AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.2.2026
COM(2026) 82 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Teachtaireacht maidir le réigiúin teorainn an Aontais i dteorainn leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin
Réigiúin láidre ar mhaithe le hEoraip shábháilte
‘An tseachtain seo caite, chonaic mé le mo dhá shúil féin é agus mé ar cuairt ar na Ballstáit túslíne. Is iad siúd is fearr a thuigeann bagairt na Rúise. Agus níl amhras ar bith ann ach gurb é taobh thoir na hEorpa a chosnaíonn an Eoraip ar fad.’ Ursula von der Leyen, aitheasc 2025 ar Staid an Aontais.
De réir mar a leanann an cogadh foghach iomlán atá an Rúis a chur ar an Úcráin ar aghaidh isteach sa chúigiú bliain, tá ár gcomhshlándáil nasctha go díreach le neart, athléimneacht agus cobhsaíocht réigiúin an oirthir a bhfuil teorainn acu leis an Rúis, an Bhealarúis agus an Úcráin . Is iomaí dúshlán atá ann de dheasca na Rúise agus na Bealarúise, lena n‑áirítear bagairtí hibrideacha, imirce a úsáid mar uirlis troda, sárú ar aerspás ó dhróin agus aerárthaí troda, trasnaíocht radaimhinicíochta, trasnaíocht agus spúfáil córas um loingseoireacht satailíte dhomhanda go háirithe, cibirionsaithe, sabaitéireacht ar aerthrácht agus ar bhonneagar talún agus fomhuirí, mar a léirítear le damáiste athfhillteach do cháblaí faoi uisce , ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus reitric naimhdeach.
Thairis sin, tá cuid de na brúnna déimeagrafacha is mó atá ar an Aontas roimh na réigiúin sin, agus tá níos mó ná 17 % dá ndaonra caillte ag cuid acu le 10 mbliana anuas. Ar an iomlán, tháinig laghdú 2,6 % ar an meán ar dhaonra réigiúin teorann an oirthir idir 2016 agus 2025, i gcomparáid le fás daonra 1,2 % san Aontas ina iomláine. Leis an torthúlacht íseal, aosú an daonra agus an eisimirce – nithe ar a ngéaraítear de dheasca rioscaí slándála méadaithe, sleabhcadh eacnamaíoch agus éiginnteachta – cuireadh dlús le himeacht daoine óga, oilte a bhfuil oideachas orthu. Chuir sé sin leis an meath déimeagrafach, rud a d’fhág go raibh ganntanas lucht saothair ann, gur lagaíodh an t‑airgeadas poiblí agus gur dúnadh seirbhísí riachtanacha nó gur gearradh siar orthu. Mura dtugtar aghaidh ar an dídhaonrú, tá an baol ann gur dídhaonrú fadtéarmach do-aisiompaithe a bheidh ann agus go dtiocfaidh laghdú ar athléimneacht na réigiún agus na mBallstát freagairt do ghéarchéimeanna agus do bhagairtí slándála.
Mar sin féin, i bhfianaise na mbagairtí agus an bhrú sin, tá na réigiúin sin ag oiriúnú do leochaileachtaí struchtúracha agus á n‑iompú ina sócmhainní straitéiseacha, ionas go mbeidh siad ina bhfoinse chumhachtach inspioráide ag an gcuid eile den Eoraip. Léiríonn siad gur féidir leis an nuálaíocht a bheith faoi bhláth, gur féidir leis an dlúthpháirtíocht a dhoimhniú agus – fiú le linn tréimhsí deacra – gur féidir leis an gcomhar agus leis an diongbháilteacht dul chun cinn agus aontacht a spreagadh.
|
Réigiúin oirthir an Aontais a bhfuil teorainn talún acu leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin – príomhfhíricí:
·Na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh, tá teorainneacha talún fada acu leis an Rúis agus leis an mBealarúis: Roinneann an Fhionlainn, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn 3 646 km den teorainn leo (25 % de theorainneacha talún seachtracha iomlána Eorpacha an Aontais) – 1 346 km i gcás na Fionlainne, 340 km i gcás na hEastóine, 453 km i gcás na Laitvia, 893 km i gcás na Liotuáine agus 614 km i gcás na Polainne faoi seach.
Roinneann an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin 1 372 km de theorainn talún leis an Úcráin (10 % de theorainneacha talún seachtracha iomlána an Aontais).
Réigiúin an Aontais atá i dteorainn mhuirí leis an Úcráin – príomhfhíricí:
·Tá os cionn 600 km de chósta na Mara Duibhe ag an Rómáin agus ag an mBulgáir le chéile, i dteorainn le himchuach muirí na Mara Duibhe a roinntear leis an Úcráin agus leis an Rúis freisin.
Téann teorainn an Aontais leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin feadh réigiún i naoi mBallstát (an Fhionlainn, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir, an Rómáin agus an Bhulgáir).
|
Is iad na réigiúin is mó a ndéantar difear dóibh leis an timpeallacht slándála atá ag dul in olcas agus na rioscaí méadaithe a bhaineann le gnáthghníomhaíochtaí míleata na réigiúin sin ar an teorainn sheachtrach leis an Rúis agus leis an mBealarúis (féach an léarscáil thuas lena léirítear réigiúin ar leibhéal NUTS 2). De thoradh an chogaidh foghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin agus iompar naimhdeach na Rúise agus na Bealarúise, tá srianta teorann ann agus tá gníomhaíochtaí trasteorann ina stad. Mar thoradh air sin, tá deireadh iomlán nach mór curtha leis an trádáil trasteorann, leis an iompar trasteorann agus le malartuithe eacnamaíocha ríthábhachtacha trasteorann, rud a bhfuil tionchar mór aige ar phobail áitiúla agus ar na Ballstáit lena mbaineann ar bhonn níos leithne. Tá na dálaí slándála tar éis dul in olcas, agus tá an staid thar a bheith criticiúil sna Ballstáit atá i dteorainn leis an Rúis, a leanann dá hionradh neamhdhleathach san Úcráin, agus rinneadh tionscadail trasteorann in éineacht leis an Rúis agus leis an mBealarúis arna gcistiú ag an Aontas a chur ar fionraí mar gheall ar chliseadh an chaidrimh. Leis an úsáid a baineadh le déanaí as balúin aimsire chun toitíní aindleathacha a iompar ón mBealarúis go dtí an Liotuáin nó an Pholainn, cuirtear i dtábhacht an chaoi a n‑oiriúnaíonn eagraíochtaí coiriúla chun a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chothú.
Tá dúshláin thábhachtacha eacnamaíocha agus shóisialta roimh réigiúin atá i dteorainn leis an Úcráin freisin, lena n‑áirítear plódú isteach daoine easáitithe, cur isteach ar thrádáil, smuigleáil earraí máil, táirgí tobac go háirithe, agus stoc tithíochta, agus seirbhísí sláinte agus sóisialta atá ag dul in olcas. Ina theannta sin, tá méadú tagtha ar an mbrú ar an líonra lóistíochta réigiúnach mar gheall ar thrácht lasta atreoraithe. De thoradh mhianadóireacht na Mara Duibhe, tá costais loingseoireachta is airde ann agus cuirtear isteach ar iascach áitiúil i réigiúin an Aontais atá i dteorainn leis an Muir Dhubh. Bhí na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin fíor-riachtanach chun bealaí onnmhairiúcháin blocáilte Mhuir Dhubh na hÚcráine a mhaolú, bealaí lena gcothaítear sreafaí trádála agus lena n‑éascaítear infheistíochtaí bonneagair a fhaigheann tacaíocht ón Aontas. Thairis sin, le tacaíocht leanúnach an Aontais agus a Bhallstát, mar aon le haontachas na hÚcráine a mheastar a bheidh ann amach anseo, rannchuideofar le réigiúin an Aontais a chobhsú agus a neartú feadh na teorann sin.
Léirítear leis na hanailísí is déanaí gur fhulaing na Ballstáit ar theorainn sheachtrach an oirthir fás OTI is moille agus boilsciú is airde mar gheall ar na drochiarmhairtí eacnamaíocha a d’eascair as cogadh foghach na Rúise. Bhí innéacs comhchuibhithe airmheánach an ráta boilscithe i bpraghsanna do thomhaltóirí sna Ballstáit feadh theorainn an oirthir 3,7 pointe céatadáin ar a laghad níos airde ná meán an Aontais, agus bhí meánfhás bliantúil OTI in 2022-2023 1,9 pointe céatadáin níos ísle ná an réamh-mheastachán le haghaidh an Aontais . Chuaigh an staid sin in olcas mar gheall ar chostais iasachtaíochta is airde, infheistíocht is laige agus caiteachas tomhaltóirí is laige, agus méadú ar chaiteachas cosanta á spreagadh san am céanna. Roimh an gcogadh, bhí an Rúis taobh thiar de níos mó ná 30 % d’onnmhairí innealra na Liotuáine, níos mó ná 40 % d’onnmhairí bia-phróiseáilte na Laitvia agus thart ar 50 % d’allmhairí adhmaid na Fionlainne. Ó bhí an choinbhleacht ann, tá rialuithe teorann agus smachtbhannaí is déine tar éis cur isteach ar an trádáil, rud a mbíonn tionchar mór aige ar gheilleagar réigiúin teorann an oirthir. Ina theannta sin, tháinig laghdú thart ar 10–35 % ar oícheanta turasóirí eachtracha sna Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh, agus tháinig laghdú suas le 75–80 % ar mhéideanna lasta iarnróid. Chuir a ndéine fuinnimh is airde agus a spleáchas is mó ar ghás agus ar ola na Rúise leis an suaitheadh ó arduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh agus bia, rud a mhéadaigh an boilsciú go leibhéil nach bhfacthas ar feadh na ndeicheanna de bhlianta roimhe sin. Tá na tionchair sin le brath freisin i mBallstáit an Aontais a bhfuil cósta ar an Muir Dhubh acu, amhail an Bhulgáir, agus iarmhairtí eacnamaíocha acu a chuir leis an bhfás níos moille ar an iomlán agus leis an mboilsciú méadaithe.
An tráth céanna, tá sócmhainní tábhachtacha ag réigiúin teorann an oirthir, ní hamháin i dtéarmaí tionscail sheanbhunaithe, talmhaíochta, foraoiseachta, moil teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, institiúidí oideachais agus acmhainní nádúrtha uathúla, ach i dtéarmaí athléimneacht a bpobal freisin.
Deimhnítear leis an Teachtaireacht seo tiomantas an Choimisiúin tacú le réigiúin teorann an oirthir, i bhfianaise a thábhachtaí agus a ábhartha atá siad le haghaidh chomhshlándáil agus rathúnas an Aontais. Cuirtear i láthair inti sraith tosaigh gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún a sheoladh chun cuidiú leis na réigiúin sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá rompu nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tógann sí ar dhúshraith dhaingean: aitheantas dá dtábhacht i Staid an Aontais, an glao ar fhianaise , agus an dlúthchomhar le riaracháin náisiúnta, réigiúin, bardais agus leis na hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Tógann sí freisin ar roinnt tionscnamh lena ndírítear ar na réigiúin sin, próisis chuimsitheacha rannpháirteacha chláir Interreg go háirithe, chomh maith leis an obair a rinne Comhlachas Réigiúin Teorann na hEorpa agus tionscnaimh a rinneadh i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus le Grúpa an Bhainc Dhomhanda.
Le linn na for-rochtana ullmhúcháin agus an ghlao ar fhianaise, chuir páirtithe leasmhara ó na réigiúin sin i dtábhacht na dúshláin phráinneacha a bhí rompu, agus leag siad béim ar an ngá atá le tacaíocht spriocdhírithe, lena n‑áirítear cúnamh airgeadais, agus freagairt chomhordaithe. Dá réir sin, tá gá le sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí ar gach leibhéal, ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal Eorpach .
Agus na tionscnaimh a leagtar amach sa teachtaireacht seo á gcur chun feidhme, beidh an Coimisiún faoi threoir chloí na mBallstát lena mbaineann le luachanna comhroinnte an Aontais, go háirithe leis an smacht reachta.
Iarrachtaí leanúnacha agus tacaíocht leanúnach
Ó thús an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin, tá cúnamh polaitiúil, teicniúil agus airgeadais á chur ar fáil ag an Aontas do réigiúin teorann an oirthir, go háirithe tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). Tá príomhról ag na beartais sin maidir le bonneagar a neartú, borradh a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch, forbairt scileanna a chur chun cinn, tacú le fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, feirmeoireacht inbhuanaithe a chinntiú agus feabhas a chur ar ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna agus ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna. Mar shampla, slógadh an cúlchiste talmhaíochta ar mhaithe le roinnt de réigiúin teorann an oirthir.
San athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe – a seoladh mar chuid den iarracht leanúnach chun infheistíochtaí an Aontais a chur in oiriúint do dhúshláin atá ag teacht chun cinn – sainaithníodh príomhthosaíochtaí a bhfuil ábharthacht dhíreach ag baint leo le haghaidh réigiúin teorann an oirthir: cosaint agus ullmhacht shibhialta, iomaíochas, fuinneamh, tithíocht inacmhainne agus athléimneacht uisce. Aithníodh a gcás sonrach le bearta spriocdhírithe, lena n‑áirítear méadú 9,5 % ar réamh-mhaoiniú agus ráta cómhaoiniúcháin is airde 10 % le haghaidh cláir sna réigiúin sin.
Tá úsáid fhorleathan bainte ag na Ballstáit feadh theorainn an oirthir as an tsolúbthacht sin faoin athbhreithniú meántéarma mar a léirítear leis na leithdháiltí substaintiúla i dtreo na slándála agus na hathléimneachta. Tá méideanna móra á n‑athchlárú ag an bhFionlainn agus ag an Eastóin le haghaidh an tionscail cosanta agus na soghluaisteachta míleata. Tá acmhainní suntasacha á gcur ag an Laitvia i dtreo bonneagar cosanta, soghluaisteacht mhíleata agus dídean éigeandála. Maidir leis an Liotuáin, tá codanna dá clár ilchiste á leithdháileadh aici ar a hearnáil cosanta, bonneagar criticiúil, oiliúint ullmhachta sibhialta agus cosanta, agus soghluaisteacht mhíleata. Sa Pholainn, tá sé beartaithe ag réigiúin an oirthir infheistíochtaí measartha mór a shlógadh chun tacú le hullmhacht shibhialta, bonneagar dé-úsáide, tionscail a bhaineann le cosaint agus slándáil uisce agus fuinnimh. Áirítear ar na hinfheistíochtaí nua freisin bonneagar criticiúil a chosaint, amhail ospidéil, saoráidí cóireála uisce agus gineadóirí fuinnimh i bhfoirgnimh phoiblí. Leis an gcistiú a ath-leithdháileadh le déanaí, tá an tSlóvaic ag tacú leis an gcosaint, leis an tslándáil agus leis an ullmhacht shibhialta, agus tá an Ungáir agus an Rómáin ag infheistiú sa tsoghluaisteacht mhíleata. Agus tá an Bhulgáir ag athchlárú chun tacú le hearnálacha straitéiseacha, chun feabhas a chur ar a hacmhainneacht thionsclaíoch, agus chun teicneolaíochtaí cosanta agus dé-úsáide a fhorbairt agus a mhonarú.
Díríonn an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) thart ar EUR 19.3 billiún ar na réigiúin is mó a ndéanann t‑aistriú chuig an aeráidneodracht difear dóibh. Téann EUR 10.1 billiún (níos mó ná leath den leithdháileadh sin) chun tairbhe na naoi dtír atá i dteorainn leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin, rud a thacaíonn go díreach le roinnt de na réigiúin atá suite feadh theorainn an oirthir.
Le cláir Interreg, tá feabhas á chur ar chomhar slándála trasteorann agus ar mhalartú dea-chleachtais maidir le hathléimneacht, chomh maith leis an tionscal agus an saol acadúil a nascadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna sa chibearshlándáil nó sa chosaint. I dtús chogadh foghach na Rúise, chuir an Coimisiún cláir Interreg leis an Rúis agus leis an mBealarúis ar fionraí láithreach, rud a d’fhág go ndearnadh EUR 150 milliún a ath-leithdháileadh ar chláir um chomhar inmheánach agus EUR 160 milliún a ath-leithdháileadh ar chláir um chomhar eachtrach leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. Rinneadh glaonna spriocdhírithe agus tacaíocht thiomnaithe le haghaidh tairbhithe féideartha ó na réigiúin sin a chur chun feidhme freisin. Cé gur mheas páirtithe leasmhara go raibh na bearta sin an‑chabhrach, níor fritháiríodh go hiomlán leis na gníomhaíochtaí sin na tionchair dhiúltacha a eascraíonn as cláir Interreg áirithe a chur ar fionraí.
Cuireadh tacaíocht ar fáil freisin trí go leor ionstraimí agus clár eile. Rannchuidíonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) le cumais chosanta a neartú, bonneagar nascachta a thógáil, deiseanna fostaíochta a chruthú agus an t‑aistriú eacnamaíoch feadh theorainn an Aontais san oirthear a éascú. Tá thart ar EUR 14.5 billiún leithdháilte le haghaidh infheistíochtaí sna réimsí sin ag pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát ábhartha. Tá athchóirithe ábhartha ag gabháil leis na hinfheistíochtaí sin, rud a chuireann a thuilleadh leis an bhfás eacnamaíoch.
Le EUR 170 milliún breise faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Beartas Víosaí, tacaítear leis na Ballstáit atá i dteorainn leis an Rúis agus leis an mBealarúis córais faireachais, teileachumarsáid agus cumais comhraic drón a uasghrádú. Mar chomhlánú ar na hiarrachtaí sin, cuireann Cláir an Aontais um an Spás agus Nascacht Shlán seirbhísí spásbhunaithe slána athléimneacha ar fáil ar féidir leo oibriú go héifeachtach i dtimpeallachtaí ainmniúla agus i dtimpeallachtaí díghrádaithe araon. Trí ardnascacht satailíte, ardseirbhísí Galileo a thacaíonn le suí beacht, loingseoireacht agus sioncrónú ama, agus cumais um fhaire na Cruinne, áirithíonn an tAontas oibríochtaí leanúnacha beachta lena bhfeabhsaítear uathriail agus feasacht staide, agus sonraí luachmhara á gcur ar fáil san am céanna le haghaidh riachtanais áitiúla agus réigiúnacha.
Thacaigh CBT leis an talmhaíocht, le táirgeadh bia, leis an bhforaoiseacht agus le pobail sna réigiúin sin ar réigiúin tuaithe iad den chuid is mó, trí ioncam feirme a chothú, trí chleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus tríd an bhforbairt tuaithe a neartú. Le LEADER agus comhpháirtíochtaí Eorpacha um nuálaíocht, spreagtar an nuálaíocht ón mbun aníos, rud a fheabhsaíonn táirgiúlacht agus slabhraí soláthair. Chun tionchar diúltach an chogaidh san Úcráin ar earnáil an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na próiseála a mhaolú, tugadh isteach bearta sonracha tacaíochta géarchéime airgeadais faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe freisin.
Maoiníonn Fís Eorpach taighde thar raon leathan réimsí, lena n‑áirítear i réimse an fhuinnimh, an iompair, na hagra-éiceolaíochta, na hathléimneachta uisce, na gcóras bia agus an bhithgheilleagair, agus cuidíonn sí freisin le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha a neartú.
Cuireann an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus an Tionscnamh um Theacht Cothrom le Dáta Réigiún cabhair bhreise ar fáil maidir le fothú acmhainneachta riaracháin agus maidir le haghaidh a thabhairt ar scrogaill fáis.
Tacaíodh leis an gclaochlú digiteach sna réigiúin sin trí Líonra Eorpach na nOifigí um Inniúlachtaí Leathanbhanda, líonra lena gcuirtear cúnamh teicniúil ar fáil agus lena gcomhroinntear dea-chleachtais chun an bonneagar digiteach a neartú agus chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh. Cuidíonn na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha (MNDEnna) freisin le taobh thoir an Aontais a neartú agus tacaíonn siad leis an Úcráin.
Tá an Coimisiún, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ag neartú na hathléimneachta in aghaidh na bréagaisnéise freisin. Tríd an Sciath Eorpach don Daonlathas a glacadh le déanaí , tá dlús á chur ag an Aontas lena iarrachtaí fothú acmhainneachta a mhéadú agus tacú le gníomhaíocht chomhordaithe chun cur in aghaidh ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis agus feachtais bhréagaisnéise. Déanfaidh an Lárionad Eorpach nua um an Athléimneacht Dhaonlathach na gníomhaíochtaí sin a éascú.
Thairis sin, tá seiceáil fíricí agus litearthacht sna meáin á gcur chun cinn ag an bhFaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) agus ag a moil náisiúnta agus réigiúnacha ar fud theorainn an oirthir. Bunaíodh mol nua EDMO – FACT (comhrac in aghaidh comhchealg agus troll) – chun tacú leis an Úcráin agus leis an Moldóiv chomh maith leis na Ballstáit is mó atá neamhchosanta ar ionramháil faisnéise na Rúise. Tá tionscadail litearthachta digití, rannpháirtíochta saoránach agus comhair chultúrtha á bhforbairt ag Erasmus+ agus Eoraip na Cruthaitheachta.
Tá EUR 9.1 billiún slógtha ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) le haghaidh Iompair chun tacú le réigiúin teorann an oirthir trí infheistíochtaí straitéiseacha nascachta agus slándála. Áirítear leis sin naisc thrasteorann luathaithe an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (GTE-I) feadh chonair Mhuir Bhailt‑na Mara Duibhe-na Mara Aeigéiche agus chonair na Mara Thuaidh-Mhuir Bhailt, lena n‑áirítear EUR 800 milliún le haghaidh bonneagar dé-úsáide. Le hinfheistíochtaí san Fhionlainn agus sna stáit Bhaltacha tacaítear freisin le forbairt leithid chaighdeánaigh Eorpaigh chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata agus comhtháthú eacnamaíoch a neartú. Cé gur íosghrádaíodh na naisc leis an Rúis agus leis an mBealarúis, neartaigh an tAontas nascacht agus comhtháthú réigiúin teorann an oirthir laistigh den Eoraip chomh maith le nascacht trasteorann fheabhsaithe leis an Úcráin agus leis an Moldóiv agus cuireadh EUR 1.36 billiún ar fáil do réigiúin atá i dteorainn leis na tíortha is iarrthóirí sin.
Mar chuid den tacaíocht thuasluaite, rannchuidigh cláir an bheartais comhtháthaithe, in éineacht le SCE Iompar, le tionscnamh Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais freisin, ar líne tharrthála é do gheilleagar na hÚcráine, trí thacaíocht beagnach EUR 2 bhilliún a thabhairt do phríomh-bhonneagar i mBallstáit an Aontais chun nascacht trasteorann bóithre agus iarnróid a neartú, lena n‑áirítear inseoltacht na Danóibe agus acmhainneacht mhéadaithe ag príomhphointí trasnaithe teorann agus ag príomhchalafoirt amhail Constanța. Ina theannta sin, is éard atá i gconair Mhuir Bhailt‑na Mara Duibhe-na Mara Aeigéiche leathnú straitéiseach GTE-I chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv, rud a thacaíonn lena lánpháirtiú de réir a chéile i gcóras iompair agus lóistíochta an Aontais.
I réimse an fhuinnimh, thug SCE tacaíocht EUR 3 bhilliún do na Ballstáit ar theorainn an oirthir ó bhí 2014 ann. Trí thacaíocht a thabhairt do 57 dTionscadal Leasa Choitinn, rannchuidigh SCE go mór le feabhas a chur ar nascacht réigiúin teorann an oirthir.
Tacaíonn clár EU4Health le hathléimneacht réigiúin teorann an oirthir, lena n‑áirítear trí fheabhas a chur ar chúram sláinte le haghaidh Úcránaigh easáitithe agus trí ullmhacht i dtaca le héigeandáil sláinte agus freagairt ar bhagairtí trasteorann a chur chun cinn.
Tacaíonn Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, tríd an Lárionad Comhordaithe Práinnfhreagartha go háirithe, le hiarrachtaí a Bhallstát agus comhlánaíonn sé iad, i rith an timthrialla bainistithe riosca tubaistí ar fad (cosc, ullmhacht agus freagairt) i gcás géarchéimeanna nádúrtha agus géarchéimeanna de dhéantús an duine araon.
Dlús a chur lenár dtacaíocht le haghaidh réigiúin teorann an oirthir
Leagadh síos réamhobair thábhachtach mar gheall ar na hiarrachtaí sin, ach de réir mar a thagann athrú ar an staid, tá gníomhaíocht leanúnach agus níos láidre fíor-riachtanach i gcónaí chun cobhsaíocht agus rathúnas ár réigiún teorann san oirthear a chinntiú.
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta i gcúig phríomhréimse: (i) an tslándáil agus an chosaint; (ii) infheistíocht a dhaingniú; (iii) láidreachtaí áitiúla na réigiún a ghiaráil; (iv) feabhas a chur ar nascacht; agus (v), díriú ar dhaoine, ós rud é go mbraitheann athléimneacht aon réigiúin ar neart a phobal.
1. Slándáil agus athléimneacht – chun daoine a chosaint, a dhíspreagadh agus a chur ar a suaimhneas
Léiríonn an méadú atá ag teacht ar an líon teagmhas naimhdeach ar chríoch an Aontais go bhfuil bagairtí hibrideacha agus bearnaí slándála fós ann. Leis an méadú atá ag teacht ar mhinicíocht na dteagmhas a dhéanann difear do bhonneagar criticiúil, lena n‑áirítear trasnaíocht dhíobhálach a dhéanann difear don chóras um loingseoireacht satailíte dhomhanda agus don speictream raidió, cuirtear i dtábhacht an gá atá lena chosaint agus lena dheisiú tapa a chinntiú, agus ceanglais athléimneachta á gcomhtháthú agus bonneagar nua á dhearadh san am céanna. Sa chomhthéacs sin, leagtar amach leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal An tSíocháin a Chaomhnú – Treochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta cuspóirí agus garspriocanna soiléire chun ullmhacht cosanta a bhaint amach faoi 2030, mar a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir le Cosaint na hEorpa.
Tá sé de chuspóir ag dhá cheann dá thionscnaimh shuaitheanta – an Faireachán ar an gCliathán Thoir agus an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin – aerchosaint, córais comhraic drón, bearta slándála talún agus muirí agus feasacht staide a chomhtháthú chun cumas cuimsitheach cosanta teorann Eorpach a fhorbairt lena gcomhcheanglaítear uirlisí sibhialta míleata i ndlúthchomhar le ECAT. Áireofar leis an bhFaireachán ar an gCliathán Thoir faireachas spáis fíor-ama chun gluaiseachtaí fórsaí naimhdeacha a bhrath agus Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin agus Aersciath Eorpach chun spéir na hEorpa a chosaint, rud a rachaidh chun tairbhe go díreach do shlándáil réigiúin teorann an oirthir agus an Aontais ina iomláine.
Ina theannta sin, tugtar aghaidh leis an bPlean Gníomhaíochta um Shlándáil Dróin agus um Shlándáil in aghaidh Drón ar na bagairtí a bhaineann le dróin – dróin aerbheirthe (lena n‑áirítear balúin), dromchla muirí, faoi uisce nó ar talamh – bagairtí a bhfuil dúshláin mhóra ag baint leo maidir le teorainneacha seachtracha, bonneagar criticiúil agus spásanna poiblí a chosaint. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar chumais forfheidhmithe an dlí amach anseo, oiliúint speisialaithe comhraic drón, ardán teagmhas drón, chomh maith le hacmhainní a chomhthiomsú agus a chomhroinnt. Áirítear sa phlean gníomhaíochta freisin roinnt deiseanna cistiúcháin le haghaidh cumais um dhrón agus um chomhrac in aghaidh drón agus béim ar leith ar ullmhacht cosanta.
Cuireadh iasachtaí dar luach EUR 150 billiún ar fáil do na Ballstáit leasmhara faoin ionstraim airgeadais um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE). Léirigh 19 mBallstát spéis agus chuir siad pleananna infheistíochta gaolmhara isteach. Áirítear leis sin gach ceann de na naoi mBallstát feadh theorainn an Aontais san oirthear, a bhfuil níos mó ná 65 % den mhéid iomlán leithdháilte orthu go sealadach. I bhfianaise a thábhachtaí atá réigiúin teorann an oirthir ó thaobh shlándáil an Aontais de, ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh agus éiceachóras cosanta tionsclaíoch réigiúnach athléimneach á fhorbairt, éiceachóras a bheidh in ann táirgeadh agus acmhainneacht a mhéadú mar fhreagairt ar riachtanais slándála atá ag teacht chun cinn.
Leis an bpacáiste soghluaisteachta míleata atá beartaithe, cuirfear feabhas ar bhonneagar iompair dé-úsáide, rud a dhéanfaidh cuíchóiriú ar rialacha maidir le trealamh míleata a iompar agus ar nósanna imeachta trasnaithe teorann ar fud na hEorpa. Leis na bearta sin, thacófaí le gluaiseacht is tapa cúnaimh mhíleata i dtreo réigiúin teorann an Aontais san oirthear agus níos faide i gcéin. Cuideoidh na hiarrachtaí sin le hathléimneacht réigiúin teorann an oirthir a threisiú, agus le feabhas a chur ar a naisc, rud a neartóidh slándáil agus cosaint na hEorpa. In éineacht le Ballstáit an Aontais, sainaithneofar scrogaill chriticiúla (‘teophointí’) feadh chonairí Soghluaisteachta Míleata an Aontais a dtabharfar tosaíocht dóibh le hinfheistíochtaí gearrthéarmacha. Le snáithe na soghluaisteachta míleata den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa laistigh de chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 , moltar méadú faoi dheich chun tacú le hinfheistíochtaí dé-úsáide agus le bonneagar digiteach le haghaidh iompar míleata.
Ina theannta sin, méadaíodh an cistiú atá beartaithe le haghaidh na himirce, bainistiú teorainneacha agus na slándála inmheánaí faoi thrí freisin mar chuid de CAI 2028-2034. Léiríonn an méadú sin na dúshláin uathúla atá roimh na Ballstáit atá i dteorainn leis an Rúis agus leis an mBealarúis sreabha imirce a bhainistiú agus teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú.
Thairis sin, i bhfianaise thimpeallacht na mbagairtí atá ag dul in olcas, is gá plean cuimsitheach a fhorbairt chun géarú chogaíocht hibrideach na Rúise ar an Aontas ar fud réimsí ar talamh, réimsí aeir, réimsí muirí agus réimsí digiteacha a chosc agus a chomhrac. Tá na cuspóirí agus na hábhair imní slándála sin go léir chomh criticiúil céanna ar fud réigiúin Mhuir Bhailt agus na Mara Duibhe, i bhfianaise an leanúnachais idirnasctha rathúnais agus slándála eatarthu, mar a cuireadh i dtábhacht sa straitéis nua le haghaidh réigiún na Mara Duibhe a bheidh cobhsaí agus slán . Is limistéar straitéiseach ríthábhachtach é réigiún Mhuir Bhailt ó thaobh shlándáil agus chosaint an Aontais de. Is cuid fhíor-riachtanach d’ollstruchtúr cosanta comhchoiteann ECAT é agus tá príomhról aige mar chonair mhuirí, fuinnimh agus bhonneagair. Tá réigiún Mhuir Bhailt fós neamhchosanta go háirithe ar ghníomhaíochtaí cogaíochta hibridí na Rúise, a bhfuil athléimneacht fheabhsaithe agus freagairtí comhordaithe ón Aontas ag teastáil ina leith.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit agus an Faireachán ar an gCliathán Thoir, an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, an Aersciath Eorpach agus an Spás-sciath Eorpach á bhforbairt acu, rud atá ar leas díreach shlándáil réigiúin teorann an oirthir, d’fhonn garspriocanna uaillmhianacha a leagtar amach sa Treochlár um Ullmhacht Cosanta a bhaint amach;
·plean gníomhaíochta beart a fhorbairt a bheidh dírithe ar ghéarú chogaíocht hibrideach na Rúise ar an Aontas i réimsí ar talamh, réimsí aeir, réimsí muirí agus réimsí digiteacha a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear trí leas a bhaint as acmhainneacht na gclár cistiúcháin faoi seach sna réimsí sin;
·díriú ar fheabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata san Aontas, lena n‑áirítear i réigiúin teorann an oirthir, trí thacú le bonneagar dé-úsáide a fhorbairt;
·measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh ráta tacaíochta agus rátaí réamh-mhaoiniúcháin níos airde ag an Aontas do réigiúin teorann an oirthir chun críocha soghluaisteachta míleata;
·infheistíochtaí gearrthéarmacha spriocdhírithe (‘teophointí’) a shainaithint, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ar infheistíochtaí iad a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit mar ábhar tosaíochta feadh chonairí soghluaisteachta míleata an Aontais a bhfuil tábhacht chriticiúil leo i dteorainneacha seachtracha an oirthir agus i réigiúin thoir;
·oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun a chinntiú go mbainfear úsáid éifeachtach as an gcistiú méadaithe le haghaidh na himirce, rialuithe comhordaithe custaim, bainistiú teorainneacha agus na slándála inmheánaí, agus béim ar leith á leagan ar na Ballstáit a bhfuil dúshláin slándála uathúla rompu agus a mheas an dtugtar aghaidh go hiomchuí leis an gcistiú méadaithe sin ar riachtanais shonracha réigiúin teorann an oirthir;
·i gcomhréir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas na hUllmhachta, ullmhacht le haghaidh géarchéimeanna a neartú i réigiúin teorann an oirthir chun pobail, geilleagair agus tionscail a chosaint, agus athléimneacht agus feidhmiúlacht an bhonneagair chriticiúil, cosanta agus dé-úsáide a chinntiú, lena n‑áirítear i gcórais cúraim sláinte. Ba cheart breithnithe athléimneachta a chomhtháthú agus a phríomhshruthú i dtionscnaimh réigiúin teorann an oirthir de chuid an Aontais, agus prionsabal na ‘hullmhachta trí dhearadh’ á chur i bhfeidhm;
·dlús a chur leis na hiarrachtaí i gcomhar leis na Ballstáit allmhairí aindleathacha tobac agus táirgí a bhaineann le tobac ó thríú tíortha a chomhrac.
Chuige sin, tá an Coimisiún:
·le tacú le limistéir thrasteorann chun braislí athléimneachta a chruthú lenar féidir acmhainní a chomhthiomsú, dea-chleachtas a chomhroinnt agus comhoibriú maidir le hullmhacht maidir le tubaistí, bainistiú géarchéime agus athléimneacht fhadtéarmach;
·réidh chun acmhainneachtaí freagartha, lena n‑áirítear acmhainneachtaí rescEU, a imscaradh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chuig na réigiúin teorann san oirthear is mó a ndéantar difear dóibh;
·ag iarraidh ar réigiúin teorann an oirthir infheistíocht a dhíriú ar bhonneagar loingseoireachta talún a imscaradh chun athléimneacht in aghaidh trasnaíochta a threisiú agus ar líonraí snáthoptaice a imscaradh chun nascadh le bonneagar criticiúil agus tionscail chriticiúla seirbhísí ar fud an Aontais laistigh den réigiún;
·ag iarraidh ar na Ballstáit cumais a úsáid, lena n‑áirítear cumais arna gcistiú ag an Aontas, chun bagairtí hibrideacha a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear an Lárionad Eorpach um Chur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha lena gcomhtháthaítear torthaí líonra EU-HYBNET arna chistiú ag an Aontas;
·le héascú a dhéanamh ar fhorbairt mol straitéiseach i réigiúin teorann an oirthir le haghaidh seirbhísí spáis réigiúnacha méadaithe, trí infheistíocht an Aontais i gcóras EU IRIS²;
·ullamh chun nascacht shlán a neartú trí IRIS², lena n‑áirítear a chumhdach Artach a threisiú, agus chun dlús a chur leis an tseirbhís rialtais um fhaire na Cruinne chun geofhaisnéis spásbhunaithe a chinntiú lena n‑áirítear acmhainneachtaí tiomnaithe Eorpacha agus acmhainneachtaí náisiúnta a chomhthiomsú agus a chomhroinnt;
·réidh chun tacú le bunú Mhol Slándála AE na Mara Duibhe, arb é is aidhm dó slándáil agus athléimneacht an réigiúin a neartú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma.
2. Fás agus rathúnas réigiúnach – rochtain ar mhaoiniú, nuálaíocht, teicneolaíocht agus forbairt FBManna a chothú
Tá méadú ag teacht ar an mbrú eacnamaíoch atá ar réigiúin feadh theorainneacha an Aontais san oirthear, chomh maith leis na dúshláin forbartha eacnamaíche atá ann cheana. Ní mór dóibh déileáil le sreafaí trádála agus turasóireachta trasteorann atá laghdaithe go mór, cur isteach ar shlabhraí soláthair agus laghdú ar mhuinín infheistíochta. Ina theannta sin, tá brú níos mó orthu tuilleadh acmhainní a dhíriú ar an tslándáil agus ar an gcosaint ná mar atá in áiteanna eile san Eoraip. Measann oibreoirí gnólachta go bhfuil ardriosca ag baint leis na réigiúin sin, rud a fhágann go bhfuil iasachtaí agus infheistíocht níos costasaí. Ina theannta sin, tá acmhainní airgeadais teoranta ag go leor bardas, rud a fhágann go bhfuil sé deacair tionscadail forbartha a mhaoiniú agus fiú seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil. Mar a deimhníodh sna freagraí ar an nglao ar fhianaise, sainaithníodh rochtain ar mhaoiniú mar cheann de na dúshláin is práinní.
D’ainneoin na ndúshlán sin, tá acmhainneacht mhór fáis ag réigiúin teorann an oirthir. Mar gheatóirí ag teorainn an Aontais san oirthear, is féidir leo bonneagar criticiúil lóistíochta agus cosanta a óstáil agus leas á bhaint acu as acmhainní nádúrtha agus as lucht saothair oilte san am céanna. Trí dhíriú ar theicneolaíocht agus nuálaíocht na cosanta, fuinneamh in‑athnuaite agus an bithgheilleagar, is féidir infheistíocht spriocdhírithe a mhealladh, agus is féidir leis an turasóireacht, an cultúr agus earnálacha agus tionscail na cruthaitheachta cuidiú le geilleagair áitiúla a athbhrandáil agus a éagsúlú. Is réamhriachtanais iad an smacht reachta agus rialachas ardcháilíochta chun na deiseanna sin a scaoileadh agus chun fás inbhuanaithe a chinntiú.
Leis an tírdhreach slándála atá ag teacht chun cinn, cruthaíodh deiseanna nua, mar shampla le haghaidh infheistíocht in earraí dé-úsáide. Níos mó agus níos mó, féachtar ar thionscail a dhíríonn ar an gcibearshlándáil, teicneolaíocht faireachais, slándáil fuinnimh agus bonneagar iompair mar earnálacha straitéiseacha le haghaidh na forbartha réigiúnaí .
Go háirithe, is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag tionscal na ndrón san fhás sin, agus feidhmeanna aige san fhaireachas ar theorainneacha, in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus san fhaireachán comhshaoil. Thairis sin, is féidir le forbairt teicneolaíochtaí comhraic in aghaidh drón deis nua a chur ar fáil don nuálaíocht agus don fhiontraíocht.
Mar thoradh ar thacaíocht ó bheartas comhtháthaithe an Aontais, tá go leor samplaí spreagúla ag réigiúin teorann an oirthir.
Rinne monarcha cheannródaíoch NEO in Narva (an Eastóin), le tacaíocht EUR 14.5 milliún ó CUAC, tús a chur le táirgeadh buanmhaighnéad atá fíor-riachtanach do thionscal glan‑nialasachta agus d’uathriail straitéiseach na hEorpa.
Tá iar-ionad siopadóireachta a tógadh le haghaidh turasóirí ón Rúis in Imatra, Karelia Theas, an Fhionlainn, á chlaochlú ina shaoráid táirgeachta monaraíochta le haghaidh teicneolaíochtaí glasa ardteicneolaíochta, agus tacaíocht EUR 2 mhilliún aige ó CUAC.
Tá Līvāni i réigiún Latgale tagtha chun cinn mar ghleann snáthoptaice Laitviach, agus tá roinnt cuideachtaí ardteicneolaíochta ann ag feidhmiú san earnáil.
Tá braisle láidir cosanta ag teacht chun cinn in Šalčininkai (an Liotuáin), le hiasacht EUR 540 milliún ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI).
Tá tionscadal trasteorann Interreg na Liotuáine-na Polainne ag neartú an bheartais agus an chomhair phoiblí chun feabhas a chur ar ullmhacht le haghaidh éigeandálaí agus cásanna cogaidh.
Le EUR 10 milliún ón gCiste Eorpach Forbraíochta Réigiúnaí (CFRE), tacóidh Podkarpackie sa Pholainn le ‘Drone Valley’ a chruthú – an chéad lárionad inniúlachta dé-úsáide sa tír le haghaidh drón.
Cuireann Ionad Nuálaíochta Košice in Oirthear na Slóvaice, a forbraíodh le cistiú EUR 8.2 milliún ó CFRE, le hacmhainneacht nuálaíochta an réigiúin ar fad.
In Szeged, chuidigh EUR 26 mhilliún ón gCiste Comhtháthaithe le líonra téimh na cathrach a athrú ó ghás go fuinneamh geoiteirmeach, rud a léiríonn an acmhainneacht fuinnimh gheoiteirmigh, lena n‑áirítear sa réigiún atá i dteorainn leis an Úcráin.
In Iași (an Rómáin), ach a dtógfar Ionad Taighde INOVA a+, le tacaíocht EUR 75 mhilliún ó CFRE, cuirfear borradh faoin taighde, faoin acmhainneacht táirgeachta agus faoin tslándáil soláthair le haghaidh cógais, vacsaíní agus antaibheathaigh chriticiúla.
In Kazanlak (an Bhulgáir), le cistiú EUR 43 mhilliún ón gCiste um Aistriú Cóir táthar ag tógáil ar an lucht saothair ardoilte timpeall Stara Zagora chun an geilleagar a éagsúlú ó ghual agus chun Ionad Barr Feabhais um T&F Cosanta a fhorbairt lena réiteofar an bealach le haghaidh mol réigiúnach a fhreastalóidh ar mhargaí cosanta agus margaí sibhialta araon.
Tá naisc níos láidre idir an saol acadúil, an saol gnó agus an tsochaí shibhialta fíor-riachtanach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an acmhainneacht sin. Ba cheart do ghníomhaithe réigiúnacha oibriú le chéile chun straitéisí um speisialtóireacht chliste a dhearadh lena gcomhcheanglaítear a mbuntáistí iomaíocha uathúla le réimsí nua atá ag teacht chun cinn sa bhithgheilleagar, sa talmhaíocht inbhuanaithe, i dteicneolaíochtaí digiteacha agus san éiceathurasóireacht, agus leas á bhaint san am céanna as comhpháirtíochtaí leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint.
Tá acmhainneacht mhór ag institiúidí oideachais mar spreagadh don nuálaíocht agus mar innill don fhás eacnamaíoch réigiúnach. In 2025, shínigh Ollscoil Theicniúil Ríge (RTU, an Laitvia), Ollscoil Teicneolaíochta Thaillinn (TalTech, an Eastóin), agus Ollscoil Teicneolaíochta Kaunas (KTU, an Liotuáin) meabhrán tuisceana chun comhar straitéiseach a chothú i dtaighde agus nuálaíocht cosanta agus slándála chun a saineolas a chomhthiomsú chun dul i mbun mórthionscnaimh idirnáisiúnta T&F go comhpháirteach agus chun naisc leis an tionscal a neartú.
San Fhionlainn, déanann éiceachóras Savilahti Ospidéal Ollscoile Kuopio, Ollscoil Oirthear na Fionlainne, Ollscoil Eolaíochtaí Feidhmeacha Savonia, Coláiste Gairme Savo, roinnt institiúidí taighde, páirc ghnó KPY Novapolis, agus níos mó ná 200 cuideachta a thabhairt le chéile. I dteannta a chéile, cuireann siad ardán ar fáil don fhás, don fhorbairt, don turgnamhaíocht agus don nuálaíocht.
Faoin Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), maoineoidh an Rómáin EUR 77 milliún d’infheistíochtaí in uasghráduithe teicneolaíochta i suiteálacha córais trádála astaíochtaí in earnáil na dteicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, go háirithe chun na hoibreacha cruach atá ann cheana in Galați a chlaochlú.
Mar chuid de phacáiste CAI 2028-2034, cuirfidh na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí tacaíocht chuimsitheach chomhtháite ar fáil do na Ballstáit agus do na réigiúin a bhfuil an dá dhúshlán rompu maidir le borradh a chur faoin tslándáil agus tacú lena ngeilleagair agus lena bpobail san am céanna. Agus pleananna CNR á gcur isteach ag na Ballstáit, léireoidh siad conas a rannchuidíonn siad le héagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha a laghdú, lena n‑áirítear trí dhíriú ar riachtanais agus dúshláin shonracha a réigiún teorann san oirthear, go háirithe i réimsí na slándála, an bhainistithe teorainneacha agus na forbartha eacnamaíche . Thairis sin, beidh orthu cóid chríochacha a shannadh lena bhféadfar infheistíochtaí sna réigiúin sin a rianú.
Tabharfaidh an Coimisiún tús áite d’infheistíocht i réigiúin teorann an oirthir tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Saoráid EastInvest a bhunú, ardán maoiniúcháin tiomnaithe do réigiúin teorann an oirthir, lena dtugtar le chéile Grúpa BEI, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus roinnt bainc náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh spreagadh de chuid na mBallstát lena mbaineann. Tabharfaidh an tsaoráid aghaidh ar riachtanais infheistíochta a shainaithnítear i straitéisí forbartha na réigiún sin trí thacaíocht iasachtúcháin spriocdhírithe ó institiúidí rannpháirteacha, lena n‑áirítear Grúpa BEI, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), an Banc Nordach Infheistíochta (NIB) agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa (CEB), ar tacaíocht í a d’fhéadfaí a sholáthar ar choinníollacha níos fabhraí, má chomhcheanglaítear iad le hionstraimí maoiniúcháin an bheartais comhtháthaithe, mar shampla. Trí ardán tiomnaithe a bhunú, beifear in ann comhordú níos fearr a dhéanamh i measc na n‑infheisteoirí ábhartha, comhlántacht ard agus sineirgí a n‑idirghabhálacha a chinntiú i réigiúin teorann an oirthir a ndéantar difear dóibh, agus sainorduithe agus buntáistí comparáideacha na ngníomhaithe lena mbaineann á n‑urramú san am céanna. Chuige sin, tá sé d’aidhm ag Grúpa BEI, BEAF, CEB agus NIB EUR 28 mbilliún ar a laghad a chur ar fáil in infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí in 2026-2027 sna Ballstáit a ndéantar difear dóibh, agus maoiniú príobháideach breise a ghiaráil dá réir sin. Feidhmeoidh EastInvest freisin chun tacaíocht iasachtúcháin agus chomhairleach a chomhordú, lena n‑áirítear tacaíocht le haghaidh údaráis phoiblí áitiúla, i réigiúin teorann an oirthir.
·Measúnú a dhéanamh – mar chuid dá athbhreithniú 2026 ar an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine – ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le leasuithe ar na rialacha maidir leis an státchabhair chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha réigiúin teorann an oirthir.
·I gcomhthéacs na dtreoirlínte maidir le cabhair réigiúnach, fiosróidh an Coimisiún an gá atá leis na solúbthachtaí atá ann cheana chun teicneolaíochtaí STEP a choinneáil tar éis 2027, ar solúbthachtaí iad atá ríthábhachtach chun athléimneacht a fhorbairt.
·Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi is fearr ar féidir le réigiúin teorann an oirthir tairbhiú de na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas atá ar na bacáin, chun an nuálaíocht agus an claochlú tionsclaíoch a thabhairt níos gaire do na réigiúin sin, sa talmhaíocht, sa bhithgheilleagar, sa tionscal cosanta agus in athléimneacht na slabhraí soláthair go háirithe.
·Laistigh den Chiste Eorpach um Iomaíochas a bheidh ann amach anseo, agus ag tógáil ar Mhol Comhairleach InvestEU, tacaíocht chomhairleach spriocdhírithe a chur ar fáil d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha i réigiúin teorann an oirthir – lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla – chun rochtain ar mhaoiniú a éascú agus chun tacú le píblíne tionscadal infheistíochta a fhorbairt.
·Oibriú leis na Ballstáit faoin CAI atá ann faoi láthair chun foirmeacha simplithe aisíocaíochta a bhunú (amhail dearbháin nó cineálacha eile roghanna costas simplithe) chun rochtain ar chistiú a éascú le haghaidh micrifhiontair agus fiontair bheaga i réigiúin teorann an oirthir. Ina theannta sin, féachaint, i gcomhthéacs an idirphlé cur chun feidhme, ar bhearta simpliúcháin breise ar mhaithe leis na réigiúin sin.
·Cruthú braislí i réigiúin teorann an oirthir a chur chun cinn, lena n‑áirítear tríd an Ardán Braislí Eorpacha , chun éiceachórais nuálaíochta áitiúla, comhar i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide agus rochtain ar dheiseanna cistiúcháin ón Aontas a chothú.
·A chomhar le Grúpa an Bhainc Dhomhanda a mhéadú faoin Tionscnamh um Theacht Cothrom le Dáta Réigiún sna Stáit Bhaltacha chun saineolas a chur ar fáil do bhardais agus chun cuidiú le tionscadail a fhorbairt maidir le coinneáil agus leathnú gnó, forbairt caipitil dhaonna chomh maith le fothú acmhainneachta, i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara áitiúla. Leathnófar an cúnamh spriocdhírithe sin chuig na réigiúin teorann san oirthear is mó a ndéantar difear dóibh sa Pholainn agus san Fhionlainn chun tacú le héagsúlú eacnamaíoch, rochtain ar an margadh a leathnú le haghaidh cuideachtaí áitiúla, uas-sciliú an lucht saothair agus infheistíocht dhíreach choigríche.
·A chinntiú go ndéanfar dúshláin agus riachtanais réigiúin teorann an oirthir maidir le hinfheistíochtaí agus athchóirithe a chomhtháthú i gcreataí beartais tagartha na bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a bheidh ann amach anseo faoin CAI nua. Thairis sin, agus an treoraíocht maidir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ á hullmhú ag an gCoimisiún le haghaidh an chéad CAI eile, cuirfidh sé sainiúlachtaí críochacha agus dúshláin chríochacha réigiúin teorann an oirthir san áireamh agus áiritheoidh sé, ar an dóigh sin, go gcuirfear an prionsabal i bhfeidhm go comhréireach. Thairis sin, i bhfianaise na rioscaí slándála méadaithe i réigiúin teorann an oirthir, lena n‑áirítear an riosca méadaithe a bhaineann le gnáthbhagairtí míleata, déanfar raon feidhme na n‑eisceachtaí ón tslándáil agus ón gcosaint a mhionsonrú a thuilleadh sa treoraíocht, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionscadail dé-úsáide agus iad siúd a bhfuil gné ullmhachta sibhialta ag baint leo.
Thairis sin, iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·leas a bhaint as ionstraimí airgeadais faoina n‑imchlúdaigh beartais chomhtháthaithe chun dálaí iasachtúcháin níos fabhraí a chruthú i réigiúin teorann an oirthir agus chun rannchuidiú le maoiniú príobháideach a dhí-rioscú;
·a chinntiú go gcuirfear dúshláin agus deiseanna réigiúin teorann an oirthir san áireamh mar is ceart agus pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a bheidh ann amach anseo á gclársceidealú;
·dreasachtaí le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch sna réigiúin sin a mhéadú, amhail bearta cánach spriocdhírithe agus fóirdheontais Státchabhair-chomhlíontacha le haghaidh cuideachtaí atá bunaithe cheana féin nó chun infheistíochtaí nua i réigiúin teorann an oirthir a dhreasú;
·féachaint ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le criosanna eacnamaíocha speisialta nua a bhunú i réigiúin teorann an oirthir, agus le liosta de na saoráidí faoi na criosanna eacnamaíocha speisialta atá ann cheana a leathnú faoi réir na rialacha maidir leis an státchabhair.
3. Tógáil ar láidreachtaí áitiúla – an bithgheilleagar, fuinneamh, an comhshaol, an talmhaíocht agus scileanna
Tá saibhreas acmhainní nádúrtha neamhshaothraithe i réigiúin teorann an oirthir, lena n‑áirítear adhmad, bithmhais agus dúile tearc-chré, rud a chuireann acmhainneacht mhór ar fáil d’fhás na dtionscal bithbhunaithe, d’fhorbairt fuinnimh in‑athnuaite, agus d’earnálacha mianadóireachta agus próiseála.
Trí úsáid inbhuanaithe a bhaint as na hacmhainní atá neamhshaothraithe faoi láthair, d’fhéadfadh earnáil na foraoiseachta slabhraí luacha iomaíocha margadhbhunaithe a fhorbairt le haghaidh gabháil dé-ocsaíd charbóin nó ábhair bhithbhunaithe nuálacha (e.g. plaisteach agus polaiméirí bithbhunaithe, pacáistíocht snáithínbhunaithe, teicstílí bithbhunaithe, ceimiceáin bhithbhunaithe, agus táirgí foirgníochta bithbhunaithe). Is féidir leis na réitigh sin astaíochtaí a laghdú, nuálaíocht a chothú, poist ghlasa a chruthú agus ceantair thuaithe a athbheochan.
Tá an Fhionlainn, a bhfuil cúltaiscí móra litiam, cóbailt agus nicile aici, tá sí ina príomhghníomhaí cheana féin in iarracht an Aontais soláthairtí a dhaingniú le haghaidh ceallraí agus teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite. Tá an Eastóin in ann rannchuidiú go mór freisin le cuspóirí an Aontais maidir le hAmhábhair Chriticiúla, tar éis di gléasra buanmhaighnéad a oscailt cheana féin. Tá an Pholainn, táirgeoir mór copair a bhfuil sé d’acmhainn aici dúile tearc-chré a phróiseáil, tá sí ag leathnú a taiscéalaíochta ar litiam, agus tá gealladh faoi fhosuithe maignéisiam agus copair sa Rómáin. Is cruach atá in níos mó ná leath de tháirgeadh tionsclaíoch réigiún thoir na Slóvaice chomh maith le mianraí éagsúla eile, amhail antamón, ór, airgead, úráiniam, molaibdéineam agus maignéisít. Tá méadú ar an mbéim atá á leagan acu siúd freisin ar chleachtais mhianadóireachta inbhuanaithe, agus iad á suí féin mar sholáthróirí príomhábhar atá comhfhiosach ó thaobh an chomhshaoil de.
Maidir le beogacht na réigiún sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht an táirgthe talmhaíochta, iascaigh agus dobharshaothraithe feadh na teorann thoir a choinneáil ar bun agus a leanúnachas a chinntiú trí athnuachan ó ghlúin go glúin agus trí thacaíocht bhreise a thabhairt do cheantair thuaithe. Trí fhoraoiseacht agus táirgeadh talmhaíochta a chinntiú, cuirtear leis an tslándáil bia freisin agus áirithítear soláthar cobhsaí amhábhar le haghaidh gnólachtaí sa cheantar. Chun na tionscnaimh sin a fhorbairt, féadfaidh feirmeoirí i réigiúin teorann an oirthir tacaíocht ioncaim chúpláilte mhéadaithe a fháil.
Is féidir inbhuanaitheacht comhshaoil i réigiúin teorann an Aontais a fheabhsú trí iarrachtaí comhoibríocha chun acmhainní nádúrtha a chosaint agus geilleagair chiorclacha a chothú, lena gcinnteofar athléimneacht fhadtéarmach agus cothromaíocht éiceolaíoch ar fud tírdhreacha éagsúla. Is féidir le hinfheistíochtaí i gcórais uisce éifeachtúla agus chiorclacha agus i gcóireáil fuíolluisce nua-aimseartha tacú leis an tionscal agus leis an talmhaíocht freisin, agus leanúnachas oibríochtúil a mhéadú le linn géarchéimeanna.
Is cuid chriticiúil de shlándáil fuinnimh na hEorpa é na córais fuinnimh a neartú agus leas a bhaint as acmhainneacht fuinnimh in‑athnuaite réigiúin teorann an oirthir. Ós rud é nach ann d’eangach chumhachta láidir i roinnt mhaith réigiún ar theorainn an oirthir, laghdaítear an tslándáil fuinnimh agus an fhorbairt thionsclaíoch. Chun a chinntiú gur féidir tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a chomhtháthú go hiomlán sa ghréasán leictreachais, beidh gá le hinfheistíochtaí straitéiseacha eangaí cumhachta i réigiúin teorann an oirthir sna Stáit Bhaltacha agus san Fhionlainn, mar shampla. Tar éis córais leictreachais na Stát Baltach a shioncrónú le heangach chumhachta na hEorpa, tá gá le tuilleadh oibre chun iad a chomhtháthú go hiomlán i margadh leictreachais an Aontais. Áirítear leis sin athléimneacht a threisiú agus an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú, feabhas a chur ar sholúbthacht na heangaí cumhachta agus nascacht le tíortha comharsanacha a fheabhsú. Thairis sin, tá gá le stóráil bhreise gáis, sreabha cúltreo, uasghráduithe eangaí cumhachta agus bonneagair, idirnascairí agus comhtháthú foinsí in‑athnuaite fuinnimh chun athléimneacht in aghaidh suaití fuinnimh agus bagairtí hibrideacha a chinntiú. Trí dhlús a chur le himscaradh fuinnimh in‑athnuaite, trí phróisis cheadaithe chuíchóirithe agus bhrostaithe, is féidir leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór réigiúin teorann an oirthir . Is féidir athléimneacht fuinnimh áitiúil a mhéadú freisin trí phobail fuinnimh a leathnú. Is féidir leis na pobail sin acmhainní áitiúla a chomhthiomsú chun fuinneamh in‑athnuaite a tháirgeadh, rud a laghdóidh an spleáchas ar fhoinsí seachtracha, chomh maith le micrea-eangacha agus córais stórála fuinnimh a thógáil, rud a sholáthróidh cumhacht chúltaca le linn suaití.
Tá acmhainneacht mhór ag réigiúin teorann an oirthir freisin maidir le soláthar bithmhaise do bhithgheilleagar an Aontais, agus san am céanna luach a chur ar iarmhar, agus ciorclaíocht agus athléimneacht áitiúil a mhéadú. Is féidir leo tacú le straitéisí ReFuelEU Aviation agus FuelEU Maritime tríd an mbunábhar a chur ar fáil le haghaidh táirgeadh bithbhreosla forbartha, agus iad ag tógáil, san obair sin, ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail bithscaglanna, coipeadh agus teicneolaíochtaí bithghineacha.
Trí infheistíocht a dhéanamh i suiteálacha bithgháis ar an bhfeirm nó i suiteálacha bithgháis comhoibritheacha, is féidir le feirmeoirí aoileach, dramhaíl agus fuíll barr a athchúrsáil ina mbithfhuinneamh luachmhar agus ina ndíleáiteán luachmhar, ar féidir iad féin a phróiseáil a thuilleadh ina leasachán bithbhunaithe. Cuidíonn sin le leasacháin cheimiceacha chostasacha ar leasacháin allmhairithe iontaise-bhunaithe iad den chuid is mó a ionadú, agus san am céanna cuireann sé leis an inbhuanaitheacht, leis an tslándáil fuinnimh agus leis an inacmhainneacht fuinnimh.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·dlús a chur le comhtháthú chórais leictreachais na Stát Baltach leis na gréasáin Eorpacha, lena n‑áirítear athléimneacht an bhonneagair agus na n‑eangach cumhachta amach ón gcósta a threisiú, chomh maith le bonneagar hidrigine trasteorann amhail an ‘Nordic-Baltic Hydrogen Corridor’ [an Chonair Hidrigine Nordach-Baltach], tríd an nGrúpa Ardleibhéil den Phlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach;
·leanúint de thacú le cur chun feidhme tionscadal bonneagair trasteorann tosaíochta sa réigiún, mar a léirítear freisin sna Mórbhealaí Fuinnimh a sainaithníodh mar chuid den Phacáiste um na hEangacha Eorpacha, lena n‑áirítear tríd an nGrúpa Ardleibhéil um an Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa;
·leanúint de thacú le tionscadail leasa choitinn agus do thionscadail chomhleasa le tríú tíortha lena n‑áirítear trí SCE;
·tacú le tionscnaimh tionscail chiorclaigh, lena n‑áirítear gleannta siombóise tionsclaíche agus moil bhithgheilleagair réigiúnacha i réigiúin teorann an oirthir, trí thógáil ar an Straitéis Bhithgheilleagair;
·tacú le táirgeadh bithgháis agus bithmheatáin, i gcomhréir le spriocanna REPowerEU agus leis an bpríomh-mhargadh le haghaidh leasacháin bhithbhunaithe a leagtar amach sa Straitéis Bhithgheilleagair, lena ndéantar iarmhar talmhaíochta agus foraoiseachta, chomh maith le dramhaíl orgánach áitiúil, a athchúrsáil ina dhíleáiteán agus ina leasachán bithbhunaithe;
·tacú le tionscadail straitéiseacha faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, agus tógáil ar Phlean Gníomhaíochta RESourceEU agus ar acmhainneacht soláthair an réigiúin i dtaca le hamhábhair chriticiúla, trí ghlaonna an Chiste don Nuálaíocht agus infheistíochtaí Comhtháthaithe trí STEP;
·gníomhaíochtaí sonracha réigiúin teorann an oirthir laistigh den Chomhshocrú um an Tuath a chur chun cinn, amhail líonrú agus fothú acmhainneachta, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uathúla atá os comhair na réigiún sin;
·rannpháirtíocht daoine óga san fheirmeoireacht i réigiúin teorann an oirthir a spreagadh trí straitéis an Aontais maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin san fheirmeoireacht agus leanúint de thacú le forbairt ceantar tuaithe agus feirmeoireacht trí na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a bheidh ann amach anseo;
·aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin atá roimh an turasóireacht i réigiúin teorann an oirthir i straitéis an Aontais maidir leis an turasóireacht inbhuanaithe atá ar na bacáin, rud a chuideoidh le samhlacha inbhuanaithe a ghlacadh, athléimneacht a neartú agus muinín idirnáisiúnta a athbhunú trí bhíthin iarrachtaí cur chun cinn spriocdhírithe.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·feabhas a chur ar phleanáil fuinnimh maidir le creat a chruthú chun píblínte infheistíochta a chomhordú ar bhealach níos fearr chun dlús a chur leis an aistriú glas, leis an athléimneacht agus le comhtháthú na heangaí cumhachta ar fud réigiúin teorann an oirthir;
·an tslándáil fuinnimh a threisiú a thuilleadh trí idirnascairí meara, acmhainneacht GNL/bithgháis, athléimneacht na heangaí leictreachais agus stóráil fuinnimh, lena n‑áirítear taiscumair straitéiseacha bhreosla a chruthú i réigiúin teorann an oirthir, agus na hinfheistíochtaí sin a chomhtháthú san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar phleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát;
·tionscadail fuinnimh in‑athnuaite a imscaradh agus téamh ceantair a nuachóiriú i réigiúin teorann an oirthir;
·bearta infheistíochta a áireamh ina gCiste Aeráide Sóisialta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú, lena n‑áirítear i réigiúin teorann an oirthir chun tairbhe teaghlach leochaileach agus micrifhiontar.
4. Nascacht – chun daoine a nascadh agus chun tacú leis an bhfás
Spreag an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin díchúpláil straitéiseach ar naisc iompair leis an Rúis agus leis an mBealarúis, lena n‑áirítear trí aerspáis na dtíortha cóngaracha a dhúnadh, rud a bhfuil tionchar díreach aige ar réigiúin teorann an oirthir. Baineadh an Rúis agus an Bhealarúis de léarscáileanna GTE-I, agus rinneadh naisc thrasteorann leis na tíortha sin a íosghrádú. Leis an athrú ar dhinimic na trádála tar éis dhúnadh na dteorainneacha agus i ndiaidh na smachtbhannaí eacnamaíocha, cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá sé naisc láidre a dhaingniú leis na margaí idirnáisiúnta, go háirithe trí bhealaí malartacha talún, iarnróid agus muirí.
Tá bearta cinntitheacha déanta ag an Aontas chun conairí GTE-I a choigeartú agus a neartú, agus tús áite á thabhairt do chomhtháthú iomlán réigiúin teorann an oirthir i margadh inmheánach agus i gcreat slándála an Aontais. Neartaíodh nascacht go mór i réigiúin teorann an oirthir laistigh den Aontas, trí ailíniú conairí nua a thabhairt isteach chun a gcomhtháthú i margadh iompair an Aontais a fheabhsú chomh maith le nascacht trasteorann leis an Úcráin agus leis an Moldóiv a neartú.
Is infheistíocht straitéiseach i gcomhtháthú, athléimneacht eacnamaíoch agus ullmhacht slándála an Aontais é réigiúin teorann an oirthir a chomhtháthú i líonraí an Aontais trí bhacainní a bhaint agus trí bhonneagar lena mbaineann leithead caighdeánach an Aontais a fhorbairt sna Stáit Bhaltacha agus san Fhionlainn. San am céanna, tá sé chomh tábhachtach céanna athléimneacht eacnamaíoch agus slándála na Danóibe/na Mara Duibhe-na Mara Aeigéiche a neartú le haghaidh shlándáil fhoriomlán na hEorpa ar an taobh thoir.
Ar an leibhéal áitiúil, tá gá le rochtain leordhóthanach ar sheirbhísí iompair phoiblí agus ar sheirbhísí iompair ar éileamh chun a chinntiú gur féidir le daoine a bpost agus seirbhísí poiblí a bhaint amach i réigiúin teorann an oirthir.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·borradh a chur faoin gcomhar i ngréasáin bhonneagair, lena mbaineann na riaracháin náisiúnta ábhartha i gcomhréir le Conairí Eorpacha Iompair an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (GTE-I) , lena n‑áirítear síntí chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv, chomh maith le hacmhainneacht a mhéadú sna calafoirt Bhaltacha agus tacú le forbairt chonair Iarnróid Mhuir Bhailt/GTE-I agus soghluaisteacht mhíleata thuaidh-theas;
·tacú le comhtháthú chórais iarnróid réigiúin teorann an oirthir laistigh de chreataí comhair GTE-I agus SCE agus an comhtháthú sin a éascú, leis an gcuid eile den Aontas agus leis an Úcráin agus leis an Moldóiv araon, chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata agus ar an tslándáil, agus chun deiseanna eacnamaíocha breise a chruthú.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·bonneagar a uasghrádú chun iomaíochas agus slándáil réigiúnach a mhéadú, agus tús áite á thabhairt do naisc bhóthair agus iarnróid ardcháilíochta le mórionaid uirbeacha, lena n‑áirítear i gcás inar féidir leo freastal ar chuspóirí dé-úsáide, agus tús áite á thabhairt do chonairí GTE-I;
·cur chun feidhme mórthionscadal trasteorann criticiúil leanúnach a éascú, amhail Rail Baltica, atá fíor-riachtanach le haghaidh nascacht agus shlándáil réigiúin teorann an oirthir;
·cur chun feidhme tráthúil an Phlean Chomhpháirtigh Gníomhaíochta maidir le comhar feabhsaithe faoi chuimsiú chonair Mhuir Bhailt‑na Mara Duibhe-na Mara Aeigéiche a chinntiú ;
·leas a bhaint as pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí a bheidh ann amach anseo, as an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus as an gCiste Eorpach um Iomaíochas chun cur chun feidhme tráthúil GTE-I agus conairí soghluaisteachta míleata an Aontais a chinntiú;
·leas a bhaint as leithdháiltí an Chiste Aeráide Shóisialta chun bochtaineacht iompair a laghdú i réigiúin teorann an oirthir, e.g. trí infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí inbhuanaithe, léasú sóisialta feithiclí leictreacha, iompar poiblí, soghluaisteacht chomhroinnte agus iompar ar éileamh.
Tá an nascacht dhigiteach idir réigiúin teorann an oirthir agus an chuid eile den Aontas ríthábhachtach don chomhtháthú eacnamaíoch, don trádáil trasteorann, don chumarsáid agus don nuálaíocht, agus don chibearshlándáil agus don chosaint ar ionsaithe hibrideacha. Mar sin féin, tá réigiúin teorann an oirthir fós go mór chun deiridh ar an gcuid eile den Aontas, mar gheall ar bhearnaí i gcumhdach leathanbhanda, luas mall idirlín, soláthar teoranta seirbhíse poiblí digití agus scileanna digiteacha ganna. Cuireann na heasnaimh sin bac ar chuideachtaí áitiúla, cuireann siad teorainn leis an rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar chúram sláinte, agus lagaíonn siad comhordú trasteorann. Le gníomhaíochtaí spriocdhírithe, ba cheart a chinntiú go mbeidh leathanbhanda gigighiotán‑chumasaithe agus cumhdach 5G ar fáil, lena n‑áirítear i bpobail tuaithe agus feadh conairí teorann, chomh maith le bonneagair chriticiúla amhail gréasáin cnáimhe droma.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·cistiú a sholáthar ar bhonn iomaíoch faoin dara clár oibre digiteach 2024-2027 de chuid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa chun tacú le nascacht dhigiteach 5G laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus tíortha nach cuid den Aontas iad, agus béim á leagan ar ghréasáin cnáimhe droma;
·cúnamh teicniúil a éascú d’údaráis phoiblí tríd an Líonra Eorpach le haghaidh Oifigí Inniúlachta Leathanbhanda chun tacú le leathadh amach líonraí snáithín agus 5G, agus do chuideachtaí trí MNDEnna chun feabhas a chur ar ghlacadh teicneolaíochtaí digiteacha.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·imthosca sonracha réigiúin teorann an oirthir a chomhtháthú ina dtreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an deacáid dhigiteach, lena gcinnteofar go ndíreofar leis na coigeartuithe atá le teacht ar dhúshláin uathúla agus ar thosaíochtaí uathúla na réigiún. Áirítear leis sin feabhas a chur ar leathanbhanda agus ar chumhdach 5G, nascacht shlán trasteorann agus rochtain ar sheirbhísí poiblí digiteacha;
·leas iomlán a bhaint as STA agus as cláir beartais comhtháthaithe chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh chun cuidiú le deiseanna nua a chruthú, athléimneacht eacnamaíoch a neartú agus cáilíocht saoil a fheabhsú i réigiún teorann an oirthir.
Le fada an lá is uirlis ríthábhachtach é an comhar trasteorann chun forbairt réigiúnach agus fás eacnamaíoch a chothú i réigiúin teorann. Mar sin féin, chuir cliseadh an chaidrimh leis an Rúis agus leis an mBealarúis isteach ar na creataí comhair sin. Mar thoradh air sin, is gá féachaint ar thionscnaimh mhalartacha um chomhar críochach a chuireann ar a gcumas do na réigiún sin naisc a choinneáil ar bun agus a éagsúlú, comhpháirtithe nua a aimsiú agus deiseanna nua comhair a chur ar bun.
Mar chuid de thogra CAI 2028-2034, thug an Coimisiún cuspóirInterreg-shonrach nua isteach le haghaidh ‘réigiúin níos athléimní atá i dteorainn leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin’. Is é is aidhm don togra sin solúbthacht iomlán a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann agus dá réigiúin maidir le sochar a bhaint as an gcomhar críochach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is práinní atá rompu, lena n‑áirítear sábháilteacht agus ullmhacht shibhialta, dídhaonrú agus bréagaisnéis. San am céanna, réigiúin atá i dteorainn leis an Rúis agus leis an mBealarúis, a chaill deiseanna trasteorann tar éis fhoirceannadh na gclár leis an dá chomharsa naimhdeacha sin, is fearr a bheidh siad in ann a n‑iarrachtaí comhair a atreorú siar. I gcás na réigiún atá i dteorainn leis an Úcráin, leis an gcuspóir sonrach nua beifear in ann díriú níos mó ar aghaidh a thabhairt ar na dálaí dúshlánacha atá ann faoi láthair. Leis an gcuspóir sonrach nua, beidh spásanna comhair thrasnáisiúnta a bheidh ann amach anseo in ann cuid dá gcistiú a thiomnú don chomhar leis an Úcráin agus leis an Moldóiv.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·tacú leis na Ballstáit lena mbaineann a gcaibidlí Interreg 2028-2034 a bheidh ann amach anseo a ullmhú agus comhar thuaidh-theas á chur san áireamh freisin. Má chinneann na Ballstáit atá i dteorainn leis an Rúis agus leis an mBealarúis amhlaidh, d’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm caibidle sonraí den phlean um Interreg atá tiomnaithe d’úsáid a bhaint as an gcuspóir sonrach nua chun comhar agus deiseanna foghlama níos fearr a chothú i measc réigiúin a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·leas iomlán a bhaint as Rialachán BRIDGEforEU a glacadh le déanaí chun cuidiú le constaicí trasteorann idir réigiúin sa taobh thoir a réiteach.
5. Daoine – tá na réigiúin chomh láidir leis na pobail atá ina gcónaí iontu
Tá neart agus inoiriúnaitheacht eisceachtúil léirithe ag muintir réigiúin teorann an oirthir d’ainneoin cruatain. Braitheann a n‑athléimneacht leanúnach ar chomhtháthú an phobail agus ar ullmhacht chun suaití a sheasamh. Tá dúshláin mhóra ag baint le dídhaonrú, aosú agus dlús daonra íseal.
Ina theannta sin, tá na margaí tithíochta marbhánta, agus cuireann luachanna comhthaobhachta ísle bac ar rochtain ar mhorgáistí. D’fhéadfadh sé sin timthriall diúltach eisimirce a spreagadh agus tarraingteacht a laghdú, rud a chuireann athléimneacht theorainn an Aontais san oirthear i mbaol (mar a léirítear le staidéir a rinne ESPON, ECFE agus Interreg na hEorpa).
Chun cur i gcoinne na dtreochtaí sin, ba cheart do na Ballstáit ceapadh beartas áitbhunaithe agus rialachas il-leibhéil a neartú, údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus an tsochaí shibhialta a chumhachtú, agus an dea-rialachas agus an Smacht Reachta á gcaomhnú san am céanna.
Tá sé ríthábhachtach soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha agus sóisialta a chinntiú ar mhaithe le folláine na bpobal i réigiúin teorann. Mar sin féin, mar gheall ar acmhainneacht airgeadais theoranta na rialtas áitiúil, tá ganntanas ainsealach gairmithe oideachais, oiliúna agus cúraim agus bonneagar is laige sna réigiúin sin. Is measa fós é sin mar gheall ar dhaonra agus lucht saothair atá ag dul in aois. Mar gheall ar an staid sin, tá gá le hinfheistíocht spriocdhírithe chun seirbhísí agus bonneagar sóisialta, sláinte, cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh atá inrochtana agus inacmhainne a chinntiú. I gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil atá ag dul in olcas, tá an mheabhairshláinte tagtha chun cinn mar ábhar imní criticiúil, agus is dúshláin mhóra iad leibhéil mhéadaitheacha neamhshláine, struis agus siomptóm dúlagair. Le cineálacha nua cur chuige, amhail teilileigheas, moil chomhairliúcháin dhigiteacha agus seirbhísí móibíleacha, léirítear acmhainneacht shuntasach chun cuidiú le bacainní a bhaineann le ciandacht a shárú, rud lena dtugtar rochtain ar cheantair iargúlta. Is féidir leis an bhfiontraíocht shóisialta an geilleagar a athbheochan agus feabhas a chur ar chomhtháthú sóisialta freisin
.
Thairis sin, is iomaí réigiún teorann ina bhfuil grúpaí mionlaigh éagsúla; tá sé ríthábhachtach a gcomhtháthú agus a gcuimsiú a chothú chun na réimsí sin a neartú.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·tacú le pobal cleachtóirí a chruthú i réigiún teorann an oirthir chun dea-chleachtais agus réitigh ullmhachta a mhalartú i measc bardas;
·féachaint – i gcomhar leis na Ballstáit – ar conas rochtain na mbardas ar threalamh criticiúil a éascú, lena n‑áirítear trí sholáthar comhpháirteach, e.g. córais cumarsáide agus craolta éigeandála, cúltaiscí táirgí agraibhia, tionscadail fuinnimh phobail agus réitigh fuinnimh eis-eangaigh;
·tionscnaimh forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chur chun cinn, lena n‑áirítear LEADER, an pobal a rannpháirtiú sa chinnteoireacht áitiúil agus teacht ar réitigh atá saincheaptha do na riachtanais réigiúnacha shonracha, lena n‑áirítear coinneáil na hóige agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta do chách.
Tá lucht saothair oilte agus inoiriúnaithe fíor-riachtanach chun go mbeidh rath ar réigiúin teorann an oirthir. Mar sin féin, is mór fós é an ganntanas lucht saothair agus scileanna. Áirítear leis sin príomhearnálacha amhail cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, tionscail ghlasa agus an geilleagar digiteach. San am céanna, tuairiscíonn réigiúin teorann an oirthir freisin líon ard daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna.
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá gá le hoideachas agus oiliúint atá ailínithe níos fearr le riachtanais an mhargaidh saothair áitiúil, a bhfuil tacaíocht acu ó chomhpháirtíochtaí le cuideachtaí agus oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice níos láidre. Trí aistriú rianúil ón scoil go dtí an obair, roghanna foghlama solúbtha agus cur chun feidhme iomlán na Ráthaíochta don Aos Óg a chinntiú, cuideofar le daoine óga tréitheacha a choinneáil.
Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
·gairmoideachas agus gairmoiliúint agus athsciliú/uas-sciliú a uas-scálú, lena n‑áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, agus trí ghealltanas a thabhairt maidir le Comhshocrú AE um Scileanna;
·naisc níos láidre idir oideachas agus fostaíocht a fhorbairt trí ionaid barr feabhais gairme Erasmus+, printíseachtaí na Comhghuaillíochta Eorpaí, uas-sciliú múinteoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus taighde/nuálaíocht;
·tús áite a thabhairt do choinneáil na hóige i réigiúin teorann an oirthir trí chonairí oideachais go fostaíocht agus trí scéimeanna ceannaitheora baile céaduaire a chur ar bun faoi chláir beartais comhtháthaithe, lena gcuirtear iasachtaí ar ús íseal ar fáil do ghairmithe óga ;
·tacú le cathracha agus limistéir uirbeacha réigiúin teorann an oirthir iarratas a dhéanamh ar ghlao an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh atá ar na bacáin, arb é is aidhm dó an Cities’ Agenda [Clár Oibre na gCathracha] a glacadh le déanaí a chur chun feidhme;
·comhar a chothú idir bardais, lena n‑áirítear trí na hacmhainní atá ar fáil a chomhthiomsú agus seirbhísí fíor-riachtanacha agus sóisialta a chinntiú dá bpobail;
·rannpháirtíocht saoránach, oideachas, obair dheonach, litearthacht sna meáin agus litearthacht airgeadais, ullmhacht agus tionscnaimh phobail a neartú, borradh a chur faoin athléimneacht áitiúil, faoin muinín fhrithpháirteach agus faoin gcuimsiú sóisialta;
·comhtháthú socheacnamaíoch náisiúnach ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus mionlach i réigiúin teorann an oirthir a chur chun cinn trí leas iomlán a bhaint as deiseanna cistiúcháin an Aontais.
Cothaíonn an cultúr muinín as institiúidí daonlathacha agus as comhtháthú agus ba cheart é a bheith go hard fós ar chlár oibre polaitiúil réigiúin teorann an oirthir. Ba cheart rannpháirtíocht na hóige sa chinnteoireacht a chur ar bhonn foirmiúil, agus ba cheart do scoileanna agus d’fheachtais phoiblí atá dírithe ar gach cuid den daonra an smaointeoireacht chriticiúil agus an litearthacht sna meáin a neartú.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
·tacú le hathléimneacht eacnamaíoch earnáil na meán tríd an gClár um Athléimneacht na Meán;
·úsáid deontas ar mhionscála a chur chun cinn chun tacú le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a chaomhnú agus chun tacú le tionscnaimh ealaíon agus ceardaíochta;
·tionscadal piarfhoghlama a fhorbairt chun rannpháirtíocht shibhialta daltaí agus braistint na saoránachta daonlathaí iontu a neartú tríd an gcultúr, laistigh de na scoileanna agus thart timpeall orthu.
·iarrachtaí a threisiú chun feabhas a chur ar chumarsáid atá dírithe ar shaoránaigh agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, ar rioscaí iad atá an‑ghéar i réigiúin teorann an oirthir, lena n‑áirítear trí mhoil náisiúnta nó réigiúnacha EDMO, tríd an Líonra Eorpach nua um Sheiceálaithe Fíricí agus trí Líonra CBT le haghaidh pobail tuaithe;
·tacú le heagraíochtaí seiceála fíricí agus leis na meáin áitiúla chun an spás faisnéise a neartú maidir le saincheisteanna a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo le haghaidh pobail tuaithe laistigh de réigiúin teorann an oirthir .
An bealach ar aghaidh
Ní hamháin gur geatóirí dár slándáil iad réigiúin teorann an Aontais san oirthear ach is tairseacha ríthábhachtacha iad freisin le haghaidh na nascachta agus deiseanna eacnamaíocha. Ní hamháin gur ceist dlúthpháirtíochta é a n‑athléimneacht agus a dtarraingteacht a neartú; is infheistíocht straitéiseach ríthábhachtach í i slándáil, cobhsaíocht a bheidh ann amach anseo, iomaíochas agus comhtháthú na hEorpa.
Tá an tslándáil agus an athléimneacht ríthábhachtach d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach réigiúin teorann an oirthir. Is féidir le hinfheistíochtaí straitéiseacha agus rialachas comhordaithe cuidiú le dúshláin slándála a chlaochlú ina ndeiseanna agus ina rathúnas agus le forbairt réigiúnach inbhuanaithe a chinntiú.
Trí bheartais spriocdhírithe de chuid an Aontais agus beartais spriocdhírithe náisiúnta, trí infheistíochtaí breise comhtháite agus trí rialachas áitiúil cumhachtaithe, is féidir leis an Aontas a réigiúin teorann a iompú ina n‑innill athléimneacha don fhás inbhuanaithe agus d’aontacht agus slándáil na hEorpa.
Is uathúil iad riachtanais agus cúinsí réigiúin teorann an oirthir. Déanfar iad a chomhtháthú i mbeartais agus in infheistíochtaí ábhartha a bheidh ann amach anseo agus cuirfear san áireamh iad i dtosaíochtaí cistiúcháin ar gach leibhéal – réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. Ba cheart glaonna spriocdhírithe ar thograí agus cóir fhabhrach do réigiúin teorann an oirthir a áireamh leis sin.
Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair go dlúth le riaracháin agus réigiúin náisiúnta chun cineálacha cur chuige áitbhunaithe agus rialachas il-leibhéil a chur chun cinn a thuilleadh lena gcinnteofar réitigh shaincheaptha éifeachtacha do na réigiúin sin, agus an leas is fearr is féidir á bhaint as struchtúir cur chun feidhme chistí an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo lena gcinnteofar go dtabharfar aghaidh go comhsheasmhach ar a riachtanais uathúla.
Moltar do na Ballstáit is mó a bhfuil a réigiúin buailte leis an timpeallacht slándála atá ann faoi láthair aitheantas a thabhairt do stádas speisialta na limistéar sin ina straitéisí agus pleanáil forbartha náisiúnta agus réigiúnaí féin, lena n‑áirítear comhar críochach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart acmhainní airgeadais tiomnaithe a leithdháileadh go sonrach ar réigiúin teorann an oirthir chun a bhforbairt eacnamaíoch a chothú agus chun athléimneacht a chur chun cinn.
Is túsphointe í an Teachtaireacht seo, lena leagtar síos an bunús le haghaidh dlúthpháirtíocht leanúnach agus iarrachtaí a chuirfear in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn.
Beidh gá le hidirphlé leanúnach chun beartais an Aontais, beartais náisiúnta agus beartais réigiúnacha a ailíniú ionas go dtabharfar aghaidh go héifeachtach leo ar na dúshláin agus ar na deiseanna sin. Chun a chinntiú go ndéanfar obair leantach chórasach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún idirphlé polaitiúil ardleibhéil bliantúil a chur ar bun chun plé a dhéanamh ar bheartais an Aontais agus ar an méid a chuireann siad le forbairt agus slándáil réigiúin teorann an oirthir. Tionólfar an chéad idirphlé ardleibhéil an 26 Feabhra 2026.