.
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh an tAontas a ullmhú don aistriú chuig líonraí digiteacha ar ardchaighdeán, iontaofa agus athléimneacha na todhchaí, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a bhaineann leis an iomaíochas, an Margadh Aonair agus an ullmhacht a sainaithníodh sna tuarascálacha ó Draghi, Letta agus Niinistö. Tá sé fíor-riachtanach ardnascacht a áirithiú le haghaidh na réigiún uile, lena n‑áirítear limistéir thuaithe agus iargúlta, chun neart eacnamaíoch, caighdeáin shóisialta agus ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a choinneáil ar bun.
Chun é sin a bhaint amach, tá sé d’aidhm ag an togra rialacha a chur i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca infheistíocht a dhéanamh i líonraí digiteacha nua-aimseartha agus iad a fhorbairt. Ciallaíonn sé sin tacaíocht a thabhairt don aistriú ó sheanlínte copair go snáithín optúil, dlús a chur le leathadh amach líonraí ar ardchaighdeán 5G agus 6G na todhchaí, agus fás bonneagair eile gan sreang agus néalbhunaithe a chumasú. Tá na líonraí ardfhorbartha sin fíor-riachtanach le haghaidh teicneolaíochtaí a bhíonn ag brath ar shonraí tapa, fíor-ama agus ar an intleacht shaorga, amhail gairis nasctha, gluaisteáin uathrialaitheacha, córais chliste fuinnimh agus an tionsclaíocht uathoibrithe. Trí na bunchlocha sin a neartú, cuideofar leis an Aontas leanúint de bheith iomaíoch sa gheilleagar domhanda.
Rud eile atá i gceist leis an gcuspóir, sin é an Margadh Aonair don nascacht a dhoimhniú trí fheabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar intuarthacht na rialála, agus ar an soláthar seirbhísí trasteorann. Ar deireadh, rud a thagann le tuarascáil Niinistö, leagtar béim sa togra ar ról na cumarsáide leictreonaí, lena n‑áirítear córais atá bunaithe ar shatailítí, chun slándáil, athléimneacht agus ullmhacht an Aontais a fheabhsú.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Cuspóir sonrach Uimh. 1
Snáithín Optúil a Leathadh Amach go Tapa agus a Ghlacadh go Mear
Díríonn an cuspóir sin ar dhlús a chur le himscaradh líonraí snáithín optúil agus ar ghlacadh na seirbhísí snáithín optúil a chur chun cinn ar fud an Aontais. Tá sé d’aidhm leis nascacht ardluais ar ardchaighdeán a sholáthar don tsochaí agus don gheilleagar agus, an tráth céanna, tacú le hiomaíocht inbhuanaithe agus le hinfheistíocht éifeachtúil. Féachtar leis an soláthar seirbhísí trasteorann a éascú leis an tionscnamh freisin agus an creat rialála a chuíchóiriú chun an margadh a dhéanamh níos éifeachtúla do na páirtithe leasmhara uile.
Cuspóir sonrach Uimh. 2
An Bhearna i gCáilíocht an Líonra Mhóibíligh a Dhúnadh
Díríonn an cuspóir sin ar fheabhas a chur ar fheidhmíocht na líonraí móibíleacha chun teacht le líonraí na gceannairí domhanda ina leith. Leagtar béim ann ar infheistíocht i líonraí 5G ar ardchaighdeán, ar dhlúthú na líonraí, agus ar 6G na todhchaí a imscaradh chun luasanna íoslódála agus uaslódála a fheabhsú, aga folaigh a laghdú, agus nascacht fhoriomlán níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Tríd an méid sin a bhaint amach, bainfear leas as poitéinseal nuálaíochta iomlán na líonraí móibíleacha ar fud earnálacha iomadúla ar fud an Mhargaidh Aonair.
Cuspóir sonrach Uimh. 3
Oibriú Líonra agus Soláthar Seirbhíse a Leathnú Ar Bhonn Uile-Eorpach
Is é is aidhm don chuspóir sin oibriú líonra agus soláthar seirbhíse a éascú ar fud an Mhargaidh Aonair agus ardbhonneagair a imscaradh, lena n‑áirítear buíonta satailítí Ísealfhithise Domhanda (LEO), in éineacht le líonraí trastíre. Féachtar le deireadh a chur le bacainní rialála leis, comhtháthú teicneolaíochtaí satailíte agus trastíre a chur chun cinn, agus tacú le teicneolaíochtaí claochlaitheacha amhail líonraí néalbhunaithe a úsáideann agus a chumasaíonn an intleacht shaorga, agus acmhainneacht thionsclaíoch agus uathriail straitéiseach na hEorpa in earnáil an spáis agus san earnáil dhigiteach a threisiú an tráth céanna.
Tá dlúthbhaint aige sin le cuspóir 4 maidir leis an Margadh Aonair don nascacht a dhoimhniú trí chóras rialachais feabhsaithe, i measc nithe eile.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe / grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
1. An tAistriú go Snáithín Optúil
Díríonn na bearta atá beartaithe maidir le snáithín optúil a imscaradh ar dhlús a chur le leathadh amach agus glacadh na líonraí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile agus an rialáil maidir le rochtain a bheachtú an tráth céanna. Coinnítear iontu eilimintí éifeachtacha den chreat atá ann cheana ach leagtar béim ar bhearta rialála margadhbhunaithe nach bhfuil an cur isteach céanna i gceist leo i gcás inarb iomchuí. I measc na n‑éifeachtaí a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe, sin iad cumhdach méadaithe snáithín optúil (suas le 98 % faoi 2035) agus rátaí glactha níos airde (suas le 78 %), luasanna idirlín níos airde, tionchair dhearfacha ar OTI, agus astaíochtaí laghdaithe CO2. I measc na dtairbhithe tá tomhaltóirí agus gnólachtaí a fhaigheann rochtain ar nascacht níos tapúla agus níos iontaofa, agus tairbhíonn oibreoirí líonra de rialacha níos soiléire agus de dhálaí infheistíochta intuartha.
2. Bainistiú Speictrim
Maidir le speictream, leis na bearta atá beartaithe, baintear cothromaíocht amach idir comhchuibhiú riachtanach agus solúbthacht do na Ballstáit, rud a áirithíonn go mbeidh an comhchuibhiú bog ar dtús agus nach mbeidh bearta níos láidre ann ach amháin más rud é leanann éagothromaíochtaí ar aghaidh. Leis an gcur chuige sin, soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil, laghdaítear rioscaí infheistíochta, agus tacaítear le himscaradh speictrim ar bhonn mórscála agus trasteorann le haghaidh líonraí 5G agus 6G na todhchaí. Áirítear ar na spriocghrúpaí oibreoirí móibíleacha, infheisteoirí agus úsáideoirí deiridh a thairbheoidh de líonraí a leathfar amach níos tapúla, cumhdach feabhsaithe, agus seirbhísí nuálacha, agus nascacht chostéifeachtach á cumasú an tráth céanna i limistéir nach bhfuil snáithín optúil inmharthana iontu, lena n‑áirítear trí Rochtain Fhosaithe gan Sreang nó trí réitigh satailíte.
3. Údarú
Tugtar isteach leis an Togra údarú aonair le haghaidh líonraí trastíre agus údarú ar leibhéal an Aontais le haghaidh speictream satailíte, rud a laghdóidh ualaí riaracháin agus comhlíontachta. Áirithítear comhsheasmhacht, trédhearcacht agus intuarthacht ó thaobh na rialála leis sin, rud dá dtairbhíonn go háirithe FBManna agus iontrálaithe nua sa mhargadh trí bhacainní iontrála a ísliú agus trí imscaradh níos tapúla a chumasú i gcás seirbhísí. Tairbhíonn oibreoirí satailíte de nósanna imeachta comhchuibhithe, ilroinnt laghdaithe ó thaobh na rialála de, agus úsáid straitéiseach speictrim, rud a thacaíonn le tionscadail nascachta uile-Eorpacha nó dhomhanda agus a fheabhsaíonn athléimneacht, slándáil agus leanúnachas seirbhíse d’úsáideoirí deiridh.
4. Rialachas
Leis an gcóras rialachais atá beartaithe, áirithítear leanúnachas agus neartaítear comhordú ar leibhéal an Aontais an tráth céanna. Cuireann sé le leagan amach BEREC agus Oifig BEREC atá ann cheana, lena ndéantar uasghrádú ar RSPG ó ghrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin go comhlacht, comhchosúil le BEREC, dá dtugtar tacaíocht ó rúnaíocht arna soláthar ag an Oifig um Líonraí Digiteacha (OLD) a thiocfaidh in ionad Oifig BEREC. Feabhsaítear leis sin éifeachtacht an bhainistithe speictrim agus cuirtear feabhas ar an gcomhleanúnachas idir BEREC agus RSPG. Fágtar go bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta an gCoimisiún fós, agus gné láidir an Mhargaidh Aonair á coinneáil, agus soláthraíonn an Oifig um Líonraí Digiteacha (arna tógáil ar Oifig BEREC fheabhsaithe) seirbhísí riaracháin agus tacaíochta don dá chomhlacht. Áirithíonn an cur chuige sin go mbainfear na tairbhí inmhianaithe amach, lena n‑áirítear comhordú, faireachán agus tacaíocht chomhairleach fheabhsaithe, ar chostais mheasartha, agus comhlánaíonn sé na bearta eile maidir le snáithín optúil, speictream agus údarú.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
1. Snáithín optúil a leathadh amach go tapa agus a ghlacadh go mear
Déanfar faireachán ar an dul chun cinn maidir le líonraí snáithín optúil a imscaradh agus a ghlacadh trí úsáid a bhaint as táscairí lena dtomhaistear cumhdach agus úsáid araon. Sa phríomh-mhéadracht tá an líon áitreabh in-nasctha le líonra snáithín optúil chomh fada leis an mbaile agus an céatadán teaghlach a sroicheadh, an líon áitreabh a nascadh le líonra snáithín optúil chomh fada leis an mbaile, agus ráta glactha seirbhísí snáithín optúil chomh fada leis an mbaile. Leis na táscairí sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar a thapa atá líonraí snáithín optúil á leathadh amach agus á nglacadh ar fud an Aontais, agus ar cé acu atá nó nach bhfuil nascacht dhigiteach ardluais ar ardchaighdeán do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí á cumasú go rathúil ag an tionscnamh.
2. An bhearna i gcáilíocht an líonra mhóibíligh a dhúnadh
Chun feabhsuithe ar cháilíocht an líonra mhóibíligh a rianú, úsáidfidh an tionscnamh meascán de tháscairí a bhaineann le cumhdach, speictream agus cáilíocht seirbhíse. Áirítear orthu sin cumhdach agus infhaighteacht na líonraí 5G Neamhspleácha, cumhdach an daonra ag líonraí 5G lárbhanda, agus ullmhacht speictrim arna tomhas in MHz in aghaidh an daonra i mbandaí minicíochta ceannródaíocha 5G agus 6G na todhchaí. Cumhdaíonn táscairí breise cáilíocht seirbhíse agus eispéireas úsáideoirí, an tréimhse chun údarú speictrim a fháil, an líon ceadúnas lena ngabhann coinníollacha maidir le comhroinnt, agus an méid speictrim a úsáideann úsáideoirí nó catagóirí iomadúla. I dteannta a chéile, léireoidh an mhéadracht sin an bhfuil an tAontas ag breith suas le ceannairí domhanda sa nascacht mhóibíleach agus maidir le feidhmchláir nuálacha a chumasú.
3. Oibriú líonra agus soláthar seirbhíse a mhéadú ar bhonn uile‑Eorpach
Déanfar meastóireacht ar éifeachtacht na n‑iarrachtaí chun líonraí agus seirbhísí uile-Eorpacha a leathnú trí tháscairí a bhaineann le húdaruithe soláthraithe agus le hoibríochtaí satailíte. Áirítear orthu sin an líon soláthraithe a úsáideann an córas údaraithe ghinearálta trasteorann, an líon ceadúnaithe údaraithe satailíte nua de chuid an Aontais, agus an líon n‑oibreoirí arna roghnú trí nósanna imeachta láraithe le haghaidh bandaí satailíte comhchuibhithe. Áirítear ar mhéadracht bhreise an tréimhse atá de dhíth chun próisis údaraithe satailíte a thabhairt i gcrích agus an líon saincheisteanna trasnaíochta a dtugtar aghaidh orthu go tráthúil agus go héifeachtach, rud a léiríonn iontaofacht agus comhtháthú an bhonneagair dhigitigh uile-Eorpaigh.
4. An Margadh Aonair don Nascacht a Dhoimhniú
Déanfar faireachán ar bhaint amach chuspóirí an Mhargaidh Aonair trí úsáid a bhaint as táscairí lena rianaítear aschuir rialála agus iarrachtaí ar son an chomhchuibhithe. Áirítear orthu sin an líon aschur ar ardchaighdeán atá nasctha go díreach le spriocanna an Mhargaidh Aonair, arna dtomhas de réir chéatadán na n‑aschur pleanáilte a sholáthraítear de réir sceidil, chomh maith lena gcáilíocht (tionchar, glacadh, ábharthacht don rialáil) agus a gcainníocht (an méid aschur amhail treoirlínte nó tuairimí BEREC). Déanfaidh an Oifig um Líonraí Digiteacha an dul chun cinn a rianú, lena soláthrófar meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí a thacaíonn struchtúir rialachais agus inniúlachtaí rialála le margadh cumarsáide digití an Aontais atá comhtháite go hiomlán.
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Táthar ag súil le teacht i bhfeidhm an rialacháin GLD laistigh de 20 lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil. Ba cheart an teacht i bhfeidhm a bheith laistigh de 6 mhí cé is moite d’eisceachtaí móra le haghaidh rialacha a bhfuil idirthréimhse bhreise de dhíth ina leith. Baineann siad sin, mar shampla, go háirithe le treoirlínte BEREC agus le gníomhartha cur chun feidhme/tarmligthe ón gCoimisiún atá beartaithe in GLD, rud a thugann tréimhse leordhóthanach do BEREC, do CBSR, agus don Choimisiún, le tacaíocht ón Oifig um Líonraí Digiteacha, chun iad a ullmhú agus a ghlacadh.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)
Tá bonneagar digiteach tapa, slán agus athléimneach riachtanach chun iomaíochas na hEorpa a neartú. Tá an timpeallacht nascachta digití ag athrú go mear, arna spreagadh trí chomhtháthú na dteicneolaíochtaí teileachumarsáide, satailíte, néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta, chomh maith le fíorúlú agus IS. Sa chomhthéacs sin, tá an baol ann go gcruthóidh cuir chuige náisiúnta ilroinnte creataí rialála neamhréireacha agus cleachtais riaracháin throma, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar infheistíocht, ar nuálaíocht agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair. Ba é an taithí leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach go raibh an cur chun feidhme mall agus ró-rialáil ann mar gheall ar threoracha AE a bheith á dtrasuí ar bhealaí éagsúla ag na Ballstáit. I bhfianaise chineál trasteorann na ndúshlán, tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais riachtanach chun timpeallacht dhlíthiúil chomhchuibhithe a áirithiú, pleanáil chomhordaithe a éascú, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin earnála go héifeachtúil agus go héifeachtach.
Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex post)
Meastar go mbeidh breisluach soiléir ag baint le rannpháirtíocht an Aontais thar an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach ina n‑aonar. Trí ghníomhú ar leibhéal an Aontais, is féidir leis an tionscnamh an méid seo a leanas a dhéanamh:
Deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibhiú a áirithiú ar fud an Aontais, agus rialacha náisiúnta ilroinnte a sheachaint, ar rialacha iad a d’fhéadfadh teorainn a chur le deiseanna laistigh den mhargadh aonair.
Dlús a chur le himscaradh an bhonneagair dhigitigh trí chur chun feidhme comhordaithe agus trí bhacainní riaracháin a laghdú.
Éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán níos fearr a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar scála an Aontais seachas ar bhonn ilroinnte ar an leibhéal náisiúnta.
Comhlántachtaí a chruthú idir tionscnaimh náisiúnta, rud a dhéanfaidh laghdú costais agus uasmhéadú ar thairbhí na hinfheistíochta ó Bhallstát go chéile.
Ar an iomlán, meastar go mbeidh torthaí níos tapúla, níos comhleanúnaí agus níos costéifeachtúla ann trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, rud a ghinfidh tairbhí nach bhféadfaí a bhaint amach dá ngníomhódh na Ballstáit go neamhspleách.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Tá an togra le haghaidh an rialacháin féin bunaithe ar an taithí phraiticiúil ar chur chun feidhme na rialacha d’earnáil na cumarsáide leictreonaí, mar a shonraítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo (Iarscríbhinn 11 - Meastóireacht ar an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (CCLE), Rialachán BEREC, an Clár Beartais um an Speictream Raidió (CBSR), an Rialachán maidir leis an Idirlíon Oscailte, agus gnéithe áirithe den Treoir maidir le r-phríobháideachas. Sa tuarascáil mheastóireachta ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, sainaithnítear sraith d’easnaimh shonracha sna réimsí a bhaineann le líonraí copair leagáide a bheith ann agus rialáil na rochtana, beartas speictrim, córas an údaraithe ghinearálta, forálacha maidir le húsáideoirí deiridh, oibleagáidí seirbhíse uilíche agus rialachas. Tógann an togra ar chomhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara freisin de réir na straitéise comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, ar a bhfuil achoimre in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Doiciméad Inmheánach Oibre.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil ós rud é go n‑áirithítear leis na rialacha nuashonraithe go leanfar den chreat rialála um an margadh cumarsáide leictreonaí.
Tá caiteachas beag breise beartaithe chun a áirithiú go gcuirfidh an Coimisiún eilimintí nua an rialacháin chun feidhme, chomh maith le hioncaim bhreise ó fhoinsí seachtracha chun tacú le feidhmiú cuí na gníomhaireachta díláraithe nuachóirithe (OLD).
An tráth céanna, tógann an Rialachán seo ar eilimintí bunúsacha áirithe den Treoir maidir leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (CCLE) amhail samhail rialála agus rialachais arna coigeartú do riachtanais an réimse nascachta atá ag athrú go dinimiciúil, agus cur chuige de réir a chéile maidir le rialáil sa réimse sin á chur san áireamh.
Chuirfeadh an togra leis na struchtúir agus na sásraí a forbraíodh i gcomhthéacs cineálacha reachtaíochta eile maidir le hathléimneacht agus cibearshlándáil, amhail, Treoir 2022/2555 (Treoir NIS2) agus Treoir 2022/2557 (Treoir CER), agus d’áiritheofaí comhordú leo.
Tá an togra comhoiriúnach freisin don togra atá á chaibidliú faoi láthair le haghaidh rialachán maidir le sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis san Aontas (SEC(2025) 335 final (an Gníomh um Spás) agus don togra Omnibus Digiteach (togra lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/679, (AE) 2018/1724, (AE) 2018/1725, (AE) 2023/2854 agus Treoracha 2002/58/CE, (AE) 2022/2555 agus (AE) 2022/2557 a mhéid a bhaineann leis an gcreat reachtach digiteach a shimpliú, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1807, (AE) 2019/1150, (AE) 2022/868, agus Treoir (AE) 2019/1024.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Tá bainistiú na réimsí gníomhaíochta a shanntar do OLD ag teacht leis an sainordú atá aige cheana agus le cúraimí ginearálta Oifig BEREC. Mar sin féin, maidir leis na réimsí nua oibre–amhail na réimsí sin atá nasctha le saincheisteanna a bhaineann le speictream agus le CBSR, próisis um údarú, gnéithe den mhargadh inmheánach, agus athléimneacht–beidh próifílí speisialaithe nó sannacháin nua ag teastáil lena n‑aghaidh nach féidir iad a chuimsiú leis na leibhéil foirne atá ann faoi láthair ná nach féidir aghaidh a thabhairt orthu trí bhaill foirne a ath-leithdháileadh go hinmheánach agus é sin amháin.
Ar an gcaoi chéanna, tá bainistiú na réimsí gníomhaíochta a shanntar don Choimisiún fós ailínithe lena shainordú, ach beidh saineolas breise de dhíth mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar raon feidhme na mbeart a bhaineann le speictream. Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar chastacht theicniúil agus oibríochtúil na nósanna imeachta roghnúcháin agus údarúcháin a bhaineann le satailítí, lena n‑áirítear maoirseacht agus forfheidhmiú comhordaithe na bprionsabal de chuid ITU, éilítear speisialtóirí ina leith a bhfuil ardeolas acu ar bhainistiú speictrim, teicneolaíochtaí faireacháin, satailítí agus sásraí comhordúcháin idirnáisiúnta. Tá gá le hacmhainneachtaí treisithe eacnamaíocha, teicniúla agus rialála freisin mar gheall ar fhreagrachtaí nua a bhaineann le grinnscrúdú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta, anailís a dhéanamh ar iarrataí achainíocha, measúnú a dhéanamh ar chreataí comhlíontachta, agus rannchuidiú le hionstraimí rialála a bheidh ann amach anseo. Ina theannta sin, mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn chomh maith le cásanna úsáide dinimiciúla speictrim, tá saineolaithe ag teastáil atá oilte ar uirlisí agus modheolaíochtaí nuálacha sonraíbhunaithe a dhearadh agus maoirseacht a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, beidh saineolas ar scéimeanna um údarú agus ar nósanna imeachta agus rialacha gaolmhara de dhíth, agus ar shlándáil náisiúnta chomh maith. A mhéid a bhaineann le hathléimneacht agus le ullmhacht, beidh gá le scileanna a mhéid a bhaineann le mapáil líonraí, measúnú a dhéanamh ar chumais líonraí agus bainistiú géarchéime. Ar an iomlán, mar gheall ar scála, íogaireacht agus cineál trasteorann na gcúraimí nua sin, is gá saineolaithe tiomnaithe a earcú chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhleanúnachas ar fud an Aontais a áirithiú.
I gcás cúraimí cothrománacha áirithe–amhail tacaíocht riaracháin, comhairleoireacht dhlíthiúil agus bainistiú conarthaí–is féidir leis an nGníomhaireacht leas a bhaint as acmhainní atá ann cheana, rud a chruthóidh barainneacht. Forbrófar sineirgí le struchtúir theicniúla inmheánacha freisin, amhail na struchtúir sin a thacaíonn le malartú faisnéise trí lárionaid faireacháin slándála na mBallstát.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2028 go 2030,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
comhlachtaí dlí poiblí
comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
Don Choimisiún, is é bainistiú díreach atá beartaithe agus i gcás na hOifige um Líonraí Digiteacha nua, is é bainistiú indíreach an modh leis an mbuiséad a chur chun feidhme de réir Airteagail 70 den Rialachán Airgeadais.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Déanfar athbhreithniú agus meastóireacht ar an Rialachán 5 bliana ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Tuairisceoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
Thairis sin, ba cheart do BEREC tacú leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme náisiúnta agus rannchuidiú le comhsheasmhacht an mhargaidh inmheánaigh. Déanfaidh BEREC gach 3 bliana tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme náisiúnta agus fheidhmiú an údaraithe ghinearálta, agus ar a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Chun tacú leis an Rialachán a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus le faireachán éifeachtach a dhéanamh air, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha maidir le gnóthais a ainmniú agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu ar fáil don Choimisiún go tráthúil.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Bunaítear leis an Rialachán creat beartais nua um rialacha comhchuibhithe lena rialaítear soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí sa mhargadh inmheánach, agus an tráth céanna, tacaítear le cuspóirí beartais an Aontais maidir le leas tomhaltóirí, iomaíochas tionsclaíoch, slándáil agus athléimneacht, agus inbhuanaitheacht. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán maidir le GLD comhordú an chreata rialála a shimpliú agus feabhas a chur air, rud a chuirfidh ar a gcumas do sholáthraithe oibriú agus dul i mbun nuálaíochta ar bhealach níos éifeachtaí sa Mhargadh Aonair. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá comhordú agus acmhainneacht oibríochtúil threisithe ar leibhéal an Aontais riachtanach, rud a fhágann go bhfuil gá le hacmhainní buiséadacha spriocdhírithe agus comhréireacha.
Leis an Rialachán, tugtar isteach athruithe comhréireacha ar an tsamhail rialachais, lena mbunaítear córas rialachais um rialáil an mhargaidh (BEREC) agus um bainistiú speictrim (CBSR) chomh maith, ar córas é atá oiriúnaithe do chúraimí nua ar leibhéal an Aontais lena mbaineann gné shoiléir an Mhargaidh Aonair, agus áirithítear an tráth céanna go mbeidh an chinnteoireacht ar an leibhéal is éifeachtúla fós. Tógann an tsamhail rialachais a roghnaíodh ar struchtúir agus ar shainorduithe atá ann cheana, rud a chuireann teorainn leis an ngá le heintitis nua agus a fhágann gur féidir an buiséad a chur chun feidhme trí shocruithe riaracháin agus airgeadais seanbhunaithe, rud a áirithíonn costéifeachtacht agus intuarthacht ó thaobh an chaiteachais de.
Leis na rialacha nua, teastaíonn sásra neartaithe um chomhsheasmhacht chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhonn trasteorann. Chuige sin, tá gá le hOifig BEREC fheabhsaithe a sholáthraíonn tacaíocht riaracháin, theicniúil agus anailíse d’údaráis rialála náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais, arb é is cuspóir di a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus ailíniú le cuspóirí beartais ar leibhéal an Aontais. Is í Oifig BEREC (a dtiocfaidh an Oifig um Líonraí Digiteacha ina hionad) is fearr atá in ann na cúraimí sin a fheidhmiú mar gheall ar an saineolas, an struchtúr rialachais agus an acmhainneacht oibríochtúil atá aici cheana. Dá réir sin, cuirfear an buiséad chun feidhme faoi bhainistiú díreach i gcás an Choimisiún agus faoi bhainistiú indíreach i gcás na gníomhaireachta díláraithe (Oifig um Líonraí Digiteacha) dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais, go príomha trí chaiteachas foirne agus leithreasuithe oibriúcháin le haghaidh Oifig BEREC/OLD agus an Choimisiúin. Cumhdófar leis an gcistiú costais phearsanra, gníomhaíochtaí comhordúcháin, tacaíocht anailíse, uirlisí agus cruinnithe TF, agus úsáid á baint as leithreasuithe bliantúla i gcomhréir leis an gclársceidealú ilbhliantúil.
Chun na cúraimí nua sin a dhéanamh, teastaíonn acmhainní daonna breise. Meastar go mbeidh gá le 25 choibhéis lánaimseartha bhreise do OLD agus 5 choibhéis lánaimseartha bhreise don Choimisiún chun an Rialachán a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, go háirithe le haghaidh cúraimí trasteorann a bhaineann le bainistiú speictrim, an scéim um údarú ginearálta, údarú satailíte agus uimhriúchán. Tá nasc díreach idir na leibhéil foirne atá beartaithe agus méid agus castacht na bhfreagrachtaí nua agus is léiriú na leibhéil sin ar an rogha is costéifeachtaí, rud a sheachnaíonn dúbailt ar an leibhéal náisiúnta agus a laghdaíonn an t‑ualach riaracháin ar rannpháirtithe sa mhargadh.
Leanfaidh íocaíochtaí nósanna imeachta buiséadacha caighdeánacha an Aontais, lena n‑áirítear gealltanais agus íocaíochtaí a dhéantar ar bhonn bliantúil, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus laistigh d’uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil is infheidhme dá dtugtar tacaíocht ó na ranníocaíochtaí bliantúla ó na táillí lena gcumhdaítear na costais ó na cúraimí breise lena n‑áirítear costais fhadtéarmacha. Beidh caiteachas faoi réir chreat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin, lena n‑áirítear seiceálacha ex ante, iniúchtaí ex post, faireachán agus tuairisciú ar fheidhmíocht. Áirithítear leis an straitéis rialaithe sin bainistíocht fhónta airgeadais, dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, agus úsáid éifeachtach chistí an Aontais, agus cur chun feidhme tráthúil an Rialacháin á chumasú an tráth céanna.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Chun a áirithiú go mbeidh an deis ag comhaltaí BEREC agus CBSR anailísí eolasacha a dhéanamh ar bhonn fianaise fhíorasach, tá sé beartaithe gur cheart don Oifig um Líonraí Digiteacha (OLD), a thiocfaidh in ionad Oifig BEREC, tacú leis na comhaltaí sin, agus gur cheart do bhaill foirne OLD saineolas breise a sholáthar i gcás inar gá.
Soláthraíonn na forálacha in GLD maidir leis an rialachas creat cuimsitheach eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasachta do OLD mar chomhlacht de chuid an Aontais a thacaíonn le BEREC agus le CBSR araon. Leagtar amach in GLD cúraimí, struchtúr rialachais, clársceidealú, rialacha buiséadacha agus foirne OLD, agus áirithítear leis trédhearcacht, bainistíocht fhónta airgeadais agus maoirseacht éifeachtach, lena n‑áirítear sásraí frithchalaoise, iniúchóireachta agus meastóireachta.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
I gcás an chaiteachais ar chruinnithe maidir le dhá Choiste: i gcás an Choiste Cumarsáide (COCOM) agus an Choiste um an Speictream Raidió (CSR), i bhfianaise an luacha ísil in aghaidh an idirbhirt (e.g. costais taistil a aisíoc le toscaire le haghaidh cruinnithe, costais lónadóireachta), is cosúil gur leormhaith nósanna imeachta caighdeánacha um rialú.
Tiocfaidh CBSR in ionad RSPG atá ann faoi láthair (agus in ionad a fhoghrúpaí), agus is é OLD a thógfaidh a chostais ar láimh agus a sholáthróidh tacaíocht riaracháin do CBSR. Maidir le costais oibríochtúla agus oibriúcháin OLD, tá córas rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm de réir chreat eagraíochtúil, airgeadais agus cuntasachta GLD (Cuid VII Rialachas).
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Leis na bearta coiscthe calaoise is infheidhme don Choimisiún atá ann cheana, cumhdófar aon leithreasú breise is gá maidir leis an Rialachán seo.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
|
BEREC/Oifig OLD
|
LD/LN
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
|
|
Ioncam ó tháillí (níl cinneadh déanta an mbaileoidh COM nó OLD an táille) [XX.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: CNECT
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí < eCOMM>
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
4,200
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
3,600
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
|
Gealltanais
|
=1a+1b+3
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
4,200
|
|
i gcomhair AS CNECT
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
3,600
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
[Gníomhaireacht]: <Oifig BEREC / An Oifig um Líonraí Digiteacha>
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
Líne bhuiséid: / Ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an ngníomhaireacht BEREC / Oifig OLD
|
|
|
|
|
|
|
|
|
. <……>..Tábla sainordaitheach
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (an ranníocaíocht leis an ngníomhaireacht dhíláraithe san áireamh)
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
3,600
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <7>
|
Gealltanais
|
=4+6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
3,600
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
4
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
|
Ard-Stiúrthóireacht: <CNECT >
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Acmhainní daonna
|
7,293
|
7,592
|
7,786
|
7,786
|
7,786
|
7,786
|
7,786
|
53,815
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
3,003
|
|
IOMLÁN AS <CNECT>
|
Leithreasuithe
|
7,722
|
8,021
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
56,818
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
7,722
|
8,021
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
56,818
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028‑2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
|
Gealltanais
|
8,322
|
8,621
|
8,815
|
8,815
|
8,815
|
8,815
|
8,815
|
61,018
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
0,000
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
0,600
|
3,600
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2028 - 2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
CEANNTEIDEAL 4
|
|
Acmhainní daonna
|
7,293
|
7,592
|
7,786
|
7,786
|
7,786
|
7,786
|
7,786
|
53,815
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
0,429
|
3,003
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4
|
7,722
|
8,021
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
56,818
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
7. 722
|
8,021
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
8,215
|
56,818
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Ba cheart a mheas gur figiúirí agus leithreasuithe táscacha iad na figiúirí agus na leithreasuithe foirne a iarrtar agus ní féidir réamhbhreith a dhéanamh leo ar thoradh na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
30 (glan)
|
31 (glan)
|
32
|
32
|
32
|
32
|
32
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
14 (glan)
|
15 (glan)
|
15
|
15
|
15
|
15
|
15
|
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
|
- sa cheanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(XX.01.YY.YY)
|
- i dToscaireachtaí an Aontais
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(AC, END - Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
(AC, END – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
44
|
46
|
47
|
47
|
47
|
47
|
47
|
An fhoireann is gá chun an togra a chur chun feidhme (in aonaid de choibhéis lánaimseartha):
|
|
Le cumhdach ag baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin
|
Foireann bhreise eisceachtúil*
|
|
|
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 4 nó Taighde
|
Le maoiniú ó líne BA
|
Le maoiniú ó tháillí
|
|
Poist sa phlean bunaíochta
|
29
|
3
|
Ní bhaineann le hábhar
|
|
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT)
|
13
|
2
|
|
|
Ar an iomlán, tá 42 choibhéis lánaimseartha a iarradh don tionscnamh i bhfeidhm cheana féin laistigh de AS CNECT agus ath-imlonnófar iad, agus sna coibhéisí sin tá 29 bpost sa phlean bunaíochta agus 13 bhall foirne sheachtracha (baill foirne ar conradh agus SNInna). Sa bhreis ar na hacmhainní sin atá ann cheana, tá 5 choibhéis lánaimseartha de bhaill foirne bhreise eisceachtúla (3 oifigeach agus 2 bhall foirne sheachtracha le haghaidh an tionscnaimh – baill foirne ar conradh nó SNInna), a iarrtar sa bhreis ar na leibhéil foirne atá ann faoi láthair chun a áirithiú go gcuirfear an tionscnamh chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.
Na cúraimí nua a tugadh isteach leis an togra—go háirithe na cúraimí sin atá nasctha le rialachas speictrim, údarú satailíte, grinnscrúdú ex ante ar dhámhachtainí speictrim agus comhordú níos dlúithe le BEREC agus RSPG, in éineacht le tacaíocht chun coinníollacha údarúcháin ginearálta agus an nós imeachta um an bpas aonair a chomhchuibhiú–ní féidir le AS CNECT na cúraimí sin a chuimsiú leis na hacmhainní daonna atá ann cheana.
Tá an príomhaonad um ábhair speictrim agus satailíte atá i gceannas ar na réimsí sin an-bheag agus bainistíonn sé punann leathan comhad casta teicniúil am-íogair cheana féin a bhaineann le gach gné de bheartas speictrim an Aontais. Sa bhreis ar na dualgais atá uirthi cheana, óstálann an fhoireann chéanna sin feidhm rúnaíochta iomlán RSPG faoi láthair, atá á láimhseáil ag 1,5 coibhéis lánaimseartha, in ainneoin go bhfuil an t‑ualach oibre ag dul i méid go seasta agus go bhfuil méadú ag teacht ar an líon saincheisteanna speictrim a dteastaíonn comhordú ar leibhéal an Aontais ina leith. Léiríonn measúnuithe inmheánacha nach bhfuil aon acmhainneacht ag an aonad freagrachtaí breise a ghlacadh air féin gan an phríomhobair atá ar siúl faoi láthair a chur i mbaol ná cáilíocht agus tráthúlacht chomhordú an bheartais speictrim agus satailíte ar leibhéal an Aontais a laghdú.
Ní rogha indéanta é baill foirne a ath-imlonnú laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht CNECT. Níl barrachas foirne ag aonaid eile, ná níl an saineolas teicniúil speisialaithe acu atá riachtanach chun oibriú go héifeachtach ar chumarsáid satailíte, ar ardinnealtóireacht speictrim, ar bhainistiú trasnaíochta, ná ar an éiceachóras satailítí go gairis atá ag teacht chun cinn. Is réimsí iad sin atá an-nuálach agus an-dian go teicniúil agus ní baill foirne ionadacha leormhaithe iad próifílí ginearálaithe, nó baill foirne a ath-imlonnaítear ó réimsí beartais neamhghaolmhara, in áit saineolaithe tiomnaithe. Ní mór eolas domhain, a bhaineann go sonrach leis an réimse, agus rannpháirtíocht leanúnach le húdaráis náisiúnta, leis an tionscal agus le comhlachtaí idirnáisiúnta, le haghaidh na gcúraimí atá beartaithe sa togra. Mar gheall ar na gnéithe éagsúla le chéile: tá an fhoireann atá ann cheana an-bheag, an t‑ualach oibre ard a rinneadh cheana féin – lena n‑áirítear rúnaíocht an Ghrúpa um Beartas Speictrim Raidió cheana féin, nach bhfuil ann ach aon duine amháin – agus cineál speisialaithe na hoibre satailíte agus speictrim, tá poist thiomnaithe bhreise fíor-riachtanach chun go gcomhlíonfaidh an Coimisiún na freagrachtaí nua a shanntar faoin togra.
Sonraítear an cineál foirne sa tábla thuas.
Ba cheart a mheas gur figiúirí agus leithreasuithe táscacha iad na figiúirí agus na leithreasuithe foirne a iarrtar agus ní féidir réamhbhreith a dhéanamh leo ar thoradh na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo.
Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
Cúraimí nua:
1.Údarú satailíte AE, lena n‑áirítear nósanna imeachta roghnúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus comhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme maidir le húdarú satailíte speictrim satailíte a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus
2.Forfheidhmiú comhordaithe ón Aontas maidir le satailítí i leith trasnaíocht dhíobhálach agus comhordú na gcomhduithe a dhéantar le ITU
3.Grinnscrúdú ex ante ar cheantanna – litreacha barúlacha/cinntí a eisiúint (comhchosúil le margaí líonraí fosaithe agus nós imeachta um leigheasanna)
4.Achainí maidir le rialacha a dhéanamh
5.Obair ar ghníomhartha tarmligthe/cur chun feidhme atá pleanáilte (e.g. coinníollacha comhchuibhithe, modheolaíocht costais, satailít)
6.Obair a dhéanamh chun scéim an údaraithe ghinearálta agus an nós imeachta gaolmhar um an bpas aonair, lena n‑áirítear rialacha sa tslándáil náisiúnta, a chomhchuibhiú níos fearr.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Cúraimí nua:
7.Údarú satailíte AE, lena n‑áirítear nósanna imeachta roghnúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus comhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme maidir le húdarú satailíte speictrim satailíte a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú agus
8.Forfheidhmiú comhordaithe ón Aontas maidir le satailítí i leith trasnaíocht dhíobhálach agus comhordú na gcomhduithe a dhéantar le ITU
9.Grinnscrúdú ex ante ar cheantanna – litreacha barúlacha/cinntí a eisiúint (comhchosúil le margaí líonraí fosaithe agus nós imeachta um leigheasanna)
10.Achainí maidir le rialacha a dhéanamh
11.[Seoladh féideartha an tionscadail maidir le bunachair sonraí dhinimiciúla chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu]
12.Obair a dhéanamh ar ghníomhartha tarmligthe/cur chun feidhme atá pleanáilte (e.g. coinníollacha comhchuibhithe, modheolaíocht costais, satailít),
13.Obair a dhéanamh chun scéim an údaraithe ghinearálta agus an nós imeachta gaolmhar um an bpas aonair, lena n‑áirítear rialacha sa tslándáil náisiúnta, a chomhchuibhiú níos fearr.
|
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2028 ‑ 2034
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
CEANNTEIDEAL 4
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 4
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
Sa bhreis ar na hacmhainní atá sa Choimisiún/Ard-Stiúrthóireacht CNECT cheana, tá 5 choibhéis lánaimseartha de bhaill foirne bhreise eisceachtúla de dhíth le haghaidh an tionscnaimh (3 oifigeach agus 2 bhall foirne sheachtracha – ball foirne ar conradh nó SNInna), agus iarrtar siad sin chun a áirithiú go gcuirfear an tionscnamh chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iomlán
|
|
|
2028
|
2029
|
2030
|
2031
|
2032
|
2033
|
2034
|
|
|
Ranníocaíochtaí deonacha ó thríú tíortha
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
3.2.8.Na hacmhainní daonna a mheastar atá riachtanach agus na leithreasuithe a mheastar is gá a úsáid i ngníomhaireacht dhíláraithe
Riachtanais foirne (in aonaid de choibhéis lánaimseartha – arna maoiniú go hiomlán trí tháillí, mar a mhínítear i bpointe 3.3)
|
Gníomhaireacht: An Oifig um Líonraí Digiteacha
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
|
Comhaltaí den fhoireann shealadach
(Gráid AD)
|
1
|
4
|
8
|
10
|
10
|
10
|
10
|
|
Comhaltaí den fhoireann shealadach
(Gráid AST)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) — fo-iomlán
|
1
|
4
|
8
|
10
|
10
|
10
|
10
|
|
Baill foirne ar conradh
|
1
|
3
|
5
|
5
|
5
|
5
|
5
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
2
|
6
|
8
|
10
|
10
|
10
|
10
|
|
Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht — fo-iomlán
|
3
|
9
|
13
|
15
|
15
|
15
|
15
|
|
LÍON IOMLÁN na mball foirne
|
4
|
13
|
21
|
25
|
25
|
25
|
25
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Gníomhaireacht: <An Oifig um Líonraí Digiteacha>.>
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2028 - 2034
|
|
Teideal 1: Caiteachas foirne
|
0,495
|
1,673
|
2,833
|
3,415
|
3,415
|
3,415
|
3,415
|
18,661
|
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin
|
0,348
|
0,348
|
0,348
|
0,348
|
0,348
|
0,348
|
0,348
|
2,348
|
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil
|
0,264
|
0,264
|
0,264
|
0,264
|
0,264
|
0,264
|
0,264
|
1,848
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le táillí
|
1,107
|
2,285
|
3,445
|
4,027
|
4,027
|
4,027
|
4,027
|
22,857
|
Forbhreathnú/achoimre ar na hacmhainní daonna agus na leithreasuithe (ioncam táille) in EUR milliún atá riachtanach i gcomhair an togra/tionscnaimh i ngníomhaireacht dhíláraithe
|
Gníomhaireacht: Oifig BEREC/OLD
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
IOMLÁN 2028 - 2034
|
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST)
|
1
|
4
|
8
|
10
|
10
|
10
|
10
|
10
|
|
Baill foirne ar conradh
|
1
|
3
|
5
|
5
|
5
|
5
|
5
|
5
|
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht
|
2
|
6
|
8
|
10
|
10
|
10
|
10
|
10
|
|
Líon iomlán na mball foirne
|
4
|
13
|
21
|
25
|
25
|
25
|
25
|
25
|
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí
(más infheidhme)
|
0,495
|
1,673
|
2,833
|
3,415
|
3,415
|
3,415
|
3,415
|
18,661
|
|
Leithreasuithe cómhaoinithe
(más infheidhme)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe
|
0,495
|
1,673
|
2,833
|
3,415
|
3,415
|
3,415
|
3,415
|
18,661
|
Ba cheart a mheas gur figiúirí agus leithreasuithe táscacha iad na figiúirí agus na leithreasuithe foirne a iarrtar agus ní féidir réamhbhreith a dhéanamh leo ar thoradh na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo.
Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag an Oifig um Líonraí Digiteacha
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
1. Le rannpháirtíocht OLD i meithleacha BEREC, beidh fostaithe na gníomhaireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a bhaineann le substaint shruthanna oibre rialála uile BEREC. Ciallaíonn sé sin go mbeidh baill foirne ó Oifig BEREC rannpháirteach freisin i gcúraimí a cuireadh ar BEREC cheana féin faoi CCLE, níl ach tacaíocht riaracháin agus lóistíochta á soláthar i leith na gcúraimí sin faoi láthair.
2. Cuirfear de chúram ar OLD tuarascáil chuimsitheach a fhoilsiú ar an margadh inmheánach do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ina dtabharfar tuairisc ar staid na dtreochtaí, lena gcumhdófar éifeachtaí na gcumasc ar an margadh, agus dúshláin in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Ba cheart dó tuairisciú go háirithe ar thionchar na mbeart arna gcur chun feidhme faoi GLD ar an margadh inmheánach. D’fhéadfaí an chéad tuarascáil a fhoilsiú 2 bhliain ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm, chun tréimhse leordhóthanach a thabhairt chun sonraí a bhailiú maidir le héifeachtaí na mbeart GLD agus ba cheart í a fhoilsiú go bliantúil ina dhiaidh sin.
3. Faoi GLD, forbrófar RSPG ó shainghrúpa de chuid an Choimisiúin go comhlacht ann féin comhchosúil le BEREC (an Comhlacht um Beartas Speictrim Raidió nó CBSR). Tiocfaidh OLD i gceannas ar Rúnaíocht RSPG, rud atá á soláthar ag an gCoimisiún faoi láthair; mar sin féin, seachas an cúnamh riaracháin agus eagraíochtúil, tacóidh OLD le CBSR de bhua tuillteanais freisin.
Go háirithe:
4. Tacaíocht anailíse, riaracháin agus lóistíochta a sholáthar do CBSR agus dá mheithleacha.
5. Dea-chleachtais a bhailiú maidir leis an rogha idir údaruithe ginearálta agus cearta aonair, maidir le próisis um údarú agus coinníollacha dámhachtana gaolmhara, amhail ceantanna ar son na hinfheistíochta a dhearadh, modheolaíocht chun praghsanna forchoimeádta a ríomh, táillí bliantúla, oibleagáidí cumhdaigh.
6. Gníomhú mar phointe teagmhála aonair maidir le hiarratais agus fógraí a chuirtear isteach chun deonú na gceart agus na n‑údaruithe úsáide speictrim a éascú nuair a chruthaíonn an Coimisiún an nós imeachta um ionad ilfhreastail.
7. Bunachair sonraí dhinimiciúla a chur ar bun agus a riar chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu.
8. Cúnamh a thabhairt do CBSR na Fóraim um an Nós Imeachta um an Margadh Aonair do Speictream Raidió a eagrú agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu agus taifead a choinneáil ar na himeachtaí.
9. Gníomhú mar phointe teagmhála d’fhaisnéis maidir le hiarrataí ar mhinicíochtaí nó ar shuíomh fithiseach do chóras satailíte nó do stáisiún satailíte talún a chomhordú faoi rialacha ITU.
10. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún sa phróiseas chun údarú an Aontais le haghaidh satailítí a eisiúint /a dheonú. Ar an gcaoi chéanna, má iarrann an Coimisiún air é, cúnamh a thabhairt don Choimisiún nósanna imeachta roghnúcháin a chur i gcrích i gcásanna ganntanas speictrim satailíte.
11. Cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do CBSR údaruithe satailíte an Aontais a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú Gníomhú mar phointe chun fógra a thabhairt nach bhfuil sealbhóir údaraithe ón Aontas ag comhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme faoin údarú Aontais.
12. Bainistiú a dhéanamh ar shonrascadh na dtáillí ó cheantanna satailíte agus nósanna imeachta um údarú ar leibhéal an Aontais a bhainistiú.
|
|
Pearsanra seachtrach
|
Ina theannta sin, beidh na cúraimí seo a leanas ar na baill foirne sheachtracha in Oifig BEREC chun tacú le hobair BEREC:
1. tacaíocht shaineolach a sholáthar do BEREC agus a chúraimí rialála á gcomhlíonadh aige, lena n‑áirítear trí rannchuidiú le gníomhaíochtaí uile na meithleacha trí shaineolas na saineolaithe ó Oifig nua BEREC;
2. tacú leis an gcomhordú i measc na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil eile i gcomhthéacs an tsásra nua um an bpas aonair, agus eisiúint dhearbhuithe an phas aonair a éascú;
3. tacú le BEREC faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht na seirbhísí, ar acmhainneacht agus ar úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí chun cuidiú le hathléimneacht agus le hullmhacht líonraí a fheabhsú; anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le hinfhaighteacht seirbhísí, acmhainneacht agus úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí [agus bonneagair dhigiteacha ábhartha eile; agus tacú le BEREC treoirlínte a ullmhú maidir le hathléimneacht;
4. sonraí agus faisnéis a bhailiú ó ÚRNnna agus ó údaráis inniúla, agus faisnéis a mhalartú agus a tharchur i ndáil leis na cúraimí rialála nua a shanntar do BEREC amhail athléimneacht agus ullmhacht líonra agus, an sásra nua um an bpas aonair;
5. dréacht-tuarascálacha tráthrialta a chur ar fáil maidir le gnéithe sonracha d’fhorbairtí i margadh cumarsáide leictreonaí na hEorpa, amhail tuarascálacha tagarmharcála ar thopaicí nua a luaitear thuas atá le cur faoi bhráid BEREC;
6. faoi mhaoirseacht BEREC, cúnamh a thabhairt do BEREC clárlanna agus bunachair sonraí a bhunú agus a fhorbairt (fógraí maidir le gnóthais atá faoi réir údarú ginearálta agus atá riachtanach don nós imeachta nua um an bpas aonair faoi GLD, acmhainní uimhriúcháin agus uimhreacha E.164 de chuid sheirbhísí éigeandála na mBallstát);
7. cúnamh a thabhairt do BEREC comhairliúcháin phoiblí a chur i gcrích sna limistéir nua faoi GLD.
|
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
ar ioncam eile
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2028
|
Bliain 2029
|
Bliain 2030
|
Bliain 2031
|
Bliain 2032
|
Bliain 2033
|
Bliain 2034
|
|
Oifig BEREC/OLD
|
|
2,337
|
3,515
|
4,675
|
5,257
|
5,257
|
5,257
|
5,257
|
An chuid neamhathraithe den Oifig um Líonraí Digiteacha (ní athróidh ranníocaíocht an Aontais le hOifig BEREC), leanfar dá maoiniú leis an líne caiteachais buiséid atá ag Oifig BEREC faoi láthair, a dtiocfaidh an Oifig um Líonraí Digiteacha ina hionad. An tráth céanna, maoineofar caiteachas breise don Oifig um Líonraí Digiteacha, a ndéantar tuairisc air thuas, le táillí údarúcháin speictrim satailíte, agus, má tá siad ar fáil, le táillí ar chearta úsáide acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha agus ranníocaíochtaí deonacha agus comhchineáil ó na Ballstáit.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
Cumhdófar an caiteachas breise le dhá phríomhfhoinse:
- Cuid de na táillí speictrim ó nósanna imeachta roghnúcháin a dhéantar ar leibhéal an Aontais le haghaidh údarú satailíte (a ndéanfar an chéad nós imeachta díobh in 2027 don bhanda MSS 2 GHz). I gcás nach ndéanfar an nós imeachta roghnúcháin in 2027, caithfear síneadh a chur leis na cearta úsáide atá ann faoi láthair toisc go rachaidh siad in éag i mí na Bealtaine 2027. I gcás den sórt sin, forchuirfear na táillí ar na hoibreoirí atá ann faoi láthair mar mhalairt ar an síneadh, rud a áiritheoidh go ngnóthófar na costais iomlána;
- na muirir riaracháin/táillí speictrim ar údarú ar leibhéal an Aontais.
Saineofar an modh chun iad sin a ríomh de réir an cháis le haghaidh gach nós imeachta roghnúcháin agus cumhdóidh siad an caiteachas breise a iarradh ar a laghad. Ar feadh na chéad bhlianta go dtí deireadh na hidirthréimhse, toibheofar na hioncaim riachtanacha ó thoradh an chéad nós imeachta roghnúcháin atá beartaithe cheana féin. Léireofar méid na dtáillí (a chumhdóidh an costas den chuid is mó) roimh an nós imeachta agus, i bhfianaise ghanntanas an speictrim sin, meastar go dtoibheofar go héifeachtach iad.
Agus an méid sin scaipthe thar thréimhse fhada de bhreis ar 10 mbliana, beimid in ann an caiteachas breise a mhaoiniú ó 2028 ar aghaidh. An chuid de na hioncaim ó na táillí atá os cionn an chaiteachais atá le cumhdach, aistreofar í e.g. chuig buiséad foriomlán an Aontais.
Aon ioncam comhlántach ó tháillí údarúcháin speictrim eile de chuid an Aontais, ó údarú uimhriúcháin an Aontais chomh maith le ranníocaíochtaí deonacha agus comhchineáil ó na Ballstáit, ó thíortha CSTE LEE agus ó thríú tíortha atá rannpháirteach in oibreacha BEREC agus OLD, chomh maith le CBSR agus OLD, úsáidfear é chun an caiteachas breise ó 2028 a chumhdach in éineacht leis an ioncam ón roghnú atá pleanáilte nó ón ioncam a aistreofar, e.g. chuig buiséad foriomlán an Aontais.
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
Tuairisc ardleibhéil ar na ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha, agus ar na catagóirí gaolmhara (sonraí, digitiú agus uathoibriú próiseas, réitigh dhigiteacha agus/nó seirbhísí poiblí digiteacha)
|
Tagairt don cheanglas
|
Tuairisc ar an gceanglas
|
Gníomhaithe a ndéanann an ceanglas difear dóibh nó a bhfuil baint aige leo
|
Próisis Ardleibhéil
|
Catagóirí
|
|
Cuid II – Ullmhacht agus Athléimneacht
|
Sreafaí sonraí a bhaineann le Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha; nó i gcomhthéacs na freagartha i gcás géarchéime.
|
BEREC
OLD
An Coimisiún Eorpach
Údaráis rialála náisiúnta
ENISA
EU-CyCLONe
|
Tuarascálacha a ullmhú agus a scaipeadh
Comhar institiúideach (lena n‑áirítear freagairt i gcás géarchéime)
|
Sonraí
|
|
Cuid III – Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
Sreafaí sonraí a bhaineann le húdarú ginearálta, an nós imeachta um an bPas Aonair, cúnamh frithpháirteach, agus muirir riaracháin.
Réiteach digiteach: bunachar sonraí de chuid an Aontais atá ar fáil go poiblí agus ina bhfuil na fógraí a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta (bunachar sonraí láraithe chun an córas um an bpas aonair a chur chun feidhme).
|
An Coimisiún Eorpach
Na Ballstáit (údaráis rialála náisiúnta)
Soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí
BEREC
OLD
|
Údarú don mhargadh
|
Sonraí
Réiteach Digiteach
An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach
|
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil I, Prionsabail agus cuspóirí
|
Sreafaí sonraí a bhaineann le pleanáil agus bainistiú straitéiseach an speictrim raidió.
Sreafaí sonraí intuigthe a bhaineann le comhar i gcomhthéacs chomhordú trasteorann na húsáide speictrim raidió (lena n‑áirítear chun aghaidh a thabhairt ar thrasnaíocht dhíobhálach).
|
Údaráis inniúla na mBallstát
An Coimisiún Eorpach
CBSR
Sealbhóirí cirt úsáide speictrim
Tríú tíortha
|
Pleanáil agus bainistiú straitéiseach
Comhar trasteorann na n‑údarás náisiúnta
|
Sonraí
|
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil II, Leithdháileadh
|
Sreafaí sonraí a bhaineann le Straitéis agus Treochláir an Aontais maidir le Speictream, uainiú comhordaithe na sannachán, agus le hiarrataí ar speictream raidió a chomhchuibhiú.
|
An Coimisiún Eorpach
Údaráis inniúla na mBallstát
CBSR
Tionscnóirí na hiarrata ar chomhchuibhiú
An Coiste um an Speictream Raidió
|
Pleanáil straitéiseach
Comhar institiúideach
Bainistiú Iarrataí
|
Sonraí
|
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
Sreafaí sonraí a bhaineann le cearta aonair na húsáide speictrim raidió, coinníollacha údarúcháin coiteanna maidir le húsáid speictrim raidió, úsáid chomhroinnte speictrim, agus nósanna imeachta roghnúcháin maidir leis an Margadh aonair do speictream.
Réiteach digiteach: bunachar sonraí dinimiciúil chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu chun úsáid chomhroinnte bandaí speictrim sonracha a chur chun cinn agus a cheadú
|
Údaráis inniúla na mBallstát
Páirtithe leasmhara (maidir le cearta úsáide aonair chomh maith)
CBSR agus RSPG
An Coimisiún Eorpach
OLD
An Coiste Cumarsáide nó saineolaithe seachtracha
BEREC
|
Údarú agus cearta úsáide
Bunachar sonraí
|
Sonraí
Réiteach digiteach
An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach
|
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal II, Speictream a Úsáid trí Shatailít
|
Sreafaí sonraí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
-córais satailíte a chomhdú agus a chomhordú leis an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU);
-údaruithe ginearálta chun líonraí satailíte agus/nó seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar;
-Údarú Aontais le haghaidh úsáid speictrim satailíte/raidió;
-maoirseacht agus leigheasanna i gcomhthéacs chomhlíontacht na líonraí satailíte agus na seirbhísí cumarsáide satailíte a oibríonn faoi údarú Aontais;
-trasnaíochtaí satailíte a réiteach; agus
-iarrataí ar úsáid an speictrim a chomhordú idir feidhmeanna trastíre agus spáis.
|
Úsáideoirí ionchasacha speictrim raidió
Údaráis inniúla speictrim
An Coimisiún Eorpach
ITU
CBSR
Soláthraithe líonraí satailíte agus/nó seirbhísí cumarsáide satailíte
Sealbhóirí údaraithe Aontais (a gcinntear ina leith go bhfuil na coinníollacha á sárú acu)
An Coiste um an Speictream Raidió
|
Bainistiú Iarrataí
Údarú
Maoirseacht agus leigheasanna
|
Sonraí
|
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
Sreafaí sonraí a bhaineann leis an méid seo a leanas: acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha; acmhainní uimhriúcháin náisiúnta; agus cearta úsáide á dheonú i dtaca le hacmhainní uimhriúcháin
Réiteach digiteach: Bunachar sonraí na n‑acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha
|
Údaráis rialála náisiúnta
OLD
BEREC
Gnóthais chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar
|
Bunachar sonraí
Faisnéis a chomhroinnt (lena n‑áirítear í a fhoilsiú)
Tuarascálacha a scaipeadh
An nós imeachta um chearta a dheonú
|
Sonraí
Réiteach Digiteach
An tSeirbhís Phoiblí Dhigiteach
|
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal I, Aistriú chuig líonraí snáithín optúil
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Limistéir MC a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú, limistéir MC ina gcomhlíontar coinníollacha inbhuanaitheachta a fhoilsiú
-Fógra a thabhairt faoin bplean um aistriú náisiúnta chuig snáithín optúil
-Sreafaí faisnéise intuigthe d’úsáideoirí deiridh i limistéir a ndéanann an múchadh copair difear dóibh
-Na pleananna um an múchadh copair curtha faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta ag oibreoirí
|
Údaráis rialála náisiúnta
Ballstáit
Oibreoirí
|
Faisnéis a chomhroinnt
Faisnéis a chur isteach
Faisnéis a fhoilsiú
|
Sonraí
|
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal III, Idirnaisc
Caibidil II: Rialacha siméadracha maidir le rochtain
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Treoraíocht a chur ar fáil agus na nósanna imeachta a chur ar fáil go poiblí chun rochtain agus idirnascadh a fháil
-Fógra faoi thoradh an mheasúnaithe ar an gcreat rialála de bhun Airteagal 69
|
Údaráis rialála náisiúnta
|
Treoraíocht a fhorbairt agus faisnéis a fhoilsiú
Fógra faisnéise
|
Sonraí
|
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
Caibidil I – Anailís mhargaidh agus cumhacht shuntasach sa mhargadh
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-An Moladh lena sainaithnítear margaí táirgí agus seirbhísí a thugann údar le hoibleagáidí rialála a fhorchur
-Anailís ar an margadh agus fógra a thabhairt faoi na dréachtbhearta rialála comhfhreagracha
-Sreafaí faisnéise intuigthe maidir le margaí agus éilimh thrasnáisiúnta a shainaithint
-Treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh agus measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh
|
An Coimisiún Eorpach
Údaráis rialála náisiúnta
BEREC
|
Moladh a fhorbairt
Fógra faisnéise
Treoirlínte a chur ar fáil
|
Sonraí
|
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
Caibidil II: Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Tuairisc ar an gcóras cuntasaíochta costála atá ar fáil go poiblí
-Faisnéis maidir leis an nós imeachta gealltanais
|
Údaráis rialála náisiúnta
Oibreoirí
|
Cur ar fáil go poiblí
Faisnéis a chur isteach
|
Sonraí
|
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
CAIBIDIL III: Nósanna imeachta an mhargaidh inmheánaigh um rialáil mhargaidh
|
Sreafaí faisnéise maidir le comhdhlúthú an mhargaidh inmheánaigh i réimse na cumarsáide leictreonaí
|
Údaráis rialála náisiúnta
BEREC
An Coimisiún Eorpach
|
Tuairimí a eisiúint
Faisnéis a chur isteach
|
Sonraí
|
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal II: Rochtain oscailte ar an idirlíon
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Faisnéis a chur isteach maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon
-Faisnéis a chomhroinnt le BEREC
-Tuarascáil BEREC maidir le príomhchleachtais agus príomhthorthaí na n‑údarás rialála náisiúnta
-Teimpléad coiteann BEREC chun faisnéis a bhailiú ó sholáthraithe
-Treoirlínte BEREC maidir le hoibleagáidí na n‑údarás rialála náisiúnta a chur chun feidhme
|
Soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal
Údaráis rialála náisiúnta
BEREC
|
Faisnéis a chomhroinnt
Treoirlínte a fhorbairt
Teimpléad a fhorbairt
Tuairisciú
|
Sonraí
|
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal III: Cearta an úsáideora deiridh
Caibidil I: Cearta do Thomhaltóirí
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí
-Faisnéis trédhearcachta
-Ceanglais faisnéise maidir le ré agus foirceannadh conartha
|
Soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín
Tomhaltóirí
|
Comhroinnt faisnéise
|
Sonraí
|
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal III: Cearta an úsáideora deiridh
Caibidil II: Cearta d’úsáideoirí deiridh
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Ceanglais faisnéise maidir le malartú agus inaistritheacht uimhreacha
|
Soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín
Tomhaltóirí
OLD
BEREC
Micrifhiontair
|
Faisnéis a chomhroinnt
Treoirlínte a fhorbairt
Eolas a thabhairt
|
Sonraí
|
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal III: Cearta an úsáideora deiridh
Caibidil III: Saoráidí agus feidhmiúlachtaí d’úsáideoirí deiridh
Réiteach digiteach de bhun Airteagal 107(13). Is é Airteagal 109(8) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) an bunús dlí bunaidh.
|
Sreafaí sonraí agus sonraí a bhaineann le ceanglais maidir le cosaint úsáideoirí deiridh agus seirbhísí cumarsáide (cosc calaoise, seirbhísí éigeandála, feidhmiúlachtaí glao, idir-inoibritheacht trealaimh)
Réiteach digiteach:
-Tuairisceoidh na Ballstáit do OLD, chun go gcoinneoidh OLD bunachar sonraí ar bun faoi mhaoirseacht BEREC, na huimhreacha E.164 chun teagmháil a dhéanamh le córais PFSP na mBallstát chun a áirithiú go mbeidh siad in ann teagmháil a dhéanamh le chéile ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.
|
Úsáideoirí deiridh
Soláthraithe seirbhíse
Ballstáit
ENISA
OLD
|
Faisnéis a bhailiú
Faisnéis a chomhroinnt
Tuairisciú
|
Sonraí
Réiteach digiteach
|
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal I: Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Fógra a thabhairt do na húdaráis rialála náisiúnta uile agus d’údaráis inniúla eile
-Tuairisciú buiséid ó údaráis rialála náisiúnta
-Tuarascáil intuigthe a eascraíonn as rialú buiséid
|
Ballstáit
An Coimisiún Eorpach
Údaráis rialála náisiúnta
|
Faisnéis a fhoilsiú
Fógra
Tuairisciú
|
Sonraí
|
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal II: Cúraimí agus eagar BEREC
|
Sonraí agus sreafaí sonraí a bhaineann le cúraimí agus eagar BEREC
|
BEREC, OLD, Údaráis rialála náisiúnta, an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, agus páirtithe leasmhara eile
|
Faisnéis a fhoilsiú
Maoirseacht
|
Sonraí
|
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal IV: Forálacha coiteanna agus comhar idir BEREC agus CBSR
|
Sonraí agus sreafaí sonraí
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le forálacha coiteanna agus comhar idir BEREC agus CBSR, lena n‑áirítear cláir oibre dhébhliantúla agus fógraí, agus tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí.
|
BEREC
Bord CBSR
Parlaimint na hEorpa
An Chomhairle
An Coimisiún
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
|
Tuarascáil a chur isteach
|
Sonraí
|
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil I: Cúraimí agus eagar OLD
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le cúraimí agus eagar OLD
|
OLD
ENISA
BEREC
CBSR
An Coimisiún
Parlaimint na hEorpa
An Chomhairle
An Chúirt Iniúchóirí
|
Tuarascálacha a chur isteach
Doiciméid agus tuarascálacha a fhorbairt
|
Sonraí
|
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil II: Buiséad agus clársceidealú OLD
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le buiséad agus clársceidealú OLD
|
OLD, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Chúirt Iniúchóirí
|
Faisnéis a chur isteach
Faisnéis a fhoilsiú
|
Sonraí
|
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil III: Forálacha ginearálta
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le forálacha ginearálta OLD, lena n‑áirítear comhar le BEREC agus CBSR
Réitigh dhigiteacha:
-Réitigh dhigiteacha chun córas faisnéise agus cumarsáide a chruthú de bhun Airteagal 174
|
OLD, BEREC, CBSR, an Coimisiún, údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla, na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle
|
Faisnéis a mhalartú
Dearbhuithe a chur isteach
Tuairisciú
|
Sonraí
Réitigh Dhigiteacha
|
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL I: Faisnéis, suirbhéanna agus an sásra comhairliúcháin a sholáthar
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le soláthar faisnéise, suirbhéanna agus sásraí comhairliúcháin
|
Gnóthais a sholáthraíonn líonraí/seirbhísí cumarsáide leictreonaí, údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile, BEREC, CBSR, an Coimisiún, údaráis na mBallstát, údaráis phoiblí, pointí faisnéise aonair, úsáideoirí deiridh, tomhaltóirí, monaróirí
|
Faisnéis a chur isteach
Faisnéis a mhalartú
|
Sonraí
|
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL II: Nósanna imeachta um chomhchuibhiú
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le gníomhaíochtaí caighdeánúcháin
|
Coimisiún an Aontais Eorpaigh, údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile, BEREC, CBSR, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, an pobal
|
Caighdeáin foilsitheoireachta
Faisnéis a chur isteach
|
Sonraí
|
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL III: Réiteach díospóide
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann le réiteach díospóidí
|
Údaráis rialála náisiúnta
BEREC
|
Cur ar fáil go poiblí
Fógraí a sheoladh
|
Sonraí
|
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL IV: Comhar san éiceachóras
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise a bhaineann leis an gcomhar san éiceachóras
|
BEREC, OLD, an Coimisiún, údaráis rialála náisiúnta, soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí, gnóthais atá gníomhach i gcumarsáid leictreonach nó in earnálacha dlúthbhainteacha, páirtithe leasmhara
|
Faisnéis a fhoilsiú
Faisnéis a chur isteach
|
Sonraí
|
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL VI: Forálacha críochnaitheacha
|
Sonraí agus sreafaí sonraí:
-Sreafaí faisnéise ginearálta
|
An Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, na Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta, an Coiste Cumarsáide, an Coiste um an Speictream Raidió, BEREC, CBSR, OLD, gnóthais, saineolaithe, páirtithe leasmhara
|
Fógraí a sheoladh
Faisnéis a fhoilsiú
|
Sonraí
|
4.2.Sonraí
Tuairisc ardleibhéil ar na sonraí atá faoin raon feidhme
|
Cineál sonraí
|
Tagairt do na ceanglais
|
Caighdeán agus/nó sonraíocht (más infheidhme)
|
Tuairisc ar shreabhadh sonraí
|
|
‘Plean Ullmhachta an Aontais do Bhonneagair Dhigiteacha’ agus faisnéis a úsáidtear chun an Plean sin a ullmhú
|
Cuid II – Ullmhacht agus Athléimneacht
|
Soláthraítear tuairisc sa téacs dlíthiúil ar an méid ba cheart a chuimsiú sa Phlean.
Foilseoidh BEREC teimpléad coiteann a úsáidfidh údaráis rialála náisiúnta chun an fhaisnéis a chuirfear sa Phlean a bhailiú.
|
Soláthróidh údaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis riachtanach do OLD maidir le hailtireacht, acmhainneacht, cumais agus úsáid na líonraí cumarsáide leictreonaí ar bhonn débhliantúil.
Sreafaí sonraí is intuigthe as comhar OLD, an Choimisiúin Eorpaigh, agus an Ghrúpa Comhair arna bhunú de bhun Airteagal 14 de Threoir (AE) 2022/2555, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), agus na n‑údarás ábhartha Eorpach comhordúcháin freagartha i gcás géarchéime agus cosanta sibhialta agus an Plean á ullmhú.
Sreafaí sonraí is intuigthe agus an Plean á chur ar fáil.
Arna iarraidh sin, comhroinnfidh OLD leis an gCoimisiún mionsonraí na hanailíse a úsáideadh chun an Plean a ullmhú.
A luaithe a bheidh sé ar fáil, foilseoidh BEREC an teimpléad coiteann chun faisnéis a bhailiú ó údaráis rialála náisiúnta.
|
|
Faisnéis chun feasacht staide chomhroinnte agus comhleanúnachas sa fhreagairt i gcás géarchéime a áirithiú
|
Cuid II – Ullmhacht agus Athléimneacht
|
//
|
I gcás ina mbeidh baint ag suaitheadh, géarchéim nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine le teagmhas cibearshlándála ar mórscála nó i gcás ina dtarlóidh suaitheadh, géarchéim nó force majeure nádúrtha nó de dhéantús an duine i gcomhthráth le teagmhas den sórt sin, soláthróidh BEREC an fhaisnéis ábhartha don Líonra Eorpach um Eagrú an Idirchaidrimh maidir le Cibearghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) agus don Choimisiún.
|
|
Sonraí i gcomhthéacs údarú don mhargadh agus an Nós imeachta um an bPas Aonair
|
Cuid III – Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
//
Cuirfear an intinn líonraí nó seirbhísí a sholáthar in iúl i gcomhréir le teimpléad um fhógra a thabhairt arb é BEREC a chuirfidh ar fáil é.
Tuairisc, má sholáthraítear í, ar an bhfaisnéis atá le cuimsiú i ndeimhniú an údaraithe.
|
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon teorainn a fhorchuirtear leis an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar.
Soláthraí a bhfuil sé beartaithe aige líonraí nó seirbhísí a sholáthar i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, cuirfidh sé fógra faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta de cheann amháin na Ballstáit sin faoin nós imeachta um an bpas aonair.
An fógra a fhaightear, tarchuirfidh na húdaráis inniúla dá dtugtar fógra é chuig OLD.
I gcás ina mbaineann an fógra le roinnt Ballstát, tarchuirfidh OLD é mar fhaisnéis chuig údaráis inniúla na mBallstát eile a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí oibriú iontu.
I gcás ina mbaineann an fógra le hintinn soláthraí, atá ag oibriú cheana féin i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, a chuid oibríochtaí a leathnú chuig Ballstáit bhreise, tarchuirfidh OLD an fógra sin mar fhaisnéis chuig údaráis inniúla na mBallstát uile lena mbaineann.
Deimhneoidh an t‑údarás dá dtugtar fógra an t‑údarú don soláthraí chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar.
An fhaisnéis i mbunachar sonraí an Aontais atá ar fáil go poiblí faoi na fógraí uile a fhaightear, tabharfaidh na húdaráis dá dtugtar fógra í cothrom le dáta gach 2 mhí ar a laghad.
|
|
Treoirlínte maidir le córas an údaraithe ghinearálta agus sonraí i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh
|
Cuid III – Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
//
|
Foilseoidh BEREC treoirlínte maidir le córas an údaraithe ghinearálta, á áirithiú go mbeidh rochtain ag soláthraithe ar an bhfaisnéis ábhartha trí leathanach gréasáin OLD.
Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair náisiúnta.
Coinneoidh an pointe teagmhála aonair náisiúnta faisnéis cothrom le dáta faoin reachtaíocht agus faoi na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le soláthar líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
Sreafaí sonraí intuigthe a bhaineann le cúnamh frithpháirteach idir údaráis ábhartha na mBallstát éagsúil.
|
|
Faisnéis maidir le costais agus muirir riaracháin
|
Cuid III – Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
//
|
I gcás ina bhforchuirfear muirir riaracháin, foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile forléargas bliantúil ar a gcostais riaracháin agus ar shuim iomlán na muirear a bailíodh.
|
|
Faisnéis maidir le pleanáil agus bainistiú straitéiseach an speictrim raidió (lena n‑áirítear chun aghaidh a thabhairt ar thrasnaíocht dhíobhálach)
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil I, Prionsabail agus cuspóirí
|
//
|
Ní mór do na húdaráis inniúla an Coimisiún agus údaráis inniúla ábhartha eile a chur ar an eolas faoi chinneadh chun cead a thabhairt go mbainfear úsáid mhalartach as an mbanda speictrim raidió arna chomhchuibhiú de bhun Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a cheadú.
Féadfaidh sealbhóirí ceart úsáide speictrim iarraidh ar CBSR saincheisteanna a bhaineann le comhordú trasteorann nó trasnaíocht dhíobhálach trasteorann a réiteach.
Féadfaidh CBSR tuairim a eisiúint lena moltar réiteach comhordaithe (agus eiseoidh sé tuairim den sórt sin má iarrann sealbhóir thuasluaite na gceart úsáide speictrim é sin).
I gcás nach réiteofar saincheisteanna trasteorann laistigh de thréimhse ar leith, féadfaidh údaráis inniúla ó aon Bhallstát dá ndéantar difear nó sealbhóirí cirt úsáide speictrim iarraidh ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh.
|
|
Straitéis agus Treochláir an Aontais maidir le Speictream
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil II, Leithdháileadh
|
//
Ceanglais achoimre maidir le hinneachar le haghaidh na dtreochlár náisiúnta um speictream.
|
Soláthróidh an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais um an speictream.
Laistigh de 9 mí ó bhunú na dtreochlár de chuid an Aontais um an speictream, cuirfidh na húdaráis inniúla a dtreochlár náisiúnta um speictream faoi bhráid an Choimisiúin agus CBSR.
Foilseoidh na húdaráis inniúla na treochláir náisiúnta um speictream agus tabharfaidh siad cothrom le dáta go tráthrialta iad.
Tuairisceoidh na húdaráis inniúla go tráthrialta don Choimisiún agus do CBSR maidir le cur chun feidhme a dtreochlár náisiúnta um speictream.
|
|
Iarrataí ar athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna ina gcuirtear síneadh le spriocdháta chun úsáid mhalartach a cheadú ar bhonn eisceachtúil (i gcás inar comhchuibhíodh úsáid speictrim raidió le bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE)
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil II, Leithdháileadh
|
//
|
Féadfaidh úsáideoir speictrim ionchasach nó an Coimisiún iarrataí den sórt sin ar athbhreithniú a eisiúint chuig an údarás inniúil lena mbaineann.
|
|
Iarrataí ar an speictream raidió a chomhchuibhiú
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil II, Leithdháileadh
|
//
|
Féadfaidh aon pháirtí leasmhar iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun cuimhneamh ar na coinníollacha a chomhchuibhiú maidir le hinfhaighteacht agus/nó úsáid éifeachtúil banda minicíochta ar leith.
Ar dó iarraidh den sórt sin a fháil, eagróidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí agus cuirfidh sé an iarraidh sin faoi bhráid CBSR le haghaidh tuarascála nó tuairime ina leith, agus/nó faoi bhráid an Choiste um an Speictream Raidió (a fhéadfaidh tuairim a ghlacadh ina leith freisin).
Tarchuirfidh an Coimisiún freagairt réasúnach chuig tionscnóir na hiarrata (laistigh de sprioc-am réasúnta, agus 6 mhí ón iarraidh a fháil ab fhearr).
Foilseoidh an Coimisiún an iarraidh agus an fhreagairt.
|
|
Faisnéis maidir le cearta úsáide aonair
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
//
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na coinníollacha a bheidh le gabháil le cearta úsáide aonair sula bhforchuirfear iad. Ar an gcaoi chéanna, maidir le critéir chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht.
Baileoidh CBSR dea-chleachtais maidir leis an rogha idir údaruithe ginearálta agus cearta aonair.
|
|
Sonraí i ndáil le coinníollacha údarúcháin coiteanna maidir le húsáid speictrim raidió
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
//
|
Féadfaidh úsáideoirí ionchasacha speictrim raidió in dhá Bhallstát nó i roinnt Ballstát (nó an Coimisiún) iarraidh ar údaráis inniúla ón mBallstát lena mbaineann coinníollacha údarúcháin coiteanna a bhunú go comhpháirteach laistigh de CBSR.
Cuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.
Sreafaí sonraí intuigthe dá lorgódh an Coimisiún cúnamh ó CBSR, OLD, ón gCoiste Cumarsáide nó ó shaineolaithe seachtracha chun an próiseas údaraithe a dhéanamh.
|
|
Sonraí eile maidir le cearta aonair
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
//
|
Iarrataí ó shealbhóirí ceart aonair ar a n‑athnuachan.
Cuirfidh sealbhóir na gceart úsáide a intinn cearta úsáide a aistriú nó a léasú in iúl don údarás inniúil. Cuirfidh an t‑údarás inniúil sin an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
Aon tríú páirtí a mbeidh leas aige i gcuid den speictream a úsáid i gcríoch nó i dtréimhse shonrach, beidh sé de cheart aige a leas a chur in iúl don údarás inniúil.
|
|
Sonraí don bhunachar sonraí dinimiciúil chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bandaí speictrim a chumhdaítear leis an mbunachar sonraí a shainiú agus socruithe praiticiúla agus formáidí aonfhoirmeacha a fhorbairt maidir le bailiú agus soláthar na sonraí ag na húdaráis inniúla náisiúnta don Choimisiún.
|
Beidh faisnéis sa bhunachar sonraí atá cothrom le dáta, a bhailíonn agus a sholáthraíonn na Ballstáit.
|
|
Sonraí a úsáidtear i gcomhthéacs an nós imeachta um an Margadh Aonair do Speictream
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
Ceanglais íosta maidir le hinneachar.
|
Nuair a bheidh sé beartaithe ag údaráis inniúla nós imeachta roghnúcháin a ghabháil de láimh (nó cearta áirithe a leasú nó a athnuachan), foilseoidh siad a ndréachtbheart críochnaitheach agus cuirfidh siad in iúl é don Choimisiún, do CBSR, do BEREC agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile.
Féadfaidh údaráis inniúla, CBSR, BEREC agus an Coimisiún barúil a thabhairt faoin dréachtbheart, laistigh de thréimhse 30 lá oibre.
Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta ar an eolas faoina fhorchoimeádais agus cuirfidh siad na forchoimeádais ar fáil don phobal an tráth céanna.
Laistigh de 30 lá oibre ón bhfógra maidir le forchoimeádais an Choimisiúin a fháil, eiseoidh CBSR agus BEREC a dtuairimí maidir leis an bhfógra ón gCoimisiún.
Laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra maidir lena fhorchoimeádais a thabhairt, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh.
Laistigh de 6 mhí ó dháta chinneadh an Choimisiúin, tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra faoi dhréachtbheart nua do CBSR, do BEREC agus don Choimisiún.
Coinneoidh OLD taifead ar imeachtaí Mhargadh Aonair an Aontais do Speictream Raidió.
|
|
Sonraí i gcomhthéacs chomhdú agus chomhordú na gcóras satailíte leis an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (ITU)
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal II, Speictream a Úsáid trí Shatailít
|
//
|
Cuirfidh údarás inniúil speictrim an Coimisiún agus údaráis inniúla eile laistigh de CBSR ar an eolas faoi aon iarraidh ar chóras satailíte a chomhdú, a chomhordú nó a chlárú le ITU, ar córas satailíte é lena mbeartaítear níos mó ná Ballstát amháin nó stáisiún talún amháin a chumhdach.
-Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún barúil a thabhairt ar an iarraidh.
Ar dó iarraidh a fháil ar mhinicíochtaí nó ar shuíomh fithiseach do chóras satailíte nó do stáisiún satailíte talún a chomhordú faoi rialacha ITU, cuirfidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann an Coimisiún agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas trí CBSR.
-Sreafaí sonraí intuigthe i ról comhordúcháin CBSR i gcás ina bhfaigheann dhá údarás inniúla nó níos mó iarrataí a bhaineann leis an mbanda minicíochta céanna nó leis an suíomh fithiseach céanna.
Agus iarraidh roimh an údarás inniúil lena mbaineann ar úsáid an speictrim a chomhordú idir feidhmeanna trastíre agus spáis faoi rialacha ITU i ndáil le speictream raidió a comhchuibhíodh de bhun Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, cuirfidh an t‑údarás inniúil sin an iarraidh sin in iúl don Choimisiún lena tarchur láithreach chuig comhaltaí an Choiste um an Speictream Raidió.
|
|
Sonraí a bhaineann le húdaruithe ar leibhéal an Aontais maidir le húsáid speictrim satailíte
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal II, Speictream a Úsáid trí Shatailít
|
//
|
Cuirfidh soláthraithe fógra faoi bhráid an Choimisiúin.
Sreafaí sonraí intuigthe i mBallstáit atá faoi réir údarú Aontais, arna dheonú ag an gCoimisiún.
Féadfaidh údaráis inniúla nó iarratasóirí iarraidh go gcuimhneoidh an Coimisiún ar theorainn a chur leis an líon údaruithe Aontais i mbanda speictrim raidió ar leith. Sa chás sin, tabharfaidh an Coimisiún deis do pháirtithe leasmhara a ndearcthaí a chur in iúl i gcomhairliúchán poiblí.
Cuirfidh aon ghnóthas iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ar iarratas é ar údarú Aontais chun speictream raidió a úsáid chun seirbhísí cumarsáide satailíte agus líonraí satailíte a sholáthar.
-Foilseoidh an Coimisiún iarratais den sórt sin nuair a gheobhaidh sé iad.
-Cuirfidh CBSR tuairim faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá oibre.
|
|
Sonraí i gcomhthéacs maoirseachta agus leigheasanna (lena n‑áirítear trasnaíochtaí satailíte a réiteach)
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal II, Speictream a Úsáid trí Shatailít
|
//
|
Sreafaí sonraí intuigthe i gcomhthéacs scrúdú ón gCoimisiún (le cúnamh ó CBSR) ar sháruithe líomhnaithe ar choinníollacha a ghabhann le húdarú Aontais nó ar fhorálacha dlíthiúla.
-I gcás inarb é tuairim údaráis inniúil go bhfuil sealbhóir údaraithe Aontais ag mainneachtain coinníollacha a chomhlíonadh, tarraingeoidh sé aird an Choimisiúin agus CBSR air.
-I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha á gcomhlíonadh ag sealbhóir údaraithe Aontais, cuirfidh sé an t‑oibreoir sin ar an eolas faoina thorthaí.
-Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.
I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil cur i bhfeidhm aon bhirt arna chinneadh ag an gCoimisiún a chur siar, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas roimh ré.
I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil bearta eatramhacha, ar a thionscnamh féin, chun trasnaíochtaí díobhálacha ar a chríoch a sheachaint, cuirfidh sé an Coimisiún agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas.
-Os a choinne sin, féadfaidh an Coimisiún iarraidh go nglacfaí bearta eatramhacha den sórt sin freisin.
|
|
Sonraí i gcomhthéacs acmhainní uimhriúcháin a phleanáil agus a bhainistiú go straitéiseach
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
//
|
Sreafaí sonraí intuigthe sa chomhar idir an Coimisiún, OLD agus údaráis rialála náisiúnta chun acmhainní uimhriúcháin san Aontas a phleanáil go straitéiseach agus chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as acmhainní uimhriúcháin le haghaidh seirbhísí trasteorann nó uile-Eorpacha a shainaithint.
|
|
Sonraí a bhaineann le hacmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
//
6 mhí tar éis plean uimhriúcháin an Aontais a ghlacadh, cuirfidh OLD an nós imeachta agus an córas ar bun chun faisnéis a sholáthar.
|
Sreabhadh sonraí intuigthe arna sholáthar le comhar na n‑údarás rialála náisiúnta le OLD i leithdháileadh uimhreacha nó uimhreacha atá i raon le haghaidh acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha.
Soláthróidh údaráis náisiúnta rialála go tráthúil faoi leithdháileadh na n‑uimhreacha agus faoi thairbhithe na n‑uimhreacha (sonraí is gá a chur sa bhunachar sonraí arna bhunú ag OLD de na hacmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha).
|
|
Sonraí a bhaineann le hacmhainní uimhriúcháin náisiúnta
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
//
|
Féadfaidh gnóthais seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí iarraidh go ndeonóidh údaráis rialála náisiúnta cearta úsáide d’acmhainní uimhriúcháin ó na pleananna uimhriúcháin náisiúnta chun seirbhísí sonracha a sholáthar dóibh.
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta cúnamh a iarraidh ar OLD chun a ngníomhaíochtaí a chomhordú chun a áirithiú go mbainisteofar acmhainní uimhriúcháin go héifeachtúil.
Tarchuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile na sonraí go tréimhsiúil chuig OLD lena bhfuil gá don bhunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhriúcháin lena mbaineann ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontas.
Foilseoidh údaráis rialála náisiúnta na pleananna uimhriúcháin náisiúnta, mar aon leis an ábhar breise uile a chuirfear leo nó na leasuithe uile a dhéanfar orthu dá éis sin.
Gach 2 bhliain, cuirfidh BEREC tuarascáil i láthair ar na cleachtais náisiúnta maidir le deonú na gceart úsáide d’acmhainní uimhriúcháin náisiúnta agus uile-Eorpacha.
|
|
Sonraí i gcomhthéacs dheonú na gceart úsáide d’acmhainní uimhriúcháin
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
//
|
Féadfaidh gnóthais iarraidh go ndeonóidh údaráis rialála náisiúnta cearta úsáide aonair d’acmhainní uimhriúcháin.
Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta cinneadh maidir leis an iarratas réamhráite agus poibleoidh siad na cinntí sin.
Féadfaidh údarás rialála náisiúnta Ballstáit iarraidh, lena léirítear sárú ar rialacha ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí, nó sárú ar dhlíthe náisiúnta, a chur faoi bhráid údaráis rialála náisiúnta an Bhallstáit inar deonaíodh na cearta úsáide do na hacmhainní uimhriúcháin.
Sreafaí sonraí intuigthe agus é á chur de chúram ar OLD malartú na faisnéise idir údaráis rialála náisiúnta na mBallstát difriúil lena mbaineann a éascú agus a chomhordú agus comhordú iomchuí na hoibre eatarthu a áirithiú.
|
|
Faisnéis faoin múchadh copair agus sonraí maidir leis an aistriú a phleanáil
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal I, Aistriú chuig líonraí snáithín optúil
|
Déanfar limistéir MC a theorannú agus treoraíocht ón gCoimisiún atá le glacadh faoin 29 Feabhra 2028 á cur san áireamh.
Ceanglaítear de réir coinníollacha inbhuanaitheachta nach mór do líonraí snáithín optúil dul i ndlúthghaireacht do 95 % ar a laghad d’áitribh i limistéar MC.
Sonróidh údaráis rialála náisiúnta paraiméadair agus critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha chun measúnú a dhéanamh ar an dlúthghaireacht, ar iarracht réasúnta, ar chostas réasúnta agus ar inacmhainneacht.
|
Foilseoidh údaráis rialála náisiúnta an liosta de limistéir MC agus aon nuashonrú air, mar aon le liostaí de limistéir MC ina gcomhlíontar coinníollacha inbhuanaitheachta (le foilsiú faoin 30 Meitheamh 2029 agus gach 12 mhí ar a laghad ina dhiaidh sin ar feadh 5 bliana).
Ullmhóidh na Ballstáit plean um aistriú chuig snáithín optúil agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi faoin 31 Deireadh Fómhair 2029, ar plean é ina mbeidh faisnéis faoi chumhdach na líonra copair agus snáithín optúil, bearta maidir lena imscaradh, stádas limistéar MC, agus garspriocanna an ascnaimh, agus beidh fógra le tabhairt i leith plean nuashonraithe faoin 30 Meitheamh 2034 ina dtuairisceofar ar an dul chun cinn maidir lena chur chun feidhme.
Cuirfidh oibreoirí a bpleananna um an múchadh copair faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta laistigh de 6 mhí ón sainordú a ghlacadh, agus tuairisceoidh siad an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme ag eatraimh a chinnfidh an t‑údarás.
Cuirfear úsáideoirí deiridh sna limistéir dá ndéanfar difear ar an eolas faoin uainiú an mhúchta copair, faoi athruithe riachtanacha ar sheirbhís nó ar threalamh, agus faoi na seirbhísí malartacha atá ar fáil.
|
|
Nósanna imeachta rochtana agus idirnaisc, agus torthaí measúnaithe rialála
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal III, Idirnaisc
Caibidil II: Rialacha siméadracha maidir le rochtain
|
Ní mór a áirithiú le nósanna imeachta gur féidir le gnóthais, lena n‑áirítear FBManna agus soláthraithe a bhfuil raon geografach teoranta acu, tairbhiú d’oibleagáidí a fhorchuirtear.
Ní mór na hoibleagáidí agus na coinníollacha a bheith oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ní mór iad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 186 agus 85.
|
Soláthróidh údaráis rialála náisiúnta treoraíocht agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí na nósanna imeachta is infheidhme maidir le rochtain agus idirnascadh a fháil.
Na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile a d’fhorchuir oibleagáidí agus coinníollacha faoi Airteagal 69, déanfaidh siad measúnú ar thorthaí na n‑oibleagáidí agus na gcoinníollacha sin faoi cheann 5 bliana ón dáta a glacadh an beart roimhe sin agus tabharfaidh siad fógra faoi thoradh a measúnaithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 186 agus 85.
|
|
Sainithe margaidh, torthaí anailíse margaidh, bearta rialála, agus treoirdhoiciméid
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
Caibidil I – Anailís mhargaidh agus cumhacht shuntasach sa mhargadh
|
Sainaithneofar sa Mholadh margaí táirgí agus seirbhísí a shainítear i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.
I gcás anailís mhargaidh, ní mór nósanna imeachta in Airteagail 186 agus 85 a leanúint, ní mór an anailís a dhéanamh go tráthúil, agus í a thabhairt i gcrích laistigh de bhliain amháin. Margaí ina bhforchuirtear rialáil ex ante, déanfar athbhreithniú orthu gach 5 bliana chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na trí chritéar in Airteagal 72(1).
Beidh treoirlínte maidir leis an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh (CMS) i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí na hiomaíochta agus beidh treoraíocht iontu maidir le coincheap na cumhachta suntasaí sa mhargadh a chur i bhfeidhm maidir le rialáil ex ante ar mhargaí cumarsáide leictreonaí.
|
Glacfaidh an Coimisiún Moladh lena sainaithneofar margaí ábhartha táirgí agus seirbhísí tar éis comhairliúchán poiblí agus tuairim BEREC á cur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú air go tráthrialta gach 5 bliana.
Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta anailís mhargaidh agus tabharfaidh siad fógra faoi na dréachtbhearta rialála comhfhreagracha i gcomhréir le hAirteagal 85 laistigh de 5 bliana ón dáta a glacadh beart roimhe sin.
Déanfaidh BEREC anailís ar mhargaí trasnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún nó ó dhá údarás rialála náisiúnta ar a laghad, nó anailís ar éileamh trasnáisiúnta na n‑úsáideoirí deiridh ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún, ó dhá údarás rialála náisiúnta ar a laghad, nó ó rannpháirtithe sa mhargadh.
Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte CMS tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC.
|
|
Faisnéis maidir leis an gcóras cuntasaíochta costála agus sonraí maidir le comhlíontacht a fhíorú
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
Caibidil II: Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
|
Ní mór tuairisc ar an gcóras cuntasaíochta costála a chur ar fáil go poiblí ina léirítear ar a laghad na príomhchatagóirí faoina ndéantar costais a ghrúpáil agus na rialacha a úsáidtear chun costais a leithdháileadh. Ní mór do chomhlacht neamhspleách cáilithe an córas a fhíorú
|
Gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus atá faoi réir oibleagáidí cuntasaíochta costála, cuirfidh siad tuairisc ar a gcóras cuntasaíochta costála ar fáil go poiblí.
Fíoróidh comhlacht neamhspleách cáilithe comhlíonadh an chórais cuntasaíochta costála agus foilseoidh sé ráiteas maidir le comhlíonadh go bliantúil. I gcás ina mbeidh oibleagáid ar ghnóthas maidir le treoshuíomh dírithe ar chostas i ndáil le praghsanna, tabharfaidh sé údar iomlán lena phraghsanna don údarás rialála náisiúnta, lena n‑áirítear cruthúnas gurb as costais a thagann na muirir agus go gcuimsítear ráta réasúnach toraidh ar an infheistíocht iontu.
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta é a chur de cheangal ar ghnóthais praghsanna a choigeartú bunaithe ar an bhfaisnéis sin.
|
|
Faisnéis faoi ghealltanais arna dtairiscint ag oibreoirí a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
Caibidil II: Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
|
Beidh mionsonraí leordhóthanacha sna gealltanais maidir le raon feidhme, ré, uainiú agus módúlacht an chur chun feidhme chun go bhféadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh.
|
Féadfaidh gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu gealltanais a thairiscint d’údaráis rialála náisiúnta maidir le coinníollacha rochtana, comhinfheistíochta, nó maidir leis an dá rud.
Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta comhairliúchán poiblí (tástáil ar an margadh) i gcrích maidir leis na gealltanais arna dtairiscint le páirtithe leasmhara, go háirithe tríú páirtithe dá ndéantar difear go díreach. Féadfaidh comhinfheisteoirí nó cuardaitheoirí rochtana féideartha dearcthaí a sholáthar maidir le comhlíontacht agus athruithe a mholadh. Cuirfidh an t‑údarás rialála náisiúnta réamhchonclúidí in iúl don ghnóthas, agus féadfaidh an gnóthas athmheas a dhéanamh ar a thairiscint tosaigh.
A luaithe a bheidh gealltanais ceangailteach, cuirfidh an gnóthas an t‑údarás rialála náisiúnta ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar imthosca atá ábhartha do na gealltanais. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na ngealltanas ceangailteach agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar iad.
|
|
Dréachtbhearta rialála, barúlacha, tuairimí, cinntí, agus an beart críochnaitheach arna ghlacadh
|
Cuid V – Aistriú chuig snáithín optúil, feidhmiú margaí agus iomaíocht;
Teideal IV: Margaí agus iomaíocht
Caibidil III: Nósanna imeachta an mhargaidh inmheánaigh um rialáil mhargaidh
|
Ní mór dréachtbhearta a fhoilsiú agus a chur in iúl go comhuaineach don Choimisiún, do BEREC agus d’údaráis rialála náisiúnta i mBallstáit eile, agus na cúiseanna á lua i gcomhréir le hAirteagal 20(3).
Eiseoidh BEREC tuairim laistigh de 30 lá oibre ó thús na tréimhse 90 lá. Beidh bearta sealadacha faoi Airteagal 86 bailí ar feadh 12 mhí ar a mhéad.
|
Dréachtbhearta atá faoi raon feidhme Airteagal 69, Airteagal 72, agus Airteagail 73 go 84 agus a dhéanfadh difear don trádáil idir na Ballstáit, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta iad in iúl don Choimisiún, do BEREC agus d’údaráis rialála náisiúnta eile. Féadfaidh na heintitis sin barúil a thabhairt laistigh de 30 lá oibre.
I gcás ina léiríonn an Coimisiún go bhfuil amhrais thromchúiseacha ann nó bacainní tromchúiseacha ar an margadh inmheánach, eiseoidh BEREC tuairim laistigh de 30 lá oibre.
Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta na bearta críochnaitheacha uile arna nglacadh in iúl don Choimisiún agus do BEREC. I gcás bearta sealadacha, cuirfidh údaráis rialála náisiúnta iad in iúl don Choimisiún, d’údaráis rialála náisiúnta eile agus do BEREC gan mhoill.
Féadfaidh an Coimisiún moltaí nó treoirlínte a ghlacadh tar éis comhairliúchán poiblí, agus é dul i gcomhairle le húdaráis rialála náisiúnta, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC.
|
|
Faisnéis maidir le bainistiú na hacmhainneachta líonra, bearta bainistithe tráchta, paraiméadair i leith cáilíocht seirbhíse, sonraí comhlíontachta, agus torthaí forfheidhmiúcháin
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal II: Rochtain oscailte ar an idirlíon
|
Tuairisciú débhliantúil ag soláthraithe lena gcumhdaítear bainistiú líonra/tráchta agus réasúnuithe.
Teimpléad BEREC faoin [dáta glactha + 1 bhliain]. Sonrófar i dtreoirlínte BEREC paraiméadair i leith cáilíocht seirbhíse, modhanna tomhais, formáid faisnéise (Iarscríbhinn III), formáid foilsithe (Iarscríbhinn IV), agus sásraí deimhnithe cáilíochta, lena n‑áirítear paraiméadair d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas.
|
Cuireann soláthraithe faisnéis dhébhliantúil faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta maidir le hacmhainneacht líonra agus bainistiú tráchta. Comhroinneann údaráis rialála náisiúnta faisnéis le BEREC. Foilsíonn BEREC tuarascálacha débhliantúla maidir le cleachtais agus torthaí na n‑údarás rialála náisiúnta, teimpléad coiteann bailithe faisnéise, agus treoirlínte maidir le cur chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i gcomhar leis an gCoimisiún. Tugann údaráis rialála náisiúnta lánaird ar threoirlínte BEREC maidir le forfheidhmiú.
|
|
Faisnéis chonarthach, faisnéis trédhearcachta, sonraí feidhmíochta, fógraí faoi athruithe conarthacha, sonraí faireacháin ar thomhaltas
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal III: Cearta an úsáideora deiridh
Caibidil I: Cearta do Thomhaltóirí
|
Faisnéis a sholáthraítear ar bhealach soiléir sothuigthe ar mheán buanfasach nó i ndoiciméad ar furasta é a íoslódáil (Airteagal 96(2)).
Féadfaidh an Coimisiún teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC.
Faisnéis trédhearcachta a fhoilsítear ar bhealach soiléir, cuimsitheach, meaisín-inléite de réir Iarscríbhinn IV.
Formáid inrochtana de réir Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Faireachán ar fheidhmíocht de réir threoirlínte BEREC (Airteagal 95(3)).
|
Déanann soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí faisnéis chonarthach (Iarscríbhinn III) agus achoimre den chonradh a sholáthar do thomhaltóirí sula dtugtar an conradh i gcrích.
Foilsíonn soláthraithe faisnéis trédhearcachta (Iarscríbhinn IV) i bhformáid mheaisín-inléite.
Tairgeann soláthraithe saoráidí faireacháin tomhaltais lena ngabhann faisnéis thráthúil maidir le leibhéil úsáide chomh maith le fógraí sula sroichtear teorainneacha.
Tugann soláthraithe fógra do thomhaltóirí mí amháin ar a laghad roimh athruithe conarthacha ar mheán buanfasach.
Déantar faireachán ar shonraí feidhmíochta le haghaidh seirbhísí rochtana idirlín de réir threoirlínte BEREC agus deimhníonn údaráis rialála náisiúnta iad.
|
|
Faisnéis faoin bpróiseas malartaithe, sonraí faoin iniomparthacht uimhreacha, amlínte maidir le haistriú, sonraí leanúnachais seirbhíse, faisnéis faoi chúiteamh, taifid ar an toiliú
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal III: Cearta an úsáideora deiridh
Caibidil II: Cearta d’úsáideoirí deiridh
|
//
|
Soláthraithe faighte agus aistrithe seirbhísí rochtana idirlíon, soláthraíonn siad faisnéis d’úsáideoirí deiridh le linn an phróisis mhalartaithe.
Malartaíonn an dá sholáthraí sonraí chun leanúnachas agus gníomhachtú a áirithiú laistigh d’amlínte comhaontaithe.
Faigheann údaráis rialála náisiúnta faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus chun a áirithiú go gcuirtear úsáideoirí deiridh ar an eolas agus go gcosnaítear iad.
Cuireann BEREC treoirlínte ar fáil maidir le mionsonraí próisis agus cúiteamh tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i gcomhar leis an gCoimisiún.
Cuireann micrifhiontair úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi dhíolúintí sula dtugtar an conradh i gcrích.
|
|
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí calaoiseacha, sonraí cumarsáide éigeandála, sonraí faoi rabhaidh phoiblí, sonraí aitheantais glaoiteora, faisnéis ar mhaithe le leas an phobail, faisnéis inrochtaineachta d’úsáideoir deiridh faoi mhíchumas
|
Cuid VI – Seirbhísí
Teideal III: Cearta an úsáideora deiridh
Caibidil III: Saoráidí agus feidhmiúlachtaí d’úsáideoirí deiridh
|
Faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora de réir na gcritéar Eorpach comhchuibhithe (gníomh tarmligthe faoin [dáta glactha + 2 bhliain]). Faisnéis ar mhaithe le leas an phobail i bhformáid chaighdeánaithe. Aitheantas glaoiteora trí mhodhanna simplí saor in aisce a úsáid. Inrochtaineacht de réir Threoir (AE) 2019/882.
|
Bailíonn OLD faisnéis faoi chalaois ó údaráis náisiúnta, ó EUROPOL agus ó pháirtithe leasmhara. Eisíonn BEREC treoirlínte maidir le calaois a chosc tar éis dó dul i gcomhairle le ENISA.
Tuairiscíonn na Ballstáit uimhreacha PFSP E.164 do OLD ar mhaithe le bunachar sonraí a choinneáil ar bun faoi mhaoirseacht BEREC.
Dáileann soláthraithe faisnéis ar mhaithe le leas an phobail ó údaráis phoiblí ar úsáideoirí deiridh. Áirithíonn soláthraithe go dtarchuirtear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora chuig PFSPanna gan mhoill le linn cumarsáid éigeandála.
Tarchuireann soláthraithe rabhaidh phoiblí chuig úsáideoirí deiridh i limistéir gheografacha dá ndéantar difear. Cuireann soláthraithe sásraí chun feidhme chun aitheantas glaoiteora a léiriú, mar aon le sásraí srianta de réir iarrataí ó úsáideoirí deiridh.
|
|
Ainmneacha na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil eile agus a gcúraimí féin, fógra a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis inniúla eile agus a bhfreagrachtaí, tuarascálacha bliantúla ó údaráis rialála náisiúnta, buiséid bhliantúla na n‑údarás rialála náisiúnta
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal I: Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile
|
Foilsiú i bhfoirm shorochtana. Tuairisciú bliantúil. Feidhmítear an rialú buiséid ar bhealach trédhearcach agus beidh sé ar fáil go poiblí.
|
Foilsíonn na Ballstáit ainmneacha na n‑údarás rialála náisiúnta agus na n‑údarás inniúil eile agus a gcúraimí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis uile ar sannadh cúraimí dóibh faoin Rialachán seo agus faoina bhfreagrachtaí, lena n‑áirítear aon athrú. Tuairiscíonn údaráis rialála náisiúnta go bliantúil ar staid an mhargaidh, cinntí, leithdháileadh na n‑acmhainní, agus pleananna amach anseo. Foilsítear buiséid bhliantúla na n‑údarás rialála náisiúnta. Feidhmítear an rialú buiséid ar bhealach trédhearcach agus beidh sé ar fáil go poiblí.
|
|
Cúraimí rialála BEREC (liosta poiblí), tuairimí, treoirlínte, tuarascálacha, moltaí, comhsheasaimh, dea-chleachtais, staidéir choimisiúnaithe, Torthaí comhairliúcháin phoiblí, Sonraí arna mbailiú ag údaráis rialála náisiúnta, clár oibre débhliantúil, tuarascáil dhébhliantúil ar ghníomhaíochtaí, Comhaltaí an Bhoird Rialálaithe agus comhaltaí malartacha, rialacha nós imeachta, socruithe oibre le comhlachtaí/údaráis inniúla
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal II: Cúraimí agus eagar BEREC
|
Formáid oscailte, in-athúsáidte, mheaisín-inléite. Foilseacháin ar shuíomh gréasáin BEREC agus ar Thairseach Dhigiteach an Aontais.
|
Foilsíonn BEREC liosta de chúraimí rialála agus nuashonruithe nuair a shanntar cúraimí nua. Foilsíonn BEREC tuairimí críochnaitheacha, treoirlínte, tuarascálacha, moltaí, comhsheasaimh, dea-chleachtais, staidéir choimisiúnaithe, agus dréachtdoiciméid le haghaidh comhairliúchán poiblí. Cuirtear torthaí comhairliúcháin phoiblí ar fáil go poiblí. Déanann BEREC maoirseacht ar OLD maidir le bunachair sonraí fógraí a bhunú agus a choinneáil ar bun, acmhainní uimhriúcháin, PFSPanna, seirbhísí breisluacha, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála. Foilsítear sonraí a bhailíonn údaráis rialála náisiúnta i bhformáid oscailte mheaisín-inléite ar shuíomh gréasáin BEREC/Tairseach Dhigiteach an Aontais. Beidh liosta de chomhaltaí an Bhoird agus de chomhaltaí malartacha agus na dearbhuithe maidir le leasanna ar fáil go poiblí. Glacann agus foilsíonn BEREC clár oibre débhliantúil, tuarascáil dhébhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus rialacha nós imeachta.
|
|
Clár oibre débhliantúil CBSR agus tuarascáil dhébhliantúil ar ghníomhaíochtaí CBSR, agus malartuithe faisnéise idir BEREC agus CBSR
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal IV: Forálacha coiteanna agus comhar idir BEREC agus CBSR
|
//
|
Tarchuirfidh Bord CBSR a chlár oibre débhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus tarchuirfidh sé a thuarascáil dhébhliantúil ar ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Áiritheoidh BEREC agus CBSR go malartófar faisnéis agus saineolas go tráthrialta maidir le hábhair lena mbaineann ábharthacht fhrithpháirteach.
|
|
Buiséad bliantúil OLD, agus tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí
Tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn i dtreo an mhargaidh aonair do chumarsáid leictreonach
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil I: Cúraimí agus eagar OLD
|
//
|
Ullmhaíonn an Stiúrthóir an dréacht-tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí OLD chun go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta measúnú uirthi agus í a ghlacadh. Cuireann an Bord Bainistíochta an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí agus a mheasúnú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain.
Foilseoidh OLD, i gcomhar le ENISA, tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn i dtreo an mhargaidh aonair do chumarsáid leictreonach. Cuirfear dréacht-tuarascáil faoi bhráid BEREC agus CBSR lena formheas sula bhfoilseofar í.
|
|
Doiciméad clársceidealaithe aonair OLD, chomh maith lena bhuiséad bliantúil, tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, agus cuntais airgeadais
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil II: Buiséad agus clársceidealú OLD
|
//
|
Cuireann OLD an dréacht ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil, glacann OLD an doiciméad clársceidealaithe aonair críochnaitheach agus an buiséad.
Cuireann OLD cuntais shealadacha faoi bhráid Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 1 Márta. Cuireann an Stiúrthóir na cuntais chríochnaitheacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 1 Iúil, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí.
|
|
Malartú faisnéise, rochtain ar dhoiciméid, dearbhuithe maidir le leasanna, gníomhaíochtaí cumarsáide agus meastóireachtaí
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil III: Forálacha ginearálta
|
Teimpléid choiteanna
|
Malartaíonn an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta faisnéis le BEREC, CBSR agus OLD ar iarraidh réasúnaithe a fháil, agus úsáid á baint as formáidí tuairiscithe coiteanna i gcás inar féidir. Bainistíonn OLD córas faisnéise agus cumarsáide lena gcumasaítear an malartú sin.
Cuireann comhaltaí an Bhoird, an Stiúrthóir agus an fhoireann dearbhuithe maidir le leasanna isteach, a fhoilsítear do chomhaltaí an Bhoird agus don Stiúrthóir. Soláthraíonn BEREC, CBSR agus OLD faisnéis don phobal maidir lena ngníomhaíochtaí agus lena dtorthaí.
Déanann an Coimisiún meastóireachtaí 5 bliana ar BEREC, CBSR agus OLD, agus tuairiscíonn sé torthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Bhord Bainistíochta agus don phobal. Féadfaidh saoránaigh agus daoine dlítheanacha rochtain ar dhoiciméid atá i seilbh BEREC, CBSR agus OLD a iarraidh.
|
|
Soláthar faisnéise, suirbhéanna geografacha, agus sásraí comhairliúcháin, torthaí suirbhéanna
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL I: Faisnéis, suirbhéanna agus an sásra comhairliúcháin a sholáthar
|
Treoirlínte BEREC, formáidí agus teimpléid tuairiscithe choiteanna
|
Gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, soláthraíonn siad faisnéis d’údaráis rialála náisiúnta, d’údaráis inniúla eile, do BEREC agus do CBSR arna iarraidh sin dóibh. Malartaíonn údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile an fhaisnéis sin leis an gCoimisiún, le BEREC, le CBSR agus le húdaráis i mBallstáit eile ar iarraidh réasúnaithe a fháil.
Déanann údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile suirbhéanna geografacha ar imscaradh na líonraí leathanbhanda, ag bailiú sonraí maidir le raon na líonraí atá ann faoi láthair agus réamhaisnéisí todhchaíocha ó ghnóthais agus ó údaráis phoiblí. Comhroinntear torthaí na suirbhéanna sin le húdaráis eile, idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, le BEREC agus leis an gCoimisiún.
Foilsíonn údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile dréachtbhearta le haghaidh comhairliúchán poiblí, agus cuireann siad na torthaí ar fáil go poiblí. Téann údaráis i gcomhairle le húsáideoirí deiridh, tomhaltóirí, monaróirí agus gnóthais maidir le saincheisteanna a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
|
|
Gníomhaíochtaí caighdeánúcháin agus bearta maidir le comhchuibhiú
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL II: Nósanna imeachta um chomhchuibhiú
|
caighdeáin Eorpacha; caighdeáin idirnáisiúnta (ITU, CEPT, ISO, IEC)
|
Foilsíonn an Coimisiún liostaí de chaighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla neamhéigeantacha san Iris Oifigiúil. Cuireann na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile an Coimisiún ar an eolas nuair a roghnaíonn siad gan moltaí an Choimisiúin a leanúint, agus tugann siad cúiseanna lena seasamh.
Soláthraíonn BEREC tuairimí don Choimisiún maidir le hábhair a bhaineann le comhchuibhiú agus féadfaidh sé comhairle a thabhairt maidir le na bearta atá beartaithe. Cuireann an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas nuair nach nglacann sé moltaí nó cinntí, agus poiblíonn sé na cúiseanna leo.
|
|
Nósanna imeachta agus cinntí maidir le réiteach díospóidí
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL III: Réiteach díospóide
|
//
|
Eisíonn údaráis rialála náisiúnta cinntí ceangailteacha chun díospóidí idir gnóthais a réiteach laistigh de 4 mhí, agus cuireann cinntí ar fáil go poiblí. I ndíospóidí trasteorann, tugann údaráis rialála náisiúnta fógra do BEREC, a eisíonn tuairimí lena n‑iarrtar gníomhaíochtaí sonracha.
|
|
Treoraíocht agus idir-réiteach maidir le comhar san éiceachóras
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL IV: Comhar san éiceachóras
|
Treoirlínte BEREC maidir le comhar san éiceachóras
|
Foilsíonn BEREC treoirlínte chun comhar a éascú idir soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus gnóthais in earnálacha dlúthbhainteacha. Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta BEREC ar an eolas laistigh de sheachtain amháin faoi iarrataí ar idir-réiteach deonacha agus tionólfaidh siad cruinnithe idir-réitigh. Eisíonn BEREC tuairimí laistigh de 2 mhí maidir le heilimintí an cháis agus roghanna i leith comhair.
Soláthraíonn údaráis rialála náisiúnta cuntais i scríbhinn ar chruinnithe laistigh de mhí amháin, agus lánaird á tabhairt acu ar thuairimí BEREC. Foilsíonn BEREC tuarascáil ar éifeachtaí an chomhair san éiceachóras. Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an chomhair san éiceachóras bunaithe ar thuarascáil BEREC.
|
|
Nósanna imeachta riaracháin, fógraí agus tuairisciú
|
CUID VIII: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha
TEIDEAL VI: Forálacha críochnaitheacha
|
//
|
Tugann an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi ghníomhartha tarmligthe. Foilsíonn na Ballstáit fógraí maidir le cur chun feidhme in irisí oifigiúla náisiúnta agus cuireann siad cóipeanna faoi bhráid an Choimisiúin, a dháileann faisnéis ar an gCoiste Cumarsáide. Foilsíonn na Ballstáit faisnéis maidir le cearta, údaruithe agus oibleagáidí, agus soláthraíonn siad an fhaisnéis sin don Choimisiún chun go mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi. Tugann údaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún maidir le gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus ar forchuireadh oibleagáidí orthu. Soláthraíonn na Ballstáit faisnéis a iarrtar don Choimisiún chun críoch athbhreithnithe. Foilsíonn BEREC tuarascálacha ar chur chun feidhme na n‑údaruithe ginearálta gach 3 bliana. Déanann an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin gach 5 bliana agus tuairiscíonn sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
|
Ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí
Tá an tionscnamh reachtach seo i gcomhréir leis an úsáid a bhaineann údaráis rialtais as sonraí atá i seilbh phríobháideach (idir gnólachtaí agus rialtais – B2G) chun a áirithiú go gceapfar beartais agus go ndéanfar cinntí bunaithe ar fhianaise.
Ailíniú le prionsabal na haonuaire
Urramaítear ‘prionsabal na haonuaire’ sa chás seo chun an t‑ualach riaracháin ar chuideachtaí atá ag feidhmiú sa Mhargadh Aonair a íoslaghdú. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar faisnéis rúnda gnó.
4.3.Réitigh dhigiteacha
Tuairisc ardleibhéil ar réitigh dhigiteacha
|
Réiteach digiteach
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Na príomhfheidhmiúlachtaí sainordaithe
|
An comhlacht atá freagrach
|
Conas a dhéantar freastal ar an inrochtaineacht?
|
Conas a chuirtear an ath-inúsáidteacht san áireamh?
|
Úsáid teicneolaíochtaí IS (más infheidhme)
|
|
Bunachar Sonraí Fógraí an Aontais
|
Cuid III – Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
Bunachar sonraí de chuid an Aontais atá ar fáil go poiblí agus ina bhfuil na fógraí a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta chun an córas um an bpas aonair a chur chun feidhme.
|
OLD
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
|
Bunachar Sonraí Dinimiciúil Speictrim
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream – Caibidil III, Sannacháin
|
Bunachar sonraí dinimiciúil chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu
Beidh faisnéis sa bhunachar sonraí atá cothrom le dáta agus a bhailíonn agus a sholáthraíonn na Ballstáit maidir le geoshuí na n‑úsáidí speictrim atá ann cheana.
Beidh rochtain dhíreach ar an mbunachar sonraí sin ag aon úsáideoir ionchasach speictrim raidió.
|
OLD
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
|
Bunachar Sonraí na nAcmhainní Uimhriúcháin Uile-Eorpacha
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
Bunachar sonraí de na hacmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn údaráis rialála náisiúnta faoi leithdháileadh na n‑uimhreacha agus faoi thairbhithe na n‑uimhreacha.
(*) Tá sé de chúram ar OLD an nós imeachta agus an córas a chur ar bun chun faisnéis a sholáthar. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina réiteach digiteach eile fós nó d’fhéadfaí é a chomhtháthú leis an mbunachar sonraí a bhfuil anailís á déanamh air leis seo.
|
OLD
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
|
Córas faisnéise agus cumarsáide OLD
|
Cuid VII – Rialachas
Teideal V: An Oifig um líonraí digiteacha
Caibidil III: Forálacha ginearálta
Airteagal 41 de Rialachán BEREC
|
Ardán coiteann chun faisnéis a mhalartú idir BEREC, CBSR, an Coimisiún, údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla atá freagrach as speictream
Comhéadan tiomnaithe le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis agus fógraí (Airteagal 173)
Ardán chun riachtanais atá ann maidir le comhordú idir údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla atá freagrach as speictream a shainaithint go luath.
|
OLD (sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta)
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
Gan sonrú
|
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
Tuairisc ardleibhéil ar na seirbhísí poiblí digiteacha a ndéanann na ceanglais difear dóibh
|
Seirbhís phoiblí dhigiteach nó catagóir de sheirbhísí poiblí digiteacha
|
Tuairisc
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Réiteach/Réitigh um Eoraip Idir-Inoibritheach
(NEAMHBHAINTEACH)
|
Réitigh idir-inoibritheachta eile
|
|
Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
Bunaítear leis an creat um an bpas aonair chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar faoi chóras údaraithe ghinearálta.
Áirítear leis sin bunachar sonraí de chuid an Aontais atá ar fáil go poiblí a choinneáil ar bun agus ina bhfuil na fógraí a chuirtear faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta, agus sreafaí sonraí éagsúla.
|
Cuid III – Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
//
|
Gan sonrú.
|
|
Creat chun príomhacmhainní cumarsáide leictreonaí a bhainistiú, a leithdháileadh agus a úsáid (Speictream agus Uimhriúchán)
|
Go háirithe:
-Bunachar sonraí d’acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha; agus
-Bunachar sonraí dinimiciúil chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu
Le bunachar sonraí dinimiciúil atá dírithe ar bhandaí minicíochta sonracha, ba cheart go gcuideofaí le speictream tearcúsáidte a shainaithint agus tacú le cleachtais níos éifeachtúla maidir le húsáid agus comhroinnt speictrim.
|
Cuid IV – Acmhainní (Speictream agus Uimhriúchán);
Teideal I, Speictream - Caibidil III, Sannacháin Teideal III, Acmhainní Uimhriúcháin
|
//
|
Gan sonrú.
|
An tionchar atá ag na ceanglais, ó thaobh na hidir-inoibritheachta trasteorann de, i gcás gach seirbhíse poiblí digití ar leith
Seirbhís phoiblí dhigiteach #1 - Údarú don Mhargadh Aonair agus Pas Aonair
|
Measúnú
|
Bearta
|
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme)
|
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana
Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha infheidhme a sainaithníodh
|
Tugtar isteach córas cuíchóirithe atá bunaithe ar fhógraí a thabhairt agus lena gcuirtear ar a gcumas do sholáthraithe oibriú i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát ar bhonn údarú aonair, rud a chuireann feabhas ar an idir-inoibritheacht dhlíthiúil.
|
|
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil
Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe
|
Faoin nós imeachta um an bpas aonair, bunaítear go gcuirfidh soláthraí fógra faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta de cheann de na Ballstáit sin ina bhfuil sé beartaithe aige líonraí nó seirbhísí a sholáthar. Tá sreafaí breise sonraí i bhfeidhm chun rialú a dhéanamh ar an gcuma a bheidh ar an gcomhordú idir na Ballstáit agus OLD.
Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair náisiúnta.
Cuirtear de chúram ar OLD bunachar sonraí lárnach a choinneáil ar bun de na fógraí uile a sholáthraítear i gcomhthéacs an nós imeachta um an bPas Aonair. Níor cheart do na húdaráis inniúla ach fógraí comhlánaithe a chur chuig an OLD.
|
|
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí
Liostaigh na bearta sin
|
Cuirfear an intinn líonraí nó seirbhísí a sholáthar in iúl i gcomhréir le teimpléad um fhógra a thabhairt arb é BEREC a chuirfidh ar fáil é.
|
|
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe
Liostaigh na bearta sin
|
Níl aon ní sonraithe ag an gcéim seo.
|
|
Seirbhís phoiblí dhigiteach #2 — Creat chun príomhacmhainní cumarsáide leictreonaí a bhainistiú, a leithdháileadh agus a úsáid (Speictream agus Uimhriúchán)
|
Measúnú
|
Bearta
|
Bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann i gcónaí (más infheidhme)
|
|
Ailíniú le beartais dhigiteacha agus beartais earnálacha atá ann cheana
Liostaigh na beartais dhigiteacha agus na beartais earnálacha infheidhme a sainaithníodh
|
//
|
|
|
Bearta eagraíochtúla maidir le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a sholáthar go rianúil
Liostaigh na bearta rialachais atá beartaithe
|
Déanfaidh OLD bunachair sonraí dhinimiciúla a bhunú agus a riar chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu
Déanfaidh OLD, i gcomhar le húdaráis rialála náisiúnta, faoi mhaoirseacht BEREC, bunachar sonraí na n‑acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpacha a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta.
|
|
|
Bearta a glacadh chun a áirithiú go mbeidh comhthuiscint ann i leith na sonraí
Liostaigh na bearta sin
|
Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairimí CBSR, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na bandaí speictrim a chumhdaítear leis an mbunachar sonraí dinimiciúil a shainiú agus formáidí aonfhoirmeacha a fhorbairt maidir le bailiú agus soláthar na sonraí ag na húdaráis inniúla náisiúnta.
6 mhí tar éis do phlean uimhrithe an Aontais a bheith glactha, cuirfidh OLD an nós imeachta ar bun um sholáthar faisnéise a chuirfear sa bhunachar sonraí acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpach.
|
|
|
Úsáid sonraíochtaí agus caighdeán teicniúil oscailte comhaontaithe
|
Bunóidh OLD sonraíochtaí teicniúla don bhunachar sonraí dinimiciúil chun deiseanna úsáide speictrim a gheoshuí agus faireachán a dhéanamh orthu, agus do bhunachar sonraí na n‑acmhainní uimhriúcháin uile-Eorpach, ar dháta níos déanaí.
|
|
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
Tuairisc ardleibhéil ar bhearta a thacaíonn leis an gcur chun feidhme digiteach
|
Tuairisc ar an mbeart
|
Tagairtí do na ceanglais
|
Ról an Choimisiúin
(más infheidhme)
|
Gníomhaithe le bheith páirteach
(más infheidhme)
|
An amlíne a bhfuil coinne léi
(más infheidhme)
|
|
Féadfaidh an Coimisiún na socruithe maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta agus OLD i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/903 a shonrú a thuilleadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme
|
Airteagal 11
|
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
|
//
|
Tar éis ghlacadh GLD
|
|
Le gníomhartha cur chun feidhme, féadfar na bandaí speictrim a chumhdaítear leis an mbunachar sonraí a shainiú le agus socruithe praiticiúla agus formáidí aonfhoirmeacha a fhorbairt maidir le bailiú agus soláthar na sonraí ag na húdaráis inniúla náisiúnta don Choimisiún.
|
Airteagal 28
|
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
|
CBSR (tá na barúlacha le cur san áireamh)
|
Tar éis ghlacadh GLD
|
|
Cuirfidh OLD an nós imeachta agus an córas ar bun chun faisnéis a sholáthar faoi Airteagal 47(4) agus Airteagal 48(4), an ceathrú fomhír.
|
Airteagal 47
|
//
|
OLD
|
6 mhí tar éis do phlean uimhriúcháin an Aontais a bheith glactha
|
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla, na heilimintí costais caighdeánacha, na modheolaíochtaí costais le haghaidh táirgí comhchuibhithe agus an tairiscint tagartha a bhaineann leis an táirge/na táirgí rochtana comhchuibhithe, bunaithe ar thuairim ó BEREC.
|
Airteagal 81
|
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
|
BEREC
|
6 mhí tar éis ghlacadh an Rialacháin seo
|
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos forálacha teicniúla a bhaineann le rabhaidh phoiblí a tharchur trí úsáid a bhaint as an tiachóg dhigiteach arna heisiúint faoi Rialachán (AE) 910/2014 chuig na húsáideoirí deiridh uile lena mbaineann, lena n‑áirítear úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta.
|
Airteagal 108
|
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
|
An Coimisiún Eorpach
Úsáideoirí deiridh
|
//
|
|
Féadfaidh an Coimisiún, lena n‑áirítear trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na modheolaíochtaí maidir le bailiú faisnéise ag údaráis rialála náisiúnta a chomhchuibhiú.
|
Airteagal 184
|
Gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh
|
An Coimisiún Eorpach
|
//
|
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur chun feidhme na gcaighdeán ábhartha nó sonraíochtaí teicniúla éigeantach trí thagairt a dhéanamh dóibh mar chaighdeáin éigeantacha nó mar shonraíochtaí teicniúla éigeantacha i liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí teicniúla arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
Airteagal 189
|
Gníomhartha cur chun feidhme agus caighdeáin a ghlacadh
|
An Coimisiún Eorpach
|
//
|
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh trí na bearta a leagan síos is gá chun cumarsáid éigeandála éifeachtach a áirithiú san Aontas maidir le sonraíochtaí teicniúla chun go bhféadfar cumarsáid éigeandála a thionscnamh trí úsáid a bhaint as an tiachóg dhigiteach, réitigh le haghaidh faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, critéir chomhchuibhithe Eorpacha maidir le suíomh an ghlaoiteora,
rochtain choibhéiseach d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PFSP is iomchuí.
|
Airteagal 107
|
Gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
|
An Coimisiún Eorpach
BEREC
|
Dáta glactha + 2 bhliain don chéad ghníomh tarmligthe
|
|
Glacfaidh an Bord Bainistíochta na sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla chun críche an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 a bhunú. Beidh an córas sin faoi réir chearta maoine intleachtúla agus an leibhéil rúndachta is gá.
|
Airteagal 174
|
//
|
Bord Bainistíochta OLD
|
//
|